NEILL
NÍ raibh de sholus san tseómra acht a dtáinig
isteach thríd an bhfuinneóig ó'n lóchrann sráide a
bhí 'na sheasamh ag coirnéal an tighe, acht muna
raibh féin bhí bean ann agus í ag cur uisge ar na plann-
daibh a bhí i mbosgaibh ar leic na fuinneóige, agus ar
bhord bheag a bhí taobh istigh; do mhusg chumhartha an bhláith
bhuidhe is mó thug sí aire, acht nár dhearmad sí an fiúisia
ná na nóiníní dearga. Anois agus arís do dhearcadh sí
anonn treasna na sráide cumhainge ar an teach thall;
an fhuinneóg a bhí ar aon áirde leis an gceann thríd ar
fhéach sí féin, bí sí gan sgáth gan dallóg, agus chonnaic
sí fear, óg, nach raibh mórán thar ocht mbliadhna déag,
shíltheá, 'na shuidhe ag bórd ar a raibh mórán leabhar agus
páipéar. Bhí clocha ar an mbord freisin, agus ó am
go ham do bhriseadh sé blúire de chloich le casúr beag,
agus do thosuigheadh 'ghá sgrúdughadh.
Tháinig cat mór dubh treasna an úrláir, i seómra na
mná, agus a earball i n-áirde aige. Do léim sé ar
chathaoir i bhfogus dhi.
"Bhain tú geit asam, a ghaduidhe dhuibh," ar sise.
Shuidh sí féin ag an bhfuinneóig. Léim an cat dubh ar
a gualainn agus thosuigh ag crónán; acht ní ar an gcat
ná ar mhusg an bhláith bhuidhe bhí a haire acht ar an teach
thall. Bhí an fear óg ós cionn na leabhar, agus ag baint
meabhrach as na clochaibh fós acht ní raibh aon áird ag an
mnaoi a bhí ag an bhfuinneóig air. Ar na fearaibh a bhí
taréis a bheith ag obhair ar an taobh amuigh de'n teach a bhí
sí ag féachaint. Bhí dréimre leo le balla an tighe fós
agus fear n-áirde air. Bhí comhartha nuadh curtha aca
ar an teach, agus bhíodar ag féachaint air go bhfeicfidís
an raibh sé curtha suas i gceart aca. Bhí an sean-cheann
a baineadh anuas leigthe isteach leis an mballa, Do léigh
an bhean a bhí ag an bhfuinneóig an t-ainm a bhí air:
MÍCHÉAL Ó CIARDHUBHÁIN
CEANNAIDHE ARBHAIR.
Tháinig bean amach as an tigh thall, agus d'fhéach sí go
géar ar an gcomhartha nua. Bhí culaith bhaintreabhaighe
uirthi. Bhí sí sásta leis an obair. A hainm féin a bhí
ar an gcomhartha nua. Ainm a fir a cailleadh, a bhí ar
an sean-cheann. Cuireadh an sean-chomhartha isteach i
gcairt, agus d'imthigh an capall go roighin réidh suas an
tsráid.
Acht níor imthigh an bhean ó'n bhfuinneóig. Bhí tuirse
uirthi. Bhí sí go gnóthach i gcaitheamh an lae. Bhí céird
mhaith aici, céird a bhí an-úsáideach do'n phobul. Nuair a
bhíodh daoine i gcruadh-chás i gCathair na dTrí n-Uisge,
nuair a bhí an sean-droch-sgéal le n-aithris aca, — easbaidh
oibre, easbaidh airgid, easbaidh bidh, easbaidh 'ch uile shórt,
bhíodh cruadhóg uirthi-se. Ag tabhairt cabhrach dhóibh a bhíodh
sí; an fear a raibh léine mhaith air, nó an bhean a raibh
bróga nach raibh ró-chaithte faoi n-a cosaibh, níor cháll
dóibh-san a bheith i n-easbaidh airgid, an fhaid is bhí sise
san gcathair.
Bean fhial a bhí innti an eadh? Níorbh eadh, acht bean
chóir a raibh cluichéidí beaga clóbhuailte aici, agus é 'na
bhán agus 'na dhearg ortha, céard a bhéadh le n-íoch ag
an té d'iarrfadh cabhair uirthi. Ma tante bhéaradh an
Franncach uirthi; My uncle bhéaradh an Sasanach uirthi.
Níor tugadh uirthi i gCathair na dTrí n-Uisge acht Neill.
Ní raibh baoghal ar éinne a dhul amudha dá mbeidís ar a
lorg; d'fheicfeadh sé na trí liathróidí práis ós cionn a
dorais.
D'fhan Neill féin ag an bhfuinneóig ag dearcadh anonn
ar theach an Chiardhubhánaigh agus ar an bhfear óg úd a bhí
ós cionn na leabhar, agus ar an gcomhartha nua. Bhí
boladh cumhartha an mhusg bhuidhe 'na sróin; bhí an cat
mór, nó "an gaduidhe dubh" mar thugadh sí air, ar a gual-
ainn agus é ag crónán. Acht bhí sise ag déanamh na
smaointe.
Gach uile oidhche le naoi mbliadna déag do shuidheadh Neill
ag an bhfuinneóig seo, ag féachaint anonn ar theach an
Chiardhubhánaigh agus ar an sean-chomartha céirde úd a bhí
ar an mballa; cheap sí go raibh athrughadh mór ar an
saoghal óir nach bhfaca sí anocht é. Thosuigh sean-chuimhní
ag teacht chuici dá míle buidheachas. I dtosach bhí na
sean-chuimhní seo gan cruth gan cuma, mar bheadh ceóbhrán
bheadh ag imtheacht roimh an ngaoith. Acht bhíodar ag éirghe
níos chruinne agus níos beachta i leabaidh a chéile, go
rabhadar 'na pioctúiríbh beódha soiléire os comhair a súl
agus iad ag teacht agus ag imtheacht gan faoiseamh.
Ní fhaca sí an teach thall; ní fhaca sí sgoláire na
leabhar agus na gcloch; ní fhaca sí an comhartha nua, a
raibh ainm bhaintreabhaighe an Chiardhubhánaigh air, bíodh is
gurab é sin a chuir ag sean-chuimhneamh i dtosach í. Acht
chonnaic sí pioctúir ós comhair a súl. Chonnaic sí fear
óg caol a raibh dhá shúil ghlasa 'na cheann, dhá shúil ghlasa
ghreannmara a bhíodh ag síor-mhagadh faoi gach n-aon. Ag
gábhail thar fhuinneóig an tsiopa dhó, féachann sé isteach,
ar an bpointe chéadna is d'fhéach sise amach. Seasann
sé … féacann sé arna hearraidhe ata 'sa bhfuinneóig,
feiceann sé an bhean óg …
Acht nach fada an t-achar naoi mbliadhna déag?
D'éirigh an bhean a bhí ag an bhfuinneóig. Chuaidh go
doras an tseómra Bhain sí anuas grafgréine a bhí
crochta ar an mballa agus d'fhéach go géar air leis an
solus a bhí chuici isteach ó'n tsráid. Leig sí osna trom.
í féin a bhí ann, nuair á bhí sí seacht mbliadna déag
d'aois. Bíodh is go raibh an grafgréine sean, agus é
sgríobhtha ar stáin ghlas, bheadh fhios ag duine gan sean-
chuimhne ar bith a bheith aige, go raibh Neill dathamhail an
uair sin. Agus ní bheadh sé ag dul amudha go mór dá
n-abradh sé go dtiocfadh fear óg na súl nglas ngreann-
mhar arís.
Agus tháinig. Nach bhfaca Neill é anois féin biodh is
go raibh ocht mbliadna déag imthighthe ó shoin. Chonnaic sí
anois féin é, bíodh is gur ar an sgoláire úd a bhí cromtha
ós cionn na leabhar a bhí sí ag féachaint.
Bhuail sé isteach lá dá raibh sí féin ag tabhairt aire
do'n tsiopa. Nach é a croidhe bhí ag léimnigh nuair chon-
naic sí é! Ní raibh aon tsúil aici leis ár ndóig.
Leag sé uaireadóir ar an gclár.
"Cé mhéad?" ar seisean, agus sin é an chéad fhocal
chuala sí uaidh ariamh.
D'innis sí sin dó.
"Cé'n t-ainm atá ort?" ar sise agus peann 'na
glaic aici.
"Micheál Ó Ciardhubháin."
Sgríobh sí ar chluichéid bheag é. Tháinig luisne 'na
gruadh. Thug sí an t-airgead agus an cluichéid dhó.
Dubhairt sé rud éigin faoi n-a athair nár chuir an t-airgead
chuige i n-am, acht bhí a dhá shúil chomh beodha agus chomh
magamhail sin is gur cheap an cailín go raibh a phócaí
lán.
Cérbh é? Cérbh é an t-athair nár chuir an t-airgead
chuige i n-am? Céard a bhí sé a dhéanamh i gCathair na
dTrí n-Uisge? B'shin iad na ceisteanna chuir an cailín
óg uirthí féin nuair d'imthigh sé, Cheap sí gur léithi féin
fheiceál tháinig sé, acht ní dhearna sí acht gáiridh nuair
a cheap. Thaithnigh a ghlór leis an gcailín. Agus an dá
shúil ghlasa bheodha ghreannmhara úd a bhí aige! Agus a
cheann catach! Bhí súil ag an gcailín go dtiocfadh sé
arís; bhí súil aici go gcuirfeadh a athair an t-airgead
chuige — le n-a uaireadóir fhághail. Cheap sí go mba mhór
an peacadh é dá gcailleadh sé é. Acht mise mo bhan-
naidhe nar chaill. Tháinig sé arís agus arís eile, agus
tráthmhail go leór is í féin a bhíodh 'san siopa i gcomhnuidhe.
Casadh le chéile go minic iad 'na dhiaidh sin; ar an
Aifrionn mhoch Dia Domhnaigh i Seipéil Naoimh Eóin; ar
an tsráid nuair bhíodh sí ag siopadóireacht; ar an loch
nuair a théideadh sí féin agus a hathair ag iomhramh ar
an Domhnach d'fheiceadh sí uaithi é 'na bhád féin. Faoi
Bhealtaine bhíodh an Choróin Mhuire 'san seipéal gach
oidhche; bhí seisean ann an tarna hoidhche — cárbh fhios dó
go mbíodh sise ann? … Acht d'éirigh sí an-mhór le
Micheál Ó Ciarbhdhubháin …
D' éirigh an sgoláire óg a bhí 'san teach, thall, ar
cuireadh an comhartha nua air; sín sé na géaga; d' fhéach
sé i dtreó na fuinneoige. Do gheit Neill. Ó nach é bhí
cosamhail le n-a athair!
Bíodh is gur i musg an bhláith bhuidhe bhí na súile
sáithte aici, is ar an lá úd a ndeachaidh sí ag iomramh
ar an loch le athair an sgoláire óig úd thall a bí ag
síneadh na ngéag anois bhí Neill ag cuimhneamh. Lá
breagh gréine i dtús Samhraidh a bhí ann. Bhí an tír faoi
bhláth. An loch 'n-a sgathán mór lonnrach airgid sínte
amach uatha ar gach taobh. An bád beag ag gluaiseacht
thríd an uisge go réidh sochair mar dhuine a bheadh ar
leic-oidhre. Eisean ag iomramh; sise ar an stíur. Le
gach buille iomraimh leigeadh sé siar é féin mar bheadh
sé ag imtheacht uaithi, acht go bhfilleadh sé ar an athbhuille
agus thosóchadh an bheirt ag gáiridh mar bheidís beirt ar
aon intinn faoi rud éigin. Agus bhí — mheasadar beirt
go mba bhreagh í an óige, nach raibh aon tsaidhbhreas ann
acht í. Ag teacht a bhaile dhóibh thráthnóna …
Nuair a bhí an méid sin de'n sgéal aithbheodhuighthe ag
an mnaoi a bhí ag an bhfuinneoig d' éirigh sí 'na seasamh,
agus do labhair ós árd:
"An mbeadh t'athair sásta?" ar seisean.
"Bheadh," arsa mise.
"Agus tá tú féin sásta, ar ndóigh?"
"Nach ort atá an magadh!" arsa mise.
Shuidh an bhean cois na fuinneóige arís. "Agus phós
sé Brighid Ní Ruadháin, agus mise agus mo mhuinntir ag
fanacht leis 'san Séipéil!" ar sise go searbh. "Sí
Brighid ba chionntach. Ghoid sí uaim é. Acht, a Bhrighid …"
D'éirigh Neill 'na seasamh agus bhagair sí a lamh ar an
teach thall agus ar an sgoláire óg. "Acht nár téidhidh
mé faoi 'n gcré, a Bhrighid …"
Chuir sí cosg léithi féin; chonnaic sí Brighid Ní Ruadh-
áin, baintreabhach an Chiardhubhánaigh 'san seómra thall ag
labhairt leis an sgoláire óg. Chuir seisean a chuid
leabhar, agus a chuid cloch i dtaisge. An fhéachaint thug
an sgoláire óg d'á mháthair chuaidh sí go croidhe 'san
mhnaoi i bhfus mar bheadh sgian ghéar. Phóg an mháthair é,
(nós a bhí aici ó fágadh 'na baintreabhaigh í) agus d'imthigh
léithi le dul a chodladh.
D'fhan Neill ag an bhfuinneoig 'na teach féin. Na
sean-chuimhní bhí ag teacht chuici le dhá uair, acht a d'imthigh
arís mar bheadh lóchan roimh an ngaoith, do múnluigheadh
agus do daingneadh agus do fuinneadh 'na chéile iad;
do hathruigheadh a gcruth agus a nádúr; ní sean-chuimhní
bhí ionnta anois acht smaointe; smaointe troma bróin
agus fuatha a bhí ionnta, acht go raibh an fuath ag fághail
treise ar an mbrón gach uile noiméad; níor fhéad sí
an fuath sin a dhíbirt; níor fhéad sí a dhul uaidh, agus
do ghein an fuath an díoghaltas. Rud corpardha, ceap
sise, a bhí 'san ndíoghaltas seo; rud b'uathbásaighe agus
ba mhilltighe agus ba ghránda ná an t-athair a ghein é;
rud beó, rud namhaideamhail a bhí ann dar léithi, agus
d'éirigh sí de gheit le n-a throid. Chuir sí a dhá láimh
amach uaithi leis an namhaid nuadh seo a chongbháil siar;
bhí comhrac mór ann; amach léithi go beo as an seómra;
chaith sí féin ar a ghlúnaibh ós comhair altóra bige a bhí
cois a leabthan; focal níor tháinig as a béal, acht ag
luasgán anonn agus anall dhi, ós comhair na haltóra
bhí sí féin 'na paidir, 'na paidir bheo.
Bhí an namha faoi chois aici cheap sí … acht dhúisigh
sí sean-Cháit, an bhean aimsire bhí aici, le n-a ghéar-ghol.
Ar maidin d'osgail Neill an siopa mar ba gnáthach
léithi ar leath-uair thar éis a seacht. Fíor-chorr-dhuine a
thaghadh isteach chomh moch sin, agus dá dtagadh chuireadh
sean-Cháit iallach ortha fanacht, go dtagadh a maighstreás
abhaile ó Aifrionn a hocht.
Acht an mhaidin seo ní raibh an siopa acht fosgailte
go bhfaca Neill féin bean chos-nochta chuici i leith treasna
na sráide. Bean bheag fhaiteach a bhí innti, agus sgeoin
'na dhá súil. Cheapthá uirthi, ar a siubhal, ar an mbéal
lag, ar an bhféachaint bheo thapaidh a bhí 'na súilibh, gurabh
í féin an fhaitchíos i bhfuirm mná. Bean de na mnáibh
beaga craidhte sin feictear go minic i measg na mbocht
'sna bailtib móra a bhfuil a n-uile ghníomh 'na leithsgéal
go bhfuilid beo ar chor ar bith. Bhí naoidhneán le n-a
brollach.
Leag sí an bheart mhór a bhí ar iomhcur aici ós cómhair
Neill, mar dhuine a bheadh ag déanamh iodhbairte.
B'fhearr le Neill an diabhal féin fheiceál ná í an tráth
seo de mhaidin; ní raibh aon olc aici dhi, acht bhí uirthi an
námha casadh léithi agus í 'na suidhe ag an bhfuinneóig
a chur faoi chois. Cuid de ghleacaidheacht an namhad sin
an bhean seo a seoladh chuici sul a ndeacha sí ar an
Aifrionn; nár cheap sí aréir gurabh é fear na mná bige
a chuideochadh leithi le sásamh a bhaint amach, le díoghaltas
a bhaint de na Ciardhubhánaigh? Fear mór óil a bhí ann,
agus da mbeadh sé féin agus an sgoláire óg na
gcomráidibh … Féach an chaoi ar imthigh a athair; dá
leigfeadh a bhean dhó nach marbhóchadh sé é féin leis? …
Bhí an dúil 'san bhfuil ag na Ciardhubhánaigh cheap sí.
Acht ní leigfeadh Brighid braon thar an tairsigh …
A Neill! a Neill! níl an namha faoi chos agad fós!
D'osgail Neill an bheart a leag an bhean eile ar an
gclár. Gúna fada lín-éadaigh a bhí an-fhada an-gheal an-
chumhang 'san gcabhail, gúna naoidhe nua-bheirthe an chéad
rud ar leag sí lámh air. Leag sí ar leath-taobh é.
"Nach bhfuil sé ag obair," arsa Neill leis an mnaoi
bhig.
"Tá, acht tá a raibh againn ólta aige. Bhí saoire
beag aige … tá sé ag ól le ceithre lá … anois
a dhúisigh sé … leagfaidh sé an teach orm mara
bhfuigh' mé cúpla gloine fuisgi dhó …
Bhain Neill cúpla léine as an mbeart; chupla léine
gan muinchillí a bhí chomh beag bídeach sin is nach dtéidh-
idís ar bhabóig, cheapthá. Leag sí os cionn an ghúna fada
báin iad.
"An dhroch-chomhluadar," arsa Neill, "marach an droch-
chomhluadar ní ólfadh sé …
Bhain sí dhá phéire bróg (stocaí thug Neill ortha) as an
mbeart.
"Mé féin a chniotál iad," ars an bhean bheag, "fhéach
na ribíní breághtha chuireas ionnta ionnós nach dtuitidís
d'á chosaibh."
Shíl an naoidhneán breith ortha: níor éirigh leis.
"An dhroch-chomhluadar …" arsa Neill, agus í ag
leagaint na mbróg (nó na stocaí) os cionn an ghúna
fhada bháin.
Chuaidh an sgoláire óg, mac an Chiardhubánaigh thar an
doras.
"Féach an fear óg sin," arsa Neill, "ní Ólann sé
braon; ní théidheann sé 'sa droch-chuideachtain."
Leag Neill cóta beag bídeach de'n fhlainnin ghorm ós
cionn na n-earraidhe eile; cóta beag bídeach a rinneadh
leis an bhfuacht a chongbháil ó mín-chneas bhog chumhartha a
mhórdhachta a bhí ann. Shíl seisean breith air, níor leig
a mháthair dhó, bíodh is gurabh é a chóta féin é.
"Marach an droch-chomhluadar ní bheadh orm a theacht
chugat-sa leis na hearraidhe seo … marach iad nach é
bheadh go sásta ag imtheacht ar fud na tíre ag bailiughadh
luibheanna dhó féin agus 'gá sgrúdughadh," ars an bhean
bheag go lag-ghlórach.
Bhain Neill brat mór bán a cniotaladh le n-a mhór-
dhacht a cosaint ar ghaoith agus ar fhearthainn as an
mbeart. Chonnaic sí an sgoláire óg ag gabhail thar an
doras an ath-uair.
"Beag baoghal go n-ólfadh sé an oiread," arsa Neill,
"dá mbeadh sé i gcuideachtain an fhir óig sin …
bíonn an bheirt aca ag imtheacht ar fud na tíre; eisean
ag bailiughadh luibheanna …
Níor fhéad Neill a tuilleadh a rádh. Níor cheap sí
an méid sin féin a rádh, acht sgior an chainnt uaithi dhá
buidheachas. Bhí an namha ag gabháil dhi; bhí an rud mór
corpardha cheap sí a chlaoidh aréir ag drannadh léithi.
Dá mbeadh an sgoláire óg 'na chomráide ag fear na
mná seo, ní fada go mbeadh AN BHEIRT 'san droch
chuideachtain; ní fada go n-ólfadh an scoláire óg braon;
ní fada go mbeadh an dúil nimhe ann … ní fada go
mbeadh croidhe cráidhte ag a mháthair — aici siúd a ghoid
an fear uaithi féin. Sin é cheap Neill, acht níor dhubhairt
sí acht:
"An t-airgead céadna ata uait is docha?"
"An t-airgead céadna," ars' an bhean eile, "…
acht," ar sise, agus Néill ag tabhairt an airgid dhi,
"acht bheadh sé an-deacair iad a thabhairt le chéile."
"Fág fúm-sa é," arsa Neill, "socrócaidh mise dhuit
é, feicfidh tú féin."
Níor cheap Neill é a rádh Níor cheap sí é a dhéanamh
acht bhí an námha 'na gar agus é d'á gríosadh. Bhí sé ag
fághail an ceann-is-feárr uirthi."
"Má dhéanann tú sin dom," ars' an bhean "deamhan
lá fad 's mhaireas mé nach n-abróchaidh mé paidir ar do
shon."
D'imthigh sí. Chuaidh Neill siar san tseómra a bhí ar
creathadh. Cheap sí an sean-chloca a chur uirthi le dhul
chuig Aifrionn a hocht, mar rinne sí le hocht mbliadhna
déag, acht nuair a rug sí ar an gclóca le n-a chur
uirthi féin, d'fháisg sí a béal, chaith sí an clóca uaithi
arís agus d'imthigh léithi suas an staighre.
Shuidh sí san gcathaoir mhóir cois na fuinneóige.
Dhearc sí anonn ar theach an Chiardhubhánaigh. Bhí an
sgoláire óg 'san seómra thall, agus é ag cur lóin
agus gléas briste cloch i mála. Bhí a mháthair ag doras
an tighe. Bhí Neill go smaointeach agus í ag féachaint
anonn ar an mbeirt thall; an mac 'san seomra shuas
an staighre; an mháthiar a an doras Acht pé smaointe
bhí 'na ceann níor nochtuigheadh 'na gnúis iad. Ní shíltheá
uirthi acht gurbh ag fághail boladh an mhuisg a bhí sí; ní
shíltheá uirthi acht gur ag éisteacht leis "an ngaduidhe
dubh" ag crónán a bhí sí.
Buaileadh clog an Aifrinn. Níor éirigh Neill. Ní
dhéarna sí acht a béal d'fháisgeadh.
Tar éis tamaill d'éirigh sí de geit. Chuaidh sí chuig
an sgathán a bhí ós cionn an teinteáin, agus do dhearc
sí uirthi féin ann. Chraith sí a ceann.
"Ó táim ró-shean," ar sise léithi féin, "níl seisean
acht ocht mbliadhna déag."
D'fháisg sí an béal arís. D'fhan sí achar beag 'na
seasamh mar bheadh sí ag éisteacht le rud éigin. Thug
sí coisméag … sheas sí aris … thug sí coisméag
eile, agus síos léithi. Rug sí ar an sean-chlóca sróil
a bhí liath-ghlas leis an aois, rug sí ar an hata beag
dubh a raibh an cleite éin ag éirghe i n-áirde go
péacach as, agus chuir sí ortha iad. Bhuail sí amach ar am
tsráid. Acht má bhí daoine i gCathair na dTrí nUisge
nach ndeachaidh ag obair go bhfeicidís Neill ag gábhail
thar an doras agus í ag dul ar an Aifrionn, bhíodar
deireannach an mhaidin seo, mar ní fhacadar í. Dá
mbeidís ag ceann sráide bige, i n-aice leis an loch,
d'fheicfidís bean bheag dhubh a raibh sean-chlóca uirthi a
bhí liath-ghlas leis an aois, agus hata a raibh cleite éin
ag eirghe i n-áirde go péachach as, agus d'feicfidís an
bhean bheag seo ag dul isteach i dteach na mná a thug an
bheart chuici ar maidin.
An oidhche chéadna nuair a dúnadh an siopa, bhí Neill
ag an bhfuinneoig. Chonnaic sí beirt fhear ag gabhail an
tsráid, agus dá mhála ar iomchur aca. Bhí an sgoláire
óg ar dhuine aca, agus níor sgar an fear eile leis go
raibh sé ag an doras. Fear na mna úd tháinig chuici ar
maidin do b'eadh an fear eile.
An t-aiteas bhíos ar snámhaidhe a d'fhan tamall ar
bhruach an uisge ar eagla go mbeadh sé ro-fhuar agus
nár airigh fuar chor ar bith nuair a bhí sé istigh — sin é
an t-aiteas a bhí ar Neill nuair a chonnaic sí an bheirt úd
i bhfochair a chéile. Rinne sí gáiridh … agus ma dhúisigh
sí sean-Cháit an oidhche sin ní le géar-ghol a dhúisigh sí í.
Bhí an bhuaidh ag an námhaid.
Bhí dúil mór ag Neill i mbainne gabhar. Gach uile
Dhomhnach 'san mbliadhain bhuaileadh sí amach i ndiaidh
Aifrinn a haondhéag. agus do théidheadh sí siar an bóthar
le taobh an locha. Bíodh an sean-chlóca sróil uirthi agus an
hata a raibh an chleite éin ag eirghe i n-áirde as go
péacach; bhíodh sgáth fearthainne ós a cionn nuair a bhíodh
an bhaisteach ann; bhíodh an ceann céadna ós a cionn
nuair a bhíodh teas mór ó'n ngréin. Focal ní labhaireadh
sí le éinne, acht í ag imtheacht roimpi i gcomhnuidhe go
sroicheadh sí teach beag a bhí le taobh an locha timcheall
's dhá mhíle go leith ó Chathair na dTrí nUisge. Do
bhuaileadh sí isteach ann agus d'óladh gloine bainne gabhar;
dá mb'aimsir mhaith a bhí ann shochróchadh sí an chathaoir
taobh amuigh de'n doras, d'fhanadh sí tamall ag féachaint
ar na báid ag gluaiseacht thairsti, agus d'oladh sí
gloine eile de'n bhainne.
'S iomdha bád díobh a thagadh i dtír ann, agus is iomdha
gloine de bhainne gabhar d'óltaoi 'sa teach beag úd le
taobh an locha. 'S iomdha gloine de "bhainne" nár tháinig
ó aon ghabhar d'óltaoi ann freisin acht go mbíodh aithne
ag fear a' tighe ortha siúd a d'ól é.
An chéad Domhnach eile dá raibh Neill 'na suidhe taobh
amuigh de'n doras, agus í ag ól a darna ghloine de'n
bainne gabhar chonnaic sí dhá bhád bheaga agus iad ag
coimhlint. Ní raibh i gceachtar de na báid acht aon fhear
amháin. Bhí an fear a bhí i mbád díbh mór toirteamhail
láidir; fear óg caol a bhí 'san mbád eile, acht go mbadh
fhearr agus go mbadh cliste an fear iomraimh é ná an
fear mór. Bhí a raibh ann ag féachaint ar an mbeirt;
cuid aca ag ceapadh go mbeadh an geall ag an bhfear
mór; cuid eile ag rádh go n-éireochadh leis an bhfear
caol clisde. D'éireochadh freisin marach gur bhris sé
ceann de na maidibh rámha agus é ar aghaidh an tighe bhig
amach.
Tháinig sé i dtír. Tháinig an fear eile i dtír freisin
agus bhuaileadar beirt isteach 'san teach bheag.
D'aithnigh Neill iad. An sgoláire óg, mac an Chiardhubh-
ánaigh agus an comráide a thoghaigh sí féin dhó a bhí ann.
Do cheap an sgoláire óg go bhféadfadh sé maide rámha
fághail ar iasacht ó fhear a' tighe. Ní raibh aon cheann aige
Shuidh an bheirt fhear taobh istigh i n-aice an dorais.
D'iarradar bainne gabhar ar fhear a' tighe. Bhí sean-aithne
aige siúd ar an bhfear mhór: Má bhí dath an bhainne ar
an deoch a fuaireadar ní boladh an bhainne a bhí uaithi.
D'óladar an dara gloine dhe. D'ól an fear mór an
tríomhadh ceann.
Ní fhaca Neill iad mar bhí sí taobh amuigh, acht chuala
sí gach ar dhubhradar.
"Marach gur chlis an mhaide orm," ars' an sgoláire
óg, "bheadh an geall agam."
"Bheadh … acht droch-rath ort, ól ceann eile —
tá an lá brothalach."
"Ní ólfad … acht ní fhaca tú an cloch iongantach
seo fuaireas i n-Uaimh an Fhathaigh …"
"Leath-ghloine, bíodh leath-ghloine agad, agur béidhmid
ag imtheacht," ars' an fear mór.
"Féach an chloc seo," ars' an sgoláire óg, "ní facthas
a leithéid ariamh cheana … Is cosamhail leis an
gcloich eibhir í, acht shíltheá go bhfuil cuid de mhianach na
cloiche aoil innti. Féach … na mílte míle bliadhain
ó shoin bhí an chloch sin i mbroinn na talman …"
"Beidh ceann eile agam-sa — ta an lá brothalach,"
ars' an fear mór.
D'ól sé gloine eile, acht ní raib fhios ag Neill ar ól
an sgoláire óg an tríomhadh ceann. Munar ól féin
b'fhacthas dhi go raibh a sáith aige nuair a tháinig sé amach.
Nuair a chonnaic an fear mór an bhean a bhí 'na
suidhe taobh amuigh de'n doras do bheannuigh sé dhi. Bhí
aithne mhaith aige uirthi.
"An abhaile atá tú a dul?" ar seisean.
"Seadh," ar sise.
"B'fhearr dhuit teacht i n-aonfheacht linn-ne 'san
mbád …"
Chuaidh an triúr aca i n-aon bhád. An bheirt fhear ag
iomramh agus ise ar an stiúr. Bhí an béal faisgithe go
daingean aici agus í ag féachaint ar an bhfear óg. Ní
raibh sí i mbád ó bhí sí ar an loch an lá fadó le
n-a athair — sul ar rugadh eisean. Ní raibh fhios aici cé'n
mí-ádh bhí uirthi go ndeachaidh sí leo … dhearc sí ar
an bhfear óg úd a bhí os a comhair amach, an fear óg úd
a bhí ag imtheacht uaithi agus ag drannadh léithi le gach
buille iomraimh dá dtugadh sé … agus an dá shúil
ghlasa bhí 'na cheann! An mbeidís chomh lonnrach soill-
seach marach an braon d'ól sé? Nach aige bhí an chainnt?
Nach é sgríobhfadh an leabhar tabháchtach fós faoi chlochaibh
an cheanntair? Níor fhéad Neill gan féachaint air; nach
raibh sé ar a haghaidh amach? Nach é bhí cosamhail le n-a
athair agus é ag imtheacht uaithi agus ag drannadh leithi
le gach buille iomraimh, agus an loch 'na sgáthán airgid
sínte amach uatha ar gach taobh … acht ní raibh aon
braon ólta ag an athair an lá sin … Cheapfá go
raibh bhraon ólta ag Neill féin leis an lasair bhí 'na
dhá súil, agus leis an luisne bhí 'na leacain, agus an
gcaoi a bhí an hata úd a raibh an chleite éin go péacach
ann, ar leath-taobh ar a ceann …
Rug múr baistighe ortha sul a raibh siadh i dtír agus
fliuchad an triúr.
"Nach orm a bhí an dithchéille gur leigeas duit an
buidéal a chur i bhfolach orm ar maidin," ans' an fear
mór, "támuid fliuch go craiceann anois."
Ar a dhul i dtír dhóibh chuaidh an sgoláire óg go sean-
bhád a bhí caithte ar bhruach an locha. Lean an bheirt
eile é. Thóg sé clár a bhí i gceann an tseanbháid, agus
friothadh buidéal an fhir mhóir faoi. Bhain an bheirt fhear
slug as.
Bhí an clár ar an talamh ag cosaibh Neill. Ar an
taob íochtarach dhe, chonnaic sí leitreacha a gearradh le
sgian. Dhearc sí go cúramach orra.
M. K.
N. B.
1888
na leitreacha a bhí ar an gclár. M.K. .i. Mícheál Ó
Ciardhubháin i mBéarla; N.B. .i. Neill Bhrún; an lá
cheapadar pósád an lá ghearradar na leitreacha seo
'san gclár, an lá úd a raibh an loch 'na sgathán airgid
agus é sínte amach uatha ar gach taobh, agus blátha na
hóige ar an mbeirt aca …
Chaith sí an clár isteach 'san loch, agus d'fhéach ar an
mbeirt a bhí ag ól.
An oidhche sin nuair a bhí Neill 'na suidhe a an
bhfuinneoig ag cur usige ar na planndaibh, dhearc sí
anonn ar theach an Chiardhubhánaigh. Ní hé an sgoláire óg
connaic sí 'san tseómra thall, acht a mhathair agus í ag
sileadh na súl.
Ní raibh mí caithte go dtug an sgoláire óg cuairt
ar Neill. Bhí an oidhche ag tuitim nuair a tháinig sé,
agus shílfeá go raibh eagla air go bhfeicfidhe é.
Bhain se bráisléad as a phóca.
"Tá roinnt airgid uaim," ar seisean, "le haghaidh
leabhar a cheannacht."
D'fhéach Neill ar an mbráisléad. Ceann luachmhar a
bhí ann. "Ó Mhicheál Ó Ciardhubháin dá mhnaoi Brighid"
na focail a bhí sgríobtha air taobh istigh.
"Ní raibh an t-airgead ag mo mháthair le tabhairt dom
indiu," arsa an fear óg, "b'éigin di cíos ráithe íoc."
Thug Neill trí phunnt do bíodh is nach dtiubhradh sí
pighin do dhuine eile dá mbeadh ainm geárrtha 'na
bhráisléad.
"Tiocfaidh mé 'na choinne i gceann cúpla lá," ar
seisean.
Nuair a dúnadh an siopa an oidhche sin chuaidh Neill
suas an staighre. Shuidh sí sna gcathaoir cois fuinneoige.
Dhearc sí anonn ar theach an Chiardhubhánaigh. Chonnaic sí
Brighid 'san seomra thall. Chuir sí an bráisléad ar a
láimh. Thosuigh sí ag siubhal anonn 's anall. Bí sí cor-
ruighthe go mór. Thosuigh sí ag labhairt léithi féin: Nach
di ba chóra dhó an bráisléad a thabhairt i dtosach? Nach
dhi a thiubhradh sé é marach thusa, a Bhrighid Ní Ruadháin?
Bhfuil fhios ag an té atá ag tabhairt an fhéir anocht gur
ar mo láimh-se ata an bráisléad sin thug sé dá mhnaoi?
Má tá fhios bhfuil olc air?
Bhí sí ag an bhfuinneoig. Dhearc sí anonn. Bhí bean
san tseomra thall.
"Tá fhios aige é, tá fhios aige é, a Bhrighid Ní Ruadhain!
(arsa Neill). Agus is fearr leis é bheith ar mo laimh
ná ar do láimh-se …, A Mhíchíl Uí Chiardubháin!
a Mhíchíl Uí Chiardhubháin! nach ar mo láimh-se a bheadh sé
ó thús marach an draoidheacht a chuir sise ort? Tabhair
comhartha dhom, a Mhíchíl Uí Chiardhubhain, gurab amhlaidh
bheadh an sgéal muna mbeadh í. Tabhair an comhartha dhom
a Mhíchíl, a Mhíchíl a chroidhe, agus bheidh mé sásta …
Ní bhacfaidh mé le do mhac … cuirfidh mé ar bhealach
a leasa é a Mhíchíl, acht an comhartha thabhairt dom …
Cheap sí gur airigh sí an bráisléad an-trom ar chaol
a láimhe. Ba dhóigh léithi go raibh an sean-teach ar
craitheadh, gur airigh sí ag giosgán é agus luasgadh mór
faoi …
Tháinig an cat mór dubh treasna an urláir agus a
earball i n-áirde aige. Chuimil sé é féin de chois Neill.
Do gheit sise. D'fhobair dhi a dhul i laige …
Shuidh sí ag an bhfuinneóig arís, Ní raibh duine ná
deóruidhe le feiceál ar an tsráid. Bhí sé ag dul i
ndeireannas. Anois agus arís théidheadh fear thart;
mairnéalach a dul 'na luinge nó badóir léis a theacht i
dtír ar thaoile na h-oidhche. D'féachadh Neill anonn ar
theach an Chiardhubhánaigh ó am go ham, agus d'fheiceadh sí
aghaidh mná ag an bhfuinneoig, acht nuair d'fheiceadh an
bhean thall an bhean i bhfus theidheadh sí ar leath-taobh.
Nuair d'fhéacadh an bhean i bhfus arís bhíodh aghaidh na mná
ann, agus í ag féachaint suas an tsráid agus síos an
tsráid gach ré uair.
'Sa deireadh chuala an bheirt bhan ceól. Fear ag gabháil
fhuinn a bhí ann. Dhearc an bheirt amach. Chonnaiceadar
a chéile, acht níor tharraing ceachtar díbh a ceann siar.
Bhí an ceól ag drannadh leo, ag drannadh leo i gcomh-
nuidhe. D'aithnigheadar beirt an glór. Chonnaiceadar
beirt an sgoláire óg chuca agus dhá thaobh na sráide
aige. Chuir an bhean thall comhartha na Croise uirthi féin
agus d'imthigh ó'n bhfuinneoig. Níor imthigh an bhean i
bhfus go bhfaca sí an bheirt ag an doras, an mac agus
an mháthair, agus an mháthair ag iarraidh a mic a mhealladh
isteach abhaile.
Agus ní oidhche 'san tseachtmhain, acht gach uile oidhche,
a bhíodh an bheirt bhan ag feitheamh go dtagadh an fear óg
a bhaile. Bráisléad ar láimh dhuine aca; boladh an mhusg
cumhartha 'na sróin; an cat mór ar a gualainn; an
urchóid 'na croidhe agus súil aici go mbeadh sé níos
ólta ag teacht a bhaile dhó ná bhí an oidhche roimhe. Aghaidh
bán ar an duine eile agus súil le Dia aici nach mbeadh
sé i bhfad go dtagadh a mac. Nuair a d'fheiceadh an
bheirt bhan a chéile, sí an mháthair a théidheadh ar leath-
taobh, acht nuair a chluinidís an ceól ag drannadh leo,
dhearcaidís beirt 'na threó, agus d'fheicidis an
sgoláire óg chucha agus dhá thaobh na sráide aige.
Ba bheag an áird a bhí ag an sgoláire úd ar a chuid
leabhar ná ar a chuid chloch faoi seo; ba bheag an áird
a bhí ag an mnaoi úd a mbíodh an cat mór dubh ar a
gualainn aici ar Aifrionn a hocht. Ní théidheadh sí ar
aon Aifrionn acht Aifrionn an Domhnaigh amháin.
Acht bhí Neill gan an bráisléad oidhche. Chuaidh sí
isteach san siopa le n-a fhághail, le n-a chur uirthi go
dtugadh sí sgathamh ag an bhfuinneoig acht ní raibh sé ann.
Chuartuigh sí thall is i bhfus. Ní bhfuair si i n-aon áit
é. Mara bhfuair sí an bráisléad fuair sí sgian, sgian
fhada cham a raibh a leath-lann briste; i n-aice an bhosga 'na
mbíodh an bráisléad i dtaisge aici de ló a bhí an sgian.
Bhí baramhail aici cé chaill í: agus an té chaill í, sé ghoid
an bráisléad. Thug sí an sgian fhada cham do na síth-
mhaoir. I gceann dá lá gabhthas an sgoláire óg.
An oidhche ar gabhthas é bhí Neill i seomra bheag ar chúl
an tighe, agus Í ag féachaint a raibh aon nidh eile caillte
aici. Is iomdha sgéal a bhain le na hearraidhe úd a bhí os
comhair na mná bige: bhí stair ag baint le gach ceann
a nochtóchadh dhuit chuid maith de'n saoghal a bhí ag na
boicht i gCathair na dTrí nUisge. Bhí an áit 'na raic
aici nuair a bhuail máthair an sgoláire óig isteach. Bhí
iongnadh ar Neill. Ní raibh a fhios aici cé'n chaoi a
dtáinig sí isteach mar cheap sí go raibh glas ar an
doras aici; ní raibh fhios aici acht oiread gur gabhadh an
sgoláire óg.
Chaith an mháthair ar a dá ghlúin i féin ós comhair na
mná eile.
"Ó ná déan gadaidhe dhe! ná déan gadaidhe dhe os
comhair an tsaoghail," ar sise.
"Rinne sé gadaidhe dhe féin," arsa Neill.
"Ná habair tada 'na aghaidh, ó ná habair … bheadh
sé náireach a rádh gur ghoid sé é … níor ghoid! níor
ghoid mo mhac-sa tada ariamh … acht bhí náire air
rómham-sa nuair a fuaireas amach go raibh an bráisléad
imthighthe … bhí náire air go sílfinn-se gur dhíol sé
é — thugas an t-airgead dhó le n-a thabhairt duit …
thugas dhó trí huaire é acht … acht … acht d'ól
sé é … Abair nár ghoid sé é … abair go dtug tú
féin dhó é … Abair rud ar bith … ar son Dé
agus na Maighdine … A mhic mo chroidhe istigh Féach
an bhail atá ort anocht … agus gan é acht naoi
mbliadhna déag …
Bhí greim ag an mháthair ar ghúna na mná eile ar nós
nach n-imtheóchadh sí uaithi. Bhí an bhean eile ag féachaint
ar an aghaidh bhán chráidhte a bhí thíos fúithi. D'fháisg sí
a béal.
"Bhí do mhac sáthach sean, a Bhrighid Ní Ruadhain," arra
an bean eile, "Le mo chuid-se a ghoid."
"Do chuid-se a ghoid …" ars' an mháthair; bí sí
ar tí "an bráisléad thug Míchéal Ó Ciardhubháin dhom-sa,"
a rádh: chuimhnigh sí uirthi féin i n-am.
"'S eadh mo chuid-se a ghoid," ars' an bhean eile:
"nár thugas airgead dhó ar iasacht air?"
"Thug, thug … acht bhéaraidh mise do chuid airgid
dhuit … bhéaraidh mé seacht n-uaire déag dhuit é …
bhéaraidh a bhfuil agam dhuit, acht na cuir san bpríosún
é … na cuir! na cuir agus bhéaraidh mé dhuit a bhfuil
agam agus mo bheannacht leis … rachaidh mé ar lorg
na déirce …"
Shíl an bhean eile imtheacht acht bhí greim daingean docht
ag an mháthair uirthi. Ní raibh san seomra acht coinneal,
agus d'fheicfeá dhá sgáil ar an mballa bhán ar a gcúl;
bean ar a glúnaibh agus í ag luasgadh anonn 's anall;
an bhean eile 'na seasamh mar bheadh cuaille ann agus í
ag dearcadh anuas ar an mnaoi a bhí ar a glúnaibh. An
ghaoith aniar a tháinig isteach ó'n muir mhóir thar an gcuan
agus thar sráideannaibh Chathrach na dTrí nUisge, bhí sí
ag déanamh spóirt dhi féin i simné an tighe mhóir úd a
raibh déanamh tighe Spáinnigh air.
"Thugas airgead dhó ar an mbráisléad — thugas airgead
dhó ar mo chuid féin" ars' an bhean a bhí 'na seasamh,
agus bhí fuinneamh na gaoithe aniar 'na glór, "acht dá
mbeadh an té atá faoi an gcré annseo 'nár láthair
anocht, a Brighid Ní Ruadhain, d'innseochadh sé dhuinn gur
dhom-sa ba chóra dhó é thabairt i dtosach … agus d'innseoch'
sé dhúinn gur dhom-sa a thiubhradh sé é marach gur chuir
tusa draoidheacht air, a Bhrighid Ní Ruadháin …"
Do gheit an bhean a bhí ar a glúnaibh. Do bhog a greim
beagán.
"Bhí an cneamhaireacht i gcroidhe do mhic ó thús, a
Bhrighid Ní Ruadháin," ars' an bhean a bhí 'na seasamh,
"agus ní ar na clochaibh fuair sé é; … ní ó n-a
athair thug se leis é, a Bhrighid Ní Ruadháin, … cé ghoid
an fear uaim agus é ar tí mé phósadh, a Bhrighid Ní
Ruadháin? Is iomdha lá le naoi mbliadhna déag adubhras
liom féin nach bhfanfainn ar mo shuaimhneas faoi 'n gcré
go bhfeicinn an bhean a rinne an gníomh sin ar a glún-
aibh os mo chomhair sul a bhfágfainn an saoghal …
'Nois, a Bhrighid Ní Ruadháin!"
Bí an mháthair ar tí éirghe dá glúnaibh acht thug sí aon
fhéachaint amháin eile ar an mnaoi a bhí 'na seasamh ag
impidhe uirthi a mac a tabhairt dhi. Acht bhí an béal fáis-
githe aici siúd, agus bhí bior 'na súilibh. Thosuigh an ghaoth
aniar ag feadaoil agus ag déanamh spóirt i simné an
tsean-tighe. Is beag nár múchadh an coinneal.
"A mhicín! a mhicín!" ars' an mháthair, agus béadh
truaigh ag éinne dhi le méid a bróin. "A mhicín! a
mhicín!" ar sise, … ná coinnigh uaim é! na coinnigh
uaim é!"
Acht bhí croidhe cloiche 'san mnaoi eile an oidhche úd.
"Bheadh sé chomh maith dhuit bheith ag cainnt leis an
mballa," ar sise, agus thug sí a drom dhí.
D'fhan an mháthair noiméad beag ag féachaint uirthi.
"Go rabh mallacht na mathar a chaill a gclann mhac
ort," ar sise, "go leanaidh se san saogal seo thú, agus
go rabh sé romhat san saoghal eile," agus amach léithi.
Níor chuir an bhean eile chor dhi. Thosuigh an ghaoth a
tháinig aniar ó'n muir mhóir thar an gcuan agus thar
sráideannaibh na cathrach ag feadaoil agus ag déanamh
spóirt 'san tsimné; tháinig sí anuas thríd an tsimné
agus siúd timcheall an urláir í go ndeachaidh sí amach
ar an doras fágadh fosgailte. Múchadh an coinneal.
Ráithe príosúnacht' chuireadh ar an sgoláire óg.
Cuirfidhe a thuilleadh air marach go dtáinig sé amach lá
na Cúirte nach raibh éinne i siopa Neill an lá chuaidh sé
ann leis an airgead a thabhairt dhi agus an bráisléad
fhághail; go bhfaca sé ar leath-taobh é; gur sgiob sé
leis é gan cuimhneamh air féin agus go raibh eagla air
filleadh leis. B'éigin do Neill admhachtáil go mbíodh
sí féin 'gha chaitheadh d'oidhche ag an bhfuinneoig.
Acht níor chaith sí a thuilleadh é, agus níor chaith sí an
gúna bhí uirthi an oidhche úd arís choidhche. Bhí lorg méar
na mná eile ann.
An lá ar tháinig an sgoláire óg as an bpríosún bí
baisteach mhór ann. Nuair a dúnadh an siopa chuaidh
Neill suas an staighre; agus do shuidh sí ag an bhfuinn-
eoig bíodh is nach raibh de sholus san tseomra acht a
dtáinig isteach o'n lóchrann sráide a bhí ag coirnéal an
tighe. Bhí boladh an mhusg 'na sróin; bhí an cat mór ar
a gualainn agus é ag iarraidh a bheith laghach leithi. Dhearc
sí anonn ar theach an Chiardhubhánaigh ag ceapadh go bhfeic-
feadh sí an sgoláire óg 'san tseomra thall. Ní raibh sé
ann. Thug sé cuairt ar charaid leis, bíodh is go raibh an
mháthair ag iarraidh air fanacht san mbaile, Acht gheall
sé dhi nach bhfanfadh sé i bhfad agus nach leigfeadh sé
deór thar a bhéal …
Bhí fhios ag Neill go mbeadh sé 'san tseomra dá
mbeadh sé 'sa mbaile. Dhíbir sí an cat mór. Bhí cineál
eagla uirthi go dtosóchadh sé ag ól arís. Bhí sásamh
bainte amach aici. Chuir sí an mac sa bpríosún; chuir
sí an mháthair ar a glúnaibh.!. acht ní fhéadfadh sé
bheith ag ól — b'fhéidir go ndeachaidh sé a chodladh …
D'éirigh sí. Bhain sí an bráisléadh as an mbosga 'nar
chuir sí é an lá thug na sith-mhaoir dhi é. Chuaidh sí chuig
an bhfuinneoig, agus do dhearc sí anonn, agus an bráis-
léad úd a thug Mícheál ó Ciardhubháin na súl nglas dá
mhnaoi 'na láimh aici. D'fhan sí tamall maith ag an
fuinneóig ag féachaint anonn. Bhí sí corruighthe go mór.
Lasadh solus 'san tseomra thall. Chonnaich Neill na
leabhair agus na páipéirí agus na clocha d'fhág an
sgoláire óg ar an mbord; níor corruigheadh iad an fhaid
as bhí sé san bpríosún. Chonnaic sí Brighid Ní Ruadháin
san tseomra agus í ag imtheacht anonn 's anall, anonn 's
anall, gan faoiseamh. Chonnaic sí 'na suidhe ag an
bhfuinneoig í, agus í ag féachaint suas an tsráid agus
í ag féachaint síos an tsráid gach ré uair. Chonnaic sí
a haghaidh bán cráidhte; acht nuair d'fheiceadh an bhean
thall í d'imtheochadh sí ó'n bhfuinneoig. Agus nuair
d'fheiceadh an bhean i bhfus ag imtheacht í, bhíod fonn mór
uirthi a dhul chuici, an bráisléadh a bhí 'na láimh aici a
thabhairt dhi agus maitheamhnais a iarraidh uirthi. Acht ní
dheachaidh, bíodh is go raibh an fuath a bhí 'na croidhe
claoidhte aici.
Thosuig clog mór na Cathrach a bualadh: a haon, a dó,
a trí … a haondhéag. Chomhairigh an bheirt bhan, agus
do dhearcadar amach. Níor tharraing éinne aca a ceann
siar.
Bhí an bhaisteach mhór ann, agus an ghaoith aniar 'gá
tiomáint roimpi thrí sráidibh cumhanga na cathrach. Bhí
cipíní agus páipéir agus brosgar eile ag gabháil le
fánaidh na sráide. Chonnaic Neill píosa de chraiceann
oráiste ag gábhail le fánaidh thar an lóchrann sráide a
bhí ag coirnéal an tighe. Thugh sí gach uile shórt faoi
deara má bhí sí chorruighthe féin. Bhí solus i mórán
fuinneoig eile 'sa tsráid, acht bhíodar ag dul i n-éag de
réir a chéile.
Thosuigh an clog mór ag bualadh arís; a haon, a dó,
a trí, … a dó dhéag.
Bhí truaigh ag Neill do'n mhnaoi thall. Chuir sí an
bráisléad malluighthe faoi n-a sál le satailt air. Thóg
sí arís é; chuaidh sí chuig an doras de rith le dhul anonn
chuig an mnaoi thall. Stad sí; d'fhill sí chuig an bhfuinn-
eoig. Bhí an tsean-námha 'na gar fós.
Thosuigh an clog mór ag bualadh arís: A haon …
aon bhuille amháin acht chuir an buille sin, sgannradh i
gcroidhe na beirte. Bhí an bheirt bhan ag súil nach mbeadh
sé i bhfad go bhfeicidís mac an fhir úd a raibh an dá
súil ghlasa ghreannmhara 'na cheann tráth, acht a bhí faoi'n
gcréafóig anois …
Tháinig an ghealach amach. Bhí an tsráid fhliuch go
soillseach agus go sleamhain i ndiaidh na fearthainne.
Thosuig an clog mór ag bualadh arís: a haon, a dó.
Dhá bhuille. D'fhéach an bheirt bhan ar a chéile. Bhí beirt
mhairnéalach ag gabháil an tsráid. Chuir an bhean thall a
ceann amach thríd an bhfuinneoig:
"A' bhfaca sibh mo mhac i n-áit ar bith? ar sise, acht
sul a raibh am aca freagra thabhairt uirthi bhí sí imthighthe
ó'n bhfuinneoig.
Thosuigh an clog mór: a haon, a dó, a trí: d'fhéach
an bheirt bhan ar a chéile.
Chualadar torann éigin. Chuireadar beirt chluas ortha
féin. Céard a bhí ann? Bhí sé ag drannadh leo … acht
ní raibh ann acht giosgán trucaill. Chuaidh sé idir an
dá theach, agus b'fhacas do'n bheirt bhan go raibh an tíom-
ánaidhe 'na chodladh agus an dá chapall ag iarraidh a
bheith ag déanamh bealach a bhaile. Ba le lucht déanta
uisge beatha an trucaill.
Thosuigh an clog mór: a haon, a dó, a trí, a ceathair:
d'fhéach an bheirt bhan ar a chéile. Tháinig fonn chuca ar
an ngaoith aniar. Chonnaic siad an sgoláire óg ag teacht
agus dhá thaobh na sráide aige. Sheas sé ag ceann na
sráide go leigfeadh sé an trucaill thart … Bhí na
capaill ag imtheacht go roighin réidh … shíl se a dhul
anonn treasna na sráide … sgiorr sé … do
sgread an bheirt bhan … bhí an trucaill 'na mhullach.
Deirtear i gCathair na dTrí nUisge go mbeadh sé beo
fós marach an píosa sin de chraiceann oráisde ar sheas
sé air; acht is dóigh le daoine eile go raibh sé tuirseach
dhe féin agus dá shaoghal …
Feictear Neill ag an bhfuinneoig fós, an cat mór
dubh ar a gualainn aici agus boladh an mhusg 'na sróin.
Act nuair fhéacann sí anonn treasna na sráide cumhainge,
ní fheiceann sí éinne de na Ciardhubhánaigh san teach
thall. Táid uile 'na luighe in aon uaigh amhain, i roilig
Naoimh Eóin.
TRIÚIR BAN A BHÍ AR AITHNE AGAM.
I. — AN BHEAN A GORTUIGHEADH.
CLUINEADH clog ghá bhuáladh i gClochar na Trócaire
i Machaire Ruis mara gcuala acht an t-aon dhuine
amháin é. Má bhí an darna cailín san áit a
chuala an dá bhuille déag níor chuir sí an tsuim chéadna
ann is chuir Peigín ní Ghríobhtha. Chuala sise an clog
agus í ag iarraidh bheith ag léigheamh a leabhair leis an
droch-sholus bhí aici ó lóchrann sráide bhí taobh amuigh de
fhuinneóig an áruis chodalta. Cheap sí i dtosach nach
raibh sé acht a haon déag, acht nuair a chuala sí an dá
bhuille déag tháinig eagla uirthi nach mbeadh a dóthain
codalta déanta aici agus nach n-eirigheadh léithi san
sgrúdughadh lá 'r na bhárach. Níor chuir sé as di go
raibh riaghlacha na sgoile ghá mbriseadh aici: nach raibh an
tSiúir Máire Alacó 'na codladh le ós cionn dhá uair,
agus nach raibh fúithi féin an chéad áit fhagháil san
sgrúdughadh?
Acht ó bhí sé chomh deireannach sin san oidhche, dhún sí a
leabhar agus shac sí isteach faoi 'n adhairt é. Tharraing
sí na pluid timcheall ar a guailnibh, dhún sí na súile
agus chéapthá go raibh sí 'na sámh-chodladh agus a tiugh
fholt breagh donn ag cumhdach a cinn. Ní raibh. Ní raibh
cúig noiméid caithte gur thóg sí a ceann arís, agus gur
tharraing sí chuici an leabhar acht ní chun léightheóireacht
é. Ní dhéarna sí acht breith ar chárta Nodlag bhí istigh
sa leabhar agus a bheith ghá leigheamh mar dh'eadh. Acht ní
ghá leigheamh bhí sí — na focail a sgríobhadh ar an gcárta
Nodlag sin bhíodar de ghlanmheabhair aici cheana. Má
thug sí póg do'n chárta agus má tháinig deór le n-a
súil ghlais, ní abróchar aon cheó faoi annseo. Má rinne,
ná ceaptar nach raibh sí cinnte go raibh gach duine de'n
dáréag bhí sa seómra léithi 'na suan.
Ar maidin ar dhuiseacht dhí, ní hé an sgrúdhughadh an
chéad rud ar thosaigh sí ag smaoineadh air. Bhí sí le
dul abhaile an tráthnona sin agus ba mhór an fháilte
bheadh ag a haint roimpi thar éis ráithe a chaitheamh i bhfad
ó bhaile. Gach uile oidhche ag dul a chodladh dhi, tharrain-
geadh sí a caol-pheann thré uimhir an lae a caitheadh, sa
bhféilire bheag bhí greamaighthe dá clár sgríobhaidheachta,
agus leigeadh sí uirthi féin gur mar gheall ar an gcion
bhí aici ar a haint bhíodh an lúthgháir uirthi go raibh lá eile
imthighthe. Agus cad chuige nach mbheadh gliondar ar a
croidhe an mhaidin bheannaighthe seo? Nach raibh an lá
mór tagtha? Nach mbeadh sí i gcuideachtain na hainte
roimh dhul faoi do'n ghréin? Má bhí fáth eile ag Peigín
leis an lúthgháir, cheil sí uirthi féin é. An cárta Nodlag
sin da dtug sí póg faoi rún, má thug, bí súil aici go
gcasfaidhe léithi an té sheól chuice é go minic ar feadh
na laethe saoire; acht ar ndóigh is corr-chailín chiallmhar
i dtosach na ndéaga a leigfeadh uirthi fhéin gur chuir sí
an oiread sin spéise i bhfear a bhí níos sine ná í faoi
dhó, agus mara raibh ciall ag Peigín ní raibh aon rud
aici.
Fiche míle fada bhí ann ó Mhachaire Rois go Doire na
bhFiadh mar a raibh comhnaidhe ar Pheigín agus ar a haint.
Bhí tuitim na hoidhche ann nuair chuaidh an cárr thar an
teach-phosta atá comhgarach do Dhoire na bhFiadh. Thoir
ó'n teach-phosta tá log sa mbóthar agus sgeacha ag fás
ann. Tráthnóna deireannach thagas an posta do'n Doire,
agus is beag tráthnóna sa mbliadhain nach bhfeicfidhe
fear caol árd a raibh iomchur mileadhta faoi ag gabhail
soir an bóthar ó'n teach-phósta agus paipéar nuaidheachta
nó dhó faoi 'n asgaill aige. Ba mhinic dhó a sgíth a
a leigint sa log nuair bhíodh an aimsir feileamhnach
chuige, agus bheith ag léigheamh faoi'n saoghal mór thréig
sé. An té d'fheicfeadh é ó bhárr an áird, cheapfadh sé
gur sagart nó bráthair bhí ann mar níor cleachtuigheadh
cultacha dubha i nDoire na bhFiadh. Agus ba chuma
cé'n t-eólas bheadh agat ár nósaibh an tsaoghail ná ar
dhaoine ná ar na cultachaibh is gnáthach le gach treibh is le
gach céird a chaitheamh, ní fhéadfá déanamh amach cé'n
chéird dar díobh é gan cainnt a bhaint as. Gur fear
meabhrach géarchúiseach bhí ann an chéad rud a cheaptha;
ní bheadh aimhreas ort nach bhfaca sé cuid mhaith de'n
tsaoghal idir olc maith; acht nuair a thóigeadh sé a dhá
shúil de'n phaipéar agus tú ag imtheacht tharais deirtheá
leat féin dá mbeadh rún agat go gcaiththeá é sgaoileadh
leis an té a raibh an dá shúil sin 'na chloigeann.
Agus sin é díreach an rud a cheap Peigín Bhocht an
chéad lá dár casadh léithi é san log seo bliadhain an
taca seo, acht ar ór na chruinne ní leigfeadh sí a rún
leis anois. Dubhairt sí leis an tiománaidhe baint as an
gcapall ar fhaitchíos go mbeadh sé san log roimpi, agus
go mbeadh uirthi labhairt leis nó marcaidheacht féin thabh-
airt dó mar ba chomharsa béil dorais bhí ann. Acht nuair
nach raibh sé le feiceáil aici thuit an caoidhe uirthi.
Tháinig cineál cumha uirthi acht níor leig sí uirthi féin
cé'n fáth bhí leis an gcumha má thuig sí é, agus ní móide
gur thuig mar ní raibh d'aois aici acht sé bliadhna déag
agus nach iomdha duine thagas cumha air ar theacht na
hoidhche mór-mhór i dtosach an tsamhraidh?
A Pheigín a chroidhe!
Mara raibh sa teach ag aint Pheigín acht í féin agus
seanbhean aimsire, ní bhídís gan comhluadar an oidhche
d'fhilleadh an ghearrchaile ó'n sgoil san mbaile mór ar
na laetheanntaibh saoire. Bhíodh sgoraidheacht ann an
oidhche sin, acht ní bhíodh sa láthair acht na daoine ba mhó
le rádh san áit. Is mór an greann bhíodh ag Peigín ar
na daoine móra seo i gcomhnaidhe mar bhí an mheidhir agus
an sult agus líomhacht cainnte ag baint léithi ó dhúthchas,
agus is iomdha magadh ghnitheadh sí faoi'n mhuinntir bhíodh
bailighthe ann. Acht an oidhche seo tugadh faoi deara go
raibh sí an-smaointeach innti féin agus gan an oiread
cainnte aici is ba ghnáthach léithi. Bhí sí 'na suidhe ar
chathaoir bhig faoi'n bhfuinneóig, agus leabhar ceóil ar a
glúnaibh aici, agus í ag iompughadh na mbilleóg go
neamhshuimeamhail. B'fhada léithi go raibh se i n-am
codalta. Bhí sí tuisreach de'n sgoraidheacht.
Acht baineadh geit aisti go tobann. Tháinig fear caol
árd a raibh culaidh dhubh air isteach. Bheannaigh go
múinte do'n chomhluadar. Labhair go ciúin lághach le
bean a' tighe .i. le aint Pheigin agus bhí sé ar tí bhualadh
faoi ar chathaoir i n-aice an phiano nuair chonnaic sé an
gheárrchaile faoi'n bhfuinneóig.
"Nach í mhéadaigh, a Bhrighid," ar sé leis an aint,
"caithfear gúna fada chur uirthi feasta, agus deis níos
feileamhnaighe ar a cuid gruaige …"
Leis an aint bhí sé ag cainnt acht chuala Peigín é,
agus nuair chonnaic sí ag teacht é le lámh a chreathadh
léithi cheap sí 'na hintinn féin nach labhradh sí leis ar
chor ar bith. Chuirfeadh sí i gcéill dhó nach adhbhair
magaidh bhí aige innti, acht níor chuimhnigh sí ar an rún
sin nuair chonnaic sí an lámh sínte amach aige agus an
dá shúil bheódha gháireacha ag dul tríthi.
An leabhar ceóil bhí aici ar a glúnaibh thuit sé ar an
urlár le chomh corruighthe is bhí sí, acht ó choinnigh sí
greim cruadh ar an mbilleóig bí ghá iompughadh aici
stróiceadh as an leabhar í. Shíl sí féin agus an fear
árd an leabhar a thógáil ar an noiméad chéadna acht
bualadh a dhá gcloigeann go trom i n-aghaidh a chéile.
Ceapadh gurab í an timpíst sin chur as do'n ghearrchaile.
"Suidh annseo láimh liom, a Thomáis Uí Catháin," ars
an dochtúir, "is maith liom cainnt a dhéanamh leat faoi
nuadh-litridheacht na Spáinne."
Shiudh an fear árd le taoibh an dochtúra agus bhí
comhrádh an-léigheanta aca acht nár chuir aon duine
mórán suime 'na mbriathraibh acht Peigín. Bhí sise i
ngar dhóibh ag slogadh isteach gach uile fhocal agus ag
fanacht le faill fhagháil le n-a ladhar féin a chur isteach
sa gcainnt le taisbeáint do Tomás Ó Catháin nach
páisde bhí innti. Bhí focal maith ceaptha aici acht nuair
shíl sí é rádh ní raibh an mhisneach aici. Nuair shíl sí
focal eile a rádh chuir an dochtuir isteach uirthi le rud
seafóideach eicínt agus bhain sé gáiridh as an gcuide-
achtain.
Acht bhí misneach ag Peigín. Nuair a bhí an chuideachta
'na tost dubhairt sí.
"Ní fiú mórán baramhail an dochtúra ar an sgéal
sin," an sise, "mar ní féidir leis an Spáinnis a
léigheamh."
Ní raibh a fhios aici cinnte ar chríochnaigh sí an abairt.
Chuir a glór féin sgáth uirthi. Shíl sí go raibh óinseach
déanta aici dhi féin. Ní bheadh meas go deó arís ag
Tomas Ó Catháin uirthi. Nuair rinneadh gáiridh faoi rud
eicínt eile cheap sí gur ag gáiridh fúithi bhítheas. Níorbh
fhearr leithi rud na go slugadh an talamh í. Bhí baramhail
aice gur fhiafruigh Tomás dhi ar labhair sí féin an Spáin-
nis, nó an raibh sí ag foghluim na teangan uaisle sin
ar sgoil, acht ní raibh sí cinnte dhe. Bhí a cheann cromtha
aici ionnus nach dtiubhraidhe faoi deara chomh corraighthe
is bhí sí; bhí na deóra faoi n-a súilibh agus shíl sí go
go bplaosgadh sí ag caoineadh gach noiméad acht d'eirigh
léithe iad a chosg.
Tráthamhail go leór tugadh biadh isteach chuig na
haoidhibh agus bhí a ndóthain ar a n-aire ar feadh leath-
uaire seachas a bheith ag cur síos an litridheacht na
Spáinne na ar aon nidh eile.
Nuair bhí an biadh chaithte ag Peigín d'éaluigh sí amach
sa ngairdín.
Bhí bó tinn ag Tomás Ó Catháin, agus níór fhéad sé
mórán aimsire chaitheadh leis an gcomhluadar. D'fhág sé
slán aca agus d'imthigh leis. Ag dul amach an geata
beag do chuala sé glór duine 'na dhiaidh.
"Ná bhí ag ceapadh a Mhic Uí Catháin gur páisde
mise," ars an glór, "mar ní headh, agus ta eólas
maith agam ar an Spáinnis freisin, agus chruthóchainn …"
Níor chuala an Cathánach céard a chrúthóchadh sí mar ghabh
sgathmhaireacht an ghirrseach agus dh'éalaigh sí uaidh ar chul
na sgeach.
Tar éis theach isteach ó'n ngáirdín dhi, bhí sí ag
ceapadh go mbeadh a raibh sa láthair ag tábhairt sunndais
dhi. Nuair nár airigheadar uatha í ar chor ar bith tháinig
múisiam uirthi agus ó bhí Tomás imthighthe abhaile d'eirigh
sí an-mharbhánta innti féin. Má tugadh faoi deara sin,
ceapadh gurabh é an t-aistear fada ba siocair leis.
'Na dhiaidh seó, i rith a cuid laethe saoire, bhí saoghal
ait ag Peigín. Gach uile mhaidin dá n-eirigheadh uirthi
bhíodh imnidhe uirthi nach gcasfaidhe an Cathánach léithe i
gcaitheamh an lae; bhíodh sí ag smaoineadh ar ar dhubhairt
sé léithe an uaire dheire casadh ar a chéile iad, agus
bhíodh sí ag síor-chumadh sgéalta le rádh leis nuair
casfaidhe le chéile arís iad, agus eagla an domhain
uirthi nach mbeadh sí i n-ann labhairt leis i gceart.
D'fheicfidhe ag gabhail na mbóithre an tráth seo í agus
leabhar na glaic aice. Acht ní raibh san leabhar acht
leithsgeal. Ag ceapadh sgéalta bhíodh sí de gnáth; í
féin agus Tomás Ó Catháin ba mhó bhíodh i gceist sna
finnsgéaltaibh seo cheapadh an cailín óg. Tráth dóibh le
chéile ar oileán mara; tráth eile ghá baitheadh in abhainn
mhóir bhíodh sí, agus eisean ghá tárrtháil. Cheapadh sí
uair go bhfeiceadh sí ag marcaidheacht ar chapall bhreágh
é ar mhachairib leathna Thír' an Airgid; uair eile, is ag
obair faoi thalamh sna miana chabhíodh sé agus na mílte
fear borb fiadháin gá gceannsughadh aige.
Acht is annamh bhíodh sí i n-ann labhairt leis i gceart
i dtosach; eisean is mó ghnitheadh an bladar cainnte
agus an magad agus an greann. Dá mbeadh eólas aige
ar an ngalar bhí ag gabhail di, b'féidir go mbeadh sé ar
a aire. Acht ní raibh an t-eolas aige; cheap sé nach
raibh innti acht páisde, páisde, páisde andeas an-
spéiseamhail.
Timcheall 's seachtmhain thar éis theacht abhaile dhi o'n
sgoil, thug sí féin agus a haint cuairt ar an mbaile
mór. Bhí sí ag fanacht leis an aint i seómra san teach-
ósta, agus ó bhí peanna agus páipéar scríobhtha ar an
mbórd tosaigh sí ag cumadh leitre. Dubhairt sí a lán sa
leitir nach n-abróchadh sí dá mbeadh aon cheapadh aice í
chur chun bhealaigh. Acht nuair bhí a leath sgríobhtha aice,
thaithnigh an chainnt go maith léithi, agus shíl sí a haith-
sgríobhadh, agus athrughadh dhéanamh ar an sgríbhneóireacht
ionnus nach n-aithneóchadh Tomás Ó Catháin é. Bhí blátha
beaga na brollach aice, agus nuair nach raibh aon duine
ag faire uirthi cheangail sí le dlaoi dá cuid gruaige
iad, agus shac isteach san gclúdach iad.
Tháinig aithmhéala uirthi nuair bhí an litir sa bposta
aici. Dá n-aithneóchadh sé an sgríbhneóireacht bhí sí náir-
íghthe go deó. Bhí fonn mór uirthi é fheiceáil ag léigheamh
na leitre. Tráthnóna lá'r na mhárach cá mbeadh sí acht
i bhfolach ar chúl na sgeach atá ar leath-taobh an bhóthair
i n-aice le teach an phosta. Thosaigh an croidhe ag
preabadh na cléibh nuair chonnaic sí Tomás Ó Catháin
ag déanamh soir an bóthar agus a chuid leitre agus a
chuid páipéar na ghlaic aige. Bhí sé ansmaointeach. Ní
raibh sé aon achar ó'n áit a raibh an ghirrseach i bhfolach.
Bhí sé chomh comhgarach sin do'n gheárrchaile agus gur fhéad
sise a litir féin thabhairt faoi deara na ghlaic. D'aithnigh
sí an clúdach gorm bhí uirthi agus cheap sí dhul amach ar
an mbóthar agus an litir iarraidh air.
Acht ní dheárna. Chonnaic sí é ghá léigheadh, agus chon-
naic sí an meangadh gairidh thagadh ar a béal nuair
léigheadh sé cuid ba dhithcéillidhc na an chuid eile.
Nuair bhí sé imthighthe thart fuair sí na blátha beaga
ar an mbóthar na dhiaidh. Bhí an t-ádh uirthi nár thug sé
faoi deara ar chor ar bith iad!
Gortuigheadh lámh an Chathánaigh, ionnós nach raibh sé i n-ann
aon cheo a sgríobhadh, agus ó bhí cúpla leitir le freagairt
aige thug sé cuairt ar theach a bhanchomharsan go sgríobh-
faidhe dhó iadh.
Ní raibh sa mbaile roimhe acht Peigín agus bhí athas
uirthi go bhféadhfadh sí cabhrughadh leis ar bhealach éigin.
Rug Peigín ar pheann agus thósaigh uirthi ag sgríobhadh ar
a dícheall. 'Na suidhe ag bórd sa phárlús bíodar, duine
ar 'ach aontaobh de'n bhórd. Thógadh seisean na súile ó
am go ham go bhfeicead sé an raibh ar dheachtaigh sé
sgríobhtha ag a chléireach óg; bhíodh a ceann fúithi ag
Peigín agus í ag breacadh an phaipéir go breágh clisde
tapaidh; agus ní bhíodh le clos ag ceachtar aca acht
giosgán an droch-phinn agus anál trom na girrsighe.
Leitreacha fada bhí le sgríobhadh aige, agus nuair dhear-
cadh seisean uirthi bhíodh a fhios aice go maith go mbíodh
a dhá shúil sáithte innti gan a ceann féin a thógáil.
Chuireadh an fhéachaint sin as di go mór, agus mhill sí
aon bhilleóg amháin de'n phaipéar.
Rug seisean ar an mbilleóig a milleadh agus thosaigh
ghá léigheadh.
"Is deas uait sgríobhadh," ar seisean, "táir an-chlisde
leis an bpeann — acht cé bhfacas an sgríbhneóireacht sin
cheana?"
Bhí eagla uirthi go n-aithneóchadh sé an sgríbhneóireacht.
Nach uirthi bhí an tubuisde gur sheóil sí an litir sin chuige!
Bhí fúithi a rádh leis narbh í sgríobh an litir chor ar bith,
acht cé'n chaoi a mbeadh fios aici go raibh a leithéid do
litir ann marab í féin sgríobh í?
Bhí an cailín bocht cráidhte!
"Bhfuil an méid sin sgríobhtha agat?" ar seisean,
ar fheiceáil dó go raibh a peann 'na chomhnaidhe.
"Tá," ar sise go lag-ghlórach, agus fios aici go raibh
sé gha sgrúdughadh go cruinn.
Thosaigh sé ar an deachtughadh arís, acht stad sé gan
mórán moille. Nuair a thóg an ghirrseach a ceann chon-
naic sí an fhéachaint thuigsionach bhí 'na shúilibh, agus bhí sí
cinnte na hintinn féin go raibh eolas aige ar a rún, go
raibh eólas aige air le fada an lá. Acht ní raibh. Ní
raibh fhios aige tada faoi go bhfaca sé a cuid sgríbhneó-
reachta, go bhfaca sé an chosamhlacht bí idir í agus an
litir gan ainm a seóladh chuige.
Annsin seadh thosaigh sé ag machtnamh ar a lán dá
bhfaca sé ó tháinig Peigín abhaile ó'n sgoil. Chuir sé é
seo agus é siúd le chéile, agus ní iongnadh mór é go
raibh an sult le tabhairt faoi deara na shúilibh. Má bhí
an sult ionnta bhí an imnidhe ionta freisin. Níor shíl sé
go raibh innti acht geárrchaile; páisde áiluinn aoibhinn
b'eadh í de réir a thuairime; chuir sé spéis mhór 'na
bealaighibh agus 'na gothaibh aisteacha i gcomhnaidhe, acht
anois ó d'aithnigh sé an galar bhí ag gabhail di níor mhór
dhó bheith ar a aire í leigheas dá bhféadfadh sé.
Chonnaic Peigín chomh shmaointeach is bhí sé agus thuig
sí cé'n fáth bhí leis.
Chaith sí an peann uaithi ar an mbórd go ní-fhoighideach.
"Críochnaigh do chuid leitreacha thú féin," ar sise,
agus siúd amach an doras í agus na deóra faoi na súilibh
Niorbh fhada gur tugadh faoi deara go raibh athrughadh
mór tagtha ar mheóin Pheigín. Áit ar leith a mbíodh an
Cathánach ní bhíodh sise le feicéail ann da bhféadfadh sí.
Tugadh faoi deara freisin chomh ciallmhar is bhí sí ag
eirghe. Ní mórán cainnte cluinfidhe uaithi acht b'fhiú
éisteacht leis an méid sin. Da mbualadh an Cathánach
isteach ar chuairt chuca, agus gan sa mbaile acht í féin
ní bhíodh sí i bhfad gan leithsgéal imtheacht. Bhíodh uirthi
dhul i ndiaidh na gcearc nó na ngéadhna. Bhíodh uirthi dhul
annseo nó annsiúd, agus dá n-abradh Tomás nárbh fhearr
leis rud a dhéanadh sé na cabrughadh léithe, chuireadh sí i
dtuigsint dó go múinte go mb'fheárr léithe bheith 'na
haonar.
Sí bhíodh go mórdhálach gur fhéad sí chur i gcéill do
Thomás nach raibh aon aird na aon thóir aice air. Sí
bhíodh go práinneach aisde féin go raibh sí i n-ann dhalladh
mullóg a chur air. Ba ghile léithe é ná aon uair ariamh,
acht ní ceapfaidhe sin uirthi agus cuaidh sé righte léithi
go minic gan innseacht dó ché mar bí an sgéal aice.
Acht níor innis. Ní innseochadh sí dhó é ar a bhfaca sí
áriamh.
Tháinig iongnadh ar an gCathánach. B' fhacthas dó go
raibh sé ag dul amudha go mór 's a cheapadh gur aithnigh
sé an galar i dtosach. Bhí baramhail aige anois nach
raibh a leithéid ann ariamh. Dá mbeadh an tsuim mhór
sin aici ann nach cinnte nach ag iarraidh éaloghadh uaidh
bheadh sí?
Bhí imnidhe agus aithmhéala air nuair a cuireadh i
gcéill dhó cé'n tóir bhí aici air: cailín díograsach mar
í ba mhór an chontabhairt dhi é. Nár mhór an bheannacht
ó Dhia gur leigheasadh í? Ba mhór an sásamh aigne dhó
féin é ar chaoi ar bith. Ní dhéanadh sé aon dochar dá
mbeadh sé lághach muinnteardha léithe mar bhíodh tráth …
Bhualadh sé isteach go minic nuair nach mbíodh sa
mbaile acht Peigín féin agus bhídís ag cainnt agus ag
comhrádh le chéile go lághach. I dtosach shíleadh an cailín
óg ealughadh uaidh, acht chuireadh sí an oiread sin spéise
na chuid cainnte is nach bhféadfadh sí imtheacht. Bhíodh
cluas uirthi agus is beag focal dá n-abruigheadh sé nach
mbíodh de ghlan-mheabhair aici. D'innsigheadh sé dhi faoi
'n saoghal chaith sé féin thar lear — agus nach sa tsaoghal
sin chuir sí an tsuim? D'innsigheadh sé faoi na hion-
gantais chonnaic sé, faoi na daoine aisteacha éagsamhla
bhuail na threó i dtíorthaibh iasachta, faoi 'n obair bhíodh
le déanamh aige, faoi na leabhraibh léigh sé go dtí go
mbíodh croidhe an chailín go geal agus go h-éadtrom.
Ní raibh an tuigsint na an ghéarchúis ná an éirim chéadna
i n-aon chainnt eile dár chuala sí ariamh; ar ndóigh ní
labhradh sé léithe ar an gcuma sin marach go raibh spéis
mhór aige innti? Ní mar sin labhradh sé le páisde.
Thagadh aiteas ar chroidhe an chailín go raibh an fear sin
da dtug sí gean ag eirghe chomh mhór sin léithi …
Acht thuiteadh an croidhe arís uirri nuair thigeadh an
aint isteach agus nuair a thosuigheadh Tomás ag cainnt
léithe agus gan aon áird aca uirthi féin. Ní raibh aon
rud sa saoghal is mó ghoilleadh uirthi na an neamhshuim
sin. Bheadh éad uirthi leis an aint, da mbeadh an aint
beagán beag níos óige acht níor shíl sí go bhféadfadh aon
fhear bheith an-cheanamhail ar an aint agus an aois bhí
aice. Fear lághach múinte atá i dTomás, agus ní
fhéadfadh gan labhairt leithe go carthannach — 'na teach
féin freisin, cheapadh sí. Dá n-imthigheadh sí b'amhlaidh
do b'fheárr le Tomás é.
Agus tá sí ag tarraingt ar dhá sgór deireadh sí
leithi féin agus féach chomh caithte is tá sí; féach na
ruic atá na héadan agus tá sí ag eirghe liath freisin!"
Acht níor bh'fhíor do'n ghirrsigh an méid sin. Ní raibh
an aint thar ceithre bliadna déag agus fiche agus má
bhí na ruic na héadan agus má bhí sí ag eirghe liath
féin thar éis a bhfaca sí de'n tsaoghal agus thar éis ar
fhulaing sí sul ar fágadh a feilm bhreágh aici, b'áilne
le Tomás Ó Catháin í na aon bhean dár casadh leis
ariamh.
Níor thuig Peigín an méid sin amhthach. Ba dhóigh leithi
gur thaithnigh sí féin níos mó leis ná aon bhean eile san
áit: marach gur thaithnigh is cinnte nach gcaithfeadh sé
an oiread sin aimsire 'na cuideachtain! Acht faraoir
nár thuig sí an sgéal i gceart.
"Is aoibhinn bheith ag féachaint ar luibh ag aibeachan
faoi ghréin an tsamhraidh," 'deireadh Tomás leis féin,
"acht is aoibhne ná sin bheith ag féachaint ar chroidhe agus
ar anam girrsighe ag dul i neart agus í mbrigh i
n-aghaidh an lae."
Agus lean sé dhe mar ba dhóigh leis nárbh aon dochar
do'n ghirrsighe é.
Ní raibh innti acht girseach acht an oiread an tráth
seo. Lá dhí an dul abhaile thar éis bheith ag congbháil
cainnte le Tomás ar feadh leath-uaire ag an gcrosbhóthar,
casadh sgata páisdí léithe san tslighe. Bhí spóirt an
domhain aca agus iad ag leiginn ortha féin go mba ba
iad. D'fhan Peigín sgathamh ag féachaint ar an gcleas-
aidheacht bhí ar siubhal agus nuair nach rabhadar gá
dhéanamh i gceart thosaigh sí ghá múineadh. Le bheith na
buin, b'éigin di ar ndóigh dhul ag lamhacán timcheall
na háite, agus gach uile bh-ú-ú aisde! Bhí an oiread
spéise aici sa gcluiche is bhí ag aon pháisde aca, acht
bhá bheag an mhoill uirthi, eirghe 'na seasamh nuair thug sí
faoi deara go raibh Tomás Ó Catháin sa láthair agus é
ag cur spéis' san obair.
Bean óg mar í ag súgradh le páisdí na sgoile!
Agus eisean ann ag féachaint uirthí! Ba mhór an náire
bhí uirthi. Cheap sí labhairt leis agus innseacht dhó nach
raibh ann acht cleasaidheacht nach raibh sí acht ag múineadh
cluiche dhóibh acht níor fhan focal aici.
"Ó na bacaidh liomsa," ar seisean agus an greann
'na shúilibh, "is aoibhinn liom bheith ag dearcadh ar pháisdibh
ag déanamh suilt."
"Acht ní páisde mise," arsa Peigín agus ar eagla
go mbrisfeadh an gol uirthi d'imthigh léithi go mí-cheadthach.
Ní cheidneochadh sí ar mórán go b'faca seisean í sa
riocht sin í. Cé'n meas dh' fhéadfadh fear bheith aige uirri
agus an ealadhain sin ar siubhal aici? Ba mhór an
bhaileabhair uirthi go bhfaca seisean í. D' fhan sí sa
mbaile go díombách go raibh se na oidhche.
An uair seo bíodh na cearca ag breith amuigh ar aint
Pheigín, agus ba mhór an obair uirthi na huibheacha a
bhailiughadh. Théidhidís tamall maith ó'n teach, agus bhí
seanrothar aice agus bheireadh sí cliabh leithe ar an
rothar ga gcuartughadh. Bhí sí ar a dtóir an lá seo,
agus nuair d'imthigh Peigín uaidh, chonnaic an Cathánach a
h-aint ag gabhail soir an bhóthar ar an rothar, seanhata
tuighe ar chúl a cinn agus an cliabh ar shlait-treasna an
rothair aici. Bhí fhios aige go rí-mhaith cá raibh a triall.
Ag gearradh sgeach le sádh bhí sé nuair casadh Peigín
leis, agus bhí an sábh aige fós. D'imthigh leis trí na
garranntaibh agus gotha oibre air. Anois agus arís
d'fheiceadh sé an seanhata tuighe mar beadh sé an im-
theacht uaidh féin ós cionn na bhfál.
Shroich sé páirc leis féin faoi dheireadh. Bhí fál
sgeiche idir an bpáirc seo agus talamh na mna dá dtug
sé gean, agus thosaigh sé ag gearradh agus ag baint na
sgeacha bhí sa bhfál.
Bhí éirleach mór déanta aige leis an sábh nuair tháinig
bean an tsean-hata cuige ar lorg na n-ubh. Chonnaic
sí an raic bhí déanta aige ar an bhfál, acht ní fhaca sí
an té rinne é i dtosach. Nuair chonnaic sí Tomás agus
é ag obair ar a mhíle dhithcheall leis an sábh cheap sí
gur ar buile bhí an fear bocht.
"Cé'n mí-ádh ta ort," ar sise "tá an fál millte
agat."
Thóg seisean a cheann. Níor leig sé air féin go dtí
sin go bhfaca sé ar chor ar bith í.
"Tusa tá ann a Bhrighid! Gabh i leith annseo agus
chabhraigh liom. Obair an-chruaidh í seo," ar seisean.
"Cabhraigh leat! an ar buile atáir?"
"Ní h-eadh. Ní theastóchaidh fál annseo feasta. Aon
fheilm amháin bhéas againn …
Cuadar beirt abhaile i n-aoinfheacht. Bhí Peigín sa
mbaile rómpa. Fliuchadh an tae agus bhíodar triúr gá
ól nuair leag Tomás lamh ar cheann na girrsighe agus
dubhairt —
"Is geárr go mbeid bainfheis againn ar an mbaile
seo, a Pheigin."
Baineadh geit as Peigín. Cheap sí i dtosach go mb'é
an chaoi go raibh sé ga hiarraidhe le pósadh, agus bí olc
uirthi leis nach ndeárna sé an obair sin agus gan ann
acht iad féin beirt. Tháinig luisne 'na gruadh agus
thosaigh sí ag ceapadh ceárd ba chóra dí a rádh nuair
chuala sí a haint ag cainnt.
"Seadh a Pheigín a chroidhe," ar sise, "tá an cleamhnas
déanta againn. Pósfar sinn i gceann míosa."
Bhí Peigín bhocht i riocht a dhul i laige sa gcathaoir
ar chlos na bhfocal sin di. Má bhí tuille cainnte ann
ní ise chuala é. Nuair bhí an tae ólta aici d'éalaigh sí
amach sa ngairdín agus chaith sí cuid mhaith de'n oidhche
ann agus an croidhe ga snaoidh 'na lár istigh …
Tamall 'na dhiaidh sin, glacadh Peigín isteach i gClochar
na Trócaire i Machaire Rois. Bhí cunntas fada sna
paipéir faoi agus dubhradh go raibh Tomás Ó Catháin agus
a bhean ar na daoine bhí sa láthair. Ní raibh a fhios ag
ceachtar díobh cé'n fáth dhi a dul san gClochar, agus táid
i n-aimreas nach ró-fhada fhanfás sí ann.
TRIÚR BAN
II. — AN BHEAN AR LEAG DIA LÁMH UIRTHI.
Bád níor gleóite na "An Cailín Beag Donn" ní
raibh le feiceál ar Chuan na Gaillimhe, agus ó
bhí sí le díol ag an gceannaidhe siopa ar leis
í, cheap Pádraic Ó Niadh go mba mhaith an spré ag a
inghin an bád dá bhféadadh sé í fhagháil réasúnta saor.
Acht dubhairt Antoine Ó Máille, an fear óg a bhí ar tí
an óigbhean a phósadh, go mba chóir dhóibh trial a bhaint
as an mbád sul a gceannóchaidhe í, ag féachaint a raibh
sí i ngar do bheith chomh maith le n-a cáil. Cheap an
sean fhear go mba mhaith an chomhairle í agus chuaidh sé
féin agus Séamus a mhac, agus an Máilleach amach le
oidhche a chaitheamh ar an bhfairrge ag iasgaireacht go
bhfeicfidís ce'n mhaith bhí leis an mbád.
Chuaidh Cáit, an inghean bhí le pósadh, go dtí an chéibh
le n-a muinntir go bhfeicfeadh sí ag imtheacht iad agus
d'fhan sí tamall maith ar an tulchán ag féachaint ar an
gcabhlach bád iasgaireachta ag dul siar an cuan faoi
chóir gaoithe. Ar filleadh a bhaile dhi bhí sé na árd-
trathnóna agus bhí béile na hoidhche ullamh ag a máthair.
Bhí an bórd faoi réir aici agus císde ghá fuaradh ar
lic na fuinneóige, agus ceól taithneamhach dhá dhéanamh
ag an tulán. Shuidh an bheirt bhan ag an mbórd agus
dfhéachaidís amah thríd an bhfuinneóig ó am go ham ar
na bádaibh bhí an-chosamhail le dream ban riaghalta bheadh
ag glacadh an aéir dóibh féin ar machaire a gclochair.
Bhí sé ag eirghe an-chiúin. Na héanlaith bhí go céolmhar
agus go bríoghmhar uair roimhe sin bhíodar ag eirghe
an-mharbánta. Shíltheá go mb'é an chaoi go raibh sluaighte
an aéir ag eirghe tuirseach de'n chantaireacht agus nach
gcleachtóchaidís arís choidhche é. Bhí codladh ag teacht ar
éanlaith agus ar bheithighibh, acht d'fhan an bhean óg ag an
bhfuinneóig go raibh na báid ag dul ó léargus uirthi san
doircheacht, go raibh réaltóg bhreágh a raibh loinnir droch-
ghealaighe innti le feiceáil san spéir thiar.
Leig an tseanbhean bhí ag an teine osna aisti.
"Céard ta ort a mháthair?" arsa Cáit, ag eirghe
agus ag dul chuici.
"Béad an-uaigneach gan thú, a chuid."
"Nach mbeidh m'athair agat gan trácht ar Séamus?"
"Ní fada fhanfas Séamus linn. Ní bhíonn ó na
daoine óga atá ann anois acht imtheacht leó."
"Acht nach minic chuir tú féin gáiridh orainn a mháthir,
ag innseacht dúinn cé mar d'éaluigh tú le m' athair i
n-aimhdheoin do mhuinntire," arsa Cáit, le croidhe chur
'na máthair.
"Agus féach an saoghal bhí agam ó shoin!"
Níor mhinic da máthair gearán a dhéanamh agus chuir
sé as do'n óigmhnaoi gur ar ruadaibh de'n tsórt sin bhí
sé ag smaoineadh. Bhí fhios aici go maith gur chuir
muinntear a máthar chomh mór sin i n-aghaidh a pósta is
nár labhradar léithi ó shoin. Bhí tabhairt suas agus
foghluim ar a máthair acht ghlac sí leis an saoghal
d'eirigh le na fear thabhairt di.
"Acht ní ag éalughadh uait atáimse," arsa Cait,
"feicfidh tú go minic mé. Ar ndóigh ní bheidh mé thar
fiche míle uait."
"Tá fhios agam sin, a stóir," ars an mháthair, "acht
le sgathamh bím ag ceapadh gur lean an mhallacht chuir
m' athair orm mé. Féach mar d'imthigheadar uile go
léir uaim — agus thú-fhéin anois. Feictear dhom go mb'é
an fáth gur imthigheadar uaim go mbím roinnt bheag
aisteach ionam féin sgaithte … nach ndeirtear 'go
dtí an seachtmhadh glún?"
Rug Cáit ar láimh ar a mháthair agus bhí gá cuimilt
go ceanamhail. Bhí fhios aici go maith céard bhí i gceist
ag an tseanmhnaoi. Bhí fhios aici gur beag glún de
mhuinntir a máthar nach raibh duine éigin air bhí "roinnt
bheag aisteach," agus go raibh cuid díobh bhí chomh haisteach
is go mb' éigin iad a cur faoi ghlas. Acht ní raibh a
fhios sin ag muinntir na háite; b'as conndae eile an
mháthiar agus má bhí corr-dhuine ann chuala an sgéal ní
raibh a chruthughadh ag aon neach.
"Ní ceart duit é sin a rádh," arsa Cáit go himnidheach.
"Acht tá an fhírinne ann, a Cháit," ars an tseanbhean.
Thuit an oidhche. Las Cáit an lampa. Chuir sí dallóg
ar an bhfuinneóig. Tháinic triúr isteach ar chuairt, triúr
nach bhfeictear acht go h-anamh le chéile. An Imnidhe,
an tUamhan agus an Dóchas b' ainmneacha dhóibh. Ba léir
do'n tseanmhnaoi bhí ag an teinidh iad, agus chuireadh sí
iongnadh ar a hinghin nuair chuireadh sí féin focal beag
isteach na gcuid cainte. Ba dhóigh le Cáit go raibh a
máthair ag eirghe níos aistighe ó ló go ló.
"Tá an ghaoith ag eirghe; tá sé an chontabhairteacht
ar an bhfairrge anocht," deireadh an tseanbhean agus í ag
déanamh aithris ar ghlór Imnidhe.
Bain an inghin an dallóg de'n fhuinneoig. Bhí gealach
sa spéir agus an fhairrge an-chiúin. Ní cheaptha go
mbáithfidhe aon duine innti arís choidhche.
"Féach amach, a mháthair. Níl smeathamh ann. Codladh
atá ag teacht ort."
Ní raibh súil leis an mbád go héirghe an lae.
"Fanfaidh mise annseo go maidin," ars an tseanbhean,
agus í go smaointeach, "nach mór an lear daoine
báitheadh ar an mbaile seo le mo chomhnaidhe ann?
Báitheadh Pádhraic Phait agus a mhuinntear anuraidh oidhche
spéirghealaighe mar í seo freisin; agus báitheadh Michilín
Pheig Bhig agus a dheirbhshiúir athrú anuraidh, agus …
an athrú anuraidh nó trí bliadhna ó shoin báitheadh muinn-
tear an Oileáin?"
Bhí an mháthair ag cur di ag an teinidh acht níor chuir
a cuid cainnte aon imnidhe ar Cháit. Beirt bhádóirí dob'
fheárr ná a hathair agus an Máilleach ní raibh le faghail
sa gcuan.
"Gabh i leith annseo chugam," ars an tseanbhean go
tobann.
Chuaidh. Rug an tseanbhean ar dhá láimh uirthi agus
d'fhéach isteach 'na súilibh.
"A Cháit, innis an fhírinne dhomh," ar sise, "má tá
duine nó beirt de chomlucht an bháid le báitheadh anocht,
cé aca ab' fheárr leatsa go sabhálfaidhe?"
"Ar son Dé, a mháthair, agus ná bí ag cainnt mar sin
liom." arsa Cáit go cráidhte agus sgaoil sí an greim
docht bhí ag a máthair uirthi agus do shuidh an bheirt aca,
duine ar gach aon taobh de'n teinidh. Thuit néal codalta
ar an tsean-mhnaoi agus thuit néal ar Cháit. Bhí sé na
mhaidneachan nuair dúisigheadh an bheirt aca go tobann.
Bualadh rud trom éigin i n-aghaidh an dorais dúnta.
D'fhéach an bheirt bhan ar a chéile.
"Osgail an doras," arsan tseanbhean go ciúin, "go
bhfeicimíd cé aca tháinig slán."
Acht b'éigin di féin é dhéanamh bhí an oiread sin
uathbháis ar Cháit, agus cé thuiteadh isteach 'na chnap ar
an urlár chuca acht an Máilleach, é fluich báidhte agus
sgeóin 'na dhá shúil …
Acht dh'éirigh leis a sgéal innseacht do na mnáibh. Ar
Charraig an Iolair báitheadh an bád. D'éirigh leis féin
an seanfhear thabhairt i dtír acht bhí an dé imthighthe as.
Bhí maide ramha ag an sgurach acht ní raibh fhios céard
d'éirigh dhó.
"Teidhimís amach ar lorg na gcorp" ars an tsean-
bhean agus chuaidh …
Níor fríth corp an mhic ariamh. Cuartuigheadh an cladach
ó Cheann Léime isteach go Gaillimh acht níor facthas i
n-aon áit é. Bhí torramh aca ar an athair acht níor ghoil
a bhean deór.
Sgaithtí d'fheicthí i gcúinne éigin í agus bean comharsan
ag labhairt léithe agus dá mbeadh cluas ort chluintheá a
cainnt.
"Cuid de'n tseanmhallacht an báitheadh seo," deireadh
sí, "cé'n chaoi 'bhféadfainn gol a dhéanamh? Nach bhfuil
mo chroidhe ró-lán? Bhí fhios again i gcomhnaidhe go
mbáithfidhe lá éigin é."
Théidheadh sí go seómra an chuirp agus tráth mbíodh an
seómra fúithi féin bhíodh sí ag cainnt le n-a fear.
"Is minic ghniththeá gáiridh faoi'n mallacht, a Phádraic,"
deireadh sí leis an gcorp, "acht má tá sibh le chéile
anois abair le m' athair an mhallacht a sgaoileadh dhíom.
Nach n-abróchaidh anois, a Phádraic? Bhíos ceanamhail
ort ariam, ón gcéad lá leagas súil ort — ar do cheann
dóigheamhail agus ar t'aghaidh shoineanta …"
Cuireadh sí cosg léithi fhéin nuair a thagadh comharsa
isteach san seómra agus nuair thosuigheadh an comharsa
ag déanamh truaighe léithi ní abradh sí acht —
"Eist do bhéal anois. Cuid de mhallacht m'athar an
báitheadh seo. Bhí sé i ndán dúinn ó thus. Tá Cáit ag
imtheacht freisin. Ní fada go mbead chomh haonraic is
bhí i dtosach."
B'éigin í chur a chodladh roimh lá …
Tar éis a fear bheith curtha d'eirigh sí níos aistighe
ná ariamh. D'eirigheadh sí i ngan fhios do Cháit san oidhche
agus d'éaluigheadh amach agus bhíodh sí ag imtheacht ar fud
na gcladach ar thóir a mic. D'fheicthí go minic í de
shiubhal oidhche ar an gcladach, a gruaig le gaoith agus
gan uirthí acht culaith oidhche agus í ag gluaiseacht léithi
na haonar ag cuartughadh gach puill dá raibh ann agus
ag bualadh a cos i n-aghaidh na gcloch ngéar. Baothchainnt
is mó cluintí uaithi acht ar uairibh bhíodh rannta gá
gcanadh aici. Bhíodh ceann aici nár cluineadh acht uaithi
fhéin.
Deireadh sí —
"Bím ag siubhal de oidhche
Faoi fhearthainn 'gus faoi ghaoithe
Ag cuartughadh mo mhic 's mo stóir.
Cá bhfuil tú uaim, a Shéamuis?"
Annsin theagadh smaoineadh eile chuici agus deireadh
sí —
"Acht nuair bhí an leanbh Íosa
'Na luighe ag bun na Croise,
Bhí tusa ann, a Mhuire
Agus Eisean ar do ghlúin."
Agus deireadh sí go mba mhó go mór a buairt agus
a doiligheas féin na doiligheas Mhuire, mar nár tugadh
corp a mic siúd ar ais di thar éis an Chéasta.
"Cá bhfuil tú uaim, a Shéamuis? Cé'n fáth nach bhfuilir
ar mo ghlúin?" deireadh sí.
Daoine chluineadh í agus an chainnt sin ar siubhal aici,
shílidís í mhealladh abhaile. Uaireannta d'eirigheadh leó.
Uaireannta eile ní eirigheadh, agus bhíodh ar Cháit dhul
amach ar a tóir.
Chleachtaigh sí an tóragheacht agus an siubhal oidhche go
raibh ar Cháit chodladh dhéanamh i n-aon leabaidh léithi.
Mar sin féin, is minic dhúisigheadh sí san oidhche agus
bhíodh an mháthair imthighthe uaithi agus bhíodh uirthi dhul
amach gá cuartughadh
Agus is ag dul i ndonacht bhí sí i n-aghaidh an lae.
D'imthig an chuimhne uaithi. Rud ar bith thárla ó phós
sí deich mbliadhna fichidh roimhe sin, ní raibh aon chuimhne aici
air de ghnáth. Dá labhartaidhe léithi ar a fear déarfadh
sí leat nach raibh aon fhear aici acht nach fada go mbeadh
i n-aimhdheóin a muinntire. Dá n-abruightí tada léithi
faoi'n muirghín, 'déarfadh sí leat nach raibh aon mhuirghín
uirthi cé'n chaoi a mbeadh nuair nár phós sí go foill?
Acht d'fhéadfadh sí innseacht duit go cruinn faoi gach
ar thárla dhí le linn a hóige. Bhíodh sí ag cur síos air
le Cáit agus ag ceapadh go mb'í a deirbhshiúir í — an
deirbhshiúir óg dob' annsa léithi fadó — agus bhíodh ar Cháit
bhocht éisteacht léithi agus cainnt a choinneál léithi go
mbíodh sí i bhfadh san oidhche agus an croidhe gha bhriseadh
'na lár …
Ar a h-athair is minice bhíodh sí ag cur síos.
D'innsigheadh sí dá "deirbhshiúir" céard deireadh sé
léithi faoi'n bhfear dá dtug sí searc; d'innsigheadh sí
dhi cé mar casadh le chéile ar an aonach iad, agus an
masladh thug sé do'n fhear óg agus an buille fuair sé
uaidh.
"Agus nach raibh iomlán an chirt aige," deireadh sí leis
an "deirbhshiúr," nár thug sé "bacach lobhtha" air? Acht
tiocfaidh sé dom' iarraidh fós agus ealóchadsa leis i
n-aimhdheóin a bhfuil ann aca, agus cuideóchaidh tusa liom,
a Mhaighréad, nach gcuideochaidh anois?"
Ní fhéadthá gan truaigh bheith agat do Cháit agus í ag
éisteacht le n-a máthair ag cur síos go bríoghmhar agus
go fileadhta ar a hathair a báitheadh, agus an tseanbhean
a ceapadh go raibh sí óg fós agus go raibh si ar tí é
phósadh!
Act ní bhuaileadh an droch-thaom í go han-mhinic.
Cúpla uair san ráithe, b'éidir,
Nuair theagadh an droch-thaom uirthi agus gan Cáit
bheith 'na haice, cuireadh sí uirthi an seanghúna pósta bhí
i dtaisge san gcomhrain agus gléasadh sí í féin i
bhfaisiún na mban bhí óg deich mbliadhna ar fhichid roimhe
sin.
Dá gcastaoi duine léithi deireadh sí leis gur eirigh
léithi éalughadh ó n-a hathair, go raibh sí gléasta feistighthe
i gcomhair an fhir dá dtug sí gean agus grádh, agus go
mbéidís le chéile roimh eirghe na gréine.
B'aisteach agus ba thruaighmhéalach an feic í an
tseanbhean sin ar leag Dia lámh uirthi, agus í ag imtheacht ar
fud na mbóithre agus a cuid ribíní geala agus lásaí
áilne ag imtheacht leis an ngaoith; acht ba truaigh-
mhéalaighe go mór an bhean óg fheiceáil ar a lorg agus
í ag cur a tuairisge go himnidheach.
Acht ní raibh aon urchóid san tseanmhnaoi sin ar ar
leag Dia lámh. Bhí sí laghach le gach n-aon.
Bhí truaigh ag na chomharsanaibh do'n bheirt. Bhí an
tseanbhean "roinnt aisteach" innti féin chuile lá ariamh
ó tháinig sí san áit. Níor ceapadh go raibh a meabhair
agus a héirim aigne caillte aici go deó, níor ceapadh
go raibh an t-éagcruas chéadna bhuail a lán dá muinntir
ag gabháil di. Ní fhéadfadh muinntear na háite é
cheapadh agus a laghad eólais bhí aca ar an muinntir
dar díobh í, agus má bhí sí níos aistighe ná ariamh, nár
bheag an t-iongnadh é agus ar fhulaing sí, an créatúr?
Acht d'aithnigh Cáit an galar agus do cheil sí a heólas
ar an saoghal.
Níor innis sí do'n Mháilleach féin é agus is gearr go
raibh aithmhéala uirthí nár innis. I dtosach ní raibh aon
fhonn uirthi é cheilt air acht lá dá rabhadar ag cainnt
d'fhiafruigh sé dhí ar cheap sí gurab é an galar sin bhí
ag gabhail do'n mháthair agus dubhairt sise nár cheap.
Níor cheap an uair sin acht oiread. Acht nuair d'aithnigh
sí an galar níor labhair sí mar bhéadh uirthi an sgéal
iomlán nochtadh dhó. Bheadh uirthi faisnéis thabhairt ar a
muinntir uile, ar an mbeirt dhearbhratháir le n-a máthair
bhí i dteach na ngealt agus ar an deirbhshiúir nár fhágh
an teach le fiche bliadhain gan comhluadar. Is minic
rinne si féin cainnt le n-a máthair faoi'n gceist agus
is minice ná sin rinne sí machtnamh air agus shíl sí go
mbeadh an t-eólas céadna ag an bhfear óg ar an ngalar
is bhí aici féin. Céard deireadh sé léithi annsin? Sé
an chaoi a mbrisfidhe an cleamhnas — agus an gean bhí aici
air! Agus carbh fhios di cé'n t-athrughadh thiocfadh sa
saoghal? Nuair bheidís pósta d'innseóchadh sí an sgéal
'na iomlán dó acht níor mhór dhí é innseacht i leabaidh a
chéile. Bheadh taithighe aige ar nósaibh na mná sin ar ar
leag Dia lamh, agus bheadh truaigh aige dhi, agus dá
muinntir nuair thuigfeadh sé an sgéal.
Ar chaoi ar bhith cheap sí go mb' fhearr an t-admhachtáil
chur ar cháirde.
Faoi'n am seo dubhairt Cáit léithi féin go ndéanfadh
sé leas mór do'n othar dá bhféadfadh sí cuairt fhada
thabhairt ar áit éigin i bhfad ó'n bhfairrge. Ar charraig
ag béal na céibhe báitheadh an bád ar a hathair agus
nuair bhíodh an fhairrge tráighte bhíodh an charraig seo leis
agus d'fhéadfadh a máthair í fheiceáil ó'n teach féin:
nár mhór an gar dá mbéadh comhnaidhe uirthi i n-áit éigin
i bhfad ó'n gcarraig mhallaigthe sin?
Thios i gConndae Mhuigheó, amuigh faoi'n achréidh bhí an
deirbhshiúr ba sine léithi pósta agus cheap an bhean óg
nárbh' fhearr dhi rud a dhéanfadh si ná cuairt tabhairt
uirthi. Ní rabhadar chomh muinnteardha le chéile is ba
chóir do bheirt deirbhshiúr bheith, agus nuair bhuail Cáit
isteach chuice thar éis an aistir fhada ní fáilte mhór
fearadh roimpi.
Teach ósta bhí ag an deirbhshiúir agus gá fear, agus
ó bhí bealach níos feárr leó sa saoghal ná ag an muinntir
sa mbaile cheap sí gur ag éileamh cabhrach ortha tháinig
Cáit, rud ab' éigin di dhéanamh cheana. Ní thiocfadh sí
chomh fada sin gan cuireadh marach gurab eadh.
Bhí fear a' tighe ag freasdal ar an siopa agus fágadh
an bheirt deirbhshiúr leó féin; acht ó bhí fuinneóg bheag
idir an seomra 'na rabhadar agus an siopa d'fhéad-
faidís glórtha na bhfear bhí ag ól a chlos go soiléir.
"Seadh, a Cháit, cé chaoi bhfuil maim?" arsa bean a'
tighe.
"Go dona, a Mháire, go han-dona."
Bhí an bhean pósta ag cniotál acht thógadh sí na súile
de'n obair ó am go ham agus annsin d'fheictheá an bháidh
agus an tsainnt ag déanamh iomaidheacht 'na dhá súil.
"'Bhfuil sí níos measa?"
"Tá, i bhfad níos measa."
"A' ndeárna sí aon rud aisteach le sgathamh, a Cháit?"
"Déanam sí rud aisteach gach uile lá sa mbliadhain,
a Mháire."
Níor labhair ceachtar aca go ceann tamaill bhig.
Cluineadh fear óg bí ar bhog-meisge ag gabháil fhuinn
san siopa.
"'Chuile lá dá n-eirigheann orm bhíonn eagla an domhain
orm go ndéanfaidh sí rud uathbhásach eicínt," arsa Cáit.
"Ní aithnigheann sí mise anois acht corr-uair. Ceapann
sí gur mise a deirbhshiúr, gur mise Bríghid Ní Dhomhnaill."
"Go sábháilid Dia sinn! Agus ní fhaca sí Bríghid le
dhá bhliadhain déag 's fiche, ó phós sí deaid!"
Cluineadh fear a' tighe ag labhairt go borb.
"Agus tá Bríghid agus a fear ag eirghe an-mhór linn."
arsa bean a' tighe go smaointeach, "bhíodar annseo athrú
indé agus d'óladar tae linn go deas muinnteardha,
agus dubhairt an Caiptín nár ól sé a leithéid de tae
ariamh acht aon uair amháin sna hIndiachaibh …"
"Droch-rath ar Bhríghid agus ar an gCaiptín freisin,"
arsa Cáit go mí-fhoighdeach, "ní le cainnt dhéanamh
leat fúthasa thugas an turas seo."
Deirbhshiúr le n-a máthair bhí pósta ag caiptín airm
san áit bhí i gceist aca. Níor thugadar aint ná oncal
ar mhuinntir na máthar ariamh. Daoine móra bhí ionnta,
dá mb'fhíor dhóibh féin, agus ní bhíodh aon bhaint aca le
n-a clainn. Ní raibh duine aca ar an tsochraoid féin.
"Nach tú atá mí-fhoighdeach!" arsa bean a' tighe, "acht
an mbíonn sí go dona 'chuile lá?"
"Ní bhíonn. Uaireannta bíonn a ciall agus a meabhair
cheart aici, acht is mó an truaigh bheith ag féachaint uirthi
agus an chiall aici ná aon uair eile."
D'eirigh Cáit 'na seasamh. Tháinig borradh agus
fuinneamh 'na glór.
"A Mháire," ar sise, "tá an croidhe ghá bhriseadh 'mo
lár. Níl fhios acht ag Dia mór céard d'fhulaing mé
le bliadhain anuas. Bím annsin san gcistinigh léithi,
agus ise 'na suidhe ag an bhfuinneóig ag féachaint amach
ar an bhfairrge agus doiligheas nach bhfaca tusa ariamh
na héadan. Bíonn fonn uirthi imtheacht acht nach bhféadann
sí. Bíonn na súile greamaighthe aici san áit a bhfuil an
charraig mhallaighthe sin ag béal na céibhe. Agus nuair
bhíos sé ag trághadh, fanann sí annsin sa gcathaoir ag an
bhfuinneóig go mbíonn an charraig leis; nuair fheiceann
sí an charraig ag eirghe aníos as an bhfairrge de réir
mar bhíos sé ag trághadh bíonn sí ag baothchainnt léithe
féin go dtí go mbíonn a meabhair agus a cuimhne caillte
aici … Ba mhór an beannacht ó Dhia é dá bhféadfadh
sí imtheacht ó'n áit mhallaighthe sin ar feadh i bhfad …
Táim cinnte, a Mháire, go mbeadh sí sásta cuairt fhada
thabhairt ortsa annseo …"
D'éist sí a béal go gcluinfeadh sí céard bhí le rádh
ag an deirbhshiúir.
"Seacht 's sé pighne," arsa fear a' tighe. "glac é nó
fág é!"
Níor labhair bean a' tighe go ceann i bhfad. Bhí an
stoca bhí ghá chniotáil aici ar an mbórd ós a comhair
amach agus na spéacláirí leagtha le n-a thaobh. Faoi
dheireadh thosaigh sí ag innseacht do Cháit cé'n fáth nach
bhféadfadh sí glacadh le cúram na máthar. Bhí an teach
cúmhang ortha cheana féin; ní raibh aon tseomra aca le
na haghaidh; bheadh ortha bean fhreastail fhagháil di, agus
bhí an t-airgead an-ghann ortha agus a raibh d'fhiachaibh
amuigh ortha; agus an mhuirghín mhór bhí ortha, agus ag
súil le ceann eile go goirid; chaithidís Tomás a chur
ar sgoil i n-áit éigin agus nárbh shin tríochad punnt eile
sa mbliadhain ortha …
Agus mar sin di. Bhí olc ag teacht ar Cháit.
"Agus ár ndóigh, a Mháire, ba mhór an náire ort a
leithéid bheith sa teach agat," arsa Cáit go nimhneach,
"nach mbeadh fhios ag an saoghal …"
D'eirigh an bhean eile agus cochal uirthi.
"Bheadh fhios ag an saoghal annseo é b'fhéidir," ar sise,
"acht ní bheadh fhios ag an Máilleach sin atá le do phosadh
é. Le n-a cheilt air cheap thú do mháthair bhocht a
dhíbhirt …"
"Ní headh."
"Seadh, adeirim: ar fhaitchíos nach bpósfadh sé thú dá
mbeadh fhios aige cé'n galar uathbhásach bhain le n-ár
muinntir."
"Thug tú th' eitheach."
"Agus thug tusa do dhearg-eitheach 's a rádh gur ar
leas do mháthar tá tú."
Chuaidh na focail throma chruadha ó bhéal go béal eatortha
mar sgeana géara nimhneacha gur lotadh an bheirt go
mór, gur imthigh Cáit léithi as an teach agus fonn díogh-
altais 'na croidhe.
D'imthigh Cáit léithi agus fuath aici do'n deirbhshiúir.
Ar phort na traenach thug sí aghaidh, acht ó bhí an traen
dheireadh imthighthe uirthi b'éigin di fanacht ar an mbaile
go maidin. I dteach ósta i n-aice leis an mbóthar
iarainn chaith sí an oidhche agus bhí cuimhne aici ar an teach
ósta sin agus ar an oidhche chaith sí ann le n-a beó.
Ní dheárna sí aon chodladh acht í caithte sa leabaidh
gan snáth a bhaint di. Ar leas na máthar thug sí an
t-aistear nó cheap sí ar fhágáil an baile di gurab eadh.
Acht ag déanamh na smaointe dhí, i gcaitheamh na hoidhche,
bhí aimhreas uirthi go mb'fhéidir go raibh roinnt bheag de'n
cheart ag a deirbhshiúir: an gcuimhneóchadh sí ar an máthair
chur chun bealaigh ar chor ar bith marach go raibh an
Máilleach le teacht ar an mbaile agus tréimhse a
chaitheamh ann leis an iasg? Nach mbeadh sé isteach agus
amach aca gach uair sa ló? Nach dtiúbhradh sé faoi
deara gan ró-mhoill céard bhí ag gabháil do'n mháthair?
Agus nuair chluinfeadh sé uaithi cé'n bhail bhí ar chuid do
mhuinntir a máthar céard déarfadh sé agus an chaoi ar
cheil sí an sgéal air ó thosach? Nach mbeadh fuath agus
gráin aige uirthi? Agus an chaoi a n-innseochadh sé féin
gach nídh dhi!
Cheap an bhean chráidhthe go mb'iad siúd na smaointc
ba siocair le n-a turas ó bhí an croidhe chomh trom
innti. Ba dhóigh léithi go gcaitheadh drochbhraon bheith innti;
ní dhéanfadh aon bhean eile dá raibh ar aithne aici a
leithéid de ghníomh. An mháthair bhocht a rug í a dhíbirt
uaithi mar gheall ar fhear!
Ar theacht na maidne ní raibh aon chuimhne aici ar an
gcarraig ar ar báitheadh a gaolta, ná ar an bhfairrge
mhóir ar a mbíodh an mháthair ag síor-fhéachaint agus biseach
uirthi, ná ar an doiligheas mhillteach bhíodh i súilibh na
máthar sin, ná ar an truaigh bhíodh aici féin ná ar an
gcion bhí aca ar a chéile. An focal trom sin adubhradh
léithi d'fhan sé 'na croidhe. Bean níos measa na í níor
rugadh ariamh cheap sí.
Acht an té ghnitheas aithrighe 'na dhrochghníomh tá maith-
eamhnas le fagháil aige ó Dhia agus ó dhuine. Dhéanfadh
sí aithrighe. Ní phósfadh sí choidhche. D'fhanfadh sí sa mbaile
ag tabhairt aire dá máthair agus ag freasdal uirthi go
lá a báis. I mbárach nuair d'fheicfeadh sí an Máilleach
d'innseochadh sí an sgéal dhó 'na iomlán. Bheadh gráin
aige uirthi ar ndóigh, acht i gceann roinnt aimsire b'fhéidir
go maithfeadh sé dhi gur mheall sí é, agus i ndiaidh cúpla
bliadhan nó trí nach n-eireochadh sé muinnteardha léithi
arís ar bhealach eile …"
Croidhe luaidhe bhí san gcailín óg dathamhail bhí 'na suidhe
léithi féin i gcuinne de charáisde nuair d'fhág an traen
an stáisiún, agus thuig sí an lá sin cé 'n fáth go
dtugtar gleann na ndeór ar an saoghal aoibhinn seo sa
bpaidir.
Ar shroichint an bhaile dhi chonnaic sí plód beag daoine
taobh amuigh de theach Sheáin Uí Néill, an giúistís. Bhí
cárr ar an tsráid ann agus síoth-mhaor i ngreim sa
gcapall. Ag dul thar an teach dhi thug sí faoi deara
go raibh a raibh ann ag féachaint uirthi go géar agus go
raibh fonn ar chuid aca labhairt leithi acht go raibh cineál
leisge ortha.
Ní dheacha sí i bhfad gur glaodhadh uirthi, agus chuaidh
sí isteach.
Bhí a máthair istigh roimpe, an seanghúna pósta uirti
acht é fliuch salach, ribíní agus lásaí bhí geal tráth ag
sileadh léithi agus í 'na suidhe ar chathaoir ag gabháil
amhráin grádha.
Bhí an Máilleach sa láthair agus mhínigh sé an sgéal
do Cháit. Dubhairt sé 'gur gabhthas an mháthair ar maidin,
gur éalaigh sí ó'n tseanmhnaoi bhí ghá faire, agus gur
ghortaigh sí bean comharsan bhí ar tí i thabhairt abhaile.
Bhitheas le n-a cur isteach i dteach na ngealt.
Labhair Cáit léithi acht níor aithnigh sí í. Ag baothchainnt
bhí sí agus ag rádh go raibh sí anbhuidheach de na daoine
uaisle seo — na síothmhaoir bhí i gceist aici — go raibh sí
anbhuidheach díob go rabhadar ar tí í thabhairt chuig an
bhfear dá dtug sí cion.
Acht d'aithuigh sí Cáit nuair chuaidh sí ar an gcárr, nó
síl sí gurab í a deirbhshiúr féin í.
"Bhí iontaoibh agam asadsa," ar sí, "acht shíl tú mé
choinneáil uaidh ar nós chách. Acht níor éirigh leath. Tháinig
na fir uaisle seo le cuidiughadh liom. Eisean chur
chugam iad …"
A ógánaigh na súl nglas
Dá dtug do chroidhe gean,
na focail deireannacha chuala Cáit uaithi agus an cárr
ag dul soir an bóthar.
Chuaidh Cáit agus an Máilleach siar an bóthar chuig an
teach. Bhí dhá mhile go leith dhe slige ortha agus níor
labhradh focal ar feadh an achair go rabhadar ag an gcéibh
beagnach. Bhí sé 'na thráthnóna bhreágh aoibhinn agus na
h-éanlaith ag ceileabhar go meidhreach sna crannaibh. Bhí
an cabhlach bád iasgaireachta ag dul siar an cuan faoi
lán-tseól. Má tá doiligheas agus briseadh croidhe sa
saoghal cheapthá tráthnóna mar é seo nach é toil Dé é,
acht toil na ndaoine.
Bhí fonn ar an Máilleach focal éigin a rádh leis an
gcailín dá dtug sé grádh acht céard d'féudfadh sé a
rádh?
Sa deireadh b'éigin dó labhairt.
"Bíodh croidhe agat, a Cháit, a chuid," ar seisean.
"Beidh."
"Leag Dia lámh throm uirthi," an seisean.
"Acht is truime go mór an lámh leag Sé ar an
muinntir d'fhág sí 'na diaidh'" ar sise, "acht toil Dé go
nglacamaois leis."
Tá cloch i n-aice na céibhe ar a dtugtar "an chathaoir
mhór," agus ag dul thar an gcloich seo dhóibh, dubhairt sise:
"Siudhimís annseo go fóill beag, a Antoine," ar sise.
Do shuidh. Bhí seisean i ngreim láimhe innti agus í ag
féachaint amach uaithi ar an bhfairrge go smaointeach.
"Is minic a shíleas le dhá bhliadhain," ar sise, agus
ba dhóigh leat uirthi gur ag cainnt leithi féin bhí sí, "is
minic a cheapas nuair bhíodh an droch-thaom tagtha uirthi
go mba mhisde an duine an mheabhair agus an tuigsint,
agus go mbfhearrde an duine an éigcéill. Tá croidhe
meidhreach aici anocht agus tá mo chroidhe-se chomh dubh le
gual agus chomh trom le luaidh …"
Níor thuig an fear óg i gceart í.
"An mheabhair mhill an saoghal orainn," ar sise.
"Acht éist liom, a Cháit, a stóir." ar seisean, "Níor
milleadh an saoghal orainn-ne. Tá saoghal aoibhinn i ndán
dúinn fós le cabhair Dé i bhfochair a chéile …"
"Níl. Ní phósfaidh mé choidhche."
"Ní phósfaidh tú choidhe! Cé'n fáth?"
"Mheallas thú, a Antoine. Níor innsigheas duit cé'n
galar bhí ag gabháil dom' mháthair …"
"Acht bhí fhios agam féin é. Ní déantar cainnt faoi
rud mar sin," ars an fear óg agus iongnadh air.
"Agus cheileas ort cé'n bhail bhí ar mhuinntir mo
mháthar; níor dhubhras leat ariamh go raibh beirt dhear-
bhrátar léithi i dteach na ngealt agus deirbhshiúr léithi
nach bhfuil i bhfad níos feárr ná iad …"
"Cé mí-ádh tá ort, a Cháit," ar seisean, "nach raibh
fios agam é sin le bliadhantaibh?" Bhí iongantas ar an
gcailín acht níor chuir sí aon cheist air. Bhris an gol
uirthi …
Bhí an ghrian ag dul faoi sa bhfairrge nuair sgaradar
le cheile.
"Ní haon mhaith dhuit bheith ag cainnt liom, ní phósfaidh
mé choidhche," an focal deire dubhairt sí leis an oidhche sin.
Agus níor phós. Tháinig an Máilleach gá hiarraidh go
minic acht ní ghéillfeadh sí dhó. Tá sí 'na comhnaidhe sa
teach bheag i n-aice na céibhe fós, agus is minic d'fheictheá
ag an bhfuinneóig bhig í agus í ag féachaint amach ar an
bhfairrge, agus ar an gcarraig mar ar báitheadh a
muinntear, agus súil aici leis an lá a mbéadh sí le na
máthair sna Flaithis — nó i dteach na ngealt.
TRIÚR BAN
III. — AN BHEAN A CIAPADH.
TÁ cúis dlighe suainseáin le pléidhe ós comhair
breitheamhan agus coisde i gCathair na Gaillimhe
an mhí seo chugainn. Búrcach an Chnuic Mhóir
agus Aindréis Ó Fionnachta ón gcathair an bheirt atá i
n-achrann na chéile, acht ós cinnte go mbéidh an bhreith
tugtha sul bhéas na focla seo faoi chló ní dochar an
sgéal innseacht go beacht ó thús deireadh.
Lá dá raibh an Búrcach 'na shuidhe ar chlaidhe na
bhfámairí, i gCathair na Gaillimhe, tar éis theacht abhaile
as an Oileán Úr dhó, chonnaic sé chuige an bóthar aniar
an mhaighdean mhná dob' éadtruime siubhal agus dob'
áilne iomchur dar casadh leis le n-a chuimhneamh. Ní
raibh an óigbhean tar ocht mbliadhna déag d'aois de réir
cosamhlachta, acht cheapthá nuair d'fheictheá a lorg i
gclabar na sráide gur páisde dhá bhliadhain déag chuaidh
an bealach le chomh beag is bí a troighthe.
Thug an Búrcach taithneamh do mhaighdin na dtroigh
mbeag agus í ag gabhail thart ag gabhail fhuinn di féin.
Bhí ruainne de chéir chogainte 'na bhéal aige, acht
d'eirigh leis an chéir a shacadh amach thríd an mannt bhí
'na dhrad uachtarach, go ndeárna cearcal san aér agus
gur thuit sí isteach san uisge.
"Cé hí an bhean óg sin?" ar sé le fámaire bhí ar
an gclaidhe.
"Cé aca bean?"
"An bhean bheag éadtrom-chosach."
"Girrseach le Aindréis Ó Fionnachta, ar fear siopa
atá 'na chomhnaidhe i n-aice leis an dug."
"Aindréis Ó Fionnachta?" ars an Búrcach faoi dhó
go smaointeach. "An fear árd dubh é?" ar seisean
go tobann?"
"Seadh."
"Agus tá ball dobhráin faoi n-a chluais dheis …"
"Mh'anam féin go bhfuil agus ball mór freisin."
"Agus tá bárr ordóige a láimhe deise caillte aige."
"Agat atá a thuairisg."
Thug an Búrcach léim de'n chlaidhe, rug ar a sgáth-
fearthainne agus siúd soir an bóthar é faoi lán-tseól.
Siúd thar an droichead é agus fuadar mór faoi, agus
iabh ní dheacha air go raibh sé ag an dug.
Oirnéis bád is mó bhí ag an bhFionnachtach 'na shiopa,
agus d'fhan an t-eachtranach noiméad amuigh ag féachaint
ar an siopa go gcuimhneochadh sé céard ab' fheárr dhó
cheannacht 'na leitheide d'áit.
Bhuail sé isteach.
"Luach sé pighne de dhubhánaibh rúnach," ar seisean.
Fear a' tighe féin bhí ann roimhe agus thug sé dhó iad.
"Nach ait nach n-aithnigheann tú do sheanchara? Nach
dona an chuimhne atá agat?" ars an Búrcach.
D'fhéach an fear siopa air go cruinn.
"Ní féidir gur tú Séamus a' Búrca — tá tú an-
chosamhail leis?"
"Mise an fear céadna."
Bí fáilte mhór roimhe ag an bhFionnachtach. Níor casadh
le cheile iad le seacht mbliadhna fichead, ó bhí an bheirt
aca ag obair le chéile sna Stáit.
Tugadh an strainséar isteach go seómra bhí ar chúl an
tsiopa. Shuidh an bheirt sheanchomráidí ag bórd. Líonadh
dá ghloine, agus thosaigh an comhrádh.
Ag seo chuid dhe:
"Cé mhéad bliadhan anois ó bhíomar le chéile ag
Panama?" arsa fear a' tighe.
"Seacht mbliadhna fichead teacht na Nodlag seo."
"Agus phós tú, ar ndóig?"
"Níor phós ariamh. Ní raibh an t-am again."
"Is dócha go bhfuil carn mór airgidh déanta agat, a
Shéamuis!"
"Tá roinnt …"
Cluineadh mairnéalach sa siopa ag iarraidh cúpla feádh
de théad. Chuaidh fear an tsiopa go dtí an doras agus
dubhairt leis suidh agus nach gcuireadh sé aon mhoill
mhór ionganthach air. Líon sé gloine eile dhó féin agus
dhá charaid.
"Maidir leatsa," ars an strainséar, "ní call dom
fiafruighe dhíot …"
"Ní call duit. Baintreach fir mé agus lán a' tighe
de pháisdibh orm. Ingheanacha ar fad acht aon mhac
amhain."
"A ndeir tú liom é? …"
Bhí an mairnéalach a bhí sa siopa ag eirghe mí-fhoighideach.
B'éigin d'fhear a' tighe dhul amach le freasdal air. Nuair
bhí sé imthighthe uaidh thosaigh an Búrcach ag machtnamh.
Cé'n gábhadh bhí leis imtheacht arís? Nach raibh a dhóthain
airgid déanta aige? Nár bhreágh an rud an suaimhneas
tar éis an dócamhail oibre? Agus cá bhfuigheadh sé áit
níos deise leis an gcuid eile dá shaoghal a chaitheamh ann
ná san áit ar rugadh é? Ní raibh aon cheapadh aige ag
fágáil na Stáit dhó acht cuairt gheárr thabhairt ar Éirinn,
acht de réir mar bhí na laethe agus na míosa ag imtheacht
is lugha an fonn bhí air filleadh. An sean-draoidheacht!
an sean-dúthchas!
Nuair d'fhill an Fionnachtach ó'n siopa dubhairt a chara
leis —
"Le pósadh tháinigeas abhaile, a Aindréis. Táim
tuirseach de'n saoghal thall."
"Tá feilm bhreágh le díol ag duine de na Blácaigh
thiar ag an gCnoc Mór, má bhí tú ann ariamh. Gheobhthá
ar mhíle é. Dhá chéad déag atá uaidh, agus teach uirthi
chomh breágh is chonnaic tú ariamh …"
"Bhfuil cárr agat?"
"Tá."
"Gléastar an capall go beó agus téidhmís ghá
féachaint."
Chomh uair 's bhí an capall gá ghléasadh thárla an
chainnt seo idir an mbeirt:
"Is dona an chuimhne agus is dona an aithne atá agat,
a Aindréis," ars an Búrchach, "nach gcuimhnigheann tú
ar an oidhche Nodlag fadó nuair thugamar gealladh dá
chéile nach mbeadh bean ó dhuine againn dá mbeadh inghean
ag an duine eile?"
"Is cuimhneach liom é, agus comhlíonfad an ghealla-
mhaint má's fíor a ndeir tú liom faoi'n airgead."
"Má bhíonn sí féin sásta …"
"Tuige nach mbeadh?"
"Is iongantach na mná atá ann ar an aimsir seo.
Féach thall i Sasanaibh iad. Níl teóra ar bith leó."
Sul ar tháinic an cárr bhí an cleamhnas déanta ag an
mbeirt fhear …
Cúpla oidhche 'na dhiaidh sin bhí Máire Ní Fhionnachta
agus a hathair le chéile. D'innis seisean di faoi'n
gcleamhnas. Ní raibh sí sásta leis. Dubhairt sise nach
bpósfadh sí choidhche é. Dubhairt seisean go bpósfadh.
Dubhairt sise nach bpósfadh …
Acht do phós.
Ní bréag a rádh go raibh teach áluinn aca ar an gCnoc
Mór agus bealach dá réir. Do dhuine uasal éigin tógadh
an teach i dtosach, acht leis an aimsir bánuigheadh é,
agus b'éigin dó a raibh aige a dhíol agus imtheacht leis.
Ar ndóigh ní iongantas é gur cheap an saoghal go mba
bhreágh an cleamhnas ag inghin an Fhionnachtaigh é. Céard
bhí aca an lá ab fhearr bhíodar? Agus má bhí a fear ag
dul i n-aois féin, cé d'aithneóchadh air go raibh sé ag
tarraingt ar leith-chéad bliadhain? An raibh óigfhear i
bparáisde ar Chnuic Mhóir bhí i n-ann obair a dhéanamh
leis? Agus cá raibh an duine a raibh an fuinneamh
céadna ann? Nach gcuirfeadh sé aoibhneas ar do chroidhe
bheith ag féachaint air ag obair? Agus chomh ceanamhail
is bhí sé uirthi! An rud beag súarach, gan spreacadh,
gan sláinte, gan aon tsórt!
B'fhíor dhóibh. Bhí an fuinneamh ann. Bhí an fonn chum
oibre air; agus bhí sé ceanamhail ar an mnaoi bhig sin
a phós sé.
Acht ní raibh sise sásta. An cion aisteach bhí aige
uirthi ba ciontsiocair le n-a mí-shástaigheacht. Bhí sé
roinnt garbh ann féin. An saoghal thall ba chiontach leis,
b'éidir; … an doicheall agus an sglábhuidheacht agus
a bhfaca sé … Acht ar chaoi ar bith, thagadh creathadh
beag uirthi nuair bhíodh sé i ngar di ar fhaitchíos go
mbéadh sé ró-gheanamhail uirthi … Mhothuigheadh sí mar
bheadh oidhreacha faoi n-a croiceann an t-am a leagadh
sé lámh uirthi …
Acht ní admhóchadh sí é sin ar a bhfáca si ariamh. Cheap
sí ga mba mhór an peacadh é; acht bhíodh aiteas uirthi
dá haimhdheóin nuair deireadh sé léithi go raibh air dhul
ar an aonach seo nó ar an aonach sin agus nach mbeadh
sé sa mbaile go ceann cúpla lá. Acht ní raib neart
aici air. Dá gcailleadh sí an saoghal seo agus an saoghal
eile air, ní fhéadfadh sí grádh thabhairt dó mar thiubhradh
bean d'fhear; agus chomh luath 's bhíodh sé imthighthe bhíodh
sí ag iarraidh dhéanamh amach a raibh mórán ban dá lucht
aitheantais amhlaidh.
Níor thuig seisean cé mar bhí an sgéal aici. Bhí an
ghéarchúis ann agus an meabhair agus an éirim aigne.
Dá mbeadh air margadh a dhéanamh le duine, bhí cinnte
nach dteipfeadh air, Ba mhaith an fear é ag míniughadh
ceist ghnótha nó ceist phoilitigheachta, acht níor thuig sé
daoine nár múnluigheadh ar a nós garbh féin. Céard ba
chionntach leis? An saoghal bhí aige sna Stáit, an
sglábhaidheacht, an doicheall, agus an deifir mhór bhíodh air
ag bailiughadh an airgid? Nó an deamhan thug sé leis ó
dhúthchas bhí ann?
Is minic nuair bhíodh a bhean go mí-shásta agus go
cantalach, agus go leigheasóchadh an focal ceart feile-
amhnach í, go n-abruigheadh sé focal garbh éigin chuireadh
déistean uirthi. Thug sé an déistean seo faoi deara
go minic, acht níor thuig sé cé'n fáth bhí leis. Bean mar
í níor bualadh leis ariamh cheana; na mná casadh leis
sna bailtíbh móra san Oileán Úr ní raibh aon rud is mó
chuireadh aoibhneas ortha ná moladh maith agus bronntanas.
Cheap sé go dtiubhradh sé bronntanas áluinn dá mhnaoi
agus go mbfhéidir go sgaoilfeadh sí leis na bealaigh
aisteacha bhí léithi.
Chuaidh sé isteach go Gaillimh i n-aon turas leis an
mbronntanas a cheannacht di. Chuartaigh sé na siopaí
ar fad, agus sa deireadh cheannaigh sé gúna breágh de'n
tsíodha drithleannach bhi déanta sa bhfaisiún ba dhéanaighe.
Ní shásóchadh sin é go gceannóchadh sé biorán mór óir
le cur 'na brollach. Bhí sé fial fairsing léithi i gcomh-
naidhe, acht chaith sé beagán thar an iomarca ar na
hearraidhe seo; acht níor mhisde leis — nach uirthi bhéadh
an t-aoibhneas nuair d'fheicfeadh sí iad?
Agus bhí aoibhneas uirthi. Gúna níos áilne ná an gúna
sin ní fhaca sí ariamh. Agus an déanamh bhí air? Nuair
rug a fear ar uachtar an ghúna le n-a thaisbeáint dí
cheapthá nach bhféadfadh aon bhean dá caoile dá mbéadh sí
dhul isteach ann bhí sé chomh cumhang sin.
Rug an bhean ar an ngúna go gcuirfeadh sí uirthi féin é.
"Táim an-bhuidheach díot, a Shéamuis, an-bhuidheach díot
ar fad," ar sise.
Chuir sí uirthi an gúna. Bhí sé an-chumhang ar fad di,
agus dubhairt seisean é.
"Is amhlaidh is feárr liom é, a Shéamais. Béad sa
bhfaisiún …"
"Acht i gceann cúpla mí ní fhéadfaidh tú é chur ort
ar chór ar bith …"
Dubhairt sé a lán eile nach n-innseóchar annseo, agus
nár thaithnigh le n-a mhnaoi, agus nuair nach gcuirfeadh
sé cosg le n-a theangain, bhris an gol uirthi agus siúd
siar san seómra go beó í.
Bhí aithmhéala air gur labhair sé léithi ar an nós sin;
bhí fhios aige nár thaithnigh an cineál sin cainnte léithi agus
bhuail sé ar an doras go ngabhfadh sé isteach le leith-
sgéal a ghabháil léithi. Acht ní leigfeadh sí isteach é.
"Osgail an doras," ar seisean.
"Ní osglóchad," ar sise.
Bhí buile ag teacht air.
"Dá fhuide fanfas tú amach uaim is amhlaidh is feárr
liom é," ar sise.
D'osgail sí an doras roinnt agus chaith sí amach an
gúna.
"Agus ma bhíonn bronntanas agat le tabhairt uait
feasta," ar sise, "tabhair do dhuine eicínt eile é,"
Bhí fearg mhór air. D'fhan sé cúpla noiméad ag an
doras agus é idir dhá chomhairle; bhí fonn air guala
chur leis an doras agus é réabadh ó chéile agus an bhean
a chlaoidh le neart lámh. Acht ní dheárna sé é; sér'd a
rinne sé breith ar an ngúna bhreágh bhí ar an urlár agus
é chaitheamh ar an teine.
"Bhíodh an diabhal aici," ar seisean, "acht múinfeadsa
deágh-bhéasa dhi," agus siúd amach an doras é go ndeacha
sé ag marcaidheacht ar chapall bán bhí aige agus níor
stop sé go raibh sé istigh i lár an bhaile mhóir.
Chonnacthas an oidhche sin ar an mbóthar é, agus deir-
tear nár cluineadh ariamh a leithéid d'easgaine ó fhear,
ná an droch-íde chéadna ghá fhághail ag capall bocht.
An páisde fir rug an bhean ní fhaca sé solus an lae
ariamh. Beirt dochtúirí as Gaillimh bhí ann ag an mbreith,
agus rugadh an naoidhneán marbh, agus dubhradar go
mb'é a mbaramhail nach mairfeadh an bhean dá mba rud
é go mbeadh páisde eile aici.
Nuair tháinig biseach ar an mnaoi níor chuir a fear aon
tsuim innti. Timcheall an ama seo, thosaigh seisean ag
dul ó aonach go haonach ag ceannach beithidheach le n-a
mbeathughadh ar an gCnoc Mór, agus is minic bhíodh an
bhean gan é fheiceáil, ná gan sgéal fhagháil uaidh ar feadh
seachtmhaine agus ba cuma léithe. Nuair bhíodh sé sa
mbaile féin is beag cainnt bhíodh eatortha. D'eirigheadh
sé ar maidin, chaitheadh sé a bhéile agus ghabhadh sé amach
i ndiaidh ná mbeithidheach, agus ní fheiceadh sise arís é
go ham dínnéara; gach oidhche beagnach bhíodh comhluadar
fear ó'n áit san gcistinigh aige, agus chaithidís cuid mhaith
den oidhche go minic ag imirt cártaí agus ag ragair-
neacht. Ní raibh sé gan braon maith ól aon lá ariamh,
acht bhí sé chomh láidir le bulán, agus bhí sé i n-ann é
sheasamh ceart go leór. Acht bhí na droch-nósa ag fagháil
greim air do réir a chéile, agus is minic bhíodh fáinne
an lae ann nuair ghabhadh sé a chodladh, agus is minice ná
san chaitheadh sé lá nó dhá lá gan focal a labhairt le
n-a mhnaoi mara bhfiafruigheadh sé dhi a ndeárna sí é
sin nó a ndeárna sí é siúd, nó an raibh aon cheó airgid
ag teasdáil uaithi gcomhair an tighe.
Bhí baramhail aici nár fhan aon mheas aige uirthi, agus
an áit nach mbíonn an meas ní bhíonn an cion. Ba bhreágh
léithi an sgéal bheith amhlaidh. Bheadh sí sásta, nó leath-
shásta, dá mbeadh sé gan bacadh léithi acht mar sin. Is
dona an saoghal bhéadh aici, cheap sí, agus bheith ceangailte
ag fear dá dtug sí fuath; acht cé'n leigheas bhí aici air?
Bhí an talamh ceannuighthe amach 's amach aige, agus
oidhche d'á dtáinig sé abhaile ó aonach na Gaillimhe agus
é ar meisge fuair a bhean amach cuid de'n imnidhe bhí air.
"Ní bhfuighidh seisean é pé ar bith ché gheobhas e," ar
seisean leis féin agus é 'na shuidhe cois na teineadh
agus ise ag gléasadh séire dhó.
"Ní eisean gheobhas é, an bastún, an cladhaire mall-
aighthe, an beitheamhnach bradach …" ar seisean, agus
gan áird aige ar a mhnaoi
Níor fhada gur thuig sí céard bhí i n-intinn aige.
"Thá fhios aige nach bhfuil duine de mo chineadh beó
… acht ní eisean ná a mhuinntear gheobhfas é …
b'fheárr liom an talamh a dhíol agus an t-airgead a
chaitheamh san bhfairrghe …"
Thóg sé a cheann agus chonnaic sé a bhean. Bhí deireadh
na hoidhche ann agus bhí sise thar éis eirghe le n-a leigint
isteach ar eagla go marbhochaidhe é ar leacrachaibh na
sráide — dá marbhóchaidhe é i bhfad ó bhaile i ngan fhios
di ní cumha mór bheadh uirthi 'na dhiaidh — acht ar chaoi ar
bith nuair thóg sé a cheann agus nuair d'fhéach sise air
cheap sí nach bhfaca sí ariamh, agus bhí súil aici nach
bhfeicfeadh sí aríst choidhche, éadan duine bhí chomh gránda
leis an éadan chonnaic sí. Shil sí imtheacht uaidh agus a
dhul isteach 'na seómra féin acht dubhairt seisean focal
gáirseamhail éigin agus rug ar ghualainn uirthi.
D'eirigh léithi imtheacht uaidh ó bhí an oiread sin ólta
aige, acht thuit seisean agus d'fhan ar na leacrachaibh
fuara go raibh an ghrian 'na suidhe.
An capall bán bhíodh aige ag dul ó aonach go haonach
agus ó bhaile go baile faoi'n am seo, agus is minic
d'fheicfidhe an capall agus an marcach ag gabhail na
mbóithre faoi mheadhon oidhche, an marcach 'na chodladh
meisge agus an t-each ag déanamh an eólais dhó. Bhíodh
bean an mharcaigh sa mbaile, agus pé ar bith cé'n oidhche
a mbeadh súil aici leis ní fhéadfadh sí aon chodladh a
dhéanamh go dtagadh sé. Acht ní le cion air d'fhanadh sí
'na suidhe. Bhíodh sí 'na suidhe ag an bhfuinneóig go
gcloiseadh sí torann an chapaill ar an mbóthar, agus
súil aici nach gcloisfeadh sí choidhche é, acht go n-ólfadh
an marcach an braon thar an iomarca a chuirfeadh as an
diallaid ar mhullach a chinn ar an mbóthar é …
Agus thagadh pictiúirí ós comhair a súl. D'fheiceadh
sí a fear dhá thabhairt a bhaile maidin le h-eirghe gréine,
agus é fuar marbh. Bhíodh na comharsana ag teacht
isteach ag déanamh truaighe dí gur chaill sí fear maith,
agus thósuigheadh sí ag ceapadh céard dearfadh sí leó
nó an bhféadfadh sí a fear a chaoineadh …
Acht bean deághmhóideach diadhanta bhí innti agus is
dá buidheachas bhíodh na smaointe seo ag teacht chuici.
Níor thug sí toil dóibh ariamh.
Annsin chluineadh sí an capall i bhfad uaithi ag sodar-
naoil ar an mbóthar cruaidh, agus chuireadh sí cluas
uirthi féin go gcluineadh sí glór a fir go mbeadh a fhios
aici cé'n bhail bhíodh air mar d'aithnigheadh sí cé'n cineál
meisge bhíodh air ar a ghlór agus bhíodh faitchíos uirthi dá
réir. Nuair a thagadh sé isteach ar bhogmheisge agus é
ceanamhail uirthi ar a bhealach garbh féin, cheapadh sí
éalóghadh uaidh, acht ní minic d'eirigheadh léithi. Agus an
fuath bhíodh aici dhó! An ghráin bhíodh aici air nuair a
mhothuigheadh sí a anál trom meisgeamhail ag teangbháil
le n-a leicinn …
Rud beag faiteach bhí innti de réir dhúthchais, agus ní
dhéanfadh sí faic go deó marach rud adubairt seisean
léithi maidin agus iadh ag ithe an bhricfasta. Chuir sé i
gcéill di nach raibh aon mheas aige uirri, nach bhféadfadh
sé meas bheith aige ar a leithéid de mhnaoi — nár fhág sí
gan oidhre é.
Dubhairt sé a lán eile ghoill go mór uirri sul ar
fhág sé an teach. Chonnaich sí ag dul siar an bóthar é
ar an gcapall bán agus ghuidh sí ar Dhia nach bhfillfeadh
sé …
Acht bhí sí ag fanacht ag an bhfuinneóg an oidhche sin
ag féachaint a' gcloisfeadh sí an capall. Níor chuala.
Tháinig meadhon oidhche, tháinig a haon, tháinig a dó, tháinig
a trí acht níor chuala sí an capall. Bhí am go leór
aici le smaoineadh ar an saoghal bhí aici, acht sí an chainnt
adubhairt a fear léithi ar maidin agus an chaoi ar
dhubhairt sé í is mó bhí ag goileamhaint uirthi. Bhí gealach
bhreágh sa spéir agus tháinig fonn uirthi dhul amach.
Chuaidh. Agus ní túisge bhí sí amuigh ná cheap sí gan
filleadh choidhche.
Tharraing sí an chlócha 'na timcheall agus isteach léithi
go Gaillimh de shiubhal oidhche, agus ní dheárnaidh sí
comhnaidhe ga raibh sí istigh ar an urlár ag a h-athair roimh
eirghe na gréine.
I gceann trí lá chuaidh an Búrcach isteach go Gaillimh
'na coinne. An Fionnachtach féin bí sa mbaile roimhe
agus tugadh isteach é san seómra bhí ar chul an tsiopa.
Líonadh gloine dó mar ba ghnáthach gach uile lá ariamh.
"Is gránda an sgéal é seo againn," ars an Fionnachtach.
"Í féin is cionntach," ars an Búrcach."
Ní ráibh acht chuid de'n sgéal ag an athair. Ní leigfeadh
an náire do'n óigmhnaoi an chuid ba mheasa dhe innseacht
dó, agus dá n-innsigheadh féin ní móide go dtuigfeadh
sé i gceart é. Séard a cheap seisean nach raibh ann
acht cantal agus baois mná óige agus go bhféadfad sé
é leigheas gan duadh. Mhol sé dhi dul ar ais chuig a
fear acht dhiúltaigh sí: Ní raibh annsin ar ndóigh acht
baothchainnt na hóige. Acht níor mhór dhó ceacht a mhúin-
eadh dá fear; níor mhór dhó eagla chur air. An iomarca
de'n ól agus de'n áirneán bhí aige le tamall fada.
"'Na coinne tháinig tú, is dócha," ars an Fionnachtach.
"Annseo tá sí mar sin?"
Bhí aimhreas air nárbh eadh.
"D'eile ca mbeadh sí? Agus deir sí gur ann fhanfas
sí freisin."
"Ní ann. Mise a fear."
Bhí an Búrcach go dána. Aigesean bhí an ceart shil sé.
"An iomarca de'n ól agus de'n ragairneacht bhí agat
le bliadhain," ars an Fionnachtach, "ní thógfainn ar
dhuine an braon beag ól anois agus arís, acht 'chuile
oidhche sa mbliadhain … i ngach aon áit dá dtéidhtheá
ní bhíonn aca acht "Ar chuala tú céard a rinne Búrcach
an Chnuic Mhóir le goirid?" nó "Nach iongantach an fear
le ól é?" Tá sé náireach a dhuine! Tá sé náireach!"
"Cuma liom sa gclampar céard déarfas siad: tá
fios mo ghnótha féin agamsa — acht cá bhfuil Máire?"
"Tá fios do ghnótha agat go cinnte, acht tá inghean
liomsa pósta agad."
"Mara mbéidh an fhírinne aca innseochaidh siad an
bhréag."
"Agus tá an fhírinne dona go leór!"
"Tá," ars an Búrcach go bacach agus é ag iarraidh
a mheas cé'n méad de'n fhírinne do hinnsigheadh dá
sheancharaid.
"Déanaidh réidhteach i n-ainm Dé," ars an Fionnachtach,
"agus ná bhíodh an saoghal ag magadh fúinn. Glaodhfad
uirthi féin."
Ghlaodh. Tháinig sí isteach agus fuadar fúithi. D'umhlaigh
sí do'n bheirt fhear agus dubhairt:
"Má's mo choinne-se tháinig tú, a Shéamuis," ar sí le
n-a fear "is turas i n-aisge bhéas ort."
"Caithfidh tú theacht liom. Mise d'fhear."
"Narbh fheárr dhuit comhairle a ghlacadh," ars a h-athair,
"dá críonna thú ní agat atá iomlán na céille."
"Togha na díthcéille bí orm nuair ghéilleas díbh i
dtosach, acht cheannuigheas an chiall ó shoin agus
cheannuigheas go daor í, agus tá fhios agaibhse beirt go mba
cruadh an t-oide bhí agam."
Thosaigh sí ag cur di. Chuir sí iongnadh mór ar an
mbeirt fhear le chomh bríoghmhar dána is labhair sí.
"A dhul ar ais go dtí an teach breágh sin ar an
gCnoc Mór agus fanacht ann i bhfochair an fhir úd thall
a mhasluigheadh 'chuile la sa mbliadhain mé, agus atá
chomh dall sin is nach dtuigfeadh sé nuair bheadh an masla
dá thabhairt aige! An fear nach raibh uaidh ariamh acht a
dhúil ain-tsrianta fhéin a shásughadh …"
Shíl a hathair cosg chur léithi. Níor ceap sé go raibh
an sgéal chomh dona sin; dá mbeadh fhios aige é b'féidir
nach molfadh sé dhi dhul ar ais.
Acht ní raibh aon náire uirthi anois, ná aon fhaitchios.
An rud bhí i n-intinn aici dearfadh sí é cuma céard a
thiocfadh as. Bhí an bheirt fhear, duine aca ar 'chaon taobh
de'n bhórd, agus ise gá cheann, agus í corruighthe chomh
mór sin is go mb'éigin di breith ar chathaoir ó am go
ham ar eagla go dtiubhradh na cosa uaithi,
"Bfheárr liom go mór fada mo shaoghal agus mo
shláinte a chaitheamh ar lorg déirce ná fiú aon oidhche
amháin a chaitheamh i n-aon teach leat, a Shéamuis a'
Búrca …"
Chuir a hathair focal beag faiteach isteach. Bhí cineál
sgáth air roimpi.
"Agus ní ró-bhuidheach atáim díotsa acht an oiread le
sgéal," ar sise, "ní raibh uait acht fear fhagháil dom,
agus ba chuma leat sa mí-ádh mór cé 'n sórt fir é acht
beagán airgid bheith aige. Mé a dhíol — sin a raibh uait.
Tá fir ann agus ní ceart go mbronnfadh Dia ingheanatha
ortha; tá dream eile ann agus sé an peacadh mór é go
bhfuighidís mná …
"Éist do bhéal, a bhean. Éist do bhéal, adeirim,"
ars an Búrcach go bagarthach: "níl agamsa le rádh,"
ar seisean, "acht an t-aon fhocal amháin: "is tusa mo
bhean agus an áit a bhéas mise beidh tusa agus mara
dtagaidh tú abhaile liomsa go toilteanach, tiocfaidh tú
ar bhealach eile …"
Rinne sé iarracht ar ghreim fhagháil uirthi. Chuaidh an
Fionnachtach eatortha. Shílthea ar feadh noiméid go mbéadh
sé 'na throid ann.
"Tá sé chomh maith dhul abhaile anocht, a Bhúrcaigh,"
ars an t-athair, "ní shochróchar an sgéal ar an mbealach
sin."
Chuaidh.
An oidhche sin bhí beirt fhear, duine aca i gcathair na
Gaillimhe agus duine eile ar an gCnoc Mór rinne
machtnamh doimhin ar mheóin na mban.
I gceann seachtaine ba mhór é iongantas an Bhúrcaigh
gur chuir a bhean litir chuige a rádh leis go mbéad sí
sásta filleadh dá dtigeadh sé 'na coinne.
Tháinig. Ag dul siar thar an Teach Bán dhóibh ar an
gcárr, cheap an Búrcach so bhfiafróchadh sé dhí ce'n fáth
gur ghéill sí. Sé bhí sásta gur eirigh leis an teasbach
bhaint di!
"Ní raibh aon mhaith dhuit bheith dod' chiapadh féin," ar
seisean, "nach raibh fhios agat go gcaithfeá filleadh? Is
docha go ndubhairt t'athair leat nach bhféadfadh sé thú
choinneál sa teach agus an mhuirghín mhór atá air."
"Ní shin é an fath go bhfuilim ar aon chárr leat anois."
ar sise, "mara mbéadh aige acht an dara greim bhéurfadh
sé an chéad cheann domsa."
"D'eile cé'n fáth gur géill tú?"
"Cogar annseo."
Dubhairt sí focal 'na chluais nár chuala acht an bheirt
aca.
Bhí an oidhche ag tuitim. Bhí an seanchapall bán ag
siubhal go réidh mall agus cead a chinn aige. Ní raibh
ceól ag éanlaidh. Ní raibh le clos ag an mbeirt bhí ar
an gcárr acht an torann bhí a gcapall agus a gcárr
féin ag déanamh.
Acht bhí an t-aon smaoineadh amháin ag déanamh imnidhe
dóibh. D'fhéach an Búrcach i dtreó a mhná. Bhí sí go
smaointeach agus go doiligheasach, agus lámh léithi caithte
go fann ar chrannóig an cháirr.
Leag sé lámh ar an láimh sin, agus thosaigh ghá cuimilt
go ceanamhail, agus eagla an domhain air go dtarrain-
geóchadh sí uaidh í. Níor tharraing
"A Mháire! a Mháire!" an seisean acht theip air
focal eile a rádh.
Páisde fir bhí aici, acht fuair sí féin bás …
Sgathamh beag 'na dhiáidh seo bhí fear óg ag gabháil an
bóthar i n-aice leis an gCnoc Mór, agus chuala sé cárr
ag teacht 'na dhiaidh. An Búrcach bhí ar an gcárr, agus
ó bhí aithne ag an bhfear óg ar a mhnaoi a cailleadh, agus
ar a hathair thug sé marcaidheacht dhó. Bhí fonn cainnte
ar an mBúrcach, agus níorbh fhearr leis an bhfear óg
rud a dhéanfadh sé, ná bheith ag éisteacht leis.
"Íocfaid sé go daor as," deireadh sé, "A rádh gur
mise mharbhuigh í! Agus an cion bhí agam uirri! Acht
tá dlighe ann fós, agus taisbeánfad dhó nach bhféadfaidh
sá dúnmharbhthóir thabairt ormsa …
Bíodar ag dul thar roilic an Chnuic Mhóir.
"Annsin atá sí curtha," ars an Búrcach, "féach a
huaigh."
Stop sé an capall bán.
"Tá sé chomh maith againn dul isteach agus paidir a
chur le n-a h-anam."
Chuaid an bheirt fhear ar a nglúnaibh ós cionn na huaighe.
Nuair bhí na paidreacha curtha aca le n-a h-anam,
dubhairt an Búrcach:
"Bheirim buidheachas dhuit, a Dhia, nár leag tú lámh
ró-throm ar fad orm, agus má sgiob tú uaim an bhean
dá dtugas gean ó leagas súil uirthi i dtosach, tá oighre
fágtha 'na diaidh aici …"
Tháinig cuthach ar an bhfear a bhí ag éisteacht leis.
"A bhastúin an diabhail!" ar seisean go fíochmhar
bagarthach, "is maith an chaoi dhuit é gur ós cionn uaighe
na mná sin dhá dtugas féin gean ó thús atámaoid n-ár
seasamh; marach sin —" agus 'as go bráthach leis ar
eagla go dtachtóchadh sé an fear místuamdha seo mhill
saoghal na mná agus bhionmhuine leis féin ar an domhan.
AN CEÓL AGUS AN CUIMHNE
I
San leabhaidh aréir dhom séard a chonnaiceas —
SEÓMRA beag bídeach agus gan de throsgán ann
acht dhá chathaoir, bórd 'na sheasamh faoi fhuinneóig
bhriste, leabaidh íseal nach bhfeilfeadh acht do
pháisde, nó do dhuine nach mbéadh aon aoirde mhór ann.
Bhí seanfhear sa seómra, agus cosamhlacht an bhróin
le feiceál go soiléir 'na aghaidh uasal. Brísde córd
air, bróga troma gréasaidhe agus clabar fliuch na
sráide orra, brat braighde mná thar a ghuailnibh aige,
folt fada liath air, a cheann faoi, agus é 'na shuidhe go
socair ar an úrlár os comhair na teineadh, le hais na
leapthan ísle. Lasracha na teineadh amhain thug solas
dhom an áit fheiceál mar bhí an lampa beag stáin
crochta ar an mballa aolgheal gan lasadh.
Buaileadh an doras. Tháinic beirt isteach. Níor thóg
an seanfhear a cheann. Níor labhair sé. An bheirt tháinic
isteach, cailleach chromtha agus girrseach nach raibh thar
seacht mbliadhna déag de réir cosamhalachta, níor labh-
radar acht oiread. Ba dhóigh leat orra nach bhfacadar
an seanduine brónach ar chor ar bith, acht is san duine
sin is mó chuireas féin suim, agus mé ag iarraidh a
dhéanamh amach céard a chuir an brón mór air.
Chuaidh an chailleach agus an ghirrseach treasna an
úrláir go mall. Thugas faoi deara gur ag treórughadh
na caillighe a bhí an ghirrseach. Rinneadar ar an leabaidh
ísil. Shín an chailleach a lámh dhonn chaithte amach uaithi
ar shroichint na leapthan dhi, agus tháinic an lámh anuas
ar éadan duine a bhí sínte innti, ar éadan mná óige
An 'na codladh bhí an óigbhean? Cheapas i dtosach gurab
eadh, cheapas é gur leig an chailleach streanachán aisti,
gur thuit an bheirt bhan ar a nglúnaibh, gur thosuigheadar
beirt ag guidhe Dé ar son na marbh go dúthrachtach …
Acht níor choruigh an seanfhear brónach agus níor labhair
sé, acht é 'na shuidhe ar an úrlár agus a cheann faoi.
D'eirigh an ghirrseach. Bhí bláthanna 'na glaic aici,
agus chraith sí cuid díobh os cionn an chuirp. Níor bhac
ceachtar de'n bheirt eile léithi, níor chuireadar aon tsuim
'na saothar, agus b'iongnadh liom sin.
"Fághaim balath na féithleóige," ars' an seanfhear i
ndiaidh sgathaimh aimsire, "dá mbéadh m' inghean beó …"
""Cuir craobh bheag de'n fheithleóig, san gcónra liom,"
sin é dubhairt sí indé …" ars' an ghirrseach, "d'fhágas
an chathair go moch le n-a baint …" agus í ag gol
go trom.
D'eirigh an seanfhear de gheit. Siúd anonn treasna
an úrláir é. Siúd anall arís é. É an-chorruighthe. Ní
brón mór ná doiligheas a bhí air acht sainnt; sainnt
agus sainnt amháin atá le tabhairt faoi deara 'na ghnúis
agus é cromtha os cionn na leapthan ag tabhairt na
mílte póg do'n chorp … acht an tsainnt, an tsainnt
uathbhásach ata 'na ghnúis …
"Thiubhrainn mo chuid de na flaithis, d'fhlaitheas Dé
thú fheiceál, a chuid, thú fheiceál, a chuisle … amharc
na súl ar feadh aon noiméidín amháin … ar feadh aon
noiméidín amháin … ar feadh aon noiméidín amháin, a
Dhia, a Dhia na Glóire … níl uaim ar an saoghal seo
acht m'inghean mhúirneach fheiceál sul a chuirfear san úir
í … a Dhia! a Dhia Mhóir na Glóire! Éist le mo
ghuidhe."
San leabaidh aréir dhom séard a chualas —
An ceól a bhog mo chroidhe, an ceól aoibhinn íseal taith-
neamhach, an suantraighe a chiúineóchadh an fear buile.
Agus ar osgailt na súl dhom, do chonnaiceas an seanfhear
brónach a bhí 'na shuidhe ar an úrlár le hais leapthan an
chuirp agus bhéidhlín i ngreim aige. Ní caise ceóil a bhí
le clos agam uaidh ná sruthán ceoil ná sanasta ceóil, acht
ba dhóigh liom go raibh an seómra lán le ceól, le
fuamannaibh iongantacha do-chloiste nach gcorróchadh cluas
duine go deireadh aimsire marach saothar an cheoltóra
Bhí buigeacht na dtonn ar thráigh lá ciúin samhraidh san
gceol sin; ar gharrdhaibh faoi bláthaibh móra luasgacha,
agus mná maordha ag siubhal go suanmhar ionnta a
bhéitheá ag cuimhneadh 'stú ag éisteacht leis an gceól
sin; bhéadh fonn ort dhul a chodladh, bhéadh fonn ort
tuitim 'do shámh-shuan shíoruidhe acht nach bhféadthá — ní
fhéadthá gan do shúile choinneál ar aghaidh shochma an
cheóltóra …
Lean sé do'n suantraighe. Chualas féin srannadh
páisde thríd an gceól a bhí a' dul i mboige i gcomhnaidhe
gcomhnaidhe go dtí nach raibh le clos agam sa deireadh
acht an srannadh amháin. Acht cheapas ar an gceoltóir
go gcuala seisean an ceól suanmhar, go raibh sé 'na
chluasaibh de shíor …
A cheóltóir, a cheóltóir dhaill nach bhfuil aon chuimhneadh
agad ar t'inghean, ar t'inghean atá sínte fuar marbh
le t'ais?
San leabaidh aréir dhom séard a chualas —
Ceól meidhreach aiteasach ó'n gceoltóir chéadna, ceól
a chuirfeadh ag damhsa thú, ceól a bhainfeadh an brón de
do chroidhe. Bhí de dhraoidheacht san gceól sin, amhthach,
nach bhféadthá éisteacht leis i bhfad go nochtóchaidhe dhuit
an iomad radharcanna éagsamhla, agus iad ag teacht
agus ag imtheacht de réir mar d'athruigheadh an ceól.
Chonnaiceas machaire leathan i bhfad uaim. Croinnte thall
is i bhfus gá luasgadh le gaoith. Bláthanna ioldathacha.
Néalta boga bána ag coimhlint le chéile treasna na
spéartha — agus do chualas, seadh do chualas an ceól
meidhreach céadna chugam ar an ngaoith. Acht nuair a
chuireas cluas orm le n-a chlos níos feárr níor chualas
aon cheo. D'éag an ceól, acht d'fhan an radharc, d'fhan
an machaire áluinn — agus beirt 'na lár istigh, seanfhear
agus geárrchaile, eisean ag gabhail ceóil, ise ag damhsa,
ag damhsa go sgléipeach agus a folt fada le gaoith …
Acht nuair a thógas mo cheann ní raibh le feiceal agam
acht an seanfhear a bhí 'na shuidhe ar an úrlár agus an
bheidhlín i ngreim aige; ní hí an tseanfhéachaint bhrónach
a bhí 'na ghnúis, amhthach, faoi seo, acht an fhéachaint céadna
a bhí i ngnúis an cheóltóra úd a bhí i lár an mhachaire
áluinn … a sheanfhir, a sheanfhir nach náire dhuit bheith
meidhreach agus t'inghean ar lár?
D'athruigh an ceól go tobann, agus chonnaiceas bóthar
fada fuar fliuch. Seanfhear agus óigbhean ag gabhail an
bóthar sin. Iad beirt go tuirseach traochta. Eisean go
cantalach. Ise i ngreim láimhe ann ghá threórughadh, agus
ag iarraidh a shásughadh, ag rádh leis nach mórán eile bhéadh
le siubhal aca, go mbéidís san mbaile faoi cheann uaire,
go mbéadh teine mhaith aca agus biadh agus socamhlacht, go
mbéadh an uile nidh aca mar ba chóir …
A inghean, a inghean cad chuige dhuit a bheith ag innseacht
na mbréag? Ná creid í, a sheanfhir, a cheóltóir dhaill
atá do shuidhe annsin ar an úrlár, ná creid í: muna
mbéadh thú bhéith dall nach mbhéadh fhios agad gur ar an
mbóthar fada fuar fliuch sin casadh an gadaidhe gránda
léithi, an gaduidhe bréan sin a bhain díot í? … Acht
athair ag gabháil ceóil agus a inghean ar lár!
San leabaidh aréir dhom séard a chualas
An cheol ba bhrónaíghe dár gcualas le mo linn. Bhí
brón athar ann agus brón máthar; bhí brón carad i ndiaidh
carad ann, agus brón leannáin i ndiaidh a stórach. Chuir-
eas méara 'mo chluasaibh mar bhí an ceól brónach sin ag
dul thríom, ag dul go smior, ag dul go smúsach ionam.
Cheapas eirghe agus imtheacht acht níor fhéadas. Ní leig-
feadh an sean-cheóltóir dhom corruighe. Bhí greim
daingean docht aige orm. Bhí faoi dhá leith a dhéanamh
dem' chroidhe, agus b' fhéidir go n-eirgheadh leis muna
mbéadh gur cuireadh cosg leis an gceól go tobann.
Tháinic beirt isteach san seómra mar a raibh an ceol-
tóir, cailleach chromtha agus girrseach ghá treórughadh. Bhí
fearg mór ar an gcailligh.
"Támuid ag éisteacht leat le leathuair," ars' an
chailleach, "agus ba chóra dhuith a bheith ar dho dá ghlúin
le taobh na leapthan sin ná ag cleachtadh do chuid ceóil
agus t'inghean marbh."
Níor labhair an seanfhear. Níor chuir sé cor dhe. Bhí
an bheidhlín ar an úrlár le n-a ais agus a chiotóg i
ngreim ann. A dheasóg caithte go fann treasna na
leapthan ísle. A cheann leigthe isteach ar chorp a
inghine …
Nuair nár fhéad an chailleach aon tsásamh fhághail uaidh,
ná cainnt féin a bhaint as, ghluais leó amach, agus an
chailleach ag rádh léithi féin gó n-innseochadh sí do na
comharsanaibh laighead a chumha i ndiaidh a inghine; acht
nuair a thosuigh sé ar an gceól brónach an athuair, thar
éis imtheachta dhóibh, thuigeas féin é; thuigeas ar ghabh sé
de cheól ó chonnaiceas i dtosach é; ba léir dhom nach ag
cleachtadh ceóil a bhí sé acht ag cur i gcuimhne dhó féin.
thríd an gceól, cé'n saoghal a bhí aige fhéin agus ag a inghean
le chéile le n-a linn, agus cé'n saoghal a bhéadh aige i
ndiaidh a báis …
A cheóltóir, a shean-cheóltóir dhaill, ní truaigh liom thú
anocht agus an tseóid uasal atá agad le bronnadh ar
t'inghean atá ar lár …
II.
Litir a tháinic cugam indé ag cur i gcéill dom go
raibh mo sean chara, an ceoltóir, imthighthe ar shlighe na
firinne.
Mo cheoltóir bocht dall! Ní thig liom anois gan bheith
ag chuimhneamh go dolásach ar an tsean-saoghal agus ar
an gcaoi ar casadh liom i dtosach é.
Bhí an bheirt againn ar fán agus ar fuaidreamh an
tsaoghail an tráth sin; mise m'ógánach beag bog, gan teach
gan díon gan mhaoin acht an t-aon raol amhain; eisean 'na
sheanfhear cruaidh cráidhte ag seinm céoil do choimhthighighibh
gan múineadh i gcathair mhóir i bhfad ó bhaile — an bheirt
againn gan teac, gan díon, gan mhaoin, acht an t-aon
raol amháin …
Oidhche fhliuch i gcathair choimhthigh. Bróga réabtha go raibh
an t-uisge ag plabarnaigh ionnta faoi mo chosaibh.
Doiligheas 'mo chroidhe. An gean is dual do dhuine bheith
aige ar a chineadh, ar an gcineadh mhór dhaonna,
sguabtha … Uch! an oidhche sin …
Acht chuala mé an ceól, an ceól bog geanamhail
Gaodhalach agus bhreathnuigh mé ar an gceóltóir bhí 'na
sheasamh annsin ag doras tighe leanna, ag súil le
pighneacha na n-allmhúrach. Thaithnigh a éadan liom. Bhí
seanbháiréad ar chúl a chinn, bheidhlín i ngreim aige
agus an solus ó fhuinneóg an tighe leanna ag taithneamh
ar a bhán-ghnúis uasal.
Acht 'sé an port bog aoibhinn Gaodhalach chuir iallach
orm fanacht annsin 'mo sheasamh ar leath-taobh na sráide
go raibh an ceól thart. Nuair bhí, rinne mé rud aisteach,
rud amaideach má's feárr leat an focal sin.
Seo é é:
An raol breágh geal gleóite, an píosa deireadh airgid
dá raibh agam ar an saoghal, chaith mé isteach i mbosga
bailighthe an cheóltóra é agus d'imthigh liom go beó. Ní raibh
fiche slat curtha díom agam, go dtáinic cinéal aithmhéala
orm faoi'n ngníomh bhí déanta agam. Thosaigh mé ag
smaoineadh ar a bhféadfainn fhághail ar an raol bhreágh —
builín beag aráin, píosa cáise, gloine leanna guirt
b'féidir … Gach uile shiopa fuinnteóra dá ngabhfainn
tharais, dhearcainn sa bhfuinneóig ar na builíníbh breághtha
donna agus na císdibh deasa mílse: gach uile theach leanna
dá bhfeicfinn, chuireadh sé le mo mhéala, nuair thiocfadh
balath na ndighthe nach raibh i ndán dam amach thríd an
doras …
Bí mé cráidhte gur sgar mé leis an raol …
D'fhill mé. Bhí an ceóltóir dall ag bheidhleadóireacht
ag doras tighe eile leanna. Chonnaic mé mo raol geal
féin agus é go haonraic imeasg na bpighneacha ruadh i
dtóin a bhosga bailighthe. An cathughadh tháinic orm!
Bhí mo chroidhe lán. Bhí mo bholg follamh. Thosuigh mé ag
cur díom — a leithéid de chainnt aisteach ní chloistear acht
go hannamh le linn saoghail.
I nGaedhilge labhair mé ionnós nach dtuigfidhe mé — seadh,
ionnós nach mbéadh a fhios ag an gceóltóir uasal dall cé'n
droch-chroidhe bhí agam do'n tsaoghal mhór, ionnós nach mbéadh
a fhios ag an gceóltóir é, ionnós nach mbéadh aon cheapadh
aige cé'n diabhal dubh bhí istigh ionnam. Agus ní mar gheall
ar an raol deiridh sin bhí mé buartha. Ní headh acht …
ar chaoi ar bith, nochtaigh mé mo chroidhe agus mo mheanma
do'n cheóltóir dall sin i gcathair thar lear, agus gan
ceapadh agam gur thuig sé focal dá raibh mé a rádh!
Acht thuig sé mé, thuig sé mo chuid cainnte; seadh, agus
an croidhe cráidhte bhí taobh shiar de'n chainnt.
"Mo thruaigh mhór thú!"
Nuair chuala mé an focal sin tháinic iongnadh an domhain
orm. Thainic náire orm gur labhair mé.
"Mo thruaigh mhór thú!" ar seisean arís, agus tuigsint
neamh-ghnáthach 'na ghlór.
"Agus tá Gaedhilge agatsa?" arsa mise, "dá mbéadh
fhios agam é, ní dhéanfainn faoisdean de'n tsórt sin
leat …"
Níor labhair sé. Ní dheárna sé acht breith ar láimh orm,
acht bhí gean agus tuigsint agus com-thruagh san mbarróig
sin rug an dall orm …
Ghluais linn beirt agus mise ghá threórughadh.
Féach orainn: seanfhear dall, bheidhlín ar iomchur aige,
bata 'na chiotóig aige, aghaidh fada bán uasal air, acht
gan amharc aige ar an ógánach beag lag bhí le n-a thaobh,
ná ar na sráideannaibh gruamdha, ná ar na siopaibh
soillseacha, ná ar an tsainnt agus an ainmhian agus an
grándacht bhí le tabhairt faoi deara i n-aghaidhthibh na ndaoine
bhí ag gabháil thart.
"Is aoibhinn liom duit, a dhaill, nach bhfeicfeann tú a
ghránda is tá an saoghal," arsa mise im'intinn féin mar
shíleas; acht is dócha gur labhair mé ós árd mar thug an
sean-fhear dall freagra orm má's freagra bhí ann.
Labhair sé go bog íseal mar is gnáthach le dall.
"Bhronn Dia mór na mílte míle seód orm, a ógánaigh
dithchéillidhe," ar seisean, "agus bronnfaidh Sé ortsa
freisin iad má ghlacann tú leó …"
Oidhche fhuar fhluich i gcathair choimhthigh; plab-plab an
uisge 'mo shean-bhrógaibh; ceól an ocrais 'mo ghoile istigh;
olc 'mo chroidhe: cumhracht feallsamhnachta an dhaill 'mo
chluasaibh bodhra …"
"Tá Dia mór; bíonn Sé ag cainnt i gcomhnaidhe leis
an té go bhfuil cluas air —"
Bhí an sean-fhear ag cur dhe agus b'fhacthas dom nár
chualas ariamh cainnt chomh h-uasal ó bhéal duine.
"Níl ort acht éisteacht leis," ar sé, "agus líonfaidh
Sé t'anam bocht dubh le aiteas … Bhí mise tráth
agus …"
Níor dhubhairt sé níos mó, acht nuair thug sé cuireadh
dhom dhul go dtí a sheómra beag féin leis, ghlacas leis an
gcuireadh sin go buidheach beannachtach.
Suas linn, cúig nó sé cinn de staighribh go rabhamar
ag bárr an tighe mhóir lóisdín, mé féin agus an sean-
cheóltóir, go ndeachamar isteach i seómra a raibh cosamhlacht
an bhochtanais air; acht má bhí an áit bocht agus beagnach
lom, d'fheicfidhe duit go raibh míneachas éigin ag baint leis,
nach fear aonraic chomhnaigh ann …
Sean bhórd lúbach i lár an urláir ann — acht nach dtiubhrthá
faoi deara chomh sean lúbach is bhí sé leis an sgaróid bhí ós
a chionn; dá chathaoir nach raibh ar aon déanamh, stól beag
trí chos nach ndeárna siúinéar ariamh, clár beag crochta
ar an mballa agus roinnt gréithre air, leabaidh bheag sa
gcúinne — sin a raibh le tabhairt faoi deara san áit i dtosach;
acht áit a mbíonn blátha bíonn bean, agus bhí blátha sa
seómra bocht seo, nó baslóga ba chóra a rádh, mar ní raibh
acht tús an earraigh ann. Bhíodar ann, thart gach uile áit
ann, baslóga sgeiche, an aitinn bhuidhe féin, pébrí cé'n chaoi
ar fritheadh a leithéidí istigh i lár cathrach móire. Sé nó
seacht gcinn de phictúiríbh as na páipéir greamuighthe de
na ballaibh — bean, agus bean amháin a thoghfadh a leithéidí
de ghrafaibh má bhí aon rogha ann …
Acht cá raibh an bhean?
Bhí an teine bhí sa ngráta beagnach caithte agus an sean-
fhear ar a ghlúnaibh ós a comhair amach ghá séideadh le n-a
bhéal. D'eirigheadh lasair bheag i n-áirde as an ngríos,
chuireadh sé cipíní beaga air, thagadh méad innti go bhfeic-
theá éadan bán an daill go soiléir, go bhfeictheá a mhéara
fada caola ceóltóra agus na cuisleacha móra gorma ag
eirghe aníos as druim a dhá láimh ar nós géagán lom crann
i n-aghaidh na spéire tráthnona seaca geimhridh.
Shíl mé cuidiughadh leis, acht ní leigfeadh sé dhom. B'éigin
dom fanacht annsin 'mo shuidhe ag féuchaint air agus ag
éisteacht le ceól fíochmhar na ndúil. Agus nach ann bhí an
ceól! An teach a rabhamar ann bhí sé ar an teach ab' áirde
sa tsráid, agus nuair thagadh an gála timcheall ar mhullach
an tighe, agus anuas tríd an tsimné, agus isteach faoi'n
doras, agus nuair buailtí an bhaisteach i n-aghaidh na
bhfuinneóg, ní cheapthá acht go raibh tú istigh i gcarcar agus
go raibh na mílte beithidheach allta buile amuich ag iarraidh
greim fhágháil ort …
Bhí an sean-fhear ar a ghogaide mórán, ós cionn na teine.
Mise ar an stól beag trí cos ag sliseadh adhmuid dhó.
D'eirigh sé roinnt. Rug ar glúin orm.
"Go sabháilidh Dia muid," ar seisean, "bfheárr bheith
annseo anocht dá dhonacht é ná amuigh i bpúcán faoi Cheann
Golaim …"
"Agus a ndeir tú liom go raibh tú ann?" arsa mise agus
iongnadh an tsaoghail orm; ní raibh fhios agam an uair sin,
ar ndóigh, cé'r bh'as dó, agus d'eirigh mo chroidhe nuair chuala
mé ainm na háite sin. Chonnaic mé an áit ós comhair mo
shúl, an Ceann féin, an fhairrge mhóir timcheall air, oileáin
Árann … Leig mé osna …
Níor thug an dall aon fhreagra ar mo cheist. Bhí sé
annsin, canna bainne aige ar an teine, é ag freastail
air agus ag cainnt leis féin gan áird aige ormsa.
"Ceann Golaim," deireadh sé leis féin, agus leis an
gcaoi réidh mhall deireadh sé gach focal ba léir go bhfaca
sé na háiteanna uile go léir ós comhair a dhá shúil
dall; chonnaiceas féin iad ar aon chuma "Ceann
Golaim agus púcán maith agat ar lorg na rúnach
… caoirigh beaga bána ar mhachaire an iasgaire … na
h-éisg go halpach … ní túisge bhéadh dorugha i bhfairrge
agat ná go bhfuightheá guin … tharraingtheóchthá isteach é
… chaiththeá i dtóin an bháid é … amach leis an dorugha
arís …"
Is cinnte nach raibh aon smaoineadh aige go raibh mise
san áit ariamh ná go raibh aon bhaint agam le spóirt an
iasgaire fairrge, mar níor chuir sé aon cheist orm faoi;
ní dheárna sé acht cupán de'n bhainne te shíneadh chugam,
acht deirimse leat go raibh mé 'na ghábhadh an oidhche mhill-
teach sin …
Ní fada go raibh mé ar mo shuaimhneas colna. Mhothuigh
mé teas breágh ón mbainne ag gluaiseacht trí mo chuis-
leacha, agus an teine ag cur borradh agus bíodhgadh 'mo
ghéagaibh. Níor mhisde liom gála ná báisteach mhór — an
ghaoith bhí ag sgréachaoil thart ar an seanteach gruamdha
loistín 'na rabhamar, ar nós na mílte beithidheach allta
buile, cé'n áird bhí agam uirri? D'eirigh mé súghach sáthach
nuair d'ith mé roinnt …
Bhí sé tamall maith gur feadas chur i dtuigsint do'n
cheóltóir dall go raibh eólas chomh maith agamsa ar Cheann
Golaim agus na bealaigh sin is bhí aige féin. Bhí sé annsin
ós cionn na teine ghá theith féin agus ag ithe a bhéile
gan mórán aird aige ormsa; acht ní raib sé ann acht i
gcolainn — 'na aigne bhí sé ag treabhadh fairrge agus
ag gearradh sáile, ag coimhlint le anfa agus le gaoith ar
leathan-mhuir mí-threóireach; fairrgí cháithte, lannaí diabhalta,
mulláin chontabhairteacha, ailltreacha uaibhreacha uaisle,
uathbhás na mara agus na spéire — sin a raibh le feiceál
ag intinn an daill bhoicht bhí 'na shuidhe ós comhair teineadh
i seómra lom i gcathair iasachta …
Bhí fonn orm cainnt chur air; bhí fonn orm innseacht
dó cé'n grádh bhí agam féin ar na rudaibh bhí ghá luadhadh
aige; bhí dúil agam baint as agus mórán ceisteanna
chur air faoi na bronntanais thug Dia dhó, mar an chainnt
adubhairt sé liom ar an tsráid sul ar tháiniceamar isteach,
thosaigh sí ag brughadh isteach ar m'intinn faoi seo, acht bhí
leisg orm chur isteach ar a chuid smaointe aoibhne ná ar a
saoghal rúnda.
"Ceann Golaim," deireadh sé, "Ceann Golaim … Cuan
an Fhir Mhóir … An Daingean … Cuan Chill Chiaráin …"
agus gan buidheachas dom féin d'fheicfinn an uile áit aca,
an uile áit ar ar thrácht sé, chomh soiléir is dá mbéinn
ann …
Cluineadh torann bróg taobh amuigh de'n doras.
Gheit an sean-fhear. Chuir sé uaidh aislingí a óige.
Tháinig óigbhean isteach.
"Seo í m'inghean," ars' an sean-fhear.
Ghabh aoibhneas mé féin le chomh háluinn is bhí an bhé …
Ní shaoilim gur chaith mé béile ariamh bhí chomh haisteach
leis an mbéile chaith mé féin agus an ceóltóir dall agus
a inghean le céile sa seómra beag lom sin i gcathair i
bhfad ó bhaile.
Bhí goile mhaith agam acht níor ith mé mórán; go deimhin
is beag nach raibh an t-ocras céadna orm nuair d'fhágas
an bórd is bhí orm nuair shuidh mé síos, agus ní ganntanas
bidh ann ba cionntach leis, acht an óig-bhean, inghean áluinn
an cheóltóra …
Gheit mé ar theacht isteach sa seómra i dtosach dhi; ní raibh
súil agam le n-a leithéid de mhnaoi — aistigheacht áluinn agus
áilne aisteach ag baint léithe … dhearg sí roinnt … an
chaoi bhí mise ag féachaint uirri b'fhéidir — nó an strómh
cuireadh uirri teacht aníos an staighre chugainn …
"A Róisín," ars' a h-athair, "deóraidhe bocht eile
é seo."
Bheannuigh sí dhom. Ní dhéanfadh bainríoghan níos
maordha é.
D'innis a hathair dhi cé'n chaoi ar casadh le céile sinn.
"Agus," ar seisean, "ní dhéanfaidh tú aon mhoill anois
acht béile a ghléasadh dhúinn: tá ocras orrainn beirt."
"Orrainn triúr," ar sise.
Níl focal dá ndubhairt sí an oidhche sin nach bhféadfaim
innseacht anocht; seadh agus an chaoi a ndubhairt sí é, agus
gach cor dár chuir sí dhi ghá rádh … Níl orm anocht acht na
súile a dhúnadh agus tig liom í fheiceál go soiléir; a héadan
bhí beagán ró-bhán agus ró-thanaidhe bh'fhéidir, acht an luisne
bhíodh ag teacht agus ag imtheacht nuair bhreathnuighinn féin
ró fhada uirri … folt dubh uirri agus é chomh fiadhánta
le n-a hanam féin; acht ní dhéanfadh aon chur síos dá
bhféadfaidhe sgríobhadh an aistigheacht áluinn agus an
áilneacht aisteach ar ar thrácht mé cheana chur i dtuigsint
do dhuine. Ní 'na h-iomchur bhí an áilneacht agus an
aistigheacht, ná 'na pearsain féin, ná 'ná modh chainnte,
acht ionnta uile go léir agus a gcur le chéile …
Bhíomar ag caitheamh ár mbéile an triúr againn nuair
thosaigh an seanfhear ar a chuid cainnte arís.
"A Róisín," ar seisean, "shíl mé ar ball beag go raibh
mé sa mbaile i gConamara arís … go raibh mé ag
bádóireacht ann … ag treabhadh fairrge agus ag gearradh
sáile … seadh, amuigh ar an doimhinn bhíos sa bpúcán bheag
liom féin … agus bhí súile an tsaoghail seo agam arís …"
Ó am go ham chuireadh an dall cosg leis an gcainnt,
díreach is dá mbéadh sé ag súil go gcuirfidhe isteach air,
acht níor bhac ceachtar againn-ne leis. Maidir liomsa, is
beag áird bhí agamsa ar a bhriathraibh béil; dá bhfuighinn
Éire mhóir faoi bhuaibh air, ní fhéadfainn an sunndas ceart
thabhairt dó acht mo shúile greamuighthe san óigbhean … is
iomdha iarracht thug mé gan bheith ag breathnughadh uirri ach bhí
sé chomh maith agam bheith ag iarraidh breith ar an ngealaigh!
Ní túisge bhreathnuighuinn ar an dall agus cluas orm ag
éisteacht leis ná mhothuighinn mé féin ag cur cluas orm
féin agus ag slugadh an fhocail dob fhánaighe dá sgaoileadh
sise uaithi …
Agus bhí sise trí n-a chéile mar an gcéadna; chuir sí
salann i dtae a hathair uair; shín sí an bainne chugamsa
agus an t-arán uaim; nuair dubhairt an dall léithe uisge
chur sa tulán d'éirigh sí agus d'osgail an doras, agus
annsin rinne sí gáire gan fios cé'n fáth …
Bhí truaigh agam dhi agus truaigh agam dhom féin. Iar-
raidh eile: thosaigh mé ag éisteacht le sgreadaoil uathbhásach
na gaoithe, agus leis an mbaistigh bhí dhá radadh i n-aghaidh
na bhfuinneóg; leis an torann agus leis an achrann diabhalta
bhí ag na lóisteóirí thíos fúinn — acht ní raibh aon mhaith ann.
Ba léithi mo chluas, agus mo shúil, agus m'aire …
"Má tá sibh réidh suidhimís ag an teine," ars' an sean-
fhear.
Ní raibh mo sháith ná mo leath-sháith ithte agamsa, acht mar
sin féin rinneamar mar chomhairligh an seanfhear.
Thogh mé áit nach bhféadfadh sise m'éadan fheiceál.
Shuidh sise ar an stól beag. Chaith sí lámh léithi anonn
thar ghlúin a hathar go muinnteardha.
"Bhí mise a rádh leat ar ball," ar seisean, "go bhfaca
mé an uile shórt le súile an tsaoghail seo …"
"A bhfaca a athair?"
"Chonnaic mé. Chonnaic mé Ceann Golaim ag eirghe
aníos as an bhfairrge; sheól mé soir Cuan Chill Chiaráin
agus chonnaic mé an baile beag sin, na tighthe bána agus
Cnoc Modhardáin ós a chionn …
"Aoibhinn bheith ann," ar sise agus thosuigh sí féin ag
cur síos ar chuid mhór áiteanna bhí ar aithne agus ar eólas
agamsa. Labhair sí go fileadhta agus go haoibhinn;
acht thug mé faoi deara nach raibh sí an-chruinn
ag cur síos ar mhuinntir na háite. Thrácht sí
ar dhaoine fuair bás sul ar rugadh í direach is dá mbeidís
beó. Chuir se sin crot an-aisteac ar fad ar a cuid cainnte
— bean nach raibh mórán thar fiche bliadhain d'aois ag
cur síos ar an tsean-saoghail ar nós sean-mháthar! Daoine
bhí faoi'n gcré ó bhí mé féin 'mo mhalrach ghá luadhadh aici,
dhá moladh agus dhá gcáineadh aici, ar bhealach chuirfeadh cineál
sgáth ort!
"Agus an fada ó chonnaic tú na daoine agus ná
háiteanna sin?" arsa mise.
"Ní fhaca mé ariamh iad," ar sise, "acht bíonn m'athair
ag cur síos orra go minic liom; go deimhin is mó an aithne
atá agam ar chuid aca ná mar atá agam ar na daoine tart
annseo …"
"B'fhíor dhi. Thuig mé cuid den aistigheacht bhí ag baint
léithe annsin nuair d'innis sí dhom nach bhfaca si Éire ariamh,
gidh go raibh an aithne mhaith sin aici ar dhaoine bhí beó ann
le linn óige a athar …"
Le baint asam rinne sí é, sílim anois, acht chuir sí síos
ar dhroch-nósaibh bhí ag táilliúr bhí beó nuair bíos féin 'mo
ghasúr.
"Tá, sé sin caillte le ós cionn fiche bliadhan," arsa
mise cé'n aois mhór atá agat-sa?"
"Ó! tá mise chomh sean le m'athair: nach bhfuil, a dheaid?"
ars' an bhean óg agus d'eirigh sí agus thosuigh ag canadh
amhráin go gealgháireach …
Bean aisteach … fear aisteach … triúr aisteach agus
iad annsin le chéile i seomra bocht lom i mbárr tighe mhóir
lóisdín i gcathair iasachta i bhfad ó bhaile …
Shíltheá go mbeadh sé réidh go leór ag an te is daille
i gcúrsaidhe grádha an chuid eile de mo sgéal thabhairt leis
gan cabhair uaimse. Fear óg éidtreóireach bhí ag imtheacht
le fán agus le seachrán an tsaoghail tug gean d'inghin
ceóltóra sráide — níl ann acht an méid sin, deirfear,
acht fan …
An chéad oidhche dár casadh liom í, an oidhche sin ar thug
a h-athair cuireadh dhom béile agus féile chaitheamh leis 'na
sheómra bocht bhí fhios agam an oidhche sin go raibh ár dhá
gcroidhe ar aon bhuille; agus bíodh is nach raibh an tógbháil
chéadna orainn, ná an saoghal céadna againn roimhe sin,
b'fhacthas dom go raibh sí i ndán dom ó Dhia ó thús aimsire.
Ná fiafruighthear díom cé'n cineál mná bhí innti; téidh-
eann sé cruadh go leór orm bheith ag cuimhneamh uirri agus
mé go haonraic annseo ar chliathán an chnuic, gan trácht ar
a cailidheacht innseacht do'n domhan mhór; acht iarraim ar
gach fear atá ghá léigheadh seo, a dhá shúil a dhúnadh agus
machtnamh cúig nóiméad a dhéanamh ar a Dheirdre féin; beidh
tuigsint níos feárr aige annsin, agus eólas níos
cruinne, ar an mnaoi sin bhain mo chroidhe agus mo
chéadfaidh dhíomsa …
An t-earrach sin! Ní dhéanfaidh mé dearmad air ar
feadh na síoraidheachta. Stracadh anuas díom seanghiobal
an bhróin agus an doilighis. Bhí mé féin óg; bhí an domhan
óg agus áilneacht agus úire agus cumhracht an tsaoghail
ag baint mo chéille dhíom — nó ghá ath-bhronnadh orm má's
feárr leat mar sin é.
Easbaidh oibre? Easbaidh airgid? easbaidh an aoibhnis
is dual do'n óige? Níor ghoill sin ró-mhór orm. Dá
mbéinn gan mo bhricfasta ar eirghe dhom ar maidin cárbh
bhrígh sin? Nach raibh crios breágh láidir leathan leathair
agam le fáisgeadh 'mo thimcheall? Agus an dara fháisg
am dínnéara … acht cé d'fhéadfadh cur síos ar an aiteas
líonadh mo chroidhe nuair smaoininn ar an gcomhrádh bhéadh
agam ar theacht na hoidhche le mo Róisín aoibhinn aisteach?
Ná ceaptar go mbínn ag smaoineadh uirri de ló is
d'oidche ar nós na bhfileadh agus a leanáin féin. Ní
amhlaidh bhí ar chor ar bith, acht cineál tuairime bheith agam
go mbíodh sí ag smaoineadh orm, go mbíodh a fhios aici, ar
bhealach aimhréidhteach do-thuigthe, céard bhíodh ar siubhal agam
ó eirghe dhom ar maidin go dtéidhinn a chodladh san oidhche.
Ní shílim go dtuigtear an snadhm diamhair sin bhíos idir
beirt fhíor-leanán; ní thuigim féin i gceart é ar chaoi ar
bith, acht go bhfuil fhios agam go bhfuil a leithéid de cheangal
ann. Mara dtuiginn féin, choinnigh sé ó olc mé — ní fios
dom cé mhéad eile peacadh bhéadh ar m'anam bocht marach a
leithéid bheith ann. An náire bhíodh orm nuair dheanainn rud
ar bith nach bhféadfainn innseacht dhi! Bhí mé cráidhte go
minic ar an mbealach sin, agus cúpla uair níor thugas an
chuairt ghnáthach ar a teach. Bhéadh sé go huathbhásach suidhe
annsin 'na láthair agus an droch-rud ar do choinsías. Ní
fhéadfá é chur i gcomórtas le aon nidh acht le comaoineach
a ghlacadh agus tú i stáit an pheacaidh …
Acht ná ceaptar go raib sí fiosrac. Ní raibh. Níor
fhiafraigh sí aon cheó da shórt dhíom ariamh dá fhaide dá raibh
aithne agam uirri. Bhí croidhe glan agus anam geal gan
smál aici féin, agus níor cheap sí acht go raibh a cáirde
uile ar an déanamh chéadna.
An oidhche nach bhféadfainn dhul ann mar gheall ar sgéal
éigin de'n tsórt seo bhíodh m'ifrionn dubh diabhalta féin
'mo chroidhe istigh; acht má ghlanann an fíor-chroidhe-bhrughadh
an t-anam ó pheacadh, is minic agus is rí-mhinic gealadh
m'anam-sa. Is cuimhneach liom oidhche dhá sórt. Bhí mo
chroidhe istigh chomh dubh leis an ngual agus fonn orm glanadh
liom as an tír ar fad agus gan í fheiceál arís choidhche.
Bhí ceaptha agam dhul ar bord luinge 'mo mhairnéalach,
agus gan smaoineadh beag dá laghad thabhairt don mhnaoi le
mo shaoghal arís dá bhféadfainn é …
Mo Róisín aoibhinn aisteach a thréigeadh! Bhí mo chroidhe
'mo lár ghá réabadh. D'eirigh mé le cuairt thabhairt uirri
— an chuairt dheirionnach mar shíleas.
An mbéadh sé de mhisneach ná d'fhearamhlacht ionam an
sgéal fíor a innseacht dhi; faoisdean a dhéanamh léithi
agus annsin imtheacht liom go dtí diabhal — agus d'eile
cé'n áit ghabhfainn gan ise bheith m'aice le cuidiughadh liom?
Bhí sí léithi féin nuair bhuail mé isteach. Shíleas go raibh
gile 'na súil agus luisne 'na leicinn thar mar ba ghnáthach.
Ar aithnigh sí orm, ar bhealach diamhair éigin, go raibh rud
náireach gránda déanta agam?
"A Róisín," arsa mise, "caithfidh mé an tír seo fhágáil
i mbárach."
Níor labhair sí. Bhí tocht ró-mhór uirri. Ghoill mo bhriathra
go géar uirri.
"Agus ní casfar le chéile arís go brathach muid," arsa
mise, agus ag glacadh an mhisnígh, tosaigh mé ag innseacht
mo sgéal gránda féin dhi. Marar chuir mé leis, ní shílim,
gur bhain mé dhe; an fhírinne ghlan d'innis mé feichtear,
dom anois.
Níor chuir sí isteach orm go raidh mé críochnaighthe. 'Sé
an rud shíl mé féin, acht go n-abróchadh sí liom an teach
fhágáil agus gan filleadh arís choidhche. Bhí an breitheamhnas
sin tuillte agam ar aon chuma …
Bhí mé ag féachaint isteach sa teine agus náire orm.
Nach fada go raibh sí a' labhairt? Ní dhearcfainn uirri
ar Éirinn faoi bhuaibh … acht mhothuigheas an lámh lághach,
cineálta ar mhullach mo chinn, theangbhuigh dlaoi dá dlaoithibh
le mo leiceann gur ghabh mar bhéad sruth aibhléise thrí mo
chorp, gur eirigh mé 'mo sheasamh, gur rug barróg uirri,
gur thug póg dhíograsach dhí ar an mbéal — an chéad phóg agus
an phóg dheireadh dá dtug mé ariamh do mo Róisín aoibhinn
aisteac.
Agus dh'imtigh deich mbliadna anróiteach tharm sul ar
leag mé súil uirri arís.
Bios thall is i bhfus ar fud an domhain le linn an achair
sin agus gan fonn mór orm ar feadh cuid mhór de'n am
sgriobhadh chuig aon duine; agus ní bhfuaireas litir ó mo
Róisín acht cúpla ceann an céad bhliadhain toisg mé bheith
ag imtheacht ó áit go h-áit.
Acht ní túisge i dtír mé sa gcaladhphort 'na raibh comhnaidhe
uirri ná cheapas cuairt thabhairt uirri, bíodh is gur mhóidigheas
faoi dhó gach lá i rith an aistir nach gcuirfinn isteach uirri
arís choidhche.
Ní raibh fhios agam cé'n bhail bhí uirri: an raibh
sí pósta nó nách raibh? An raibh sí chomh datha-
mhail is gheall sí bheith? Ar bhain an aimsir an
mhór-chúis agus an eirghe-'n-áirde aisdi? Nach í bhíodh
ceanndána nuair bhíod aithne agam uirri cheana! Nach maith
is cuimhneach liom an loinnir ait a thiocfadh na súilibh dá
gcuirtí 'na h-aghaidh! Bhíodh a toil féin aici i gcomhnaidhe.
An smacht bhí aici ormsa, gidh go raibh mé — ní abróchad
cé mhéadh bhliadhan níos sine na í — an smacht sin bhog mo
chroidhe i dtosach sílim. Seadh, an smacht agus an chroidheamh-
lacht — ba gheall le ga gréine ar maidin í an chaoi thógfadh
sí do chroidhe …
Shíl mé a dhéanamh amach agus mé ag déanamh ar an teach
cé'n cosamhlacht bhéadh uirri. Sé bliadhna fichead — an aois
is banamhla bean: súile glasa meidhreach' — ní bhéadh aon
athrughadh orra siúd, ní mhúchfadh an aimsir ná an tsíor-
aidheacht féin an croidhe agus loinnir ionnta; folt dubh
— beagáinín beag ró-fhiadhánta b'fhéidir acht ní raibh
misneach agam é sin a rádh léithi acht aon uair amháin; cean-
nacha fada bhí ró bhán — acht an cneas bog cumhartha! Bha
chuimhneach liom maidin ar sháith mé m'éadan isteach i mbláthaibh
ubhall i ngáirdín — níor chumhartha iad ná a cneas …
Bhí aithmhéala orm nár sgríobh mé chuici leis na bliadhantaibh
fada: cár bhfios dom an mbéadh sí ann rómham ar chor ar
bith?
Ní abróchad cé'n tocht tháinic orm nuair bhuail mé ar
dhoras an tseómra sa teach lóisdín mar ar casadh liom
i dtosach í. Céad bliadhan ar a luighead gur tugadh freagra
orm shíleas.
Straoille de mhnaoi nár aithnigheas tháinic chuig an doras.
Cuir mé tuairisg mo Róisín agus mo chroidhe 'mo bhéal.
"Tá sí beagán níor feárr indiu," ar sise. "D'ól sí
cupán bainne ar maidin, agus d'ith sí ubh."
Céard bhí uirri? Bhíos sgannruighthe an cheist a chur. Acht an
imnidhe bhí orm! Ní chreidtheá acht chomh corruighthe is bhí mé
go raibh an bhean óg seo nach bhfacha mé le deich mbliadhna
breóite.
Seóladh isteach sa seomra mé, áit a raibh sí 'na luighe
sa leabaidh. Baineadh geit asam nuair d'fhéach mé anuas
uirri. Cosamhlacht an bháis bhí uirri. Bhí na súile meidhreacha
dúnta aici agus na fhabhraí casta anuas ar a dhá gruadh.
Ní raibh aon dath le feiceál na ceannachaibh acht dath bán.
Bhí lámh léithi taobh amuigh de na héadaigh leapthan, lámh
chaol fhada, agus d'fheictheá na cuisleacha gorma agus na
féitheóga thríd an gcneas bhán chéireach.
Leigeas osna. Agus seo í an bhean a raibh an croidhe
agus an ceanndánacht innti deich mbliadhna ó shoin! An
bhean a choinnigh greim ar mo chroidhe pé ar bith áit a ndeacha
mé!
D'osgail sí na súile. Gheith sí. Tháinic luisne beag 'na
héadan nuair chonnaic sí mé féin. An fhéachaint thainic sna
súilibh aici agus an fhéachaint tháinic 'mo shúilibh féin —
thuigeamar an dá fhéachaint. Agus an oiread a bhí le rádh
againn le chéile, agus gan fios ag ceachtar againn cá
dtosnóchaidhe. Eólas ag an mbeirt againn cé'n snadhm bhí
eadrainn sa tseanaimsir, agus fhios againn, agus fios
cinnte freisin, nár éirigh leis an aimsir, nó leis an droch-
sláinte, nó leis a ndeárnas d'olc ariamh an snadhm sin a
sgaoileadh. Seanchuimhní ag brughadh isteach orainn. Iad
ag teacht 's ag imtheacht le luas teintrighe. An sean saoghal
bhí againn ba treise go fóill é acht go raibh an saoghal nuadh
bhí tagtha ó shoin, an bhreóiteacht agus mo shaoghal suarach féin
ó sgaramar le chéile ag faghail lámh-uachtar ar an sean-
saoghal agus ar na sean-chuimhníbh a bhain leis. Níor labh-
radh go ceann tamaill fhada, acht bhí mar bhéadh sruth diamhar
feasa ag imtheacht ó dhuine go duine gur thuig mé cé'n
saoghal bhí aici le deich mbliadhan, agus gur nochtuigheadh
do'n mhnaoi óig gach olc dá ndeárnas féin le linn na
h-aimsire. Agus bhí an fios diamhar seo níos cinnte agus
níos beaichte ná aon eólas d'féadhfadh ceachtar againn
thabhairt uaidh le briathraibh béil …
Nuair a labhradh chumamar an chainnt leis an bhfios aisteach
diamhair seo a cheilt ar a chéile, acht níor éirigh linn: ba
treise féachaint súl ná focla béil, agus agadh cinéal
náire ar an mbeirt againn gur thuigeamar a chéile níos
feárr gan focal a rádh ná ar aon dóigh eile.
Thuig sise gur minic agus ró-mhinic bhínn ag machtnamh
uirri, acht nach leigfinn orm féin é: thuig mise nach raibh
aon rud is mó chuir imnidhe uirri ná eagla go bhfuigheadh
sí bás gan mise fheiceál arís, acht nach leigfead sí uirri
féin é liomsa ná léithi féin.
"Bhí tú lá," ar sise, "agus bhí fút coir uathbhásach a
déanamh. An lá sin …"
Acht ní innseóchad chéard dubhairt sí nó céard dubhairt
mé féin. Tá a corp faoi'n gcréafóig le mí, agus a hanam
sna bhFlaithis. Má d'eirigh leithi mé shabháil ó choir uathbhásach
agus í beó ar an saoghal seo, nach feárr fhéadfas sí é
déanamh arís agus í ar neamh?
Cuirtear paidir le n-a h-anam: Ní chasfar a leithéid
orm arís sa ngleann seo na ndeór.
AN CHNIOTÁIL
TÁ mé faoi bhrón agus faoi leathtrom ar feadh
an lae agus ní gan fáth é.
Bhí mé ag siubhal indé cois fhairrge ó dhubh go
dubh; óige na bliadhna ann, mo chroidhe ag gáiridh agus an
saoghal ag gáiridh liom; acht tá a mhalairt de sgéal
agam indiu, agus ní féidir liom an leanndubh a chaitheamh
díom.
Le tuitim na hoidhche aréir, thug mé cuairt ar theach
lanamhna bhí an-mhuinnteardha liom tráth; acht ar nós an
tsaoghail, ní bhfuair mé sgéal ná sguan uatha le deich
mbliadhna. Nach iadh chuirfeadh na múrtha fáilte rómhamh!
Nach againn bhéadh na sgéalta móra dhá chéile! Thosaigh
mé ag cuimhneamh ar na heachtraibh is iongantaighe agus
is aistighe dá raibh agam go gcuirfinn an bheirt ag gáiridh.
Agus bhéadh sgéalta feileamhnacha agam do na páisdibh
freisin … seadh, cé mhéad duine aca bhí ann? Triúr
mac bhí ag an lanamhain nuair bhí aithne mhaith agam orra
deich mbliadhna ó shoin; stócaigh móra bhéadh ionnta anois
shíleas, agus b'fhéidir lán an tighe de pháistibh óga eile
ann. Acht bhí sé ag cínnt orm, dubh is dath, cuimhneamh
ar ainmneacha na bpáisdí; bhéinn náirighthe …
Acht bhí áthas an domhain orm go raibh mé le ath-aithne
chur ar mo shean-cháirdibh.
Bhí fear an tighe rómham sa bpárlús nuair sgaoileadh
isteach mé féin. Bhí an lampa ar lasadh aige ar an
mbórd agus na dallóga ar na fuinneógaibh, bhíodh is nach
raibh ann acht tuitim na hoidhche, b'fhacthas dom ar an
gcéad amharc go raibh sé ag breathnughadh níos sine ná
a aois, agus níos chaithte. Deirtheá gur luigh an saoghal
go trom air. Fear árd caol-slinneánach agus é leath
roimh an aois.
Acht an obair bhí ar siubhal aige ar dhul isteach sa
seómra dhom is mó chuir iongnadh orm féin: bhí laimhíní
agus miotóga agus mórán cineál eile éadaigh, ar an
mbórd ós a chomhair amach; de'n tsnátha síoda ab fheárr
cniotáileadh iad agus ní raibh de ghnó ar mo charaid acht
bheith ghá sgaoileadh agus ag gliondáil suas an tsnátha
go dithceallach!
Shíltheá go raibh náire air go bhfacas féin é agus an
obair sin ar siubhal aige mar ní túisge chonnaic sé mé
féin ná chaith sé uaidh i agus d'fháiltigh sé rómham ar a
nós flaitheamhail féin.
Bhí fonn orm a fhiafruighe dhe cé'n fáth go raibh sé
leis an obair sin acht leis an gcaoi chuir sé na héadaigh
i bhfolach bhí fhios agam nach dtaithneóchadh an cheist leis.
"Seo fear d'fhulaing pianta ifrinn," arsa mise liom
féin.
I ndiaidh tamaill d'fhiafruigh mé dhe cé'n chaoi a raibh
an bhean. Cheapthá ga raibh leisg air freagra thabhairt
orm acht é 'na thost ag féachaint isteach sa teine go
fad-chuimhneach.
Níor chuir mé aon cheist eile air 'na taobh. Achrann
nó easaontas éigin bhí eatorra shíleas agus an leisg bhí
air labhairt fúithi. Ba thruagh liom sin mar má bhí fear
i nÉirirn thug gean agus grádh dá mhnaoi b'é mo chara
é. Acht is amhlaidh bhíos an sgéal i gcomhnaidhe cheapas
'm'intinn féin, níl leigheas ar an grádh acht an pósadh …
Agus chomh geanamhail is bhíodar ar a chéile deich
mbliadhna ó shoin!
Chuireamar síos ar an saoghal acht tá sé an-deacair
ath-aithne chur ar dhuine thar éis deich mbliadhan.
"Agus do chlann — bhfuil an uile dhuine aca go maith?"
arsa mise.
Leig sé osna.
"Go bhfóiridh Mac Dé orm" ar seisean go truaigh-
mhéalach, "acht caithfidh mé an sgéal ar fad innseacht
duit."
Do dheasuigh sé é féin chun cainnte, acht ní tuisge bhí
tosnaighthe aige ná do hosglaigheadh an dorus agus cé
bhuailfeadh isteach acht a bhean.
D'eirigh mé féin 'mo sheasamh le beannughadh di, acht
siubhal sí tharm gan féachaint orm. Go deimhin níor thóg
sí na súile ar chor ar bith, acht i ag chniotáil go dith-
cheallach ar feadh an achair. Agus nach orm bhí an
t-iongnadh nuair chonnaiceas gur brat síoda bhí ghá
chniotáil aici! Agus brat síoda gá scaoileadh ag a fear!
D'eirigh a fear freisin! Bheannuigh sé dhi ar a nós
ríoghdha féin acht níor thug sí aon áird air acht oiread
liomsa.
Chóirigh sé cathaoir mhór shuaimhnis dhi go cúramach cois
na teine. Ní fhéadfadh sé bheith níos cúramaighe dá
mbéadh sí tar éis leabaidh tinnis fhágáil, agus ní raibh a dath
de'n cosamhlacht sin uirri, acht a mhalairt. Bhí cuma na
sláinte uirri gan aimhreas; bean árd mhaordha; gúna
de'n tsíoda dubh uirri; tógbháil agus tabhairt-suas le
feiceál i ngach cor dá gcuirfeadh sí di. Bhí an dá sgór
caithte aici, acht ní abróchtha go raibh sí mórán thar an
deich bhfichid.
D'fhan sí 'na seasamh gan súil a thógbháil, acht í ag
síor-chniotáil go dithcheallach gur rug a fear ar uilinn
uirri go cineálta, gur chuir 'na suidhe í san gcathaoir
mhóir. B'fhoras aithint air nach mar gheall ar achrann
nó clampar bhí an leisg air labhairt 'na taobh i dtosach.
Ba léir do dhall go raibh an gean céadna aige uirri is
bhí i n-aimsir a n-óige.
Acht cé'n taom bhí uirri? Cé faoi an síor-chniotáil?
Cé'n chiall atá leis an neamh-shuim seo?
Thosuigheas féin ag eirighe an-imnidheach. Bhí an áit agus
an bheirt thostach bhí sa seómra liom ag cur orm go mór.
Dá labhradh aon duine sgapfaidhe an imnidhe bhí orm féin
agus leághfaidhe an méala mór bhí thart orm. Acht focal
níor labhradh ó tháinic an bhean isteach. Ní raibh le clos
agam acht torann na mbiorán cniotála nuair buailtí i
n-aghaidh chéile iad agus corr-osna leigfeadh fear an tighe
bhí 'na shuidhe le mo thaobh agus a cheann faoi go brónach
smaointeach.
Uaireannta thuiteadh an chniotáil uaithi ar an urlár;
acht ní chuireadh sé sin as di. Leanadh sí dá saothar
agus i ag oibruighadh na méar díreach is dá mbeadh na
bióráin i ngreim aici! Acht nuair nach mbíodh torann
na mbiorán le clos aige-sean bhíodh a fhios aige céard
thárla. Chromadh sé agus shíneadh sé an chniotáil dhi gan
focal a rádh. Agus cé go mbíodh a cheann faoi
níos minice ná eile, is beag cor dá gcuireadh bean na
cniotála dhi nár thug seisean faoi deara agus gan de
chúram air acht cuidiughadh léithi ar an uile bhealach dár
fhéad sé …
Nach agam bhí an truaigh do mo sheancharaid nuair
thuigeas go raibh an mheamhair glan imthighthe ó'n mhnaoi
uasail mhaordha dá dtug sé grádh a chroidhe!
Acht an chniotáil sin agus an clic-clic dheineadh na
bioráin tráth bhuailfí i n-aghaidh chéile iad! Agus an osna
d'éaluigheadh ó'n bhfear nuair losgadh a smaointe an
croidhe ann!
I ndiaidh tamaill fhada (na bliadhanta fada mar shíltheá),
chuir an bhean cosg leis an gcniotáil. Chuir sí cluas
uirri féin.
"An é sin Seán ag glaodhach orm?" ar sise.
"Sílim gurab é," ars a fear.
Tá togha éisteacht agam féin acht níor chuala mé aon
ceo; bhí iongnadh orm gur chuala siad-san an glaodhach.
D'eirigh an bhean 'na seasamh.
"Sílim go bhfuil slaghdán ar an gcréatúr bocht." ar
sise, ní chóinnéochadh an saoghal é gan bheith ag siubhal san
uisge."
Shiubhal sí go dtí an doras agus an chniotáil i ngreim
aici. D'eirigh a fear agus d'osgail sé an doras dhi mar
dhéanfá do bhainrioghain.
"Ta sí mar sin le dhá bhliadhain," ars a fear ag
filleadh ar ais chuig an teine dhó, "tá a meamhair agus a
ciall glan imthighthe uaithi."
Cé'n mhaith bheith ag iarraidh déanamh comhbhróin ar a
leithéid sin d'ocáid!
Chuimhnigh mé gur Seán bhi ar an mac ba sine.
"Acht níor chuala mise Seán ag glaodach," arsa mise
le cainnt dhéanamh.
D'fhéach mo chara orm.
"Mo léan agus mo mhí-ádh nár chuala," ar seisean,
"… acht ceal nár chuala tú faoi 'n mbrón mhór do
dhubhaigh an saoghal orainn sa teach seo?"
Dubhras leis nár chuala.
"Lá breágh gréine i ndeireadh an earraigh dá bhliadhain
ó soin dubhadh an saoghal ormsa, briseadh mo chroidhe …"
Bhí tocht ar an bhfear bocht. Bhí sé tamall beag deas
'na thost. "Seadh, an lá sin chuaidh mo thriúr mac amach
i seanbhád.: … Bhí an bád ag leigint isteach … Báitheadh
an triúr … Mé féin thug na chuirp i dtír …"
"Agus tá mo Shinéad aluinn gan mheamhar gan chiall ó
shoin i leith," ar seisean, "acht ceapann sí ar a nós
aisteach féin, go bhfuil an triúr aca sa teach againn,
agus bíonn sí ag síor-chniotáil doibh? … marach go
scaoilim féin a saothar ó am go ham bhéadh an teach lan
de mhiotógaibh agus de laimhínibh aici …
Bhí an bheirt againn gan labhairt ar feadh sgathaimh
fhada. Annsin d'eirigh mé féin agus rug mé greim
láimhe ar ma charaid, agus d'fhéach an bheirt againn i
súilibh a chéile, agus thuig seisean cé'n truaigh bí agam
dhó, agus do'n mhnaoi uasal áluinn a ar leag Dia lámh
trom …
AN MAIRNÉALACH BUIDHE
SGRÍOBH Áine Ní Mháille chugam le goirid agus
dubhairt sí liom go raibh sí ar tí pósadh. Bhí
iongnadh an tsaoghail orm mar tá Áine dhá sgór
bliadhan caithte agus ní raibh súil ag aon duine dá cáirdibh
go ngabhfadh sí faoi chuing an phósta go deó.
An chéad uair eile dá raibh mé san áit, thug mé
cuairt uirri, le tuairisg an cleamhnais a chur, mar tá
fhios ag an saoghal chomh mór is bhí mé féin agus Áine
gach uile lá ariamh.
"Agus cé hé féin?" arsa mise léithi.
"Cé nár casadh leat fós é?" ar sise, "ar ndóigh,
tá sé tart ar an mbaile seo le coigchíos."
"Ár ndóigh tá," arsa Brighid, driothúr Áine, "agus tá
fhios ag an mbaile go bhfuil sé ann freisin: é 'na
stacmhagaidh ag an uile dhuine lé ól agus le ragairneacht
… dá mbéadh aon chiall aici, sgaoilfeadh si leis cuma
céard thiocfadh as."
B'fhurus aithne ar Bhrighid nár thaithnigh an cleamhnas
léiti.
"Acht cé hé féin?" adeirimse.
"Mairnéalach le do thoil!" arsa Brighid, "mairnéalach
mór buidhe atá ós cionn sé troigh ar aoirde, fáinní óir
'na chluasaibh, craiceann roighin rocach air, folt fada dubh
ar nós mná air agus gan focal de'n Ghaedhilge ná de'n
Bhéarla 'na phluic … dá gcastaoi leat é de shiubhal
oidhche amuigh i mbéal an uaignis!"
Bhí fhios agam nach réidteóchadh a léithéid de dhuine le
Áine bhocht. Bean bheag lághach, bean deas réidh-chúiseach
í; agus má bhí an mairnéalach leath chomh h-aisteach le
n-a thuairisg, bí fhios agam nach saoghal sona sásta béadh
ag Áine thar éis a pósta. Cheap mé go mba mhaith an
rud dá n-eireóchadh liom an cleamhnas bhriseadh Bhéadh
Áine buídheach díom sa deireadh, cuma cé'n snadhm seirce
bhí eatorra faoi láthair.
"Agus cá 'l sé anois?" adeirimse.
"Shuas an staighre d' eile?" arsa Brighid, "ní chorrui-
gheann sé as an teach an fhad is choinnighthear rum leis an
beitheamhnach bradach! Mo chreach mhaidne an chéad lá
casadh linn é!"
Ní le grád dhó, bhí Áine sásta é phósadh no ní leigfeadh
sí do Bhrighid é cháineadh ar an dóigh sin. Bhí smacht
éigin aige ar na driothúrachaibh, smacht éigin nár thuigeas
féin — acht cé'n smacht é? D'fhéachas ar Áine, agus bhí
mé ar tí ceist chur uirri nuair cuireadh i n-iúl dom go
mbrisfeadh an gol uirri dá ndéanfainn.
"Gabhfaidh mé suas an staighre go bhfeicfidhe mé é,"
arsa mise agus sul má bhí sé d'uain aca cosg cur
liom bhí mé shuas.
Teach aoidheachta atá ag na driothúrachaibh, agus is
iomdha duine aisteach bhíos ag tarraingt ann. Chuartuigh
mé seómraí na lóisteóirí, acht ní raibh mo dhuine le
feiceál: imthighthe amach ar thóir an rum atá sé, cinnte,
arsa mise liom féin — acht ní túisge cheapas é sin, ná
chualas an srannadh istigh i seómra ná ndriothúr, áit
nach raibh cead ag duine ná deóraidhe cos a chur acht an
sagart agus cáirde gaoil. Agus an mairnéalach coimh-
thigheach istigh ann!
Bhuail mé isteach …
Ní bréag a rádh go raibh iongnadh orm nuair chonnaic
mé mo dhuine. Bhí sé 'na shuidhe i gcathaoir mhóir shuaimhnis
cois teine móra, a cheann leighthe siar aige, na géaga
sínte amach uaidh, a shúile ar dhúnadh aige, a bhéal ar
osgailt aige, agus gach aon srannadh uaidh.
Bhí buidéal rum ar an mbórd, píopa mór de'n chineál
caithtear san nGearmáin ar an urlár le n-a ais, mála
beag tobac le n-a uilinn agus an tulán ag ceóltóireacht
go sásta cois na teine. D'fhéadfá rádh go raibh an mair-
néalach buidhe ag déanamh ar fheabhas an tsaoghail …
Solus na teine an t-aon tsolus amháin bhí san seómra,
agus bhí mé sgathamh beag deas ann go dtugas faoi
deara nach raibh an mairnéalach codaltach leis féin. Cé
bhéadh i n-aonfheacht leis acht Michilín, páisde seacht
mbliadna, mac altroma leis na driothúrachaibh agus é
'na shámhchodladh faoi'n mbórd. Nuair chonnaic mé na
bréagáin bhí sgaptha thart air — báid bheaga agus báid
móra, capaill agus saighdiúirí stáin, gunnaí bréagacha
agus caisleáin — nuair chonnaiceas an chaoi bhí ar na
bréagáin seo, bhí fhios agam go raibh an páisde agus an
mairnéalach buidhe ag súgradh le chéile gur thuit an codladh
orra.
"Seadh díreach, sin é an greim atá ag an gcladháire
ar na mnáibh bochta seo," arsa mise lióm féin, "bheiridís
a bhfuil aca ar an saoghal seo do'n té bhéadh mór leis an
bpáisde céadna sin," agus thosuigh mé ag machtnamh ar
an mbeirt bhan sin agus an chaoi nach n-innseóchaidís
d'aon duine bheó cé dhár díobh' an leanbh nó cé'n chaoi go
bhfuaireadar féin é.
Dhúisigh an mairnéalach. Chaoch sé súil orm féin chomh
luath 's d'osgail sé í. Cuireadh chun cáirdis bhí sa
gcaochadh súil' san. Ghlacas leis an gcuireadh. Ghlacas
freisin leis an ngloine rum shín sé chugam, ní fhéadfainn
an aithne cheart chur air mara ndéanfainn ár ndóigh.
Bhuail an bheirt againn an dá ghloine i n-aghaidh a chéile …
Níl fhios agam an é an chaoi a ndeacha an rum sa
gceann orm féin, acht ar chuma ar bith thosuigheas ag cur
na cainnte dhíom gan fanacht le freagra ó'n mairnéalach
buidhe. Acht níor labhair seisean ar feadh an achair acht
an uile chaochadh súil aige orm!
Dá gcuimhneóchainn air, bhéadh fhios agam nár thuig sé
focal dá raibh mé a radh. Nuair d' fhiafruigheas dhe cé'n
chaoi ar casadh na driothúracha leis i dtosach nó cé rinne
an cleamhnas, ní dheárna sé acht a ghloine thógáil agus
súil a chaochadh orm go mealltach! Cleasaidhe bhí ann
cinnte pé ar bith cé dhár díobh é agus thaithneóchadh a
spóirt liom marach go raibh fhios agam cé'n saoghal bhéadh
ag Áine bhocht leis. Chaithfeadh sé a saothróchadh sé i rith
a shaoghail i n-aon oidhche amháin ar rum. Bhí orm an
cleamhnas a bhriseadh ar bhealach éigin …
Acht cé'n mí-ádh bhí ar Áine go déarna sí é? Corr-
bhean nach mbuaileann dithcéillidhe de'n tsórt sin í uair
éigin dá saoghal, agus annsin ní mór dá muinntir í
chosaint uirri féin. Chaithfinn-se Áine chosaint uirri féin:
acht cé'n chaoi a ndéanfainn é? Thuit mo mhachtnamh
orm …
Bhí an mairnéalach buidhe 'na chodladh agus mise ag
déanamh mo smaointe nuais bhuail Áine féin isteach.
Bhí Brighid le n-a sálaibh.
"An bhfaca tú 'n-aon áit é?" arsa Bhrighid "táimid
ar a thóir le uair a chluig!"
"Tá sé 'na chodladh annsin le sgathamh beag deas,"
adeirimse — an mairnéalach buidhe bhí i gceist agam ar
ndóigh.
"Ní eisean ata uainn," arsa Brighid go searbhúsach,"
acht Michilín bocht …"
Chonnacadar faoi'n mbórd annsin é, agus ní fhaca tú
ariamh acht an méid póg agus barróg thugadar dó. An
t-é go mbéad súil 'na cheann thuigfeadh sé cé'n grádh
bhí ag an mbeirt bhan aonraic seo dó'n mhalrach. Grádh
máthardha thugadar dhó. Beirt mháthair bhí aige ionnta …
Nuair bhí an páisde curtha 'na chodladh aca chuir mé
cainnt ar Áine.
"Cé'n tubuisde tháinic ort," arsa mise, "go ndeárna
tú cleamhnas le n-a leithéid sin do dhuine?"
Chonnaic mé na deóra móra guirt ag teacht faoi n-a
súilibh …
"Innis dhó é," ar sise Brighid.
Leag sise lámh ar cheann ar an bpáirde bhí 'na shámh-
chodhladh faoi seo.
"Marach eisean ní pósfadh sí choidhche é, 'tuige a'
bpósfadh?"
"Agus cé'n bhaint atá ag Michilín leis?" adeirimse.
"An créatúr!" arsa Brighid agus thug póg eile do'n
pháisde.
"Bhrisfeadh sé an croidhe ionainn beirt dá gcaillfeadh
muid anois é thar éis é thógáil," arsa Áine, agus thug
sise póg do'n pháisde ar nós a driothúra.
"Acht cé 'n bhaint atá ag Micilín bocht leis an
gcleamhnas?" arsa mise.
D'fhéach an bheirt bhan ar a chéile.
"D'fhógair an diabhal sin orainn go mbainfead sé
dínn é mara bpósfadh duine againn é …" arsa
Brighid, agus tháinic deóra móra guirt faoi shúile na
beirte.
"Go mbainfeadh sé díbh é — cé'n cead atá aige a
leithéid a dhéanamh?" arsa mise.
"Nach é a athair é!"
Leath na súile orm …
"Sé cinnte," arsa Brighid," "sa teach seo rugadh é an
créatúr!"
Bhí an bheirt cromtha ós cionn na leapthan ag féachaint
ar an bpáisde, agus theip orm aon chainnt eile bhaint
asta.
"An cuimhneach leat é agus é 'na naoidneán trí lá
a Bhrighid? An cneas bog cumhartha bhí air …"
"Seadh, agus na súile gorma aoibhne ar nós dhá
réaltóig …"
"Agus na méara beaga boga …"
"Acht cé'n bhrígh, a dhriothúir, acht a bhéal … a bhéal
a Áine …"
"Na sáile — a dhá sháil mharbhuigh ar fad mé chuir
sé ceann aca 'mo bhéal oidhche agus gan é thar mí
d'aois …"
Tháinic cineál uilc orm iad bheith ag moladh an pháisde
go seafóideach banda agus gan aon áird aca orm féin
agus an fonn bhí orm an sgéal a chlos 'na iomlán.
Dá mb'é an mairnéalach buidhe a athair cérbh í a
mhathair? Brighid? Ní chreidfinn ó easboc é. Áine?
Ní eireóchaidh le árd-easboc é chur 'na luighe orm …
"Agus deir sibh liom gurab é an mairnéalach buidhe
a athair," arsa mise; marach gur chuireas isteach orra
bhéadh an bheirt bhan ós cionn na leapthan go meadhon oidhche.
"Sé go cinnte," arsa Brighid.
D'fhéach Áine thart ar an mbeirt againn.
"Agus nuair d'fhógair sé orainn," ar sise "go dtiu-
bhradh sé leis é mara bpósfadh duine againn é, chuireamar
ar chrannaibh é, mar cé d' fhéadfadh sgaradh le n-a leithéidh
d'áilleán?"
"Agus is ortsa thuit an crann," arsa Brighid.
"Orm, agus pósfad é cuma céard thiocfas as,"
arsa Áine, "mar bhrisfidhe ár gcroidhe dá gcaillfead
muid an créatúr bocht;" agus d'innis sí dhom cé'n caoi
ar tháinic mairnéalach mór buidhe coimhthigheach agus bean
thorrthach le n-a chois chuig an doras chuca oidhche Nodlag
seacht mbliadna roimhe sin, agus an chaoi ar thréig sé
a bhean agus an naoidhneán rugadh an oidhche sin, go
ndeacha sé ar a chúrsa féin ar fud an tsaoghail gan
tásg gan tuairisg ar feadh seacht mbliadhan …
"Agus an mháthair," arsa mise, "céard d'eirigh do'n
mháthair?"
"Nár cailleadh í sul a raibh Michilín bocht seachtmhain
d'aois?" arsa Brighid.
Bhí Aine cromtha os cionn na leapthan ag déanamh
iongantais de'n pháisde d'oil sí féin agus a driothuír.
"Féach! Féach! Féach a Brighid," ar sise go ríméadach,
"féach tá sé ag gáiridh liom 'na chodladh féin,"
Crom an bheirt bhan ós cionn na leapthan agus d'fhágas
ann iad …
Bhí an mairnéalach buidhe 'na dhúiseacht nuair chuaidh mé
isteach sa seómra eile. Bhí gloine rum 'na ghlaic aige,
agus drithle an rum faoi n-a shúil. B' fhéidir gur shíl
sé nach dtuigfinn féin an Frainncís mar thosuigh sé
ag cur dhe sa teangain sin.
"Rum i dtosach turais," ar seisean agus é ag iarraidh
an gloine thógáil "rum í dtosach turais, rum le linn
turais, rum d' oidhche agus rum de ló … rum …"
acht bhí mé féin imthighthe sul ar fhéad sé a thuille
dá chuid cainnte meisge a rádh.
An sgéal a mhíniughadh i gceart d'Áine agus bhéadh
deireadh leis an gcleamhnas, dá gcaillfidhe an páisde
féin orra — sin é shíleas.
Acht bhí dul-amhudha orm.
Níor thuigeas croidhe na mná i gceart, níor thuigeas
doimhneacht an cheana bhí aici 'na croidhe do'n díleachtain
bhocht d'oil sí, ná an gradh chuir iallach uirri an bitheamhnach
phósadh ionnós go bhféadfadh sí a mhac choinneál.