Eachtra Na cConachtach.
Úirscéal Greannmhar.
Lá dá raibheas i gcuideachta le cuideachta ag tríall
ann 'na Midhe móire, bhí im na Cróine Móire agus na Cean-
ainne mar lón Domhnaidh ar mo mhuin liom, chas poll ar a
bpuca 'sé tréigbheail na mine, bhí maidrín caol
rúadh mo dhíaigh 'san ród, agus é dhá baladh agus dá baladh,
a dhear'áir ó.
Níor bhfada dhamh gur chas óganach spéireamhuil donn
orm, bhí bonn air a ghruaig, creas air a hata, córda ar a
bhata agus gothughadh crosta go maith, maith, air, mar atá
orm féin a dhear'áir chátuig. D'fhiafras de ca hád
síos a bhí sé, agus dubhairt sé liom go raibh sé síos go dtí
na dhá rúitín, ann sin d'fhiafruigheas de ca hád suas a bhí
sé, agus dubhairt sé go raibh se suas comh fada agus bhí
suas ann, a dhear'áir ó.
Dar nónacha le Día má bhí tú an fad sin suas, ar mé
féin ní féidir dhuit gan bheith i bhflaighthois Mhic Dé, nó an
bhfaca tú aon nduine de mo mhuinntirse? "Créad é an
mhuinntir a bhí agat a dhear'áir?" ar sé. "Do bhí Pa'ruig
Ua Hígín, Pa'ruig O Hóigín, Par'uig O Pónarlín,
Pár'uig O Tónairlín, Pár'uic O Tiuch, Páruic O Teach,
Para na dtreasaidh, Para na gcleasaidh, Para smug-ar-
muinchille, Para Chac-ar-Súisín, Siodairlín, Seódairlín,
Giolla-gan-eagla, agus Seón Bán Ua Raghaillidh ceann-
foirt na cuideachta a bhí agamsa a rún ó:"
"Chonairc mesi íad", ar seision, "agus ata siad 'san
teach beag a bhíos ag díol an bhainne. Atá cloch dhubh i
coirnneal an bhalla ar dhol isteach dhuit agus is maith an
marc é, cas air do láimh chle, agus gheabhaidh tú an sin íad.
Léigeamuid amach anns na ratha rúaga agus annsna
rúagha ratha, dá bhfuighmaois leagadh nach bhfanamaois le
h-éirghe nó go ritheamaoís naoí míle ar ar mbuilg, gur
scathamar na cnuipidh as ar gcótaidh, agus léubthacha móra
dár leicne, nó go bhfaca mé féin amharc mo shúl ar an gcloich
dhubh, a rún. Chuir sinn Maolra isteach ó's aige bhí an Béarla
agus an léighion, agus níor bhadh iongnamh do Mhaolra Béarla
agus léighion maith a bheith aige, ó's é chaith a sheachtmhuin
mhór fhada ar sgoil acht cúig lá go leith dá theastáil, gur
dhíol sé a leithphíghinn mhór phleanncach - macasamhail maigh-
diona a bheadh greamaidh air chlár tábhairne a gConnacht, sin
agus láimh le peice órna, ag foghluím a bheith 'na shagart,
a dhear'áir ó.
"Wrong, lady," ar Maolra, "How many penny
a quart?" Dubhairt an wrong lady go raibh six, agus
dubhairt Maolra nach nglacfadh sé an six muna bhfuigheadh
sé an four; óir do shíl Maolra aríamh go dtí an lá sin
gur mhó an four ioná an six, gur chuala sé ag an wrong
lady gur mhó an six fá dhá cháirtin, a dhear'áir ó;" "Well,
gheabhaidh tú an four," air an wrong lady "agus ca haca is
feárr leat, bainne súaidhte, bainne búailte, bainne boc-
salta ná bainne micsalta le bainne caorach, nó bainne
slubach slabach, nó bainne a ghearrfaidh le sgían agus chuir-
fidh le píce síos ann a sac, nó bainne thachta sgóig agus
leónta muineáil, nó bainne a chaithfidh a mbárr scítheóige
lá gaoithe agus nach dtuitfeadh aon bhraon as, nó an bainne a
rithfeadh ar chlár darach ó so go Dún Bóinne, agus nach
bhfáigfeadh a lorg nó a bhaladh na dhíaigh, nó bainne bheadh na
shléibhte chugat agus na shroite úait.
Smaoinis féin go mbfearr an bainne Slubach Slabach,
ar an dúilios go mbéadh sinn ag ithe agus ag ól, ann sin
scairt sinn ar naoí gconnaracha.
d'ól sinn naoí gcurraoin, na naoí slugarracha, 18
mbóicín gach fear ar ló gon oidhche an Domhnaidh, gur chuir
sinn seacht meisgeacha déag bainne dhínn ag ól idir sin
agus maidin Día Lúain.
Ag éirghe dhúinn ar maidin Día Lúain, dearcaim féin
mo thimcheall, agus ní raibh fear fo'n tsráid nach raibh
'muigh 'g obair, acht mé féin agus mo chuideachta.
Smaoinidh mé dá mbéinn ag an bhfear a bhfuil ainim an
triúir air, agus dís aca sin 'a mBéarla, mar atá Marcuis
Two, go bhfuighinn féin agus mo chuideachta bia agus obair
aige, mur a bhí mé naoí lá go leith mo ghlagaire capull aige.
Baineann sinn amach ann sna ratha rúaga agus ann sna
rúaga ratha, dá bhfuighmaois leagadh nach bhfanamaois le
h-éirghe, gur sgathamar na cruipidh as ar gcótaidh agus
lébthacha móra dá'r leicne, go raibh sinn ag árus an
duine uasail sin, mur a raibh córthaidh móra lán suas do
bhía bruithte, agus mur nach raibh sgían no spunóg ar fághail
'san áit sin againn; shéid sinn linn-e ag cur súas an
bhídh sin, 'na lánta dórna ann ar mbéal, a dhear'ár ó!
"Níor bhfada dhúinn go bhfaca sinn an Laighneach mór
na súl buidhe agus an sgógain fhada, mo mhallachtsa go
buan air. Do bhí rod fada 'na láimh leis a raibh bun
tiugh agus bárr caol air, mar íarball luchóige, agus a nuair
a shíl sinn go raibh luathgháir mhór air rómhainn, sé bhuail sé
slais thall agus slais a bhus, fá na leicne, orainn. "A
chlannaibh na stríopach," ar sé, "créd é sin atá sibh a
dhéanadh?" "Nach bhfuil sinn ag ithe bidh?" ar mé féin. "Ní
headh," ar seisean, "acht bran mo chuidse muc." Acht gur
fhiafraighdhínn, godé'n pháidhe a bhéadh sinn' íarraidh go Domhnach.
Adubhairt sinn go raibh ceithre píghineacha déag, trí
pighineacha bána, trí crúiscínídh de bhainne maith tábhachtach,
gléas teighte agus coutrements leabptha, "Gheabhaidh sibh
sin," ar sé, agus annsin cuireadh 'mach sinn ann léana
móire ag obair, agus go dé'n obair ar chuir sé na cheann
sinn acht a bhurracáil agus a sturracáil féir. Cuireadh
Giolla-gan-eagla shuas ar an mburracán; do bhí sé dá
bhurracáil anunn agus dá bhurracáil anall, agus dá mbéadh
sé dá bhurracáil ó shoin, ní thiubhradh sé an burr nó an
bárr é, acht é ag borradh a gcomhnuidh fuigh na chosa.
Níor bhfada dhúinn mur sin, go bhfaca sinn an Laigheannach
mór ag teacht arís chugainn, mo mhallacht go buan air;
agus Pole mór fada na láimh leis. d'fhiafraigh sé cé bhí
air a mburracan. Dubhairt mé féin go raibh buachaill
barramhail aniar as Flanders Chonnachta, nuair a shíl mé
go snaomthadh an Laigheanach sinn ó bhárr go bun le gean agus
le grádh, 's é chuir sé a dhá láimh 'sa bPole agus bhuail ar fhad
an leicín ar Ghiolla-gan-eagla gur bhris sé a mhéar beag
agus cnáimh a smiolagadáin, agus de'n diabhal díon deóir
a d'fhan ann ag teacht ann talaimh de, - mo mhallacht
go buan ar an Laighneach mór, agus ar gach fear as a thír
dhúthchais! Súd é féin súas annsin ar an mburracán, le-
na phole mór íarainn, agus le na chíor mhaide, bhí sé dhá
mhíneadh agus dá chíoradh ariamh go dtug sé ann burr agus
ann báirr é. Chuir sé rópa soir agus rópa síar air,
agus níor chuir sé aon chor de acht uirid le sean-ghearrán
bán a bhéadh 'na sheasamh i lár páirce. A nuair a tháinig an
oidhche oruinn an áit gléas téighte nó coutrements leabtha
fhághail, mar a gealladh, is eadh fuair sinn ar bpáidhe agus
ghreas sé na madraidh ionnainn.
Tháinig sinn rómhainn an sin thrid Bhaile an Mhurdair mar
a raibh na clocha ceangailte agus na madraidh sgaoilte.
Tháinig madadh mór amach, agus chuir sé cáir air le Giolla-
gan-eagla, agus chuir Giolla-gan-eagla dhá cháir air, leis.
Smaoinidh Giolla-gan-eagla dá mbuailfeadh sé an madadh
go dtiocfadh fear an mhadaidh amac agus go mbúailfidh é
féin. Gan géillbheal do sin, tharraing Giolla-gan-eagla
a láimh agus leag sé an madadh. Le sin tháinig fear an
mhadaidh amach, agus beirionn greim ar Ghiolla-gan-eagla
agus bhain sé crathadh anunn agus crathadh anall as, agus
bhuail cois ar a chois, agus leag é. Shaoil mé féin a rún
go ndeárna sé muileann gaoithe d'á chorp, acht fá dheireadh
léig sé amach é.
Tháinig sinn romhainn annsin, go dtáinig sinn go dtí
an baile dá ngoireann siad ainim an choiligh mhairbh a mBéarla
air, mar atá Killcock, a dhear'áir ó, go toigh na cailligh'
bhíos ag bruith na ngéacha. Chuir sinn Maolra asteach' ó's
aige bhí an Béarla agus an léighionn mar adubhairt mé
a-roimhe agus níor bh'íongnamh dó Béarla agus léigheann
do bheith aige, ó 'sé chaith a sheachtmhain mhór fhada ar sgoil,
acht cúig lá go leith dá theasdail, gur dhíol sé a leith-
phíghin mhór phleancach macsamhail maighdion ar chlár tabhairne
a cConnacht, sin, agus láimh le peice órnna ag fóghluim a
bheith na shagart, a dhear'áir ó.
"Wrong lady", ar Maolra. "How many penny
a goose?" "Twelve," ar sise. "A bhuachaillígh múir-
nneach," ar sé, "súd an áit a bhfuil an conradh a bfearr
a chonairc sibh aríamh. Gheabhaidh sibh dhá ghé dhéag ar bhur
bpíghinn, atá sé ghé ar bior, agus sé ghé a bpota, agus
aseadh na géacha atá ar bior atá ag teacht thart ar rothaidh
an tsaoghail, a dhear'áir ó!"
Chuadhmar asteach, agus núair a d'ith sinn agus a d'ól
sinn ar sáith, smaoinidh mé féin go raibh aonach a Nás
Truim, agus gur chuir mo Náinne sgéala liom sgéala an
aonaigh a thabhairt abhaile chuicí, mar a bhí dhá ghabhar
agus butsán le díol aici le h-aigh cíos na Samhna. Gluais-
eam féin liom go rabh mé 'san áit sin a raibh an t-aonach;
agus a seadh sin an áit a raibh an t-aonach mire míthapaigh.
Bhí ocht scillinn déag ar bhúdóig ann, an deich is punt ar
chliobóg ann. Bhí min coirce aithe ag muilleóir ann. Bhí
cruithneacht dhearg aig bodach ann, bhí órnna bheag ag
scológ ann. Bhí leann d'á ól 'na ghlugógaidh, duine síar
agus duine aníar, 's níor bhfiosach dhamh nach mbéadh triob-
lóid ann. Do bhí High Caul cap ar strubóid ann, bhí sála
bonn bata ar chucól ann, bhí péire bróg árda ar sgaith-
feir ann. Bí cailleach bheag eile 's cideóg uirrthi, is ní
raibh aon nduine ann ba lugha trioblóid nó í, a rún ó. Bhí
teine sgladaigh a bpoll an mhadaidh, is taos bruighte
i cceirt. Is muna beith eagla fa ghlaoch na Laighneach
níor bhfeárr liom an taos ithe ioná an cheirt. Smaoinis féin
go raibh sgéalta an aonaigh abhaile liom fa'n tráth sin.
Is annsin, pilleam ar m'eis arís air mo chuideachta, agus
fuair mé a n-aghaidh air a chéile mar a d'fháig mé íad. "A
bhuachaillidh," ar mé féin, "Nach mithe dúinn an recnáil
a shocradh?" "Is míthid," ar iadsan. "Wrong lady,"
ar Maolra. "What is to pay?" "Sixteen pence and
a penny loaf," ar sisi. "Dona go maith," ar Maolra.
" A Mhaolra, a ghrádh, go tté deir sí?" "Atá, a
bhuachaillíd múirneach," ar Maolra, "sé scillinn déag
agus geinidh óir aguinn le díol. Caithimse an
geinidh óir ar an mbórd, agus bhain sinn amach annsna ratha
rúaga agus annsna rúaga ratha, agus níor amharc sinn ar
ndiaigh go rabhamar ar chnoc mór os cuinne an dorais.
d'amharc mé féin 'mo dhiaigh agus chidhim an chailleach
sin, mo mhallachtsa go búan uirrthi lámh thall agus lámh
bhus air gach taobh de'n dorus aicí agus í ag rádh "Boys
dear wait for your change."
"An bhfuil fhios agaibhse," ar Maolra, "go dé deir
sí, nó créad é an rud change?" "Ní'l fhios" ar sinne.
"Atá," ar sé, "deir sí go gceanglachaidh sí le slabh-
raidh an gheata sinn, mar nár dhíol sinn an chuid eile de'n
recnáil." "Do'n díabhal chain nó chain a chuirios
tú oruinne, a chailleach dhamanta a mbíonn na madraidh
gállta ceangailte agad."
Baineann sinn amach annsna ratha rúaga agus annsna
rúaga ratha, dá bhfuighmaois leagadh nach bhfanamaois le
h-éirghe go raibh sinn ag an losad Mhaide, a bhfuil a dá
ghob caol agus a lár leathan uirrthi, chuamar asteach duine
ar dhuine ins an lusaid Mhaide sin.
Bhí sí ag lungadan anunn agus a' lungadan anall go
bhfuair sinn seacht gcontabhairteacha déag báidte fá'n
gcontabhairt a fuair sinn a theacht slán go Flanders Chonn-
achta. An uair a fuair mé féin anunn slán, do amhairc
mé 'mo dhíaigh, agus cía theastaigh uainn acht Seón Bán Ua
Raghaillidh, ceannphort ar ccuideachta. Pilleamsa ar
m'ais arís go raibh mé a ttigh na cailligh a bhí ag bruith
na ngéacha, agus ar amharc isteach damh, cia chidhim acht
Seón Bán Ua Raghaillidh, 'na shuidhe stoigh ar bhalcán, a
dhá gheár-mhása ar spailp leac an tinnteain, agus an sughlach
a bhí silt as na géacha bhí ar bior, thomfadh sé a dhornn ann,
agus dhingfeadh ann a bhéal é, ionnus go raibh sé fá ghréis
agus fá bhealadh ó chlúais go clúais. Dhún mé féin mo shúil
asteach air, agus dhún sé a dhá shúil amach orm, - agus ann
áit a theacht liom sé dhreis sé na madraidh ionnam.
Pilleam ar m'ais abhaile air mo chuideachta, agus ní
fhacaidh Día nó duine amharc orm a cclár na Midhe Móire
ó'n lá sin go dtí an lá tá indiú ann, ameasc lucht na súl
buidhe agus an sgógain fhada, mo mhallacht go búan orrtha.
. . . Críoch go nuige sin ar Eachtra agus air imtheachta na
cConnachtach, leis an aithscríbhneóir reimhráidhte, .i. Peadar
Úa Gealacan, air an naoitheamh lá déag do mhidh mheadhoin
an tSamhraidh. Aois Chríost, 1851.