Ceóltóirí
I
Ba le Pól Dubh an Teach Mór agus a raibh de thalamh
thart air, agus má bhí suas le leith chéad seómra ann,
níor bhac sé acht le aon tseómra amhain mar is ann
bhíodh a chathaoir mhór shuaimhnis féin, an bórd ar a
leagtaidhe lón chuige, agus a sheanbheidhlín bhíodh ar
crochadh i n-aice na cathaoireach nuair nach mbíodh sé i
ngreim ag fear an Tighe Mhóir.
Acht ní minic bhíodh an seanbhéidhlín ar crochadh. Ní
raibh de cháirdibh ag Pól Dubh acht a ghléas ceóil, agus
fear bhíos ar aon charaid sa saoghal áluinn seo ní
maith leis aon achar fada chaitheamh as a chuideachtain.
Le cúig bliadhna déag d'aimsir ní raibh Pól Dubh
agus a bheidhlín míle bealaigh ó n-a chéile. Gach uile
oidhche sa mbliadhain, chloistheá ceól sa Teach Mór.
Dá dheireannaighe shiubhalthá an bealach cloistheá na
ceólta breághtha ann; dá mhoiche bheadhthá do shuidhe ar
maidin bheadh fuamanna binne le clos agad. Agus
is iomdha sgéal agus sgéal sgéil bhí ag gabhail thart
faoi cheól an Tighe Mhóir. Dubhradh — (Dia idir sinn
agus gach anachain!) dubhradh narbh é fear an Tighe
Mhóir bhíodh ag gabhail an cheóil ann ar chor ar bith
acht taidhbhsí na ndaoine cuireadh chun báis ann san
am bhí thart! Bhí dream eile ann a chreid gurab é
an diabhal féin bhíodh ag céolteóireact ann, go b' sin
cuid de'n mhargadh bhí idir fear an Tighe Mhóir agus
an sean bhuachaill — an diabhal bheith n-a mhaighistir ceóil
aige le na bheó! Chuirfeadh cuidh eile 'n-a luighe ort
nach ceól bhíodh ann ar chor ar bith acht caoineachán na
marbh — glórtha mí-shuaimhneacha ó'n tsíoraidheacht —
mar ní raibh aon fhear de bhunadh Phóil Dhuibh le cúig
glún anuas nach bhfuair an-bhás éigin…
Acht má chuala a lán an ceól, cá raibh an t-é
d'fhéadfadh a radh go bhfaca sé an ceóltóir? Ní
raibh sé ann. San oidhche nuair bhíodh Pól Dubh n-a
suidhe n-a chathaoir mhóir shuaimhnis agus an seanbheidhlín
faoi n-a ucht aige, bhíodh dallóga troma dubha
ar na fuinneógaibh, agus lampa árd n-a sheasamh
ar an urlár le n-a ais. Bhíodh na dallóga dubha
troma céadna orra i lár an lae ghil gréine, agus
an lampa árd céadna ar lasadh le n-ais, acht
mo léan! Ní raibh call leis an lampa sin de ló ná
d'oidhche — bhí an ceóltóir iongantach n-a dhall…
Bhí an ceóltóir, bhí Pól Dubh n-a shuidhe oidhche n-a
chathaoir mhóir agus an seanbheidhlín i ngreim aige
nuair bualadh cnag beag ar an doras. Bhí fhios aige
cé bhí ann. Níor tháinic aon duine isteach thar
tairsigh an tseómra sin le cúig bliadhna déag, acht
Sean-Crosach an t-aon searbhóghantaidhe amhain bhí sa
Teach Mór. Acht b'éigin do Shean-Chrosach féin
foighid a ghlacadh ag an doras gur fhág a mháighistir
an gléas ceóil uaidh, gur dheasaigh sé na spéaclairí
móra gorma ar a shróin leis na puill gránda bhí 'n-a
chloigeann a fholughadh. Níor facthas ariamh é gan na
speacláirí sin: ó dalladh é ní leigfeadh an mhórchúis
dhó a loit nochtadh do éinne.
Thainic an fear aimsire isteach.
Thóg Pol Dubh a cheann. D'fhéach i dtreó an tsoluis.
Leig air féin go raibh fearg air.
"A Chrosaigh," ar seisean, "is baoghallach go
gcaithfead sgaradh leat mara ndéanfaidh tú an
obair níos fearr."
"Ce'n obair a mhaighistir?" agus shíltheá go raibh
iongnadh ar Shean-Chrosach.
"Cé'n obair an eadh? Féach ar an lampa sin —"
D'fhéach Sean-Chrosach air. Dhearc sé faoi agus ós
a chionn agus tharais. Tóg sé é. D'árduigh sé an
bhuaicis. D'ísligh arís í. D'fhan achar beag deas
ag féachaint ar an lampa agus gan fios aige
céard bhí ar cearr leis. Ba dóigh leat air nach
bhfaca sé ariamh lampa sháruigh é ar ghile ná ar
ghlaine ná ar dhéanamh.
Bhí sé ar tí a mholadh nuair thainic racht feirge
bréige ar a mhaighistir.
"Tá gloine an lampa sin chomh salach le do
sheanshróin," ar seisean de ghlór mhór, "glantar í go
beó!" agus bhuail sé athmhóg ar an mbórd.
Rug Sean-Chrosach ar an lampa, le n-a ghlanadh.
Bhí sé gh'á iomchar amach nuair sgread a mhaighistir
air.
"Fan!"
D'fhan Crosach. Beatha shearbhóghantaide toil a
mhaighistir b'éidir.
"Gabh anonn agus cuimil do bhos de'n bhórd sin
thall."
Rinne an fear aimsire é. Rug a mhaighistir ar
laimh air, go raibh an bhos a cuimlighead de'n bhórd faoi
sholus geal an lampa aige. Shíltheá go raibh sé ag
sgrúdughadh na boise, go bhfaca sé a raibh de dheanach
air.
"Dústa trí lá," ag tabhairt breitheamhnais air bhí
sé, cheapfadh duine.
Rug an fear aimsire ar chirteach leis an mbórd a
ghlanadh.
"Sgrios! Ná feictear annseo arís anocht thú!"
"Acht an punch a mhaighistir —"
"Sgrios adeirim nó —"
Ní dheárna Sean-Chrosach aon mholl go raibh sé ar
an taobh eile de'n doras. Annsin thug sé trí léim
agus ní fios cé mhéad truslóg le cur i n-iúl dhó
féin, agus do pé ar bith taise bhí ag déanamh airneáin
san halla fada dorcha gur amadán bhí n-a mhaighistir
agus a cheapadh go gcuirfeadh sé i gcéill dósan —
chonnaic de ló agus d' oidhche é — go raibh amharc na
súl aige. Acht má bhí fhios ag Crosach gur dá shúil
gan bheodhacht bhí ar chúl na spéacláirí gorma, níor
leig sé rún a mhaighistir le éinne eile: is beag duine
chífeadh an fear árd dubh ag gabhail an bóthar go mall
cúramach le n-a mhaide treóir a cheapfadh go raibh
aon nidh ba mheasa ná sgoltacha ag gabhail dó. Nár
shiubhal sé an bóthar chomh díreach le cách? Ce'n fáth
go gcaithfeadh sé spéacláirí marach go raibh gabhadh
aige leó? Agus cé'n gabhadh bheadh ag dall leó?
Moille beag radhairc agus na sgoltacha — sin a raibh
air de réir na ndaoine thart; agus bfheárr le Pól
Dubh ná cuid mhaith dá maoin shaogalta nár ceapadh a
mhalairt, nach gceapfadh an fear aimsire féin é.
An mhórchúis b'éidir, nó …
Thóg Pól Dubh an bheidhlín agus thosuigh ag ceól-
tóireacht dhó féin. Ar chlos do Chrosach an céol
breágh meidhreach bhí istigh, stad sé de chaitheamh na
truslóg, agus thosaigh ag damhsa ar fud an halla
fhada dhorcha agus ag mallachtadh a mhaighistir, agus
mionn mór neamhchoitchianta ghá thabhairt aige i
n-aghaidh gach coiscéime — acht is ró-chinnte go bhfuigheadh
fear eile dhéanfadh a leithéid droch-íde ón bhfear
aimsire céadna.
II
Níorbh é Crosach amhain chuala céol an Tighe Mhoir
an oidhche sin. Bhí stócach i n-aice na h-áite agus
bhí sé ag éisteacht leis ó thosaigh sé. Cuireadh
iongantas air, cuireadh aoibhneas air; cuireadh
uathbhás air mar cuireadh go minic cheana. Dá
bhféadfadh sé an ceoltóir draoidheachta fheiceál! Acht
cé'n chaoi a bhféadfadh draoidheacht nó diabhalaidheacht
bheith ag baint le n-a leithéid de cheól bhreágh aoibhinn
meidhreach? Bhí an dánacht sa stócach ó dhúthchas,
agus an fiosracht, agus an dúil nimhe aige i gceól:
ní bheadh an suaimhneas i ndán dó go bhfeicfeadh sé le
n-a shúilibh cinn an ceóltoír draoidheachta agus an
ceól 'á ghabhail aige, bíodh is gur bagruigheadh air go
minic gan a dhul i ngar do'n áit ar chor ar bith. Acht
mara gabhfadh sé i n-aice na h-áite cé'n chaoi mbéadh
ceól aoibhinn nuadh aige le seinnt ar a bheidhlín féin?
Agus gan an ceól breág d' fhoghluim sé ó bheith ag
éisteacht i ngan fhios gach oidhche le ceóltóir an Tighe
Mhóir nach iomdha lá bróin bhéadh air féin agus ar a
mhathair bhocht?
Rug an fiosracht agus an dúil bhí aige i gceól
agus i n-eachtraibh contabhairteach' an buaidh ar ar
chuala sé ariamh faoi 'n gceóltóir diabhalta. D'eirigh
leis éalughadh leis isteach sa Teach Mhór agus Crosach
ag damhsa dhó féin san halla fada, go ndeacha sé
isteach i séomra an cheóltóra.
Tháinic uamhan air nuair sheas sé i láthair an cheól-
tóra — bhí ná spéacláirí bainte dhe aigesean, an
bheidhlín le n-a ais ar an mbórd, a cheann dubh
deághchumtha mongach faoi, agus brón thar aon bhrón
dá bhfaca an stócach ariamh n-a éadan …
Tháinic tachtadh éigin ar an stócach bocht. Bhí truaigh
aige do fhear an bhróin. Bhí fonn air labhairt leis,
acht ní leigfeadh eagla dhó é. Bhí fonn air breith ar
an bheidhlín agus croidhe an cheóltóra thógbháil leis an
gceól áluinn d'fhoghluim sé uaidh féin i ngan fhios, dá
leigeadh eagla dhó é …
Chorruigh sé. Mhothuigh an dall é, thóg sé a cheann
agus is annsin chonnaic an stócach an t-uathbhás
chuirfeadh creathadh ar chroidhe cródha, chonnaic sé i
gceadóir súile millte an cheóltóra …
Níor fhéad sé anál a tharraingt ar feadh achair bhig.
Leis an uamhan bhí air níor fhéad sé corruighthe. Shíl
sé éalughadh leis. Ní raibh ann cos a bhogadh, acht é n-a
cholumhain fhaiteach annsin agus a dhá shúil greamuighthe
i n-éadan mhillte an daill.
D'éirigh an ceóltóir n-a sheasamh. Céard bhí faoi
a dhéanamh? Cé'n droch-íde thiubhradh sé ar an t-é a
raibh sé de dhánuigheacht ann cur isteach air? Tháinic
creathadh ball ar an stócach — bhí an ceóltóir
draoidheachta ag déanamh air! Bhí an t-uathbhás
buailte leis! Dá bhféadfadh sé imtheacht! Thug sé
coisméag, acht má thug, thug an dall cor codramánta
agus idir eatorra leagadh agus briseadh an lampa
árd.
Ní raibh fhios ag an stócach cé'n fhaid chaitheadar
beirt annsin n-a dtost sa dorchadas. Shíl sé go
gcuala sé sgréach taobh amuigh — sgread mar leigfeadh
ainmhidhe bhéadh gabhtha — an ghaoith i mbárraibh na gcrann
guimhaise b'fhéidir …
III
Acht cé bhí ag déanamh an cheóil? An amhlaidh go
raibh an seanbheidhlín ag seinnt uaidh féin san
dorchadas? Bhí an stócach cinnte go raibh an gléas
ceóil annsin ar an mbórd agus nár corruigheadh é;
go raibh an dall i n-aice na fuinneóige agus nár
chorruigh sé — agus siúd é an ceól, an céol diabhalta
ar ar tráchtadh go minic n-a chluasaibh!
Bhí an ceól go mín réidh i dtosach ar nós páisde
bhéadh ag clamhsán 'n-a chodladh. Tháinic borradh ann
go raibh sé cosamhail le dhá ghadhar bhéadh ag amhastraig
ar an ngealaigh. D'eirigh sé borb dána fíochmhar go
raibh sé ag imtheacht thart ós a chionn n-a ruaille-
buaille diabhalta, gur leigeadh aon sgréach amhain
agus bhí an áit chomh socair leis an uaigh …
Leig an fear dall osna.
Baineadh creathadh as an stócach …
An céol arís! Chuala sé foghar ag gabhail thart sa
seómra mar bhéadh dha cholúr ag moladh a chéile agus
ag déanamh grádh le chéile lá gréine earraigh. Tháinic
cosamhlact glór ban ar ghlór colúir díbh; í ag casaoid
agus ag gearán agus ag bagairt; í ag caoi agus
ag impidhe agus ag athchuinge; glór fir le clos
tríd an gceól, é ag plamás agus ag bladar, gá
mealladh agus gá bréagadh, le briathraibh boga
binne …
Cheap an stócach go bhfaca sé annsin ós comhair a
dhá shúil iad. An fear n-a sheasamh agus an bhean ar
a glúnabh; ise go h-impidheach, eisean go ceanndána;
ise go bagarthac, eisean ag tabhairt a dubhshlán —
acht céard sin? Béic uathbhásach ón bhfear, sgread
péine!
Gheit an stócach. Bhí sé cinnte gur bhéic duine
chuala sé, gur eirigh timpíst éigin dón te bhí i
n-aonfheacht leis sa seómra. Bhí sé ar tí labhairt, ar
tí cabhrughadh leis an té gortuigheadh acht gur thosuigh
an ceól aris. Ceól magamhail bhí ann an uair seo,
ceól sgigeamhail, an ceól bhéadh ag diabhal bhéadh thar
éis dioghaltas bhaint amach.
"I n-ainm Dé céard tá déanta agat?"
Bhí an stocach dearbhtha gur labhair an dall, go
gcuala sé an ceól magamhail, go bhfaca sé an radharc
chonnaic sé féin.
"I n-ainm Dé céard tá déanta agat," ars an
glór arís go doiligheasach, ar nós taise seancheóltóra
bheadh go míshuaimhneach n-a uaigh dhorcha gan a ghléas
ceóil. Acht sul má fuair sé freagra, thosuigh an
ceól arís. Bhí boige ann anois, boige agus binne
bhainfeadh an t-olc ó chroidhe daonna. Bhí dubrón
agus croidhe-bhrughad agus céasadh intinne ghá nochtadh
sa gceól sin, peacaigh damanta ag iarraidh maithea-
mnais ar Dhia, diabhail ag magadh fútha agus ghá
mbrostugadh chun iarraidh eile gan tairbhe thabhairt …
D'éaluigh osna ó'n dall. Shíl an stócach a theanga
a bhogadh. Dá bhféadfadh sé labhairt leis an dall, dá
bhféadfadh sé iarraidh air cosg a chur leis an gceól-
tóir draoidheachta bhí ag baint na meabhrach de!
Ní raibh call leis. Níor thosuigh an ceól arís. Dá
mbéadh solus sa seómra, d'fheicfeadh an stócach an
fear dall n-a shuidhe n-a chathaoir shuaimhnis é ghá luas-
gadh anonn agus anall le cumha agus le doiligheas agus
le dubrón; agus dá mbéad an solus nach mbronntar
acht ar an mbeagán aige, thuigfeadh sé fath an chumha
sin, nochtóchaidhe dhó nach easbaidh amhairc, ná éadan
millte bhí ag cur air, bhéadh fhios aige gur minic
agus ro-mhinic san oidhce le cúig bliadhna déag gur
bhuail taom bróin dá short é i ngan fhios do'n
tsaoghal, agus nach raibh fhios a adhbhair ag neach acht ag
an dall bocht féin amhain …
IV
"A Antoine!"
Ní chreidfeadh an stócach a chluasa. Labhradh leis.
Luadhadh a ainm mar shíl sé — acht cé'n chaoi mbéadh a
fhios ag an dall cé'n t-ainm bhí air. Dhraoidheacht na
h-áite agus na h-uaire bhí ag baint na meabhrach de.
Chuir sé cluas air féin. Ní raibh le cloisint aige
acht an dall agus cainnt aisteach do-thuigthe ar
siubhal aige. Leis féin bhí sé ag cainnt shíl an stócach
— nó leis an diabhal nó an taise bhíodh ag ceóltóir-
eacht dhó. Bhí sé ag brath ar éalughadh ó'n áit
mhalluighthe, acht thiubhradh sé an leabhar gur labhradh
leis arís:
"A Antoine!"
Gheit sé. Níor labhair. Ní dheárna sé acht dhul
anonn go dtí an áit a raibh an fear dall n-a shuidhe
agus an taom bróin air, agus lamh a leagaint ar
ghualainn air le fóirthín air.
"Cé sin?" ars an dall agus é sgannruighthe i ndá
ríribh. "Cé sin adeirim?"
B'fhuras d'aithint air gur cheap sé go raibh sé leis
féin ar feadh an achair.
"Cé thusa?"
"Mise Antoine — Antoine Beag ó Gríobhtha — nár
ghlaodh tú orm ar ball beag?"
Má bhí ceapadh ag an dall i dtosach gur spioraid nó
taise oidhche nó clúrachán éigin bhí aige ann, thuig sé
gan móill nár bh'eadh acht stócach óg.
"Agus céard thug ann thú?" ar seisean.
"An ceól"
"Agus cé'n chaoi ar eirigh leat theacht isteach?"
D'innis Antoine Beag sin dó. Bhí greim ag an
dall air ar eagla go n-imtheóchadh sé. Ní fhaca
ceachtar aca a chéile annsin sa dorchadas aisteach
sa Teach Mór. Níor chuala siad acht a nglórtha
féin.
"'Raibh tú i bhfad annseo gur labhair tú?" Shíltheá
go raibh imnidhe ar an dall.
"Bhí: ó thosaigh an ceól — an ceól draoidheachta
sin bhíos annseo 'ch uile oidhche —"
Chuir an dall isteach air.
"Dúil sa gceól thug annseo thú: Bhfuil ceól agat
féin?"
"Tá beagán —"
Dubhrádh leis port a sheinnt. Bhí Antoine Beag
n-a cheóltoir ó dhúthchas. Is beag ceól dá gcuala sé
ariamh nach bhféadfadh sé aithris dhéanamh air. Chroch
sé suas port aerach, ceól meidhreach a bhog croidhe an
daill. Chas sé ar an bport go dtáinic boige agus
binne ann, ar nós an cheóil bhí ghá ghabhail tamall
beag roimhe sin.
Má bhí súile gan beodhacht gan léargus ag fear
an Tighe Mhoir, bhí cluasa aige rinne obair cluas agus
súl dhó. An ceól dár ghabh sé féin, agus bhí ghá chleachtadh
ag an stócach choimhthigheach seo, chuir sé i gcuimhne
do'n dall eachtraí n-a shaoghal féin sul ar bhuail an
dorchadas é. Ghoil na seanchuimhní chomh mór sin air
's go mb'éigin dó cosg a chur leis an gceóltóir
óg …
Bhí sé amuigh san oidhche nuair sgar an bheirt
cheóltóirí le chéile. Bhí fhios ag an bhfear dall gur
adhbhar maith ceóltóra bhí san ógánach, acht bhí iongantas
air go dtig sé cuireadh dhó theacht arís oidhche eile.
A cheóltoir dhaill céard a chuir do cheann a leithéid
a dhéanamh agus cuireadh thabhairt do stócach óg nach
bhfaca tú ariamh cheana? Nach iongantach leat féin é
a chéoltóir — fear mar thú nach raibh duine do theach
agad le cúig bliadhna déag? Agus ó shíl an stócach
céadna gur luadhuigh tú a ainm, go raibh cineál
aithne draoidheachta agat air, nach raibh ceart agat
innseacht dó nach amhlaidh bhí an isgéal?
V
I ndiaidh a chéile d'eirigh dlúth-cháirdeas idir an
mbeirt — idir Pól Dubh, fear an Tighe Mhóir, agus
Antoine Beag ó Gríobhtha, nó Antoine Beag an Cheóil
mar tugadh air. Is corr-oidhche nach mbíodh Antoine
Beag an Cheóil ar cuairt ann, agus is annamh nach
dtiubhradh sé port nuadh abhaile leis. Dá mbéadh sé
gan teacht bhíodh uaigneas ar Phól. Bhíodh se mí-
shasta cantalach. Bheireadh sé ar a bheidhlín agus
bhaineadh greadadh ceóil as. Chaitheadh sé uaidh arís
é: cé'n mhaith bhéith ag gabhail ceóil gan lucht éiste
agat? Ghlaodhadh sé ar Shean-Chrosach. Deiread sé
leis go mbéadh air sgaradh leis, nach raibh sé ag
déanamh a ghnótha mar ba chóir, nach raibh ann acht
sgafaire leisgeamhail gan maith …
Bhualadh sé amach faoí'n spéir annsin. Shiubhladh sé
leis féin ar an mbán le n-a mhaide treóir agus
cluas air. Fuamanna beaga aisteacha na h-oidhche
ba bhreághtha leis an dall. Ní bíodh fuaim díbh nach
mbíodh fhios aige cé as a dtáinic sé agus céard a
rinne é; dá leigfeadh bó géim aisti bhéadh fhios aige
cé'n t-achar uaidh 'raib sí. D'aithneóchadh sé 'ch uile
chrann sa gcoill ar an gceól ghnítheadh an ghaoith n-a
chraobhachaibh — agus bhíodh leas-ainm aige ar gach ceól
díbh — cheól na guimhaise bhíodh ag síorchaoineadh na
marbh, ceól na fuinnseóige bhíodh chomh meidhreach le
bainrioghain na sídhe oidhche Bhealtaine, ceól na gcrann
darach bhíodh go maordha agus go solumhanta — ba bhinn
le cluais an daill iad uile. Théidheadh sé go dtí easach
bhí i ngar do'n Teach Mór agus chaitheadh sé cuid
mhaith de'n oidhche ag éisteacht le n-a ghlór. Dá
mbéadh baisteach ann dob amhlaidh dob fhearr leis é.
Annsin bhíod rabharta mór uisge dul le fanaidh ann
agus d'fhanadh an dall ag éisteacht leis an tormán
agus aoibhneas air.
Is minic fuair Antoine Beag an Cheoil annsin le
cois an easaigh é, a bhairéad bainte dhe aige, a cheann
mór mongach dubh i n-áirde, an ghealach ag soillsuighadh
anuas air, cluas air ag éisteacht le ceóltaibh oidhche
na cruinne …
Theidheadh an bheirt charad abhaile le chéile annsin
agus bhíodh ceólta le clos sa Teach Mór go fáinne
an lae go minic.
Bhí cáil an cheóil amuigh ar Antoine Bheag. Is
minic tugtaí cuireadh dhó dhul ar an mbainis seo nó
ar an gcéilidh sin. Agus theidheadh. Níorb fheárr
leis rud ar bith ná a chlisteacht thasbáint. Bhí sé
tugtha suas dhó nach raibh fear ceóil sa taobh sin tíre
acht é féin. Sháruigh sé uile go léir iad.
Acht cá bhfuair sé an ceól aisteach iongantach bhíodh
ghá ghabhail aige? Ní raibh ceapadh ag éinne gur sa
Teach Mór thóg sé é: Bhí droch-chail ar an áit, mór-mhór
san oidhche, agur níor facthas é dul ann nó ag teacht
as ariamh: dá dteidheadh féin nach beag an fháilte
bhéadh roimhe ag an dall crosta dorcha? Sin é
ceapadh.
Fiafruigheadh dá mhathair cá'r fhoghluim sé an ceól
— an ceól draoidheachta mar tugadh air. Acht bhí
sise chomh dall le cách. Ní raibh fhios aici acht oiread
cá mbíodh sé ag déanamh an airneáin. Mhéaduigh sin
an t-iongantas. I leabaidh a chéile thosuigh daoine
ag ceapadh nach stócach saoghalta bhí i n-Antoine Beag
an Cheóil. Nach mbíodh sé ag imtheacht leis de shiubhal
oidhche thar na bántaibh ar nós duine nach raibh
"ceart?" Cad chuige nár mhéaduigh sé? Cad
chuige nach raibh sé breágh mór ar nós stócaigh dá
aois? Agus an dath bhí air! Ar ndoigh níor facthas
ariamh malrach bhí chomh tnáithte leis, chomh bán sna
ceannachaibh leis, chomh caol sna guailnibh leis, chomh
h-éadtrom leis — ní fhéadfadh sé bheith thar cúig clocha
meadhchain agus ceithre bliadna déag caithte aige!
Maidir le n-a dhá shúil — bhí doimhneacht agus ciall na
seacht suadh ón Oirthear ghá nochtadh ionnta! Agus
an chainnt aisteach bhíodh aige go minic — ár ndoigh dá
mba ógánach "ceart" bhí ann ní labhradh sé ar an
mbealach sin …
Dubhairt bean le bean eile go raibh fhios aice cá
bhfuair Antoine Beag an ceól; go raibh sé n-a rún
agus nár mhaith léithi an sgéal a leathadh air — acht ó's
ise bhí ann, nár misde léithi a innseacht, go raibh fhios
aice nach ngabhfadh an sgéal níos fuide, nár mhaith
léithi dochar a dhéanamh go éinne beó, nach ndeárna
ariamh agus nach ndéanfadh choidhche … agus bhí
an-chogarnach aca!
Dubhairt an bhean eile leis an ngaoith aniar go
raibh lamh-istigh ag Antoine Beag an Cheoil — agus ag
a mhathair — leis na daoine maithe, gur uatha d'
fhoghluim sé an ceól; agus marach gur innis an
ghaoith aniar do mhnaoi eile é, ce'n chaoi a
mbéadh fhios aici-sean go mbíodh Antoine Beag an
Cheóil agus a mhathair ag imtheacht san oidhche ag
marcaidheacht ar dhá sguaib agus ceólta diabhalta a
mhusglóchadh do mhairbh ghá ngabhail aca?
Seachnuigheadh an clúrachán bídeach sin Antoine
Beag an Cheóil. Ní bhfuigheadh sé cuireadh dhul ar
bhainis ná ar dháil, má bhí ceól aoibhinn féin aige.
Seachnuigheadh a mháthair mar an gcéadna. Dá
bhfeiceadh fear iasgaireachta ar maidin í, d'fhillfeadh
sé abhaile. Dá bhfeiceadh bean í, tar eis eirghe dhi,
chuirfeadh sí comhartha na Croise uirri féin. Is beag
duine a raibh sé de dhánaidheacht ann cuairt thabhairt
ar a teach. Fanadh amach uaidh mar fanadh amach ó'n
Teach Mór féin san oidhche …
Acht ní amhlaidh bhí an sgéal nuair tháinic sí san áit
i dtosach, í féin agus a mac. Ní raibh fhios cé as a
dtángadar, nó cé dár díbh iad, nó cé'n cineál
daoine iad.
Tugadh faoi deara gur bean faoi leith bhí innti, go
raibh nósa faoi leith aici, nach raibh dúil aici dhul ar
cuairt annseo ná annsúd, ná cainnt a dhéanamh faoi
aon rud bhain léithi féin. Bhí sí óg — n-a baintreabhaigh
óig — acht má bhí sí óg féin chaith sí éadaigh d'fheilfeadh
ní bfheárr dá máthair. Sheandolmán glas-uaithne
caithte agus boinéad de'n chineál gránda caithtí
leithchéad bliadhain ó shoin is mó bhíodh uirri. Má bhí
sí cúig bliadna déag agus fiche b'shin a méid, acht bhí
sí ag eirghe liath, go mór-mhór ós cionn a dhá
cluais, agus má bhí an óige agus an mheidhir le
feiceál n-a dhá súil ghlais ar uairibh, is minice ná
sin d'fheicfidhe an doiligheas agus an dubrón
ionnta …
Is corr-uair thiocfadh meangadh gáiridh ar a béal;
nuair a thiocfadh deirtheá gur mó d'fheil an meangadh
sin dá béal ná aon mheangadh tháinic ar bhéal mná le
do chuimhne. Shíltheá go raibh frighid an mheangaidh thar
éis a bheóchaint i gceadóir, nár tháinic meangadh ar
bhéal ariamh go dtáinic ar bhéal na mná sin.
Ní raibh fhios an bean tuatha nó bean uasal bhí innte:
bhí airgead aici — cuid mhaith ceapadh; bhí foghluim
uirri — cá bhfios cé mhéad?
Bhí sí n-a hiongantas ag a lán — an óige i gcrot
sheanda, an mheidhreacht báidhte ag an mbrón, an béal
bhí meangach gáireach cainnteach ó dhúthchas n-a bhéal
daingean cruaidh tostach. Má cheap lucht na
seafóide agus an aineólais go raibh draoidheacht nó
diabhlaidheacht ag baint léithi féin agus le n-a mac,
agus má sheachain siad an bheirt ar an ádhbhar sin, bhí
daoine eile ann agus cheapadar gur bean a raibh rún
a baint léithi í, agus thiubhraidís a lán, aithne cheart
chur uirri. Acht má's draoidheacht bhí ag baint léithi,
nó má bhí rún uathbhásach aici, ní bhfuair ceachtar de'n
dá dhream cuireadh chun a tighe ariamh.
VI
Is beag a rinne sí nár chuir dream éigin a
chraiceann féin air.
Bhuail sí amach ag siubhlóid di féin lá. Maidin
iongantach shamhraidh bhí ann. An ghrian ag súgradh le
bláthaibh ioldathacha, an ghaoith andeas go meidhreach
ag iarraidh cur-isteach ar a spóirt. An domhan mór
go béodha gliondarach.
Acht ní culaith aérach shamhraidh chaith sise. Ní aiteas
bhí n-a croidhe. An seandolmán glas-uaithne bhí
uirri. An boinéad dubh gránda ar a ceann. A
dhá béal buailte ar a chéile. Bior n-a dhá súil.
Fuadar fúithi.
Ghluais léithi thar an abhainn suas sráid an bhaile
bhig go ndeacha sí isteach sa gcoill atá i bhfogus do'n
Teach Mór. Ní fios an túirse tháinic uirri, nó an é
an chaoi gur bhog aoibhneas na h-áite agus na
h-aimsire a croidhe, acht shuidh sí ar bhainseóig bhí cois
na slighe. Má's coinne bhí déanta aici le duine
éigin ann, ní raibh aon fhaitchíos uirri nach dtiocfadh
sé. D'fhan sí ar a suaimhneas annsin ag éisteacht le
glórthaibh éagsamhla na coille. Tháinic beach mhór
chrónánach agus chaith sí achar beag ag feachaint air
ag dul ó bhláth go bláth ar a saothar lae. Ghlaodh
cuach i ngar di agus lean dá cheól sásta féin. Bhí
smól ar chraoibh ós a cionn. Ní raibh aon cheól aige
sean — b'fhéidir go mb'amhlaidh gur chuir gné bhrónach
na mná bhí shíos faoi cosg leis.
Brón bhí uirri go cinnte, brón agus imnidhe. Ach
bhí sí go míshasta mífhoighdeach freisin. D'aithneóchthá
sin uirri, ar an gcaoi sháitheadh sí a sgáth fearthainne
síos sa talamh go nimhneach ó am go h-am …
Gheit sí. Tóg sí a ceann. Tháinic creathadh uirri.
Bhí dath anbhán ar a h-éadan. Marach an fhéachaint
bhí n-a súilibh shíltheá gur imeagla bhí uirri.
Chuala sí torann. Bhí fear ag teacht, maide treóir
n-a ghlaic aige, spéacláirí gorma ar a shúilibh agus é
ag imtheacht roimhe go mall cúramach.
D'eirigh sí n-a seasamh. Bhí sí corruighthe go mór.
Má's coinne bhí déanta aici le Pól Dubh, le fear an
Tighe Mhóir, rinne sí rud aisteach. D'éaluigh léithi
agus chuaidh i bhfolach air ar chúl sgeiche. Ba chosamhail
nach raibh fhios aici nár call di dhul i bhfolach air, nach
bhfeicfeadh sé í pé ar bith áit a mbéadh sí.
Acht má bhí faitchíos uirri go bhfeicfeadh Pól Dub í
ba mhó ná sin an fonn bhí uirri gach uile chor dá
gcuirfeadh seisean de fheiceál. Nuair a baintí
truslóg as ar an gcasán clochach, nuair bhuaileadh
sé cos i n-aghaidh cloiche, dá mbéadh sé ag útamáil
go ro-mhinic le n-a mhaide treóir, gheiteadh sí, thiocadh
corrughadh croidhe uirri, leigeadh sí osna beag aisteach
aisti …
Sheas seisean díreach ar a haghaidh amach. Chuir sé
cluas air féin. Bhí sé ag éisteacht le rud éigin bhí i
ngar dhó. Phreab a croidhe: an raibh fhios aige go
raibh duine éigin n-a aice?
Bhí fonn uirri éalughadh léithi sul a bhfeicfidhe í.
Dhéanfadh freisin marach go raibh fhios aici nach
bhféadfadh gan a dhul amach ar an réidh ós comhair
a shúl.
A bhean, dá mbéadh fhios agad nach raibh beódhacht
sna súilibh sin!
Bhain seisean a bhairéad de. Bhí sé ag éisteacht.
Bhí ceól éigin n-a chluasaibh — ceól na beiche bhí ag dul
ó bhláth go bláth ar a saothar lae b'fhéidir — mar tháinic
an feithide beódha sin amach as an tom agus chuaidh i
bhfolach i mbroinn blátha chorcra bhí ag fás ag cosaibh
an fhir. Chuaidh seisean ar a ghlúnaibh le pé ar bith
siosgarnac bhí aice istigh sa mbláth a chlos. Thuit
na spéachláirí gorma dá shúilibh, agus annsin chonnaic
an bhean bhí i bhfolach ar chúl na sgeiche an t-uathbhás
céadna is chonnaic a mac sgathamh roimhe sin, chonnaic
sí súile millte an fhir bhí ós a comhair amach …
Leig sí aon bhéic uamhain amhain agus ghread léithi
sna bhfáisgibh.
Níor tháinic iabh uirri gur shroich sí sráid an bhaile
bhig.
Rinne sí rud aisteach annsin. Labhradh faoi go
minic n-a dhiaidh sin. Bhuail sí isteach i dteach an
phosta.
"Cé hé an fear mór spéaclárach bhíos ag imtheacht
leis sa gcoill?" ar sise le bean an phosta. Acht ní
raibh sa gceist sin acht leith sgéal le ceist eile a
chur. Bhí aithne aici ar Phol Dubh.
Bhí iongnadh ar bhean an phosta: nach raibh aithne ag
an saoghal Fodlach ar Phól Dubh? Dubhairt sí sin.
"Bhfuil sé dall?" ars an bhean eile.
"Dall? céard a bheireadh dall é?"
"Cheapthá ar a shiubhal go raibh," arsa bean an
dolmáin ghlas-uaithne, agus chas sí ar a sáil, agus
d'imthigh léithi gan cuimhneamh ar íoc ar na stampaibh
fuair sí.
Bhí a mac roimpi nuair chuaidh sí abhaile.
"A Antoine," ar sise, "bhfuil aithne agat ar Phól
Dubh, fear an Tighe Mhóir.
Cuireadh sgannradh ar an stócach. Bhí sé faoi rún
gan innseacht do éinne beó go raibh sé mór le Pól
Dubh: cé'n aimhreas bhí ar a mháthair? Cé'n t-eólas
bhí aici? Bhí sé i dteannta. Níor innis sé bréag
léithi ariamh; an mbéadh air tosughad anois nó a gheasa
a bhriseadh?
"Chualas trácht air," air seisean, "nach é sin an
fear bhíos ag gábhail ceóil gach uile oidhche?"
"Ar chuala tú ariamh go raibh sé dall?" ar sise.
"Níor chualas," arsa Antoine Beag an Cheóil go
fírinneach, níor chualas ariamh é."
Acht cheap bean an phosta, agus cheap Antoine Beag
an Cheóil freisin é, nach gliondar bhí uirri acht a
mhalairt nuair chuala sí go raibh na súile ag Pól
Dubh.
A bhean atá ar do ghlúnaibh annsin san seómra
leat féin, a bhean nár chreid an deághsgeal hinnsigheadh
dhuit faoi fhear an Tighe Mhóir, cé'n fáth go bhfuil tú
chomh beannachtach sin súile do chomharsan bheith gan
léargus?
VII
Má bhí Antoine Beag an Cheóil gan cuireadh chun
bainse fhághail chomh minic is gheibheadh roimhe sin, má
bhí daoine ann a sheachain é féin agus a mhathair is
amhlaidh is mó bhí uain aige dhul ar cuairt ag Pól
Dubh agus seóda nuadha ceóil fhoghluim. Dá mbéadh
sé oidhche gan a dhul ann bhíodh muisíam ar fhear
an Tighe Mhóir. Dá mbéadh sé an dara oidhche gan
cuairt thabhairt air, ní saoghal sona suaimhneach bhíodh
ag Crosach.
Bhí fear an Tighe Mhóir thar éis íde na madadh agus
na muc thabhairt ar Chrosach bocht oidhche, nuair rug sé
ar a seanbheidhlín. Thosuigh sé ar an gceól le n-a
anam corruighthe a chiúnughadh. Ceól bog éadtrom
bhain sé as i dtosach — an ghaoith andeas ag súirighe le
lilibh an locha; acht leis an aimsir tháinic borradh
agus biodhgadh sa gceól — anfa mór geimhridh ag
amhastraigh go bagarthach faoi thonntaibh glasa; d'eirigh
an ceól mífhoighideach míshásta — gadhar olc a sgiob-
faidhe cnámh feóla uaidh: arbh iongnadh an ceól bheith
mí fhoighideach agus an mhoill bhí ar Antoine Beag?
Ní fada an t-achar go raibh Pól Dubh gan aon cheól.
Casadh cantalach dá dtug sé dá bhogha agus réabadh
ruadhóg tosaigh an bheidhlín. Cuartuigheadh an teach.
Bhí gach aon ruadhóg le faghail acth ruadóg tosaigh.
Ní raibh aon eólas ag Crosach ar ruadhógaibh bheidhlín,
ná ar bheidhleadóireacht, agus nuair a shíneadh sé
ruadhóg eile seachas an ruadhóg tosuigh chun a mhaighistir,
a rádh go raibh aige sa deire, nach eisean a leigeadh
an sgread nimhneach air!
"An lochrann!"
Lasadh an lochrann. Bhí fonn ar Chrosach fiafruighe
da mhaigistir dall céard bhí faoi dhéanam a leithéid
d'oidhche. Níor leig eagla dhó é dhéanamh.
"Mo chóta mór!"
Cuireadh an cóta mór air. Síneadh an maide
treóir chuige.
"Tá an oidhche dorcha agus an bothar garbh," ars Pól
Dubh mar bhéadh sé ag gabhail leithsgéal le Crosach,
"ní dochar dhuit mé threórughadh píosa de n bhealach."
Amach leó faoi 'n spéir.
"Croch suas an lochrann."
Rinne Crosach amhlaidh.
"Ní'l na súile go ró-mhaith mar sin anocht agam,"
ars an maighistir dall go truaighmhéalach, ag leigint
air go raibh beodhacht n-a shúilibh agus léargus.
"Tá an oidche dorcha a mhaigistir —"
"Fíor dhuit —"
"Agus b'fhéidir nach bhfuil na spéachlairí ró-ghlan
a mhaighistir —
"
"Sin é tá orra."
Thug sé cúl dá fhear aimsire, dá thréoraidhe agus
thosuigh ag glanadh na spéacláirí le naipcín; acht ár
ndóigh dá mbéadh sé ghá nglanadh go maidin ní
fheicfeadh na súile millte sin réalt ná ré tríotha
arís choidhche.
"Chídhfidh tú an bóthar níos feárr anois a mhaighistir,"
arsa Crosach go bréagach.
An plamásaidhe! Is maith a bhí a fhios aige nach
raibh aon chaoi dob' fheárr le deaghchroidhe chur n-a
mhaighistir ná leigint air go raibh amharc aige.
Ba iongantach an oidhche í ag an t-é a mbéad súile
n-a cheann leis an áilneacht fheiceál. Thar éis teacht
amach as an gcoill don bheirt, d'eirigh leis an
ngealach éalughadh ó na sgamaill bhí ar a tóir ó
thosach na h-oidhche. Chuidigh an ghaoith léithi. Cuireadh
ruaig ar na sgamaill, agus bhíodar ag imtheacht leó
treasna na spéire, ar nós airm ar a theitheadh,
agus an ghealach go maordha agus go buadhach n-a
ndiaidh …
"Támuid ag an gcrosbhóthar anois," arsa Crosach
chat bhí faitchíos air fiafruighe díreach cá raibh a
dtriall.
Bualadh cos a mhaigistir i n-aghaidh cloiche bhí sa
tslighe.
"Nach bhfuil fhios agam féin go bhfuilmid ag an
gcrosbhóthar a sheanamadáin," ar seisean go nimhneach
"chroch suas an lochrann sin agus ná bíodh an oiread
sin cainnte agat."
Bhí a mhaighistir anchantalach go cinnte. Chaitheadh
sé a bhogadh.
Tráthmhail go leór leig budóg bhí i bpáirc le n-a
n-ais géim aisti.
"An bhfeiceann tú an bhudóg sin a mhaighistir?"
"Chím."
"Díoladh indé le buistéir í. Fiche punnt — nach
daor atá na beithidhigh anois?"
Níor tugadh freagra air acht ba léir dhó go raibh a
mhaighistir níos sásta.
"Is dócha go bhfuil fhios agat cá 'l comhnaidhe ar
stócach beag darbh ainm Antoine ó Gríobhtha thart
annseo?"
Phreab Chrosach. Dá bhfiafróchaidhe dhe cá raibh an
diabhal n-a chomhnaidhe ní bheadh níos mó iongantas air.
Ní raibh fhios aige acht an oiread le cách go mbíodh
an stócach óg ar cuairt go mionn minic ag an Teach
Mór. Pé ar bith póirthín de sheómra tobac agus
easgaine bhí aige dhó féin san árus sin, ní raibh
cead aige é fhágail acht nuair a ghlaodhadh an
maighistir air. Agus má chuala sé glór a mhaighistir
ó am go h-am, ár ndóigh nach raibh cead ag amadán
de mhaighistir dall bheith ag comhrád leis féin.
"Teach Antoine uí Ghríobhtha —" agus iongantas
nár fhéad sé ceilt air.
"Seadh: nach duigeann tú mé? Teach Antoine uí
Ghríobhtha —" agus bhain sé fad agus fuinneamh as
gach focal i gcluais an fhir aimsire, gur léim an duine
sin le sgannradh.
Bhí dúil aige a rádh le n-a mhaighistir gan a dhul
isteach n-a leithéid de theach, áit a mbíodh an diabhal
féin ar cuairt de shiubhal oidhche; bhí fonn air innseacht
dó cé na cleasa uathbháis bhíodh gá n-imirt ag muinntir
an tighe. Chuirfeadh sé comhartha na Croise air féin
marach go raibh a lamh dheas i ngreim 'n-a mhaighistir.
"An teach — sin é é," arsa Crosach go faiteach.
"Gread leat abhaile mar sin."
Ní raibh uaidh acht gaoithe an fhocail. D'imthigh leis
n-a shodar, gur shroich sé an Teach Mór, go ndeacha sé
isteach n-a sheomra easgaine, gur chaith sé cuid mhór
de'n oidhche ann, ag ceapadh agus ag cleachtadh na
mionn ruadh.
Thóg Pól Dubh an laiste agus isteach leis sa gcéad
theach dá ndeacha sé isteach ann le cúig bliadna déag
acht a theach féin amhain.
VIII
Bhí ceól ghá ghabhail ag Antoine Beag i seómra ar
chúl an tighe. Chuala an dall é, agus cheap i dtosach
gur i n-aon aireagal leis féin bhí an ceóltóir.
"Sé an chaoi gur réabadh ruadhóg tosaigh an bheidhlín
orm — agus thosuigh an dall ag bualadh a mhaide treóir
i n-aghaidh an bhalla ag iarraidh dhul isteach.
Deirigh an bhean bhí n-a suidhe léithi féin cois teine.
D'eirigh sí agus dath an bhais n-a leicinn. Bhí a súile
ar nós duine d'fheicfeadh uathbhás, a teanga ar nós
cnáimh chruaidh do lúbthá do bhéal, fonn uirri sgread
a leigint acht gan innti focal féin a chur de.
Níor mhothuigh an dall ann í. Antoine Beag an
Cheóil bhí aige dar leis.
"An ruadhóg tosaigh réabadh orm, agus má tá
ceann agadsa —" ar seisean agus é n-a sheasamh i
gceartlár an urláir.
Chuala Antoine é. Tháinic sé aniar, agus is air bhí
an t-áthas go dtáinic a sheanoide ceóil ar cuairt
aige.
Gléasadh an dá bheidhlín, agus ní fada go raibh ceól
meidhreac ag an mbeirt cheóltóir. Chuireadar an
chéad phort díbh i n-aonfheacht, agus annsin thosuigh an
dall leis féin. Bhí coinneal ar lasadh ar an mbórd
le n-a ais, agus 'ch uile uair bhaineadh sé crathadh as
a cheann mór mongach, agus as na guailuibh láidre, le
brígh agus le fuinneamh a bhaint as an gceól, d'fheic-
fidhe mar bhéad sgáth fathaigh grinn ag damhsa ar an
mballa aolgheal ar a chúl. Uaireannta bhíodh súile
mathar an stócaigh greamuighthe i sgáth an fhathaigh:
uaireannta eile ní bhíodh le feiceál aici acht an
céoltóir mór dall agus a chroidhe dhá chur san gceól
aige.
B'fhuras d'aithint ar an mbeirt cheóltóir nár
mhothuigheadar an bhean sa láthair ar chor ar bith, nár
thugadar faoi deara chomh chorruighthe is bhí sí. Dá
dtugadh féin is cinnte go sílfidhe gurab é an céol
iongantach ba chionntach leis.
Labhair sí.
"A Antoine!"
Chuaidh an stócach anonn chuici. Thosuigh sí ag
cogarnach leis, acht má thosuigh níor fhéad sí na súile
choinneál de'n cheóltóir dall.
Chuala seisean an glór. Leag sé an bheidhlín thart.
D'eirigh de phreib agus má bhí uathbhás ar an mnaoi ar
fheiceál an daill di, ba mhó ná sin an t-uathbhás bhí ar
an dall nuair chuala sé glór na mná. Thosuigh sé ag
fiafruighe cé hí, nó cé as a dtáinic sí, nó an taidhbhse
mná ó'n tsean-aimsir í. B'aisteach do-thuigthe an
feic ag Antoine Beag é: a mháthair agus sgannradh
croidhe agus anma uirri roimh a sheancharaid; eisean
chomh h-eaglac léithi, agus é ag iarraidh dhéanamh amach
cé bhí aige ann.
Shíltheá go raibh eagla ar an mnaoi an ceóltóir
fheiceál sa riocht sin. B' shin é shíl Antoine bhí uirri,
agus nuair chuir sí cogar n-a chluais a rádh leis a dhul
ar lorg dochtúra, bhí sé cinnte go raibh a sheanoide
ceóil gan a bheith ar foghnamh agus ghread leis.
Acht ní raibh sa teachtaireachth sin acht leithsgéal.
Ní le dochtúir bhí an gábhadh acht le …
Bhí an dall ghá ceistnuighadh agus gan eólas cinnte
dearbhtha aige go raibh sí ann.
"Cé labhair? Cé labhair adeirim?" Deireadh sé
go himnidheach, acht ní bhfuair sé freagra uaithe go
raibh Antoine Beag glanta.
Annsin tháinic a misneach chuici.
"'Tuige ar tháinic tú annseo?" deir sí, "nach rabh
fhios a'd nach fáilte bhéadh romhat sa teach seo?"
"Ce thusa i n-ainm Dé?" agus creathadh n-a ghlór.
"Cé mise an eadh? Nach n-aithnigheann tú mé?"
"Chualas an glór sin cheana acht ní féidir gur tú …
Bhí an dall ag útamáil leis le na lámhaibh ag iarraidh
dhul go dtí an áit ar shíl sé an bhean bheith. Ní raibh
ann acht fíordhroch sholus ó choinnil bhí ar an mbórd.
Thóg sise é. Chroch suas é go raibh pé ar bith solus
bhí ann ag sgalladh anuas ar a h-éadan.
"Nach bhfeiceann tú anois mé?" ar sise, agus í n-a
seasamh ós a chomhair amach go mórdhálach, "nach dóigh
leat go bhfuil mé chom dathamhail is bhí nuair sgar
muid ó chéile cúig bliadhna déag ó shoin …"
Stop seisean. Shín sé lamh amach le greim fhághail
uirri acht ó bhí sí cúpla coisméig ró-fhada uaidh níor
eirigh leis.
"Nach bhfeiceann tú mé?" ar sise agus an solus
crochta aici.
"Ní fheicim."
"Níl na suíle ar fognamh agat mar sin." ar sise go
sgigeamhail. "Níl …"
Tháinic truaigh n-a ghlór.
"Níl beodhacht na éifeacht 'mo shuilibh ó'n oidhce sin …
A Mhuirghéid —"
Shíl sé breith ar laimh uirri. Níor eirigh leis.
"A Muirghéid," ar seisean go truaighmhéalach, acht
nach raibh an mhórdháil ró-fhada ó'n méala n-a ghlór,
"a Mhuirghéid," ar seisean, "d'fhulaing mé uathbhás
ifrinn de phiantaibh cuirp agus anama ó shoin. Bhíodh
aithrighe orm de ló agus d'oidhche. Maithtear dhom
anois …"
Shín sé a lamh amach. Níor rug sise uirri. Croidhe
cloiche bhí innti …
Má bhí duine aca dall féin, bhí an pictiúr céadna
ós comhair súl na beirte. Seómra beag glan i
n-uachtar tighe i gcathair mhóir. Bean óg n-a suidhe
léithi féin. Í cráidhte. A dhá súil ag sileadh deór.
Cnag beag ar an doras. Tig fear óg luthfar
dathamhail isteach. Fáiltighthear roimhe go deórach.
Ceistnighthear í faoi ádhbhar a bróin. Innsighthear
sin dó. Is clos dóibh, is clos do'n dall agus do'n
mhnaoi atá ós a chomhair amach cuid de'n chomhrádh a
thárla cúig bliadhna déag ó shoin:
An fear óg — Agus deir an dochtúir gur mar
sin atá an sgéal agad?
An bhean óg — Sin é deir sé: tá sé cinnte dhe.
An fear óg — Agus cá bhfios domhsa gur liom é;
cá bhfios dom gur mise an t-athair …?
An bhean óg — Imthigh! Agus ná feictear arís
choidhche annseo thú!
Acht an rún díoghaltais tháinic n-a croidhe! An
chaoi ar fhás agus gur mhéaduigh, gur bhorruigh agus
go dtáinic fuinneamh ann! Ní fhéadfadh acht an bhean
féin cur síos air sin. Ní fhéadfadh sise féin a rádh
leat acht gur mhéaduigh an fonn díoghaltais n-a croidhe
go mb'éigin di an fear a losgadh, gur imthigh léithi ghá
chuartughadh ar fud na cathrach, go dtáinic sí air
i ngan fhios, gur chaith sí nimh sgólta éigin idir an dá
shúil air, gur imthigh sé leis n-a gheilt sgréachach
mire …
Cúig bliadhna déag ó shoin!
A Mhuirghéid an chroidhe chloiche! Nach cóir dhuit
anois maitheamhnas thabhairt do'n fhear dall, do'n
truaghán cráidhte atá ós do chomhair amach agus é ghá
iarraidh ort? Cé'n aithne bhí aige ort an uair
sin acht aithne bheag? Agus má chuala sé drochcháil
ort, agus má chreid sé sgéalta fút nach raibh
fíor, ní iarrtar ort a rádh nach ndeárna sé coir
id' aghaidh, ní iarrtar ort acht na spéaclairí gorma
sin a bhaint dhá shuilibh, agus a fhiafruighe dhíot féin,
nár dhíol sé as a choir, nach bhfuil maitheamhnas
tuillte aige …
A Mhuirghéid an chroidhe chloiche, bíodh truaigh agat
dhó, nach mbeidh anois a Mhuirghéid?
Bhí an bheirt aca n-a dtost go ceann sgathaimh.
Olc i gcroidhe na mná. Luthgháir uirri gur eirigh
léithi iomlán a díoghaltais a bhaint as, an oidhche
uathbhasach sin cúig bliadhna déag ó shoin. Eisean
agus iongantas air, agus alltacht air, agus uamhan
air, go raibh an bhean sin a mhasluigh sé, agus a thréig
sé, agus a ghrádhuigh sé n-a óige tagtha ar ais, an
bhean sin a mhill a shaoghal air, agus bhí lán d'urchóid
agus d'olc dhó anois féin. Nár chuala sé go raibh sí
faoi 'n gcreafóig bliadhntaibh fada ó shoin, nár chuala
agus nár chreid? Nár chuir sé a tuairisg thall is i
bhfus gan tairbhe?
"Agus … agus … agus tusa mathair
Antoine?" chuaidh sé anchruaidh air an cheist a chur.
"Mé."
Dheirigh an dall smaointeach. Shílthea gur leis féin
bhí sé ag cainnt nuair a dubhairt:
"Agus d'inis sé dhom go raibh sé cáithre bliadhna
déag caithte …"
"Cúig bliadhna déag i gceann míosa —"
"Is fada, fada an t-achar é … acht dá mbeadh
fhios agamsa go raibh tú beó — thú-fhéin agus do mhac
… tú fhéin agus ár mac —"
Chuir an bhean isteach air go fiochmhar.
"De réir do chuid cainnte chuir tú aithne air
cheana, acht fógruighim anois ort gan aon bhaint bheith
agat leis feasta. Is dócha gur innis tú dhó cé'n
gaol bhí agat leis —
"Níor innis. Ní raibh fhios agam é. Ní raibh fhios
agam go mba tusa a mhathair. Níor cheapas acht go
mba gasúr beag tuatha é agus dúil aige i gceól:
acht ó tá fhios agam anois é —"
Ní raibh sé d'uain aige innseacht di céard bhí faoi
a dhéanamh. Thainic buile ar an mnaoi.
"Fógruighim ort," as sise, "gan bacadh leis. Mise
rug é. Mise thóg é — liom fhéinín fhéin amhain; agus
coinneóchad greim air an fhad is beó mé. A Phóil
Duibh, ní dheacha mé a chodladh aon oidhche le cúig
bliadhna déag gan mo mhallacht mór a chur ort. Níor
chaith mé lá ar feadh an achair fhada sin gan buidheachas
thabhairt do Dhia gur eirigh liom cuid bheag de mo
dhíoblas bhaint amach —"
Bhí an dall ag iarraidh bealach a dhéanamh treasna
an úrláir agus dhá bhualadh féin i n-aghaid an trosgáin
bhí sa tslighe.
"A Phóil Duibh," ar sise, "níor cheapas ge dtí le
goirid go raibh tú dall amach 's amach. Dá mbéadh
fhios, ba mhóide mo shonas ar an saoghal é. Acht an
luthgháir tháinic ar mo chroidhe an lá cheana! An
gliondar bhí orm nuair chonnaiceas sa gcoill thú, agus
tú ag bualadh na gcos i n-aghaidh gach cloiche thiocadh
romhat sa gconaire!"
Tháinic fuinneamh mór n-a glór. Sgaithtí bhíodh sé
cosamhail le fairrge fhíochmhar buile istigh i n-uaimh
dhorcha; sgaithtí eile ar nós gaoithe le talamh nó anfa
sna seilmeidibh. Chuala an dall an glór sin cheana
agus an fuinneamh agus an ghráin chéadna ann; chuala
sé cúig bliadhna déag ó shoin é — an raibh an dathamhlacht
agus an áilne chéadna innti is bhí an uair sin? Thiubhradh
sé bliadhnta fada dá shaoghal an bhean bhí ós a chomhair
amach a fheiceál …
"A Mhuirghéid," ar seisean, agus é ag iarraidh greim
láimhe fhagháil uirri, "a Mhuirghéid, nach dóigh leat gur
bhain tú do dhíoltas amach cheana," agus bhain sé dhe na
spéacláirí móra gorma go raibh an dá pholl ghránda
bhí n-a chloigeann le feiceál aici.
Seas sé ós a comhair amach, a cheann mór i n-aér
aige go dána mar bheadh sé a rádh —
"Féach obair do lámh."
Acht sé an chaoi go dtáinic seirbhe n-a glór siúd.
"A Phóil Duibh," ar sise, agus má bhí seirbhe n-a glór
bhí sé bog sgigeamhail freisin, "a Phóil Duibh, d'
fhéachas isteach sna súilibh sin i bhfad ó shoin. Súile
gorma bhí do cheann an uair sin; súile gorma
bréagach'; súile gorma mealltach' bladarach'; súile
gorma geanamhla chuirfeadh cluain ar aon mhnaoi — is
minic agus is ró-mhinic d'fhéach mé isteach ionnta —"
"A Mhuirghéid"" ars an dall, "Bhí ceaptha agam
Antoine Beag a chur ar sgoil ag foghluim ceóil tar
lear, bhí ceaptha agam é dhéanamh sul a raibh fhios agam
cé'rbh é ar chor ar bith —"
Chuir an bhean isteach air agus buile uirri.
"Ní dhéanfaidh tú é! Ní dhéanfaidh tú é adeirim!"
ar sise, "Nár fhógair mé ort gan baint bheith agat
leis feasta. Liomsa é — liomsa amháin. Agus má
innsigheann tú dhó cé thú …"
"Sin rud nach ndéanfad gan an cead uaitse."
Tógadh an laiste ar an doras.
"Gealladh uait —" rug sí air go himpidheach. Chuir
sé i n-iúl di go raibh sé sásta an gealladh thabhairt
di.
"Gealladh uait nach n-innseóchaidh tú dhó cé thú," ar
sise.
Fuair sí an gealladh.
Osgluigheadh an doras. Tháinic Antoine Beag an
Cheóil isteach.
"Tá an taom thart," ars an bhean go réidh socair,
"níl gábhadh le dochtúir anois."
"Beidh céol againn mar sin," arsa Antoine go
luthgháireach agus rug sé ar a bheidhlín féin. Rug an
dall ar an bheidhlín eile.
"Tá sé deireannach san oidhche; tá sé thar am dhul
a chodladh," arsan bhean.
"Cúpla port, a mháthair."
Bhí an cúpla port aca. Bhí agus dhá cheann déag.
D'fhan an mhathair n-a suidhe chois teine. Ní ag
éisteacht leis an gceol bhí sí, acht ag féachaint ar an
mbeirt. Thug sí faoi deara gan mórán moille chomh
mór is bhíodar le chéile. Bhí bróid ar a mac go
dtáinic an ceoltóir breágh, an dall iongantach, ar
cuairt chuca; bhí lúthghair croidhe air go raibh an
seanchara dá dtug sé gean ag gabhail ceóil dó cois
a theallaigh féin. Bhí sé soiléir ag an mnaoi cé'n
uraim agus cé'n grádh bhí ag a mac don dall, agus
ba shaighead i gcroidhe aice gach aon fhéachaint dá dtug
an gasúr dhó. Shíl sí freisin go raibh an dall anmhór-
dhálach; go raibh sé ag tabhairt a dubhshláin, go raibh
sé ag iarraidh innseacht di go raibh ceangal níos
dlúithe idir é féin agus an gasúr ná an gaol fola agus
nach bhféadfadh sise an ceangal sin a sgaoileadh
choidhche ná go bráthach …
Rinne sí a dithcheall ó am go ham an dáil cheóil a
sgapadh. Theip uirri gach uair. B'éigin di sa deireadh
an leabaidh thabhairt uirri féin ar eagla go mbrisfeadh
a gol uirri n-a láthair.
A Mhuirghéid, cé'n fáth go raibh tú gan codladh an
oidhche sin? A Phóil Duibh, cé na ceólta millteacha bhí
do chroidhe ag dul abhaile dhuit le fáinne an lae agus
an ceóltóir óg sin dá dtug tú an dá ghean dod'
threóir?
IX
D' eirigh mathair Antoine nuair d'imthigh na ceóltóirí
agus amach léithi. Má bhí an seandolman glasuaithne
féin uirri agus an boinéad beag gránda, agus má bhí
a dhá béal buailte ar a chéile, agus éadan bán
cráidhte uirri bhéadh fhios ag an t-é ba lugha
breitheamhnais nach raibh innti acht bean óg — bean óg
agus fuadar nimhneach fúithi.
Ar an Teach Mór thug sí aghaidh. Ní raibh sé cinnte
céard bhí fúithi dhéanamh ann; acht ó d'imthigh a mac
múirneach leis an bhfear sin a mhill a saoghal uirri ní
fhéadfadh sí fanacht níos fuide sa mbaile. Acht
céard abfheárr dhi a dhéanamh? Innseacht dá mac
cérbh é an dall? Dá ndéintí é sin cé'n meas bheadh
ag a mac uirri féin? Nár bheag an sásamh dhi go mba
lugha ná sin an meas bheadh aige ar an dall? An
tsnadhm ait bhí idir an mbeirt a sgaoileadh gan a
sgéal brónach féin a nochtadh dá mac — b'shin í an adhb.
Ba trom agus ba tuirseach a cuid smaointe agus í ag
gabhail an tslighe. An sgéal cheap sí agus d' innis sí
dá mac faoi 'n gcáil bhí ar mhuinntir a athar sa
tseanaimsir, an bhféadfad sí a bhréagnughadh anois?
Agus chomh mórdhálác is bhí an stócach as an treibh dár
díobhtha é! An bhféadfadh sí innseacht dó nach raibh
sna sgéaltaibh ar fad acht bréaga loma? Céard a
cheapfadh an stócach nuair a thuigfeadh sé nach raibh n-a
saoghal iomlán le cúig bliadna déag acht bréag bheó?
Tuige an raibh sí chomh beacht leis? Tuige ar
thasbáin sí uaigh dhó? Tuige ar dhubhairt sí leis gur
ann bhí cnámha a athar sínte? Agus an chaoi théidheadh
an bheirt aca ar cuairt ag an roilic an chéad lá de
gach mí le paidir a rádh! Chuimhnigh sí anois ar a
n-abruigheadh sí le n-a mac faoi a athair bhí san uaigh;
na deághtréithre bhí ann, an uaisleacht bhí ag baint
leis, an fhírinne bhí n-a shúil agus ar a bhéal, chuimhnigh sí
anois ar chomh minic is dubhairt sí le n-a mac, an fear
seo — an fear seo nár mhair ariamh acht i n-intinn
mná chéasta — bheith mar dheághsompla aigei gcomhnaidhe.
Ní fhéadfadh sí innseacht dhó cérbh é an ceoltóir dall;
acht dá ndéanfadh an ceoltóir dall féin é, má bhí
sé ghá dhéanamh anois féin …
Bhí an bhean bhocht céasta. A sgéal mór féin a
cheilt ar a mac an rud is mó bhí uaithi ariamh; dá
mbeadh an t-aon fhear beó d'fhéadfadh í bhréagnugadh
ghá dhéanamh le n-a mac anois féin! Acht an
gheallamhaint thug sé dhi — is iomdha caoi bhéadh ag
fear le dul thar geallamhaint dá dtogróchadh sé
é …
Ghluais léithi. Sgamaill n-a gné. Ifrionn n-a
croidhe. Uirri féin bhí an milleán aici go dtáinic sí
san áit ar chor ar bith. Dá bhfanfadh sí sa gcathair
mhóir ní fheicfeadh a mac an dall choidhche. Ní bhéadh sí
anois agus eagla anma uirri go nochtóchaidhe dhó a
sgéal féin. Bhain sí díoltas de Phól Dubh acht nárbh
fhéidir léithi a fheiceál; agus díoltas nach bhfeictear níl
ann acht díoltas bréige, mór-mhór ag mnaoi. Ó
chuala sí cá raibh comhnaidhe air, níor bhain suaimhneas
intinne di go bhfeicfeadh sí cé'n saoghal bhí aige, go
mbeadh eólas cinnte aici an raibh sé n-a dhall amach 's
amach. Agus nuair a dubhradh leithi nach raibh, nach
uirri thuit an croidhe! Acht nárbh fhiú a lán ag bean
dá leithéid na súile gan beodhacht fheiceál i gceann
an fhir a thréig agus a mhill í …
Ghread léithi. Fuadar fúithi. Beó smaointe aisteacha
ag eirghe n-a ceann ar nós na súilíní feictear ag
eirghe aníos go bárr uisge bhéadh ar fiuchadh. Ní
aoibhneas go díoltas. Ní díoltas go léargus. Bhí
uirri theacht annseo nuair chuala sí go raibh Pól Dubh
ann — bhí uirri a theacht pé ar bith céard a thiocfadh as.
Acht go nochtóchaidhe a saoghal lom bréagach náireach
féin dá mac! Go sgiobfaidhe agus go ngoidfidhe uaithi
an t-aon duine amhain ar an saoghal seo dá dtug sí
gean! Go n-eireóchadh leis an t-é dá dtug sí fuath
a croidhe é dhéanamh! Nach raibh a dhíoltas uathbhásach
féin ghá bhaint amach ag Pól Dubh?
Bhí braonacha móra alluis léithi. Méad cuileóige i
ngach uile bhraon díbh. A croidhe n-a thormán. A
h-anam n-a h-anfa.
Gheit sí. Síltheá gurab é an chaoi gur sáitheadh
biorán te isteach i mbeó a cluaise. Marach easbaidh
anála bheith uirri leigfeadh sí sgread. Leath na súile
uirri. Bhog an béal cruaidh. Labhair sí. D'éaluigh na
focla uaithi i ngan fhios di féin mórán:
"An saoi is eólaighe mhair ariamh, ní raibh fhios aige i
gcomhnaidhe céard bhí n-a chroidhe féin; cá bhfios
domsa céard tá 'mo chroidhe-sa anois? Cá bhfios
domsa narbh é an seanghrádh bhí agam ar Phól Dubh thug
orm go diamhair theacht san áit seo le n-a fheiceál
arís sul caillfidhe sinn?"
A Mhuirghéid! …
X
Bhí an maidneachan ann faoi seo. Níor airigh
Mairghéad go raibh sí buailte leis an mbeirt
beagnach. Acht ó bhí siad n-a seasamh ar thulach
leathtaobh na slighe agus a ndruim léithe ní fhéadfaidís
í fheiceál.
Bhí an ghrian ar tí eirghe. Déarfadh duine a mbéadh
frighid na filidheachta ann go raibh coire mhór i bhfolach
ar chúl na maolchnoc agus dathanna nuadha nár
facthas ariamh cheana 'á measgadh san gcoire sin ag
draoi de dhathadóir. Acht ní ar an áilneacht sin bhí
an áird ag an mnaoi, acht ar an mbeirt bhí ar an
tulach. Dá mbeadh fhios aici céard bhí ghá rádh ag an
dall! Bhí sé ag cainnt go dúrachtach leis an stócach
bhí le n-ais: an féidir go raibh sé ag innseacht dó
rún a gcroidhe? An féidir go raibh sé ag rádh leis
cé'n aithne bhí aige uirri féin san am bhí thart? Gach
cor dá gcuireadh sé dhe, gach casadh bheireadh sé dá
lamhaibh, gach creathadh bheireadh sé dá cheann mór
mongach le brigh a bhriathra a mhéadughadh, chonnaic sí go
soiléir é i naghaidh na spéire ioldaithte thoir, agus bhain
a ciall féin as. Uaireannta d'fheiceadh sí a éadan
agus an dúthracht le tabhairt faoi deara ann; uair
eile shíl sí gur aithnigh sí ar chasadh dá dtug sé dá laimh
go raibh an sgéal ar fad innsighthe aige agus thuit an
croidhe uirri. Táinic drochbhlas searbh n-a béal. Do
liath an saoghal áluinn órdha seo uirri …
Bhí fál sgeiche leathtaobh na slighe. Chuaidh sí ar a
chúl féachaint a bhféadfadh sí druideadh leó le
cuid de'n chainnt a chlos i ngan fhios. Níor eirigh
léithi. Ní raibh an ghaoith fabharach, acht marar chuala
sí an chainnt ní raibh athrughadh dá laghad dá dtáinic
i ngné ceachtar díbh nach raibh le feiceál go lán
tsoiléir aici.
Bhí aghaidh a mic tugtha ar an dall, áird an tsaoghail
aige ar a chuid cainnte, uraim an tsaoghail aige dhó.
Thóg an dall a lámh, choinnigh i n-áirde í, agus é ag
cur de.
Chuimhnigh an bhean bhí i bhfolach ar lá eile. Bhí sí féin
agus an dall óg an uair sin. Bhí sé ag cur síos ar
gach áilne dá raibh le feiceál — an spéir agus an ghrian
ag dul faoi, an fhairge mhór n-a codladh faoi 'n an
ngealaigh, céadbhlátha an earraigh, lil bán ag snamh go
suanmhar ar bhárr locha, meangadh gáiridh ar bhéal agus
i súil na mná is annsa leat ar an saoghal …
An focal fileadhta dubhairt sé faoi 'n meangadh
tháinic ar a béal féin an lá sin, bhí sé n-a cluasaibh
anois. Thosaigh seanchuimhní ag brughadh isteach uirri
dá buidheachas agus í i bhfolach annsin ar chúl na sgeach
ag féachaint ar a mac agus ar a athair. Ní raibh
breitheamhnas aici ar feadh sgathaimh bhig acht a
bhreitheamhnas siúd. Ní raibh súile aici acht a shúile-san.
Dá n-abróchadh seisean go raibh aon rud dá bhfacadar
análuinn bhí sé amhlaidh. Dá gceapfadh sé go mb' fhiú
dhóibh dhul annseo nó annsiúd dob fhiú é ar ndóigh.
Chuimhnigh sí annsin gur ar rudaibh d'fheicfidhe leis
an tsúil is mó chuireadh sé síos agus é ag trácht ar
áilne an tsaoghail. Agus ní raibh súil aige anois: an
raibh aon áilneacht le feiceál aige ar an saoghal acht
an oiread léithi fein?
Dá mbéadh fhios aici é! Dá bhféadfadh sí a chlos
anois! Bhí sé ag cur síos go fileadhta ar eirghe-
gréine, ar eirghe-gréine chonnaic sé n-a óige agus an
bhean bhí ar chúl na sgeach le n-a thaobh. Gach uile
athrughadh dá dtáinic ar an spéir ó'n gcéad ghealadh
san oirthear go raibh an ghrian ós cionn talamh, thrácht
sé air go bríoghmhar agus go h-áluinn; an dubh ag dul
i nguirme, an gorm ag dul i ngile, an ghileacht ag
iompugadh n-a airgead, an t-airgead ag iompughádh
go h-ór, agus gach mion-athrughadh thagadh ar gach
dath díbh sin, gur cheap an stócach go raibh radharc
draoidheachta éigin ag an dall agus go raibh sé ag
cur síos ar an eirghe gréine bhí ós a gcomhair
amach an mhaidin bheannuighte úd.
"… tháinic fáinne óir ar bhárr an mhaolchnuic
annsin," ars an dall; chroch sé suas a dhá laimh le cur
i gcéill do'n stócach cé mar d'eirigh an fáinne aníos
as an talamh, "fáinne beag óir agus thosaigh sé ag dul
i méid agus i méid, agus gidh go raibh sé anfhada uaim
ar fad chorruigh sé an croidhe ionam …"
"Féach! Féach! Féach!" ars an stócach, "an
fáinne óir! féach é!"
Níor chuimhnigh sé gur dall bhí le n-a ais. Níor
chuimhnigh an dall féin air.
"An fáinne óir agus é ag eirghe aníos as an talamh
go mall maordha …"
"Fáiltighthear roimhe," ars an dall.
Rug sé ar a bheidhlín. Rug an stócach ar a bheidhlín
féin agus thosuigh ag gabhail ceóil, go gceapthá nach ag
fáiltiughadh roimh an ngréin bhíodár ar chor ar bith acht
go raibh an ghrian leisgeamhail mhaordha ag eirghe aníos
le n-a gcuid ceóil aoibhinn a chlos.
Tógadh croidhe na mná bhí ar chúl na sgeach. Acht
ní h-é an ceól thóg a croidhe acht gur aithnigh sí ar
iomchur na beirte nach raibh aon díoghbháil déanta go
fóill, nár hinnsigheadh fós dá mac cé'n bhaint bhí
eatorra trúir. Bhí ceaptha aici cur isteach orra agus
a mac bhreith léithi abhaile sul a ndéanfaidhe an dochar
nach bhféadfaidhe a leigheas. D'eirigh sí amach ar an
mbóthar. Dhruid sí leis an mbeirt cheóltóir, acht
níor mothuigheadar ann í go raibh sí achar beag deas
n-a seasamh le n-a dtaobh.
Gheit an bheirt. Bhí sise corruighe go mór.
"Tá sé i n-am agat bheith do leabaidh, a Antoine,"
ar sise, "siubhal uait abhaile."
"Ní bheidh mé i bhfad anois, a mhathair. Caithfidh mé
Pól a threórugadh abhaile: níl na súile ar foghnamh
aige."
Dá bhféadfadh sí innseacht dó cé'n fáth! Níor
labhair sí focal beag féin.
"Agus b' fhéidir," ars an stócach arís, "agus
b'fhéidir a mhathair," ar seisean, "go dtiocfá-sa linn;
níl an bealach ró-fhada mar sin."
Chuaidh. B'éigin di é. Mara ngabhfadh cár bhfios di
nach ndéanfaidhe an díoghbhaíl sul a filleadh a mac?
Ghluais leo triúr agus dob ait an triúr iad. Bhí
croidhe lán ag Antoine Beag an Cheóil. Nach raibh
aithne curtha ag a sheancharaid dall aonraic ar a
Mhathair! Nach mbeidís mór le chéile feasta! Le
chomh gliondarach is bhí sé féin níor thug sé faoi deara
a bheirt chomhluadar. Ní fhaca sé chomh corruighthe is
bhí Pól Dubh. An ghráin croidhe bhí i súilibh a mhathar
tráth dhearcadh sí ar an dall — níor léir dhó sin acht an
oiread. Agus an chainnt bhí aige! An stócach bocht
aineólaigh! Níor thuig sé go raibh gach focal thainic
amach as a bhéal ar nós saghaid i gcroidhe na beirte
b' annsa leis ar bith — an bheirt thug ar an saoghal é.
Ní raibh an ghrian thar a trí fhad féin ó thalamh agus
í n-a luighe go suanmhar ar leabhaidh néalta órdha.
Bhí leisg uirri shíltheá eirghe as an leabaidh áluinn sin
agus aghaidh thabhairt ar na spéarthaibh fuara uachtaracha.
Easbaidh ceóil b' éidir — acht níorbh eadh. Bhí fuiseóg
agus ceól chomh breágh aici is tháinic ariamh ó bheidhlín
ghá mealladh i n-áirde sna spearthaibh …
"A mhathair," ars an stóchach, "nach mbeidh tú mór
le Pól feasta? Sé tá i n-ann an ceól a ghabhail!
Sé tá i n-ann cur síos ar rudaibh!"
Agus siúd ar aghaidh é ag moladh an daill.
Chonnaic sé an ghrian leisgeamhail n-a leabaidh
néalta.
"Agus an chaoi chuir sé síos ar ball beag ar éirghe
na gréine! Má tá moille radhairc féin air ní raibh
dath dá dtáinic san spéir thóir ó d' fhágamar an teach
nár innis sé dhom: nár innis a Phóil?"
Níor tugadh freagra air. Ní ar a chuid cainnte bhí
áird ag an mbeirt. Ní air bhíodar ag cuimhneamh acht
ar mhaidin eile agus an bheirt aca óg. An mhaidin sin
chonnaic an bheirt aca an ghrian ag eirghe go maordha.
Ise amhain d'fhéadfadh í feicéal anois …
"Agus maidir leat-sa a Phóil, ní raibh ceart agat
gan teacht ar cuairt againn roimhe seo. Nach minic
d' iarr mé ort theacht? Na súile b'fhéidir — seadh sin
leithsgéal; acht tiocfaidh tú ó ám go h-ám, nach
dtiocfaidh anois?"
"Corruair fhágaim an teach."
"Tá fhios agam sin acht tiocfaidh tú oidhche Dia
Domhnaigh agus beidh oidhche ceóil againn. Beidh mise
mo threóir agat. Nach dtiocfaidh tú anois a Phóil?"
ars an stócach go h-impidheach, acht níor labhair an
dall.
"Abair leis a theacht a mhathair. Déan."
Níor labhair sise acht oiread leis an dall. Dhearc
an stócach ar an mbeirt. An raibh siad ag éisteacht
leis ar chor ar bith? Bhí féachaint aisteach i súilibh
a mhathar. Bhí sí ag féachaint uaithi ar rud éigin nár
léir dhó féin. Agus an dall — bhí seisean go neamh-
aireach freisin. Ceól nuadh áluinn gá cheapadh aige
b'fhéidir …
D'eirigh an stócach n-a thost. Ní raibh aon cheart
aige bheith ag cur isteach ar an mbeirt b'annsa le n-a
chroidhe, acht cead thabhairt d'iongantas na h-uaire
agus na h-áite an croidhe a thógbháil ionnta.
Acht níorbh í an uair láithreach seo, ná an áit
láithreach bhí ag baint na cainnte díbh, acht iongantas
uaire agus áite eile, cumhracht na talmhan ann, ceól
éanlaith ann, an ghrian ag eirghe ann, an bheirt aca féin
ann taobh le taobh, agus béal ar bhéal …
"A Phóil!"
Bhíodhg an dall as an aisling sin. Ar labhradh
leis? An ó'n mnaoi bhí sa lathair anois nó o'n mnaoi
bhí leis cúig bliadna déag ó shoin tháinic an chainnt?
Ise — an bhean bhí sa lathair anois adubhairt an
focal. Agus leis an mac bhí le n-a taobh a mhealladh
thosuigh sí ag cainnt faoi rudaibh beaga suaracha leis
an dall. Ní déanfadh sé cúis dá gceapfadh an mac
céadna go raibh aithne aca ar a chéile san am bhí thart
agus go raibh olc aca dhá chéile dhá bhárr. Bhí a mac
géarchúiseach. Chaithfeadh sí bheith ar a h-aire. An
snadhm cáirdis ceangluigheadh idir a mac agus a
cheólchara a sgaoileadh, b'shin í an obair mhór bhí róimpi
amach …
Sroicheadar doras an Tighe Mhóir. Ní raibh Antoine
Beag sásta imtheacht go n-osglóchaidhe é. Bualadh
air. Dúisigheadh Sean-Chrosach n-a phluais codalta
agus easgaine acht níor eirigh sé. Bualadh arís ar an
doras. Leag sé cos ar an urlár. Thug sé mionn.
Bualadh arís ar an doras. D'eirigh sé amach ar an
urlár. Chuir a cheann amach thríd an bhfuinneóig.
Nuair a chonnaic sé an bheirt bhí i n-aonfheacht le n-a
mhaighistir chaith sé trí smugairle taobh thiar dhe le
teann iongantais agus dubhairt:
"I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
Naomh, bhfuil deireadh an domhain ann?"
XI
Nuair Bhí Antóine Beag an Cheóil agus a mhathair
ag dul abhaile an mhaidin sin, shíl sí an snadhmh cáirdis
a sgaoileadh ar bhealách eile.
Faoi 'n am seo bhí Antoine ag tosughadh ar chuid
bheag de stáir na tíre a léigheadh; agus corr-oidhche
nuair nach mbíodh fonn mór ceóltoireachta air bhíodh
sé ag innseacht dá mhathair cé'n droch-íde bheirfeadh sé
do'n sgriosadóir seo nó do'n ropaire úd dá mbeadh
sé beó le n-a linn.
Chuimhnig an mhathair ar an olc bhíodh ar an stócach
dhoibh siúd rinne slad agus creach ar Éirinn.
Bhí fothrach seantighe le hais na slighe.
"Muinntir Nualáin bhíodh annsin a Antoine," ar
sise, "caitheadh amach iad fiche bliadhain ó shoin. Fuair
an tseanbhean agus beirt de na páisdibh bás leis an
ocras … díreach annseo," agus sheas sí ag
féachaint ar an seanteach.
Chuir a mac i gcéill di cé'n gráin bhí aige do'n
drochtighearna rinne an gníomh.
"Athair Phóil Duibh chaith amach iadh …"
Níor labhair Antoine Beag focal. Bhí sé ag
feachaint go smaointeach ar na fothrachaibh.
"Innseóchaidh aon duine dhuit é," ar sise, "le n-a
laimh féin chuir sé an áit thrí theine …"
Bhí Antoine Beag an Cheóil ag ceapadh nach
ndéanfadh Pól Dubh a leithéid. Bhíodar beirt ar
mhullach an áird. Bhí machaire breágh leathan sínte ós
a gcomhair amach. Thosuigh an mhathair ag comhaireamh
gur chomhairimh sí fiche fothrach timcheall orra.
"Athair Póil Duibh dhíbir na daoine agus a leag na
tighthe sin uile go léir," ar sise, "mhionnuigh sé agus
mhóidigh sé nach bhfágfadh sé teach gan dóigheadh idir an
dá Loch Riabhach …"
Bhí an stócach ar buile leis. Dá mbéadh sé féin
ann an uair sin nach é dhéanfadh gníomh!
"Thosuigh sé ar an sgrios a dhéanamh," ars an
mhathair, "acht is dócha gur eirigh sé tuirseach dhi;
fuair sé téad cnáibe ar an úrlár oidhche. Ba láidir
agus ba theann an téad é. Chuir an seandiabhal dubh
spéis an tsaoghail ann. Rug sé air. Mheadh sé agus
thomais sé é. Trí feagh go leith bhí ann … tháinich
smaoineadh éigin n-a cheann. Chaith sé an téad uaidh
mar chaiththeá nathair agus suas leis an staighre chomh
tapaidh is bhí ann. Acht níor fhéad sé suaimhneas a
ghlacadh annsin. Anuas leis. Bhí an téad ar an
úrlár. Bhí sgannradh air roimhe. Bhuail sé cic ann.
Thainic sgannradh air — bhí diabhalaidheacht ag baint
leis an téad sin — b'éigin dó breith arís air. Bhí
mallacht ar an téad. Níor fhéad sé imtheacht uaidh.
Bhí ceann leis agus lúb ann. Chuir sé an lúb faoi
n-a mhuineál … chaith sé an ceann eile thar sail …
ar maidin bhí lucha an Tighe Mhóir ag deanamh fleidhe
ar a cholainn, agus bhí a anam …"
Bhí uathbhás ar Antoine Beag an Cheóil an bás rug
ar athair a charad.
"Agus maidir le n-a athair siúd — piostal chuir
deireadh leis an mbeitheamhnach sin. D'fhéach sé
isteach ró-fhada n-a bhéal … friothadh cnamh as a
chloigeann fiche slat ó'n áit rinne sé an gníomh …"
Ghoil an sgéal sin go mór ar Antoine. Truaigh
amhain bhéadh aige do'n fhear a caitheadh, marach gur
innis a mhathair dhó cuid bheag dá thréithribh.
"Agus a athair siúd arís," ar sise, "san loch Riabhach
a báitheadh é. Marach gur bháith sé é féin, dá thoil
féin, cé'n fáth go dtáinic fuarloch san abhainn gur
cartuigheadh a uaigh, gur tugadh a chonra le sruth …
agus nuair adhlacadh arís san talamh coisreagan é,
nár tugadh le sruth arís é an oidhche chéadna?"
Agus thosuigh sí ag innseacht dhá mac faoi eachtraibh
muinntir' Phóil Duibh. Dá mb'fhíor dhi é ba mhór an
peacad aon duine aca a leigint a theacht i n-aois fhir.
"An fear atá ann anois …"
Bhí fúithi an cáineadh ba mheasa fuair aon fhéar
aríamh thabhairt dhó. Dhearc Antoine Beag uirri. Ní
fhaca sé ariamh cheana an chosamhlacht sin i n-éadan a
mhathar. An ghráin agus an fuath n-a súilibh. Fonn uirri
labhairt acht eagla uirri go nochtóchaidhe a sgéal féin
thríd an gcainnt nimhneach bhí ar bhárr a teangan.
"Siubhal leat," ar sise go tobann agus an ghráin
agus an faitchíos ag coimhlint le chéile n-a gnúis.
Ghluais leó timcheall fiche slat gan focal a rádh.
Stad sí go tobann.
"A Antoine," ar sise, "a Antoine a chroidhe
istigh," ar sise agus thug sí barróg dó gan aon tsúil
aige le n-a leithéid, "a Antoine a chuid," ar sise,
agus í ar a dhá ghluin, "a Antoine, abair liom nach
ngabhfaidh tú ann feasta, impighim ort gan aon bhaint
bheith agat leis feasta. Tá mallacht ar an bhfear sin,
mallacht mná a milleadh … abair liom anois nach
ngabhfaidh tú ar cuairt ann feasta go seachtnóchaidh
tú é mar seachnuighthear an diabhal …"
Bhí Antoine n-a thost ar feadh tamaill bhig. Bhí sé
ag féachaint uaidh thar an machaire go doiligheasach.
"Acht an ceól a mhathair! an céól aoibhinn!" ar
seisean.
D'eirigh an bhean dá glúnaibh. Thuig sí nach raibh sé
n-a cumas an snadhm bhí idir an mbeirt cheóltóirí a
sgaoileadh ar an dóigh sin.
XII
An imnidhe bhíodh uirri! Dá mbéadh Antoine Beag
gan theacht abhaile i n-am d'fhanadh sí n-a suidhe ag
fanacht leis agus an croidhe ghá chrádh innti go raibh sé
sa Teach Mór agus go gcloisfeadh sé an sgéal ó Phól.
Agus nuair a thiocfadh sé abhaile bhíodh cineál sgáth
uirri roimhe. Dá bhféachfadh sé uirri go smaointeach
— nós bhí aige — shíleadh sí go raibh deire leis an
gcáirdeas bhí eatorra arísgo bráthach, gur h-innsigheadh
gach uile shórt dhó ar olc léithi féin. Bhí sí ghá céasadh
aige agus é léithi sa teach; bhí sí gá céasadh aige agus
é ó bhaile …
Shuidheadh sí ag cniotál cois teine san oidhche go
dtiocfadh sé abhaile. Bhíodh an bórd faoi réir aici;
an tualán ar fiuchadh ós cionn na teine; cíte gá
fuaradh ar lic na fuinneóige.
Cuireadh sí an sgéal trí chéile n-a h-intinn féin.
Thug Pól gealladh dhí — acht nach iomdha caoi le
gealladh a bhriseadh seachas é réabadh ó céile i n-aon
turas? Acht an mbéadh fonn ar Phól an sgéal
innseacht? Bhí sí cinnte go mbéadh an fonn sin air
's chomh mór le chéile is bhí an bheirt. Acht nach mbeadh
eagla air go dtaobhóchadh Antoine Beag le n-a
mhathair agus go mbeadh sé féin fágtha gan caraid ar
an saoghal? Nach raibh an sgéal níos náirighe aige
féin? Acht nach iomdha craiceann d'fhéadfadh sé cuir
air?
An díoltas bhain sí amach i bhfad ó shoin — marach é
sin, ní thiocfadh sí san áit mhallaighthe seo go deó,
marach é sin ní bhéadh a mac mór le Pól Dubh, marach
sin ní bhéadh sí ciaptha cráidhte céasta anois: ár
ndóigh, ní fhéadfadh sí gan mallacht bheith uirri agus a
leithéid a dhéanam? Agus ba dhóigh léithi go mba
cuid de'n mhallacht go raibh gean a h-aon mhic gá
cailleadh aici. An díoltas sin bhain sí amach —
thosuigheadh sí ag machtnamh air go dtiocadh an
pictúir go soiléir ós comhair a súl, go mbíodh uamhan
uirri roimpe féin, roimh an ngráin bhí n-a croidhe
féin …
Shíl sí tráth go raibh an ghráin sin múchta. Shíl sí é
sin nuair bhain sí a díoltas de Phól Dubh. Is ar éigin
leig sí uirri féin nuair tháinic sí san áit i dtosach le
toradh a gnímh díoltais a fheiceál, go mb'é an fuath ba
siocair le n-a turas. Acht aithbheódhadh an seanfhuath
bhí n-a croidhe ó thús. Méaduigheadh é. Faduigheadh é.
Nach raibh a mac múirneach, an mac thóg sí le duadh
agus le saothar, níos geanamhla ar Phól Dubh ná uirri
féin? Agus chomh mórdhálach is bhíodh Pól Dubh! An
t-aon rud ar an saoghal dá dtug sí grádh ó chroidhe a
fhuadach uaithi! Bhí a dhíoltas féin ghá bhaint amach
aige i ndeire na dála …
Bhuaileadh sí amach i n-aon turas le Pól Dubh
fheiceál ag útamáil leis n-a dhall, agus ag bualadh a
chos i n-aghaidh na gcloch sa tslighe. Chuireadh sí a
díoltas féin i gcomórtas leis an ndíoltas bhain
seisean amach agus bhíodh sí leathshásta. Acht thiocfadh
rabharta feirge uirri dá mbéad a mac féin i bhfochair
an daill gá threórughadh agus ag éisteacht le n-a
chómhrádh maith. Acht níor tháinic gníomh mar thoradh ar
an bhfeirg. Níor tháinic de bhláth ariamh ar an bhfeirg
sin acht briseadh croidhe …
XIII
Agus d'imthigh na bliadhanta ar an dóigh sin go raibh
Antoine Beag ocht mbliadna déag d'aois, go raibh sé
n-a ógánach measardha árd gan mórán toirte ann;
súile lonnracha n-a éadan bhán ar nós dhá liathróid
marmair thumfaidhe i n-uisge; folt catach de mhín-
ghruaig síodamhail ar a cheann, acht nach bhféadfadh a
dhithcheall é cheansughadh ná é chóiriughadh; glór bog
duthrachtach aige — cheapthá agus é ag labhairt leat
nár dhubhairt sé an cainnt chéadna sin ariamh acht
leatsa amháin; é beó bíodhgmhail ar a chois agus n-a
iomchur; ógánach nach ngabhfadh thart ar an tsráid
gan daoine bheith ag féachaint air.
Níor athruigh na trí bliadna an sgéal ar an triúr
mórán. Ní aithneóchthá ar Phól Dubh go raibh an
aimsir ag sleamhnughadh thart; bhí máthair an fhir óig
beagáinín beag níos caithte, beagán níos nimhnighe ná
ariamh. Acht ní shílfeadh aon duine uirri go raibh
fúithi gníomh mór eile a dhéanamh, leis an bhfear sin a
mhill a saoghal uirri agus a mac a chur ó chéile go
deó na ndeór …
Acht bhí. Ní fhéadfadh sí an saoghal bhí aici a sheasadh
níos fuide. Thiubhradh sí Pól Dubh agus a mac le
chéile. D'innseóchadh sí a sgéal féin d'Antoine i
láthair Póil Duibh. Chuirfeadh sí a craiceann féin
air. Nochtóchadh sí dhó i mbriathraibh toghtha gach ar
fhulaing sí ó casadh Pól Dubh léithi an chéad lá. Ní
cheilfeadh sí aon rud air; chomh mór le chéile is
bhíodar i dtosach; go mb'é an chéad fhear é dá dtug
sí gean; an sórt duine bhí ann an uair sin; an
teanga bhladarach mhealltach bhí n-a cheann; chomh hóg
is bhí sí féin agus chomh neamheólasach ar an saoghal is
bhí sí; an imnidhe bhí uirri; an fonn bhí uirri í féin a
bháthadh nuair thuig sí go raibh an anachain déanta; an
chainnt adubhairt Pól Dubh nuair d'innis sí an sgéal
dhó; an buile bhí uirri; an chaoi shíl sí díoltas bhaint
de Phól; an t-uathbhás bhí uirri nuair a bhain — chuirfeadh
sí síos go glan soiléir orra uile go léir i láthair na
beirte …
Acht an bheirt thabhairt le chéile — n-a teach féin dá
mb'fhéidir é — ní bhéadh sé sin ró-éasgaidh. Ní raibh Pól
Dubh acht aon uair amháin ann, an uair tháinic sé
ar thóir ruadhóige tosaigh bheidhlín — an dtiubhradh sí
cuireadh dhó theacht? An dtiocfadh sé dá bhfuigheadh
sé cuireadh féin agus chomh minic castaidhe Antoine
leis ar a mhalairt de chaoi? Cheap sí go mb'fheárr
fanacht go dtiocfadh sé uaidh féin …
Bhí an sgéal bhí le hinnseacht ceaptha aici. Thogh sí
gach focal go cúramach. Chuir sí i ndiaidh chéile go
healadhanta iad. Labhair sí ós árd iad agus í léithi
féin. Bhain sí cuid de'n nimh as an gcuid seo de'n
sgéal. Chuir sí brigh agus fuinneamh i gcuid eile.
An truaighmhéal i n-uachtar annseo sa sgéal. Breith-
thoraidheacht i gcuid eile. Agus chleachtuigh sí an
chainnt leis na tréithre seo thabhairt amach n-a
n-iomlán, gur cheap sí nach bhféadfadh aon duine
éisteacht le n-a stáir gan a rádh gurab é Pól Dubh
ba chionntach …
Ní fada an t-achar go bhfuair sí fail ar an sgéal
innseacht. Deireannach san oidhche cé bhuail isteach
ar an úrlár chuici, agus a sheanbheidhlín faoi n-a
asgail acht Pól Dubh féin.
Agus seo é an fáth bhí aige leis an gcuairt a
thabhairt:
Máirt Cásga bhí ann agus bhí coinne déanta aige
le Antoine leis an oidhche a chaitheamh ag ceóltóireacht
sa Teach Mór. Bhí gach uile shórt faoi réir aige —
teine mhaith san ngráta, na dallóga troma ar na
fuinneógaibh, an lampa árd ar lasadh le n-a ais
díreach mar bhí an chéad oidhche casadh Antoine leis i
dtosach, na spéacláirí céadna gorma ar a shúilibh …
Acht céard bhí ar an bhfear óg nach raibh sé ag
teacht? Bhí sé thar a h-ocht a chlog, agus gheall sé
bheith ann ar a seacht. D'eirigh sé agus thosuigh sé ag
siubhal anonn 's anall go mífhoighdeach. Ba léir ó'n
gcaoi a raibh an brat-úrláir caithte faoi n-a chosaibh
gur iomdha míle míle uair shiubhal sé an casán céadna
sin. Uaireannta d'fhanadh sé tamall n-a sheasamh
agus cluas air go gcloisfeadh sé torann cos a charad
óig ar an ngainimh taobh amuigh. Acht níor chuala sé
an torann sin, agus lean sé dá shiubhlóid ar nós
seanleomhain faoi ghlas.
Bualadh an naoi. Bhí sé tuirseach ag fanacht leis.
An dtiocfadh sé choidhche?
Rug sé ar an seanbheidhlín go mí-shásta. Bhain
sgréachghail as. Beithidheach allta i gcruadhchás bhí
ann, shíltheá.
Annsin leis an bhfuinneamh a chuir sé ann réab sé
an ruadhóg tosaigh …
Bhí sé gan ceól gan cara annsin. Thug sé seacht
mionn déag, agus gach mionn aca ní b'aistighe ná a
chéile, go ndeacha sé go pluais easgaine Shean-Chrosaigh,
gur dhúisigh sé as a shámhshuan é le teann na mionn,
gur chuir iallach air an lóchrann 'fhagháil agus é
threórughadh go teach an fhir óig …
"An chéad ruadhóg briseadh orm," an focal
adubhairt sé nuair thóg sé an laisde.
Níor chuir bean an tighe aon fháilte roimhe. Chuimhnigh
sí ar oidhche eile nuair tháinic sé agus an sgéal
céadna aige. Ó'n oidhche sin amach ní raibh aon
tsuaimneas aici. An oidhche sin thug sí faoi deara
i dtosach chomh mór is bhíodar le chéile. An oidhche sin
thuig sí cé'n ceangal do-sgaoilte bhí eatorra — acht
anocht bhéadh fail aici a sgéal féin a nochtadh ar a
bealach féin i láthair a mic, anocht sgaoileadh sí an
snadhm bhí ag a cheangal le n-a bliadhantaibh …
"Briseadh an ruadhóg tosaigh orm," ars an dall.
An leithsgéal céadna bhí aige anocht is bhí an oidhche
sin. Acht ní bhfuigheadh sé ruadhóg nuadh ó n-a mac
anocht; ní bhéadh oidhche ceóil aca le chéile mar bhí an
oidhche úd. Ní bhéadh oidhche ceóil aca arís choidhche …
"Níl Antoine sa mbaile."
Gheit sé. Nach é d'aithnigh an glór!
"A Mhuirghéid," ar seisean," nach bhfuil sé thar am
agat maitheadh dhom?"
"Ní mhaithfead choidhche ná go deó."
Ní amháin nár mhaith sí dhó acht bhí lúthgháir croidhe
uirri go gcuirfeadh a mac ruaig air as an teach
nuair a thiocfadh sé agus nuair chloisfeadh sé an
sgéal ó n-a béal féin.
Is beag nach raibh sí lághach muinnteardha leis!
"Tá súil agam nach mbéidh Antoine i bhfad," ar
seisean.
Ní cheapfaidhe acht go mba sheanlánamhain ós cionn
na teine iad, agus nárbh eadh freisin ar dhóigh?
Níor labhradh mórán; bhí an iomarca aca le rádh dá
dtosnóchaidís. Eisean ar thaobh na láimhe clé; ise ar
thaobh na láimhe deise; an bórd eatorra agus an
lampa ar lasadh air; clog beag ar an matal agus
gach aon tic-tic uaidh go míshásta mífhoighdeach cas
cantalach. Shíltheá go mbíodh Pól Dubh ag féachaint
ar an gclog sin go bhfeicfeadh sé cé'n t-am é — a
cheól míbhinn bhí ghá bhodhradh. Nuair a d'fhéachfadh sé
ar an gclog ar an nós sin, deireadh sise:
Ní bheidh sé i bhfad anois. Tá sé luath san oidhche
fós.
Acht nach uirri bhí an sgannradh nach bhfanfadh sé!
Nach í bhí faiteach nach dtiocfadh a mac i n-am leis an
sgéal sin bhí ceaptha aici a chlos! Mara dtiocfadh
ní sgaoilfidhe an snadhm an oidhche sin …
Agus d'fhan an bheirt, an bhean a raibh an ghráin n-a
croidhe, agus an fear dá dtug sí grádh tráth agus
thug grádh dá mac anois, cois teine ar feadh i bhfad
's i bhfad go dtiocfadh an fear óg thugadar ar an
saoghal ocht mbliadna déag ó shoin abhaile chuca …
XIV
Nuair d'fhág Antoine an teach i dtús na hoidhche
bhí faoi dhul díreach go dtí an Teach Mór. Acht nuair
shroich sé an baile beag atá idir an dá áit bhí a lán
de fhearaibh óga na tuatha bailighthe ann. Bhíodar
corruighthe go mór. Bhí sgéal mór éigin aca. Rith
fear óg díbh amach chuige. Bhí fiadhántas n-a shúil
agus filidheacht ar a theangain.
"Iodhbairt fola!" ar seisean, "íodhbairt fola ar
son na béithe nach gcaillfear choidhche!"
Níor thuig Antoine i gceart é. Ghluais leis go
Mullach an Áird, áit a raibh cuid mhaith daoine
bailighthe. B'iongantach an radharc bhí le feiceál
annsin. Maigh Life shíos faoi. An abhainn ar nós
péiste móire airgeada ag gluaiseacht léithi faoi
choilltibh tiughtha agus thar bántaibh agus curaighibh
míne. Sluagh mór ar an Mullach. Sgéal mór ag
gach éinne agus gan aon bheirt ar aon sgéal.
Bhíodar uile go léir ag féachaint i dtreó Bhaile
Átha Cliath.
Cluineadh pléasgadh mór.
Rug fear árd ar láimh ar Antoine. Bhí creathadh
n-a ghlór.
"An seanchath ghá thabhairt arís!" ar seisean,
"an seanchath nach stopfaidh go mbéidh Éire ag
Éireannaighibh."
Níor labhair Antoine. Bhí sé n-a sheasamh leis féin
amach ó'n sluagh ag éisteacht le pléasgadh na ngunnaí
móra.
Tógadh a chroidhe. Músgluigheadh a mhisneach. Tháinic
cineál meisge air …
Níor fhéad sé aghaidh thabhairt ar an Teach Mór.
A-bhaile chuaidh sé agus a chroidhe agus a anam
corruighthe ar nós nár corruigheadh le ceól ariamh iad.
Meisge na náisiúntacht' bhí air, nuair bhuail sé
isteach n-a theach féin.
D'fhéach sé ar a mháthair. D'fhéach sé ar Phól Dubh.
"Is fada gur tháinic tú," arsa Pól go casaoideach,
"tá mé annseo le dhá uair a chluig ag fanacht leat."
Tháinic gráin i gcroidhe an fhir óig do'n dall. De
bhunadh Gall b'eadh é, agus nach raibh a chinneadh siúd ag
troid i n-aghaidh a chinnidh féin le n-a ciantaibh? Nár
thasbáin an dall féin dhó claidheamh bhí ag a sheanathair
lé'r bhain sé an ceann de thaoiseach sa mbliadhain
1798? Cé'n fáth go raibh sé féin mór le n-a leithéid
de dhuine ariamh? Ar ndóigh níor bhféidir grádh tíre
agus grádh ceóil a chur i gcomórtas le chéile?
"Tabhair ruadhóg tosaigh dhom," ars an dall, "agus
beidh greas againn le chéile ar an dá bheidhlín."
"Ní bheidh"
Dubhairt sé an focal chomh borbh dána sin gur gheit
an dall. Scannruigh an mháthair chomh corruighthe is bhí
a mac.
"Ní bheidh aon cheól againn le chéile feasta," arsa
Antoine, "ní bheidh aon bhaint againn le chéile feasta.
Imthigh abhaile agus ná feictear annseo arís choidhche
thú!"
Shíl an dall i dtosach gur ar buile bhí an fear óg.
É dhíbirt as an teach! A rádh nach mbeadh aon cheól
aca le chéile feasta! Thuig se gan mórán moille
gur i ndá ríribh bhí sé.
"Imthigh!" arsa Antoine.
Rug an dall ar a hata, ar a mhaide treóir agus
ar a bheidhlín, agus amach leis faoi spéirthibh neimhe
agus gan fios aige cé'n fáth gur díbrigheadh é …
"Ar chuala tú an sgéal, an sgéal mór?" arsa a
mháthair i gcogar fhaiteach. A sgéal féin ár ndóigh bhí
i gceist aici.
"Chualas agus táim ag imtheacht …"
"Ag imtheacht! Ag imtheacht, a Antoine!" agus
bhí sgannradh n-a glór, "ár ndóigh níl tú ag imtheacht
uaim mar gheall air sin, bhfuil anois?" agus shíl sí a
dhá láimh a chaitheamh timcheall ar mhuineál a mic. Nach
uirri bhí an mí-ádh nár innis an sgéal dó sul ar chuala
sé ó dhuine eile é!
"Tá mé ag imtheacht anois, a mháthair."
Thug sé póg dhi go díl. Thosuigh sise ag caoineadh.
"A Antoine! a Antoine! Ná himthigh uaim! ná
himthigh ó do mháthair aonraic!"
Acht d'éaluigh sé uaithi agus gan fios sgéil mhóir a
mháthar aige, d'imthigh sé leis ar eagla go laghdóchaidhe
a mhisneach, go dtiocfadh lagadh ar a anam …
Thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus na Flaithis
n-a chroidhe …
AN DARA BUAIDH
.i.
DÍOGHALTAS
DÍOGHALTAS
An seancheóltóir, Pól Dubh, ag cainnt:—
Maith dhom, a Mhuirghéid; maithimís dá chéile ó tá
ár mac Antoine Beag an Cheóil ar lár …
Chuireas fios ort, a Mhuirghéid, nuair a chualas an
sgéal mór sin, acht níor tháinic tú. Ní móide go
bhfuair tú an teachtaireacht ariamh: bhí tú as baile
chualas ó shoin — má cuirtear ceist ort cá raibh tú nó
cé'n gnótha bhí agat ann ní call duit freagra a
thabhairt — acht sílim go bhfuil fhios agam féin é.
Molaim thú má's fíor mo bharamhail …
Chuir Antoine masladh orm an oidhche dheireadh
leagas súil air; ní fios dam anois cé'n fáth gur
chuir sé as an teach mé, agus chomh mór is bhíomar le
chéile. Mearbhall intinne éigin tháinic air cheapas;
ní bhéadh sé ró-fhada go dtiochfadh sé chugam agus
mhaithfinn dhó. Bhéadh greas againn ar an seanbheidhlín.
agus ní chuimhneóchadh ceachtar againn ar an mire
tháinic air an oidhche sin. Acht d'imthigh lá, agus
d'imthigh dhá lá, agus d'imthigh trí lá, agus níor tháinic
sé. Ní raibh a thásg ná a thuairisg le fághail thall ná
i bhfus. D'eirigh mé an-uaigneach gan é. Níor fhan
croidhe ná misneach agam. Gach uile choisméag dá
gcloisfinn, b'é Antoine bhí ann cheapainn; cé'n chaoi
a bhféadfadh sé fanacht uaim agus an gean bhí againn
dá chéile? Ar innis sé dhuit ariamh cé'n chaoi ar
sheól Dia isteach chugam é an chéad uair? ar nochtuigh
sé dhuit ariamh cé'n grádh bhí aige orm? Snadhm na
seacht snadhm bhí eadrainn … dá mbéadh a fhios
agam gur faoi'n gcré bhí tú ar feadh an achair,
a Antoine Bhig an Cheóil!
Trí seachtmhainí chuireas tharm faoi chéasadh agus
faoi chrádh gan an teach fhágail go dtáinic an fear
aimsire isteach sa seómra chugam maidin.
Chualas ag imtheacht thart é agus leisg air imtheacht.
Bhí súil agam go nglanfadh sé leis, agus go bhfágfadh
sé liom féin mé le mo smaointe duaibhseacha a
dhéanamh. Acht ní raibh baoghal air. Shíl sé cainnt a
chur orm cúpla uair acht chuireas cosg leis.
"A mhaighistir," ar seisean.
Ní bhfuair sé freagra uaim.
"An fear óg sin bhíodh ag teacht ar cuairt
annseo …"
Gheit mé.
"Seól isteach annseo go beó é, a amadáin," arsa
mise, agus d'eirigh mo chroidhe go raibh sé tagtha faoi
dheireadh. Nach maith a bhí fhios agam nach bhféadfadh
sé fanacht uaim!
Acht níor chorruigh an fear aimsire. Mhothuigheas
é 'mo aice agus fonn cainnte air. Dá mbéadh
radharch na súl agam, d'fheicfinn an truaigh bhí aige
dhom n-a sheanéadan rocach.
"Déan deifir agus seól isteach é," arsa mise go
borb, "deifir!"
"Acht níl sé ann, a mhaighistir —"
"Cé'n chainnt sin ort mar sin? Imthigh!"
"Acht tá sgéala agam faoi —"
Bhí fhios agam air nárbh é an deágh-sgéal bhí aige.
Thosuigheas ag cur caoi ar an teinidh, ionnós nach
bhfeicfeadh an fear aimsire a chorruighthe is bhí mé.
"Céard a chuala tú?" arsa mise, agus ní shílim go
mbéadh fhios ag aon duine dá thuigsionaighe é an
imnidhe bhí orm.
"Ar dheis Dé go rabh sé," ars an fear aimsire go
diadhanta agus truaigh aige dhom. Bhí fhios aige chomh
mór is bhíomar le chéile — dá mbéadh fhios aige go
mb'é mo mhac féin é!
D'eirigheas 'mo sheasamh. Níor fhéad mé ceist chur
air.
"Tá sé faoi'n bhfód le deich lá," ar seisean;
tháinic tocht air — "má's fód atá ós a chionn, agus ní
shílim gurb eadh acht gainimh agus aol …"
Ní cheapthá ormsa go raibh spéis ar bith agam n-a
chuid cainnte: lean sé dhá sgéal —
"Marbhuigheadh deich lá ó shoin é i mBaile Átha
Cliath … seanpháipéar fuaireas ar maidin agus bhí
a ainm ann … lucht an airm a mharbhuigh é …
dá mbéadh fhios agatsa é, a mhaighistir, b'fhéidir go
bhféadfá cosg a chur leó: bhí tú féin san arm uair,
nach raibh?"
Níor leigeas orm go raibh mé ag éisteacht leis ar
chor ar bith. Go deimhin, an uair sin, is ar éigin a
thuigeas céard bhí ghá rádh aige agus an tocht tháinic
orm. Bhí bárr na fuinneóige fosgailte agam. Bhí
cumhracht túis an tsamhraidh ag eirghe aníos as an ithir.
Fuiseóg ag gabhail ceóil go croidheamhail i n-áirde
sna spéirthibh … ní chloisfeadh Antoine Beag an
ceól sin arís choidhche … tháinic fonn orm a dhul
go dtí do theach, a Mhuirghéid, agus comhbhrón a
dhéanamh leat …
Bhí Sean-Chrosach, an fear aimsire, ag cur dhe.
Leis an bhfuiseóig bhíos féin ag éisteacht; shíltheá sin
ar chaoi ar bith.
"Bhí clampar éigin i mBl'ath' Cliath?" arsa mise.
"Bhí — cogadh mór. Losgadh …"
"Cogadh mór?"
"Seadh mh'anam. Bhí cunntas faoi san bpáipéar."
"Cuir diallaid ar an gcapall agus fáigh na
páipéir uilig dhom. Iad sin chuir an troid ar bun,
thuill siad a bhfuair siad. Déan deifir."
Bhí fhios agam go raibh an fear aimsire ag féachaint
orm, gur cheap sé go raibh mé gan croidhe, go mba
chuma liom céard d'eirigh do'n charaid óg bhíodh ar
cuairt agam. Acht ní amhlaidh bhí. D'eirigh sean-
mhisneach na hóige ionnam. Geineadh diabhal ionnam.
Thosuigh sé dhom' ghríosadh. An mac sin dá dtugas
gean mo chroidhe dúnmharbhuigheadh é. An fear bhí
ionnam? An raibh sé de mhisneach agam díoghaltas
a bhaint amach?
An diabhal bhí istigh 'mo chroidhe níor tháinic comhnaidhe
air acht é ag tafaint orm, ag caitheamh tarcuisne
orm nach raibh ionnam acht seancharnán feóla ó
chailleas radharc na súl. Músgluigheadh an fonn
chun díoghaltais. Dá mbéadh an fear bhí cionntach san
dúnmharbhadh agam stracfainn an fheóil dá chnámhaibh
mara mbéadh aon chaoi eile le n-a chur dá threóir.
Acht níor mhór dhom bheith ar m'aire. Ní dhéanfadh sé
cúis dá gceapfaidhe go raibh mé nimhneach. Bhí
lúthgháir orm nach raibh fhios ag neach acht thú féin, a
Mhuirghéid, cé'n gaol bhí agam le Antoine Beag.
Chuireas teachtaireacht chugad. Shíleas go bhféadfadh
an bheirt againn slighe éigin a cheapadh le díoghaltas
a bhaint amach …
Acht cé bhí cionntach? Cé thuill an bás uaim?
Rí Shasana? A Phríomh-reachtaire? A Fhear-ionaid?
Fear an airm? Acht is beag is féidir le fear a
dhéanamh ghan amharc na súl. Mo thruaigh agus mo
sheacht gcéad truaigh go bhfuilim 'mo dhall indiu, a
Antoine Bhig an Cheóil …
Tháinic Sean-Chrosach ar ais. Beart mór páipéirí
aige. Thosuigh sé ghá léigheadh dhom, acht níor leig
mise orm go raibh mórán spéise agam ionnta. Le
dallóg a chur air, thosuigheas ag moladh lucht an airm,
agus náire shaoghalta orm go raibh baint agam leó
tráth dom' shaoghal.
Luadh sé ainm fir.
"Cé'n t-ainm adubhairt tú?" arsa mise.
Dubhairt sé i n-ath-uair é.
"Sin é atá n-a fhear-cinn ar an arm faoi láthair,"
ar seisean.
"Tá mé tuirseach díbh uilig," adeirimse. "Sgrios
agus ná feictear annseo arís indiu thú," agus shíltheá
orm go raibh leisg an tsaoghail orm.
Acht ní raibh. Bhí seanaithne agam ar an bhfear a
luadhadh. Bhí sé n-a oifigeach óg 'n-aon chipe liomsa
tráth a raibh mé féin san arm fadó. Bhíos cineál
mór leis. Sé bhí cionntach san dúnmharbhadh …
Chuir mé litir ag triall air. Chuir mé fáilte roimhe
go hÉirinn. Mholas é gur chuir sé an tEirghe-Amach
faoi chois …
"Nuair a chualas gur tú cuireadh chugainn," arsa
mise sa litir, "bhíos ríméadach mar bhí fhios agam nach
ngéillfeá de bhoige, ná de sheafóid, acht go gcoimh-
líonfá do dhualgas cruaidh. An bás bhí tuillte ag an
dream sin i mBaile Átha Cliath fuair siad é. Má
bhíonn lá saoire ar bith agat, b'fhéidir go dtiubhrthá
cuairt orm annseo. Tá iasgaireacht thar bárr ann,
agus beidh cainnt againn faoi'n tseanaimsir aoibhinn
bhí againn le chéile fadó san Aifric Theas."
Nuair bhí an litir sgríobhtha agam, agus is mór an
strómh chuir sé orm a sgríobhadh, acht tig le dall féin
sgríobhnóireacht a dhéanamh acht an gléas feileamhnach
bheith aige chuige, nuair bhí an litir curtha chun bealaigh
agam baineadh meadhchan mór de mo chroidhe. Bhíos
cinnte go dtiocfadh sé dá bhféadfadh sé é ar chor ar
bith. Agus annsin …
Ní fios dom cé'n chaoi ar chaitheas an dá lá bhí
chugam. Bhí tráth an díoghaltais ag druideadh liom
agus tá fhios agadsa, a Mhuirghéid, cé'n blas atá ar
an díoghaltas. Aimsir an earraigh bhí ann, óige na
bliadna, cumhracht bláth agus ithir san aér thart orm,
agus mo chroidhe féin chomh héadtrom is bhí sul ar
bualadh dall mé. Nach mbéadh an namhaid, an fear
bhain mo mhac dhíom, ar mo chomhairle gan aon achar?
Bhuaileas amach. Nach agam atá an chuimhne ar an
oidhche sin! D'fhan mé tamall sa gcoill bhig giumhaise
atá le hais na haibhne. Aimsir gaoithe anoir is
gnáthach ceól aoibhinn bheith sa gcoill sin. Bhí an ceól
ann, cinnte go leór — na mílte deamhan díomhaoin
ag caitheamh saoire shíltheá. Cuireadh aiteas orm.
Cuireadh aoibhneas orm. Níor baineadh a leithéid de
cheól as aon ghléas dar cheap fear ariamh. Rinneas
dearmad ar an bhfear cinn airm agus ar na coiribh
bhí déanta aige. Ní raibh sa saoghal acht mé féin
agus an ceól diabhalta sin — agus Antoine Beag.
Samhluigheadh dom go raibh seisean ann, go raibh sé le
mo thaobh ann ag éisteacht leis an gceól uathbhásach.
… Labhras leis. Sgreadas air. Shín mé mo lámh
amach uaim le breith air, acht ní raibh sé ann. Nach
éasgaidh do dhuine éalughadh ó dhuine eile san oidhche?
Agus nach bhfuil sé n-a oidhche i gcomhnaidhe agamsa?
Acht thuigeas go soiléir annsin céard bhí déanta.
Seadh, agus thuigeas freisin céard bhí le déanamh …
Acht cé'n chaoi? Bhíos 'mo dhall agus níl sé
éasgaidh ag dall gníomh de'n tsórt bhí ceaptha
agamsa a dhéanamh gan cabhair. Shíleas cuairt a
thabhairt ortsa, a Mhuirghéid. ó mhill tú na súile orm
an oidhche uathbhásach úd, nach dtiubhrthá iasacht do dhá
shúil féin dhom feadh cúpla lá? Bhí olc agus gráin
agat orm; ní raibh aon nidh ar an saoghal nach
ndéanfá le masladh thabhairt dom, acht bhíos lán-
chinnte go gcuirfeá an fuath ar cáirde nuair chloistheá
cé'n gnó bhí agam díot.
Tá eólas maith ar an stáir agam. Thosuigheas ag
machtnamh ar ain-bhás na dtíoránach ba mhó cliú dá
raibh ann ó thús. An bhféadfainn aon bhás aca imirt
ar an t-é seo bhain Antoine dhínn?
Nimh? D'fhéadfadh dall nimh a chur i gcupán chomh
maith le duine, acht níor thaithnigh sé liom. Piléar?
B'fheárr liom sin go mór, acht nuair nach raibh amharc
na súl agam cé'n chaoi d'amhsóchainn é? Ní raibh sé
an-réidh ar chor ar bith …
Chuaidh mé go dtí do theach. Rugas ar an laisde.
Tá déanamh aisteach neamhchoitchiannta ar an laisde
céadna mar is eól duit féin. Na méara na súile is
géire bhíos ag dall. Chuir an laisde sin rud éigin
i gcuimhne dhom. Ní raibh fhios agam cé'n rud é.
D'fhan mé annsin sgathamh deas ag an doras, leis an
seanchuimhne a aithbheodhchaint. Ní raibh lúb ná casadh,
alp ná cnap air nár chuimil mé na méara dhe fiche
uair, agus eachtraí mo shaoghail ag gluaiseacht ós
comhair mo shúl gan beódhacht ar nós tonnta na mara.
Chonnaiceas, seadh gidh dall mé, chonnaiceas bothán
beag i lár machaire san Aifric Theas. Lá buidhe
brothallach bhí ann, agus bhí an bheirt fhear ar an
bhfosgadh ón ngréin — fear aca gonta agus an fear
eile ag cuidiughadh leis. Agus nach é bhí buidheach do'n
fhear leónta? Ní raibh aon rud aige nach dtiubhradh
sé do'n té thárrtháil é. Ba mise an fear gonta;
an fear eile bhí ag cuidiughadh liom, b'é siúd an fear
bhí ós cionn an airm anois …
Gheit mo chroidhe. Bhí agam. Chuir do laisde-se
i gcuimhne dhom an aisge d'iarras air. Ní ghlacfainn
aon rud uaidh acht seanphiostal bhí aige, seanphiostal
rinneadh san Eadáil céad bliadhain ó shoin. D'fhéad-
faidh an gníomh a dhéanamh leis. Ní dhéanfadh aon rud
eile cúis. Ní bhéadh aimhreas ar bith air nuair a
thasbáinfinn dhó é. Ní chuirfeadh an seanghléas troda
sin faitchíos ar éinne. Agus ní cheapfaidhe acht gur
timpíst bhí ann …
Ní dheacha mé isteach chugad an oidhche sin. Ghluais
liom abhaile. Ní raibh aon cheól le clos agam sa
gcoill giumhaise atá le hais na haibhne. Ní raibh
ceól ar an saoghal chomh haoibhinn le ceól an
díoghaltais bhí istigh 'mo chroidhe féin …
Bhí sé n-a lá nuair a shroicheas mo theach. Acht nach
cuma lá thar oidhche ag dall de mo shórt? An
cuartughadh a rinneas go bhfuaireas an seanghléas
troda! Bhí fhios agam go raibh sé agam i n-áit éigin
sa teach, acht cé'n ait? Ní fhéadfainn cabhair iarraidh.
Níor eirigh liom é fhághail thall ná i bhfus. Dá
mbéadhthá-sa le m'ais, a Mhuirghéid! Chuireas fios
ort sa deire. Acht ní raibh an teachtaire acht imthighthe
nuair chuimhnigheas ar chúpla bosca taisdil bhí agam
ar áiléir. I dtóin bosca díbh fuaireas an cara bhí le
cuidiughadh liom …
Síos liom an staighre go raibh mé 'mo sheómra féin,
go raibh mé 'mo chathaoir mhóir shuaimhnis féin agus an
seanphiostal agam. Ní bhfuair mo bheidhlín ariamh
an cuimilt agus an bhanaltracht chaoin is fuair an
piostal. Shíltheá orm gur cheapas gur rud beó bhí
agam ann. Labhras leis. Mholas é ar na gníomhar-
thaibh rinne sé ó múnluigheadh i dtosach é. Chuireas
i gcéill dhó go mbéadh a ghníomh deireannach faoi chliú
go deireadh aimsire. Agus bhéadh, a Mhuirghéid,
marach tusa …
Bhí an piostal i ngreim agam nuair a tháinig Sean-
Chrosach agus litir aige le m'aghaidh. Ní minic dhom
litir fhághail. Ní féidir liom ceann a léigheadh,
faraoir, agus bhí dearmad déanta ag an saoghal
orm le fiche bliadhan. Léigh an fear aimsire an
litir. Ba ó'n bhfear cinn airm í.
Níorbh fhéidir leis theacht. Thuit an croidhe orm.
Tímpist beag d'eirigh dhó. Tuilleadh de'n tubuisde
chuige! Acht ní raibh sé an-fhada uaim; an bhféad-
fainn cuairt thabhairt air? Tógadh mo chroidhe arís.
Teach beag bhí aige sna sléibhtibh go dtiocfadh biseach
air, go bhféadfadh sé críoch a chur le n-a chuid oibre
i nÉirinn …
"Gléastar an cóisde go beó," arsa mise leis an
bhfear aimsire.
"An cóisde?" ar seisean agus iongnadh air.
"Seadh, a dhiabhail. Nár chuala tú mé? An cóisde
adeirim," arsa mise.
Ní chreidtheá acht an t-iongnadh tháinic ar Sean-
Chrosach. Níor fhág an seanchóisde an teach ó cuireadh
m'athair, acht shíleas go bhfeilfeadh sé do'n ocáid seo'
agus ar bhealach nach bhfeilfeadh aon ghléas iomchuir
eile. Bhí maordhacht na seanaimsire ag baint leis;
bhí maordhacht ag baint leis an ngníomh bhí le déanamh
agamsa freisin …
Sibhse a bhfuil amarc na súl agaibh tá an solus
agus an dorchadas agaibh, tá an lá agus an oidhche
agaibh mar chlocha míle bhur mbeatha; acht ní amhlaidh
duinn-ne a chomhnuigheann i saoghal dubh de shíor.
Níl againn-ne mar chlocha míle na beatha acht gníomh-
artha gur fiú cuimhneadh orra. Ba cheann díbh sin an
turas oidhche thugas 'mo sheanchóisde athardha le
marbhadh a dhéanamh. Ba shaighead soluis i ndabhach mo
dhorchadais é. An seanchóisde maordha athardha sin
dom' iomchur thar bóithre garbha clochacha agus gan
ionam féin acht oirnéis díoghaltais. Ní ar shon mo
mhic amháin bhí mé le díoghaltas a bhaint amach, acht ar
son na mílte mac eile fuair anbhás i nÉirinn leis
na céadtaibh bliadhan …
Bhí an seanteach agus an seansaoghal a chaith mé
féin agus mo mhuinntir rómham fágtha 'mo dhiaidh
agam; ba laoch, ba ghaisgidheach mé ag gluaiseacht
liom le gníomh a dhéanamh ar son na tíre sin nár
ghrádhuigh mo shinnsir. Acht ní thig liom cur-síos ar an
athrughadh tháinic orm le goirid. Turas uaire amháin
bhí orm, acht nach iomdha duine eile chaith saoghal na
saoghal i n-aon uair amháin?
Cuireadh fáilte rómham san teach bhí faoi chíos ag
an bhfear cinn airm sna sléibhte. Rinne Sean-Chrosach
obair súl dhom. Dubhairt sé nach raibh ann acht teach
beag cosamhail le teach feilméara.
Treóruigheadh isteach i seómra mé. Bhí an fear
a raibh mé ar a thóir ann rómham. Chraith sé lámh
liom.
"Tá fáilte romhat, a Phóil," ar seisean. "Suidh."
Bhí teine mhaith ann agus an bheirt againn n-ár
suidhe le n-a hais.
"Tig linn cainnt a dhéanamh gan solus," ar
seisean, "tá deoch agus eile ar an mbórd annsin le
t'ais."
Bhí eagla orm go bhfeicfeadh sé chomh corruighthe is
bhíos. Thug sé misneach dhom nach raibh solus aige sa
seómra. An ghráin bhí agam dhó, bhí fhios agam nach
raibh ionnam í a cheilt ar áit na mbonn. Dá gcuirfidhe
moill bheag ar an bhfear aimsire, dá mbéadh easbaidh
soluis air go ceann tamaill bhig, bhéadh liom. Bhéadh
an fhéachaint nimhneach ba léir dhom bheith im' aghaidh
faoi fholach agam.
"Is fada an t-achar ó casadh le chéile cheana sinn,"
ar seisean, "cé mhéad bliadhan é?"
"Bhfuil sé fiche bliadhan?"
"Tá agus ós a chionn."
An piostal Iodálac ársa bhronn sé orm an uair
sin bhí sé i dtaisge agam 'mo phóca. Bhí an teine
breágh mór. Bhí sgáth orm go bhféadfadh sé m'éadan
corruighthe fheiceál leis na lasracha geala bhí ag eirghe
as. Leag mé lámh ar an bpiostal. Bhí sé faoi réir;
an t-urchar agus eile ann … Bhí mé ag machtnamh
ar an gcaoi agus ar an tráth a bfheárr an piléar chur
isteach ann. Rugas ar thoiteóg as an mbosca bhí le
m'ais. D'eirigh liom an toiteóg a dheargadh. Chuir
mé cúpla gail i n-áirde uaim. Chualas ag cainnt é.
Ní raibh suim agam n-a bhriathraibh. Nach bhféadfainn
cipín a lasadh le n-a thoiteóg a dheargadh, agus an
fad is bhéadh sé ghá dhéanamh é chaitheamh? Ar bhfeárr
dhom é dhéanamh anois díreach, nó fanacht go n-inn-
seochainn dó cé'n fáth bhí agam leis?
"Nuair bhíomar san Aifric Theas le chéile …"
Dá marbhóchainn ar an toirt é nárbh amhlaidh a
bfheárr dhúinn beirt. Shín sé na cosa amach uaidh.
Theangmhaigh cos díobh le mo chois féin. Tháinic cineál
creathadh orm …
"Fiche bliadhan! Támaoid ag dul i n-aois a Phóil.
Bhfuil cosamhlacht na haoise ag teacht orm?"
Ní raibh fhios aige nach bhféadfainn é fheiceál. Níor
chuala sé ariamh gur baineadh radharc na súl díom.
Dubhras rud éigin faoi'n dorchadas.
"An dochtúir …"
Níor éist mé le n-a chuid cainnte. I bpóca mo
chasóige bhí an piostal agam. Bhíos ghá cuimilt go
lághach le m'ordóig. An laisde aisteach sin atá ar
do dhoras-sa, a Mhuirghéid, bí agam 'mo lámh shíleas.
Leagas méar ar bhéal an phiostail. Tríd an bpoll
beag sin a thiocfas an luaidh a chuireas deireadh le
tíoránach, arsa mise liom féin. Bhí poll beag eile
ar líneál agus ar éadach na casóige, le béal an
phiostail a sháitheadh amach fríd beagán, leis an urchar
a chaitheadh. Chuimil mé casúr an phiostail. Tá alt
ar an laisde tá ar an déanamh céadna leis an
gcasúr sin. Nuair a thógfainn an casúr agus nuair
a sgaoilfinn anuas arís é bhéadh anam i láthair a
Chruthuightheóra …
"Deir an dochtúir liom …"
Bhí sé ag cur dhe, acht ní raibh fhios agam faoi neamh
céard bí sé a rádh. Chuirfinn focal beag neamh-
urchóideach isteach sa gcainnt ó am go ham; an
piostal, agus an chosamhlacht bhí aige leis an laisde
sin atá ar dhoras do thighe, a Mhuirghéid, an t-aon nidh
amháin bhí im' aigne. D'osglóchadh an laisde doras
do thighe dhom; an n-osglóchadh an piostal doras do
chroidhe?
"Toiteóg eile?"
Ghlacas uaidh í. D'eirigheas 'mo sheasamh. Bhíos le
taobh a chathaoireach. Bhí m'uille chlé buailte leis.
An toiteóg 'mo lámh chlé. An lámh dheas, mo phoca
agus greim agam ar an bpiostal. Ceathramha
ordlaigh dhá bhéal sáithte amach agam tríd an bpoll
bhí san éadach. An casúr tógtha. Thosuigh clog a'
bualadh. Chomhairigheas gach buille. Bhí fhios agam go
raibh sé a deich: nuair bhéadh an deicheadh buille ghá
bhualadh, chloisfidhe torann eile sa seómra …"
"… a trí …" ars an clog.
Mhothuigheas an lucht aimsire ag rith isteach orainn.
Nach orra bhéadh an sgáth?
"… a ceathair …"
Beirfidhe orm agus an piostal 'mo ghlaic. Acht
nach bhféadfainn a chruthughadh ós comhair coisde ar
bith go mba leis féin an piostal?
"… a cuig …"
Ár ndóigh deirfeadh an coiste crónaire gur timpíst
bhí ann, nach raibh fhios ag ceachtar againn go raibh
urchar ann.
"… a sé …"
Dá gcrochtaidhe féin mé, an raibh dochar mór
annsin? Nach raibh ré mo mhaitheasa thart cheana féin?
"… a seacht …"
An lúthgháir bhéadh ar an saoghal Fódla! An bróid
bhéadh ortsa, a Mhuirghéid! An tógbháil croidhe bhéadh
ort gur dhíol fear marbhtha ár mic as a chuid oibre,
agus gur mise rinne an gníomh!
"… a h-ocht …"
Chloisfidhe an t-urchar seo ar fud an tighe; chlois-
fidhe a mhac alla ar fud an domhain mhóir; thógadh sé
gach deághchroidhe.
Chualas cainnt an fhir a bhí le caitheamh agam.
Shíleas go raibh sé an-fada uaim — na mílte míle.
Bhuail na focla sa gcluais mé, acht níor chuireas
i ndiaidh a chéile iad im' intinn. Níor bhaineas aon
chiall cheart asta. Nuair bhuail an clog an seachtadh
buille, chualas é ag rádh rud éigin faoi dhochtúir agus
go raibh eagla air nach bhféadfaidhe a leigheas choidhche.
Bhí ciall a chuid cainnte ag dul isteach 'mo cheann
do réir a chéile. Gheiteas ag an naomhadh buille.
Thuigeas céard a bhí air.
"Agus an bhfeiceann tú anois mé?" arsa mise.
"Ní fheicim. Tá faitchíos orm nach bhfeicfidh mé
aon cheó arís choidhche."
"Cé'n chaoi a bhfeictheá gan solus?" arsa mise.
Bhí éadach casta timcheall ar a cheann. Mhothuigheas
é ghá bhaint de.
"Nach uathbhásach an feic mé, a Phóil," ar seisean.
D'eirigh sé n-a sheasamh. Bhí sé beagnach buailte
liom.
"Nach gránda an radharc mé," ar seisean go
brónach, "agus dubhradh uair go raibh mé andath-
amhail."
Beirt dhall i seómra dhorcha! beirt dhall agus
duine aca ar tí an duine eile a chaitheamh!
"Acht níl mé dathamhail anois, agus ní bheidh arís
choidhche. Féach an t-éadan millte sin —"
Ní raibh fhios aige cé'n bhail bhí orm féin. Níor
leigeas orm nach bhfaca mé an sgrios bhí déanta.
"Ní abróchar arís choidhche gur fear breagh dathamhail
mé."
Bhíomar taobh le taobh annsin, agus guala le
gualainn, agus gan radharc na súl ag ceachtar
againn …
Chuireas ceist air.
"Seadh, bean a rinne an obair seo … ó, cá
bhfios dhom? Ola éigin losgach chaith sí liom …"
Níor fhéadas é chaitheamh. Ba uathbhásaighe an bhail
cuireadh air ná aon bhás. Chuimhnigheas ar ar fhulaing
mé féin. Is beag nach raibh truaigh agam dhó …
A Mhuirghéid, tig leat é innseacht domsa faoi rún:
an amhlaidh gur fágadh braon beag de'n ola bhain na
súile asamsa sa mbuidéal, agus gur leis rinne tú
an gníomh? Ar bhain tú díoghaltas de'n fhear bhain
do mhac díot ar an dóigh chéadna agus leis an ola
chéadna is a bhain tú díoghaltas de'n té thug an mac
duit?
AN TREAS BUAID
.i.
BEIRT BHAN MISNEAMHAIL
Beirt Bhan Misneamhail
Do hinnsigheadh an sgéal seo dhom le goirid: —
Tá aithne agam ar sheanmhnaoi atá dall le
bliadhantaibh fada. Baintreabhach atá innti, agus ní
heól dom go raibh aici ariamh acht an t-aon mhac
amháin.
Baintreabhach agus í dall — shíltheá ó'n gcainnt sin
gur bean bhocht bhéadh innti; shíleas féin i dtosach é
nuair fuaireas a tuairisg. Acht bhí dul-amudha orm
agus dul-amudha mór. Bean shaidhbhir í; dá mbéadh
an céadmhadh cuid dá maoin agamsa d'fhéadfainn gan
faic a dhéanamh le mo bheó.
Chuireas aithne uirri i dtosach na Bealtaine atá
imthighthe thart. Cuireadh ann mé ar theachtaireacht;
acht nuair chonnaiceas an t-árus maorda, agus an
chosamhalacht bhí ar an uile rud thart ann, shíleas ár
ndóigh nach raibh mé san áit ar cuireadh mé —
searbhóghantaidhthe agus 'ch aon tsórt thart orm gach
uile choisméag a shiubhalfainn! Agus dubhradh liom
cuairt thabhairt ar sheanbhean dhaill bhí n-a comhnaidhe
sna sléibhte i gCill Manntain!
Seóladh isteach sa seómra mé.
Bhí sise ann rómham: bean chaol chaithte, aghaidh bán
leigthe uirri agus cosamhalacht ar an uile bhall di go
raibh sí mórchúiseach mórdhálach. Is maith is cuimhneach
liom an chéad amharc sin: bhí gúna dubh síoda uirri,
cathaoir mhór shuaimhnis fúithi, a cosa i n-áirde ar stól,
a cuid cniotála ar bórd beag le n-a taobh — bhí sí
ar nós deilbh dhuibh san seómra mór galánta sin gan
cor aisdi go labhrainn féin i dtosach.
"Cuireadh annseo mé le teachtaireacht," arsa
mise.
"Seadh."
"Le teachtaireacht ó do mhac."
Gheit sí.
"Dubhairt sé liom a rádh leat …"
Ní raibh sé de mhisneach agam an teachtaireacht
thabhairt di lom díreach nuair thugas faoi deara cé'n
imnidhe tháinic uirri nuair luadhadh a ainm.
Cé'n chaoi a bhféadfainn agus gan agam acht an
droch-sgéal di? Cé'n chaoi a bhféadfainn innseacht
do'n tseanbhean dhaill sin go raibh sí gan mac anois;
go raibh cnámha a haon-mhic faoi'n bhfóid le mí?
Cheapas bréag innseacht di.
"Tá do mhac beó slán thall i Sasana," arsa mise,
"bhí sé san Eirghe-Amach; gabhadh é, cuireadh thar
saile é …"
"Ní raibh a ainm sna páipéir," ar sise, "léigheadh
ainmneacha na ndaoine cuiread thar sáile dhom."
"Ainm bréige bhí air …"
Caithtear bréaga a chothughadh le bréagaibh eile.
Acht cé'n neart bhí agam air? An bhféadfása an
fhírinne innseacht do'n tseanbhean dhall sin? Cár
bhfios dhuit nach marbhóchaidhe í dá n-innseóchthá an
fhírinne dhi mar seo: —
A bheaan uasal, is truaigh liom thú. Tá tú gan mac
anois. Innseóchad duit cé'n chaoi ar chuireas aithne
air i dtosach. Dream fear armtha chuaidh isteach i
bpáirc bhig i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath leis
an áit a ghabháil le troid a dhéanamh le n-a sean-
naimhde. Dhíbir siad an pobul uile as an bpáirc.
Shíleadar go raibh sé fúthá féin ar fad, nach raibh aon
duine ann acht a muinntir féin. Acht bhí dul-amudha
orra. Ag cuartughadh na háite dhomsa, tháinic mé
ar fhear n-a luighe ar shuidheachán n-a throm-chodladh
meisge. Fear meadhon-aosta bhí ann; fear saidhbhir
de réir cosamhalachta, acht ba léir ó'n bhfuil bhí ar a
bhaithis, agus ó'n gclabar bhí ar a chuid éadaigh go raibh
sé ar a shaoire ó'n dtuaith agus nach ar a leas bhí sé
ghá caitheamh.
Dhúisigheas é.
"Amach leat as an bpáirc go beó," arsa mise.
D'fhéach sé idir an dá shúil go mícheadach orm.
Bhí fonn troda air.
"Amach leat thú féin …"
Rugas ar ghualainn air.
"Seo, corruigh," arsa mise. Níor mhaith liom bheith
ró-bhorb leis go gcuirfeadh sé a chéad dhúiseacht dhe.
Shíl sé mé leagadh, truisleóg thabhairt dhom.
B'éigin dom bárr na báighnéide thabhairt air.
"Marbhfháisg ort," ar seisean, "tá gléas troda
agus catha agam féin," agus bhain sé piostal as a
phóca sul a raibh fhios agam céard bhí faoi a dhéanamh.
"Anois, má's fear thú," ar seisean; d'fhéach sé ar
mo chulaith éadaigh, ar m'éide catha, ar mo chrios agus
na piléir bhí ann, ar an nguna agus ar an mbáighnéid.
Sgríob sé a cheann. Chuimil sé na súile. Bhí a chéad
dhúiseacht agus a dheireadh meisge ghá gcur dhe aige.
"Agus cé thú féin le do thoil?" ar seisean agus
iongnadh mór air.
"Saighdiúir mé," arsa mise ghá threórughadh go
dtí an geata," saighdiúir i n-arm Phobalacht' na
hÉireann …"
"An ag brionglóidigh atá mé?" ar seisean.
"Pobalacht na hÉireann?"
Dubhairt sé na focla sin trí nó ceathar d'uairibh
agus é ag iarraidh an sgéal a thuigsint. Dá n-abróch-
ainn go raibh mé 'mo shaighdiúir Rómhánach agus go
raibh Iúl Caesar mar cheannaire orm ní bhéadh níos mó
iongnadh ar an bhfear bocht.
Faoi dheireadh dubhairt sé:
"Cogar mé leat, a fhir óig," ar seisean, "cé'n
dáta é?"
"Luain Cásga."
"Seadh, seadh, acht an bhliadhain?"
"1916."
Dá bhfeicteá annsin é ag iarraidh dhéanamh amach
céard bhí ar cearr leis an saoghal! Chuirfeadh a
fhéachaint gáiridh ar Naomh Pól.
Chuidigheas leis.
"Tá Eirghe-Amach ann," arsa mise.
"Eirghe-Amach?"
"Sead, Eirghe-Amach i n-aghaidh na Sasanach?"
Dhírigh sé é féin. Chuir sé cosamhalacht mhileata air
féin.
"An nglacfaidh sibh liomsa mar shaighdiúir?"
Bhí sé i ndá ríribh píre. Ní raibh fhios agam céard
a bfhearr a dhéanamh. Fear fear — agus bhí fir ag
teasdáil uainn go géar. Thugas i láthair mo chaiptín é.
"Bhfuil urchar maith agat?" ar seisean le mo
dhuine.
"Chomh maith le aon fhear eile i nÉirinn," ar mo
dhuine.
"Agus tuigeann tú céard tá fúinn a dhéanamh?"
"Go sár-mhaith acht níor shíleas go mbéadh an fhail
againn go deó."
Agus glacadh leis. Rinne sé troid, troid chomh
maith le aon fhear eile dá raibh ann. Chuireas aithne
thar bárr air i gcaitheamh na seachtmhaine. Bhí mé féin
agus é féin le chéile ar bhárr tighe ag pléasgadh ar
feadh mórán de'n achar. Ní raibh comráide ba chroidhe-
amhla ag aon fhear ariamh. Choinnigheadh sé ag gáiridh
thú ó mhaidin go hoidhche le sgéaltaibh agus le greann.
Bhí sgéal aige faoi bhean a raibh cos ádhmuid aici —
ní call dom é innseacht anois — uair éigin eile
b'fhéidir …
Acht ba mhór an fear ban é; ba mhór an fear óil é
acht ba mhó ná sin an fear troda é …
Níor labhair sé liom ariamh faoi n-a mháthair go raibh
sé ag fagháil bháis: seadh — piléar, piléar seachráin …
D'innis sé dhom annsin gur baintreabhach bhí innti,
nach raibh aon chlann uirri acht é féin, go raibh sí dall.
"Agus má eirigheann leat imtheacht," ar seisean,
agus é ag séalughadh uainn, "má eirigheann leat
imtheacht tiubhraidh tú cuairt uirri agus innseóchaidh
tú dhi cé'n chaoi go bhfuair mé bás."
Gheall mé sin dó.
Acht nuair chonnaic mé an tseanbhean aonraic dall
sin, n-a suidhe annsin léithi féin sa seómra mór
galánta, nuair thuigeas ó'n ngeit baineadh aisti nuair
luadhas ainm a mic go raibh gean millteach aici air, ní
raibh sé de mhisneach agam annsin mo gheall a choimh-
líonadh agus an fhírinne a rádh léithi. Is mór an
misneach bhéadh ag fear a bhrisfeadh croidhe máthar …
D'fhan mé cuid mhaith de'n tsamhraidh san áit. Bhí
mé ar mo choimeád agus níor bhfearr dom áit a
mbéinn go mbéadh an tóir thart.
Ní raibh mé dhá lá go dtug mé cuairt ar an sagart
go nglacfainn comhairle leis faoi'n ngeall thugas
do'n fhear bhí faoi'n gcré.
Mhol sé an rud a rinneas.
"Dá n-innseóchthá go tobann mar sin di é b'fhéidir
go mbrisfidhe a croidhe. Deir na dochtúirí go bhfuil
a croidhe lag cheana féin," ar seisean.
"Acht caithfear an sgéal innseacht di uair eicínt,"
arsa mise.
"Is dóca é," ar seisean, "acht marbhóchaidh sé í."
Tháinic bean óg isteach leis an tae agus sinn ag
cainnt.
"Éist liom noiméad, a Áine," ars an sagart.
Chuir sé i n-aithne dhom í. Inghean dearbhshúra dhó
b'eadh í. Dubhairt an sagart liom mo sgéal a aith-
innseacht.
Rinneas amhlaidh.
D'eirigh an bhean óg. Labhair sí go húghdarásach.
"Caithfear sgéal an bháis sin a cheilt uirri go deó,"
ar sise, "ba ádhbhar báis di féin é chlos."
"Acht caithfear é innseacht di uair eicínt," ars an
sagart.
"Ní caithfear agus ní innseóchar," d'fhéach sí ar an
mbeirt againn, "seo," ar sise, "déanamaís triúr
cumann an sgéal a choinneál uaithi fhad 's mhaireas sí."
"Beidh sí ag súil le litreachaibh uaidh," arsa mise.
"Agus gheibhidh sí iad," ar sise, "mar sgríobhfaidh
mé féin iad. Ó chaill sí an t-amharc is mise is mó
sgríobhann agus léigheann litreacha dhi nuair bhíodh a
mac as baile."
Rinneamar triúr cumann le chéile ar an láthair,
dallóg a chur ar an máthair aonraic faoi bhás a
mic …
Sgríobhadh an chéad litir an oidhche sin. Ag Áine bhí
an peann; bhí mise ar a láimh chlé agus an sagart ar
a láimh dheis. Níor labhradh ar feadh sgathaimh bhig.
Bhí cineál sgáth orainn — ag cumadh litre ó'n saoghal
thall …
"A mháthair dhílis ionmhuin," arsa mise le tús a chur
ar an obair.
"Ní headh," arsa Áine, "ní abróchadh sé mar sin é.
Ní abróchadh sé acht "a mháthair.""
Sgríobh sí síos an dá fhocal sin.
Sgrúdaigheas go géar í agus í ag sgríobhadh.
Thugas faoi deara chomh teann trom is bhí a giall,
chomh deághchumtha leigthe is bhí na malaí, an chaoi
chorruigheadh sí na pusa ó am go ham …
"Tá an tsláinte thar bárr agam ó d'fhágas an
teach." arsa mise le dul ar aghaidh leis an litir.
"Ní abróchadh sé focal faoi n-a shláinte," ar sise,
agus shíltheá go raibh sí le amadán a thabhairt orm nach
raibh aithne níos feárr agam ar an bhfear bhí marbh.
"An troid seo bhí i mBaile Átha Cliath," ar sise
agus thosuigh sí ag sgríobhadh, "bhí lámh agamsa sa
troid sin — tá fhios agad féin nach bhféadfainn troid
fheiceál gan mo ladhar féin chur isteach ann …"
"Bhí aithne mhaith agatsa air," arsa mise léithi.
Sé an sagart a labhair.
"Ba cheart go mbéadh," ar seisean go smaointeach.
Bhí an bhean óg ag oibriughadh an pheanna ar a
díthcheall.
"… gabhadh mé i ndeireadh na dála, acht níl
mo sháith de'n troid ná de'n chomhrac fághta agam go
fóill …"
Shíleas go mb'aisteach an litir í le mac bhí gabhtha
chur chuig a mháthair, acht bhí sgáth orm aon cheó a rádh
bhí an bhean óg ghá sgríobhadh chomh hughdarásach sin.
Ní cheapthá acht gurab é an fear marbh féin bhí le n-a
taobh ghá rádh léithi …
Sgríobh sí a lán eile bhí níos aistighe fós de réir
mo bharamhla-sa. D'fhéachainn ar an sagart ó am go
ham, acht ní dhéanfadh seisean acht comhartha dhéanamh
liom bheith 'mo thost, go raibh sí ag déanamh ar fheabhas.
Cuireadh i gcéill dom go raibh aithne níos fearr ag
an mnaoi bhí a' ceapadh na litre ar an bhfear bhí marbh,
ná mar bhí ag aon duine eile ar an saoghal. Níor
chuir mé isteach uirri níos mó.
Leag sí an peann uaithi. D'fhéach amach róimpi
agus a dhá láimh faoi n-a ceann mar bhéadh sí ag
cuimhneamh ar sgéal brónach éigin san am bhí thart.
Bhí an sagart leigthe siar n-a chathaoir agus a dhá
shúil ar dhúnadh aige. Bhí an áit an-tsocair: chluintheá
mall-bhuillí troma an chluig agus anál na mná óige
bhí éaluighthe léithi sna seanchuimhnibh … Níor
fhéadas na súile bhaint di: dá mba go raibh an fear
marbh annsin le n-a hais ag labhairt léithi ó'n saoghal
eile, i gcanamhaint nach dtuigfeadh éinne acht an
bheirt aca, ní fhéadfadh féachaint níos aistighe bheith n-a
súilibh …
Gheit mé.
"… agus a mháthair a chroidhe, tabhair aire mhaith
d'Áine go gcasfar le chéile arís muid," sé an sagart
adubhairt an chainnt go mall doiligheasach.
Rug an bhean óg ar an bpeann arís, acht ní túisge
rug ná chaith sí uaithi é. Tháinic creathadh uirri. Shíl
sí eirghe. Phléasg sí ag caoineadh.
"A Riocáird! a Riocáird! a Riocáird!" ar sise,
agus d'imthigh léithi amach an doras …
D'fhéach mé ar an sagart.
"An raibh fhios aici," arsa mise, "go raibh sé marbh
gur innis mise dhi e?"
Leath a bhéal ar an sagart.
"Níor chuimhnigh mé ar sin," ar seisean.
"Ag iarraidh an sgéal a cheilt ar an máthair …"
Chuir sé isteach orm.
"Agus ghá innseacht go místuamdha míthrócaireach
do mhnaoi eile thug gean a croidhe dó!"
D'eirigh sé n-a sheasamh agus é corruighthe go mór.
"Beirt amadán muid," ar seisean.
D'aontuigh mé leis …
Ar maidin go moch bhíos i dtigh na baintreabhaighe
daille.
Bhí Áine ann rómham agus í ag léightheóireacht' do'n
tseanmhnaoi. Ní shíltheá uirri go ndeárna sí gol
ariamh: bhí sí chomh croidheamhail beo sin.
"Ó seadh," ar sise, "tháinic litir andheas ar maidin
ó Riocárd."
"Léigh dó í," ars an tseanbhean.
Ar an mbán ós comhair an tighe mhóir bhíomar. An
tseanbhean n-a suidhe i gcliabh-chathaoir ag glacadh an
aeir dhi féin; an bhean óg ar chathaoir eile le n-a
taobh. Chraith a lámh siúd nuair rug sí ar an litir le
n-a léigheadh dhom. D'fhéach sí go géar orm. Bhí fhios
agam go raibh sí ag iarraidh dhéanamh amach ar
m'iomchur cé mhéad dá sgéal agus de sgéal Riocáird
d'innsigheadh dhom. Bhí céadh ceist faoi n-a súil: an
raibh fhios agam go raibh sí féin agus Riocárd luaidhte
le chéile? Ar dubhradh go mbéidís pósta i bhfad ó
shoin marach an timpíst d'eirigh dá mháthair? Fear a
mhill súile a mháthar go timpísteach le púdar agus é
ag iarraidh é thriomughadh — cé'n chaoi a bhféadfadh
seisean bean a phósadh agus an aire cheart thabhairt
di? Nach mbéadh sé de dhualgas aige an saoghal a
dhéanamh mín réidh aoibhinn do'n mháthair sin go
bhfuigheadh sí bás?
Thosaigh mé ag machtnamh ar an gcainnt adubhairt
an sagart nuair d'imthigh an bhean óg: dubhairt sé
gur cheap sé nár rugadh mac ariamh thug gean níos
dílse dá mháthair ná an gean thug Riocárd do'n
tseanmhnaoi mhaordha bhí ós mo chomhair amach. Agus
maidir léithi siúd, bhí sí ro-mhórdhálach, ró-rúnmhar,
cur-síos air, ná ar an ngrádh bhí n-a croidhe dhó, í
féin; acht dá gcluinfeadh sí duine eile ghá mholadh go
clisde, agus ós íseal mar deirtheá, thiocfadh loinne
n-a seanghruadh chaithte agus bhéadh sí n-a fíorcharaid
ag an té sin go deó …
"A mháthair," dhúisigh na focla as an machtnamh mé.
Bhí Áine ag léigheadh na litreach bréige ós íseal, de
ghlór bhog, agus ag cur brígh agus éifeacht aisteach
i ngach abairt.
Cuimhnighim anois ar an uile rud thárla an mhaidin
sin. Cuimhnighim ar an áit, ar an gcrann mór cró-
chapaill faoi úrdhuilleabhair bhí ós ár gcionn, ar an
mbán, ar an móinfhéar shíos uainn — bhí tradhna san
bhféar i bhfoisgeacht leithchéad slat dhúinn agus é ag
cur isteach ar an léightheóireacht le n-a phort aisteach
féin; acht an rud is mó atá geárrtha isteach 'mo
chuimhne an fhéachaint bhí i n-éadan na seanmhná agus
cluas uirri ag éisteacht leis an litir bhréagaigh sin
tháinic ó n-a mac mar dh'eadh. Chuir an fhéachaint sin
i gcéill dhom go bhféadthá aithne agus aithne mhaith bheith
agad uirri acht go mbéadh saoghal rúnda aici nach
nochtóchaidhe dhuit go deó …
Chuir Áine cosg leis an léightheóireacht.
"Léigh an giota sgríobh sé fút féin, a Áine," ars
an tseanbhean.
Bhí leisgé uirri é dhéanamh acht rinne.
"… agus, a mháthair a chroidhe, tabhair aire mhaith
d'Áine …"
Níor fhéad sí níos mó a rádh. Tháinic tocht uirri.
Bhí fhios agam go raibh sí ag cuimhneamh ar an bhfear sin
dá dtug sí gean agus nach bhfeicfeadh sí arís choidhche.
"Agus tiubhraidh mé aire mhaith dhuitse, a Áine, go
dtiocfaidh sé chugainn arís," ars an tseanbhean.
Shíl mé go mbrisfeadh an gol ar Áine. Níorbh
bhaoghal di, gidh go raibh deor faoi n-a súil agus a
hanál ag teacht go trom.
"A mháthair," ar sise sin é an t-ainm thug sí ar
an tseanbhean i gcomhnaidh" "a mhathair," ar sise,
"ní shílim gur fada go bhfeicfidh tú é."
Ní fios dom cé'n chiall bhain an tseanbhean as na
foclaibh sin; bhain mise mo chiall féin asta nuair
dhearc mé ar an tseanbhean mhaordha sin bhí le mo
thaobh — í lag lúbach aonraic agus i bhfoisgeacht, cé
mhéad mí, do'n bhás? …
Mholas an fear bhí faoi'n gcré: chuireas síos ar a
chródhacht, ar a chroidhe. ar an misneach chuir sé ar an
uile dhuine bhí i n-aice leis.
Le linn mo chuid cainnte shleamhnaigh lámh rocach
caithte na máthar isteach 'mo láimh féin. Acht an
buidheachas bhí ag an mnaoi óig dhom — bhí a súile lán
d'aiteas agus de mhórdháil go raibh an moladh sin ghá
fhagháil ag rún a croidhe.
Labhair fuiseóg i n-áirde sna spéirthibh …
Bhí an tseanbhean corruighthe agus níor mhaith léithi
go bhfeicfidhe í
.
"Imthighidh libh anois go ceann sgathaimh," ar sise,
"ba bhreágh liom bheith liom féin tamall."
Chuaidh mé féin agus Áine ag spaisdeóireacht.
"Meas tú bhfuil aon aimhreas uirri nach bhfuil sé.
i Sasanaibh?" arsa Áine.
"Ní shílim go bhfuil."
"Acht tá léargus aici nach mbíonn ag mórán,"
arsa Áine.
"Acht leis an gcaoi sgríobh tú an litir," adeirimse,
"chuir tú dallóg uirri."
"Dá mbéadh fhios aici é brisfidhe a croidhe. Caith-
fear, caithfear, caithfear an sgéal fíor a cheilt uirri
go gcasfar le chéile iad sna bhFlaithis. An grádh
diamhair bhí ag an mbeirt sin dá chéile …"
Bhíomar ag siubhlóid ar bhruach sruthláin faoi seo.
Sheas Áine. Bhí sí ag féachaint amach róimpi. Shíleas
féin gur ag féachaint ar sgeich ghil bhí ar an mbruach
bhí sí. Acht níorbh eadh. Tocht tháinic uirri.
"A Dhia," ar sise, agus 'sé an chaoi gur sgiorr na
focla uaithi dá buidheachas, "a Dhia," ar sise, "tá mo
chroidhe briste."
D'iarr mé maitheamhnas uirri faoi'n gcaoi do
hinnsigheadh sgéal an bháis di féin.
"Ní hé sin é," ar sise, agus bhí an tocht thart, "ní
hé sin é, acht caithfidh mé cur i gcéill dom féin de
ló agus d'oidhche go bhfuil sé beó beathuidheach, go
mbíonn sé ag sgríobhadh litreacha chugam, go bhfeic-
fead arís gan moill é …"
Stop sí. Bhí fúm fiafruighe dhi cé'n fáth go mbéadh
uirri í féin a chrádh ar an dóigh sin.
"Mara ndéanfaidh mé é," ar sise léithi féin,
"sgiorrfaidh focal beag uaim uair éigin, agus
tuigfidh an mháthair annsin go rabhamar ag innseacht
na mbréag ar feadh an achair."
Rug sí ar ghualainn orm.
"Caithfidh tusa cuidiughadh liom," ar sise.
"Cé chaoi?"
"Caithfidh tú leigint ort féin liomsa i gcomhnaidhe
go bhfuil sé beó. Caithfidh m'oncal é dhéanamh freisin."
Socruigheadh é sin. Níor labhair mé féin ná Áine
ná an sagart faoi bhás mic na seanmhná: chasamar an
chainnt ar dhóigh go gceapfadh aon duine bhéadh ag
éisteacht linn go raibh an fear bhí i gceist againn n-a
phríosúnach thall i Sasanaibh. Is beag nár cheapamar
triúr é gan mórán achair …
An bheirt bhan misneamhail sin! Chuir siad iongnadh
orm sul a raibh cuid mhór de'n tsamhraidh thart.
Agus nárbh iongantach an samhradh agamsa é!
Níor shíleas go bhféadfainn aithne chur ar bheirt bhan
go deó mar an aithne chuireas ar an mbeirt sin agus
cumann déanta agam le duine aca an duine eile a
mhealladh!
Is minic thagadh Áine ar chuairt agam sul a bhíodh
an chéad phroinn féin caithte agam: focal beag
suarach éigin deireadh an tseanbhean léithi chuireadh ag
machtnamh í go mbíodh sí leathchinnte go raibh fhios ag an
mathair go rabhamar ag innseacht na mbréag di faoi
n-a mac, agus go raibh sí ag dul i ndonacht i n-aghaidh
an lae dá bhárr.
Nach ar Áine bhíod an imnidhe! Chuireadh an bheirt
againn an sgéal trí n-a chéile; cuirfidhe síos go
dúthrachtach ar an tseanbhean, ar a mionchainnt nuair
luadhfaidhe ainm a mic, ar na gothaibh chuireadh sí uirri
féin, ar na ceisteannaibh chuireadh sí orainn nuair
thagadh an litir sheachtmhaineamhail — agus bhíodh an
chainnt ar siubhal eadrainn go gcuirfimís n-a luighe
ar a chéile, ní amháin go raibh an mháthair ar an ain-
eólas, acht nach raibh a mac marbh ar chor ar bith …
Shíltheá ar chainnt Áine gur chreid sí féin go raibh
an fear dá dtug sí gean beó. Is minic bhain sí geit
asam nuair d'fhiafruigheadh sí dhíom an raibh aon
tuairim agam cé'n uair a thiocfadh sé abhaile. An
bhean bhocht! Ar uairibh, chreid sí n-a croidhe féin an
sgéal bréagach cheapamar do'n mháthair; agus ba
bhreágh an lón anma dhi an creideamh sin bheith aici.
Gach Aoine sgríobhfaidhe an litir bhréagach do'n
mháthair dhaill: ag Áine bhíodh an peann, agus is ise
cheapadh an chuid is mó de'n chainnt; bhéinn féin le
n-a taobh ag cur léithi ó am go ham, acht ba bheag an
gábhadh bhí leis. Thuig sí croidhe agus meóin an fhir
bhí faoi'n gcré, agus is corr-uair chliseadh an focal
feileamhnach uirri. Thiubhrthá an leabhar go mbíodh a
thaise le n-a taobh ag treórughadh a peanna agus a
smaointe …
Bhí sí lá agus an peann i ngreim aici. Leag sí
uaithi é agus thosaigh sí ag féachaint róimpi go smaoin-
teach. Níor chuireas isteach uirri ar feadh i bhfad.
I ndeireadh na dála, thóg mé na súile agus dhearc mé
isteach n-a súilibh siúd — nár fheicidh mé an doiligheas
céadna i súilibh aon mhná eile arís choidhche …
Níor leig sí uirri gur thug sí faoi deara an chaoi
d'fhéach mé uirri. Ní dheárna sí acht osna beag a
sgaoileadh uaithi agus breith ar an bpeann arís.
Chuir sí síos go cruinn ar an saoghal bhí ag na
buachaillí i bhFrongach; labhair sí faoi'n gcampa
thuaidh agus chuir sí i gcomórtas leis an gcampa
theas é; sgríobh sí giota magamhail faoi na gárdaibh;
chuir sí cuid de na fearaibh bhí faoi ghlas i n-aithne
do'n mháthair ar dhóigh aérach spóirteamhail.
Léigh sí amach an giota deireadh sgríobh sí: —
"Dá mbéadh barabóir annseo," ar sise, "dhéanfadh
sé a shaidhbhreas, nó bhéadh sé ag imtheacht n-a gheilt n-a
pheilt i gceann seachtmhaine. Tá féasóg trí troigh
ar gach duine againn! An ceól is mó taitnigheann
linn —"
D'fhéach sí ormsa agus tháinic meangadh ar a béal.
Thosaigh sí ag léigheadh arís:
"Seo é an t-abhrán is mó cluintear againn —
"Ní bhainfidh mé an fhéasóg seo díomsa
Go bhfásfaidh sí trí troigh ar a fad,
Go mbeidh neart 's téagar 's brígh innti
Thar mar facthas ar aon fhear dár mhair."
Maidin lá'r na bhárach chuir an litir seo aoibhneas
ar chroidhe na máthar. Las suas a seanéadan caithte
uasal.
Bhí Áine go gliondarach …
"Sé an fear ceanan céadna é, a mháthair," ar
sise. "Ní chuirfeadh aon nídh ar an saoghal as dó.
Dhéanfadh sé gáiridh agus greann dá mbéadh sé i
mbéal an bháis."
"Fíor sin, a chuid," ars an tseanbhean, "ní bhíonn
greann acht mara mbíonn seisean; gile a gháiridh
agus éadtromacht a chroidhe — is leigheas ar an droch-
shláinte iad. Is fada liom an lá agus is fuide liom
an oidhche go bhfeicfidh mé arís é …"
Níor chualas an oiread sin molta uaithi ó tháinic
mé san áit: bean de na mnáibh mórdhálacha sin nach
nochtuigheann a gcroidhe acht go fíor-annamh b'eadh an
tseanbhean.
Chonnaic mé súile Áine. Bhíodar ag damhsa n-a
ceann le aiteas. Ba mhilse ná mil beach léithi an
moladh sin thug an tseanbhean aonraic do'n fhear dá
dtugadar beirt grádh.
Mholas féin é; buidheachas súl Áine an luach
saothair bhí uaim …
Tháinic maor na seanmhná, agus fear óg n-a
chuideachtain isteach, agus mise ag cainnt.
"Seo fear óg," arsan maor, "agus bhí sé san
Eirghe-Amach freisin. Gabhadh é; cuireadh thar lear
é; sgaoileadh saor cúpla lá ó shoin é. Tháinic sé ar
cuairt annseo le sgéalaibh dhuitse—"
Shíleas go raibh deireadh leis an mbréag; bhéad
fírinne an sgéil ag an stráinséara. D'innseóchadh sé
ar bhealach tuatach míostuamdha. Brisfidhe croidhe
na máthar boichte bhí ag súil le n-a mac filleadh.
D'fhéach mé ar Áine. Ní raibh aon chosamhalacht
imnidhe uirri siúd, agus níor thuigeas sin.
Thosaigh an stráinséara ar a sgéal.
"Ceithre lá ó shoin d'fhágas Frongoch," ar seisean,
"dubhradh liom theacht annseo ar cuairt. D'eirigh mé
mór le do mhac Riocárd ann …"
Gheit mé. Cé'n mearbhall bhí orm? Arbh ionann
an fear fuair bás le mo thaobh ar bhárr an tighe sin
i mBaile Átha Cliath agus mac na mná bhí n-a suidhe
annsin ar nós deilbh cloiche?
Lean an stráinséara leis an sgéal.
"B'é croidhe na cuideachtain é; b'é tús agus
deireadh grinn é; b'é an ga gréine i n-uachais dhorcha
é …"
Lean sé do'n chainnt agus do'n mholadh agus an
máthair ag éisteacht leis gan cor a chur di.
D'fhágamar triúr slán ag an tseanbhean gan
mórán achair, acht gheall an stráinséara go dtiocfadh
sé arís.
"Arís agus arís eile, a bhean uasail," ar seisean,
"ní bhéinn tuirseach ag cur síos ar an bhfear cródha
sin, ar Riocárd an chroidhe mhóir — mar tugadh air san
gcampa, ní bhéinn tuirseach ag cur síos air go lá mo
bháis …"
Bhí an triúr againn ag imtheacht ó'n teach mór.
"Cá raibh tusa ag troid?" arsa mise leis an
stráinséara.
"Ní dheárna mé troid ariamh acht ar stáitse amhar-
clainne," ar seisean, "agus ní dhéanfad má's féidir
liom é."
"Acht nach ndeir tú go raibh tú thar éis theacht as
Frongach?"
"Frongach!" ar seisean, agus chaith sé a dhá láim
amach uaidh díreach is dá mbéadh sé ar stáitse,
"Frongach! ní áil liom thú! Aér cruaidh na sléibhte
thart ann — ní réidhtigheann sé le mo sgathmhógaibh!
Bodhar-aéir an logáin — is gráin liom é!"
"Acht cé'n fhad ar chaith tú ann?" arsa mise.
"Ní raibh mo cholann ann ariamh acht bhí m'anam ag
follamhain ós cionn an champa ó cuireadh ár seadairí
calma ann i dtosach," agus chuir sé gothaí air féin
amhail is dá mbéadh sé leis an bhfiche oiread a rádh
marach gur chuir Áine isteach air.
"Mise thug annseo é," ar sise go réidh. "Bhí
faitchíos orm go raibh aimhreas ag teacht ar an tsean-
mhnaoi. Dá neadruigheadh an t-aimhreas n-a croidhe, ní
dhíbreochadh an saogal é agus réabfaidh a seanchroidhe."
D'fhéachas uirri … bhfuil aon nidh ar an saoghal
iongantach seo níos aistighe ná bean?
Ar chaith tú mórán achair i gcomhluadar na ndall
ariamh? An duine bhíos dall ó dhúthchas, nó ó thús na
hóige féin, ní iompuigheann sé an t-éadan leat agus
é ag cainnt; acht an té d'eirigh dall agus aois aige,
bíonn sé ag iarraidh bheith ag féachaint ort nuair bhíos
imnidhe nó corrughadh croidhe ar bith air. Ní bhíonn an
cleachtadh ná an t-eólas ceart aige ar ríoghachtaibh
na ndall; ní "fheiceann" sé na soillse draoidh-
eachta, ná na hiongantais; bíonn leathchos leis n-ár
saoghal-ne agus an leathchos eile thall, agus is truaigh
Muire an té atá idir an dá shaoghal …
Ní amhlaidh bhí an sgéal ag an tseanbhean. Bhí an
fhéachaint dhall aici i gceart. Cuma céard bhéadhthá a
rádh léithi, cuma céard bhéadh sí féin a rádh leat,
shíltheá uirri go raibh an t-eólas ceart aici ar bhealaigh
aimhréidhsigh ríoghachta na ndall, go "bhfaca" sí na
soillse draoidheachta nach léir dhúinn-ne, go raibh
claidhe n-a timcheall nach bhféadfaidhe a threasnughadh.
Agus de réir mar bhí sí ag dul i laige agus i
n-ísle-bhrígh, de réir mar bhí an fóghmhar ag sleamh-
nughadh uainn agus aimsir an tseaca agus an fhuachta
ag druideadh linn, is amlaidh is mó bhí an claidhe seo
a dhul i n-aoirde idir í féin agus an saoghal gnáthach
bhí n-a timcheall. Shíl Áine go raibh rún aici agus bhí
sí imnidheach faiteach gurab é rún ár mbréag é.
Cheapas féin nárbh é:
"Bean innti féin í," adeirimse, "níorbh fhéidir le
duine dhul ró-ghar ariamh do'n dé nó do'n anam atá
innti; níl uirri anois acht go bhfuil sí ag eirghe
cleachtach eólach ar shaoghal dhiamharach na ndall."
Acht pé ar bith é, bhí an tsláinte ag dul i ndonacht
uirri. Faoi Shamhain, níor fhéad sí an teach fhágail.
Sa leabaidh chaitheadh sí an chuid is mó de'n ló. Is
minic sa tráthnóna go mbuailfinn féin isteach ann le
comhrádh dhéanamh léithi. Casfaidhe Áine liom ann,
agus chaitheadh an bheirt againn cuid de thús na
hoidhche ag cainnt léithi go dtuitfeadh sí n-a codladh
éadtrom bíodhgach.
D'éaluigheadh an bheirt againn linn annsin agus
aimhreas orainn céard bhí i gcroidhe na seanmhná. Bhí
mo bharamhail féin agamsa — nár sháith sí lámh Áine
isteach 'mo láimh féin uair? Agus nár choinnigh sí
féin greim ar ár dhá láimh feadh sgathaimh bhig?
"Cé'n chiall bhí aici leis sin má cheapann sí go bhfuil
Riocárd beó?" arsa Áine, agus an bheirt againn ag
gabhail an bóthar abhaile an oidhche sin.
"Cé'n chiall bhéadh aici leis," arsa mise, "acht go
mbéadh cumann caradais eadrainn triúr go bhfillidh
Riocárd?"
D'fhéach Áine orm. Níor aontuigh sí leis an mín-
iughad sin cheapas. Tháinic luisne n-a gruadh. Bhí
méala uirri gur labhair sí …
Agus d'éaluigh an aimsir thart ar an dóigh sin.
Léigheas ar an bpáipéar maidin go rabhthas leis
na príosúnaigh bhí i bhFrongach a sgaoileadh abhaile.
D'eirigh mo chroidhe. D'fheicfinn cuid de mo shean-
cháirdibh arís.
Rinneas deifir leis an deághsgéal innseacht d'Áine.
Imnidhe bhí uirri siúd nuair léigh sí é.
"Beidh fhios aici anois é," ar sise, "beidh fhios aici
anois go bhfuil sí gan mac agus go rabhamar féin
ag innseacht na mbréag dhi ó aimsir an tsamhraidh.
Marbhó'aidhe sé sin í."
"Déanamaois deifir," arsa mise, "go n-abró'aidhe
muid le líon an tighe gan an sgéal innseacht di."
Rinneamar sin.
Thugamar cuairt ar an tseanbhean féin annsin.
Ní raibh fhios againn ar a hiomchur ar chuala sí an
sgéal nó nár chuala; bhí sí anlag, anlag de'n tsaoghal
— acht mar sin féin féin bhí fuinneamh aisteach neamh-
shaoghalta innti.
"Bhí súil agam libh," ar sí, "mar tá deághsgéal
agam díbh."
Gheit an bheirt againn. Bhí fhios aici go raibh na
príosúnaigh le teacht abaile — bhéadh súil aici le n-a
mac dílis i gceann cúpla lá; nuair nach dtiocfadh
sé, bhéadh fhios aici cé'n feall d'imrigheadh uirri.
Brisfidhe a croidhe …
"Tá an deághsgéal agam díbh," ars an tseanbhean,
"i gceann cúpla lá feicfidh mé mo mhac múirneach
féin arís."
D'fhéach mé féin agus Áine ar a chéile: céard ab
fheárr a dhéanamh?
"A Áine," ars an tseanbhean, "gabh amach agus
abair leis an maor gach uile rud bheith ullamh n-a
chomhair nuair thiocfas mo mhac …"
D'imthigh Áine. An fhéachaint thruaighmhéalach thug sí
dhom ag imtheacht dhi!
Rug an tseanbhean ar ghualainn orm.
"Cogar! Cogar!" ar sise, agus is ar éigin
d'aithneóchthá a glór.
Chuir mé mo chluas le n-a béal.
"Feicfidh mé mo mhac gan moill, i gceann cúpla
lá b'fhéidir …"
Chuir sí cosg léithi féin. Easbaidh anála bhí uirri.
"Feicfidh mé é," ar sise, "acht ní ar an saoghal
seo é. Tá mé ag fagháil bháis. Gairid uaim é, gairid
uaim mo mhac …"
Níor fhéad sí níos mó a rádh leis an tocht tháinic
uirri. I ndiaidh tamaill dubhairt sí —
"Bhí fhios agam gur marbhuigheadh é ar feadh an
achair … bhí fhios agam é … acht ní innseóchainn
d'Áine é … mharbhóchadh sé í … brisfidhe a
croide … an gean bhí ag an mbeirt sin dá
chéile …"
An bheirt bhan sin! Gach duine aca ag iarraidh
dallóg chur ar a chéile ar eagla go mbrisfeadh sgéal
báis an té dá dtug siad beirt gean croidhe an duine
eile!
Níor innis mé dhi go raibh fhios ag Áine freisin é.
"Nuair bhéas mise imthighthe," ars an tseanbhean
dhall, "tig leat an sgéal innseacht di … tig leat
innseacht di go bhfuair mo mhac bás — go bhfuair mo
mhac bás ar son na hÉireann …"
Agus ní fhacha mé ariamh féachaint níos mórchúisighe
i n-éadan duine …
Dhá lá n-a dhiaidh sin fuair an tseanbhean mhórdhálach
mhisneamhail sin bás. Bhí Áine agus mé féin ar an
tsochraoid.
"Bean mhisneamhail," arsa Áine liom agus an bheirt
againn ag imtheacht abhaile.
"Ar nós thú féin," arsa mise léithi.
"Ar nós a mic," arsa Áine.
Tá mé cinnte go raibh misneach ag an triúr aca:
tá misneach agam féin freisin — cineál misnigh: acht
ní raibh sé de mhisneach agam fós innseacht d'Áine
cé'n gean atá agam uirri.
Céard a mholfá dhom a dhéanamh?
AN CEATHRAMHA BUAIDH
ANAM AN EASBUIC
ANAM AN EASBUIC
Bhí an t-easboc n-a chodladh. Ní raibh le feiceál
acht a shrón, a bhéal, a smig, agus leathshúil leis, nuair
d'fhéach an fear aimsire, tiománuidhe an ghluaisteáin
isteach thríd na fuinneógaibh air. Bhí faoi innseacht
dó go gcaithfeadh sé moill a chur air, go raibh rud
éigin ar cearr le inneall an cháirr, acht nuair thug sé
faoi deara sa gcúinne é, agus a raibh de chótaibh
móra agus eile bhí aige timcheall air, shíl sé go
mb'fheárr dhó féin gan bacadh leis go gcuirfeadh sé
caoi ar an inneall diabhalta sin gan maith.
Sgar sé a chóta mór féin ar an mbóthar faoi'n
gcárr, agus isteach leis faoi, ag snámhghail ar a bholg,
ar nós péiste. Bhí solus deas ó n-a réaltaibh, acht
b'fheárr ná sin an solus bhí aige ó dhá lampa cinn an
ghluaisteáin. Nuair a chonnaic sé cé'n obair mhór bhí
roimhe, agus deis a chur ar an inneall, thug sé trí
mhionn agus d'fhan achar beag ar a leathuilinn ag
féachaint suas uaidh ar thóin an ghluaisteáin agus ar
na rothaibh aimhréiseacha bhí istigh i mbolg an innill.
Nach ar an easboc bhí an tubuisde agus a leithéid
de ghluaisteán a cheannacht! Fuair sé an gluaisteán
saor go maith— acht cé'n mhaith bhí i ngluaisteán saor
mara ngluaisfeadh sé? Nach é bhí ceanndána nár
ghlac sé comhairle leis féin — acht ár ndóigh, ní ar an
easboc bhéadh an t-inneall gan maith sin a leigheas!
D'fhéadfadh an t-easboc fanacht ar a sháimhín sogha
istigh sa chárr, agus é féin ar a bholg ar an mbóthar
fuar fliuch ag iarraidh caoi chur ar an diabhal sin
d'inneall!
Rug sé ar a chuid óirnéis. Bhain sé slabhra beag
amach as an inneall. Bhain rotha beag cruaich as áit
éigin eile. Chroch sé suas ceann de na lampaibh
móra, gur dhearc sé isteach i ndiamharacht na hinneall-
achta. Thug sé trí mhionn eile annsin, agus bhagair
sé a dhorn ar an easboc, nó ar an áit ar shíl sé an
t-easboc bheith n-a chodladh istigh sa chárr.
Is iomdha sin easboc ar chuir sé aithne air ó chuaidh
sé ar aimsir ag an gcléir i dtosach, acht diabhal
easboc aca bhí chomh ceanndána leis an easboc bhí n-a
chodladh ós a chionn. Cé'n meas d'fhéadfaidhe bheith ar
dhuine cheannuigh gluaisteán de'n déanamh sin? Bhí
fonn air an t-inneall bhaint ó chéile ar fad: gan
bior barra ná bís fhágail ann — céard deirfeadh an
t-easboc annsin nuair bhéadh air iad a chur n-a n-ionad
ceart féin arís? Cheap an tiománaidhe go mba mhór
an spóirt bheith ag féachaint ar an easboc n-a luighe
ar an mbóthar fliuch agus é ag iarraidh an t-inneall
bradach diabhalta a chur le chéile arís!
Ní hé sin a rinne sé. Thosuigh sé ag obair ar a
dhíthcheall. Thosuigh sé ag easgaine ar a dhíthcheall.
Ag easgaine ar an easboc bhí istigh sa chárr bhí sé,
agus ar gach uile easboc eile bhí chomh ceanndána is
nach nglacfadh comhairle faoi ghluaisteán. A leithéid
de ghiosgán agus d'easgaine is bhí le clos istigh faoi'n
gcárr!
Dhúisigh an rúille-búille bhí aige an t-easboc. Cá
raibh sé? Ní fhéadfadh sé bheith i mBl' Átha Cliath; ní
raibh le feiceál aige acht machaire mór leathan. Acht
céard bhí ar an gcárr — ní raibh sé ag imtheacht ar chor
ar bith? Agus an giosgán agus an tormán bhí shíos
faoi! An t-inneall tubuisteach sin arís! Marach
gur easboc bhí ann dhéanfadh sé an oiread easgaine
leis an tiománaidhe féin. Ba mhór an míádh é an
mhoill seo chur air, agus an deifir bhí air go Baile
Átha Cliath.
D'osgail sé doras an ghluaisteáin agus amach leis
ar an mbóthar.
Bhí an tiománaidhe istigh faoi'n gcárr agus é ag
tabhairt na mionn. Má bhí an t-easboc misneamhail
féin, ní raibh sé de mhisneach aige cur isteach ar
cheárdaidhe dá shórt. Agus bhí aithne aige ar an
tiománaidhe seo.
Chaith an t-easboc cóta mór thar a ghuailnibh, agus
thosaigh ag spaisdeóireacht dhó féin go mífhoighdeach.
Tiubhradh sé reatha beag agus cúpla léim ó am go
ham le n-a chosaibh a théidh, agus i ndiaidh gach cúpla
léim d'fhéachadh i dtreó a ghluaisteáin. Acht ní raibh
aon chosamhlacht ar an tiománaidhe bheith réidh.
Chaith sé leath-uair eile ag spaisdeóireacht dhó féin.
Annsin d'fhéach sé ar an uaireadóir. Bhí sé an deich
a chlog, agus bhí geallta aige bheith i mBl' Átha Cliath
ag an Athair Antoine ar a naoi. Agus ó luighe na
talmhan bhí fhios aige nach bhféadfadh sé bheith i bhfois-
geacht fiche míle de'n chathair. Céard deirfeadh an
seansagart diadhanta riaghalta sin leis?
Acht ní raibh sé de dhánacht ann cur isteach ar an
tiománaidhe.
Shiubhal sé céad slat siar an bóthar. Bhí na cosa
te aige faoi seo, agus thosaigh sé ag machtnamh ar
cheist bhí ag déanamh buartha dhó le tamall fada — an
cheist sin bhí ghá thabhairt go Baile Átha Cliath le
comhairle a ghlachadh le n-a sheancharaid an t-Athair
Antoine faoi.
Fear deaghmhóideach cóir bhí san easboc. Bhí croidhe
ann, agus misneach aige, acht bhí smacht aige ar a
chroidhe agus ar a mhisneach ó thús a óige. An rud
cóir a dhéanamh i gcomhnaidhe — sin riaghail leag sé
amach dhó féin; agus rinne sé an rud cóir, de réir a
léarguis féin, gach uile thráth ba chuma céard tháinic
as. Díthmheas an phobuil nó mícháirdeas na n-uachtarán,
ba chuma leis iad; níor chuir ceachtar de'n dá nidh
sin isteach ariamh air ó rinneadh easboc dhe. Bhí
daoine ann adubhairt go raibh se ró-mhór le daoine
uaisle, le tighearnaibh agus le lucht riaghaltais agus
leis an dream sin uile; go ngéilleadh sé dhóibh go
ró-mhinic; gur cheap sé go mba luachmhare anam
tighearna ná aon anam eile cruthuigheadh … Dubhradh
gur beag an áird bhéadh ag an easboc ar an té
ba dhiadhanta rugadh ariamh dá mbéadh fear mór
uasal nó tighearna saidhbhir talmhan i n-aon tseómra
leis.
Bhí fhios ag an easpoc go raibh an cháil sin amuigh
air. Bhí fhios aige go n-abróchaidhe arís agus arís
eile é dá gcuirfeadh sé an smacht cóir ar an Athair
Ó Domhnaill. Bhí ceaptha aige an smacht sin a chur ar
an sagart óg dána sin gan céill, dá dtairneóchadh
sé Éire uile anuas ar a mhullach. Ní raibh sé ag
glacadh comairle leis an seananamchara bhí aige
i mBl' Átha Cliath acht ar eagla go raibh dearmad
déanta aige féin ar aon phonc. Ba chuma leis an tír
uile go léir bheith anuas air, ba chuma leis cé'n díth-
mheas bhéadh ag an bPobul air, chuirfeadh sé smacht ar
an Athair Ó Domhnaill mara raibh a anamchara i n-ann
aon nidh tábhachtach a rádh i bhfábhar an tsagairt sin,
mara raibh sé i n-ann taobh eile de'n sgéal a nochtadh
dhó …
Oidhche bhreágh earraigh bhí ann, agus d'fhan an
t-easboc n-a sheasamh ar árd bhí sa mbóthar ag féach-
aint siar agus siar-ndeas uaidh ar Mháigh Life …
Ba mhór an imnidhe dhó an tAthair Ó Domhnaill.
Marach go raibh sé n-a shagart mhaith dhiadhanta ba
gheárr a ré n-a dheóighse; acht má bhí sé diadhanta
féin, ba chosamhla é le saighdiúir ná le sagart. Nach
raibh sé ag caitheamh gach uile phighin dá raibh aige
ariamh ar ghunnaibh agus ar lón cogaidh agus dá roinnt
ar na fearaibh óga? Cárbh fhios do'n easboc céard
a thiocfadh as? Bhí an sagart óg seo, an séiplíneach
dána seo, ag dul ó smacht ar fad. D'fhógair sé
féin air gan bacadh feasta le aon dream mileadhta
bhí i n-aghaidh an riaghaltais agus cé'n freagra thug sé
air acht go raibh sé n-a Éireannach chomh maith le bheith
n-a shagart. N-a shaighdiúir chomh maith le bheith n-a
shagart — sin é ba chóra dhó a radh, cheap an t-easboc;
an dúthchas — fuil bhorb achrannach na nDomhnallach —
agus shíl an t-easboc go bhfaca sé an tAthair Ó
Domhnaill faoi chulaith gaisge, claidheamh mór soluis
n-a ghlaic, sluagh tréan ar a sháilibh agus iad ag
gluaiseacht rómpa thar an machaire áluinn bhí ós a
chomhair amach …
Bhog a chroidhe roinnt. Músgluigheadh rud éigin
i ndoimhneacht a anma. An seandúthchas atá níos
tréise ná an oileamhaint, an fonn chun troda bhí sa
bhfuil aige — sin é an rud bhí ghá ghríosadh. Níorbh fhada
go raibh sé ag gabháil amhráin, agus amhrán nach
dtaithneóchadh le n-a charaid, an fear mór riaghaltais
i mBl' Átha Cliath. Chuir sé smacht air féin. Mhúch
sé an rud beag sin bhí ag iarraidh eirghe as doimhneacht
a anma …
Seafóid! seafóid agus díthcéillidhe bhí ann uile
go léir. Ní fhéadfaidhe an dream bhí i gceannas a
bhogadh. Síleadh é dhéanamh go minic agus céard bhí
ann de bhárr na n-iarracht uile?
Bhí sé níos cinnte ná ariamh go raibh an tAthair
Ó Domnaill agus na hógánaigh bhí leis ar aimhleas na
tíre. Acht chuirfeadh sé féin smacht air!
Ghluais leis go réidh mall agus go brónach i dtreó
an cháirr.
Pé ar bith cé'n galar bhí ag gabháil do'n ghluaisteán
d'eirigh leis an tiománaidhe a leigheas. D'eirigh sé
amach as a lár istigh, agus é sméartha le ola agus le
salachar. Siúd i n-áirde ar a shuidhcheán féin é, chas
sé an rotha, agus as go bráthach leis an ngluaisteán
agus gan aon cheapadh ag an tiománaidhe cóir acht go
raibh an t-easboc n-a chodladh istigh ann.
Níor chuir sé thar dá mhíle bóthair de, gur thosaigh
an preabadh agus an tormán arís san inneall.
Thúirling sé. Shíl sé é leigheas. Dá mbhéadh roinnt
páipéir aige b'fhéidir go bhféadfadh sé a dhéanamh.
Chuaidh sé go dtí doras an ghluaisteáin go bhfuigheadh
sé seanpháipéar nuaidheachta ón easboc.
Nuair d'osgail sé an doras leath a bhéal air. Ní
raibh an t-easboc ann!
Dhún sé an doras arís agus d'fhan sgathamh beag
ag smaoineadh. Bhí sé n-a bhaileamhair. Cé'n chaoi ar
chaill sé an t-easboc? Ar fhág sé n-a dhiaidh é i
dteach sagart paráisde an Chillín? Nó ar fhág sé
an cárr nuair bhí sé féin ag cur deis air leathuair ó
shoin? Cé'n fonn coisidheacht bhí air seachas aon
easboc dá raibh ar a aire ariamh? Nach raibh a dhóthain
le déanamh aige gan bheith ag iarraidh bheith ag coin-
neál easbuic ó bheith ag imtheacht leis féin de shiubhal
oidhche!
Leig sé fead, acht má chuala an t-easboc é níor
thug sé freagra air. Ní amháin go raibh fonn ar an
easboc céadna bheith ag coisidheacht leis féin de
shiubhal oidhche, acht bhí sé chomh bodhar le sluasaid.
Leig mo dhuine fead eile ar an easboc. Dá mbéadh
sé i bhfoisgeacht trí mhíle dhó chluineadh an t-easboc
an fead sin. Acht ní bhfuair an tiománaidhe groidhe
freagra ar an bhfead.
Ghluais leis siar an bóthar cúpla céad slat ag
féachaint a bhfeicfeadh sé an t-easboc i n-aon áit.
Ghlaodh sé air i n-árd a ghotha ó am go ham, acht sin a
raibh de mhaith dhó ann.
Easboc ar fuaidreamh agus a ghiolla ar a thóir!
Casadh fear leis an ngiolla, leis an tiománaidhe.
Bheannuigh sé dhó.
"Féach," ars an tiománaidhe leis, "féach," ar
seisean, "ní móide go bhfaca tú easboc thart i
n-aon áit annseo?"
D'fhéach an coimhthigheach ar an tiománaidhe. Ní raibh
aon chosamhlacht óil air. Acht cé'n magadh bhí air go
raibh sé ar thóir easbuic faoi mheadhon-oidhche ar bhóthar
uaigneach fá'n dtuaith? Sasanach bhí sa stráinséir
seo casadh leis an tiománaidhe; ní eólas ró-bheacht
bhí aige ar bhéasaibh na tíre ná ar nósaibh na n-easboc
acht oiread; cárbh fhios dó nach rabhadar tugtha do
shiubhlóid faoi mheadho n-oidhche?"
"Seo, an bhfaca tú easboc thart i n-aon áit? ars
an tiománaidhe arís, agus cantal air nár thug an
duine eile freagra air fós.
"Easboc?" ars an Sasanach.
"Seadh, easboc — nach gcluin' tú mé?" ars an
tiománaidhe go bagarthach.
"Níl mé sa tír seo acht dhá lá," ars an Sasanach go
faiteach; cárbh fhios dó nach duine de na "hÉireann-
aighibh fiadháine" é seo bhí ós a chomhair amach? cárbh
fhios dó céard a dhéanfaidhe leis san áit iargcúltha
seo, dá mbéadh fhios go raibh sé gan airm teinidh?
"A' bhfaca tú easboc thart annseo adeirim? ars
an tiománaidhe, "abair go bhfaca nó nach bhfaca agus
leig dom a dhul ar a thóir."
"Ní fhaca mé easboc ariamh," ars an Sasanach.
"Dheamhan ar feárr dhuit fheiceál," ars an tiomán-
aidhe," bíonn cuid aca anchrosta. An t-easboc sin
agamsa …
"Cá'r chaill tú é?" ars an Sasanach.
"Ar an mbóthar i n-áit éigin," ars an tiománaidhe
"nach é an diabhal é?
"Gabhfaidh mise ar a thóir i n-aondtigh leat má
thogruigheann tú?" ars an Sasanach, lághach go leór;
b'é seo an t-eachtra ba mhó bhuail n-a threó ó tháinic
sé go hÉirinn.
"Téanam," ars an tiománaidhe.
Ghluais leó beirt ar thóir an easbuic. Shiubhal siad
míle gan duine ná deóraidhe fheiceál. Bhí ceó beag
ag eirghe aníos as an machaire go raibh buin na gcrann
b'fhogus dóibh i bhfolach orra, agus a mbárr ar nós na
gcéadta oileán coillteach istigh i lár locha airgid.
"Tír áluinn í seo," ars an Sasanach, ag féachaint
anonn uaidh ar an machaire," shíltheá gur gail airgid
atá ag eirghe aníos as an talamh …"
"Airgead," ars an tiománaidhe, "trí phunnt an
t-acra tugtar ar an talamh sin."
Dhearg sé píopa.
"Préachfar an fear bocht," ar sé, "cé'n míádh bhí
air gur imthigh sé mar sin?"
"An imthigheann sé go minic?" ars an Sasanach.
"Corr-uair. Bhfuil cipín eile agad?"
"Ta … a bhean b'fhéidir —"
D'fhéach an tiománaidhe ar an Sasanach. Rug sé ar
ghualainn air.
"Ná habair é sin arís," ar seisean go bagarthach.
"Ní abróchad," ars an Sasanach, "ár ndóigh níl
aithne ar bith agam uirri. Ní fios dom nach bean
dheas lághach í …"
"Stop!" ars an tiománaidhe.
"Nach minic d'fhág fear maith groidhe a bhean, agus
d'fhill arís?"
"Stop!" ars an tiománaidhe.
"Ós a' cainnt atámuid," ars an Sasanach, "tig
liom a rádh leat go bhfillfidh mé féin agus beidh fáilte
aici rómham freisin."
"Stop!" ars an tiománaidhe, "nó —," agus chuir
sé gotha troda air féin.
Níor thuig an Sasanach an sgéal. Bhí sé ar tí
labhairt arís, acht chuir an fear eile a dhorn le n-a
bhéal.
"Níl aon bhean aige," ars an tiománaidhe, "nár
dhubhairt mé leat gur easboc atá ann?"
"Dubhairt, acht —"
"Seo," ars an tiománaidhe go mífhoighdeach, "seo,
téidhimís ar a thóir."
Chuaidh.
Bhí an oidhche ag eirghe anfhuar. B'éigin dóibh
coisidheacht mhaith a dhéanamh nó préachfaidhe iad. Bhí
teach beag ósta leathtaobh na slighe. Bíodh is go raibh
sé andeireannach san oidhche bhí solus le feiceál ann.
"Má tá tóir aige ar an ól is istigh annsin atá
sé," ars an Sasanach.
"Ní ólann sé aon bhraon," ars an tiománaidhe,
"agus níor ól ariamh. N-a aghaidh go mór atá sé."
Acht ó bhí an oidhche chomh fuar cráidhte sin, bhuail
siad féin beirt isteach le n-a mbéal a fhliuchadh le
"braon beag te."
Nuair a shroich an t-easboc an áit ar fhág sé an
gluaisteán, ní raibh sé le feiceál aige ár ndóigh.
Ní raibh sé cinnte go raibh sé san áit chéadna ar chos
ar bith; is beag áird bhí aige air agus an imnidhe bhí
air faoi'n Athair Ó Domhnaill. Ghluais leis sgathamh
eile agus leath-bharamhail aige go bhfeicfeadh sé an
gluaisteán gan moill.
Acht ní hé an gluaisteán is mó bhí ag cur air acht
ceist an Athar Ó Domhnaill. Dá mbéadh cead a
gcinn ag a leithéidibh de shagairt óga mhillfidhe an
tír. An méad d'eirigh le daoine staidéaracha bhaint
amach do'n tír le gliocas agus le bladar agus le
lámh-istigh bheith aca leis an riaghaltas, chaillfidhe arís
é. Talamh gan cíos — níor thaithnigh sin leis ariamh;
bhí an Eaglais n-a aghaidh agus ní gan fáth é — "beidh
na boicht agaibh choidhche" ar sé leis féin. Acht tá
daoine ann, sa tír seo féin, atá ag cur i n-aghaidh an
dlighe sheanda sin. An tAthair Ó Domhnaill, dubhairt
sé uair … Acht dlighthe gan cam — d'fhéadfaidhe
iad sin a chur i bhfeidhm i ndiaidh a chéile — gliocas,
stuaim, staidéar — sin é an chaoi le dlighthe córa
bhaint amach … Acht ní raibh sé thar leathshásta
leis féin, ná le n-a leigheas. Bhí an cháin an-trom ar
an tír agus ar bhochtaibh; acht nach raibh an cháin dlis-
teanach? "Tabhair do Chaesar …" Acht b'fheárr
leis go mór nach mbéadh Caesar chomh géar sin orra.
Chuimhnigh sé annsin ar an gcomhrádh deireannach bhí
aige leis an Athair Ó Domhnaill: bhí sé féin agus an
sagart óg sin n-a leabharlainn; eisean críona ciall-
mhar staidéarach ag iarraidh an sagart chur ar a leas
gan é smachtadh go ró-mhór; an tAthair Ó Domhnaill
ar a aghaidh amach, lán de dhóchas agus de mhisneach
agus de dhánacht agus de ghrádh-tíre. Chuala sé an
dá ghlór anois féin agus é ag imtheacht roimhe go
mall réidh agus go brónach:
"Má tá namhaid i n-ár measg féin, agus ní ghéillim
go bhfuil, nach féidir codladh chur air agus an chealg
bhaint as an namhaid annsin?"
Agus an chaoi a chraith an tAthair Ó Domhnaill a
cheann agus adubhairt go bríoghmhar:
"A thighearna, níl leigheas i ndán do'n tír chráidhte
seo, acht píosaí beaga luaidhe chur san áit is feileamh-
naighe dóibh …"
Chuir sin deireadh leis an gcainnt. Thuig an
t-easboc cé'n áit ar mhaith leis na "píosaí beaga
luaidhe" a chur. Níor chuir an sagart óg aon chosg ó
shoin leis an gcleachtadh airm. Níor ghéill sé dhó
féin. Bhí cion aige féin ar an sagart óg; chuaidh sé
air go mór go gcaithfeadh sé é smachtadh go géar agus
go trom; acht céard eile d'fhéadfadh sé a dhéanamh?
Sheas sé ar an mbóthar agus d'fhéach n-a thimcheall.
Nach é bhí fuar? Agus an ceó bhí ag eirghe aníos as
an machaire, as Maigh Life! Bhí aithmhéala air nár
thug sé cóta mór níos truime leis; an drochshlaghdán
bhí air ar feadh an gheimhridh nach mór, bhí eagla air go
dtiocfadh sé arís.
Acht cé'n solus aisteach é sin bhí le feiceál aige
sa spéir thoir-dtuaidh uaidh? Bhí na néalta móra
lomracha bhí ós cionn an mhachaire, thoir-dtuaidh uaidh,
an-dearg. Toiteán i n-áit éigin … árus mór
i mBl' Átha Cliath thrí theinidh b'fhéidir …
Bhí an bóthar roinnt fliuch agus thug sé rian cháirr
faoi deara sa phuiteach. Dhearg sé níos géire ar
na luirg. Rian ghluaisteáin — bhí sé cinnte dhe. A
ghluaisteán féin b'fhéidir — acht cé'n tubuisde bhéadh
ar an tiománaidhe gur imthigh sé leis gan é?
Lean sé do na luirg.
Tháinic sé ar an teach beag ósta n-a raibh an
tiománaidhe agus an Sasanach casadh leis. Mhothaigh
sé an solus ann. Chuaidh a chárr féin thar an teach —
ba léir sin ó na luirg — acht cárbh fhios dó nach mbéadh
tuairisg an ghluaisteáin ag duine éigin de mhuinntir
an tighe?
Bhuail sé cnag beag ar an doras agus d'fhan go
foighdeach go n-osglóchaidhe dhó é.
Chuala an dream bhí ag ól sa teach ósta cnag an
easbuic ar an doras, agus ar iompughadh do bhoise bhí
an áit chomh socair leis an uaigh. Ní raibh siolla ó
aon duine acht iad uile go léir ag féachaint ar a
chéile go sgáthmhar.
Ní raibh cead ag éinne bheith ag ól i dteach ósta an
tráth sin d'oidhche, agus chomh luath is d'fhéad sí é, chuir
bean an tighe na gloiní agus eile as amharc.
Bhí fear árd tuaithe ann agus súil leis ar pholl na
heochrach ag iarraidh dhéanamh amach cé bhí amuigh.
"Fear agus culaith dhubh air," ar seisean i gcogar
le bean an tighe.
"Constáblaí!" ar sise go sgáthmhar.
Múchadh na soillse gan aon achar. Shíl a raibh ann
d'fhearaibh éalughadh leó sul a mbeirfidhe orra, agus
thosuigh an ruaille-buaille annsin agus an t-achrann.
I dtóin an tighe bhí an sgléip agus níor chuala an
t-easboc é. Féachaint dá dtug sé ar an teach arís,
agus ní fhaca sé aon tsolus ann. Bhí iongantas air.
Bhuail sé cnag eile ar an doras.
Bhí bean an tighe ósta le hais na heochrach agus
cluas uirri.
"Cé tá annsin?" ar sise agus í leigint uirri go
raibh fearg uirri.
"Mise," ars an t-easboc.
"Agus cé thusa le do thoil?"
Níor chuimhnigh an t-easboc go gcuirfidhe ceist de'n
tsórt sin air. Níor mhaith leis innseacht cé hé, nó
céard thug ann é. Easboc ag iarraidh dhul isteach
i dteach ósta an tráth sin d'oidhche! Ní dhéanfadh sé
cúis ar chor ar bith.
"Cé tá annsin adeirim?" arsa bean an tighe go
hughdarásach.
"Mise," ars an t-easboc arís go cúthalach; shílfeadh
aon duine ar an gcaoi a ndubhairt sé an focal gur
fear bhéadh ag iarraidh óil tráth nár dhleaghthach é.
Chuir an fear árd tuaithe bhí ar an doras i dtosach
focal i gcluais mná an tighe.
"Nár dhubhairt mé leat cheana anocht," ar sise
agus fearg uirri, "nach bhfuigh' tú braon eile annseo
go n-íocfaidh tú do chúnntas."
"An cúnntas!" ars an t-easboc agus iongnadh air.
"Seadh, an cúnntas," arsa bean an tighe tríd an
doras dúnta.
"Acht níl aon chúnntas …"
"Sgrios adeirim nó cuirfidh mé na gadhair 'do
dhiaidh!"
Níor fearadh fáilte de'n tsórd sin roimh an easboc
ariamh roimhe. Thuig sé gur ceapadh gur duine éigin
eile bhí ann. Fear grinn agus spóirt bhí ann, ar a
bhealach shocair féin; nach aige bhéadh an greann ag
innseacht dá cháirdibh cé'n fáilte cuireadh roimhe.
Tháinic meangadh ar a bhéal — chonnaic sé an gáiridh
croidheamhail thiocfadh ar an Dochtúir ré Diadha Seán
Pluincéad nuair a chloisfeadh sé an sgéal …
Lasadh solus istigh. Nuair friothadh amach nárbh iad
Constáblaí Ríoghdha na hÉireann bhí ag an doras
d'fhill an comhluadar agus thosaigh an t-ól agus an
sgléip arís.
D'imthigh an t-easboc ó'n doras le dul ar thóir a
ghiolla, acht ní dheacha sé thar fiche slat gur thosuigh
gadhar ag tafaint air. Dubhradh cheana go raibh an-
mhisneach ag an easboc. Bhí — acht amháin roimh ghadhar
stráinséarach san oidhche; seadh, gadhar stráinséarach
san oidhche agus míoltóga beaga na coille an dá nidh
ar an saoghal seo chuirfeadh ruaig ar an easboc …
D'fhill sé ar ais chuig an teach ósta agus deifir
mór agus sgáth air.
Duine ar bith a bhfuil aithne aige ar na bóithre i
bhfoisgeacht fiche míle do Bhaile Átha Cliath aithneóchaidh
sé an teach ósta seo. Níl ar dhuine acht cnag a
bhualadh ar an doras, ar dhóigh faoi leith, agus
osglóchar an doras dhó.
Thárla gur bhuail an t-easboc an doras ar an dóigh
seo i ngan fhios dhó féin an dara uair, agus leigeadh
isteach é gan moill.
"Giolla liom, tiománaidhe liom d'fhág ar an mbóthar
mé —," ars an t-easboc ar dhul isteach dhó.
Acht chuir bean an tighe isteach air.
"Ó seadh," ar sise, acht níor chreid sí é.
Is beag solus bhí san áit, acht dá mbéadh solus na
gréine féin ann ní shílfeá gur easboc an stráinséar
seo bhuail isteach sa teach ósta. Ní nós easbocamhail
dhul n-a leithéid d'áit ar an dó a chlog san oidhche!
"Sasanach bhí san ngiolla d'fhág ar an mbóthar thú
an eadh?" arsa bean an tighe, agus d'fhéach sí go
géar agus go haimhreasach air.
Ní raibh an t-easboc ariamh i n-aon áit i n-Éirinn
nár tugadh ómós dó acht annseo; acht ár ndóigh ní
raibh bóna ná carabhat air, acht cirteach faoi n-a
mhuineál agus seanchaipín tabhóide anuas ar a shúilibh
áit a raibh sé n-a chodladh sa ngluaisteán sul ar fhág
sé é le na cosaibh a théidh.
Cé'n chaoi a n-aithneóchaidhe gur easboc bhí ann, go
mór-mhór agus an seanchóta mór liathghlas bhí caithte
thar na guailnibh aige?
"An giolla," arsa bean an tighe, "an giolla sin
d'fhág ar an mbóthar thú, nach Sasanach bhí ann?"
"Ní headh"
"Bhí Sasanach agus comráide leis annseo ar ball,"
ar sise; "sílim go raibh siad beirt leath-ólta, acht
má bhí ní annseo fuair siad é. Acht céard tá uait
féin? An braoinín cruaidh?"
"Ní bhlasaim de …"
Níorbh fheárr leis an easboc rud a thárlóchadh ná é
seo. Is minic bhí dúil aige imtheacht thríd an tír leis
féin agus gan aon chulaith air acht culaith fir oibre
go bhfeicfeadh sé an saoghal mar bhí i ndá ríribh gan
daoine bheith ag gléasadh agus ag maisiughadh saoghail
chruaidh ghránda na mbocht roimhe.
Nuair adubhairt sé le bean an óil nár bhlas sé
ariam dhe, cheap sise nach raibh sé i ndá ríribh, nach raibh
ann acht leithsgéal, go raibh sé cúthalach, nó go raibh
faitchíos air mar gheall ar chomh deireannach is bhí sé,
agus comhluadar nár aithnigh sé sa láthair.
"Braon beag cruaidh," arsa bean an óil, "tá
an oidhche fuar" — d'fhéach sí thart ar an gcomhluadar
fear bhí ag éisteacht — "cáirde muid uilig annseo,"
ar sise.
Bhí buidéal uisge beatha n-a glaic aici agus an
corc bainte as.
"Má tá cupán tae agat," ars an t-easboc.
"Cupán tae!" Bhí iongnadh ar bhean an tighe.
Fear a theacht an tráth sin d'oidhche ag iarraidh cupáin
tae!
"Nó gloine bainne féin —"
"Gloine bainne!" Is beag nár chuir sí comhartha
na croise uirri féin.
"Bainne te," ars an t-easboc.
"Bainne te!" arsa bean an ósta, agus is ar éigin
bhí sí i n-ann é rádh leis an iongnadh bhí uirri.
Bhí deichneabhar nó dá'réag fear sa láthair. Is
iomdha céad uair chaitheadar sa teach ósta seo, agus
le cuimhne an té ba shine ann, níor tháinic aon fhear
ariamh isteach ann ar thóir bainne. An té a raibh an
gloine n-a ghlaic aige ní raibh sé n-a chumas é chur
le n-a bhéal le teann alltacht'.
Bhí an t-easboc n-a shuidhe ar chathaoir i n-aice an
dorais, áit nach raibh acht an drochsholus. D'fhéach
bean an tighe go géar air.
"Seo," ar sise, "ná bíodh a thuilleadh de'n mhagadh
ann;" chroch sí suas an lampa beagán agus d'fhéach
arís air, "silim go bhfuil do sháith ólta agat cheana,"
ar sise; d iompuigh sí ar an bhfear árd tuaithe bhí ag
an doras i dtosach, "nach meas' tú go bhfuil beagán
beag thar an iomarca istigh aige, a Thomáis?"
"Marach go bhfuil, ár ndóigh, ní bhéadh sé ag iarraidh
bainne," arsa Tomás.
"Agus sílim freisin," arsa bean an tighe, "go
bhfuil baint éigint leis an Sasanach buidhe sin caitheadh
amach ar ball."
"Cé'n Sasanach?" arsa Tomás.
"Ó seadh, ní raibh tú istigh an uair sin," arsa bean
an tighe, "acht Sasanach tháinic isteach annseo uair ó
shoin agus nuair d'ól sé gloine — é féin agus fear
beag eile bhí i n-aondtigh leis — nuair d'ól sé gloine
ní raibh aon chainnt aige acht seafóid éigint faoi
easboc a chaill sé ar an mbóthar …"
"Easboc chaill sé ar an mbóthar," agus leath na
súile ar Thomás bocht.
"Seadh, sin é dubhairt sé," arsa bean an tighe,
"gur chaill sé easboc agus gur fhág sé a bhean n-a
dhiaidh …"
"Dar 'iúl íosta príosta!" Bhuail Tomás a dhá
bhois ar a chéile. Níor thuig sé acht an oiread le cách
gurabh í a bhean féin bhí i gceist ag an Sasanach!
"Mh'anam gur maith a rinne sibh agus an diabhal
a chaitheamh amach," ar seisean; d'ól slug as gloine;
bhuail bos ar a cheathramhain, agus dubhairt:
"Easboc a thréig a bhean! ar chuala sibh ariamh a
leithéid!"
Bhí an gloine bainne fáighte ag an easboc faoi seo
agus é ghá ól; acht cé'n chainnt bhí aca faoi féin?
Agus an bhean! Agus an Sasanach bhí ar a thóir!
Dá mba gur ól sé an gloine de'n bhraon chruaidh
thairg bean an tighe dhó cheapfadh sé go ndeacha sé sa
gceann air. Acht gloine glan bainne! Má deirfear
go raibh iongnadh ar an easboc ní bheidh thar leath na
fírinne ann.
Bhí an comhluadar uile i dtóin an tseómra ag
comhrádh ós íseal le bean an tighe. Corr-uair
d'fhéachadh fear n-a threó agus aimhreas n-a shúil.
Bhí ríméad ar an easboc gur fhág sé a bhóna agus a
charabhat agus eile sa ngluaisteán.
Bhí sé tamall deas ag ól an bhainne ar a shuaimhneas.
Ní raibh sé ariamh n-a leithéid d'áit, acht ní abróchaidh
sé leat anois féin nár thaithnigh sé leis. Dá mbéadh
an tiománaidhe aige le n-a thabhairt ar a aistear
nuair a thogróchadh sé!
Tháinic fonn air dhul i bhfochair na bhfear — cainnt a
dhéanamh leó, sgléip a dhéanamh leó, ól a dhéanamh
leó … Níor ghéill sé do'n fhonn sin, agus is céad
truaigh leis an sgealaidhe seo nár ghéill — ba mhaith
leis bheith i n-ann cur-síos a dhéanamh ar an spóirt
bhéadh aca! Acht mara ndeacha sé ag siamsa leis na
fearaibh, corruigheadh é ar bhealach nár thuig sé féin.
An oidhche aisteach chaith sé b'fhéidir, nó baois na hóige
arís …
Tháinic bean an tighe le labhairt leis.
"A' raibh aon bhaint agatsa leis an Sasanach bhí ar
thóir easbuic?" ar sise.
"Ní raibh"
B'fhíor dhó, acht bhí baint aige leis an bhfear bhí i
n-aondtigh leis an Sasanach; acht dá n-abróchadh sé é
is cinnte go gcaithfidhe é féin amach freisin. Dá
n-abróchadh sé gur easboc bhí ann féin, ní móide go
gcreidfidhe é agus an feisteas bhí air. An droch-íde
fuair an Sasanach chuir sin i gcéill dhó go mb'fheárrde
a shláinte gan greann a dhéanamh faoi easboc. Bhí sé
críonna; d'fhan sé ar a shuaimhneas agus an gloine
bainne n-a ghlaic aige.
Acht an beitheamhnach sin de thiománaidhe, cá raibh
sé?
Bhí an sgléip faoi lántseól nuair tháinic fear eile
isteach. Labhair sé le bean an tighe ós íseal. Labhair
an bheirt aca leis an gcomhluadar — Ní fhaca an
t-easboc ariamh aon athrughadh mar an t-athrughadh
tháinic ar an gcuideachtain. Cuireadh cosg leis an
ngreann agus leis an ól. Tháinic iongnadh orra uile.
Cuid aca a chreid an sgéal mór bhí ag an bhfear tháinic
isteach, cuid eile nár chreid, acht d'imthigh leó uile go
léir amach ar an mbóthar.
Fágadh an t-easboc agus bean an tighe leó féin.
"Sin sgéal uathbhásach," ar sise.
"Ce'n sgéal?"
"An t-eirghe-amach seo, agus anois tá Baile Átha
Cliath thrí theine ag na Sasanaighibh …"
"An t-Eirghe-Amach?"
Níor chreid sé a dhá chluais. Ó Dhomhnach Cásga
chaith sé cúpla lá le seancharaid i mainistir i n-aice
le Portláirge. Ní fhaca sé páipéar; níor chuala
sgéal ná ráfla, agus nuair a chuala níor chreid.
"Eirghe-Amach! Baile Átha Cliath thrí theine!"
agus bhuail sé amach ar an mbóthar mar a raibh na
feara eile.
"Mh'anam go bhfuil," arsa fear bhí le n-a thaobh,
"féach an spéir."
Cinnte bhí an spéir ós cionn ionaid na cathrach
dearg.
"Éist!" arsa fear.
Chuireadar uile cluas orra féin. Tháinic tormán
trom chuca ar an ngaoith.
"Gunnaí móra ag milleadh na cathrach!" arsa fear.
"Feicfidh sibh na lasracha féin má théidheann sibh go
mullach Chnuic na hEaglaise thall," arsa fear eile.
Ghluais leó uile agus a rún féin i gcroidhe gach fir
díbh …
Tá fhios ag an saoghal cá bhfuil Cnoc na hEaglaise,
agus tá fhios agh gach duine shíl dhul suas ar a mhullach
chomh aimhréidh is tá an tslighe. Clocha móra, clocha
beaga sgiorrfadh uait, sgailpeanna contabhairteacha,
bogaigh báidhte, fraoch go básta — sin a raibh roimh an
easboc.
Deirfidh sé féin leat nach sroichfeadh sé an mullach
go deó marach gur casadh an tiománaidhe leis leath-
bealaigh. Nuair bhíos sé féin ag cur síos ar eachtraibh
na hoidhche sin, agus ar an eirghe-amach bhí n-a chroidhe
féin dá mbárr, cuireann sé isteach ar an sgéal
le hinnseacht céard d'eirigh dá thiománaidhe nuair
caitheadh é féin agus an Sasanach amach as an teach
ósta. Acht gidh nach dochar aithris dhéanamh ar easboc
tráth ar bith fágfar an sgéal sin aige féin …
Nár ba fada go bhfeicfear faoi chló é.
Acht ag iarraidh dhul suas an cnoc dhó, chuala sé
caoineadh caol cruaidh agus eighmhe loma loisneacha
shíos uaidh sa mbogach n-a raibh sé féin ag dul go
glúnaibh.
"A Thighearna!" arsa glór.
Níor thug an t-easboc freagra air.
"A Thighearna! 'ch uile dhiabhal cnámh 'mo chorp
brúighte briste ag an gcladhaire cam, ag an Sasanach
bradach bréan sin!"
D'aithnigh an t-easboc glór a thiománaidhe, acht níor
aithnigh an tiománaidhe an t-easboc.
"Agus gan mé acht ag iarraidh a rádh nach raibh bean
ag easboc ariamh! Uch, táim marbh!"
Thug an t-easboc lámh chonganta dhó. Nuair thuig
an fear bocht cé bhí aige ann, ghoill sé níos mó air
ná an leadradh fuair sé ó'n Sasanach.
Ní raibh sé chomh gortuighthe is shíl sé agus chuidigh an
bheirt aca le chéile go raibh siad ar mhullach an chnuic.
B'iongantach an radharc bhí ag an easboc annsin.
I bhfad uaidh sa talamh íseal chonnaic sé toiteán mór.
Lasracha ag eirghe as agus ag deargadh na néalta.
Bhí sluagh mór thart air, agus a rún féin agus a sgéal
mór féin ag gach duine aca …
Cluineadh pléasgadh mór. Gheit a lán. Bhí gach
uile dhuine ró-chorruighthe le focal a rádh …
Pléasgadh mór eile!
Bhris rud éicint i gcroidhe an easbuic. Líonadh a
chroidhe agus a anam le solus mór. Dá mbéadh an
tAthair Ó Domhnaill ann …
Dhá phléasgadh i ndiaidh chéile!
Ógánach bhí le n-a thaobh agus a dhá shúil lán de
sholus nach bhfeictear acht go hannamh, chuir sé lámh
leis isteach i láimh an easbuic.
"Dá mbéadh gunnaí againn —," ars an t-ógánach.
"Dá mbéadh —," ars an t-easboc agus chrom sé
a cheann …
Chuir an t-easboc fios ar an Athair Ó Domhnaill
nuair chuaidh sé abhaile. Bhí brón agus doiligheas
i n-éadan an easbuic nuair tháinic an sagart óg
isteach chuige sa leabharlainn. Acht má bhí, bhí misneach
agus meanma agus tógbháil croidhe ann freisin.
Shín sé páipéar chuig an sagart óg gan focal a
rádh. Léigh seisean é. Ó lucht an airm tháinic an
páipéar agus iad ag iarraidh ar an easboc smacht a
chur ar an sagart óg …
D'fhéach an sagart óg agus an t-easboc ar a chéile.
"Agus seo é an freagra atá mé le cur chuca,"
ars an t-easboc.
Shín sé páipéar eile chuig an sagart óg. Léigh
seisean na focla seo:
Easboc mise; ná síltear gur oifigeach stáit mé.
"Acht, ár ndóigh, cuirfidh mé deis eile air;" agus
d'fhéach an t-easboc go tuigsionach ar an sagart óg.
D'eirigh an sagart óg go tobann le lámh a chraitheadh
leis an easboc. Bhí sé dul thar maol …
"Paráisde maith, paráisde na Cille Móire," ars
an t-easboc, "an chéad pharáisde bhí agam féin …
tá súil agam go dtaithneóchaidh sé leat …"
Bhí an sagart óg ar tí buidheachas a ghabháil leis.
Chuir an t-easboc cosg leis le n-a láimh.
"Tá croidhe agus misneach na hóige ionnam arís
—," acht chuir an t-easboc smacht ar a theangain.
Bhí an bheirt fhear n-a seasamh agus greim láimhe
aca ar a chéile. Bhí deór faoi shúil an tsagairt.
"Suidh annsin, a Athair Seán, agus innseóchad
sgéal maith dhuit," agus d'innis an t-easboc an sgéal
seo dhó, acht nár bhac sé le rádh leis go bhfuair sé a
anam ar mhullach an chnuic agus é ag féachaint anuas
ar Bhaile Átha Cliath agus é fré theine …
Acht b'fhéidir gur thuig an tAthair Ó Domhnaill féin
é sin.
AN CÚIGEADH BUAIDH
.i.
BÉ AN tSIOPA SEANDACHTA
BÉ AN TSIOPA SEANDACHTA
Nuair a bhí Peadar Ó Domhnaill (go ndéanaidh Dia
trócaire air) i mBaile Átha Cliath anuraidh, bhíodh
seómra lom aige i Sráid na Life le uair nó dhó a
chaitheamh ann tráth a mbíodh an tsaoire bheag aige.
Ní ann a chodluigheadh sé, acht bhí sé an-áiseamhail aige
áit dá shórt bheith aige le litreacha a sgríobhadh ann,
nó píopa tobac féin a chaitheamh i bhfochair seancharad.
Is minic a chuireadh sé achar maith dhe ag an bhfuinneóig
ag féachaint anuas uaidh ar na daoine ag gabháil
thart ar an tsráid, agus chuir sé aithne súl ar a lán
díbh. Acht ní raibh fhios aige go ceann i bhfad go raibh
beirt ann chuir aithne súl air féin, agus a chuir spéis
mhór n-a imtheachtaibh. Ní hé an fáth céadna bhí ag an
mbeirt seo an oiread sin áird bheith aca ar Pheadar —
acht chidhfear sin ó'n sgéal.
Díreach ar aghaidh an tighe a raibh an seómra ag
Peadar ann, bhí siopa beag seandachta. Shíltheá go
raibh seanearraidhe agus iarsmaí na cathrach bailighthe
ann. Bhí an fhuinneóg lán díbh: seanghunnaí de'n uile
dhéanamh nár chaith urchar le céad bliadhain; claidhmhte
meirgeacha ó aimsir na Pairliméide; leabhair do
sgríobhadh agus do bualadh acht nár léigheadh ariamh;
pictiúirí agus grafaí idir olc, maith agus dona;
gréithre agus gloiní as ar óladh aimsir na mboc agus
na sgafairí; íomhaigh, idir íomhaigh práis agus chruaich
agus luaidhe; iodhail ghogaideacha bholgmhóra ó thíorthaibh
an Oirthir; an t-é nach bhféadfadh rud éigin a thoghadh
as an bhfuinneóig sin, ná tráchtadh sé choidhche ar shean-
aimsireacht. Acht is san dealbh mór bhí i lár na
fuinneóige is mó chuireadh Peadar Ó Domhnaill spéis
agus é ar a shuaimhneas ag a fhuinneóig féin; dealbh
do'n Bhúdda bhí annseo, agus ainm Bhictória bain-
ríoghain Shasana faoi.
Acht thug Peadar faoi deara gan mórán achair nach
san mBúdda sin is mó cuireadh spéis, acht i mnaoi
óig a bhíodh ag obair ó mhaidin go hoidhche ar chúl an
bhrait ghlais bhí ar an bhfuinneóig. Ní bhíodh le feiceál
ó fhuinneóig Pheadair acht mullach a cinn de ghnáthach —
folt ciardhubh dualach aimhréidh. Uaireannta, tharr-
aingneadh sí an brat glas ar leathtaobh agus d'fhéachadh
amach, agus annsin d'fheiceadh an fear óg thall an dá
shúil rógaire ag breathnughadh air. Na súile agus an
folt ciardhubh is mó thug Peadar faoi deara i dtosach,
acht i ndiaidh tamaill d'fhéadfadh sé innseacht duit,
dá dtogróchadh sé, go raibh éadan fada bán agus
srón dhíreach agus dhá phus ar dhath an chaora caorthainn
uirri. Lá breágh gréine sa tseansráid feósaidhe,
agus chaoch sé súil uirri; rinne sí gáiridh agus
tharraing an brat glas go tobann — cé'n fáth go raibh
aithmhéala ar an bhfear óg go raibh mannt i ndrad an
úrbhláith bheódha d'fhás i siopa na seandachta?
Bhí dhá bhuaidh ag Peadar nach mbronntar acht ar
bheagán de'n chineadh daonna. Níor casadh deághfhear
dílis ariamh air nár thug gean croidhe dhó, cuma cé'n
difridheacht bhéadh eatorra i meóin; i dteannta na
dúthrachtacha soillseacha seo, bhí aéreacht nó buaidh
óige ag baint leis thug ar an mbantrach spéis
ró-mhór a chur ann. Chur bé an tsiopa seandachta
an-spéis ann; ní raibh sé i bhfad san áit gur thug sí
faoi deara go mbíodh sí ag smaoineadh air níos
minice ná ba chóir, agus go mbíodh cantal uirri an lá
nach bhfeicfeadh sí ag an bhfuinneóig é. Mhothuigh sí
luisne n-a gnúis lá dá bhfaca sí ag an bhfuinneóig é
agus gan súil aici leis; an oidhche sin gheárr sí poll
beag san mbrat glas le sciosúr ionnós go bhféadfadh
sí é fheiceál i nganfhios …
Acht cé'n gnó bhí aige ann? Cé'n sórt duine bhí ann?
Níor fhéad sí a aoirde ná a thoirt a mheas mar ní
fhaca sí ariamh ar an tsráid é. D'fheiceadh sí ag an
bhfuinneóig é go minic meadhon lae, tráth is gnáthach
le daoine bheith ag obair; corr-uair bhíodh sé ann
nuair d'osgluigheadh sí an siopa ar maidin; nuair a
thuitfeadh an oidhche tharrnuigheadh sé anuas brath na
fuinneóige i gcomhnaidhe, acht bhíodh a fhios aici ó'n
solus istigh go raibh sé n-a sheómra. Nuair bhí na
laethe fada samhraidh ann, d'fheiceadh sí go hanmhinic
ag an bhfuinneóig tráthnóna é; bhíodh aithmhéala uirri
nuair thosuigh na laethe ag dul i ngiorracht — ní bhíodh
sé le feiceál aici ó thuitim na hoidhche …
Tháinic deireadh fóghmhair agus tús an gheimhridh.
Bhíodh obair mhór ar Pheadar, obair chontabhairteach
imnidheach, agus gan fail aige aon achar a chaitheamh
n-a "phluaisín shogha" mar thug sé ar an seómra lom
i Sráid na Life. Is minic a chaith bé an tsiopa
seandachta seachtmhain gan súil fhágail air. Agus
nuair d'fheiceadh sí é is iondúil cosamhlacht imnidheach
bheith air. Acht nuair d'fheiceadh sí ag an bhfuinneóig
é, agus a éadan uasal smaointeach faoi néaltaibh,
tharraingneadh sí an brat glas ar leathtaobh, agus
d'fhanadh ag féachaint amach go mbíodh fhios aici go
raibh seisean ag dearcadh uirri. Annsin, bheannuigh-
eadh sí do'n fhear óg imnidheach le meangadh aoibhinn
agus le umhlughadh cinn. Agus nuair a thiocadh
meangadh ar a bhéal siúd ghá freagairt, bhíodh aoibh-
neas uirri: nach raibh sí ag cuidiughadh leis i pé ar
bith obair bhí ghá dhéanamh aige?
Bhí. Dá mbéadh Peadar Ó Domhnaill féin againn
indiu, d'admhóchadh sé dhuit gur mór an congnamh
fuair sé n-a shaothar contabhairteach imnidheach ó bhé
an tsiopa seandachta …
Tar éis na Nodlag, thug bé an tsiopa seandachta
faoi deara go mbíodh an fear óg n-a sheómra gach
tráthnóna beagnach. Thosuigh daoine ag teacht ar
cuairt aige. Fir óga a bhfurmhór, agus d'fheiceadh sí
Peadar agus iad féin ag cainnt go dílis dúthrachtach.
Bhí sé soiléir ag an t-é a raibh súile géara aige go
raibh uraim mhór aca uilig dhó. Faoi'n am seo freisin
thug sí faoi deara nach í féin amháin bhíodh ag faire ar
an seómra thall, agus ar lucht a áitighthe. Fir, fir
óga eile agus cultacha nuadha ar a bhfurmhór, agus
d'fhéachaidís go géar ar gach uile dhuine chuaidh isteach
is amach ann. Leanaidís cuid díbh nuair fhágaidís an
teach thall. Chuir an obair seo iongnadh ar bhé an
tsiopa seandachta. Céard bhí ar siubhal ag an bhfear
óg sin n-ar chuir sí an iomarca rpéise?
Bhuail óigfhear árd donn plucach isteach chuici lá.
Bhí sé gléasta go maith, go ro-mhaith b'fhéidir, agus
cosamhlacht an tsaidhbhris air. Bhí gach uile shórt bhí air
ar an bhfaisiún b'úire. Ó bhairéad anuas, deirtheá
nach raibh snátha air a caitheadh ariamh roimhe.
Thosuigh sé ag cuartughadh imeasg na seaniarsmaí
thall is i bhfus. Bhí carn mór leabhar i gcúinne.
Bheireadh sé ar cheann díbh. Léigheadh cuid de.
D'fhágadh ar leathtaobh é. Chuireadh sé gotha air féin
go raibh spéis mhór aige ionnta. Acht marach go
mbíodh bé an tsiopa seandachta chomh gnóthach sin ag
faire ar an bhfear óg sa seómra thall, bhéadh fhios aici
nach ar na leabhraibh is mó bhí a aire acht ar an seómra
thall freisin. Thuigfeadh sí, dá mbéadh an gustal
ceart innti, go bhféadfaidhe gach uile chor a chuirfead
fear dhe sa seómra thall fheiceál ó charnán na leabhar,
agus nach bhfeicfidhe an t-é bhéadh ag déanamh na
faire. Acht cé'n chaoi a bhféadfadh bruinneall a thug
gean d'fhear nár labhair sí leis ariamh sunndas a
thabhairt do rudaibh de'n tsórt sin?
Tháinic fear an fheistis nuaidh isteach chuici go mion
minic. I dtosach, ní thagadh sé acht nuair a bhíodh
daoine sa seómra thall, acht leis an aimsir thosaigh sé
ag teacht go dtí an siopa tráth nach mbíodh Peadar
Ó Domhnaill ná a cháirde le feiceál thall feadh mórán
laethe. Gach uile uair ghabhadh sé an tsráid bhualadh
sé isteach. Chaitheadh sé leathuair b'fhéidir ag comhrádh
le bé na seandachta. Labhradh sé faoi na comharsain
— is beag eólas bhí ag an mbé orra; thrácht sé ar an
teach thall, agus a mbíodh ag teacht agus ag imtheacht
ann, acht ní mórán eólais fuair sé uaithi fútha, ná
faoi'n rún bhí istigh n-a croidhe féin …
Lón anma ag mnaoi moladh clisde. Mol a háilne
i nganfhios dhuit féin mar dh'eadh; leig ort go bhfuil
cúthal ort faoi gur labhair tú ar chor ar bith, cuir
i dtuigsint di, gan briathra béil, nach dtiocfadh cainnt
dá sórt as do bhéal marach gur bhain an áilne bhí ós
do chomhair amach asat í gan buidheachas duit. Déan
sin, agus beidh leat.
Acht fainic! Déan go clisde é. Déan go deas-
bhéalach é. Déan go héadtrom é. Ní mór dhuit
taithighe mhaith bheith agad ar an obair; acht má ceap-
tar ort go ndeárna tú a leithéid de chainnt le
bean cheana beidh tú ar mhullach do chinn i n-omar na
haimléise gan achar.
Ní dheárna an stráinséar óg a thagadh chomh minic
sin ag féachaint ar na seaniarsmaibh i siopa na
seandachta an moladh acht go codramánta. Ní raibh
gothadh na fírinne ná na dílseachta air. Níor tugadh
áird air. Acht bhí bé an tsiopa seandachta clisde;
leig sí uirri gur mil beach aici an uile fhocal dá
dtagadh as a bhéal. Thuig sí ar a nós banda féin nach
ar mhaithe leis an bhfear óg thall dá dtug sí gean
bhíodh stráinséir an fheistis nuaidh ag teacht ar an
tsráid; cá'r bhfios di nach bhféadfadh sí cabhair éigin
thabhairt dó-san acht an t-amadán seo a mhealladh?
Agus cheap an stráinséar go raibh ag eirghe leis go
toghtha. Acht bhí sgáth air go raibh sí ag cur isteach ar
a chuid oibre go ró-mhór. Cúpla uair leig sé a ghnó
chun failighe le cuairt a thabhairt uirthi. Acht nach raibh
sí andeas ar fad? Agus an dá shúil bhí aici! Agus
a béal — síorchuireadh chun póige an béal sin! con-
tabhairt do fhearaibh óga deirge an bhéil sin! Cá'r
bhfios cé'n díoghbháil a ghnítheadh béal caordhearg
bíodhgamhail dá shórt mara a bpósfadh fear maith éigin
an bhean ar léithi é gan moill! Póg a thabhairt di ar
an mbéal sin …
Gheit mo dhuine. N-a sheasamh ag an gcoirnéal
annsin idir Sráid Uí Chonaill agus Sráid an Iarla bhí
sé. Chuaidh Peadar Ó Domhnaill thart. Is beag nach
ndeacha sé thart i nganfhios do mo dhuine bhí sé
ag smaoineadh chomh doimhin sin ar bhé an tsiopa
seandachta. Ní dheanfadh sé sin cúis agus é ar a
lorg …
Acht má bhí sé ar a lorg féin níor labhair sé leis.
Suas Sráid Uí Chonaill chuaidh Peadar. Lean mo
dhuine é. Nuair a sheasadh Peadar le cainnt a
dhéanamh le duine dá lucht aithne, sheasadh mo dhuine.
Acht d'fhanadh sé tamall beag ar a gcúl. Ag
féachaint ar na spéirthibh bhíodh sé shíltheá, nó ar na
tighthe thall uaidh, nó ar bhrógaibh na ndaoine bhí ag
gabháil thart — acht bhíodh diorball na súile aige ar
Pheadar i gcomhnaidhe. Nuair a ghluaiseadh seisean,
leanadh mo dhuine é; nuair a sheasadh sé, cheapthá ar
mo dhuine nach raibh aon rud ar an saoghal seo chomh
hiongantach leis na tighthe i Sráid Uachtarach Uí
Chonaill!
Chuaidh Peadar isteach i siopa tobac ag ceann na
sráide. D'fhan sé leathuair ann. Bhí báisteach mhór
ann an lá céadna, acht má bhí féin níor imthigh mo
dhuine. Chuir sé sgáth-fearthainne i n-áirde, agus
d'fhan go foighdeach ag bun Cholumhan Pharnell. Bhí an
sgríobhnóireacht atá ar an gColumhain sin léighte
aige seacht n-uaire, agus an chéad chuid dhe de
mheabhair aige, nuair tháinic Peadar amach as an siopa
tobac.
Bhí rian-chárr ag gabháil thart. Isteach le Peadar
ann. I n-áirde air chuaidh mo dhuine; acht nuair
thuirling Peadar ag an droichead, thuirling mo dhuine
freisin. Siar bealach na gCéibh thug Peadar aghaidh.
Isteach leis i n-oifig clódóra. D'fhan mo dhuine taobh
thall de'n Chéibh — ag féachaint a bhfeicfeadh sé bradán
i n-abhainn na Life b'fhéidir! Chaith sé dhá uair annsin,
acht má chaith níor tháinic Peadar amach as an oifig …
D'imthigh mo dhuine gan é, ar theacht na hoidhche.
I n-áit iargcúltha, bhain sé leabhar as a phóca agus
thosaigh ag sgríobhadh ann. Níor innis sé acht an
ghlanfhírinne nuair adubhairt sé le bé an tsiopa
seandachta go raibh posta aige faoi'n riaghaltas,
acht má cheap lucht an riaghaltais ná an bleachtaire
go raibh fhios aca céard a rinne Peadar an lá sin is
mór an dul-amudha bí orra.
An tráthnóna sin bhí bé an tsiopa seandachta ag an
bhfuinneóig agus cumha uirri. Ní fhaca sí an fear óg
thall ar feadh trí lá; céard a bhí air nár tháinic sé?
Bhí baramhail nó smaoineadh aici go raibh obair chon-
tabhairteach éigin ar siubhal aige, acht ní raibh fhios aici
fá'n mbith céard é. Dá bhféadfadh sí cuidiughadh leis
ar aon dóigh!
Bhí seansgaróid buird aici ar a glúnaibh agus í ar
a díthcheall ag iarraidh an gréas-obair bhí air a
leasughadh, acht is minic agus is ró-mhinic a thuiteadh
an t-éadach uaithi ar an úrlár bhí a smaointe chomh
mór sin ar fuaidreamh. Chuireadh sí súil léithi leis
an bpoll bhí aici ar an mbrat glas, acht ní bhíodh le
feiceál aici acht an tseansráid bhrónach fheósaidhe
agus an bháisteach mhór ag teacht anuas. Bhí gráin
aici ar an áit, ar na seantighthe gránda bhí thall uaithi,
ar na daoine straoilleacha marbhánta bhíodh ag dul
isteach is amach ionnta, ar an seandacht bhí timcheall
uirri, ar a saoghal iomlán. Urbhláth beó mar í sáithte
isteach i lár domhain bhig mhairbh!
Bhí fear céirde léithi ag obair istigh i seómra ar
chúl an tsiopa. Bhí an lá chomh dorcha sin is go
mb'éigin dó solus bheith aige istigh n-a phluais; chuir
an ceól béil bhí aige múisiam uirri. Cé'n ceart bhí
aige bheith chomh meidhreach sin? D'eirigh sí n-a seasamh
cúpla uair le cosg a chur le n-a chuid ceóil, acht níor
chuir. Bhí croidhe éadtrom aérach aige — tuige a'
gcuirfeadh sí isteach air?
Sé lá de'n tseachtmhain ó'n naoi a chlog ar maidin
go dtí an sé tráthnóna a chaitheamh sa phluais sin agus
taisí na seanaimsire n-a timcheall! Bhainfeadh sé
an croidhe as ógmhnaoi ar bith. Tháinic creathadh uirri.
An raibh sé i ndán di a saoghal ar fad a chur di ar a
leithéid de chaoi? Bhí seansgathán ar a cúl. D'fhéach
sí isteach ann. D'fhan sí tamall deas ag féachaint
isteach ann. Dheisigh sí a cuid gruaige. Tháinic
meangadh beag ar a béal, acht ní ó'n gcroidhe é, acht
go ndubhradh léithi uair go mba cosamhail le maide
gréine lá sneachta an meangadh sin. Thaithnigh an rud
chonnaic sí sa sgathán léithi. Rinne sí gáiridh go raibh
sí chom péacach sin. Chonnaic sí an mannt nuair
d'osgail sí a béal. Tháinic cantal beag uirri …
Rug sí ar an seansgaróid buird arís, acht ní
dheárna sí mórán oibre. Bhí sí leamh de'n tsaoghal,
gur eirigh sí n-a seasamh agus gur tharraing an brat
glas ar leathtaobh, agus go bhfaca sí an fear óg thall.
Bheannuigh sí dhó le n-a ceann, agus thug cuireadh dhó
theacht chuici …
Ní raibh aon cheapadh aici an chuireadh thabhairt dó.
Dá buidheachas rinne sí é. Bhí náire uirri go raibh sí
chomh dána sin. Céard deirfeadh sí leis? Cé'n
bharamhail bhéadh aige uirri?
Bhí a croidhe ar preabadh agus luisne n-a gnúis
nuair bhuail sé isteach. Céard deirfeadh sí leis?
An leigfeadh sí uirri féin nár thug sí cuireadh dhó,
gur dearmad bhí air? Dá labhradh sí i dtosach ar
theacht isteach dhó thuigfeadh sé a chorraighthe is bhí sí.
Ádhmhail go leór, rinne seisean an chuid is mó de'n
chainnt go raibh sí ar a suaimhneas.
"Níl áit ar bith," ar Peadar Ó Domhnaill, "is
feárr liom uair a chaitheamh ann ná i siopa seandachta."
"Ní raibh sé i bhfad uait," ar sise.
"Ní raibh, acht bhí sgáth orm a theacht."
"Sgáth? Tuige?"
"Romhatsa."
"Bhfuil cosamhlacht chomh nimhneach sin orm?" agus
tháinic frighid an mhagaidh n-a súilibh.
"Ní hé sin é acht an poll — an poll gheárr tú san
mbrat glas," agus thasbáin sé dhi é.
Crochadh suas amhrán san seómra ar chúl an tsiopa.
"Thugas cuireadh dhuit theacht annseo," ar sise.
"Bhí fáth agam leis. Shíleas le fada innseacht duit
go mbíonn daoine ag faire ar do sheómra gach lá."
"Cé'n sórt daoine?" arsa Peadar agus é ar a
aire ar an nóiméad.
"Fear caol árd is mó bhíos ann," ar sise.
"Fear plucach donn," arsa Peadar, agus thug sé
tuairisg an bhleachtaire dhi.
"Bíonn sé annseo beagnach gach lá," ar sise,
"leigeann sé air go bhfuil suim mhór aige sna sean-
leabhraibh sin thall, acht ní ró-fhada go dtugas faoi
deara gur ag faire ortsa bhíos sé."
Tháinic cosamlacht imnidheach ar Pheadar. Pé ar
bith céard bhí ar siubhal aige, níor shíl sé go raibh fhios
ag na bleachtairibh cá gcaitheadh sé a shaoire bheag;
agus thug sé cuireadh do cháirdibh leis theacht go dtí
an seómra sin anocht féin le ceist thábhachtach a
shocrughadh. D'aithneóchaidhe gach duine aca, agus bhí
sé ró-dheireannach an chomhdháil a chur ar cáirde …
Bhí sé féin agus bé an tsiopa seandachta n-a
seasamh taobh le taobh i n-aice leis an gcarn leabhar.
"Annseo is mó bhíos sé," ars an bhé, "ag dearcadh
anonn ar do sheómra-sa. Tig leis gach uile shórt
fheiceál ó'n áit seo …"
"Bhfuil aithne mhaith agat air?" D'fhéach Peadar
idir an dá shúil uirri.
"Tá aithne mhaith agam air," ar sise, "tá sé ag
iarraidh bheith mór liom," agus tháinic cúthalacht uirri.
D'eirigh Peadar an-smaointeach.
"An bhféadfá é mhealladh as an tsráid seo anocht
ar aon chaoi?"
Ba léir dhi ó'n gcaoi ar iarr sé uirri a leithéid a
dhéanamh go raibh toghadh ádhbhair aige le n-a athchuinge.
Ní raibh sí fiosrach, acht bhi fonn an tsaoghail uirri a
fhiafruighe dhe céard a bhí an fear eile seo ag iarraidh
a dhéanamh air, nó an raibh sé féin i n-aon chontabhairt
uaidh.
"Déanfad é," ar sise go mall, "ní chuirfidh sé
isteach ort anocht."
Chraith Peadar lámh léithi go beannachtach.
"Beidh fhios agad uair eile cé'n fáth gur iarr mé
ort é sin a dhéanamh," ar seisean, agus d'fhéach sé
uirri ar a nós aisteach féin: d'aithnigh an dá chiaróg
a chéile …
Chaith an bleachtaire agus bé an tsiopa seandachta
cuid de'n oidhche le chéile i nÁrus Ceóil; bhí gliondar
air gur ghlac sí le n-a chuireadh. Bhí sé cainnteach
go leór léithi; d'innis sé di go raibh páidhe mhaith aige,
go raibh posta faoi'n riaghaltas aige, go mbéadh
pinsiún aige i ndeire a shaoghail … marach gur
bhain an druma mór geit as d'iarrfadh sé uirri é
phósadh! Acht níor chuala sí móran dá chuid cainnte
agus an méid ar chuala sí ní raibh aon áird aici air;
glór an fhir eile bhí n-a cluasaibh, a dhealbh agus a
chrot bhí ós comhair a dhá súil i rith na hoidhche agus
imnidhe uirri go raibh sé i gcontabhairt. Dá bhféad-
fadh sí cabhrughadh leis!
Ní raibh an bleachtaire acht leathshásta nuair sgar
sé léithi. Shíltheá go bhféadfadh sí áird níos feárr
thabhairt ar a ghlór; acht leis an aimsir, d'eirigheadh
leis níos fearr — corr-bhean nach ngéillfeadh dhó-san
sa deireadh; tháinic cosamhlacht na mórchúise air …
Ag seo cuid bheag de'n tuairisg chuir sé isteach an
oidhche sin: —
"Ó'n 6 a chlog go dtí 10.30 san oidhche i Sráid na
Life dhom ag faire sheómra Pheadair Uí Dhomhnaill.
Níor tháinic sé féin ná aon duine dá cháirdibh chuig an
áit i gcaitheamh na haimsire sin!"
An chéad uair eile a dtáinic Peadar isteach chuici,
d'fhiafruigh bé an tsiopa seandachta dhe cé'n sórt
duine bhí sa bhfear sin leis ar chaith sí cúpla uair
i nÁrus Ceóil.
D'innis Peadar di cé'n chéird bhí aige.
Tháinic fearg uirri.
"Agus d'iarr tú orm dul n-a chuideachtain!" ar
sise.
"Bhí gábhadh leis," arsa Peadar go réidh socair.
d'fhéachadar beirt ar a chéile.
"Agus má iarrtar ort é dhéanamh arís," ar seisean,
"ní shílim go gclisfidh tú."
"Ní chlisfidh," ar sise; bhí iongnadh uirri an mhuinghin
bhí ag an bhfear óg seo aisdi, acht ní raibh fhios aici
gur chuir Peadar a tuairisg agus go raibh fhios aige
ó thús cé dár díobh í.
Nárbh í inghean a hathar í?
Mí n-a dhiaidh seo bhí Eirghe-Amach ann. Gabhadh
Peadar Ó Domhnaill. Daoradh é. Cuireadh piléir
ann …
B'é an lá ar caitheadh Peadar Ó Domhnaill é …
Bhí an bleachtaire leis féin n-a sheómra. Ar a
ghlúnaibh bhí sé agus paidrín n-a ghlaic aige. Chuir sé
paidir i ndiaidh paidir' dhe go dúthrachtach. Thagadh
creathadh air ó am go ham. Bhí a cheann faoi aige,
agus a éadan sáithte sa leabaidh, acht thigeadh pictiúr
i ndiaidh pictiúir ós comhair a dhá shúl dá bhuidheachas.
Cúinne de sheómra i gCaisleán Átha Cliath is mó
d'fheiceadh sé. Tolg ann; fear gonta n-a luighe air;
a cholann gan brígh; a anam ar lasadh le díograis
agus le dílse …
D'eirigh an bleachtaire dá ghlúnaibh. Chroch sé suas
an paidrín ós cionn a leapthan féin. Chraith sé uisce
coisreagan ar a bhaithis. Shuidh sé cois na fuinneóige,
agus d'fhéach amach ar an tsráid. Acht ní hí an
tsráid a chonnaic sé. Ní headh. Idir na daoine bhí
ag gabháil thart thiocadh an pictiúr céadna seo arís
agus arís eile … D'fheiceadh sé an cúinne
céadna de'n tseómra sin san gCaisleán; tolg ann;
fear gonta n-a luighe air; a cholann gan brígh; a
anam ar lasadh le díograis agus le dílse …
Chuaid stócach óg thart ar an tsráid shíos faoi agus
ag gabháil fhuinn. Bhí an fhuinneóg ar osgailt, agus
chuala sé an chéad chuid de'n amhrán; acht de réir a
chéile shíltheá gur athruigheadh an port, gur focla eile
bhí ghá gcanadh ag an stócach.
An chainnt seo bhí ghá canadh ag an stócach dá mb'fhíor
do chluasaibh an bhleachtaire: —
"An fada ó chuir tú aithne ar an bpríosúnach i
dtosach?"
Oifigeach airm a chuir an cheist air. Bhí dream
beag eile aca thart ar an tolg acht ní raibh áird ag
an bhfear gonta bhí faoi thriáll orra.
"Trí bliadhna go leith."
"Innis dúinn anois ce'n chaoi ar chaith sé an aimsir
sin."
Thosuigh sé féin ag cainnt. Chuala sé a ghlór féin,
anois féin, agus é n-a shuidhe ag an bhfuinneóig.
B'éigin dó cosg a chur leis féin ó am go ham; bhí
súile an fhir ghonta ghá sháitheadh. An tarcuisne bhí le
feiceál ionnta! An tarcuisne bhí aige dhóibh go
léir! Cé'n chaoi a bhféadfadh fear nach raibh i ndán
dó acht breith an bháis bheith chomh neamhaireach sin?
"… n-a dhiaidh sin bhíodh seómra beag aige i
Sráid na Life … Bhíodh beirt de'n triúr a
daoradh cúpla lá ó shoin ag teacht ar cuairt aige
ann … Tá siopa seandachta ar a aghaidh amach.
Bhínn féin sa siopa sin ghá bhfaire …"
D'eirigh an bleachtaire. Shíl sé dearmad a dhéanamh
ar an sgéal ar fad. Bhí sé ag baint codladh na
hoidhche dhe. Bhí sé ag baint suaimhneas an lae dhe.
Eisean a chuir Peadar Ó Domhnaill chun báis.
Deireadh aon duine leis é. An raibh aon cháll leis?
Nach bhféadfadh sé a mhalairt de thuairisg thabhairt
air? Nach bhféadfadh sé a radh …
Bhí páipéar ar an mbórd i n-aice leis. Ó cheann-
aire na mbleachtairí tháinic an páipéar sin. Chuir an
sgéal bhí ann croidhe beag ann. Árdughadh páidhe
agus gradam nuadh …
Acht an díthmheas bhéadh ag cách air! Cé'n brígh
tarcuisne an phríosúnaigh? Nach raibh sé faoi aol
agus gainimh anois? Acht cé'n ceart bhí ag an
oifigeach óg de lucht na cúirte é mhasladh? Nach ag
cuidiughadh leó bhí sé féin? Má chuir sé craiceann ar
an sgéal dóibh ar labhair sé acht an fhírinne? Cé'n chaoi
a bhféadfaidhe fear a dhaoradh gan fiadhnuise? Agus
cé'n fiadhnuise d'fhéadfaidhe fhághail gan bleachtairí?
Bhí a chomhbhleachtairí bodhar aige le tamall. Bhí sé
fadálach ó dhúthchas, agus ní shásóchadh aon rud é acht
an sgéal ó thús deireadh innseacht do gach duine aca
agus a bhreitheamhnas fhághail. Ceapadh ag an árus
i Sráid Bhrunsuic go raibh sé ag eirghe beagán beag
éadtrom n-a cheann. Saoire bheag a bhí uaidh …
acht ní raibh fhios aca go raibh dhá shúil Pheadair Uí
Dhomhnaill ghá leanamhaint de ló agus d'oidhche agus
tarcuisne thar aon tarcuisne dár facthas i súilibh fir
ariamh ionnta …
Thuit an oidhche …
B'fhacthas dó go raibh a sheómra lán de shúilibh.
Thosuigheadar ag eirghe suas sa dorchadas gach uile
áit dá bhféacfadh sé. Tarcuisne is mó bhí le tabhairt
faoi deara sna súilibh seo. Ba le daoine éagsamhla
iad uile go léir; súile na bé i siopa na seandachta;
súile a mháthar féin; súile dearbhráthar leis a cailleadh
fadó; súile seanmhná bhíodh sa teach aca; súile a
sheanoide sgoile; súile Pheadair, súile na n-oifigeach
a dhaor é; súile na saighdiúirí a chaith é ar maidin;
tarcuisne sna súilibh uile; gráin ionnta uile; fuath
ionnta uile …
Tharraing sé siar a chathaoir go raibh a dhruim le
balla. Acht níor eirigh leis éalughadh ó na súilibh
nimhneacha sin. Bhíodar gach uile áit thart air.
Uaireannta, ní fheiceadh sé acht aon dá shúil amháin,
agus na soillsí ag teacht agus ag imtheacht ionnta
mar bhéadh i súilibh daonna. Thiocadh buile air annsin,
agus d'eirigheadh le n-a bualadh le n-a chathaoir, acht
nuair d'eirigheadh bheidís glanta. Acht ní túisge
shuidheadh sé arís ná d'eirigheadh péire eile ós a
chomhair …
Táinic bean a' tighe isteach agus lampa aici.
Dheasuigh sí an bórd agus d'fhág an tae air. B'aoibhinn
leis í fheiceál. Ní bhainfeadh draoidheacht ná diabh-
laidheacht leis an áit an fhad is bhéadh sise ann.
D'iarr sé uirri sgathamh a chaitheamh leis.
Chaith. Acht ní raibh sí i bhfad ann gur eirigh sé
smaointeach. Níor fhan aon chainnt aige. Lean sise
ghá cniotál, acht níor airigh sí go bhfaca sí a lóisdeóir
ar a haghaidh amach, a chathaoir i n-áirde aige agus gach
sgréach uaidh —
"Sgrios! Sgrios! Sgrios!" deireadh sé i n-árd
a ghotha agus frighid na buile n-a shúil …
Acht ní ar bhean a' tighe bhí sé ag bagairt na
cathaoireach acht ar na súile bhí ghá chéasadh!
D'eirigh léithi é mhealladh, agus iallach a chur air an
leabaidh a thabhairt air féin. Acht ní codladh ciúin a
fuair sé. Chuala bean a' tighe é ag rámhaladh agus
ag cur síos ar shúile de'n uile chineál agus de'n uile
dhath go raibh sé i bhfad san oidhche …
Bhí an mhaidin go haoibhinn. Grian na Bealtaine
ag órdhadh na cathrach brónaighe. Baladh trom na
fairrge isteach ar an ngaoith. Faoileáin go glion-
darach agus go sgréachach ós cionn na haibhne. Dia ag
iarraidh croidhthe cráidhte a mhuinntire a thógbháil …
Shiubhal an bleachtaire cuid mhór de'n chathair roimh
an deich a chlog. Bhí a sheanchrot féin ag teacht ar
ais do'n bhaile mór. Chloiseadh an bleachtaire ainm
Pheadair Uí Dhomhnaill ghá luadhadh go minic. Sheasadh
fear ag coirnéal sráide agus páipéar nuaidheachta
fosgailte aige. D'fheiceadh sé fógra ann ó lucht
an airm bhí i seilbh na cathrach ag innseacht cé na
daoine de lucht na Pobalacht' láimhsiughadh an mhaidin
roimhe. Thiocadh giosgán fiacal air agus fiuchadh fola.
Ghluaiseadh leis ar a shlighe, agus an diabhal n-a chroidhe
istigh …
Ba léir do'n bhleachtaire cé'n gean bhí ar Pheadar.
Peadar bocht, deireadh bean agus deór faoi n-a
súil. Peadar bocht, deireadh fear agus rún díoghal-
tais n-a chroidhe. Peadar bocht, deireadh na faoileáin
bhí ag eiteall ós cionn na haibhne. Peadar bocht,
deireadh an ghaoith anoir isteach ó'n muir mhóir …
Agus d'fheiceadh an bleachtaire súile tarcuisneacha
an phríosúnaigh ghonta bhí n-a luighe ar an tolg i
gcúinne de sheómra i gCaisleán Átha Cliath gach uile
uair a chloiseadh sé an focal.
Bhí sé cinnte nach raibh na loganna ar fheabhas aige.
Níor mhór dhó cuairt a thabhairt ar dhochtúir. Acht bhí
baramhail aige nach druganna an leigheas ab' fheárr
dhó, acht focal beag molta, focal beag a chuirfeadh
brígh agus borradh ann arís …
Thug sé aghaidh ar Sráid na Life. I siopa na
seandachta d'fheiceadh sé súile daonna, chloisfeadh sé
glór daonna arís. Ní bhéadh a fhios ag bé an tsiopa
cé'n bhaint bhí aige le lucht marbhtha Pheadair. Ní
móide go mbéadh a fhios aici gurab é Peadar bhíodh
sa seómra taobh thall uaithi.
Rinne sé deifir.
Ní raibh aon chainnt aige léithi ó roimh an Eirghe-
Amach: cé'n bharamhail bhéadh aici ar an obair? Bhí sé
cleachtach ar bhréagaibh innseacht — bhí socruighthe aige
moladh thabhairt do pé ar bith dream díbh is feárr a
thaithnigh léithi. D'fhéadfadh sé a rádh léithi go raibh sé
féin ag troid agus gur eirigh leis éalughadh as, dá
mba rud é go mbogfaidhe a croidhe ar an dóigh sin.
Acht is beag an fios bhí aige. Ní raibh aon chéapadh
aige go raibh sí mór le Peadar, go dtug sí gean a
croidhe dhó, go raibh an croidhe sin n-a chloich n-a lár
anois …
Chuaidh sé thar an bhfuinneóig. Ní raibh sé de mhisneach
aige dhul isteach. Dhearc sé ar an bhfuinneóig thall,
áit a mbíodh Peadar Ó Domhnaill n-a shuidhe agus é
féin ghá fhaire. Bhí dallóga ar na fuinneógaibh indiu.
Ghlac sé misneach. Ghabhfadh sé isteach. Iarradh sé
uirri é phósadh. Ghlanadh sé leis ó'n gcathair. Feilm
bheag fá'n dtuaith bhéadh aca. Ní bhéadh a fhios ag aon
duine cé'n chéird bhí aige. Ní bhéadh fhios ag bé an
tsiopa seandachta go deó é …
Bhí sí istigh roimhe. Brón thar aon bhrón dá bhfaca
sé ariamh n-a héadan.
Gheit sí nuair chonnaic sí cé bhí aici ann. N-a
suidhe i n-aice an dorais bhí sí.
"Tusa theacht annseo!" ar sí.
"Tuige nach dtiocfainn agus an aimsir chráidhte
atá ann? An aimsir thubuisteach atá ann —," shíl
sé lámh a leagaint ar láimh léithi bhí caithte thar cúl na
cathaoireach acht sgiob sí uaidh í.
"Bhíodhthá mór liom uair," ar seisean go cas-
aoideach.
"A amadáin," ar sise, "nach raibh fhios agad nach
raibh mé ariamh acht ag iarraidh thú mhealladh ionnós go
bhféadfadh Peadar bocht a chuid gnótha a dhéanamh ar
a shuaimhneas."
D'eirigh an bhean n-a seasamh go maordha.
"Imthigh as an teach seo," ar sise go hughdarásach,
"agus ná feictear annseo arís thú, a bheitheamhnaigh."
D'imthigh sé.
Peadar bocht an focal bhí aici. Peadar bocht
deireadh an fear ar an tsráid agus rún díoghaltais
n-a chroidhe. Peadar bocht deireadh bean agus deór
faoi n-a súil. Peadar bocht deireadh na faoileáin
ós cionn abhna na Life. Peadar bocht deireadh an
ghaoith anoir ó'n muir …
Chaith an bleachtaire an chuid eile de'n lá n-a
sheómra féin. Tháinic an oidhche, agus nuair a tháinic,
tháinic na súile freisin: súile tarcuisneacha de'n uile
dhath agus de'n uile chineál. Bhídís thall is i bhfus.
Iad ag dearcadh anonn 's anall, aníos agus anuas
air. Iad magamhail sgigeamhail. Iad tarcuisneach
bagarthach. Súile Pheadair annseo. Súile bé an
tsiopa seandachta annsiúd …
Las sé coinneal. Níor chuir sin ruaig orra. Rug
sé ar a hata agus shíl iad a bhualadh mar bhuailtheá
míoltóga nó cuileóga tighe lá samhraidh. É ag béic-
iughadh agus ag sgréachadh agus ag bagairt orra …
Chonnaic sé péire díbh ós cionn na teine. Tháinic
buile air. Shíl sé a ndíbirt. Rinne sé iarracht ar a
mbladar le briathra boga béil. Gheall sé seo agus
siúd dhóibh acht imtheacht uaidh ar feadh uair a chluig.
Ní dhéanfadh sé aon bhleachtaireacht arís choidhche.
Sgarfadh sé leis an saoghal. Ghabhfadh sé isteach i
mainistir …
Thuit an coinneal.
Chuaidh na súile magamhla seo i n-áirde uaidh nuair
shil sé breith orra.
Dhruid sé leó arís. Níor imthigh siad uaidh. D'fhan
siad go socair ag féachaint isteach n-a shúilibh féin.
Súile buile bhí ionnta anois. A shúile buile féin agus
iad ag féachaint air as sgathán bhí crochta ar an
mballa …
Leig sé sgread uathbháis. Bhain piostal as a phóca.
Chaith sé dhá urchar le luas lasrach …
Nuair a tháinic muinntir an tighe isteach, bhí an
rgathán n-a mílte míle píosa, agus an G-man féin
caithte ar an úrlár agus piléar thrí n-a chroidhe …
AN SEISEADH BUAIDH
.i.
RÚN AN FHIR MHÓIR
RÚN AN FHIR MHÓIR
Shiar i nIarChonnachtaibh bhíos, i n-áit a dtugtar
Coill Bhuidhe air má bhí tú ann ariamh. Bhí aonach ar an
gCoill an lá sin, acht ní ar an aonach bhí mise; go
deimhin ní cuimhneach liom anois cé'n gnó nó easbaidh
gnótha thug san áit mé.
Lá mór báistighe bhí ann, agus óir nach raibh mórán
ar m'aire níor sgaras leis an leabaidh the theólaidhe
go raibh píosa maith bainte de'n mhaidin, gidh gur
dúisigheadh le fáinne an lae mé le seitreach na
gcapall, le géimneach na mbó, le méidhleach na
gcaorach, agus le sgreadghail mífhoighdeach na bhfear.
Cúpla uair nó mar sin dom idir codladh agus
dúiseacht ag iarraidh na bhfocal borb Gaedhilge a
phiocadh amach as an tormán bhí ag lucht an aonaigh
shíos fúm ar an tsráid, gur tháinic mífhoighid orm, gur
eirigheas, go ndeachas síos an staighre le béile na
maidne a chaitheamh.
Cé bhéadh ag an mbórd rómham sa teach ósta acht
mo sheanchara Éamonn Ó Laoigh, máighistir sgoile Ros
na gCaorach.
Chuir sé na mílte míle fáilte rómham. Chuir sé na
céadta ceist orm gan uain thabhairt dom aon cheann
aca a fhreagairt. An raibh mé beó ar chor ar bith?
Cé'n chaoi a' raibh an saoghal ag eirghe liom? An raibh
mé pósta? Tuige nach raibh? Nach raibh sé thar am
agam? Agus a liachtaighe bean áluinn bhí sa tír!
Ní raibh sé sásta liom chor ar bith nár thugas an
bhean liom.
"Féach anois," ar seisean, "tuige nach ndeárna
tú mar rinne do dhuine muinnteardha?"
"Cé aca?"
"An Fear Mór ar ndóigh — Séamus Seóighe d'eile?"
"Agus céard tá déanta aigesean?"
"Phós sé a mh'anam."
Bhí iongantas orm. Bhí mo dhuine muinnteardha,
an Fear Mór mar tugadh air i gcomhnuidhe, bhí sé thar
leithchéad bliadhain d'aois, agus ceapadh ag an saoghal
nach gcuirfidhe faoi chuing an phósta go deó é.
"Agus deir tú liom go bhfuil an Fear Mór
pósta?"
"Tá. Phós sé seachtmhain nó mar sin i ndiaidh na
Cásga"
Bhí a bhéile caithte aige. Dhearg sé an píopa.
Tháinic fonn cainnte air.
"Seachtmhain nó coigchíos nó mar sin ó shoin phós
sé an chéad uair —"
"An chéad uair!"
"Seadh."
"Acht an chéad bhean céard d'eirigh dhi?"
Chuir sé gail i n-áirde uaidh.
"Bhel, sin rud nach bhfuil fhios ag aon duine. Deir
daoine gur fuaduigheadh as an teach í faoi mheadhon
oidhche; gur bean de na sidhe bhí innti, gur ghoid
an Fear Mór uatha í, agus go dtáiniceadar n-a
sluaightibh cúpla oidhche i ndiaidh an phósta le n-a
fuasgailt … acht ár ndóigh ní chreidfeadh aon
duine é sin?"
"Níl cosamhlacht na fírinne air," adeirimse, "acht
céard deir an Fear Mór féin?"
"Tuige dhuit ceist mar sin a chur orm? Nach
bhfuil aithne agat ar an bhFear Mór? Ba dheacair
cainnt bhaint as an lá ab fheárr bhí sé, acht má
cuirtear ceist air anois faoi'n gcéad mhnaoi tagann
taom éigin air, buaileann sé faoi ar chathaoir, bain-
eann sé naipcín as a phóca, coinnigheann sé le n-a
éadan é agus gan le cloisint uaidh idir gach dhá osna
acht, an bhean bhocht! an bhean bhocht! Bhéadh truaig
agat do'n Fhear Mór bocht dá bfeicteá é ag caoineadh
na mná sin. Ní leigfeadh do chroidhe dhuit aon cheist
eile chur air, an créatúir!"
"Agus cé'n chaoi ar cailleadh i? An bhfaca aon
duine marbh í?"
"Ní fhuil fhios ag aon duine cé'n chaoi ar cailleadh
í. Go deimhin níor facthas an corp ariamh."
"Ar facthas beó í?" arsa mise agus cineál aimhris
orm an raibh a leithéid de mhnaoi ann ariamh.
"Chonnaic an pobul uilig beó í ár ndóigh. Bhíos
féin ar an mbainis. Agus ba bhreágh an bhainis í.
Shíos i gConndae an Chláir pósadh iad, agus tháinic
siad amach annseo as Gaillimh agus cóisde céithre
gcapall fútha. A leithéid de raic ní fhaca tú ariamh!
Níor innis sé do aon duine ar fhágáil an tighe dhó go
raibh sé le pósadh, agus ní raibh súil againn go bpósfadh
choidhche acht an oiread leis an sagart. Acht nuair a
chuala an pobul go raibh sé sa mbaile, agus an bhean
aige, bhailigheadar uilig timcheall ar an áit go
bhfeicfidís an bhean a bhog croidhe cruaidh an Fhir
Mhóir …"
"Cé'n sórt duine bhí innti?"
D'eirigh mo chara smaointeach.
"Ní raibh sí andathamhail mar sin," ar seisean,
"aoirde mhaith innti; deirtheá go raibh sí ró-árd;
leicne bána tanaidhe uirri, díreach is dá mbéadh sí thar
éis taom tinnis a chur dhi; cosa móra fúithi, agus lámha
cruadha garbha — bean a rinne obair le n-a saoghal
agus bhí i n-ann obair a dhéanamh. Sin é an fáth gur phós
an Fear Mór í b'fhéidir: é sin agus an spré …"
Dhearg sé an píopa arís.
"Acht féach anois, ní móide go bhfuil mé ag tabhairt
ceart do'n Fhear Mór. Is cinnte go bhfuil cumha air
i ndiaidh na mná sin; acht ní réidhtigheann sé leis an
gcumha agus leis an mbrón gur phós sé arís i gceann
míosa i ndiaidh a báis — má's bás a fuair sí. An
réidhtigheann anois? Acht an cumha bhíos air nuair
tráchtar uirri!"
"Acht ár ndóigh," arsa mise agus cantal orm, " ár
ndóigh tá fhios ag duine éigin cá bhfuair sí bás —"
"Facthas í oidhche Dia hAoine ag bleaghan na mbó.
Bhí togha na sláinte aici an oidhche sin. Maidin lá'r
n-a bhárach ní raibh sí ann — Ní raibh an Fear Mór sa
mbaile acht oiread. Dubhairt an cailín aimsire go
ndeachadar ar cuairt ag daoine muinnteardha leis
an mnaoi. Chuireas a dtuairisg annsin ag na daoine
muinnteardha; an gcreidtheá é? níor thugadar cuairt
orra ariamh! Acht i gceann ceithre lá, d'fhill an
Fear Mór gan an bhean. Gach uile dhuine chuir ceist
air ó shoin n-a taobh bhain sé gol as. Ba mhór an truaigh
an Fear Mór fheiceál ag caoineadh na mná …"
Chuir mo dhuine gail eile i n-áirde uaidh.
"Acht phós sé arís i gceann míosa, nár phós?"
arsa mise.
"Phós. Chuir sin iongnadh ar a lán. Fear nach
raibh a chéad bhean faoi'n gcré acht mí! Agus chomh
cumhamhar is bhí sé n-a diaidh!"
D'fhéach sé n-a timcheall ar fhaitchíos go raibh aon
duine ag éisteacht linn.
"Agus cogar," ar seisean "tá daoine i n-aimhreas
ar an bhFear Mór; cuid aca a rádh nach bhfuil sí marbh
ar chor ar bith, agus go gcuirfear an dlighe air faoi
bheirt bhan bheith aige; cuid eile aca a rádh go bhfuil
sí chomh marbh le Crom, acht gurab é féin mharbhuigh í.
Cuirfear an dlighe air chom cinnte is tá drioball ar
luich …"
"Acht céard deir an dara bean faoi'n sgéal?"
Leig sé fead iongantais. D'eirigh n-a sheasamh
agus thosaigh ag siubhal anonn 's anall agus greann
agus iongnadh air.
"Maidir léithi siúd," ar seisean, "níor chuala sí
an sgéal ar chor ar bith go dtáinic sí san áit. Duine
de na comharsanaibh d'innis di i dtosach é nuair thug
an Fear Mór abhaile í, agus ó shoin i leith níl saoghal
ná suaimhneas ag an bhFear Mór …"
"Is dócha go gceapann sí go bhfuil an chéad bhean
beó?" arsa mise.
"Nach gceapthá féin é? Má tá sí marbh nach síltheá
go n-abróchadh sé cár cailleadh agus cár cuireadh í —
marab é féin mharbhuigh í; agus má tá sí beó …
níl fhios agam nach mbéadh an sgéal níos náirighe.
Ar chaoi ar bith, beirfar air agus beidh air an sgéal a
shocrughadh ós comhair breitheamhan agus coisde."
Bhí ar an máighistir sgoile imtheacht. D'fhanas féin
sgathamh ag an bhfuinneóig ag machtnamh ar an sgéal.
Bhí an Fear Mór i gcontabhairt. Bhí daoine i
n-aimhreas air gur mharbhuigh sé a chéile nuadhphósta, nó
go raibh beirt bhan beó aige. Níor daoradh aon duine
de mo mhuinntir ariamh ar cheachtar de'n dá choir sin —
gidh go ndubhairt daoine áithride go raibh sé tuillte
ag cuid aca. Nach mbéadh sé náireach go ndaorfaidhe
an Fear Mór? Fear breágh spóirt agus grinn mar
é! Fear a thóigfeadh do chroidhe le bheith ag féachaint
ar a aghaidh bhreágh leathan shoineannta! A mhuineál
teann a chur isteach i lúb cnáibe! an dá cholumhain
feóla raimhe sin bhí faoi n-a chabhail nach éadtrom, a
chur ag damhsa ar aér! Má bhí an bhean marbh bhí sí
marbh, agus cé'n mhaith dhéanfadh sé dhi crochadh árd
thabhairt dhó-san? Cheapas a dhul siar agus cuairt
thabhairt air le comhairle ghlacadh leis agus le congnamh
thabhairt dó dá bhféadfainn.
Tráthamhail go leór, cé casfaidhe liom ar an aonach
acht Pádraic agus Séamus Seóighe, col-ceathracha
do'n Fhear Mór. Ní raibh beirt níos feárr le fághail.
Má tá fear i nIarChonnachtaibh atá níos críona
i gcomhairle ná Pádraic sé Séamus é. Agus bhí an
bheirt aca ar aon inntinn go gcrochfaidhe an Fear
Mór.
Ba bhrónach an triúr sinn ag dul siar. Pé ar bith
misneach agus croidhe bhí ionnam féin i dtosach bhain
an bháisteach agus an bheirt eile dhíom é. Báisteach —
níor facthas ariamh a leithéid shíltheá, acht trí fhuinn-
eógaibh an airc. Ní anuas ó na spéirthibh amháin bhí
sé ag teacht orainn acht aníos ó'n mbóthar nuair
sháithfeadh an capall na cosa isteach sna locháin bhí
rómhainn sa tslighe. Shíltheá orainn go raibh ár nduine
muinnteardha crochta cheana, go rabhamar tar éis an
chuairt dheireadh thabhairt air. An torann bhí ag na
rothaibh — bhí sé 'ghom bhodhradh: ní raibh acht an t-aon
phort amháin ghá chasadh aca —
Crochadh árd …
Crochadh árd …
Crochadh árd — lá gaoithe!
Dhearg Séamus an píopa le duadh. D'eirigh sé
smaointeach.
"'Meas tú an le sgian rinneadh sé é?" ar seisean.
"Nó í chaitheamh de bhárr áille," arsa Pádraic.
"Nó a báitheadh i bpoll móna," arsa Séamus.
"Nó piléar chur n-a croidhe," arsa Pádraic.
"Nó a tachtadh," arsa Séamus, "nach shin é an chaoi
is éasgaidh? Ar chuala tú ariamh an sgéal faoi'n
gCaiptín Buidhe …"
Níor chualas.
"Sé an chaoi gur thachtaigh sé a bhean. Bhí sé chomh
trom leis an bhFear Mór féin … thugadar trí
iarracht le n-a chrochadh … bhris an téad trí
huaire. Sgaoileadh amach é sa deire. Ní fhaca mé
ariamh aon fhear bhí chomh trom leis. Chraith mé lámh
leis aon uair amháin ar aonach na Gaillimhe …"
"Beidh téad láidir ag teasdáil uatha leis an
bhFear Mór a chrochadh," arsa Pádraic. "Ar chuala
tú ariamh an sgéal sin faoi'n Dochtúir Ó Loinsigh
crochadh i nGaillimh?" ar sé liomsa. "Mharbhuigh sé
"bean de muinntir Ruadháin …"
Níor chuala mé an sgéal ariamh. Níor chuala mé
an uair sin féin é, gidh gur innis sé dhom é. Níor
chuala mé aon rud acht plabadh na báistighe faoi
chosaibh an chapaill, ceól brónach na gaoithe isteach ó'n
bhfairrge mhóir agus an seanphort sin —
Crochadh árd,
Crochadh árd,
Crochadh árd — lá gaoithe!
agus é ghá chasadh de shíor ag rothaibh an cháirr. Shíltheá
ar an triúr againn nuair shroicheamar an teach gur le
sgéala faoi bhás ár nduine muinnteardha tháiniceamar.
Ní raibh fear an tighe ann romhainn. An bhean —
an dara bean — d'osgail an doras. Níor aithnigh sí
ceachtar againn ár ndóigh. Ní fhaca sí ariamh sinn.
D'fhéach sí go géar ar Phádraic; sgrúdaigh sí Séamus
ó bhonn coise go mullach cinn; thug sí féachaint fhada
fhuar orm féin.
Bhuail an triúr againn isteach ar an úrlár sul ar
labhair sí.
"Níl fear a' tighe sa mbaile," ar sise.
D'fhéach Séamus ormsa agus chaoch sé súil. Má's
féidir aon rud a rádh leis an tsúil dubhairt seisean
é. Dubhairt an tsúil:
"D'éaluigh sé. Tá eagla air go mbeirfear air."
Bhuaileamar isteach ar an úrlár agus siar linn sa
seómra gan cuireadh gan iarraidh. Lean an bhean sinn.
"Deirim libh arís nach bhfuil sé sa mbaile," ar sise
go searbh.
Bhí sí i n-aimhreas orainn go cinnte. Triúr nár
aithnigh sí theacht ar lorg a fir, agus eisean ar a
theitheadh ó lucht dlighe! Cárbh fhios di nach constáblaí
bhí aici sa teach!
"Daoine muinnteardha leis an triúr againn," arsa
mise.
"An eadh muis?" ar sise, acht bhéadh fhios agat ar
an gcaoi a ndubhairt sí é nár chreid sí ár sgéal.
"An fada ó d'fhág sé an baile?" arsa Séamus.
"Sin rud nach bhfuil fhios agam."
"An fada go bhfillfidh sé?"
"Níl fhios agam sin acht oiread."
"Ar mhaithe leis tháinic muid," arsa Pádraic, "cá
bhfuil sé?"
"Níl fhios a'm."
"Caithfidh muid fanacht go dtiocfaidh sé," arsa
Séamus.
"Tig libh," agus amach léithi sa gcistinigh.
Ní raibh aon aimhreas orainn nach raibh sé ar a
theitheadh sna sléibhte, agus go raibh a bhean ag cabh-
rughadh leis. Má bhí sí dúr dorrdha féin linn, thaithnigh
an bhean liom. Nach í bhí dílis dá fear! Nach corr-
uair casfaidhe bean leat chosnóchadh fear a mheall ar
an dóigh sin í! Í phósadh gan innseacht di go raibh bean
curtha aige! Ba mhór an truaigh go raibh sí i n-aimhreas
orainn agus sinn ag iarraidh cabhrughadh leis an
mbeirt.
D'fhéach mé ar Phádraic. Bhí sé n-a sheasamh i n-aice
na fuinneóige — fear árd caol agus culaith nuadh
ghorm air. Agus bhí culaith nuadh ghorm ar Shéamus!
Agus culaith nuadh ghorm orm féin! An iongnadh é
gur cheap sí gur constáblaí sinn, agus a fear ar a
theitheadh?
Tharraingeamar na cathaoireacha timcheall ar an
teinidh.
"Tá sé ar a theitheadh," arsa Séamus.
"Tá," arsa Pádraic.
"Beirfear air," arsa Séamus.
"Beirfear," arsa Pádraic.
"Crochfar é," arsa Séamus.
"Crochfar," arsa Pádraic.
Bhíos féin buadhartha. Ba bheag agus ba lag an
misneach thug an bheirt sin dhom agus iad ar creathadh
le fuacht agus le fliche ós cionn na teine. Chuimhnigh-
eas ar Iób …
"Go gcuirfidh Dia an t-ádh ort," arsa Séamus,
"acht bhfuil fhios a'd cá mbíonn an poitín aige?"
Chuartuigheamar. Fuaireamar é. D'ólamar é.
Bhog an braon an bheirt …
"Bhí áit dheas aige, an fear bocht," arsa Séamus.
"Bhí mh'anam."
"Cúig céad acra annseo, feilm eile thall sna
Rosaibh, airgead mór sa mbannc má's fíor …"
"A bhean gheibheas uilig é," arsa Pádraic go
smaointeach.
"Is dócha," arsa Séamus liomsa, "is dócha nach
bpósfá baintreabhach dá gcrochtaidhe a céad fhear?"
"Crochfar é go cinnte," arsa Pádraic.
"Agus gheibhidh an bhaintreabhach fear n-a dhiaidh,"
arsa Séamus.
"Duine de'n triúr againn b'fheidir …"
Bhí siad ag cur díbh agus ag toghadh fir do'n mhnaoi
nach raibh n-a baintreabhaigh fós nuair chualamar cois-
méig mhall throm ar an tsráid. An Fean Mór féin!
Nach é bhí dána agus a theacht faoi sgáth na hoidhche
féin! Caithfidh sé anghean bheith aige ar a mhnaoi agus
cuairt thabhairt uirri agus a dhul i gcontabhairt a
chrochta ar a son!
Bhí cluas orm go gcloisfinn cé'n fháilte mhór bhéadh
aici roimhe. Éad bhí n-a glór nuair labhair sí.
"A' bhfaca tú í?" ar sise.
Níor labhair seisean.
"An raibh lá maith agat léithi?" ar sise, "mór an
truaigh go raibh an lá chomh dona sin orraibh! Is dócha
nár fhéad sibh bualadh amach ag spaisdeóireacht le
chéile chor ar bith. Cé'n sórt áit fuair tú dhi?
Bothán ar thaobh sléibhe nó teach beag sa mbaile mór?
Níor thasbáin tú a pictiúr dhom ariamh. Ba mhór an
faillighe é sin. Cé nach leigfeadh sí dhuit é dhéanamh?
Nach aici atá an smacht ort!"
An t-éad agus an seirbhe bhí n-a glór! An chaoi a
ndubhairt sí "nach aici atá an smacht ort!" An bhean
éadmhar sin!
"Deirim leat nach bhfuil a leithéid ann ar chor ar
bith," ars an Fear Mór go doiligheasach, "nár innis
mé go minic dhuit gur cailleadh í …"
"Má cailleadh í, cár cailleadh í? Cár cuireadh í?
Innis sin dom anois," agus shíltheá nach raibh súil aici
le freagra acht freagra nach gcreidfeadh sí.
"A Pheig …" Shíltheá go raibh an Fear Mór
go deórach.
"Ná tabhair Peig ormsa feasta," ar sise, "Peig
atá ar an bhean eile," agus an-éad uirri.
"A Mhuir... ghéid," ars an Fear Mór, "bheirim mo
mhionn agus mo mhóid duit nach bhfuil a leithéid ann,
nach bhfuil aon bhean ar an saoghal agam acht thú féin
amháin, gur measa liom thú ná …"
Chuir sí isteach ar an gcainnt bhladarach seo.
"Preit!" ar sise, "má tá sí marbh cá'l sí curtha?
Sin ceist agus níor thug tú freagra air fós. Acht
ní fada go dtiubhraidh … roimh breithimh agus
coisde freisin," go bagarthach adubhairt sí an chainnt
dheireannach, "tá triúr istigh —"
"Cé'n áit?"
"Sa phárlús. Triúr aca. Seadh, triúr aca, triúr
constáblaí —"
"Constáblaí! Con … stáb … laí!"
"Ar do thóir atá siad," a sise.
"Constáblaí!" agus deirtheá gur thréig an brígh
agus an fuinneamh agus an meadhchan mór féin é leis
an bhfíor-eagla tháinic air.
Bhí sé n-a shuidhe n-a chathaoir mhóir sa gcistinigh
nuair a bhuail an triúr againn amach. Na géaga ar
sileadh leis, a cheann mór leigthe siar ar dhruim na
cathaoireach, a bhéal ar leathadh agus sgannradh n-a
dhá shúil. Ní fhaca tú a oighre ariamh acht bolgán
gaoithe agus an ghaoth ag éalughadh as. Deirfeadh
breitheamh agus coisde cúirte go raibh coir éigin
déanta aige, agus eagla mar sin theacht air roimh
chonstáblaibh.
"Níl faic déanta agam — níl, 'a Peig," ar seisean
go lag-ghlórach sul a bhfaca sé sinn-ne.
"Ní constáblaí muid," arsa mise, "acht cáirde.
Cáirde tháinic annseo ar mhaithe leat, cáirde tháinic
annseo le cabhrughadh leat pé ar bith cé'n choir atá
déanta agat —"
"Ní dheárna mé coir ariamh," ars an Fear Mór idir
dhá osna, "ní dheárna sin — braoinín beag uisge," ar
seisean, agus cheapthá ar an bhFear Mór go raibh sé
ag dul i laige, "ní dheárna mé coir ariamh —"
"A bheitheamhnaigh na mbréag!" ars an bhean, "nár
phós tú mise agus bean eile beó agat? Acht fan go
bhfaigh' mise greim mo dhá láimh uirri …" agus
nach í bhí nimhneach?
"Cé'n mhaith dhuit an sgéal a cheilt orainn-ne?"
arsa mise leis;" má tá an chéad bhean marbh, ár
ndóigh ní dochar dhuit innseacht dúinn faoi rún cá'r
marbhuigheadh í —"
"Cá'r mharbhuigh tú í -," arsa Séamus.
"Níl sí marbh," ars an Fear Mór, "níl sí marbh ar
chor ar bith adeirim …"
"Nach maith a bhí fhios agam é!" ars an bhean, "a
chladhaire an tsaoghail, cá'l sí i bhfolach agat? Cá
bhfuil sí adeirim go stracfaidh me ó chéile í?" agus
fonn uirri an cleas céadna dhéanamh leis an gcárnán
mór feóla bhí n-a shuidhe n-a lob lag ar an gcathaoir
mhóir ar a haghaidh amach.
"Is feárr liom ná deich sgilleacha go bhfuil sí beó,"
arsa Séamus, "níor crochadh fear ariamh ar bheirt
bhan bheith aige —"
"A leibide móir na feóla chreathaigh!" ars an
bhean, "a shumacháin an bhuilg mhóir! leig chuige mé,"
ar sise le Séamus bhí i ngreim innti, "leig chuige mé
go stracfaidh mé na putóga amach as …"
Ní bhéadh an fear mór beathaidhe faiteach i n-ann é
féin a chosaint ar an mnaoi mire sin dá sgaoilfeadh.
Séamus a ghreim. Ní fhaca tú a leithéid de fheic
ariamh — dhá chloich is fiche d'fheóil chreathaigh chorruighthe
ar chathaoir mhóir rinneadh le n-a aghaidh féin agus an
bhean bheag ag iarraidh a ionnsaighe!
"A chladhaire gan náire," ar sise, "nár admhuigh tú
anois go raibh beirt bhan agat?"
"Níor admhuigh," ar seisean agus beagán brígh ag
teacht ann.
D'fhéachamar uilig air. Dubhairt sé cheana go raibh
an bhean eile beó, agus nach raibh a fhios ag cách gur
phós sé í? Nach raibh an paráisde ar fad ag an
mbainis?
"Na bréaga bhíos aige!" ars an bhean, "acht fan
go dtiocfaidh mo chúigear dhearbhráthair amárach!
Bainfidh siadsan fírinne as, an seansliabh feóla!"
Ní raibh an sgéal soiléir againn ar chor ar bith.
Ní raibh fhios ag aon duine acht go raibh bainis ag an
bhFear Mór thar éis na Cásga agus gur phós sé arís
i gceann míosa. Acht cá raibh an chéad bhean?
"Bhfuil an bhean eile beó?" adeirimse.
"Níl fhios a'm."
"A chladhaire! Agus tú i n-aonfheacht léithi ar feadh
an lae indé!"
Bhí an Fear Mór ag teacht chuige féin. Misneach
ag teacht ann.
"Seo," arsa Séamus, "innis dúinn cá bhfuil sí
agat? Dubhairt tú ar ball go raibh sí beó, agus
annsin arís dubhairt tú nach raibh fhios agat a' raibh
nó nach raibh —"
"An bhean bhocht! an bhean bhocht!" ars an Fear
Mór go cumhamhar. Bhain sé naipcín mór dearg as a
phóca agus choinnigh le n-a shúilibh é. Gach osna dá
leigfeadh sé craithtí a cholann mór millteach agus
chloisteá an chathaoir ag giosgán faoi'n meadhchan mór
corrach bhí anuas uirri. Cuma cé'n cheist cuirtí air,
cuma cé'n masladh bheiread a bhean dhó, ní chloistí
uaidh acht osnaghail mí-riaghalta do-chosgtha, agus na
focla sin, an bhean bhocht! an bhean bocht!
Ní raibh aon mhaith bheith leis. Thugamar uilig na
leapracha orainn féin agus an triúr againn cinnte
gurab é an chaoi gur mharbhuigh sé an chéad bhean agus
go raib aithrighe air ar a shon.
Ar maidin bhí an bheirt eile imthighthe sul ar eirigheas
féin. Ní raibh an Fear Mór le feiceál i n-aon áit,
agus ó bhí cineál sgáth orm labhairt le n-a mhnaoi go
bhfeicfinn é féin i dtosach, chuaidh mé amach go
bhfeicfinn cé'n bharamhail bhí ag muinntir na háite
faoi'n sgéal.
Bhí sgata beag bádóirí shíos ar an gcéibh agus ó bhí
aithne mhaith aca orm féin agus ar mo mhuinntir, ní
ró-fhada go rabhamar i gciúin-chomhrádh.
"Ar lorg mná tháinic tú sa tír seo is dócha," arsa
fear aca ag gáiridh.
"Is mór an misneach bhéadh ag bean agus duine dá
mhuinntir a phósadh," arsa fear eile; "cá bhfios di
nach ndéanfadh sé mar rinne a fhear gaoil leis an
gcéad bhean fuair sé."
"Agus céard rinne sé?" arsa mise le baint as.
"Nach bhfuil fhios ag an saoghal céard a rinne sé?
í mharbhadh d'eile?"
"Ba mhór an choir é," arsa fear eile," acht cá
bhfios dúinn nach buile thobann tháinic ar an bhfear
bocht. Nach minic leag Dia lámh throm ar dhuine mar
sin? An fear bocht! is mór an díol truaighe é
indiu!"
"Acht an seanbheitheamhnach! Cé'n ceart bhí aige
an dara bean a phósadh agus an chéad bhean gan thar
mí marbh? Nár mhór an náire é sin?"
"Acht cá bhfios díbh," arsa mise, "gur mharbhuigh sé í?"
D'fhéachadar uile go léir orm. Nach mé bhí bog!
"Marach gur mharbhuigh sé í ár ndóigh d'innseóchadh
sé cá bhfuair sí bás nó cá'r cuireadh í?"
Bhí siad uile go léir cinnte gur mharbhuigh an Fear
Mór a chéad bhean. Ní raibh ag déanamh imnidhe dhóibh
acht cé'n chaoi a ndeárna sé an gníomh. An í bháthadh
rinneadh? An é an chaoi gur chaith sé í? Nó, an
buile thobann tháinic air san oidhche agus gur thachtaigh
sé í? Bhí Dia iol-chumhachtach — sin é an bás uathbhásach
bhí i ndán do'n mhnaoi bhocht Aige ó thus aimsire., agus
ní raibh san bhFear Mór acht an oirnéis. An créatúr!
Ba mhór an truaigh bhí aca dhó. Nár bhfuras d'aithint
air cé'n aithrighe bhí ghá dhéanamh aige. An té bhéadh
sáthach cruadh-chroidheach a hainm a luadh n-a láthair
nach bhfeicfeadh sé cé'n croidhe-bhrúghadh thiocfadh air.
Agus an faitchíos bhí orra go mbeirfidhe air, go
dtriallfaidhe é, go gcrochfaidhe é … Ní raibh aon
fhear ann nach dtiubhradh a anam féin le n-a shábháil
ó'n oidheadh sin agus nach gceapfadh go mbéadh gníomh
ionmholta ghá dhéanamh aige …
Cuireadh síos ar an mbainis. Do hinnsigheadh
faoi'n gcéad bhean. Nach í bhí lághach carthannach!
Acht nach raibh mórán cainnte aici — an bhean bhocht!
cár bhfios nach raibh léargus éigin aici ó Dhia cé'n bás
bhí i ndán di. Agus nár thug 'ch uile dhuine faoi deara
chomh geanamhail is bhí an Fear Mór uirri? An chaoi
a chaith sé an chuid is mó de'n oidhche n-a shuidhe le n-a
hais! Agus nuair chuir sé lámh faoi n-a muineál le
póg thabhairt di, i ngan fhios, cé'n ceart bhí aici eirghe
n-a seasamh agus imtheacht uaidh, má bhí an braon beag
féin ólta aige? Agus an gúna breágh bán síoda bhí
uirri! Agus na bráisleidí agus na fáinní agus 'ch
uile shórt!
Cé d'fheicfidhe chugainn agus an chainnt ar siubhal
acht an seáirgint. Fear téagarthach beathaidhe atá
ann, gruaig thanaidhe fhionnruadh ag eirghe aníos
díreach as a cheann, srón air chomh gorm is d'fheicfidhe
ar bhacach bóthair maidin chruaidh sheaca. Shíl sé a
ladhar chur isteach sa chainnt, acht nuair nach dtrácht-
faidhe acht ar an droch-aimsir, ba bheag an mhaith dhó
bheith ann má's ag iarraidh eólais fhagháil faoi'n bhFear
Mór tháinic sé.
Agus b'eadh ba chosamhail. Ba mhór an t-aimhreas
bhí ag lucht an dlighe air.
"Is dócha," arsa fear na sróine guirme i mBéarla,
"is dócha nár chaill an Fear Mór an dara bean fós,"
ar seisean go sgigeamhail.
"Fíordroch aimsir' atá air, a sheáirgint," arsa
seanbhádóir. Ar ndóigh níor thuig sé an chainnt!
"Agus deirtear liom," ars an seairgint, "gur
bean andathamhail bhí innti, go raibh sí breágh ard
láidir: an bhfaca aon duine agaibh í?"
"Fíor dhuit, a sheáirgint. Tá báisteach air," arsa
bádóir eile.
Mara bhfuair an seáirgint aon eólas ó'n dream
bhí ar an gcéibh chuir a chuid cainnte i gcéill domhsa
go raibh fútha mo dhuine muinnteardha a ghabhadh gan
mórán moille. Gan aimhreas, do dhéanfaidhe cheana
marach an meas bhí air. Ní dhéanfadh sé cúis fear
saidhbhir mar é a ghabhadh gan fiadhnaise mhaith. Marach
go raibh sé n-a Iustaís le fiche bliadhan, marach go
raibh lámh-istigh aige le lucht riaghaltais, marach go
raibh sé i gcomhnaidhe gcomhnaidhe i n-aghaidh lucht
achrainn agus poilitidheachta, bhíos cinnte go mbéadh
ceangal na gcúig caol air le fada an lá.
Acht níor mhór dhó glanadh leis as an tír go ceann
sgathaimh ar chaoi ar bith nó cár bhfios céard d'eireóchadh
dhó. Chaithfinn féin é chomhairliughadh.
Bhíos ar tí imtheacht ar a lorg nuair tháinic púcán
beag isteach i mbéal an chalaidh faoi lántseól.
"M'anam féin go bhfuil siad againn sa deireadh,"
arsa seanfhear.
"Cé hiad?"
"Muinntir na dara mná. Dream chomh droch-
múinte is tá le fagháil sa gcúige. Truaigh an fear
bocht atá i gcleamhnas leo!"
Tháinic an bád i dtír. B'fhíor do'n seanfhear é.
Níor leagas súil go minic ar aon chuigear fear chomh
fiadhánta leis an gcúigear tháinic amach as an bpúcán.
Dá mbéadh námhaid agam níor mhaith liom iad bheith
cáirdeamhail leis. Dá mbéadh gníomh fill nó fola le
déanamh b'shin iad ba chóra a thoghadh.
"Bhfuil na bataí againn?" arsa fear aca.
"Tá."
"A Mhicil," ar sé, "ní mór dhuit an t-ord thabhairt
leat freisin. Tá an diabhal anláidir: agus má
thagann fonn troda air níl ort acht é bhualadh sa
gcloigeann …"
Ghluais leó fá dhéin tighe an Fhir Mhóir agus cosamh-
lacht comhraic orra.
Bhí an Fear Mór i dteannta anois nó ariamh. Na
ropairí seo le n-a leadradh le bataibh troma agus
dá n-eireóchadh leis a anam thabhairt slán uatha gan
roimhe acht an chroch!
Bhí súil le Dia agam nach mbéadh an Fear Mór sa
mbaile rómpa. Ní raibh.
Bhuail mé féin isteach agus mórsheisear fear le mo
chois leis an bhFear Mór a chosaint ar na cliamhain.
Ní shílim gur eagla bhí orm nuair chuaidh mé isteach
mar a raibh cliamhain an Fhir Mhóir. Agus ní faitchíos
bhí orm ná sgáth acht corrughadh éigin croidhe nár
ainmnigheadh go fóill.
Bhí siad uilig thart ar bhórd nuair chuaidh mé isteach;
gé mhór ghá roinnt aca agus cúpla buidéal maith mór
de'n phoitín ar an gclár. D'óladh fear aca gloine
lán, shíneadh sé an t-árach follamh chuig a dhearbhráthair,
dhéanadh seisean an cleas céadna leis, go ndeacha an
gloine thart cúig nó sé d'uairibh. De réir mar bhíodh
an soitheach beag ag bórdáil thart, bhíodh malaí na
gcliamhain ag dul i méid agus i nduibhe, bhíodh na
súile bhí fútha ag dul i bhfiadhántas agus i ngruaim.
Istigh díreach i lár buill gach súile díbh bhí frighid na
feirge agus an uilc le feiceál go ró-shoiléir, agus
méad agus brígh ag teacht ann i n-aghaidh an noiméid.
Bhí gach uile dhuine de'n chuideachtan ró-lán de'n
mioscais le focal a rádh. Gheiteadh duine aca ó am
go ham. Chuireadh an chuid eile cluas orra fein.
Cheapaidís go raibh leó — go raibh an Fear Mór ar
fagháil. Nuair nach raibh cuirfidhe an gloine thart arís.
An ghé bhreágh rósta bhí ar an mbórd níor cuireadh
forc féin innti …
Tháinic bean an tighe isteach. Bhí ciseán mór ar
iomchur aici. Chaith sí a raibh ann ar an úrlár.
"Seo, féachaidh annseo," ar sise ghá ngríosadh
chum troda agus díoltais, "féachaidh ar fhág sí n-a
diaidh."
Snáithí agus snáthaidí, cniotál, gréas-obair, píosaí
beaga d'éadach de'n uile chineál idir línéadach agus
éadach cadáis, seanstocaí agus stocaí nach raibh
leathchniotáilte — bhí siad annsin ar an úrlár aici. Ní
fhéadfadh aon duine a leithéid de bhrúsgar a bhailiughadh
acht bean tighe.
"Ag cniotáil stocaí dhó bhí sí," deireadh an bhean
go sgigeamhail agus greim aici ar phéire stocaí, "ag
cniotáil stocaí dhó, agus gan í tar trí lá sa teach!"
Rug sí ar chúpla píosa d'éadach idir órdóig agus
méar tosaigh.
"Léine!" ar sise, "léine! Nach breágh mar chaith
sí an aimsir! Ní raibh sí sásta gan léintreacha
dhéanamh dhó agus gan cáll leó. An bodach mór! is
fada go ndéanfadsa léine dhó," agus chaith sí uaithi
an t-éadach go tarcuisneach.
Ní raibh a fhios ag na fearaibh a mba cheart an chéad
bhean a mholadh nó í cháineadh ar fheabhas a tíoghbhais.
"Agus an hata breágh cheannuigh sé dhi!"
Chuir sí hata de'n fháisiún ba sheanda dá bhfacas
ariamh ar a ceann agus thosaigh ag siubhal anonn 's
anall agus ag cur goicí uirri féin.
"Nach í bhíodh mórdhálach as. Féach na cleithí breághtha
creathacha!" deireadh sí, "agus na datha iongantacha
uaisle! Agus an cuma áluinn!" d'umhlaigh sí dhóibh,
"ár ndóigh níor cheap sibh ariamh go bhfeicfeadh sibh a
leithéid de sheóid ar cheann bhur ndearbhshúir bhocht?"
Rug sí ar an hata. Strac sí ó chéile é. Shatail
sí faoi chosaibh é.
"Go dtiocfadh sé sa saoghal," ar sise, "go mbéadh
hata mná eile ar bhur ndearbhshúir!"
Thosaigh sí ag léimnigh air le teann mioscaise.
"Agus hata cheannuigh sé do'n chéad bhean," ar
sise, hata cheannuigh sé do'n chéad bhean, hata
cheannuigh sé do'n chéad bhean —," agus dubhairt sí
an chainnt sin fá chúig, agus gach uile uair deireadh sí
é thiubhradh sí léim agus bhrúghadh sí hata míádh-
mharach faoi n-a cosaibh.
"Agus anois féin tá sé i n-aondtigh léithi, i bhfolach
i n-áit éigin léithi, agus mise im' ádhbhar mhagaidh agus
fonóide ag an saoghal mór."
Níor labhair éinne acht í féin.
"Nach mé an truaigh anocht," ar sise, "gan fear
agam le mo chosaint, gan dreatháir agam le díoltas
a bhaint amach dhom! Cúigear agaibh annsin agus
gan aon mhaith ionnaibh acht an oiread le cúigear ban!
A spriosáin, cár fhág sibh an fuinneamh agus an
spreacadh bhí nbhur muinntir? A chladhairí gan maith
gan maoin gan brígh gan misneach, féach bhur ndearbh-
shúir bhocht annseo náirighthe ós comhair an tsaoghail
gan fios aici an stríopach í nó bean phósta …"
Chaith sí a dhá láimh amach uaithi mar bhéadh sí ag
iarraidh orra cabhrughadh léithi. Ba mhillteach an feic
í, a gruaig fhada dhubh ar fánaidh agus bior n-a dhá
súil. Ní dheárna na dearbhráithreacha acht breith níos
dlúithe ar na bataibh; tháinic méid sa bhfrighid feirge
bhí n-a súilibh ó thús; d'fháisg siad na fiacla go raibh a
ngiosgán le clos ar fud an tseómra.
"Díoltas!" arsa fear aca agus chroch sé a mhaide
san aér.
"Díoltas!" ars an dara duine agus bhuail sé aon
athmhóg amháin ar an mbórd.
"Díoltas!" ar siad uile go léir go fíochmhar.
Cluineadh torann bróg sa gcistinigh. Gheiteadar
uile. Chuireadar cuma troda agus comhraic orra
féin. Díoltas anois nó ariamh! An dearbhshúir bhí
mar cheann orra nuair chuadhadar go doras, agus a
bhata i ngreim go docht ag gach fear díbh. Ba mhór
an seadaire nach gcuirfidís sgáth air.
Acht níorbh é an Fear Mór bhí aca ann, acht beirt
chonstábla agus seáirgint a tháinic le "cúpla ceist
a chur ar fhear an tighe."
D'éaluigheas féin amach le cogar a chur i gcluais
an Fhir Mhóir dá bhféadfainn é fhagháil. Dá mhéad olc
bhí aca dhó, bhíos cinnte nach bhfuigheadh lucht an dlighe
morán eólais ó'n dream d'fhágas 'mo dhiaidh.
A ndíoltas féin bhí uatha siúd …
Acht bhí mé tuirseach de'n Fhear Mór agus dá
chúrsaibh. Má bhí gábhadh chomh mór sin aige a chéad
bhean a mharbhughadh nár cheart dó é dhéanamh 'gós
íseal gan an raic agus an náire seo tharraingt anuas
air féin agus ar a cháirdibh gaoil? Muid náirighthe
go deó aige — é féin agus a chuid ban! Má bhí fonn
air beirt bhan bheith aige n-a sheanaois, nach síltheá go
mbéadh níos mó céille aige ná ceachtar díbh a phósadh.
Cé'n meas d'fhéadfainn bheith agam ar fhear nach raibh
sé n-a chumas a ghnó dhéanamh i gceart gan a dhul
i n-achrann leis an dlighe agus le n-a chliamhnaibh
aineólaighe buile? Dá bhfuigheadh sé leadradh loin-
eacháin uatha nach raibh a dhá oiread tuillte aige? Dá
bhfuigheadh sé an chroch ó lucht an dlighe ba chuma liom,
nár thuill sé sin agus an náire chuir sé ar a mhuinntir
gaoil agus coimhneasa? An leibide! nuair a shoc-
raigh sé a chéad bhean a mharbhughadh cé'n fáth nár chum
sé sgéal éigin a mbéadh craiceann air le daoine a
dhalladh? Agus mara raibh sé n-a chloigeann mór
ádhmuid an oiread sin a dhéanamh cé'n ceart bhí aige
aon bhean a chur chum báis? Nach bhféadfadh sé bheith
ar an sgéal céadna gach uair le gach duine seachas
bheith ghá bhréagnughadh féin a rádh go raibh sí beó uair
agus ghá caoineadh uair eile? Agus an naipcín mór
dearg sin bhíodh aige le n-a shúilibh!
Ní raibh meas ná gean agam air, an plaidhce gan
éifeacht! Acht chaithfidhe é chosaint ar an dlighe. Bhéinn
náirighthe go deó mara bhféadfainn an beagán beag
sin dhéanamh do'n amadán agus an gaol gairid bhí
agam leis. É chur anonn thar sáile go nglanfadh na
spéartha roinnt, sin é cheapas a dhéanamh.
Bhí gluaisteán ag Muinntir Ruairc ar an gCloich
Léith. Cúig ghiní bhreágh thugas do'n Ruarcach, agus bhí
an gléas iongantach iomchuir sin ar mo chomhairle féin
agam go ceann dhá lá. Bhí ár nduine, an Fear Mór,
ar an Uachtar. Chualas go raibh. Agus siúd ar
aghaidh mé sa ngluaisteán go dtiocfainn suas leis,
go dtiubhrainn go Baile Átha Cliath é, go bhfaighfinn
paisnéaracht dhó ar bórd luinge ag triall go
Ameriacá …
Ní daorfaidhe agus ní chrochfaidhe duine de mo
mhuinntir-se cuma cé'n choir nó amaideacht bhéadh
déanta aige. Báisteach agus puiteach, puiteach agus
báisteach, baltacha bréana, giosgán rothaí agus oir-
néis'; luathas gaoithe fúinn, gail de'n uile dhath uainn,
sgréachghail agus feadghail uainn, alltacht agus
uathbhás orainn go mbrisfidhe ár muineál orainn gach
ré noiméad. Amadán ar lorg a bhráthar …
Acht ní bhfuair sé a bhráthair má fuair sé an Fear
Mór féin. Ní raibh aon chosamhlacht ar an mboc sin
agus é ar a shuaimhneas sa gcathaoir ba mhó agus ba
shocamhlaighe bhí i dteach ósta Uí Mhurchadha ar an
Uachtar, go ndeárna sé coir ariamh, ná go raibh sé ar
a theitheadh ó lucht dlighe, ná go raibh muinntir a mhná
ar thóir a chuid fola.
Sé bhí socair sásta leis féin; buidéal mór de'n
fhíon Spáinneach ós a chomhair amach; a dhá chois crochta
aige ar chathaoir; píopa fada chailce n-a bhéal agus
an seómra lán de ghail an tobac. Is beag an
ceapadh bhéadh ag duine gur mharbhuigh sé a bhean …
B'é an Fear Mór ceanan céadna é, an Fear Mór
gan buadhairt gan imnidhe díreach is dá mba nár phós
sé ariamh.
Shuidh mé féin. Shín sé gloine fíona chugam go
maordha.
Thosaigh sé ag maoidheamh agus ag déanamh gaisge.
"Mé féin rinne é," ar seisean go mórdhálach, "mé
féin a rinne é gan cabhair gan congnamh as mo
stuaim féin. A Thighearna, nach agam bhí an oidhche!
An chontabhairt! An bhuadhairt! An imnidhe! Agus
an bhuaidh sa deire!"
Ó bhí sé muinnteardha liom, bhí mé ar mo dhíthcheall
ag iarraidh é sgiobadh ó'n gcroich bhéadh tuillte aige
marach chomh gaolmhar is bhí sé liomsa, acht níor thaithnigh
sé liom é bheith ag déanamh gaisge as a ghníomh fola.
"Seo," arsa mise, "tá gluaisteán annseo agamsa
agus téirigh isteach ann agus gheibhidh mise paisnéir-
eacht dhuit thar sáile go nglanfaidh na spéartha."
"Tuige a' ngabhfainnse thar sáile?"
"Do chéad bhean —"
Bhain sé an naipcín mór dearg as a phóca. Chuir
sé le n-a éadan é. Shíleas ár ndóigh go raibh sé le
na súile a thabhairt mar ba ghnáthach leis nuair luadh-
faidhe ainm na mná sin; acht ní hé sin a rinne sé
acht a seansgairt gáiridh a chur dhe gur cheapas go
dtiubhradh cosa agus fráma na cathaoireach uatha leis
an meadhchan mór creathach bhí anuas orra.
Ghoill an sgairteadh sin go mór orm. Fear gan
croidhe bhí ann go cinnte. Fear a bhainfeadh greann de'n
tsórt sin as dúnmharbhadh cár bhfios cá stadfadh sé?
D'imthigh an racht gáiridh. D'eirigh sé smaointeach.
"Níor shíleas ariamh," ar seisean, "go bhféadfainn
a leithéid a dhéanamh. Níor cheapas go bhféachfainn
leis. Dá n-abruightí liom dhá mhí ó shoin go mbéadh
lámh ar bith agam n-a leithéid d'obair chontabhairteach
thiubhrainn amadán ar an té deirfeadh é. Agus féach
anois mé —," d'eirigh sé n-a sheasamh agus mórdháil
air, "féach anois mé — Séamus Seóighe, Iústaís,
comhairleóir conndae agus eile — agus an gníomh sin
déanta …"
Bhí náire orm. Nach uathbhásach an rud go raibh
duine muinnteardha liom féin ag déanamh gaisge as
bean a mharbhadh!
"Bhí sibh uilig ag dul amudha," ars an Fear Mór,
"acht níor fhéad mé go dtí anocht féin an sgéal
innseacht."
Chuir sé gotha na sgéalaidheachta air féin, agus thar
éis gloine eile ól dubhairt sé an chainnt seo agus
loinnir aisteach n-a dhá shúil:—
"Ar an aonach i mBaile Átha an Ríogh a bhíos, agus
mé ag dul abhaile liom féin ar an gcárr, nuair
chonnaiceas an fear beag chugam agus cuma an anró
air.
"'Tabhair marcaidheacht dom," ars an fear beag.
"Thug. Shuidh sé ar an gcárr. Shíleas go raibh sé
faiteach, go raibh daoine ar a thóir, go raibh sé ag
éalughadh ó dhuine éigin. Bhí an oidhche fuar garbh,
agus ní dheárna ceachtar againn mórán cainnte. Bhí
bosca mór ar an gcárr liom.
"'Bhfuil fhios a'd céard tá sa mbosca sin?'
adeirimse, le cainnt a bhaint as.
"Ní raibh fhios aige ar ndóigh.
"'Éadaigh ban atá ann —"
"'Éadaigh ban?"
"'Seadh. Tá mé le pósadh gan ró-mhoill."
"'A' dtiubhrthá dhomsa ar iasacht iad?" ar seisean
agus binb ann.
"I ndiaidh beagán eile cainnte d'innis sé dhom cérbh'
é féin, agus cé'n gnótha bhí aige de na héadaigh ban.
Cé bhéadh agam acht —, an fear bhí n-a cheannaire
ar lucht an Eirghe-Amach! Agus é ar a choimeád!
"'Tá mé beag," ar seisean, "ceapfar gur bean
mé acht na héadaigh sin bheith orm …"
"Tá fhios agat féin chomh nimhneach is bhíos i gcomh-
naidhe i n-aghaidh lucht achrainn agus eirghe-amach; acht
bhíodhg rud éigin 'mo chroidhe an oidhche sin …"
Ní raibh an Fear Mór i n-ann innseacht dom cé'n
t-athrughadh tháinic air. Easbaidh focal bhí air. Rug
sé ar láimh orm go tobann, agus lean dá sgéal: —
"A' gcreidtheá é?" ar seisean, "thugas na héadaigh
dhó. Chuir sé air féin iad annsin ar thaobh an bhóthair.
Ní shílfeadh aon duine gur fear bhí ann.
""Bhfuil fhios agat céard a dhéanfas mé?" arsa
mise, "tiubhraidh mé abaile tu agus deirfidh mé leis
an bpobul uilig go bhfuil mé thar éis pósta. Beidh
bainis againn …"
"Socruigheadh air sin. Tá fhios agat féin an chuid
eile de'n sgéal."
Líon an Fear Mór gloine dhom. Líon sé gloine
dhó féin. Bhuaileamar an dá ghloine le chéile.
"Nuair a thiocfas "mo chéad bhean" abhaile ó'n
Oileán Úr," ar seisean, "go raibh athrughadh saoghail
agus riagaltais againn i nÉirinn."
D'fhéachamar ar a chéile, agus annsin thuig mé go
soiléir cé'n t-athrughadh mór bhí tar éis theacht ar
chroidhe an Fhir Mhóir agus gníomh contabhairteach
dhéanamh ar mhaithe le n-a thír.
AN SEACHTMHADH BUAIDH
.i.
M'FHILE CAOL DUBH
M'FHILE CAOL DUBH
Leabhráin bheaga filidheachta agus dánta ionnta a
thógfadh do chroidhe leis an bhfíor-áilne atá ag baint
leó — sin a bhfuil fágtha againn anois de shaoghal agus
de shaothar an Bhúrcaigh Duibh a chleachtuigh céard an
fhile i mBaile Átha Cliath le n-ár linn féin. Seadh,
na leabhráin do-fhághaltha seo — agus cuimhne chruaidh
i gcroidhe mná.
Acht bhí súil ag a cháirde uile le n-a mhalairt tráth:
pé áit a rachas tú faoi láthair, má bhíonn daoine ag
cur síos ar an Eirghe-Amach ann, cluinfear an cheist:
céard a thárla do'n Bhúrcach Dubh? Cé'n bhaint bhí
aige leis na gníomharthaibh iongantacha rinneadh le
linn na Cásga 1916? Agus nuair adeirtear le lucht
na gceist a chur, nach ndeárna sé faic acht dán molta
a cheapadh ar na fearaibh a rinne, bíonn iongnadh ar
chách; ní cáintear é i n-aon áit, agus sin cruthughadh
iomlán shíoraidhe go bhfuil comhbháidh agus tuigsint ag
baint le fearaibh Fáil, mar bhí cáineadh tuillte aige
má bhí ag aon fhear ariamh nár chabhraigh sé le n-a
shoisgéal le gníomh, agus an fhail aige.
Casfar a lán daoine leat fhéadfas innseacht duit
cé'n sórt duine bhí ann nuair cuireadh aithne air sa
gcathair i dtosach; gur bhíodhg sé croidhe na bantrachta
le n-a bhinnbhriathraibh fileadhta agus le draoidheacht
a ghlasrosg, agus gur ghríosaigh sé na fir chun gníomh-
artha móra le teas agus le dísleacht a mheóin, an dá
bharamhail is coitchianta chluinfeas tú. Is iomdha bean
agus tig luisne n-a gruadh agus loinnir n-a súil
nuair bhíos sí ag cur síos air; agus má bhíonn aon
aithne mhaith agat uirri, innseóchaidh sí dhuit cé'n uraim
mhór bhí aici dhó tráth; acht má tá léargus ar bith agat
ar chroidhe mná tuigfidh tú go bhfuil an uraim bhanda
sin anghaolmhar leis an ngrádh. Tá cuid eile de na
mnáibh agus beidh siad ag gabháil leithsgéil leat faoi
nach raibh sa bhfile gníomh a dhéanamh i n-aimsir na
ngníomh, agus má chuireann tú i gcéill dóibh seo nach
easbaidh misnigh bhí air beidh siad mór leat go deó na
ndeór …
Casadh mórsheisear ban liom le goirid. Bhí aithne
ag an uile bhean díbh ar an bhfile, ar an mBúrcach
Dubh — aithne mhaith ag cuid díbh, agus aithne súl amháin
ag an gcuid eile — acht ní raibh bean díbh nár chaith
cuid mhaith de'n aimsir ag cur síos air. Triúr díbh
nár labhair acht ar a chuid filidheachta: ní raibh aca
air acht aithne cáil. Beirt eile agus mholadar é ar
dhathamhlacht a phearsan ar dhóigh chuthalach bhanda: tús
grádha an moladh sin dubhras liom féin. Bean eile
díbh, agur bhí a raibh de dhroch-sgéaltaibh náireacha
dubhradh faoi ariamh ar bharr a teangan aici: bean
nár thug sé aon áird uirri ariamh b'eadh í siúd. Acht
an bhean eile, an seachtmhadh bean — bhí nimh n-a croidhe
siúd do'n fhile. Is beag nár réabadh an dlúth-
cháirdeas luachmhar atá eadrainn le na bliadhantaibh
nuair a shíleas páirt an fhile a ghabháil léithi. Bhris sí
isteach orm leis an sgéal seo: —
SGÉAL NA MNÁ
I
Cé'n maith dhuit bhéith ag cainnt ná ag iarraidh a
leithsgéal a ghabháil! Nach agamsa atá an aithne mhaith
air! A Bhúrcaigh na filidheachta a bhfuil an draoidheacht
'do dhá shúil, agus an focal beó binn 'do bhéal chun
mná a mhealladh, tá aithne agamsa ort, an aithne nach
mbronntar acht ar bheagán! Ná rabh an aithne chuirp
agus anamna sin ag aon mhnaoi ar aon fhear mar é
arís choidhche …
Cúig bliadna bhíos pósta nuair chonnaiceas i dtosach
é. Ní raibh aon chlann orm. Bhí m'fhear — céard is
féidir liom a rádh acht go raibh an bheirt againn sáthach
tuirseach dá chéile? Tuirseach dá chéile — seadh, sin é
an focal is feileamhnaighe; ní raibh gráin agam air —
dá mbéadh d'fhéadfainn na hoidhcheannta fada chur
isteach maith go leór ag clamhsán agus ag clampar
leis. Acht ce'n chaoi a bhféadfadh bean clampar a
thógbháil le fear agus gan aon tsuim aici ann? An
neamhshuim agus an tuirse croidhe bhí ag milleadh an
tsaoghail orainn beirt …
Nuair atá bean i n-aois a deich mbliadna fichead,
gan aon chlann uirri, fear réidhchúiseach neamhshuim-
eamhail aici, agus a dóthain mhór de mhaoin an tsaoghail
seo aici, shíltheá go bhféadfadh sí an aimsir a chur
isteach maith go leór i gcathair de'n tsórt seo. Acht
féach thart. Tá na céadta agus na céadta againn
de mhnáibh saidhbhre agus saoghal suairc suarach ghá
chaitheamh aca — ag siopadóireacht sa tráthnóna, tae
agus cáineadh na gcomharsan agus na gcarad n-a
dhiaidh, an traen abhaile, dinnéar, fear an tighe ag
srannadh ós cionn an pháipéir nuaidheachta — uch! tig
múisiam orm nuair a chuimhnighim air …
Agus sin é an saoghal bhí agamsa gur casadh an
Búrcach Dubh liom — an Búrcach Dubh, file agus
cladhaire …
Ní raibh tú i mBaile Átha Cliath an uair sin, acht
chuala tú cainnt faoi na damhsaibh bhíodh i nÁrus na
hÉigse. Casfaidhe Baile Átha Cliath ar fad leat
ann — nó aon duine go raibh cáil de aon tsórt air.
Filí! ná bí ag cainit, a dhuine! An t-árus mór lán
leó! Chaithfeá bheith ar t'aire nó bheireadh duine aca
ort agus ní sgaoileadh sé a ghreim go mbéadh dán
fada dá dhéantús ráidhte aige isteach 'do chluais.
Minic chaill mé damhsa maith leó …
Sílim gurab í Bettí Ní Laoigh thug ann i dtosach
mé … Sí. Caithfidh mé gáiridh a dhéanamh anois
féin nuair a chuimhnighim ar an ngúna chaith sí an oidhche
sin. Bhí ar chuile dhuine leigint air gur duine eile
bhí ann; leig Bettí bhocht uirri gur geárrchaile sgoile
bhí innti. Dá bhfeictheá í! Bean árd caol ruadh, dhá
sgór bliadhain caithte aici agus gúna beag cadáis go
glúnaibh uirri. A folt fada ruadh léithi. Í cosnocht —
nach síleann tú nach ceart de aon bhean atá focha-
muideach gáigeach n-a cosaibh dhul gan bróga i láthair
cuideachtan fear? Acht ba chuma le Bettí: ní raibh
fear uaithi …
Bhí an bheirt againn n-ár suidhe ag ceann seómra
an damhsa agus greas biodáin aoibhinn ar siubhal
againn nuair chonnaiceamar chugainn é. Bhí culaith air
an oidhche sin mar bhéadh ar shaighdiúir Gairibáildeach —
léine dhearg agus eile; agus deirimse leat gur
maith théidheann a leithéid d'fheisteas de fhear árd
dubh dathamhail. Baineadh truisleóg bheag as i lár an
tseómra, acht mar sin féin, níor bhain sé sin ná an
meangadh tháinic ar a lán de'n chuideachtain an mhaor-
dhacht dhe. D'fháisg sé na fiacail, tháinic dath bán ar
a cheannachaibh, agus d'fhéach thart go fíochmhar ar lucht
an ghrinn. Thaithnigh sé liom ar an toirt …
Rugas ar láimh ar Bhettí go bhfiafruighinn di cérbh é,
acht sul a raibh sé d'uain aici freagra thabhairt orm,
bhí sé le mo thaobh. Bhí ceann air bhí chomh deághchumtha
is bhí ar aon fear ariamh, ceann agus aghaibh agus
muineál agus guailne — acht marach gur rugas ar
láimh ar Bhettí d'fheicfinn a chosa agus a ghlúna …
bhí sé chomh basach le bacach bóthair! Tá aithne
mhaith agatsa orm, agus tá fhios agat nach bhféad-
fainn aon spéis a chur i mbasachán — acht ar chaoi éigin
choinnigheadh sé duine ó shunndas thabhairt dá chosaibh
basacha …
Labhair sé le Bettí — bhí aithne ag an uile dhuine
uirri — acht má labhair is ormsa bhí sé ag féachaint.
Ghabh sé le n-a shúilibh aisdeacha mé. Chuadar thríom
agus mian drúiseamhail a chroide ghá nochtadh sna
súilibh sin …
Tháinic uathbhás orm. Tháinic fonn orm éalughadh
uaidh agus a dhul i bhfolach i n-áit éigin ar imeall an
domhain. Acht níor fhéadas é; bhíos ar nós an bhric
bhéadh i bhfastódh ar cheann dorugha. Imtheacht an eadh?
Ní raibh goir agam air, agus sul a raibh fhios agam
céard bhí ar siubhal bhí an bheirt againn ar an úrlár
i lár an tseómra ag damhsa agus ag damsa agus ag
damhsa …
An damhsa sin! Tig imeagla orm anois féin
nuair chuimhnighim air; tig creathadh ball orm agus
preabadh croidhe; tig gráin orm … Ní shílim go
ndeárna an damhsa céadna sin ariamh roime sin i
mBaile Átha Cliath; i dtíorthaibh teó na hAifrice,
imeasg na bhfear dubh, ceapadh i dtosach é le altughadh
thabhairt do dhia na geineamhna. Tuige a ndeárnas é
an eadh? cuir ceist eile orm. Musgluigheadh sean-
diabhal éigin 'mo chroidhe. An fear seo bhí ar mo thóir
ar an seannós págánach a cheannsughadh, sin é bhí uaim;
é ghríosadh, an ainmhian chorpordha bhí ann a mhéadughadh
agus annsin é chlaoidh, é bhrughadh faoi chois …
Acht baineadh de mo threóir mé — an ceól a ceapadh
d'aon úim le ainmhian a bheódchaint, an teas, an cneas
le cneas, cora an damhsa bharbardha, agus a shúile
siúd — seadh, a shúile siúd buailte liom beagnach agus
faobhar ifrinn n-a lár istigh; céard d'fhéadfadh bean
bhocht lagbhrígheach mar mise a dhéanamh — bean a tógadh
le ceól agus le aoibhneas, le sógh agus le pléisiúr an
tsaoghail faoi spéirthibh cumhartha gorma an Oirthir?
Ar ócáid de'n tsórt sin, tá canamhaint na súl
níos beaichte agus níos bríoghmhaire ná úrlabhartha
béil. Ghéill mo shúile dhó, agus nuair ghéilleas súile
mná do fhear, sin tús agus deireadh an sgéil. Thuig
an Búrcach Dubh an méid sin go maith. Cuireadh cosg
leis an gceól go tobann; cuireadh cosg leis an
damhsa, agus bhí an bheirt againn annsin n-ár seasamh
i lár an tseómra agus tuigsint diabhalta againn ar
an rún diamhair fadshaoghalta sin nach gclaoidhfear
go bráthach … tháinic sgáth ormsa. Sílim go raibh
sgáth ar an bhfear freisin …
Bhí tú istigh go minic i nGáirdín an tSogha atá
díreach ar aghaidh Áruis na hÉigse. Níl áit níos
aoibhne i n-aice na cathrach. Bhí an Bhealtaine ann —
Bealtaine na mbláth agus na mbalath; cumharacht
trom a dhalladh do chéadfaidh ag eirghe aníos as an
ithir agus as na lusraibh úra; réaltóga magamhail
agus réaltóga solamhanta ag dearcadh anuas orainn;
tormán imchean na cathrach le clos shoir uainn ar nós
rabharta earraigh; tháinic smathamh beag gaoithe bhí
luchtuighthe le balthaibh oidhche isteach ó na sléibhte agus
thosaigh ag déanamh mór le mo ghuailnibh agus le mo
bhrághaid — shíltheá go dtáinic éad ar an bhfear leis an
smathamh sin gaoithe, mar rug sé ar mo chlóca agus
tharraing timcheall ar mo ghuailnibh é … Chuaidh a
mhéara i n-aimhréidh 'mo chuid gruaige. D'fhan a lámh
tamall deas thart ar mo mhuineál agus é ag féachaint
isteach 'mo shúilibh go fíobhmhar … ghluais sruth
teasa, sruth tinntrighe thrí mo chorp …
Innis dom anois agus ná hinnis aon bhréag: an
dtagann an corrughadh croidhe céadna ar an bhfear is
thig ar an mnaoi, an ngluaiseann tinntreach thrí n-a
cuisleachaibh ar an nós céadna is ghluais an sruth thrí
mo chuisleachaibh ar an ocáid seo?
Tá loch beag ag ceann an Gháirdín, crann breágh
fuinnseóige ar a bhruach, agus suidhchán faoi bhun an
chrainn. Ann a shuidheamar. Bhí an bheirt againn n-ár
dtost ó d'fhágamár Árus na hÉigse. Eisean ag
féachaint amach uaidh ar uisge an locha agus na
réaltóga ag lonnradh ann, ar an mbruach thall agus
dubh-dhorchadas na sgeach agus na dtom bhí ag fás air.
Mise ar m'aire, roinnt eaglach, dhá roinnt dána, súil
agam le — ní abróchad cé leis!
Thóg sé a cheann agus d'fhéach suas sna spéirthibh.
Bhí solus maith ann agus bhí a leath-éadan le feiceál
go soiléir agam — chuirfinn geall nár fhéach bean
bhanda ar an éadan sin ariamh gan spéis a chur san
té ar leis é. Cheapas gach uile noiméad go raibh sé
ar tí labhairt, go raibh sé ar tí draoidheacht agus
diamhaireacht na hoidhche agus na hócáide a nochtadh
dhom thrí bhriathraibh beódha fileadhta … Dá
sgaoileadh sé uaidh na gcaise iad, dá mbeireadh sé
orm annsin, mar bheirtheá ar neantóig, bhéadh leis.
Nach mé bhí ag súil le filidheacht, le briathraibh molta,
le focla mealltach', le urlabhartha plámásach aoibhinn!
Acht bhí an file n-a thost …
Ní ró-fhada bhí ámhthach. Cor dá dtug sé agus
bualadh póca a chasóige i n-aghaidh an tsuidhcháin. Léim
buidéal aníos as; thuit ar an talamh; briseadh é.
"A dhiabhail!" ars an file, ag féachaint 'mo threó.
Agus nárbh fhíor dó? Nach mé an diabhal thar bárr
is a bheith ag cainnt mar seo leatsa?
An an-mhian, agus an aistigheacht bhí eadrainn ó
casadh le chéile sinn, ghlan an focal maith macánta
sin as an mbealach iad. Ruaig sé an taom bhuail sinn
agus an damhsa ar siubhal. Thuigeamar a chéile …
Chuireamar aithne níos feárr ar a chéile. D'aith-
nigheas ar a iomchur agus ar a urlabhartha gur file bhí
ann ó dhúthchas, acht níor léigheas aon chuid dá dhéantús
ariamh. Go deimhin is ar éigin go raibh a fhios agam
gur sgríobh sé aon rud — giotaí filidheachta sna
páipéir, agus mar sin. Focal éigin dá ndubhras
agus thosaigh sé ag cur dhe. A ghlór! Cé'n mhaith
dhom bheith ag iarraidh trácht air? Dán beag sgríobh
sé an lá sin, dubhairt sé liom é — dán beag faoi naomh;
níor thaithnigh na naoimh go ró-mhór liom ariamh — níor
fhéadas a gcúrsaidhe beatha a thuigsint — acht an naomh
seo ar ar thrácht an file bhí le mo thaobh, thuigeas a
chroidhe chomh maith is tuigim mo chroidhe féin …
Chuir áilne an dáin bhig aiteas ar mo chroidhe.
Tháinic aoibhneas ar chroidhe an fhile freisin. Labhair
sé liom ar nós labhartha le duine bhí ar aithne agat le
bliadhantaibh fada. D'innis sé dhom céard bhí faoi a
dhéanamh sa saoghal. Grádh tíre agus filidheacht an
dá nidh bhí ghá ghríosadh an uair sin. Ó ná habair é!
ná habair go deó é! Na mná agus an t-ól freisin
an eadh? B'fhéidir — b'fhéidir é; thosaigh an Búrcach
Dubh ar dhubhailcibh agus ar shubhailcibh an tsaoghail a
chleachtadh agus é an-óg …
Thugas cead dó póg thabhairt dom sul ar fhágamar
an Gáirdín, agus d'imthigh liom abhaile agus lúthgháir
ar mo chroidhe.
II
Tugadh faoi deara gan mórán moille go raibh
athrughadh mór ag teacht orm; go raibh feabhas ag
teacht ar mo shláinte; go raibh mé ag eirge breágh
croidheamhail aérach thar mar bhíodh. Ag dul i n-óige
i n-aghaidh an lae bhíos, dubhradh. Agus b'fhíor é. Bhí
liagh maith agam; an fhilidheacht agus an chontabhairt,
an íc is cumhachtaighe ag mnáibh de mo shórtsa. Agus
bhí an domhan bráthach de'n íc sin agamsa. Casfaidhe
an file liom gach uile áit. Roimhe seo níorbh fheárr
leis áit a gcaithfeadh sé píosa de'n tráthnóna ná
i dteach óil; acht dá gcloisfeadh sé go raibh mise le
bheith ar cuairt n-a leithéid seo de theach, ag ól tae
nó ag déanamh biodáin, thiocfadh seisean sul a mbéadh
mo chuairt istigh agam agus seóladh sé abhaile mé.
Ar ndóigh bhí cainnt ann; cainnt agus cainnt agus
cainnt — acht ba chuma linn. Bhí ár saoghal suairc
suaimhneach féin againn-ne — agus nuair tháinic an
samhradh breágh buidhe, líonamar suas é le filidheacht
agus le draoidheacht, le gean agus le greann …
An aimsir bhí againn an samhradh sin! An aithne
chuireamar ar a chéile! Sílim nach raibh frighid subh-
ailce n-a chroidhe nár mhéadaigh an uair sin. Léigh tú
an leabhar beag filidheachta chuir sé amach an bhliadhain
sin; níl dan ann nár chum sé dhomsa, dhomsa, agus
dhomsa amháin.
Ní iongnadh go raibh bláth na hóige ag teacht orm
arís. D'fhill an tsláinte agus an croidheamhlacht.
Thug gach uile dhuine faoi deara é acht amháin mo fhear
céile. Cé'n chaoi a dtiubhradh seisean faoi deara é
agus gan suim aige i n-aon nidh acht n-a ghnótha agus
san tiomsughadh féileacán atá bailighthe aige — na mílte
míle de gach cineál dath agus déanamh. Imthigheann
an aois uaidh nuair fhághann sé ceann nuadh neamh-
choitchiannta. Ní ceart d'fhear dá leithéid bheith pósta
ar chor ar bith. Acht fuair sé cúpla féileacán chuir
aoibhneas ar a chroidhe faoi'n am seo, agus ní fhaca
tú fear ariamh bhí chomh bródamhail leis. Cheap na
seanbhuachaillí bhíos ar thraen a naoi leis gach maidin
go raibh ríméad air go raibh mise ag teacht chugam féin.
Rinneadar comhgháirdeachas leis faoi mo shláinte, na
hamadáin!
Bhí Bettí i gcaráisde i bhfogus dóibh. 'Sí d'innis
dhomsa an chainnt. Acht cé'n ghoir atá agamsa leagan
Bhettí chur air? An lob bog sin Tuathach Dhún Laogh-
aire — ó, tá aithne agad air, nach bhfuil? Bíonn sé ag
gabháil thart i gcomhnaidhe le Síle Réamonn — acht
thosaigh seisean ag fiafruighe d'Éamonn (sin é an
t-ainm seirce bhí agam ar m'fhear — bhí sé anchosamhail
le seantiománaidhe bhíodh ag mo mhuinntir fadó: siné
an fáth go dtugas Éamonn air), d'fhiafruigh an lob
bog dhe sa traen cé'n dochtúir bhí agamsa, nach raibh
sé sásta le n-a liagh féin, agus ó rinne mo dhochtúir
maith dhomsa go mb'fhéidir go ndéanfadh sé maith
dhó-san! Ní raibh duine sa gcaráisde nár thuig an
sgéal, agus nach aca bhí an greann agus an caochadh
súl ar chúl na bpáipéar nuaidheachta!
An dochtúir a leighsigh mise! Nach raibh fhios ag an
saogal nach raibh dochtúir agam acht m'fhile caol dubh
amháin! Agus cheap siadsan nach raibh fhios ag m'fhear
é; cheapas féin freisin é — an uair sin. Fear ar
leith, fear ann féin, fear doimhin aimhréidhseach — is
beag duine thuig ariamh thú, a Éamuinn …
Ar chaoi ar bith, nuair tháinic sé abhaile an oidhche sin
— bhí an bheirt againn n-ár suidhe cois teine agus an
béile caithte againn — d'fhan sé annsin n-a thost agus
é ansmaointeach ar fad. Dhearcadh sé orm go géar
ó am go ham. Ba chosamhail le meanaidhthe teó an
fhéachaint sin. An rud bhí ar mo choinsias b'fhéidir …
I gceann sgathaimh dubhairt sé:
"Fiafruigheadh dhíom indiu cé'n t-ainm bhí ar an
dochtúir atá agad, a Eibhlín," ar seisean go bog réidh.
"Ó," arsa mise, agus baineadh geit asam: an
focal sin "dochtúir" a rinne é; mar nach minic agus
nach ró-mhinic adubhairt mé le m'fhile dubh nach ndeárna
aon dochtúir rugadh an oiread maitheasa dhom is rinne
seisean? Shíleas gur hinnsigheadh gach uile shórt dhó,
agus nach aon deághleagan cuireadh ar an sgéal —
bhéadh sé n-a achrann, n-a throid, n-a rúille-búille, n-a
mharbhadh b'fhéidir …
"An dochtúir sin —," bhí a dhá shúil sáithte ionnam
agus gan cor ghá chur dá cheannachaibh. Stop sé.
Bhí mo cheann ag dul timcheall; mo smaointe i
n-achrann agus i n-aimhréidh n-a chéile. Acht sílim nach
n-aithneóchaidhe orm é: nár mhór an gar dhom go
rabhas sgathamh beag ar an stáitse i nAmharclainn na
Mainistreach?
"An dochtúir sin — ba cheart …"
Bhí sé ag teacht agus nuair a thiocfadh sé thiocfadh
sé trom. Piostal — bhí fhios agam go raibh piostal
aige; bhí lámh leis n-a phóca agus bhí leathshúil liom
greamuighthe sa láimh sin — an san éadan a chuirfeadh
sé an t-urchar? Bhí súil agam nárbh eadh; mhillfidhe
mé — níor mhaith le mnaoi péacaigh mar mise droch-
chrot bheith uirri san uaigh féin. Arbh fheárr dhom an
sgéal n-a iomlán innseacht dó? Céard a thárlóchadh
annsin? An dtuigfeadh sé é? An gcreidfeadh sé
é? An n-eireóchadh liom an chontabhairt a chur thart
ar an dóigh sin?
Sháith sé a leathlámh síos níos doimhne n-a phóca.
Shíleas go raibh mo ré thart …
Ná bí ag gáiridh fúm adeirim. Leag do lámh ar mo
chroidhe. Nach bhfuil sé ag preabadh ar nós an tubuisde
anois féin nuair chuimhnighim ar an noiméad sin?
D'eirigh sé n-a sheasamh.
A Thighearna! Rinneas rún chroidhe-bhrughadh — acht
ní sgéithfinn ar mo fhile dá bhfuighinn m'anam air. An
gcloisfinn an pléasgadh sul a d'imthigheadh an dé
uaim? Thosuigheas ag comhaireamh — a haon, a dó, a
trí, a ceathair …
Bí 'do thost adeirim: cé'n chaoi a mbéadh súil agam
le n-a mhalairt d'aoidheadh? Nár léigh tú cuid mhaith
de fhinnsgéaltaibh an lae indiu agus céard eile
d'fhéadfadh fear a dhéanamh le mo leithéid-sa de chéile
de réir na n-ughdar?
Annsin … éist liom agus creid mé — annsin
dubhairt sé:
"Ta súil agam nach ndóighfidh an cailín aimsire an
leite orainn arís anocht."
Ghlanas liom as an seómra. Bhuaileas fúm ar
chathaoir sa gcistinigh, rinneas gol agus gáiridh le
chéile agus i ndiaidh a chéile agus trí n-a chéile go dtí
nach raibh ionnam seasamh.
A leithéid d'fhear …
Acht ghlaoidh sé orm gan aon achar.
"Suidh," ar seisean.
Shuidheas.
"Cá gcaitheann tú an chuid is mó de'n aimsir faoi
láthair," ar seisean.
Mo chroidhe bocht arís! Ní raibh an chontabhairt
thart fós, acht bhíos níos dána ná bhí i dtosach. An
racht bhuail sa gcistinigh mé b'fhéidir … Cheapas
an sgéal n-a iomlán agus n-a fírinne innseacht dó.
Agus nach orm bhí an lúthgháir nach raibh an fhírinne níos
measa ná bhí! Ní headh … ní hé sin é; nílim ar
an mbaramhail sin ar chor ar bith — sílim nach bhfuil sa
saoghal seo acht faic a bhaint as — acht an náire, seadh,
an náire bhéadh orm ag innseacht na fírinne dhó; dá
mbéadh orm a rádh …
A' dtuigeann tú leat mé? Acht ní raibh orm aon
sgéal innseacht dó; thosaigh sé féin ag cainnt agus
seo é adubhairt sé:
"A Eibhlín," ar seisean, "ag dul i n-óige atá tú.
Tá cuma na maitheasa ort le ráithe. Tá tú ag eirghe
croidheamhail ceólmhar; suairceas ag sileadh uait;
duairceas díbrighthe uait: an doiligheas agus an
seantuirse ar fuaidreamh uait …"
Bhí sé chomh geanamhail chomh báidheach sin n-a ghlór
agus n-a fhéachaint go raibh mé díreach ar tí innseacht
dó cé'n fáth gur athruigheadh ar an gcaoi sin mé nuair
thóg sé a lámh le cosg a chur liom.
"Ní call duit innseacht dom," ar seisean, "cé'n
chúis atá leis an athrughadh mór. Tá fhios agam féin é.
Bhí fhios agam ó thús é. Bhí fios agam cé'n dochtúir
leighsigh thú gidh gur shíl na hamadáin sa traen ar
maidin go raibh mé dall air. Mo léan nach raibh sé
ionnamsa é dhéanamh, a Eibhlín; acht—"
Stop sé. D'eirigh sé anbhrónach.
"Ní bhacfad leis sin anocht," ar sé, "tuigeann tú
fein cé mar tá an sgéal eadrainn, cé mar bhí an
sgéal eadrainn ó thús—"
Leigeas féin osna.
"Sin é é … maith go leór anois. Tá fhios agam
céard a leighsigh thú — rud nach raibh agamsa le
tabhairt duit faraoir. Tá fhios agam freisin cé
leighsigh thú — ní luadhfad a ainm go n-abróchaidh tú
féin i dtosach é. Acht tá fhios agam a cháil — a cháil,
an eadh? A sheacht gcáil ba chóra dhom a rádh; a cháil
fhileadhta, a cháil thírghrádh, a cháil áilne, a cháil dhíl-
seachta …"
An moladh bhí mo chéile ag tabhairt do mo fhile an
focal ba bhinne chualas uaidh ó phós mé: an gcreidteá
sin? B'fhóbair dom póg thabhairt dó!
Lean sé leis an gcainnt.
"Chualas," ar seisean, "an cháil atá air faoi ól,
faoi mhnáibh, faoi …"
D'fhéach mé le cur isteach air acht níor leig sé
dhom. Anois féin cuireann sé fearg orm má deir-
tear go raibh drochcháil ar mo fhile dubh faoi mhnáibh.
Tuige?
"Acht má tá na seacht gcáil sin féin air táim
buidheach de: nár shuaimhnigh sé an saoghal duitse?
Agus má tá drochcháil air faoi mhnáibh tá muinghín
agam asadsa — agur beidh go bráthach …"
Chuaidh a fhéachaint thríom. Nach aoibhinn nach raibh
aon nidh le ceilt agam?
"A Eibhlín …"
Losg an fhéachaint truaighmhéalach bhí n-a shúilibh
m'anam istigh.
Dá mbéadh frighid na seirce féin eadrainn aith-
bheodhchaidhe é an uair sin; ní raibh — nach aimhréidhseach
iad bealaigh Dé?
"Tabhair annseo é," ar seisean, "cuirfead fáilte
roimhe — ar do shon-sa …"
Chuaidh sé go doras an tseómra. Sheas sé tamall
ag féachaint orm.
"Mo chéad léan," ar sé, "nach bhfuil mise i n-ann
an áit atá aige 'do chroidhe-sa a bhaint dhe, agus dhul
isteach ann mé féin, a Eibhlín."
D'imthigh sé go tobann. Acht d'fhill i gceann leath-
noiméide.
"Atá aon chomhairle amháin agam le tabhairt duit,"
ar seisean agus é n-a sheasamh ag an doras agus
athrughadh mór ar a ghlór, "má tá coinne déanta
agat leis anocht, seachain aér na hoidhche nó tiocfaidh
athluighe ort. Tabhair annseo é —"
D'fhág sé an seómra ar a nós mhear féin gan focal
eile a rádh.
Chuireas orm. Bhí coinne agam le mo fhile dubh.
Ag gabháil thar fhuinneóig m'fhir dhom, d'fhéachas isteach.
Bhí sé n-a sheasamh ag bórd, mionradharcán le n-a shúil
agus é ag déanamh stuidéir ar fhéileacán.
Ní raibh fhios aige go raibh mé ag féachaint air
ar ndóigh. Acht chaitheas póg chuige agus mé ag
imtheacht …
A leithéid d'fhear!
III
Thug tú féin taithneamh do mhnaoi uair. Ní call
dom innseacht duit cé'n deifir bhíos ar dhuine agus
sgéal mór aige dá leanán. Ní fios dom anois cé'n
gléas iomchuir bhí agam — brat draoidheachta ó'n
Oirthear nó mo sgéal iongantach féin?
Acht bhí seisean ann romham — annsin ag ceann Sráid
Ghrafton. É n-a sheasamh faoi lóchrainn sráide agus
leabhar fosgailte n-a ghlaic aige. Na daoine bhí ag
gabháil an tslighe bhí orra é thimchealladh — é n-a charraig
sheasta annsin i lár srotha daonna.
Bheannuigheas dó. Bheannuigh sé dhom — ní chreidtheá
acht an maordhacht bhí ag baint leis ar uairibh; d'fhéad-
fadh sé a bhairéad bhaint de ar dhóigh faoi leith — béasa
na bhFranncach agus dílseacht na nÉireannach measgtha
n-a chéile.
"Ó, tá do leabhar nuadh ar fagháil," arsa mise,
"nach toirteamhail é!"
"Ní hé atá agam," ar seisean, agus shín sé an
leabhar chugam.
Is beag nár chailleas radharc na súl. Tomhais
céard bhí aige. Acht ní dhéanfá go bráthach é. Leabhar
mór ealadhanta ag cur síos ar shaoghal na bhféileacán!
Ghluais linn n-ár dtost. Ag gabháil thar Dhroichead
Uí Chonaill dúinn tháinic an chainnt chugam.
"Agus a' gcuireann tusa spéis sna bhféileacán
freisin?"
Is ar éigin bhí ionnam an cheist a chur. Mo chéile
agus gan spéis aige i n-aon nidh acht sna feitheidibh
bradach' seo, agus mo fhile dubh dílis i gcontabhairt
imtheacht ar an ealadhain chéadna! Nach agam bhí an
ghráin orra mar fhéileacáin!
"Ó, seadh, an leabhar sin —," acht ní raibh sé
d'uain aige innseacht dom cé'n fáth dhó spéis a chur
san ealadhain sin — fear bhí ag imtheacht thart bheannuigh
dhó agus chuir cainnt air ós íseal, fear nach bhfeicfear
ar an saoghal seo arís choidhche …
Ghluais linn arís.
"Innseochad duit faoi'n leabhar san amharclann,"
ar seisean.
Ar shiubhal tú Sráid Uí Chonaill ariamh sna laethibh
órdha sin agus file cliumhail nó fear poilitidheachta
le do chois? Ba gheall le gluaiseacht ríogh agus
bainríoghna trí n-a bpríomh-chathair iar n-a gcórónughadh
ár ngluaiseacht-na, mise agus mo fhile caol dubh.
Níor thuigeas ariamh go dtí an oidhche sin cé'n meas
agus cáil bhí air? Gach uile chúig slat bheannuigheadh
duine dhó. Na mná is mó thugas féin faoi deara.
Gach bean díobh d'aithnigh é (agus is corrdhuine nár
aithnigh) bhíodh ceist faoi n-a súil aici: cé hí an bhean
choimhthigheach seo bhíos i gcomhnaidhe le Búrcach file
anois? Meas tú cé'n greim atá aici air? Dheamhan
a gcuireann sé spéis i n-aon bhean acht í …
Nó: Agus an í sin í? Nach aisteach agus nach
gránda an gúna atá uirri? Ó seadh, tuigim — sgéal
aisteach ar fad …
Nó: Ní fhéadfadh sé bheith amhlaidh! Í sin! Agus ar
sgríobh sé ariamh de dhántaibh faoi áilne san mnaoi!
Acht ba chuma liomsa céard deirfidís. Nach raibh
mo fhile caol dubh agam féin dhom féin, agus má bhí
an bhantracht éadmhar nach raibh cúis mhaith aca?
Bainead an mhórdháil dhíom gan mórán achair. Bean
bhí ag gabháil thart agus chualas í a rádh:
"Is ar éigin d'aithneóchthá go raibh sé basach ar chor
ar bith san oidhche."
Dá mbéinn liom féin, sílim go mbeirinn uirri agus
go dtiubhrainn leadóg dhi …
Thosaigh mo fhile caol dubh ag cur dhe go mear faoi —
ní fios dom cé'n rud. Is eagal liom go gcuala sé
focal na mná agus gur ghoill sé air. An fear bocht!
Is agam bhí an truaigh dhó … acht tuigfidh tú féin
cé'n gean bhí agam dhó sna laethibh sin nár chuir sé as
dom a bhasaighe is bhí mo fhile caol dubh.
Agus an ghráin bhíodh agam ar an deamar sin!
IV
Acht leabhar na bhféileacán bhí ag mo fhile caol
dubh — fan; tá irisleabhar sgríobhas faoi'n am sin sa
mbosga annseo agam. Níor léigh duine ná daon-
naidhe ariamh é, acht léighfead giota as duitse anois
Ó … ó — nach bhfuil fhios agad féin cé'n fáth?
Acht éist, agus ná bíodh aon tseafóid mar sin ort,
a dhuine: —
Oidhche Shamhna — dheamhan ar sgríobh mé síos an
bhliadhain, acht nach cuma? Oidhche Shamhna: i nAmhar-
clainn na Mainistreach le mo fhile caol dubh: dráma
le Synge: an chéad uair dá bhfacas é: níor thugas
mórán áird air i dtosach: níor chualas trácht ar an
ughdar roimhe sin, agus bhíos trí n-a chéile roinnt —
an chainnt bhí agam le m'fhear agus an ealadhain nuadh
bhí ghá foghluim ag mo leanán: na féileacáin bhradach'
ghránda!
Acht níorbh fhada gur rugadh ar mo láimh. D'fháisgeadh
í. Chualas an glór bog ceólmhar — mo fhile caol dubh
ar ndóigh.
"A Eibhlín … éist! éist!"
Chuireas cluas orm féin. Ag súil le binnbhriathraibh
mealltacha uaidh bhíos — ag súil le cainnt aoibhinn
phlámásach fhileadhta d'fheilfeadh do'n ócáid agus do'n
bharróig bhí aige ar mo láimh — acht má bhíos ag súil le
filidheacht fuaireas an rud bhí uaim, acht ní ó'n bhfile
bhí le m'ais é acht ó lucht an stáitse.
Fear siubhail bhí ag cainnt le bean tighe a raibh a
fear marbh agus é ag iarraid í mhealladh leis.
"Téanam liomsa," adeireadh sé, "agus beidh muid
ag imtheacht de shiubhal oidche faoi choilltibh dubha
diamhra agus beidh réaltóga neimhe ag dearcadh anuas
orainn agus muid n-ár luighe faoi thom … agus
tiocfaidh breacadh an lae agus tosnóchaidh na héanlaith
ag ceileabhar ar an gcraoibh —"
D'fháisgeas lámh mo fhile chaoil duibh — acht sgiobas
mo lámh uaidh ar an toirt ar eagla go sílfeadh sé go
mba cuireadh dhó an chainnt chéadna a rádh liomsa an
bharróg sin …
Bhuail taom aisdeach mé. D'aithnigh mo leanán orm
a chorruighthe is bhíos — an sruth aibhleachta nó comhbháidh
bhíos eadrainn. Bhí fhios agam go raibh sé ag cur na
súl thrím sa leathdhorchadas, go raibh sé ag cur
draoidheacht orm, go raibh contabhairt dhomsa agus
dhó-san sa bhféachaint sin. Bhí fhios agam go bhfeicfinn
dúil a chroidhe agus a anma n-a shúilibh, gur thnúth sé
liom idir corp agus anam, go raibh gaethe teó uaidh,
go raibh na gaethe sin dhom' chuimilt agus dhom'
dhóigheadh agus dhom' chrádh …
An sgáth bhíos orm roimh na súile sin!
Acht tráthamhail go leór, tháinic an brat anuas,
tóigeadh na soillse, thosuigh an ceól. Shíl mé cainnt a
dhéanamh leis. Theip orm i dtosach. Shíl mé innseacht
dó faoi'n gcainnt bhí agam le m'fhear. Theip orm
arís. Thuig sé cé'n fáth agus bhí fhios aige go raibh
fhios agamsa gur thuig. Níor chabhruigh sé liom. B'áil
leis an chumhacht bhí aige orm a chleachtadh.
Marach an leabhar féileacán bhí aige bhéinn gan
adhbhar cainnte gidh go raibh mo chroidhe agus m'anam
lán.
"Seadh," arsa mise, "tá suim agad sna bhféil-
eacán," agus rugas ar an leabhar.
"Tá agus níl."
Chuirfinn ceist air le mo shúilibh marach go raibh fhios
agam nach raibh an taom thart ballach.
"Marach tusa ní bhéadh an leabhar sin agam," ar
seisean.
"Mise?"
D'innis sé an sgéal dhom: go raibh sé le dul ar
cuairt ag teach áithrid; go raibh mo chéile le bheith
ann; go raibh sé ag iarraidh eólas a chur ar ealadhain
na bhféileacán go bhféadfadh sé labhairt leis go clisde
n-a dtaobh — rud nach bhféadfadh acht fíorbheagán i
mBaile Átha Cliath a dhéanamh. Agus annsin — tá
náire orm é rádh faoi mo fhile caol dubh — annsin bhí
sé cinnte go bhfuigheadh sé cuireadh theacht ar cuairt
againn-ne …
An difridheacht bhíos idir na fearaibh! Mo léan
gan cuid de dheághthréithribh mo chéile i mo leanán — a
uaisleacht, a intinn mhór fhosgailte, an mhuinghín atá
aige asamsa abair; é sin nó draoidheacht phearsanda
mo fhile bheith ag mo chéile — acht ní gnáthach le Dia a
leithéid a bhronnadh ar aon mhnaoi …
Acht is cinnte nach n-abróchad le mo fhile caol dubh
go bhfuil cuireadh aige chun an tighe cheana féin. Tá
contabhairt ann, contabhairt mhór … agus tá
muinghín ag mo chéile asamsa … má fhiafruighthear
dhíom cé'n fáth nach bhfuil sé ag teacht — nach cráidhte
an sgéal agam ar aon chuma é!
An bheirt fhear sin!
V
Giota eile as an irisleabhar é seo: —
Tháinic Bettí isteach chugam tráthnóna. Rinne sí
biodán thaithnigh liom go mór — acht chaith sí uair fhada
a chluig ag cáineadh mo fhile chaoil duibh.
Is rí-dheacair cosg chur le Bettí nuair thosuigheas
sí ar dhuine a cháineadh. Bíonn an dá bhrigh i gcomh-
naidhe leis an uile fhocal sgaoileann sí uaithi agus
má cuirtear isteach uirri deirfidh sí nach é sin bhí ghá
rádh aici ar chor ar bith acht a mhalairt. Acht fágann
a cuid cainnte drochbhlas 'do bhéal. Bíonn aimhreas
agat ar an té cáintear ar an dóigh sin cuma cé'n
meas bhí agat air roimhe sin.
Innsigheann sí sgéalta beaga gránda faoi'n duine
nach dtaithnigeann léithi; cuireann sí cosg léithi féin
go tobann agus deireann:
"Ó, ní ceart dom an sgéal sin a rádh agus chomh
mór leis is tá tusa."
Acht fágann sí ag machtnamh thú, agus ní feárrde
do leanán é.
An éad atá uirri go bhfuil file caol dubh mar
leanán agamsa? Ní féidir é mar is léir go bhfuil
gráin aici air. Ní hé sin é acht croidhe beag agus
anam nárbh fhiú trácht air bheith aici: is fuath léithi
duine bheith níos sonasaighe ná í féin …
An madra sa mainséir — níl fhios agam cé cheap an
fáth-sgéal sin — acht tá an leabhar agam sa teach agus
cuirfead cóip chuici anocht tríd an bpost: agus an
chéad uair eile thiocfas sí ar cuairt ní bheidh mé sa
mbaile roimpi, má chaillim biodán na cathrach féin.
Mairg gur innis mé an oiread sin i dtosach dhi.
Acht bhí cara, bhí anamchara uaim — bean go bhféadfainn
rúin mo chroidhe nochtadh dhi. Acht ní dhéanfad feasta
é. Is feárr na fir le haghaidh a leithéide: acht nach
orm atá an míádh — cé'n fáth go mbíonn siad ag síor-
iarraidh snadhm níos dlúithe ná cáirdeas a cheangal?
Agus ag iarraidh póg agus barróg thabhairt dom
nuair innsighim sgéal truaighmhéalach dhóibh …
Acht tá liom: déanfad fíorchara dom' chéile — ní
fear mar cách é — agus beidh mo fhile caol dubh n-a
leanán agam go deó na ndeór …
Go deó na ndeór — nach í Bettí ghnítheadh sgige dá
bhfeicfeadh sí na focail sin! Go deó na ndeór —
agus a raibh agam cheana de leanáin! Fiche?
B'fhéidir é — táim ró-thuirseach anocht le n-a gcomh-
aireamh … acht tá fhios ag Dia nach raibh aon fhear
díobh ar nós mo fhile chaoil duibh …
Ar nós mo fhile chaoil duibh — acht cé'n nós é sin?
Sead, cé'n nós é sin? Táim buartha cráidhte ó bhí
Bettí ag cainnt faoi. Bhfuil sé chomh dona is tá a
cháil? Bhfuil gean aige orm ar chor ar bith? Bhfuil
uaidh acht mo chorp?
Agus leabhar na bhféileacán — tig gráin orm gur
cheannuigh sé an leabhar sin, go mb'fhéidir go bhfuil sé
os a chionn anois féin le eólas bhaint as i n-aon
turas le mo chéile a mhealladh … Seadh, ní raibh
an chuireadh uaidh acht le n-aghaidh sin; é mhealladh ar
an seannós … uch!
Tá a phioctúir ós mo chomhair agus na focla seo ghá
sgríobhadh agam: cé'n fáth go bhfuil drúis agus ain-
mhian chorpordha, leibideacht agus inntleacht, suarachas
agus uaisleacht san éadan breágh sin? Acht is annsa
liom é ná aon fhear dár rugadh. Bheirfead póg duit,
a dhiabhail: a haon … a dhó … a trí …
A Thighearna!
Anois rachad amach. Casfar liom é. Labharfaidh
sé liom ar a sheannós iongantach féin. Díbreóchaidh
sé na sgamaill. Cuirfidh sé ruaig ar an aimhreas.
Beidh sé agam féinín féin amháin …
A fhile chaoil duibh, a rúin mo chléibh, a mháighistir na
háilne agus na draoidheachta, leatsa agus leatsa
amháin mise idir corp agus anam má's diabhal ná
naomh thú …
N.B. — Gan cead thabhairt d'fhear na billeóga seo
léigheadh go deó.
VI
A leithéid d'fhear ní fhaca mé ariamh! Tá mé 'mo
shuidhe annseo 'mo thost le deich noiméad ag súil le
ceist áithrid uait, agus níor chuir tú an cheist sin.
Cé'n cheist an eadh? Níor fhiafruigh tú dhíom cé'n
gúna chaith mé aon uair dá raibh mé le mo fhile caol
dubh agus eólas beacht agat ar an uile ghúna dá
bhfuil agam …
Is beag a bheireadh orm gan a thuilleadh de'n sgéal
innseacht duit, acht ní dhéanfad cleas mar sin leat,
mar tá tú deas, andeas, andeas amach 's amach —
ar do bhealach féin …
Seadh, bhuail mo fhile caol dubh liom an oidhche sin a
raibh Bettí ar cuairt agam díreach mar shíleas. Bhíos
i bhfastódh aige ar áit na mbonn. Bhíos corruighthe,
loinne ionnam, gan an smacht ceart agam orm
féin. Thuig seisean é. Ní fhaca tú ariamh acht an
léargus bhí aige i rud de'n tsórt sin, léargus míor-
bhúilteach. D'fhéadfadh sé a rogha rud a dhéanamh liom
ar ócáid de'n tsórt sin, agus nach maith bhí a fhios sin
aige.
Bhí tram ag gabháil thart. Rug sé ar uillinn orm.
Bhíos ar bhárr an tram leis sul a raibh fhios agam cá
raibh mé.
Tháinic giolla na dticéad.
"Dhá cheann go Raithfearnáin," arsa mo fhile caol
dubh.
"Acht," arsa mise, "níl fúmsa dhul chomh fada sin."
Fuair sé na ticéidí. D'imthigh an giolla. Bhíomar
linn féin.
Shíleas eirghe agus imtheacht uaidh. Bhí cineál eagla
orm roimhe — nó romham féin.
"Suidh," ar seisean go hughdarásach.
Shuidheas.
Cé'n chabhair dhuit a fhiafruighe dhíom cé'n fáth gur
shuidheas? Níl fhios agam féin anois é.
Bhí sé n-a mháighistir orm go cinnte; agus ná creid
aon bhean a deireann leat nach breágh léithi máighis-
treacht.
Iarraidh eile chun eirghe.
"A Eibhlín," ar seisean, agus d'aithnighear ar a
ghlór gur thuig sé go raibh sé n-a mháighistir orm,
"a Eibhlín," ar seisean, "támuid ag dul amach anocht
fá na coillte …"
"Acht níor shíleas acht ceathramha uaire a chaitheamh
leat," arsa mise go lag-bhrígheach.
"Amach fá na coillte dubha daraigh …"
"Acht tá m'fhear ag fanacht liom sa mbaile."
Shíltheá nár chuala sé céard bhí mé a rádh. Thosuigh
sé ag cur de — a leithéid de chainnt fhileadhta níor
chualas ariamh roimhe sin fiú amháin uaidh féin. Ní
iongnadh liom gur mheall sé leis mé.
Is minic chonnaic mé é agus cosamhlacht agus
mianach beithidhigh ghránda le tabhairt faoi deara n-a
éadan; agus annsin sul a n-aithneóchthá, bhéadh sé
n-a fhear uasal fileadhta aoibhinn arís. Tháinic an
t-athrughadh sin air ó casadh liom é gur shroicheamar an
choill.
Tá doire beag ann — b'fhéidir go bhfuil sé ceathramha
míle ó'n mbóthar — crainn giumhaise ar fad thart ann
agus gan le feiceál acht paisde beag de ghorm na
spéire ós do chionn.
Ann a shuidheamar agus sidheóga agus taidhbhsí
crann n-ár dtimcheall dá bhféadfaidhe a bhfeiceál.
Thosuigh an ghaoith ag caoineadh na marbh sna
géagaibh.
Bhí cantal ormsa gur tugadh ann mé dhom bhuidh-
eachas. Aoibhneas go raibh sé i n-aice liom agus a
seanchrot áluinn féin air.
Bhí se an-tsocair smaointeach agus gan rian aon
droch-rud n-a ghnúis.
"Tá mo shaoghal millte orm agadsa, a Eibhlín," ar
sé fá dheóigh
Rinneas gáiridh. Tuige? Mé bheith ag cuimhneadh
cé mhéad fear adubhairt an focal céadna sin liom
agus gan aon duine aca i ndá ríribh.
Tháinic frighid na feirge faoi n-a shúil. Smachtaigh
sé é féin, rud nach rinne mise.
"B'fhéidir gur feárr a thaithneóchadh filidheacht leat
anocht ná feallsamhnacht," ar seisean.
Dubhairt sé dán beag de ghlór áluinn dúthrachtach.
Míthráthamhail go leór, sé an dán adubhairt sé
ceann a chum sé fadó ariamh do mhnaoi bhí mór leis an
uair sin. Bettí d'innis domsa é; indiu féin chualas
uaithi cé'n chineamhaint rug ar an mnaoi bhocht nuair
d'eirigh mo fhile caol dubh tuirseach dhi …
"An é an chaoi gur bháith sí í féin?" arsa mise go
leanabach agus fonn orm olc a chur air.
"Cé hí?"
D'innis mé an sgéal dhó díreach mar chualas é.
"Níl fonn orm éisteacht le filidheacht, ná le aon
rud eile anocht," arsa mise, "táim ag dul abhaile."
D'eirigheas. Rug se orm.
"Níl tú ag dul abhaile," ar seisean, agus bhí an
beithidheach gránda ar ar thráchtas cheana n-a éadan.
Bhí coimhlint ann. Leagadh mise. Tháinic laige
orm … acht tá gráin agam air, gráin nach múchfar
ar feadh na síoraidheachta …
VII
Léighfidh mé giota eile dhuit: —
Ní fhacas le mí é, ó'n oidhche sin bhíomar sa gcoill,
agus táim cráidhte céasta breóidhte.
Ní bréag a rádh go bhfuil mé breóidhte. Níor fhágas
an leabaidh le seachtmhain agus ní heól do aon duine
céard tá orm.
Uaireannta bím ag rádh liom féin nach labhraidh mé
leis arís choidhche; uaireannta eile ag tnúth leis.
Diabhal é, diabhal é i gcosamhlacht duine. Acht má's
diabhal nó duine é, tá greim do-sgaoilte aige ar mo
chroidhe … sgríobhfad litir chuige a rádh leis theacht
annseo. Déanfad anois díreach é …
Acht cé'n mhaith sin? Cé mhéad litir ar sgríobhas
chuige le mí ag rádh leis go mba fuath liom é, ag rádh
go mba aoibhinn liom é, agus ní fios céard eile —
leitreacha nár cuireadh chum bealaigh ariamh?
Is dócha nach bhfeicfeadh arís choidhche é …
Céard sin? Seadh, an pléasgadh sin? Céard deir
tú? Eirghe-Amach? Eirghe-Amach? Cé'n chainnt sin
ort? Gunnaí ag pléasgadh? Na hÓglaich?
A Thighearna! Ní fhéadfadh sé bheith fíor.
Cainnt! cainnt! cainnt! Nach minic adubhairt
mé é, nach minic adubhairt mé le mo fhile caol dubh
féin é, agus é ag cur síos ar an obair bhí fútha a
dhéanamh, nach minic adubhairt mé nach ndéanfaidhe aon
ghníomh arís go deó i nÉirinn acht cainnt! cainnt!
cainnt!
Agus sin iad na gunnaí dhom bhréagnughadh!
Mo fhile caol dubh — beidh sé i lár an chatha …
"Tá an sgéal fíor. Tá Eirghe-Amach ann," arsa
mo chéile ar theacht isteach dhó, "Eirghe-Amach — cé
cheapadh go mbéadh an misneach ag an dream sin?"
"Mo fhile caol dubh —," sgiorr na focla uaim.
"Liagh maith eile imthighthe," arsa mo chéile ag
imtheacht amach an doras dó.
Tá an fear sin gan croidhe cinnte.
Níor chodail mé néal aréir. Nach mé atá mórdhálach
as mo mhuinntir! Nach mé atá bróideamhail gur
eirgheadar amach i n-aghaidh a náimhde! An misneach
uasal sin — go moltar go deó é.
Dá mbéinn im' fhear, dá mbéadh an tsláinte féin
agam, dá mbéadh sé ionnam eirghe as an leabaidh seo,
cá mbéinn anois acht mé féin agus mo fhile caol dubh
guala le gualainn san áit is treise an comhrach …
Eisean — i lár an chatha atá sé, a chuid fear n-a
thimcheall, é ghá dtreórughadh agus ghá mbrostughadh
chun ghnímh …
A Dhia!
Chím anois é fuar marbh ar chaol a dhroma, a aghaidh
uasal soineannta tugtha ar na spéirthibh, meangadh
buadhach ar a bhéal, piléar trí n-a chroidhe …
Canfar a ainm go deó na ndeór. Maithfear a
lochta. Maithim do chionta — is tú mo laoch, mo chuid,
mo thaisge, a fhile chaoil duibh …
Tháinic laige orm de bhárr na haislinge sin chon-
naiceas.
Nuair mhúsgluigheas bhí mo chéile ós mo chionn.
"A Eibhlín," ar seisean i bhfad níos grádhmhaire ná
dubhairt sé ariamh cheana é.
Acht chaitheas an lá ar fad ag ramhalladh agus ag
baoth-chainnt agus ag cur síos ar mo fhile caol dubh.
Ag iarraidh eirghe agus a chorp uasal fhagháil bhíos,
dubhradh liom.
Ar theacht an tráthnóna, tháinic roinnt céille chugam.
Shuidh m'fhear le hais na leabthan — bhí sé ann ar
feadh an achair dá mbéadh fhios agam é.
"A Eibhlín," ar seisean, agus leag sé lámh ar mo
bhaithis, "a Eibhlín, ná bíodh buairt ort. Tiocfaidh
t'fhile ar ais …"
"Ní thiocfaidh! ní thiocfaidh choidhche ná go bráthach."
Labhair sé arís go réidh socair.
"A Eibhlín," ar seisean, "rachad isteach sa gcathair.
Tá fhios agam cá bhfuil fear go mbíonn an uile shórt
nuaidheacht aige. Ní thiocfaidh mé ar ais go mbeidh
tuairisg t'fhile agam …"
Thug sé póg dom, ar an mbaithis, agus bhí sé
imthighthe sul ar thuig mé céard a bhí faoi a dhéanamh.
Mo chéile imthighthe i gcontabhairt a bháis le tuairisg
mo leanáin a chur ar mhaithe liomsa! Ar rugadh a
leithéid eile d'fhear iongantach ar dhruim an domhain
ariamh?
VIII
Ní cáll dom níos mó a léigheadh. Tá fhios agad
deireadh an sgéil chomh maith liom féin. Baintreabhach
anois mé. Friothadh mo chéile marbh i gcúlshráid i n-aice
le Portobello agus piléar thrí n-a chloigeann …
Agus mo fhile caol dubh? Cé nár casadh leat i
mBaile Átha Cliath le goirid é? Tá sé le feiceál
gach uile áit ann, ag innseacht do'n té thiubhras cluas
dó cé'n fáth nach raibh sé féin san Eirghe-Amach, agus
an bhaint bhí aige leis an gcineál sin oibre le
bliadhantaibh fada.
Níor innis sé domsa fós é agus má innsigheann …
Ó seadh, ó tá tú ag imtheacht croch leat an dán
beag seo chuir sé chugam ar maidin — dán ag moladh
lucht na ngníomh seadh é. Níor léigheas féin é agus
ní léighfead. Déan; tabhair leat ar fad iad — na
leabhráin bheaga filidheachta agus dánta ionnta a
thógfadh do chroidhe leis an bhfíoráilne atá ag baint
leó; tabhair leat ar fad iad — acht fág agamsa an
chuimhne chruaidh atá agam 'mo chroidhe ar mo fhile
caol dubh …