Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sliocht de Scríbhinnibh Mhíchíl Bhreathnaigh
Title
Sliocht de Scríbhinnibh Mhíchíl Bhreathnaigh
Author(s)
Mac Domhnaill, Tomás,
Composition Date
1913
Publisher
Mac Guill, M.H. agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Sliocht de Scríbhinnibh Mhíchíl Bhreathnaigh</title><author><name type="main">Micheál Breathnach</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">LC006</note> <note type="L">1</note> <note type="B">1913</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2013</date><idno>LC006</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><bibl><title>Sliocht de Scríbhinnibh Mhíchíl Bhreathnaigh</title><author>Micheál Breathnach</author><imprint><publisher>Cumann Oideachais na hÉireann</publisher><date>1913</date></imprint> </bibl></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Seilg i measg na nAlp.</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>(As an gClaidheamh Soluis.)</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>I.</span></p> <lb n="6"/> <lb n="7"/><p><span>Ar bhóithrín na smaointe.</span></p> <lb n="8"/> <lb n="9"/><p><span>Seilg san Eilbhéis! Seadh, — “Seilg,” an t-ainm is</span> <lb n="10"/><span>fearr liom. Agus nach mór a chuireas an focal sin</span> <lb n="11"/><span>i gcuimhne dhom! Gluaisim ar ais “bóithrín na</span> <lb n="12"/><span>smaointe.” Tagann laetheannta aoibhneacha samhraidh</span> <lb n="13"/><span>ar ais. Chím sean-cháirde ar gach taobh. Tá buachaillí</span> <lb n="14"/><span>dílse & óg-mhná suairce i dteannta a chéile. Tá gáirí</span> <lb n="15"/><span>geala le cloisint. Tá aoibhneas croidhe le tabhairt fá</span> <lb n="16"/><span>deara. Tá meisneach, fuinneamh, agus croidheamhlacht</span> <lb n="17"/><span>na hóige in gach aon. Tá lóchrann an tír-ghrádha ag</span> <lb n="18"/><span>lonnrughadh, agus soillse na Gaedhealtachta ar lasadh</span> <lb n="19"/><span>sa sluagh. Tá sult & siamsa ar siubhal — amhráin bhinne</span> <lb n="20"/><span>Gaedhilge dhá ngabháil go binn-ghothach; rinncí Gaedhealacha</span> <lb n="21"/><span>dhá ndamhsughadh go lúthmhar éadtrom deas; agus an</span> <lb n="22"/><span>Ghaedhilg bhinn dhá spreagadh go ceólmhar. Tá!</span></p> <lb n="23"/> <lb n="24"/><p><span>Imthigheann liom i measg na gcarad — agus nach aoibhinn</span> <lb n="25"/><span>mar caithtear an lá i gcoill áluinn Epping nó i</span> <lb n="26"/><span>gcoilltibh móra Hadley! Tá Fionán nó Art 'n-a árd-</span> <lb n="27"/><span>taoiseach ag stiúradh “Gaedheal Lonndan” thrí</span> <lb n="28"/><span>bhealaighe aimhréasacha na coilleadh. Tá an Paorach fá</span> <lb n="29"/><span>n-a chulaidh ghaisge ag síor-shéideadh na bpíob i dtosach</span> <lb n="30"/><span>an tsluaigh. Nach breagh mór-dhána an fhuaim a chuireas</span> <lb n="31"/><span>sé le “Ó Domhnaill Abú.” Nach bríoghmhar croidh-</span> <lb n="32"/><span>eamhail, nach láidir fearamhail, mar ghabhas na Sealgairí</span> <lb n="33"/><span>é mar an gcéadna! Agus nach iomdha croidhe tír-</span> <lb n="34"/><span>ghrádhach ag preabadh tráth bhfuil gáir chatha Gaedheal</span> <lb n="35"/><span>“ag síneadh go hárd ar an ngaoith” an lá áluinn</span> <lb n="36"/><span>samhraidh seo! Is iomdha.</span></p> <lb n="37"/> <lb n="38"/><p><span>Agus an “tae” — & an “damhsa” 'n-a dhiaidh — & na</span> <lb n="39"/><span>“geataí árda” — nár mhór an greann a baineadh asta!</span> <lb n="40"/></p> </div> <pb n="2"/> <div><lb n="41"/><p><span>Acht is ait an mac an saoghal! D'imthigh sin agus</span> <lb n="42"/><span>tháinic seo. Is fad ó chéile anois go leór dá mbíodh</span> <lb n="43"/><span>ag Seilgíbh i gCathair na gCeó bliadhanta ó shoin. Acht</span> <lb n="44"/><span>is grádhmhar ceanamhail mar bhéas cuimhne go deó ar na</span> <lb n="45"/><span>laetheanntaibh úd!</span></p> <lb n="46"/> <lb n="47"/><p><span>Is minic a smaoinigheas Fionán ortha ag taisteal na</span> <lb n="48"/><span>Mumhan dó ag brostughadh & ag gríosadh Gaedheal. Is</span> <lb n="49"/><span>minic a ritheas siad thrí intinn an Dochtúra & é ag</span> <lb n="50"/><span>machtnamh go doimhin ar an “Módh Díreach” i mBaile</span> <lb n="51"/><span>Átha Cliath. Is minic a leagas Liam uaidh a pheann</span> <lb n="52"/><span>éadtrom éasgaidh & a thagas an t-am nach bhfillfidh os a</span> <lb n="53"/><span>chomhair arís. Anois & arís sgaoileann Seaghán srian</span> <lb n="54"/><span>le n-a smaointibh féin, ghníonn neamh-shuim ar feadh</span> <lb n="55"/><span>tamaill bhig sna “Modhthaibh” — & buaileann amach i</span> <lb n="56"/><span>measg na sean-charad i bhFás-Coilleadh. Is minic na</span> <lb n="57"/><span>trí Art ag cuimhniughadh ar “na laethibh fadó” — agus</span> <lb n="58"/><span>a feicthear dhóibh go mbíonn siad ag gluaiseacht ar na</span> <lb n="59"/><span>sean-chasáin úd arís. Smaoinigheann Diarmuid san</span> <lb n="60"/><span>Aifric Theas ortha — & ar an “gCapaillín Bán.” Agus</span> <lb n="61"/><span>tá deóraidhe Gaedhil annso i measg na nAlp a</span> <lb n="62"/><span>smaoinigheas go minic ar na laetheanntaibh aoibhne úd</span> <lb n="63"/><span>freisin, 's an dá lá is beó é béidh a gcuimhne i dtaisge</span> <lb n="64"/><span>go ceanamhail aige i bhfíor-íochtar a chroidhe.</span></p> <lb n="65"/> <lb n="66"/><p><span>Is iomdha áit a rabhas ar Sheilg. Nach maith is</span> <lb n="67"/><span>cuimhneach liom an Domhnach áluinn ar tugadh cuairt i</span> <lb n="68"/><span>mbád mór ar “Oileán na Caillighe” an samhradh so</span> <lb n="69"/><span>chuaidh tharainn! Nár shólásach mar chaith mic léighinn</span> <lb n="70"/><span>Choláiste Chonnacht an lá úd! Nárbh' aoibhinn an</span> <lb n="71"/><span>tráthnóna é ag teacht ar ais dúinn — glór bog binn</span> <lb n="72"/><span>Thomáis Mhic Dhomhnaill ag imtheacht le gaoith treasna</span> <lb n="73"/><span>an locha — & a bheidhlín ag cur na dtonn ag damhsughadh</span> <lb n="74"/><span>le sólás. Bhí na hoileáin ag éisteacht & na cnuic ag</span> <lb n="75"/><span>dearcadh le iongnadh & le áthas — mar cuireadh an tsean-</span> <lb n="76"/><span>aimsir i gcuimhne dhóibh an tráthnóna ciúin Lughnasa úd.</span></p> <lb n="77"/> <lb n="78"/><p><span>Acht, a léightheóir na gcarad, gabh mo leith-sgéal!</span> <lb n="79"/><span>Táim ar fuaidreadh & ar seachrán. Níor airigheas mé</span> <lb n="80"/><span>féin ag sguabadh liom ar “bhóithrín na smaointe” acht</span> <lb n="81"/><span>an oiread 's d'airigh Oisín an t-am ag imtheacht i dTír</span> <lb n="82"/><span>na nÓg. Thugas leath-bhord as an tslighe. Ní rabhas</span></p> </div> <pb n="3"/> <div><lb n="83"/><p><span>féin san áirdeall & ní raibh duine ar bith eile san</span> <lb n="84"/><span>aireachas.</span></p> <lb n="85"/> <lb n="86"/><p><span>Bhí fúm cur síos duit ar Sheilg san Eilbhéis i measg</span> <lb n="87"/><span>na nAlp & ar neithibh a thárla annso le goirid. Acht</span> <lb n="88"/><span>chuir an focal ag smaoineadh ar laethibh i n-áiteachaibh i</span> <lb n="89"/><span>bhfad as seo mé. Má bhír féin in do “dheóraidhe”</span> <lb n="90"/><span>choidhche — nó má táir — a léightheoir chroidhe, tuigfir an</span> <lb n="91"/><span>sgéal & maithfir dhom.</span></p> <lb n="92"/> <lb n="93"/><p><span>Anois crochfamuid “seólta móra bocóideacha</span> <lb n="94"/><span>bacóideacha” an sgéalaidhe; casfamuid stiúr na</span> <lb n="95"/><span>cuimhne; ceanglóchamuid an sgód mór a bhí leigthe le</span> <lb n="96"/><span>gaoith; béarfamuid leath-bhord breagh fada ó Loch</span> <lb n="97"/><span>Measga, & ní athróchamuid cúrsa go sroichtear bun na</span> <lb n="98"/><span>nAlp!</span></p> <lb n="99"/> <lb n="100"/><p><span>II.</span></p> <lb n="101"/> <lb n="102"/><p><span>Ullmhughadh & Gluaiseacht.</span></p> <lb n="103"/> <lb n="104"/><p><span>Anois, a léigtheóir dhil, caithfir beagáinín foigde a</span> <lb n="105"/><span>bheith agat linn go ceann tamaill. Nílmid ag dul ag</span> <lb n="106"/><span>cur síos duit ar na hAlpaibh go fóill. Ní thráchtfamuid</span> <lb n="107"/><span>leat fá láthair ar an turas sa traen aibhléise ó bhun an</span> <lb n="108"/><span>chnuic — ar an sneachta mór ar gach taobh — ar na gleann-</span> <lb n="109"/><span>taibh doimhne — ar na beannaibh iongantacha.</span></p> <lb n="110"/> <lb n="111"/><p><span>Tar linn ó Ghleann an Rhón go bárr an chnuic.</span> <lb n="112"/><span>Tabhair léim mhór ghlan-osgardha & suas leat chúig mhíle</span> <lb n="113"/><span>troigh mar dhéanfadh deagh-ghaisgidheach! Annsin 'seadh</span> <lb n="114"/><span>is fiú dhuit dearcadh in do thimcheall ar áilneacht & ar</span> <lb n="115"/><span>iongantas na nAlp. Codail go sámh i Léisin anocht.</span> <lb n="116"/><span>Ní iongnadh thú do bheith tugtha sáruighthe thar éis an</span> <lb n="117"/><span>aistir. Ar maidin i mbárach tá deichneabhar againn le</span> <lb n="118"/><span>dhul ar Sheilg chuig “les Diablerets” (ná sgannruigh,</span> <lb n="119"/><span>a mhic ó, is áilne an áit 'ná an t-ainm!). Agus bí réidh</span> <lb n="120"/><span>go moch le theacht linn!</span></p> <lb n="121"/> <lb n="122"/><p><span>Bhí beirt Eilbhéiseach le dhul 'na seilge, beirt</span> <lb n="123"/><span>Fhranncach, Gearmánach, Eadálach, Iúdach óg, Rúiseach,</span> <lb n="124"/><span>Sasanach, & an mac so. Bhí fúinn dhá mhíle dhéag de</span></p> </div> <pb n="4"/> <div><lb n="125"/><p><span>thuras a thabhairt ó Léisin, imtheacht go moch, & a bheith</span> <lb n="126"/><span>ar ais roimh “thuitim cheó na hoidhche.”</span></p> <lb n="127"/> <lb n="128"/><p><span>Acht cé'n chaoi a rachthaidhe ar an turas? B'in é an</span> <lb n="129"/><span>buille! Ní raibh bóthar iarainn ná traen ag dul an</span> <lb n="130"/><span>bealach. Ní rachadh “cóiste bodhar” ná coiste</span> <lb n="131"/><span>teineadh ann. Ní rachadh gluaisteán, cárr, cairt, ná</span> <lb n="132"/><span>carbad an bealach go léir — & ní gan fáth. Agus maidir</span> <lb n="133"/><span>le rothaíbh — “fág marbh iad” — mar adubhairt an fear</span> <lb n="134"/><span>fadó! Céard a déanfaidhe? “A thabhairt do na</span> <lb n="135"/><span>buinn,” arsa tusa. Go bhféachaidh Dia ar do cheann, a</span> <lb n="136"/><span>mhic ó! Ní hionann anois & ariamh — & ní hionann dhá</span> <lb n="137"/><span>mhíle dhéag i measg na nAlp & i measg sléibhte</span> <lb n="138"/><span>fraochmhar Chonnamara! Go deimhin ní hionann.</span></p> <lb n="139"/> <lb n="140"/><p><span>“Eh bien,” ars' an Franncach, “qu' est-ce que</span> <lb n="141"/><span>nous allons faire, mes amis?”</span></p> <lb n="142"/> <lb n="143"/><p><span>“Moi, je n'en sais rien,” ars' an Rúiseach go breagh</span> <lb n="144"/><span>socair sásta.</span></p> <lb n="145"/> <lb n="146"/><p><span>“It's the 'ell of a route, ' ars' an Sasanach & chuir</span> <lb n="147"/><span>cor 'n-a chroiméal.</span></p> <lb n="148"/> <lb n="149"/><p><span>“Aber es ist sehr prächtiges Wetter,” ars' an</span> <lb n="150"/><span>Gearmánach.</span></p> <lb n="151"/> <lb n="152"/><p><span>“Peut-on y aller sur les ‘luges’?” arsa duine</span> <lb n="153"/><span>eile.</span></p> <lb n="154"/> <lb n="155"/><p><span>“An módh díreach go deó!” ars' an tÉireannach.</span></p> <lb n="156"/> <lb n="157"/><p><span>“Comment?” ars' an tIúdach.</span></p> <lb n="158"/> <lb n="159"/><p><span>“Was haben Sie gesagt?” ars' an Gearmánach.</span></p> <lb n="160"/> <lb n="161"/><p><span>Thosuigh an chainnt & an seanchus. Thosuigh an</span> <lb n="162"/><span>díospóireacht. D'éirigh sé i n'aragúinteacht. Acht ar</span> <lb n="163"/><span>deireadh thiar socruigheadh a dhul i n-aghaidh na n-árdán i</span> <lb n="164"/><span>d“traineaus” & síos na fánáin sur les “luges.”</span> <lb n="165"/><span>Socruigheadh fios a chur ar dheich gcinn de “luge-</span> <lb n="166"/><span>annaibh” & ar dhá “thraineau” i gcomhair na maidne.</span> <lb n="167"/><span>Cuireadh. Gheallamar dá chéile a bheith réidh le imtheacht</span> <lb n="168"/><span>go moch lá'r n-a bhárach, & chuaidh 'ch aon duine a bhealach</span> <lb n="169"/><span>féin.</span></p> <lb n="170"/> <lb n="171"/><p><span>Ar maidin Dia Domhnaigh bhíos in mo shuidhe le fáinne</span> <lb n="172"/><span>geal an lae. Chuadhas chuig Aifreann a hocht i séipéilín</span> <lb n="173"/><span>beag deas gleóidhte Léisin. Nuair a tháiniceas ar</span> <lb n="174"/><span>ais bhí mo cháirde go mí-fhoighdeach ag feitheamh liom.</span> <lb n="175"/></p> </div> <pb n="5"/> <div><lb n="176"/><p><span>Bhí an mhaidin go han-fhuar. Bhí gaoth ghéar chruaidh</span> <lb n="177"/><span>sheaca ag séideadh ó bhárr na gcnoc & cé go raibh an</span> <lb n="178"/><span>ghrian 'n-a suidhe le sgathamh ní raibh aon amharc le</span> <lb n="179"/><span>fágháil uirthi — & ba mhór an truagh é.</span></p> <lb n="180"/> <lb n="181"/><p><span>Ní raibh duine de na sealgairíb gan a chota mór, a</span> <lb n="182"/><span>bhróga sneachta, a chochall muiníl, a mhiotóga lámh, & a</span> <lb n="183"/><span>chaipín cluasach. D'fheistigh an mac so é féin mar an</span> <lb n="184"/><span>gcéadna & níorbh' fhada go rabhas fá réir.</span></p> <lb n="185"/> <lb n="186"/><p><span>Is gearr go gcualamar na cluigíní uainn soir.</span> <lb n="187"/><span>Bhíodar ag crathadh gan sgur & an torann ag teannadh</span> <lb n="188"/><span>linn de réir a chéile. Níorbh' fhada go bhfacamar ár</span> <lb n="189"/><span>ngléis marcaidheachta ag teacht anoir i n-aghaidh an</span> <lb n="190"/><span>chnuic. Bhí péire capall fá gach carbaidín — ceann roimh</span> <lb n="191"/><span>an gceann eile — & cúig cinn de “lugeannaibh” in</span> <lb n="192"/><span>gach “traineau.”</span></p> <lb n="193"/> <lb n="194"/><p><span>Bhí linn annsin. Ní raibh orainn acht lasgadh linn.</span> <lb n="195"/><span>Rachthaidhe na bealaighe sleimhne & na fánáin réidhe leis</span> <lb n="196"/><span>na gléasaibh sleamhnuighthe; & rachthaidhe na bealaighe</span> <lb n="197"/><span>deacra garbha 'sna gléasaibh marcaidheachta. Ní raibh</span> <lb n="198"/><span>rotha ná acastóir ar cheachtar dár gcarbadaibh. Dhá</span> <lb n="199"/><span>mbéadh ní dhéanfaidís cúis — & ní imtheochaidís chomh</span> <lb n="200"/><span>héadtrom éasgaidh thríd an sneachta 's rinne!</span></p> <lb n="201"/> <lb n="202"/><p><span>Bhí néall mór dorcha bagarthach sna spéarthaibh uainn</span> <lb n="203"/><span>soir, & bhí faitchíos orainn go mb'fhéidir gur tuairt</span> <lb n="204"/><span>thobann shneachta a bhí air. Acht buidheachas mór le Dia,</span> <lb n="205"/><span>sgaip an néall de réir a chéile & bhí deagh-ghothadh ar</span> <lb n="206"/><span>an maidin ag imtheacht dúinn.</span></p> <lb n="207"/> <lb n="208"/><p><span>Bhuaileamar isteach 'n-ár gcarbadaibh marcaidheachta.</span> <lb n="209"/><span>Chuireamar ár n-éadaighe tiugha troma glún 'n-ár</span> <lb n="210"/><span>dtimcheall & shocruigheamar sinn féin chomh socamhlach &</span> <lb n="211"/><span>b'fhéidir é. Cé'r mhilleán sin orainn?</span></p> <lb n="212"/> <lb n="213"/><p><span>Cuireadh isteach “les luges” & fuaireadar marcaidh-</span> <lb n="214"/><span>eacht i n-aisge. Acht bhí a gcuid oibre féin rómpa acht</span> <lb n="215"/><span>a dteanntaidhe soir i mullach an áird mhóir. Annsin</span> <lb n="216"/><span>chaithfidís gluaiseacht go beó tapaidh & na sealgairí a</span> <lb n="217"/><span>iomchur síos le fánaidh chomh sgioptha leis an ngaoith</span> <lb n="218"/><span>Mhárta.</span></p> <lb n="219"/> <lb n="220"/><p><span>Leigeadh fead. Tarrnuigheadh laisg. Buaileadh</span> <lb n="221"/><span>buille. Agus ghluais linn go héadtrom-chroidhtheach</span> <lb n="222"/></p> </div> <pb n="6"/> <div><lb n="223"/><p><span>III.</span></p> <lb n="224"/> <lb n="225"/><p><span>An Sneachta.</span></p> <lb n="226"/> <lb n="227"/><p><span>Sneachta! Sneachta ar gach taobh! Sneachta ar na</span> <lb n="228"/><span>cnocaibh ó bhun go bárr. Fiacla sneachta i stramhasaibh</span> <lb n="229"/><span>na nAlp. Mullaighe caola géara sneachtacha ar na</span> <lb n="230"/><span>beannaibh. Sneachta 'sna gleanntaibh doimhne. Sneachta</span> <lb n="231"/><span>ar na halltrachaibh árda. Coillte móra fá bhratachaibh</span> <lb n="232"/><span>sneachta. Croinnte ag lúbadh fá ualaighibh gléigeala.</span> <lb n="233"/><span>A ngéaga fá chultachaibh fuara geala. A mbuin 's a</span> <lb n="234"/><span>mbarra dhá bpréachadh le sneachta. Mealltracha</span> <lb n="235"/><span>sneachta i gclaiseachaibh i dtaobhaibh na gcnoc. Puill</span> <lb n="236"/><span>'s sgailpreacha ag cur thar maoil. Uachaiseacha móra</span> <lb n="237"/><span>líonta go béal. Áirde sneachta ar dhíon gach tighe.</span> <lb n="238"/><span>Cárnáin shneachta ar aghaidh gach dorais. Sgonnsaí</span> <lb n="239"/><span>sneachta i leath-taobh gach casáin. Agus an talamh</span> <lb n="240"/><span>cothrom ar nós trágha móire sneachta gan cloch gan</span> <lb n="241"/><span>crann — chomh mín le sgáthán!</span></p> <lb n="242"/> <lb n="243"/><p><span>Nach iongantach mar thagas an sneachta! Dhá mhí ó</span> <lb n="244"/><span>shoin ní raibh a dhath ná a thuairisg le fágháil annso. Bhí</span> <lb n="245"/><span>sé go geal gléigeal os ár gcomhair ar bharraibh na</span> <lb n="246"/><span>gcnoc. Acht b'fhada uainn é — cé gur chosamhail dó a</span> <lb n="247"/><span>bheith gar go maith do láthair. Maireann sé go</span> <lb n="248"/><span>síorraidhe annsin i measg na mbeann. Níl beann aige</span> <lb n="249"/><span>ar ghaoith dhá láidre, ná ar bháistigh dhá thruime.</span> <lb n="250"/><span>Bheireann sé dubhshlán na gréine i lár an tsamhraidh.</span> <lb n="251"/><span>'Sé an clúdach é a bhfuil an teacht aniar ann ar mhull-</span> <lb n="252"/><span>aighibh na n-árd-chnoc, & nár thréig le aois ná le caitheamh</span> <lb n="253"/><span>le na míltibh bliadhain! Níor leághadh fós ariamh é.</span></p> <lb n="254"/> <lb n="255"/><p><span>“Cá bhfuil an sneachta mór a bhí anuraidh ann?”</span> <lb n="256"/><span>adeireas an Gaedhilgeóir go minic. Sin ceist a</span> <lb n="257"/><span>chuireas-sa orm féin annso tá dhá mhí ó shoin ann.</span> <lb n="258"/><span>Agus d'fhreagair na spéartha mé sul bhí an tseachtmhain</span> <lb n="259"/><span>caithte.</span></p> <lb n="260"/> <lb n="261"/><p><span>Tháinic sé chugainn 'n-a cheathannaibh móra gan cuireadh</span> <lb n="262"/><span>gan iarraidh. Anuas leis 'n-a thuairteannaibh. Tháinic</span> <lb n="263"/><span>sé 'n-a chalógaíbh móra boga go mall ciúin réidh gan</span> <lb n="264"/><span>gleó gan torann. Tháinic sé go mion tirim ar nós an</span></p> </div> <pb n="7"/> <div><lb n="265"/><p><span>tsiúcra. Tháiníc sé le anfadh láidir & le stolladh</span> <lb n="266"/><span>cruaidh gaoithe.</span></p> <lb n="267"/> <lb n="268"/><p><span>Sguabadh chun siubhail é le fánaidh na gcnoc. Rinne</span> <lb n="269"/><span>sé “ísleáin d'árdáin & árdáin d'ísleáin” de réir</span> <lb n="270"/><span>mar shéid an gála mór & na sinneáin láidre é. Níor</span> <lb n="271"/><span>fhág sé áit ar bith 'n-a dhiaidh. Bhratuigh sé cnoc 's</span> <lb n="272"/><span>gleann mar a chéile. Tháinic sé mar thiocfadh leas-</span> <lb n="273"/><span>ughadh gileachta le haghaidh na talmhana ó neamh. Lean</span> <lb n="274"/><span>an cruaidh-shioc & cruadhtan an gheimhridh é. Tháinic an</span> <lb n="275"/><span>fuacht do phréachfadh & do dhallróchadh daoine. Tháinic</span> <lb n="276"/><span>sé le drioganna a chur i mballaibh, le marbh-léathair a</span> <lb n="277"/><span>chur i lámhaibh — le fuar-nimhe a chur i méaraibh. Agus is</span> <lb n="278"/><span>cruaidh mar thagas sé chugainn annso ó mhullaighibh fuara</span> <lb n="279"/><span>géara na nAlp!</span></p> <lb n="280"/> <lb n="281"/><p><span>Lean air ag cur shneachta gan sguireadh go ceann</span> <lb n="282"/><span>seachtmhaine. Lean air ag cur sheaca go láidir. Bhí an</span> <lb n="283"/><span>sneachta ceathair nó cúig de throighthibh ar áirde anois</span> <lb n="284"/><span>ar an talamh cothrom. Gach maidin caithtí casáin do</span> <lb n="285"/><span>dhéanamh & bóithríní do rómhar ó theach & chuig an</span> <lb n="286"/><span>mbaile.</span></p> <lb n="287"/> <lb n="288"/><p><span>Do rómhar, an eadh? Ní baileach é. Ní fhacais riamh</span> <lb n="289"/><span>caoi is fearr le bealach do dhéanamh sa sneachta ná le</span> <lb n="290"/><span>gléasaibh ádhmaid ar nós “?,” caiple ghá dtarraingt</span> <lb n="291"/><span>'n-a ndiaidh. Is minic an capall bocht go bléantracha</span> <lb n="292"/><span>i sneachta. Is minic an sneachta chomh doimhin 's</span> <lb n="293"/><span>go sluigfidhe ann í. Cuireann an “?,” nó an</span> <lb n="294"/><span>“triantán” mar tugtar air, an sneachta 'n-a chárnán-</span> <lb n="295"/><span>aibh ar gach taobh & fágann bóithrín bog geal caol 'n-a</span> <lb n="296"/><span>dhiaidh. Bhéadh duine i gcontabhairt mhóir bualadh amach</span> <lb n="297"/><span>go minic sul bhíos na casáin shneachtacha so déanta.</span> <lb n="298"/><span>Nuair a bhíos stolladh mór láidir ann sguabthar an</span> <lb n="299"/><span>sneachta ó áit go háit & bíonn sé i bhfad níos doimhne</span> <lb n="300"/><span>i n-áiteachaibh 'ná a chéile. Is fánach an chaoi a</span> <lb n="301"/><span>gcasfaidhe duine i mbealach a bháithte & a phlúchttha — & is</span> <lb n="302"/><span>minic a castar. “Má's cam díreach an ród 'sí an</span> <lb n="303"/><span>tslighe mhór an aithgiorra” annso go cinnte ar feadh</span> <lb n="304"/><span>an gheimhridh.</span> <lb n="305"/></p> </div> <pb n="8"/> <div><lb n="306"/><p><span>IV.</span></p> <lb n="307"/> <lb n="308"/><p><span>Cnuic 's Coillte.</span></p> <lb n="309"/> <lb n="310"/><p><span>Nárbh' iongantach — nár shár-áluinn an turas é!</span> <lb n="311"/><span>Cnuic mhóra “ag bagairt a gcinn thar dhruim a chéile.”</span> <lb n="312"/><span>Na céadta beann ag cur na súl thrí spéarthaibh neimhe.</span> <lb n="313"/><span>Claiseacha fada doimhne i leath-taoibh na gcnoc.</span> <lb n="314"/><span>Sruthláin ag gluaiseacht go crónánach le fánaidh.</span> <lb n="315"/><span>Coillte áilne ar fud na sléibhte. Carraigreacha móra.</span> <lb n="316"/><span>Alltracha árda géara. Fánáin iongantacha. Gleann</span> <lb n="317"/><span>mór an Rhón os ár gcomhair ag cosaint na bhfathach</span> <lb n="318"/><span>sléibhe ar a chéile. La Dent du Midi go maordha áluinn</span> <lb n="319"/><span>ar thaobh dhe. La Dent des Morcles ag dearcadh uaidh</span> <lb n="320"/><span>go haireach áirdeallach ar an taobh eile. An abhainn ar</span> <lb n="321"/><span>nós oll-phéiste móire a bhéadh 'ghá lúbadh & 'ghá sníomh</span> <lb n="322"/><span>féin chúig mhíle troigh uainn síos!</span></p> <lb n="323"/> <lb n="324"/><p><span>Agus nuair d'éaluigh an ghrian ó na sgamaill a bhí</span> <lb n="325"/><span>'n-a timcheall — nuair tháinic sí chugainn 'sna spéarthaibh</span> <lb n="326"/><span>'n-a meall mór cruinn glóire agus do sgairt sí le</span> <lb n="327"/><span>n-a soillsibh ar an domhan mór fúithi thíos — nárbh' áluinn</span> <lb n="328"/><span>iad na cnuic agus na beanna — nár lonnrach an leac</span> <lb n="329"/><span>oidhre & an sneachta — ag damhsughadh le ríméad fá</span> <lb n="330"/><span>lóchrann na gréine gile!</span></p> <lb n="331"/> <lb n="332"/><p><span>Acht dhá áilne dhá bhfuil na cnuic anois i meadhon an</span> <lb n="333"/><span>lae, béidh siad i bhfad níos áilne nuair bhéas an ghrian</span> <lb n="334"/><span>ag fágáil “slán” aca tráthnóna. Béimid le n-ár</span> <lb n="335"/><span>mbeannacht a chur léithi acht a mbídh sí ag dul chun</span> <lb n="336"/><span>suain “le tuitim cheó na hoidhche.”</span></p> <lb n="337"/> <lb n="338"/><p><span>Dearcamis uainn síos le fánaidh an chnuic mhóir seo.</span> <lb n="339"/><span>Nach iongantach an fánán é ó bhárr go híochtar! Féach</span> <lb n="340"/><span>na tighthe beaga ádhmaid atá ar leicnibh na gcnoc.</span> <lb n="341"/><span>Tá siad socruighthe annsin i gceart-lár an tsneachta.</span> <lb n="342"/><span>Tá sé 'n-a chárnáin mhóra ar gach taobh dhíobh anois —</span> <lb n="343"/><span>agus bíonn ar feadh chúig mí gach bliadhain. Nach</span> <lb n="344"/><span>fuar an áit chomhnaidhthe é ag duine 's ag beithidheach i</span> <lb n="345"/><span>lár an duibh-gheimhridh! Acht nach mór é grádh na</span> <lb n="346"/><span>gcomhluadar dhá sléibhtibh fuara dúthchais, mar sin féin!</span> <lb n="347"/><span>Tá siad níos sásta & níos sólásaighe annsin ar aghaidh</span></p> </div> <pb n="9"/> <div><lb n="348"/><p><span>na síonaí 'ná tá Tsár na Rúise 'n-a phálás. Is binn</span> <lb n="349"/><span>leób glór an easa & crónán an tsruthláin. Tá fáilte</span> <lb n="350"/><span>sean-charad acab roimh an sneachta. Tá síor-chleachtadh</span> <lb n="351"/><span>acab ar fhiadhántas & ar áilneacht na nAlp. Tá spéartha</span> <lb n="352"/><span>glana gorma gan smúit gan sgamall os a gcionn —</span> <lb n="353"/><span>agus cé déarfas nach bhfuil siad lán-tsásta leis an</span> <lb n="354"/><span>saoghal?</span></p> <lb n="355"/> <lb n="356"/><p><span>Is minic i gcontabhairt bháis agus basgtha iad. Is</span> <lb n="357"/><span>minic a bheireas an sneachta uaidh le teas na gréine</span> <lb n="358"/><span>& a thagas na mílte tonna de thaobh an chnuic anuas le</span> <lb n="359"/><span>cuaifigh gaoithe. Imthigheann sé 'sna caoir theinte.</span> <lb n="360"/><span>Ruagann sé roimhe gach rud a castar 'n-a bhealach.</span> <lb n="361"/><span>Baintear na croinnte as an talamh le teann</span> <lb n="362"/><span>fórsa. Teilgthear carraigreacha móra go híochtar.</span> <lb n="363"/><span>Crochtar tighthe agus botháin agus bailte le fothramán</span> <lb n="364"/><span>uathbhásach chun bealaigh. Leagtar, basgtar, agus</span> <lb n="365"/><span>marbhuightear daoine. Sgriostar agus creachtar go</span> <lb n="366"/><span>leór. Agus fágtar tighthe agus croithe, croinnte agus</span> <lb n="367"/><span>carraigreacha, clocha agus créafóg, leac oidhre agus</span> <lb n="368"/><span>sneachta — agus fairíor! colainneacha daoine go mion</span> <lb n="369"/><span>minic — i n-aon “chuailín cnámh” amháin thíos sa</span> <lb n="370"/><span>ngleann — na mílte troigh ó'n áit a dtug an sneachta</span> <lb n="371"/><span>uaidh!</span></p> <lb n="372"/> <lb n="373"/><p><span>Tá a fhios ag na daoinibh a chomhnuigheas i measg na</span> <lb n="374"/><span>gcnoc go bhfuilid i mbéal baoghail agus contabhairte.</span> <lb n="375"/><span>Níl a fhios aca cé an uair nó trát a gcuirfidh na cnuic</span> <lb n="376"/><span>a gcosa uatha le taisbeáint do'n tsaoghal mór go</span> <lb n="377"/><span>bhfuilid ar a gcomhairle féin. Acht ní sgarfar uatha</span> <lb n="378"/><span>'n-a dhiaidh sin. Tá daoine ag brúghadh cáirdis agus</span> <lb n="379"/><span>cineáltais ortha anois leis na ciantaibh.</span></p> <lb n="380"/> <lb n="381"/><p><span>Dúnann na cnuic bearnaí i n-aghaidh na ndaoine go</span> <lb n="382"/><span>minic. Is minic a ídigheas siad a gcuid mí-shuaimhnis</span> <lb n="383"/><span>ortha. Acht nach iomdha caoi a gcuidigheann siad leis</span> <lb n="384"/><span>na daoinibh a mhaireas 'n-a measg? Nach gcuireann</span> <lb n="385"/><span>siad brígh 'n-a mballaibh agus lúthad 'n-a ngéagaibh —</span> <lb n="386"/><span>le toil agus le cead Dé? Nach bhfuil sláinte an</span> <lb n="387"/><span>bhradáin acab fá'n ngaoith ghlé ghlan-fhuair agus fá'n</span> <lb n="388"/><span>sgairteadh gréine? Nach gcuirid gealán agus aoibhneas</span> <lb n="389"/><span>ar chroidhthibh duairceacha le n-a n-áilneacht? Nach</span></p> </div> <pb n="10"/> <div><lb n="390"/><p><span>músgluighid smaointe fileadhta? Nach dtaisbeáinid an</span> <lb n="391"/><span>Áilne agus an Ghile ag breith buaidhe ar Dhorchadas</span> <lb n="392"/><span>agus ar Shuaraighil an tsaoghail? Nach gcuireann a</span> <lb n="393"/><span>nglóire glóire agus sólás síorraidhe na bhflaitheas i</span> <lb n="394"/><span>gcuimhne? Agus an féidir dearcadh ortha gan</span> <lb n="395"/><span>smaoineadh ar chumhacht an Té a chruthuigh an domhan mór</span> <lb n="396"/><span>ar fad?</span></p> <lb n="397"/> <lb n="398"/><p><span>Féach na coillte móra atá ag fás i leath-taoibh na</span> <lb n="399"/><span>gcnoc. Shílfeá gur ab arm iongantach saighdiúirí atá</span> <lb n="400"/><span>sna croinntibh i bhfad uait — na fir 'n-a míltibh 'n-a</span> <lb n="401"/><span>seasamh le cúl a chéile, a mbratacha geala i n-aer acab,</span> <lb n="402"/><span>& a n-aighthe ar a námhaid san ngleann. An raibh arm</span> <lb n="403"/><span>Napóleon chomh dlúth sin le chéile ag treasnughadh na</span> <lb n="404"/><span>nAlp dhó lá de'n tsaoghal? Ní dóigh go raibh. Nach</span> <lb n="405"/><span>breagh mór árd fada díreach na croinnte péinne nó</span> <lb n="406"/><span>giúmhasaighe iad sin i ngar dhúinn? Nach mairg gan na</span> <lb n="407"/><span>mílte coill bhreagh áluinn mar sin againn i sean-Inis</span> <lb n="408"/><span>Fódla! Fairíor géar nach bhfuil! Nach ar ár dtírín</span> <lb n="409"/><span>dil dúthchais a bhéadh an slacht, an dreach, agus an mhaise</span> <lb n="410"/><span>thar mar tá! Nárbh' aoibhinn a bheith i measg sléibhte</span> <lb n="411"/><span>mór Chonnamara dhá mbéidís ag tabhairt a sean-eiridh</span> <lb n="412"/><span>coilleadh?</span></p> <lb n="413"/> <lb n="414"/><p><span>Tá suim ag an Eilbhéiseach 'n-a thír & i n-áilneacht a</span> <lb n="415"/><span>thíre, agus is furasta aithne go bhfuil. I leabaidh leath-</span> <lb n="416"/><span>taobh na gcnoc a bheith lom fuar préachta ar aghaidh na</span> <lb n="417"/><span>gaothtalaighe, táid fá na croinntibh is breagha a</span> <lb n="418"/><span>d'fhéadfaidhe d'fhágháil. Tá a fhios ag muinntir na tíre</span> <lb n="419"/><span>cé an mhór-thairbhe atá dóibh féin & dá dtír ionnta.</span> <lb n="420"/><span>Méaduighid ar an Áilneacht a bhronn Dia & nádúr ar an</span> <lb n="421"/><span>tír. Ní leigid do mhealltrachaibh móra sneachta agus</span> <lb n="422"/><span>créafóige sleamhnughadh le fánaidh. Coinnighid an talamh</span> <lb n="423"/><span>cruaidh tirm fáisgthe 'n-a chéile, & ní leigid dó sgiorradh</span> <lb n="424"/><span>le mío-thoisg & ár do dhéanamh sna bailtibh beaga “thíos</span> <lb n="425"/><span>ins an ngleann.” Bheirid fasgadh & deagh-dhídean uatha</span> <lb n="426"/><span>ó'n doininn & ó'n gcruadhtan. Baintear cuimse airgid</span> <lb n="427"/><span>as a gcuid ádhmaid. Gan iad bhéadh na mílte teallach</span> <lb n="428"/><span>go fuar dallruighthe gan teine gan teas gan dé gan</span> <lb n="429"/><span>deatach. Tá follántas mór & sláinte ionnta. Is</span> <lb n="430"/><span>iomdha tairbhe eile ionnta nach gábhadh a luadhadh. Tá</span></p> </div> <pb n="11"/> <div><lb n="431"/><p><span>a fhios ag gach duine nach bhfuil cur síos ar a bhfuil de</span> <lb n="432"/><span>thairbhe do thír 'n-a cuid coillte. 'Sa tír seo caithtear</span> <lb n="433"/><span>i gcomhnaidhe crann óg a chur i n-aghaidh gach crainn a</span> <lb n="434"/><span>baintear. Tá sé sin sa dligheadh.</span></p> <lb n="435"/> <lb n="436"/><p><span>V.</span></p> <lb n="437"/> <lb n="438"/><p><span>I measg na gCoigcríoch.</span></p> <lb n="439"/> <lb n="440"/><p><span>Ag teannadh soir le mullach an áird mhóir dhúinn i</span> <lb n="441"/><span>meadhon an lae chonnaiceamar na daoine ag bailiughadh</span> <lb n="442"/><span>ó gach taobh. Ní raibh a fhios againn ar dtús cé an fáth.</span> <lb n="443"/><span>Bhí plód mór bailighthe ar an árdán romhainn, agus go</span> <lb n="444"/><span>leór eile ag teacht go roighin réidh i n-aghaidh an chnuic.</span></p> <lb n="445"/> <lb n="446"/><p><span>Tháinic sean-daoine agus daoine meadhon-aosta;</span> <lb n="447"/><span>buachaillí óga agus cailíní sgiamhacha; sgoracha agus</span> <lb n="448"/><span>stócaigh; girrseacha agus gearr-chailí; malraigh agus</span> <lb n="449"/><span>páistí.</span></p> <lb n="450"/> <lb n="451"/><p><span>Bhí daoine móra agus daoine beaga ann; daoine</span> <lb n="452"/><span>ramhra agus daoine caithte; daigéid theanna agus</span> <lb n="453"/><span>séaclaí claoidhte; béinneacha sé troighthe go leith agus</span> <lb n="454"/><span>feithidigh beaga bídeacha. Bhí fir ann a bhí hocht gclocha</span> <lb n="455"/><span>déag meadhchain nó os a chionn; agus daoine a raibh a</span> <lb n="456"/><span>gcnámha trí n-a gcraicnibh ar easbaidh feóla. Bhí daoine</span> <lb n="457"/><span>giorr-análacha go fairsing ann; daoine gan mórán</span> <lb n="458"/><span>croidhe ná meisnigh; daoine ar bheagán nirt; daoine gan</span> <lb n="459"/><span>go leór lúthaid; daoine duairceacha crosta agus</span> <lb n="460"/><span>daoine suairceacha aeracha. Bhí filí ann agus a gcuid</span> <lb n="461"/><span>gruaige go guailnibh leób agus an fhilidheacht ar lasadh</span> <lb n="462"/><span>'n-a súilibh — acht deir na daoine aeracha gur comhartha</span> <lb n="463"/><span>éadtruimeachta é!</span></p> <lb n="464"/> <lb n="465"/><p><span>Tháinic beag nach gach duine de'n tsluagh mór</span> <lb n="466"/><span>coigcríoch so do'n Eilbhéis i ngeall ar a shláinte. Tá</span> <lb n="467"/><span>cuid acab chomh lag suarach spíonta 's nach bhfuil leigheas</span> <lb n="468"/><span>i ndán dóibh — mara bhfuil ag Dia. Go leór eile a</span> <lb n="469"/><span>tháinic ar thóir nirt agus spreacaimh fá ghaoith ghlé</span> <lb n="470"/><span>shláinteamhail na nAlp — thar éis droch-thinnis a chur dhíobh.</span></p> </div> <pb n="12"/> <div><lb n="471"/><p><span>Daoine eile a tháinic leis an donacht agus an mheathtacht</span> <lb n="472"/><span>a sheachnughadh. Daoine a d'athruigh a n-áit chomhnaidhthe</span> <lb n="473"/><span>le neithe a bhí ag déanamh síor-bhuaidheartha dhóibh a</span> <lb n="474"/><span>dhearmadadh. Tuilleadh a d'imthigh ó ghleó, ó thorann, agus</span> <lb n="475"/><span>ó fhothram na gcathrach le suaimhneas a thabhairt dá</span> <lb n="476"/><span>n-inntinn agus sgíth dá mballaibh thar éis oibre móire</span> <lb n="477"/><span>ar feadh bliadhanta fada. Agus taistealaidhthe atá ag</span> <lb n="478"/><span>déanamh aeir agus ag caitheamh airgid go fairsing.</span></p> <lb n="479"/> <lb n="480"/><p><span>Bhí daoine ann a cheapas nach fada go mbídh a seal ar</span> <lb n="481"/><span>an saoghal so tugtha; daoine a bhfuil saoghal fada i</span> <lb n="482"/><span>ndán dóibh ag Dia agus nach gcreideann é; daoine ag</span> <lb n="483"/><span>leigean ortha féin go bhfuilid seacht n-uaire níos measa</span> <lb n="484"/><span>'ná táid; daoine go dona agus nach leigeann sin le</span> <lb n="485"/><span>n-a n-ais de ló ná d'oidhche; daoine adéarfas leat</span> <lb n="486"/><span>gur cuma leób beo nó marbh — agus daoine a bhfuil an</span> <lb n="487"/><span>saoghal ag déanamh an iomarca imnidhe dhóibh. Bhí fir</span> <lb n="488"/><span>óga ann nach raibh acht tarraingt na gcos ionnta ar</span> <lb n="489"/><span>éigin agus croidhthe chomh haerach acab leis an gcaislín</span> <lb n="490"/><span>cloch de réir chosamhlachta. Máithreacha cúramacha agus</span> <lb n="491"/><span>ingheana spéireamhla. Sagairt óga lághacha fáilidhe,</span> <lb n="492"/><span>agus go leór mac léighinn ar easbaidh sláinte, fairíor!</span></p> <lb n="493"/> <lb n="494"/><p><span>Bhí Eilbhéisígh go fairsing ann; Rúisigh & Gearmáinigh,</span> <lb n="495"/><span>Franncaigh & Eadálaigh; Spáinnigh & Sasanaigh;</span> <lb n="496"/><span>'Meiriocánaigh & Ástránaigh. Agus bhí aon Éireannach</span> <lb n="497"/><span>amháin ann ar chuma ar bith. Bhí Rúisigh ann a mb'éigin</span> <lb n="498"/><span>dóibh a dtír d'fhágáil mar nach rabhadar dílis do'n</span> <lb n="499"/><span>Tsár ná dá chóiriughadh riaghluighthe; Rúisigh eile atá</span> <lb n="500"/><span>fíor-dhílis dó & a bhfuil an dearg-ghráin acab ortha so</span> <lb n="501"/><span>atá ag cur clampair ar bun i n'aghaidh, agus Iúdaigh</span> <lb n="502"/><span>bochta nach bhfuil truagh ná trócaire le fágháil acab ó</span> <lb n="503"/><span>cheachtar de'n dá dhream acht an oiread le chéile. Bhí</span> <lb n="504"/><span>Gearmánaigh uaibhreacha ann & Sasanaigh leitheadacha a</span> <lb n="505"/><span>cheapas gur dóibh féin a sgairteas an ghrian. Bhí an</span> <lb n="506"/><span>“Franncach dubh aerach” ann adeireas nach bhfuil</span> <lb n="507"/><span>beann aige ar Eaglais Dé — agus Franncaigh nár chaill</span> <lb n="508"/><span>fós an tsean-dílseacht a thaisbeáin a dtír dhúthchais do'n</span> <lb n="509"/><span>Chreideamh ar feadh na gcéadta bliadhain. Bhí an</span> <lb n="510"/><span>Punncán ann & díol fir de thalamh faoi — leis an fhírinne</span> <lb n="511"/><span>a rádh. Agus mara raibh losgadh ar siubhal ag an</span></p> </div> <pb n="13"/> <div><lb n="512"/><p><span>Spáinneach luath-chainnteach & ag an Eadálach bog-ghlórach,</span> <lb n="513"/><span>ní lá go maidin é!</span></p> <lb n="514"/> <lb n="515"/><p><span>Bhí teangthacha go leór le cloisteáil. Bhí siosga &</span> <lb n="516"/><span>caismirt ar siubhal — an té a d'fhoghluim thríd an Módh</span> <lb n="517"/><span>Díreach ag cur dhe go tapaidh & fear an Mhódha Chaim</span> <lb n="518"/><span>go mall roighin stadach — agus go haireach faitcheach — ag</span> <lb n="519"/><span>iarraidh a smaointe a nochtughadh & a chuid cainnte a</span> <lb n="520"/><span>chur i gcéill. Bhí an deagh-“bhlas” agus an droch-</span> <lb n="521"/><span>“bhlas” ann — agus cé gur ab ait an rud le rádh é</span> <lb n="522"/><span>annso i measg na nAlp — roinnt Béarlachais! Bhí an</span> <lb n="523"/><span>fear dána ag ropadh leis & gan beann aige ar</span> <lb n="524"/><span>riaghaltaibh ná ar ghramadaigh acht an oiread le chéile;</span> <lb n="525"/><span>agus fear na sgáthmhaireachta ag dearcadh uaidh, ag</span> <lb n="526"/><span>éisteacht go haireach, agus faitchíos a anama air dá</span> <lb n="527"/><span>mbogadh sé amach & bealadh a chur fá n'iosgadaí — nó</span> <lb n="528"/><span>fá n-a theangaidh a b'áil liom a rádh — go gcuirfidhe i</span> <lb n="529"/><span>ndiaidh a mhullaigh i gcaoch-pholl mór na gramadaighe</span> <lb n="530"/><span>é!</span></p> <lb n="531"/> <lb n="532"/><p><span>Bhí daoine ann nach raibh mórán suime aca i nEaladhain</span> <lb n="533"/><span>na bhFuam ná mórán áirde ar an gcaoi a raibh a dteang-</span> <lb n="534"/><span>thacha agus Téada an Ghotha ag fuaimiughadh na cainnte!</span> <lb n="535"/><span>Ní bhéadh mórán maitheasa dhuit ghá chomhairliughadh dhóibh</span> <lb n="536"/><span>acht an oíread! Déarfaidís leat go raibh rud eicínt</span> <lb n="537"/><span>ar a n-aire seachas a bheith ag socrughadh na dteangthacha</span> <lb n="538"/><span>a gheall Dia dhóibh agus ag cur “cluas le héisteacht”</span> <lb n="539"/><span>ortha féin ó Luan go Satharn ag faire ar “ghlórthaibh</span> <lb n="540"/><span>bog' binn' gach béil”! Ní móide gur mhilleán sin ar</span> <lb n="541"/><span>go leór acab — indiu go háithrid — mar nárbh' é seo</span> <lb n="542"/><span>“Lá na Rásaí”! 'Ar ndóigh, ní ar a theangaidh is cóir</span> <lb n="543"/><span>do dhuine áird a bheith aige a léithid de lá? “Bíonn</span> <lb n="544"/><span>an dá ‘bhféidir’ ann,” arsa tusa. Ní i “bhfuama”</span> <lb n="545"/><span>amháin a thig le teangthachaibh coda de na daoinibh</span> <lb n="546"/><span>ciotaighil a dhéanamh — & b'fhiú a bheith san aireachas ortha</span> <lb n="547"/><span>go minic! Acht “fágamuis siúd mar atá sé.”</span></p> <lb n="548"/> <lb n="549"/><p><span>D'ísligheamar. Chuadhamar chun cainnte leis an</span> <lb n="550"/><span>sluagh. Bhí le tárlughadh mar cheapamar. Bhí “rásaí</span> <lb n="551"/><span>bob-sléigh” le tosughadh go luath. Bhí chúig cinn déag</span> <lb n="552"/><span>acab le n-a chéile fhéachaint & bhéadh sé i n'an-lá grinn</span> <lb n="553"/><span>amach 's amach. Bhéadh na rásaí thart i gceann uaire go</span></p> </div> <pb n="14"/> <div><lb n="554"/><p><span>leith de réir mar bhí socruighthe. Nár bh'fhearr dhúinn</span> <lb n="555"/><span>fanacht leis an ngreann a fheiceál? Nach mbéadh ár</span> <lb n="556"/><span>ndóthain breith' againn ar a dhul go “Les Diablerets”</span> <lb n="557"/><span>anois ó bhíomar i mullach an chnuic? Nárbh' fhurasta</span> <lb n="558"/><span>sguabadh le fánaidh ar an Módh Díreach? B'fhurasta</span> <lb n="559"/><span>gan bhréig. Agus b'fhurasta do dhuine a mhuineál a</span> <lb n="560"/><span>bhriseadh freisin ag dul síos dó!</span></p> <lb n="561"/> <lb n="562"/><p><span>Acht ná bactar le timpistíbh! Ní cóir glaodhach ar</span> <lb n="563"/><span>an ngol go deó go dtigidh sé! D'fhanamar go mí-</span> <lb n="564"/><span>fhoighdeach geal-gháireach i measg na gcoigcríoch nó gur</span> <lb n="565"/><span>thosuigh na rásaí, agus b'fhiú dhúinn é.</span></p> <lb n="566"/> <lb n="567"/><p><span>VI.</span></p> <lb n="568"/> <lb n="569"/><p><span>Rásaí na “mBob-Sléigh.”</span></p> <lb n="570"/> <lb n="571"/><p><span>Anois is gairid go mbídh na rásaí ag tosughadh! Bhí</span> <lb n="572"/><span>sé 'n-a sgéal mhór ar fud na háite thart timcheall le</span> <lb n="573"/><span>coicís. Ní raibh fear, bean, leanbh ná páiste sa láthair</span> <lb n="574"/><span>nach ar na “rásaíbh” a bhí ag cur síos. Bhí gach duine</span> <lb n="575"/><span>ar bís le mí-fhoighid. B'fhada leób go rabhthas ag</span> <lb n="576"/><span>stócáil.</span></p> <lb n="577"/> <lb n="578"/><p><span>Bhí 'ch uile dhuine sa mullach ar na stiúrthóiríbh faoi</span> <lb n="579"/><span>nach rabhadar ag brostughadh. Acht b'fheárr a fhios aca-</span> <lb n="580"/><span>san, dar leób féin, céard ba chóir a dhéanamh 'ná acab</span> <lb n="581"/><span>so a bhí ghá gcomhairliughadh i n-aisge & ní mórán áirde</span> <lb n="582"/><span>a bhí acab ar a gcuid cainnte de réir chosamhlachta.</span> <lb n="583"/><span>Ní móide gur mhilleán sin ortha acht an oiread.</span></p> <lb n="584"/> <lb n="585"/><p><span>Bhí corn óir de dhuais do'n chéad “bhob-sléigh” — nó</span> <lb n="586"/><span>do'n fhuirinn a bhí fúm a rádh. Bhí chúig cinn déag sa</span> <lb n="587"/><span>gcomórtas & ceathar d'fhuirinn le bheith in 'ch aon cheann.</span> <lb n="588"/><span>Bhí ortha rith tuairim dhá mhíle go leith. An ceann ba</span> <lb n="589"/><span>sgiobtha a chuirfeadh an bealach dhe, bhéadh aige. Ní</span> <lb n="590"/><span>fhéadfadh a bheith ar an gcúrsa acht ‘bob’ san uair.</span> <lb n="591"/><span>De réir an ama ar bealach 'seadh gnóthóchaidhe na</span> <lb n="592"/><span>geallta.</span></p> <lb n="593"/> <lb n="594"/><p><span>Agus nárbh' iongantach an cúrsa é! Gluaiseadh de</span> <lb n="595"/><span>bhárr cnuic ar bhealach sleamhain de shneachta cruaidhte.</span> <lb n="596"/><span>Ballaí de mhealltrachaibh móra sneachta ar gach taobh.</span></p> </div> <pb n="15"/> <div><lb n="597"/><p><span>Cora géara sa gcúrsa go mion minic. Coirnéil</span> <lb n="598"/><span>chontabhairteacha. Sglaigeanna móra doimhne. Fánáin</span> <lb n="599"/><span>mhóra. Straptha coracha. Leath-taobh de'n bhealach ní ba</span> <lb n="600"/><span>crochta 'ná an taobh eile. Leath-mhaing air mar bhéadh</span> <lb n="601"/><span>brath aige iompughadh druim ar ais. Tuitim le fánaidh</span> <lb n="602"/><span>iongantach ar thaobh na láimhe deise de'n chasán ag dul</span> <lb n="603"/><span>síos. Leiceann an chnuic ar thaobh na ciotóige; agus</span> <lb n="604"/><span>croinnte móra géagacha ar mhullach an chnuic ag</span> <lb n="605"/><span>breathnughadh uatha ar an gcúrsa agus ar lucht an ghrinn</span> <lb n="606"/><span>fútha thíos.</span></p> <lb n="607"/> <lb n="608"/><p><span>An bhfacais “bob-sléigh” riamh, a léightheóir? Tá</span> <lb n="609"/><span>sé déanta bunáite mar bhéadh bád beag. Acht ní</span> <lb n="610"/><span>hionann cuma dhóibh i slighthibh áithride. Tá pus caol</span> <lb n="611"/><span>air ar nós puis curraigh, agus deireadh cosamhail le</span> <lb n="612"/><span>deireadh púcáin. Níl d'áirde ó thalamh ann acht</span> <lb n="613"/><span>timcheall troigh. Is ionann leithead dó i n-íochtar agus</span> <lb n="614"/><span>i n-uachtar beag nach. Tá rotha 'n-a phus, cosamhail le</span> <lb n="615"/><span>rotha gluaisteáin, le n-a stiúradh go díreach. Tá seas-</span> <lb n="616"/><span>rálacha ann le haghaidh na fuirne. An t-é a bhíos i</span> <lb n="617"/><span>dtosach, bíonn air stiúradh. An fear a bhíos i ndeireadh,</span> <lb n="618"/><span>caithfidh sé cuidiughadh le fear an rotha agus sgaoileadh</span> <lb n="619"/><span>leis an m'bob' nó laghadughadh ar a chuid siubhail de</span> <lb n="620"/><span>réir mar fheileas do'n bhealach. D'ádhmad 'seadh bhíos</span> <lb n="621"/><span>na “bob-sléighs” déanta acht amháin beagán iarainn</span> <lb n="622"/><span>a bhíos 'n-a n-íochtar le go sleamhnóchaidh siad ar an</span> <lb n="623"/><span>sneachta cruaidh. Tá an “bob-sléigh” ó shé troighthe</span> <lb n="624"/><span>go dtí hocht dtroighthe ar fad.</span></p> <lb n="625"/> <lb n="626"/><p><span>Bhailigh na daoine ar 'ch aon taobh de'n chúrsa.</span> <lb n="627"/><span>Bhíodar i n-aon sguaidrín amháin beag nach ar feadh an</span> <lb n="628"/><span>bhealaigh. Chruinnigh plód i n-aice gach coirnéil</span> <lb n="629"/><span>bhaoghalaigh. Bhí sgata ag faire ag gach cor agus casadh</span> <lb n="630"/><span>agus áit dá chontabhairtighe. Bhí sé i gceist go mbéadh</span> <lb n="631"/><span>go leór timpistí 'sna háiteachaibh seo agus bhí ar a</span> <lb n="632"/><span>laghad fiche grian-ghrafadóir agus a bhoisgín beag i</span> <lb n="633"/><span>gcaoi agus i gcóir ag gach duine aca le pictiúir a</span> <lb n="634"/><span>dhéanamh nuair a bhéadh na “bob-sléighs” ag dul</span> <lb n="635"/><span>tharta.</span></p> <lb n="636"/> <lb n="637"/><p><span>Anuas le teachtaire 'sna feirí-glinnte le fánaidh an</span> <lb n="638"/><span>áird agus a chuid ribíní gorma sgaoilte le gaoith.</span></p> </div> <pb n="16"/> <div><lb n="639"/><p><span>Chuaidh sé tharainn le fothramán ar a luge agus níor</span> <lb n="640"/><span>stad gur stríoc sé tír agus talamh i n-íochtar. Le</span> <lb n="641"/><span>sgéala áithride chuig an Stiúrthóir 'seadh tháinic sé bog</span> <lb n="642"/><span>te de'n gheáitse sin.</span></p> <lb n="643"/> <lb n="644"/><p><span>Bhí gach rud fá réir i n-uachtar anois agus ní déan-</span> <lb n="645"/><span>faidhe níos mó moille. Bhí an guthán idir dhá cheann</span> <lb n="646"/><span>an chúrsa le gach sgéala a theastóchadh a sgaoileadh</span> <lb n="647"/><span>uaidh le iompódh do bhoise agus le cainnt a choinneál</span> <lb n="648"/><span>ar siubhal idir na stiúrthóirí.</span></p> <lb n="649"/> <lb n="650"/><p><span>Séideadh an bunnán ar bhárr an chnuic. Chuir sé</span> <lb n="651"/><span>glaodh mór árd as a cloiseadh ar feadh an chúrsa. Chuir</span> <lb n="652"/><span>na stiúrthóirí na gártha fuagartha asta gan aon duine</span> <lb n="653"/><span>a bheith ar an mbealach.</span></p> <lb n="654"/> <lb n="655"/><p><span>Bhí daoine ag bíodhgadh & daoine ag preabadh; daoine</span> <lb n="656"/><span>ag dearcadh go grinn & daoine ag faire go háird-</span> <lb n="657"/><span>eallach. Chuir duine uaill as agus duine béic, duine</span> <lb n="658"/><span>glaodh agus duine sgread, duine sgréach agus duine</span> <lb n="659"/><span>fead — mar bhí an chéad “bhob” ag teacht anuas mar</span> <lb n="660"/><span>bhéadh Dia 'ghá rádh leis.</span></p> <lb n="661"/> <lb n="662"/><p><span>Anuas leis 'sna caoir theinte mar bhéadh oll-phéist</span> <lb n="663"/><span>mhór ag treabhadh na fairrge. Bhí “dustaí” an</span> <lb n="664"/><span>tsneachta mar bhéadh cáith na dtonn ar gach taobh dhe.</span> <lb n="665"/><span>A phus ag gearradh thríd an sneachta chomh tréan leis an</span> <lb n="666"/><span>ngaoith Mhárta. É ag éirghe i n-aghaidh strapadh, ag</span> <lb n="667"/><span>léimnigh thar sglaigeannaibh, ag sguabadh thar choir-</span> <lb n="668"/><span>néalaibh, agus ag lasgadh le fánaidh ar nós míl mhara</span> <lb n="669"/><span>seacht dtroighthe a gcuirfidhe géar-shleagh gháibhtheach ann</span> <lb n="670"/><span>& a bhéadh ag ruatharach roimhe ar dearg-bhuile le teann</span> <lb n="671"/><span>cuthaigh agus neart feirge.</span></p> <lb n="672"/> <lb n="673"/><p><span>Bhí fear an rotha ar a mhíle dícheall ag faire ar gach</span> <lb n="674"/><span>cor & casadh. Ní raibh blas dhá aghaidh ná dhá éadan le</span> <lb n="675"/><span>feiceál acht a dhá shúil — agus bhí siad-san i gcruth</span> <lb n="676"/><span>léimnighe thar na mogail & pléasgadh as an gceann le</span> <lb n="677"/><span>teann sgéine & uathbháis!</span></p> <lb n="678"/> <lb n="679"/><p><span>Bhí fear na teile & a sheacht sáith ar a aire i ngreim</span> <lb n="680"/><span>'sna sgóid ag spreagadh an “bhob” chun siubhail go</span> <lb n="681"/><span>díocasach, ag fuagairt go cráidhte ar fhear an rotha, &</span> <lb n="682"/><span>ag ceannsughadh go fórsach nuair a theastuigheadh.</span> <lb n="683"/></p> </div> <pb n="17"/> <div><lb n="684"/><p><span>Nuair a tagthaidhe i n-áit a mbéadh baoghal go</span> <lb n="685"/><span>n-iompóchadh an “bob” druim ar ais de bhárr neamh-</span> <lb n="686"/><span>chothromachta an bhealaigh, géireachta an chasta, nó neart</span> <lb n="687"/><span>an tsiubhail, leigeadh an fhuireann a meádhchan go léir</span> <lb n="688"/><span>ar thaobh & is beag nach mbíodh leath a gcuirp amuigh as</span> <lb n="689"/><span>báidín an tsneachta “go mbíthí thar áit na con-</span> <lb n="690"/><span>tabhairte. Chasadar gach coirnéal gan aon timpist a</span> <lb n="691"/><span>thárlughadh agus shroicheadar ceann cúrsa go slán.</span></p> <lb n="692"/> <lb n="693"/><p><span>Leigeadh “trí gártha cnuic.” Traosluigheadh dhóibh</span> <lb n="694"/><span>& rinneadh comhgháirdeachais. Agus bhí ann árd-ghlaodhach</span> <lb n="695"/><span>& mór-ghreadadh bos ar feadh chúig nóiméad.</span></p> <lb n="696"/> <lb n="697"/><p><span>D'éirigh timpist do'n dara “bob.” Ag casadh</span> <lb n="698"/><span>coirnéil dó do hiompuigheadh druim ar ais é & cuireadh</span> <lb n="699"/><span>an fuireann fiche slat i ndiaidh a mullaigh thairis amach</span> <lb n="700"/><span>i gceart-lár an tsneachta.</span></p> <lb n="701"/> <lb n="702"/><p><span>D'éirigh mar an gcéadna do'n tríomhadh ceann.</span> <lb n="703"/><span>Sguab an ceathramhadh ceann d'aon mhór-athmhóig amháin</span> <lb n="704"/><span>thar an teórainn agus chuaidh sé féin & a fhuireann dhá</span> <lb n="705"/><span>mbáthadh sa sneachta i bhfad as láthair.</span></p> <lb n="706"/> <lb n="707"/><p><span>Rinneadh dhá leith glan-díreach de'n chúigeadh ceann</span> <lb n="708"/><span>agus ní raibh goir críochnuighthe aige. Shroich an sémhadh</span> <lb n="709"/><span>ceann ceann cúrsa acht ní raibh mórán gaisge 'n-a chuid</span> <lb n="710"/><span>luathais de bhárr faitchís fhir an sgóid agus faoi nár</span> <lb n="711"/><span>sgaoil sé a cheann leis thar mar rinne.</span></p> <lb n="712"/> <lb n="713"/><p><span>Nuair a bhí an seachtmhadh ceann ag tarraingt ar</span> <lb n="714"/><span>cheann cúrsa rith madadh treasna an chasáin ag tafan</span> <lb n="715"/><span>air go dána feargach. Buaileadh go díreach glan aniar</span> <lb n="716"/><span>sa leath-dheiridh é agus rinneadh spéic dhe i lár an</span> <lb n="717"/><span>bhealaigh. Bhí sé sínte annsin ó chluais go hiorball gan</span> <lb n="718"/><span>mothughadh gan arann & síleadh go raibh a chuid bídh ithte</span> <lb n="719"/><span>agus a sheal tugtha. Bhí gach duine lán-chinnte gur</span> <lb n="720"/><span>marbhuigheadh d'aon iarraidh é. Tóigeadh de'n chasán é.</span> <lb n="721"/><span>Sgrúduigh dochtúirí é. Láimhsigh óig-fhir é. Bhreathnuigh</span> <lb n="722"/><span>mná agus gasúir air. I gceann tamaill déarfá gur</span> <lb n="723"/><span>chorruigh sé beagáinín beag bídeach. Bhí an anál ann</span> <lb n="724"/><span>fós. Thar éis sgathaimh shílfeá gur ag caochadh leath-shúile</span> <lb n="725"/><span>a thosuigh sé. Annsin cheapfá go dtug sé iarracht ar</span> <lb n="726"/><span>a shúile d'fhosgailt acht chinn air — mar dhuine a bhéadh</span> <lb n="727"/><span>ag iarraidh dúiseacht' as a chodladh agus nach bhféadfadh</span></p> </div> <pb n="18"/> <div><lb n="728"/><p><span>an trom-shuan a chur dhe. I gceann leath-uaire dhúisigh</span> <lb n="729"/><span>sé agus d'fhéadfá a rádh gur ab é a dhearc uaidh go</span> <lb n="730"/><span>cráidhte agus na deóra briste faoi n-a chuid súl!</span> <lb n="731"/><span>Thosuigh sé ag giúnaighil agus ag gol dó féin agus</span> <lb n="732"/><span>chaoin a dhóthain mhór agus a leór-dhóthain sul fuair sé</span> <lb n="733"/><span>fear a bhactha. Acht le sgéal gearr a dhéanamh dhe</span> <lb n="734"/><span>tháinic sé as de réir a chéile.</span></p> <lb n="735"/> <lb n="736"/><p><span>Chonnaiceas cúpla lá 'n-a dhiaidh sin é agus bhí</span> <lb n="737"/><span>cosamhlacht air a bheith chomh críonna céillidhe staidéarach</span> <lb n="738"/><span>le sean-dall glic. Tá an saoghal i n-an duine agus</span> <lb n="739"/><span>beithidheach a mhúnadh — agus níor cloiseadh ag amhastraigh</span> <lb n="740"/><span>ar bóthar ná ar bealach an madadh bocht ó shoin. Tá</span> <lb n="741"/><span>sé chomh ciallmhar anois is nach gcraithfeadh sé a iorball</span> <lb n="742"/><span>dá n-íocthá ar a shon é de réir mar chualas!</span></p> <lb n="743"/> <lb n="744"/><p><span>Bhí triúr cailín óg ó'n Rúise sa seachtmhadh “bob”</span> <lb n="745"/><span>agus fathach mór géagach sé troighthe agus trí hordlaighe</span> <lb n="746"/><span>'ghá stiúradh. Chonnaiceas Hacenschmidht i Lonndain</span> <lb n="747"/><span>aon uair amháin, agus, dar m'fhocal, creidim go raibh</span> <lb n="748"/><span>an béinneach mór de Rúiseach sin chomh teann toir-</span> <lb n="749"/><span>teamhail téagarach leis. B'iongantach an leithead a bhí</span> <lb n="750"/><span>idir dhá bhois a shlinneán. Thug 'ch uile dhuine sunndas</span> <lb n="751"/><span>dó le n-a mhéid. Ní raibh sé thar thrí bliadhna fichead</span> <lb n="752"/><span>d'aois nó mar sin, de réir a aighthe agus a éadain.</span> <lb n="753"/><span>Agus d'fhéadfá a rádh gur bhreágh an feic an gaisgidheach</span> <lb n="754"/><span>sin ag stiúradh bob-sléigh!</span></p> <lb n="755"/> <lb n="756"/><p><span>Acht ní raibh an t-ádh 'n-a chaipín an lá sin. Tá</span> <lb n="757"/><span>daoine ar an saoghal — acht ní san Eilbhéis é — adéarfadh</span> <lb n="758"/><span>go mb'fhéidir gur droch-shúil a rinneadh dhó! Nuair a</span> <lb n="759"/><span>bhí sé ag casadh an choirnéil dheiridh i bhfoigseacht fiche</span> <lb n="760"/><span>slat de cheann cúrsa crochadh an “bob” de chothrom</span> <lb n="761"/><span>talmhan agus cuireadh d'aon mhór-léim amháin thar an</span> <lb n="762"/><span>teórainn é. Caitheadh an Rúiseach mór leath-chéad troigh</span> <lb n="763"/><span>amach thar a mhullach síos le fánaidh an áird ar an taobh</span> <lb n="764"/><span>eile de'n chúrsa agus cuireadh na hóg-mhná i ndiaidh a</span> <lb n="765"/><span>mullaigh 'n-a dhiaidh. Baineadh crathadh mór agus leagan</span> <lb n="766"/><span>asta go cinnte. Thairis sin níor éirigh aon dochar dhóibh.</span> <lb n="767"/><span>Acht níor dheagh-bhail a bhí ortha de bhárr a ndearnadar</span> <lb n="768"/><span>d'ionnfairt agus d'útamáil sa sneachta!</span> <lb n="769"/></p> </div> <pb n="19"/> <div><lb n="770"/><p><span>B'é “An Sionnach Luath” a ghnóthuigh an chéad gheall</span> <lb n="771"/><span>agus ba mhaith an aghaidh air é. Ba mhór an t-uathbhás</span> <lb n="772"/><span>mar chuir sé an bealach dhe. Sgaoileadh cead a chinn</span> <lb n="773"/><span>leis ó thús. Cosg ná strómh níor cuireadh air. Leagan</span> <lb n="774"/><span>níor baineadh as. Timpist níor éirigh dhó. Comhnaidhe</span> <lb n="775"/><span>ní dhearnaidh sé acht ag imtheacht “go folcanach fal-</span> <lb n="776"/><span>canach” gur stríoc sé ceann cúrsa. Tháinic sé i</span> <lb n="777"/><span>n-aon turas leis an mbuaidh a bhreith agus rug.</span></p> <lb n="778"/> <lb n="779"/><p><span>Acht ní dheachaidh sé abhaile slán mar sin féin.</span> <lb n="780"/><span>Briseadh 'n-a dhá leith é lá'r n-a bháireach ar an gcúrsa</span> <lb n="781"/><span>céadna.</span></p> <lb n="782"/> <lb n="783"/><p><span>Níor shroich acht cheithre bhob-sléigh ceann cúrsa gan</span> <lb n="784"/><span>timpist a éirghe dhóibh. Gortuigheadh triúr fear go</span> <lb n="785"/><span>domáisteach. Bhí na cailíní ó'n Rúise sáthach priaclach</span> <lb n="786"/><span>thar éis an lae. 'Séard a bhasg iad — nár chuimhnigheadar</span> <lb n="787"/><span>ar iad féin d'ullmhughadh i n-am i gcomhair an chasta</span> <lb n="788"/><span>dheiridh, adubhradar! Bhí truagh mhór agam dhóibh mar ní</span> <lb n="789"/><span>ceal meisnigh a chaill an geall dóibh. Bhéadh duais acab</span> <lb n="790"/><span>go cinnte marach an rud a d'éirigh dhóibh.</span></p> <lb n="791"/> <lb n="792"/><p><span>Bhí an Rúiseach mór bacach thar éis an lae. Bhí</span> <lb n="793"/><span>Sasanach & cupán a ghlúnach as áit. Bhí Gearmánach ag</span> <lb n="794"/><span>tabhairt fhola. Agus bhí Franncach ag gearán go raibh</span> <lb n="795"/><span>sé basgtha sa gcoróig thar éis an lae.</span></p> <lb n="796"/> <lb n="797"/><p><span>Fógruigheadh os comhair an tsluaigh cé hiad a ghnóthuigh</span> <lb n="798"/><span>na duaiseanna & tosuigheadh ag glaodhach go hárd & ag</span> <lb n="799"/><span>bualadh bos. Sin mar críochnuigheadh “rásaí na mbob-</span> <lb n="800"/><span>sléigh.</span></p> <lb n="801"/> <lb n="802"/><p><span>VII.</span></p> <lb n="803"/> <lb n="804"/><p><span>En Route.</span></p> <lb n="805"/> <lb n="806"/><p><span>Bhí na “rásaí” thart, na daoine sgaipthe, agus</span> <lb n="807"/><span>sinne ar bóthar arís. Bhí an bealach réidh romhainn</span> <lb n="808"/><span>amach — nó romhainn síos — annsin, agus sguabamar le</span> <lb n="809"/><span>fánaidh, gach duine againn ar marcaidheacht ar a luge</span> <lb n="810"/><span>agus ag cur an bhealaigh dhe 'sna seala babhtaí. Bhí</span> <lb n="811"/><span>greann agus glaodhach agus fuagairt ar siubhal agus</span></p> </div> <pb n="20"/> <div><lb n="812"/><p><span>timpistí fánacha — nach gábhadh a luadhadh, 'ar ndóigh! — ag</span> <lb n="813"/><span>tárlughadh.</span></p> <lb n="814"/> <lb n="815"/><p><span>Ní hionann an “luge” agus an “bob-sleigh.”</span> <lb n="816"/><span>Níl sa luge acht gléisín marcaidheachta beag ádhmaid,</span> <lb n="817"/><span>agus níl sé baoghal ar chomh contabhairteach leis an</span> <lb n="818"/><span>m“bob.” Is fusa a cheannsughadh freisin — cé nach i</span> <lb n="819"/><span>gcomhnaidhe a chuireas go leór de lucht an ghrinn srian</span> <lb n="820"/><span>ná sgód leis — agus ní réabann sé le cuthach agus le</span> <lb n="821"/><span>báine. Imthigheann an luge de luathas mór go cinnte,</span> <lb n="822"/><span>acht cuireann sé an bealach dhe gan sgannradh, gan</span> <lb n="823"/><span>mór-uathbhás.</span></p> <lb n="824"/> <lb n="825"/><p><span>Dá bhfeictheá an péire ar an gcúrsa agus an gais-</span> <lb n="826"/><span>gidheach beag éadtrom i dtosach chuirfidís i gcuimne</span> <lb n="827"/><span>dhuit mar bhíos an mhuc mhara ag coimhlinnt i ndiaidh an</span> <lb n="828"/><span>bhradáin feárnaigh go minic i muir mhóir na dtonn.</span> <lb n="829"/><span>Cuireann an mhuc mhara cáthadh agus cubhar agus tonn-</span> <lb n="830"/><span>tracha i n-aer le neart siubhail. Éirigheann sí go láidir</span> <lb n="831"/><span>i n-aghaidh na maidhm le dearcadh go grinn roimpi sa</span> <lb n="832"/><span>tseilg. Sgoilteann sí uisgí na mara móire le neart</span> <lb n="833"/><span>a sróine agus fágann sí go corruighthe coipthighthe</span> <lb n="834"/><span>feargach i n-achrann le chéile 'n-a diaidh iad.</span></p> <lb n="835"/> <lb n="836"/><p><span>Acht, cé go mbíonn a dhóthain mhór uathbháis ar an</span> <lb n="837"/><span>mbradán feárnach, ní dhéanann sé mórán gleó ná</span> <lb n="838"/><span>torainn. Baineann sé as thríd an muir chomh tréan i</span> <lb n="839"/><span>nÉirinn 's is féidir leis, le n-a chuid eadha a thabhairt slán,</span> <lb n="840"/><span>agus caitheann sé corr-léim bhreagh shlachtmhar thar bharra</span> <lb n="841"/><span>na dtonn go lúthmhar éadtrom éasgaidh le neart</span> <lb n="842"/><span>deifre. Sin mar ghluaiseas an luge le fánaidh roimh</span> <lb n="843"/><span>an mbob-sléigh ar na casáin chama shneachtacha i measg</span> <lb n="844"/><span>na nAlp.</span></p> <lb n="845"/> <lb n="846"/><p><span>Síos linn, síos linn an fánán mór iongantach gur</span> <lb n="847"/><span>shroicheamar Sepey, baile beag deas fá bhun an áird</span> <lb n="848"/><span>mhóir. Acht má bhí sé fá bhun áird bhí sé ar</span> <lb n="849"/><span>leath-stuaic chnuic eile agus mór-ghleann fada áluinn</span> <lb n="850"/><span>na mílte troigh ar doimhin faoi thíos agus amach</span> <lb n="851"/><span>os a chomhair. B'iongantach go léir an radharc é —</span> <lb n="852"/><span>gleann leathan doimhin agus mór-fhánán ag síneadh</span> <lb n="853"/><span>uainn siar andeas ar feadh an bhealaigh go gleann an</span> <lb n="854"/><span>Rhóne agus bun la Dent du Midi.</span> <lb n="855"/></p> </div> <pb n="21"/> <div><lb n="856"/><p><span>Cé d'fhéadfadh cur síos i gceart ar an mór-áilneacht</span> <lb n="857"/><span>a bhí os ár gcomhair agus ar gach taobh dhínn — ar na</span> <lb n="858"/><span>halltrachaibh árda díreacha mar bhallaí mór-chaisleáin ar</span> <lb n="859"/><span>ár gcúl — ar na carraigreachaibh móra ag cosaint na</span> <lb n="860"/><span>gcreagán — na coillte árd-chrannacha i leath-taoibh na</span> <lb n="861"/><span>gcnoc — na sruthláin bheaga ag síor-chrónán agus ag</span> <lb n="862"/><span>éagcaoin ag iarraidh gluaiseachta thríd an sneachta — na</span> <lb n="863"/><span>beanna ag cur a ngéar-mhullach geal thrí na néaltaibh</span> <lb n="864"/><span>liath-bhána, agus ag dearcadh suas suas ar spéarthaibh</span> <lb n="865"/><span>gorma neimhe agus ar árd-Fhlaitheas Dé!</span></p> <lb n="866"/> <lb n="867"/><p><span>Agus nuair a neartuigheas an teas i dtús an</span> <lb n="868"/><span>Earraigh — nuair a bhíos an sneachta dhá leághadh go tréan</span> <lb n="869"/><span>agus a ghluaiseas na mílte sruthlán sléibhe le fánaidh i</span> <lb n="870"/><span>n-éinfheacht de ló 'gus d'oidhche — nuair a thagas an</span> <lb n="871"/><span>t-uisge go láidir fórsach thar bharra na n-alltrach —</span> <lb n="872"/><span>agus a cloistear na mór-easa árd-ghlóracha ag síor-</span> <lb n="873"/><span>ghéimnigh — nach áluinn an ceól a bhíos i measg na nAlp.</span></p> <lb n="874"/> <lb n="875"/><p><span>Ní raibh na heasa le feiceál an lá úd, acht tá a</span> <lb n="876"/><span>nglórtha láidre le cloisint an lá a bhfuil an t-alt so</span> <lb n="877"/><span>dhá sgríobhadh. Bíonn an t-uisge gann gan neart ná</span> <lb n="878"/><span>fórsa de bhárr an tseaca i rith an gheimhridh. Ní bhíonn</span> <lb n="879"/><span>sé ar a chomhairle féin. Bíonn sé i bhfastódh ag an</span> <lb n="880"/><span>leic oidhre agus ag cruadhtan na haimsire, agus ní</span> <lb n="881"/><span>bhíonn croidhe ná spreacamh ann. Ní ghluaíseann sé</span> <lb n="882"/><span>le fánaidh na gcnoc acht 'n-a shruthláiníníbh beaga</span> <lb n="883"/><span>bídeacha caola le duadh agus deacracht. Shílfeá gur</span> <lb n="884"/><span>ag a iarraidh éalódh leis ó'n bhfuacht a bhíos sé. Acht san</span> <lb n="885"/><span>earrach tagann a neart agus a fhuinneamh agus a</span> <lb n="886"/><span>mhór-spreacamh ar ais. Bíonn srutháin láidre i leab-</span> <lb n="887"/><span>aidh na sruthlán. Bíonn na tuilte ag ropadh leób</span> <lb n="888"/><span>go tadhadach gargach agus na heasa go buileach ag</span> <lb n="889"/><span>sgárdadh an uisge le fánaidh na n-alltrach.</span></p> <lb n="890"/> <lb n="891"/><p><span>Rinneamar sgathamh moille sa mbaile beag úd .i.</span> <lb n="892"/><span>Sepey. Bhí spiacáin mhóra fhada leice oidhre ar sileadh</span> <lb n="893"/><span>as bun-tsop gach tighe, agus cárnáin mhóra ádhmaid réidh</span> <lb n="894"/><span>glan le haghaidh na teineadh i leath-taoibh gach dorais.</span> <lb n="895"/><span>Acht níor chóir dhom úsáid a dhéanamh de'n fhocal “bun-</span> <lb n="896"/><span>tsop,” b'fhéidir. Tá sé ceart go leór sa nGaedheal-</span> <lb n="897"/><span>tacht, acht níl “sop” tuighe nó cíbe le feiceál i</span></p> </div> <pb n="22"/> <div><lb n="898"/><p><span>ndíon aon tighe annso, 'ar ndóigh. D'ádhmad 'seadh tá</span> <lb n="899"/><span>botháin na mbocht go léir déanta annso i measg na</span> <lb n="900"/><span>gcnoc. Agus is deas an déanamh atá ar chuid mhaith</span> <lb n="901"/><span>dhíobh — cé nach mórán de mhaoin ná de bhráigíll shaoghalta</span> <lb n="902"/><span>atá ag furmhór na gcomhluadar. Acht b'fhéidir dhúinn</span> <lb n="903"/><span>tráchtas fada a dhéanamh ar ghnáth-shaoghal na ndaoine</span> <lb n="904"/><span>agus mar mhaireas siad, amach annso, agus mar sin</span> <lb n="905"/><span>de ní chuirfimid síos ar na tighthibh anois. 'Ar ndóigh,</span> <lb n="906"/><span>ní gábhadh dhúinn a rádh gur tighthe cloiche is mó a</span> <lb n="907"/><span>feictear 'sna bailtibh beaga a bhfuil díol 's ceannacht</span> <lb n="908"/><span>ar siubhal ionnta.</span></p> <lb n="909"/> <lb n="910"/><p><span>VIII.</span></p> <lb n="911"/> <lb n="912"/><p><span>Ar an leic oidhre.</span></p> <lb n="913"/> <lb n="914"/><p><span>Rinneamar geábh spaisteóireachta thríd an mbaile ag</span> <lb n="915"/><span>baint lán na súl as gach rud. Chualamar glaodhach</span> <lb n="916"/><span>agus mór-gháire i ngar dhúinn sa ngleann. D'fhéachamar</span> <lb n="917"/><span>uainn síos agus céard a bhéadh ann acht plód mór</span> <lb n="918"/><span>daoine bailighthe i dteannta 'chéile ag sleamhnughadh.</span> <lb n="919"/><span>Bhí an lochán mór reóidhte go láidir agus tiughas balla</span> <lb n="920"/><span>mhóir san gclumhdach mín sleamhain leice oidhre a bhí</span> <lb n="921"/><span>air.</span></p> <lb n="922"/> <lb n="923"/><p><span>Sin é an áit a raibh an greann! Bhí gach duine</span> <lb n="924"/><span>feistighthe go cúramach. Ní raibh fear ann gan a ghléis</span> <lb n="925"/><span>sleamhnuighthe a bheith ceangailte de bhonnaibh a bhróg,</span> <lb n="926"/><span>a chaipín geal olna anuas go cluasa air, a chasóg bhán</span> <lb n="927"/><span>chabhaile fáisgthe go teann timcheall a chonablaigh, a</span> <lb n="928"/><span>bhríste colpach cumhang-iosgadach, agus a mhiotóga tiugha</span> <lb n="929"/><span>bána lámh.</span></p> <lb n="930"/> <lb n="931"/><p><span>Agus na cailíní! bhíodar gléasta go galánta, 'ar</span> <lb n="932"/><span>ndóigh. Go deimhin dearbhtha, ní fhéadfainn aon innseacht</span> <lb n="933"/><span>cheart a thabhairt ar an bhfeisteas a bhí ortha. B'fhéidir</span> <lb n="934"/><span>mar sin de, go mb'fhearr gan aon iarracht a thabhairt</span> <lb n="935"/><span>faoi. Acht déarfad an méid seo gan sgáth gan</span> <lb n="936"/><span>faitchíos — go raibh “bróga sneachta” móra leathana</span> <lb n="937"/><span>slachtmhara ar gach duine aca dá ndeachaidh tharm féin</span></p> </div> <pb n="23"/> <div><lb n="938"/><p><span>ag triall ar an lochán, agus de réir mo bharamhla &</span> <lb n="939"/><span>mar thugas fá deara ní mórán bróid a bhí acab asta!</span> <lb n="940"/><span>Ní' mé beó cé'n fáth? Go deimhin bíonn cuid de na</span> <lb n="941"/><span>brógaibh sneachta céadna sáthach liopaisteach — ar</span> <lb n="942"/><span>throightheachaibh beaga deasa dhaoine áithride. Acht ná</span> <lb n="943"/><span>bactar leis sin! “Fág an tír nó bí sa bhfaisiún,”</span> <lb n="944"/><span>adeir an sean-fhocal agus ní féidir le cailíníbh bheith</span> <lb n="945"/><span>dhá n-uireasbhaidh i rith an gheimhridh annso. Is minic a</span> <lb n="946"/><span>caithtear baill is measa 'ná bróga sneachta deirim-se</span> <lb n="947"/><span>leat é! Thugamar cuairt ar an lochán mór agus</span> <lb n="948"/><span>bhaineamar lán na súl as lucht an ghrinn agus as a raibh</span> <lb n="949"/><span>ar siubhal.</span></p> <lb n="950"/> <lb n="951"/><p><span>Bhí tuairim is dá fhichid duine ar an leic oidhre.</span> <lb n="952"/><span>Coigcríghthe a b'eadh a mbunáite. Bhí cuid aca an-</span> <lb n="953"/><span>chliste agus an-oilte ar an sleamhnughadh. Bhí tuilleadh</span> <lb n="954"/><span>nach raibh acht ag tosughadh ag foghluim. Daoine a raibh</span> <lb n="955"/><span>a gcosa ar a gcomhairle féin acab. Daoine nach raibh</span> <lb n="956"/><span>smacht dá laghad acab ortha féin. Daoine dána</span> <lb n="957"/><span>meisneamhla. Daoine sgáthmhara faitcheacha. Baineadh</span> <lb n="958"/><span>leaganacha móra as daoinibh. Cuireadh daoine ar chúl</span> <lb n="959"/><span>a gcinn agus ar shlatrachaibh a ndroma. Socruigheadh</span> <lb n="960"/><span>daoine go tobann ar a gcora-geábh ar an leic oidhre</span> <lb n="961"/><span>dhá míle buidheachas. Síneadh daoine go minic ar chlár</span> <lb n="962"/><span>a ndroma ag éirghe dhóibh. Agus cuireadh corr-dhuine</span> <lb n="963"/><span>i ndiaidh a mhullaigh. Bhí daoine ag sleamhnughadh</span> <lb n="964"/><span>deiseall; daoine tuaithbheall; daoine ag imtheacht</span> <lb n="965"/><span>rómpa go díreach; daoine ag sleamhnughadh go</span> <lb n="966"/><span>cearcallach; agus daoine i ndiaidh a gcúil. Bhí</span> <lb n="967"/><span>buachaillí agus cailíní ag imtheacht go tréan i ngreim</span> <lb n="968"/><span>lámh 'n-a chéile agus 'ch aon sgairt gháire acab. Mná</span> <lb n="969"/><span>ag imtheacht asta féin agus ag dearcadh — go mí-</span> <lb n="970"/><span>chéadthach, déarfá — ar na cailíníbh a bhí ag gáiridhe.</span> <lb n="971"/><span>Daoine ag múnadh na dtosuightheóirí thríd an “Módh</span> <lb n="972"/><span>Díreach Sleamhain.” Daoine chomh croidheamhail aerach</span> <lb n="973"/><span>'s nach maith a bhí a fhios aca cé b'fhearr dhóibh</span> <lb n="974"/><span>sleamhnughadh deiseall nó tuaithbheall, cam nó díreach,</span> <lb n="975"/><span>tréan nó mall, asta féin nó i gcduideacht daoine eile.</span></p> <lb n="976"/> <lb n="977"/><p><span>Bhí daoine ann — lucht dhéanta gaisge — ag taisbeánadh</span> <lb n="978"/><span>i n-aisge cé'n chaoi ar chóir sgiorradh agus sleamhnughadh</span></p> </div> <pb n="24"/> <div><lb n="979"/><p><span>go deas slachtmhar taithneamhnach agus plód tosuightheoirí</span> <lb n="980"/><span>'n-a dtimcheall. Daoine eile chomh mór ionnta féin 's</span> <lb n="981"/><span>nach mbreathnóchaidís díreach ar na múinteoiríbh. Bhí</span> <lb n="982"/><span>daoine ag sleamhnughadh i n-aon sguaidrín fada amháin</span> <lb n="983"/><span>i ndiaidh a chéile. Agus bhí daoine ag coimhlinnt 's ag</span> <lb n="984"/><span>rith rásaí le chéile agus a ndóthain go binn ar a n-aire.</span></p> <lb n="985"/> <lb n="986"/><p><span>Bhíodh go leór dá raibh ann buidheach — agus lán-</span> <lb n="987"/><span>bhuidheach — de mhór-láidreacht agus de thiughas na leice</span> <lb n="988"/><span>oidhre! Ní raibh aon bhaoghal go sluigfidhe iad ar chuma</span> <lb n="989"/><span>'r bith, agus ba mhór an sásamh intinne dhóibh sin, 'ar</span> <lb n="990"/><span>ndóigh!</span></p> <lb n="991"/> <lb n="992"/><p><span>Bhí fear mór millteach beathuighthe ann agus geólbhach</span> <lb n="993"/><span>iongantach feóla air. Ba chumasach an tuailgín de</span> <lb n="994"/><span>dhuine é — slán a bhéas sé! Maidir le colpaíbh cos,</span> <lb n="995"/><span>b'aige a bhíodar. Acht cé'n ghoir a bhí ag na colpaíbh</span> <lb n="996"/><span>ar na ceathramhnaibh breagha ramhra a bhí aige! Nár</span> <lb n="997"/><span>chaillidh sé a chuid saille le brón ná le an-shógh, le</span> <lb n="998"/><span>donacht ná le meathtacht! Ní raibh ag gabháil dó acht</span> <lb n="999"/><span>beagáinín gearr-anála nárbh' fhiú cnaipe gan chos,”</span> <lb n="1000"/><span>adeir sé. Ní raibh acht tamall gearr ó tháinic sé do'n</span> <lb n="1001"/><span>tír “n-áit ar dhubhairt an dochtúir leis go raibh faitchíos</span> <lb n="1002"/><span>air go n-éireóchadh sé ró-utruighthe mara dtéidheadh</span> <lb n="1003"/><span>sé faoi athrughadh aeir, & a bhaill & a ghéaga</span> <lb n="1004"/><span>a oibriughadh & a aclughadh chomh maith is b'fhéidir</span> <lb n="1005"/><span>é.” Mar sin ní raibh uaidh acht neart luadháile.</span> <lb n="1006"/><span>Théidheadh sé 'n-a “bhob-sléigh” ná ar a “luge” gach</span> <lb n="1007"/><span>maidin a mbíodh an bealach feileamhnach, & chaitheadh sé</span> <lb n="1008"/><span>an tráthnóna ar an leic oidhre. Acht ní raibh aon rath</span> <lb n="1009"/><span>leis ag sleamhnughadh “cheal cleachta.” Dheamhan</span> <lb n="1010"/><span>breathnughadh ar leabhar ná ar pháipéar a dhéanfadh sé go</span> <lb n="1011"/><span>dtéidheadh sé ar ais i gceann ráithe, adeir sé!</span> <lb n="1012"/><span>“Tuige a mbreathnóchainn?” ar seisean. “'Ar</span> <lb n="1013"/><span>ndóigh, ní le bheith ag léightheóireacht ná sacuighthe istigh</span> <lb n="1014"/><span>a thainic mise annso acht le mo dhóthain grinn agus</span> <lb n="1015"/><span>caithimh aimsire a bheith agam?” Dubhradh leis, agus</span> <lb n="1016"/><span>dearbhuigheadh dhó os mo chomhair go mb'fhíor dhó é,</span> <lb n="1017"/><span>agus gur le bheith ciallmhar dhó é freisin! Acht tá</span> <lb n="1018"/><span>faitchíos orm nár mhó 'ná ciallmhar é. Déarfainn-se</span> <lb n="1019"/><span>gur dhuine leath-shimplidhe go leór é. Dá mbéitheá taobh</span></p> </div> <pb n="25"/> <div><lb n="1020"/><p><span>le aon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh dá bhfeictheá</span> <lb n="1021"/><span>dháréag gleacaidhthe aerach geal-gháireach 'n-a thimcheall</span> <lb n="1022"/><span>ag múnadh dhó cé'n chaoi ar chóir dhó sleamhnughadh. Ba</span> <lb n="1023"/><span>mhinic a tháinic sé anuas go tobann d'aon phlimp amháin</span> <lb n="1024"/><span>agus a bhain géim as an leic oidhre. Agus ba mhinic</span> <lb n="1025"/><span>ag cuimilt a láimhe d'á cheathramhain é agus ag</span> <lb n="1026"/><span>lag-éagcaoin dó féin! Acht níor mhisde leis timpistí</span> <lb n="1027"/><span>beaga fánacha ó bhí an leac oidhre breagh cruaidh adeir</span> <lb n="1028"/><span>sé! Níor fhéadas gan cuimhniughadh ar “Phicbhuic”</span> <lb n="1029"/><span>agus an bheirt a chur i gcomórtas in m'intinn féin an</span> <lb n="1030"/><span>lá úd. Ba chosamhail le chéile iad in go leór slíghthe go</span> <lb n="1031"/><span>cinnte.</span></p> <lb n="1032"/> <lb n="1033"/><p><span>B'fhéidir gur baineadh corr-leagan maith slachtmhar as</span> <lb n="1034"/><span>daoinibh eile féin agus gur síneadh iad minic go leór.</span> <lb n="1035"/><span>Acht cé'r dhochar sin? Nár lá d'ár saoghal é? Agus má</span> <lb n="1036"/><span>gortuigheadh aon tsealgaire nach raibh cleachtach ar na</span> <lb n="1037"/><span>gléis sleamhnuighthe fágtar mar sin é. Ní fáightear</span> <lb n="1038"/><span>eolas gan duadh agus deacracht — ná gan corr-</span> <lb n="1039"/><span>ghortughadh anois agus arís, b'fhéidir!</span></p> <lb n="1040"/> <lb n="1041"/><p><span>IX.</span></p> <lb n="1042"/> <lb n="1043"/><p><span>Cnuic Leice Oidhre.</span></p> <lb n="1044"/> <lb n="1045"/><p><span>Ar shroichint Les Diablerets dhúinn chonnaiceamar</span> <lb n="1046"/><span>meall mór glas-ghorm leice oidhre uainn suas ar thaobh</span> <lb n="1047"/><span>an árd-chnuic, ag lonnrughadh go háluinn fá shoillsibh na</span> <lb n="1048"/><span>gréine. Tá sé annsin leis na ciantaibh, gan beann</span> <lb n="1049"/><span>ar theas an tsamhraidh, i n-aon mheallamhán amháin ar</span> <lb n="1050"/><span>nós an chriostail. Tá spiacáin mhóra leice oidhre, agus</span> <lb n="1051"/><span>guib fhada ghéara 'n-a chonablach, & snáthadaí móra fiche</span> <lb n="1052"/><span>troigh ar fad, b'fhéidir, ar sileadh as. Nach iongantach</span> <lb n="1053"/><span>an feic é annsin leis féin i rith na bliadhna, é glas-ghorm</span> <lb n="1054"/><span>go moch ar maidin, geal gléigeal fá shoillsibh na gréine</span> <lb n="1055"/><span>i rith an lae, órdha áluinn tráthnóna! Ní fhacas-sa uaim</span> <lb n="1056"/><span>acht an meall mór so agus ceann eile, “Le Glacier</span> <lb n="1057"/><span>du Trient,” acht tá na céadta aca ann ar fad.</span></p> </div> <pb n="26"/> <div><lb n="1058"/><p><span>Gluaiseann na huisgí 'n-a sruthláiníníbh beaga anuas</span> <lb n="1059"/><span>de bharraibh na gcnoc, acht bíonn siad reóidhte beag nach</span> <lb n="1060"/><span>ó thús de bhárr an fhuaicht. Imthighid leób go roighin</span> <lb n="1061"/><span>réidh le fánaidh. Castar an meall mór leathan so 'n-a</span> <lb n="1062"/><span>mbealach & thairis sin ní théidhid. Greamuigheann siad</span> <lb n="1063"/><span>go léir dhe. Beireann sé ortha. Ceangluigheann dá</span> <lb n="1064"/><span>chabhail iad, &, ó bhíos siad i bhfastódh aon uair amháin,</span> <lb n="1065"/><span>níl goir aca iad féin a bhaint as greim. Tuiteann</span> <lb n="1066"/><span>sneachta 's leac oidhre anuas ó ghach taobh, & beirtear</span> <lb n="1067"/><span>greim ortha go léir.</span></p> <lb n="1068"/> <lb n="1069"/><p><span>Is minic carraigreacha móra le fágháil i gceart-lár</span> <lb n="1070"/><span>na leice oidhre & nár chorruigh as sin leis na céadtaibh</span> <lb n="1071"/><span>bliadhain. Is minic poll mór doimhin i lár an mheall-</span> <lb n="1072"/><span>amháin mhóir, agus na céadta bior mór láidir ar</span> <lb n="1073"/><span>liobarnadh agus ar sileadh as taobh istigh. Bíonn uisge</span> <lb n="1074"/><span>ar sileadh freisin go minic & feictear anois agus arís</span> <lb n="1075"/><span>croidhe an mheaill lán de. Leis an aimsir pléasgann</span> <lb n="1076"/><span>an t-uisge seo go minic sa samhradh, & sguabann le</span> <lb n="1077"/><span>fánaidh an chnuic 'n-a shruthán láidir go dtéidheann go</span> <lb n="1078"/><span>híochtar. Gluaiseann an meall mór féin beagán beag</span> <lb n="1079"/><span>i rith na bliadhna, acht ghníonn stad & mór-chomhnaidhe sa</span> <lb n="1080"/><span>deireadh, agus fanann go daingean láidir gan mórán</span> <lb n="1081"/><span>corruighthe a dhéanamh níos mó.</span></p> <lb n="1082"/> <lb n="1083"/><p><span>Is baoghlach contabhairteach an rud turas a thabhairt</span> <lb n="1084"/><span>ar chnoc leice oidhre, agus is iomdha duine a théidheas i</span> <lb n="1085"/><span>mbealach a bhasgtha ag dul ann dó. Tá “treóraidhthe”</span> <lb n="1086"/><span>i measg na gcnoc le dul i gcuideacht na sealgairí</span> <lb n="1087"/><span>agus lucht dhéanta grinn. Caithtear a dhul suas na</span> <lb n="1088"/><span>mílte troigh thríd an sneachta thar alltrachaibh móra agus</span> <lb n="1089"/><span>carraigreachaibh, thar chlaiseachaibh agus thar uachaiseachaibh,</span> <lb n="1090"/><span>& aon choiscéim amháin as an tslighe chaillfeadh sí an</span> <lb n="1091"/><span>saoghal mór dhuit go minic! Bíonn an treóraidhe i</span> <lb n="1092"/><span>dtosach, & córda nó téad mhór ceangluighthe timcheall</span> <lb n="1093"/><span>air. Bíonn an ceangal céadna ar gach duine a bhíos</span> <lb n="1094"/><span>'n-a dhiaidh. Bíonn na córdaí seo as fad a chéile ó'n</span> <lb n="1095"/><span>“treóraidhe” go dtí an fear deiridh. Cuidighid féin</span> <lb n="1096"/><span>le chéile ag dul suas. Bíonn gléis ghreama 'n-a</span> <lb n="1097"/><span>lámhaibh acab a théidheas i bhfastódh thríd an sneachta.</span> <lb n="1098"/><span>Bíonn an lón ceangluighthe i máilín beag ar a ndruim,</span></p> </div> <pb n="27"/> <div><lb n="1099"/><p><span>agus is minic a hithtear é ar ghob géar an chnuic os</span> <lb n="1100"/><span>cionn an duibheagáin mhóir chúig mhíle troigh fútha thíos</span> <lb n="1101"/><span>caol díreach — chomh díreach leis an dorugha tig liom a</span> <lb n="1102"/><span>rádh!</span></p> <lb n="1103"/> <lb n="1104"/><p><span>Nach iomdha sin duine a dtiocfadh miabhán & rae-</span> <lb n="1105"/><span>roilleacán 'n-a cheann dá mbéadh air suidhe ar an</span> <lb n="1106"/><span>strapadh leice oidhre úd! Nach iomdha duine nach</span> <lb n="1107"/><span>dtiocfadh ar ais beó? Fairíor! is iomdha duine nach</span> <lb n="1108"/><span>dtagann go minic. Ní 'bhfad ó sgiorr fear óg le fánaidh</span> <lb n="1109"/><span>gar go leór do'n áit seo. Sgiorr fear eile ag siubhal</span> <lb n="1110"/><span>treasna thrí mheall leice oidhre, & cuireadh i ndiaidh a</span> <lb n="1111"/><span>mullaigh síos san uachais mhóir 'n-a ceart-lár é. I</span> <lb n="1112"/><span>gceann leath-uaire, nuair a tagadh le fóirthint air, bhí</span> <lb n="1113"/><span>sé greamuighthe de'n leic oidhre agus reóidhte! Níorbh'</span> <lb n="1114"/><span>fhéidir a thabhairt ar ais!</span></p> <lb n="1115"/> <lb n="1116"/><p><span>Chualas léightheacht áluinn ó fhear a bhí i mbárr na</span> <lb n="1117"/><span>gcnoc go minic. Chaitheadar cúig uaire a' chluig ag</span> <lb n="1118"/><span>treasnughadh aon mhór-chnocáin leice oidhre amháin, adeir</span> <lb n="1119"/><span>sé. Bíonn an oiread gob sa leic oidhre agus gur le</span> <lb n="1120"/><span>duadh agus deacracht mhóir is féidir siubhal uirthi 'chor</span> <lb n="1121"/><span>ar bith. Acht 'sé buac na “dtreóraidhthe” dána</span> <lb n="1122"/><span>neamh-eaglach a bheith i measg na gcnoc, ar na</span> <lb n="1123"/><span>beannaibh is áirde, ar na gobaibh is géire, ar na</span> <lb n="1124"/><span>strapaíbh is contabhairtighe! Grádhuighid iad go léir.</span> <lb n="1125"/><span>Is annamh a thagas duine aca anuas sna gleanntaibh.</span> <lb n="1126"/><span>Níl acht duine sé nó seachrán aca a thug cuairt ar</span> <lb n="1127"/><span>cheachtar de bhailtibh móra na tíre.</span></p> <lb n="1128"/> <lb n="1129"/><p><span>Leághann go leór de'n leic oidhre sa samhradh, agus</span> <lb n="1130"/><span>tagann an t-uisge uaithi anuas go tréan. Sa ngeimh-</span> <lb n="1131"/><span>readh méaduigheann sí arís. Deirtear gur i laghad</span> <lb n="1132"/><span>atáid go léir ag dul de réir a chéile gach bliadhain.</span> <lb n="1133"/><span>Tá trácht i sean-stair na hEilbhéise ar mhealltrachaibh nach</span> <lb n="1134"/><span>bhfuil a dtásg ná a dtuairisg le fágháil anois. Tá an</span> <lb n="1135"/><span>teas ag breith bhuaidhe ar an bhfuacht, acht is go roighin</span> <lb n="1136"/><span>réidh é. Ní feictear de ghnáth na hiongantais mhóra</span> <lb n="1137"/><span>so — na cnuic leice oidhre — níos ísle 'ná sé mhíle troigh</span> <lb n="1138"/><span>os cionn na talmhan cothrom leis an bhfairrge.</span> <lb n="1139"/></p> </div> <pb n="28"/> <div><lb n="1140"/><p><span>Tráthnóna.</span></p> <lb n="1141"/> <lb n="1142"/><p><span>Bhí sé n-a tráthnóna nuair a bhíomar ar ais san áit a</span> <lb n="1143"/><span>d'fhágamar ar maidin. Bhí an ghrian ag brath ar a dhul</span> <lb n="1144"/><span>faoi — agus nárbh' áluinn mar d'fhág sí “slán” ag na</span> <lb n="1145"/><span>fathachaibh móra sléibhe sul chuaidh sí chum suain! Chuir</span> <lb n="1146"/><span>sí na mílte beann ar dearg-lasadh. Rinne sí ór</span> <lb n="1147"/><span>lonnrach de'n tsneachta gléigeal ar bharraibh na gcnoc.</span> <lb n="1148"/><span>Rinne sí bóithríní dearga 'n-a leicnibh. Chuir sí sgátháin</span> <lb n="1149"/><span>ag lonnrughadh ar nós an chriostail 'n-a dtaobhaibh.</span> <lb n="1150"/><span>Tháinic lóchrann glóire uaithi aniar chuig gach cnoc 's</span> <lb n="1151"/><span>beinn le sgéala go raibh sí le n-a bhfágáil go maidin</span> <lb n="1152"/><span>fá shoillse na gealaighe agus fá réaltaibh na hoidhche.</span> <lb n="1153"/><span>Bhí a gaethe dearga mar bhéadh teachtairí idir dhá cheann</span> <lb n="1154"/><span>an domhain. Tháinic frasa deór ó'n sneachta le cumha</span> <lb n="1155"/><span>'n-a diaidh. Agus nárbh' áluinn na deóra iad! Bhí gach</span> <lb n="1156"/><span>braon chomh lonnrach soillseach 's dá dtigeadh drúcht óir</span> <lb n="1157"/><span>anuas ó neamh. Shín na croinnte móra géagacha a</span> <lb n="1158"/><span>sgáilí sa sneachta le umhlaidheacht do'n ghréin. Sgairt</span> <lb n="1159"/><span>na fuinneóga dhi. Sheas na daoine i lár an tsneachta</span> <lb n="1160"/><span>ag déanamh iongantais dá glóire agus dá mór-áilne.</span> <lb n="1161"/><span>Tháinic dath buidhe-dhearg ar na néalltaibh a bhí mar</span> <lb n="1162"/><span>bhéadh lomraí móra olna i spéarthaibh an Domhain Thiar.</span></p> <lb n="1163"/> <lb n="1164"/><p><span>Dhearguigh spéartha na hEadáile, agus d'éirigh losgadh</span> <lb n="1165"/><span>sléibhe i mbun an aeir ó dheas. Tháinic néall mor</span> <lb n="1166"/><span>dorcha os cionn tórann na Gearmáine. Bhí spéartha na</span> <lb n="1167"/><span>Frainnce buidhe-ruadh agus corcor-dhearg i dteannta</span> <lb n="1168"/><span>'chéile; agus os ár gcionn bhí spéartha neimhe chomh gorm</span> <lb n="1169"/><span>le uisgíbh Locha Léman!</span></p> <lb n="1170"/> <lb n="1171"/><p><span>Ár mbeannacht leat, a Ghrian! Codail go sámh taobh</span> <lb n="1172"/><span>thall de'n chnoc! As do shuan go dtugair chugainn do</span> <lb n="1173"/><span>ghlóire ar maidin! Nach iomdha duine a chodlóchas go</span> <lb n="1174"/><span>sámh anocht atá buidheach dhíot, agus nár bheag sólás</span> <lb n="1175"/><span>lae gan thú? Míle altughadh leat-sa, a Rí na Glóire,</span> <lb n="1176"/><span>a chruthuigh an ghrian, an ghealach agus na réalta, agus a</span> <lb n="1177"/><span>thug dhúinn áilneacht iongantach an domhain agus na</span> <lb n="1178"/><span>cruinne! Nach Tusa Féin gach lóchrann? Nach Tú a</span></p> </div> <pb n="29"/> <div><lb n="1179"/><p><span>lasas soillse nach múchfadh gaoth dhá láidre i gcroidhe</span> <lb n="1180"/><span>an deagh-dhuine? Nach Tú a shoillsigheas do'n tSaidhbhir</span> <lb n="1181"/><span>agus do'n Daidhbhir ó cruthuigheadh Ádhamh?</span></p> <lb n="1182"/> <lb n="1183"/><p><span>Ár mbeannacht leat, a Ghrian! Cuireann do ghlóire</span> <lb n="1184"/><span>glóire na bhflaitheas i gcuimhne dhúinn. Go mbeirimid</span> <lb n="1185"/><span>beó ort ar maidin! Agus míle altughadh Leat-sa, a</span> <lb n="1186"/><span>Rí an tSoillse — a Sholuis na Cruinne!</span></p> <lb n="1187"/> <lb n="1188"/><p><span>Anois seasamuis annso ar bhárr an árd-chnuic agus</span> <lb n="1189"/><span>dearcamuis uainn síos. Féach an ceó atá ag éalughadh</span> <lb n="1190"/><span>ó bhun na gcnoc. Féach an meall mór atá ag brúghadh</span> <lb n="1191"/><span>dhe amach fá bhun La Dent du Midi. Féach an meall</span> <lb n="1192"/><span>mór atá ag déanamh fá n-a dhéint go roighin réidh ó'n</span> <lb n="1193"/><span>taobh eile de'n ghleann.</span></p> <lb n="1194"/> <lb n="1195"/><p><span>Dearctar arís. Féach an droichead ceódhach dorcha</span> <lb n="1196"/><span>atá treasna an ghleanna mhóir idir an dá chnoc anois!</span> <lb n="1197"/><span>Tá an Rhóne ag crónán ós íseall faoi thíos. Tá la</span> <lb n="1198"/><span>Dent du Midi dhá mhíle dhéag troigh ar áirde ar thaobh</span> <lb n="1199"/><span>dhe. Tá la Dent des Morcles beagnach ar an áirde</span> <lb n="1200"/><span>chéadna ar an taobh eile. Tá Dún chosanta an ghleanna</span> <lb n="1201"/><span>agus gunnaí móra na hEilbhéise i leath-taoibh an chnuic</span> <lb n="1202"/><span>ag síor-fhaire. Acht anois tá droichead ó thaoibh go</span> <lb n="1203"/><span>taoibh nach dtreasnóchadh laochra dhá láidre, nach</span> <lb n="1204"/><span>mbrisfeadh gunnaí móra dhá iongantaighe, nach ndéanfadh</span> <lb n="1205"/><span>fir dá inntleachtaighe. Sin é Droichead na Sidhe agus</span> <lb n="1206"/><span>Bealach na Spiorad ó chnoc go cnoc. Bhí sé annsin ó</span> <lb n="1207"/><span>thús aimsire agus béidh go deireadh an domhain — i</span> <lb n="1208"/><span>bhfalach ar 'ch aon taobh de'n ghleann — le theacht 'n-a</span> <lb n="1209"/><span>chéile anois agus arís, nuair a theastuigheas ó “Ridire</span> <lb n="1210"/><span>an Ghleanna” a dhul ag breathnughadh ar le Glacier du</span> <lb n="1211"/><span>Trient nó aithgiorra a dhéanamh treasna na gcnoc go</span> <lb n="1212"/><span>Mont Blanc.</span></p> <lb n="1213"/> <lb n="1214"/><p><span>Agus anois dearctar síos sa ngleann arís. Tá</span> <lb n="1215"/><span>la mer de brouillard agat le feiceál anois. Nach</span> <lb n="1216"/><span>iongantach an rud fairrge agus gan innti acht ceó?</span> <lb n="1217"/><span>Tá sin os do chomhair. Féach mar ghluaiseas na meall-</span> <lb n="1218"/><span>tracha móra ar nós na dtonn, — mar fhágas siad</span> <lb n="1219"/><span>gleannta ceódhacha 'n-a ndiaidh! Féach an t-oileán</span> <lb n="1220"/><span>coillteach i lár báire, — mar oileán draoidheachta a</span> <lb n="1221"/><span>d'éireóchadh ó íochtar na fairrge. Tá na tonntracha ag</span></p> </div> <pb n="30"/> <div><lb n="1222"/><p><span>gluaiseacht ar gach taobh dhe. Tá na madhmanna ag</span> <lb n="1223"/><span>briseadh i n-aghaidh na gcrann. Tá taoile tuile an</span> <lb n="1224"/><span>cheódha ag teacht isteach go láidir. Tá ar an oileáinín</span> <lb n="1225"/><span>imtheacht as amharc go beó! Buaileann an “Ridire”</span> <lb n="1226"/><span>le n-a shlaitín draoidheachta é agus síos leis! Tá an</span> <lb n="1227"/><span>gleann go léir i n-aon fhairrge amháin anois agus an</span> <lb n="1228"/><span>t-oileán sluigthe.</span></p> <lb n="1229"/> <lb n="1230"/><p><span>Acht nach aisteach an fhairrge í? Ní cloistear glór</span> <lb n="1231"/><span>bog brónach na dtonn. Ní ghluaiseann na tonntracha</span> <lb n="1232"/><span>móra fá ghearradh. Ní buailtear na fáganna go láidir</span> <lb n="1233"/><span>i n-aghaidh na gcarraigreacha. Ní curtar an cubhar ag</span> <lb n="1234"/><span>coipeadh agus ag fiuchadh go feargach. Ní imthigheann</span> <lb n="1235"/><span>an cáthadh “mar bháistigh ins na spéarthaibh!” Ní</span> <lb n="1236"/><span>imthigheann. Níl san bhfairrge seo acht ceó. Ní raibh</span> <lb n="1237"/><span>san oileán acht barra na gcrann i gcoill agus an ceó</span> <lb n="1238"/><span>'n-a dtimcheall. Ní raibh san droichead acht gail agus</span> <lb n="1239"/><span>ceó a tháinic as na cnocaibh thar éis dul faoi do'n</span> <lb n="1240"/><span>ghréin.</span></p> <lb n="1241"/> <lb n="1242"/><p><span>Leath an dorchadas ar an talamh. Bhí an ghrian as</span> <lb n="1243"/><span>amharc sa domhan thiar. Sgaip na soillse áilne a bhí</span> <lb n="1244"/><span>ar na beannaibh agus d'imthigheadar — mar imthigheas an</span> <lb n="1245"/><span>tuar ceatha, agus mar thréigeas a dhatha os comhair ár</span> <lb n="1246"/><span>súl. Na hárd-chnuic a bhí fá thuiltibh soillse leath-uair</span> <lb n="1247"/><span>ó shoin bhíodar annsin mar bhéadh fathaigh mhóra ag faire</span> <lb n="1248"/><span>san dorchadas le ciúin-tráth na hoidhche, agus a mullaigh</span> <lb n="1249"/><span>árda ag sgríobadh leis an aer. Ní raibh torann dhá</span> <lb n="1250"/><span>laghad ná fuaim dhá laige le cloisteál. Bhí préacháin</span> <lb n="1251"/><span>bheaga na nAlp ar a suaimhneas agus faoi fhasgadh.</span> <lb n="1252"/><span>Ní raibh cor ag duilleabhair na gcrann ná ag na</span> <lb n="1253"/><span>géagaibh sa gcoill — mar nach raibh puth as aer ag</span> <lb n="1254"/><span>séideadh fá láthair. “Bhí an saoghal ar fad uaigneach,”</span> <lb n="1255"/><span>tráth ar sheasas liom féin ar bhárr an chnuic.</span></p> <lb n="1256"/> <lb n="1257"/><p><span>Chonnaiceas an ghealach ag biorrughadh aníos go mall</span> <lb n="1258"/><span>réidh de réir a chéile go raibh sí 'n-a seasamh go díreach,</span> <lb n="1259"/><span>dar liom, ar mhullach árd-chnuic uaim soir. Suas léithi</span> <lb n="1260"/><span>gan gleó gan torann 'n-a meall mór bán i measg</span> <lb n="1261"/><span>na néall. Anoir léithi os cionn na nAlp ag dearcadh</span> <lb n="1262"/><span>uaithi síos ar chnocaibh agus ar bheannaibh, ar mheall-</span> <lb n="1263"/><span>trachaibh móra glas-ghorma leice oidhre, ar an sneachta</span> <lb n="1264"/><span>gléigeal, ar chroinntibh árda, ar aibhnibh doimhne.</span> <lb n="1265"/></p> </div> <pb n="31"/> <div><lb n="1266"/><p><span>Lasadh coinnle beaga soillseacha na spéartha os mo</span> <lb n="1267"/><span>chionn. Bhí lonnrughadh na réalt ag rinnceadh os cionn</span> <lb n="1268"/><span>an domhain — na mílte agus na milliúin de shoillsibh</span> <lb n="1269"/><span>beaga nach múchfadh gaoth dhá láidre ná anfadh dhá</span> <lb n="1270"/><span>uathbhásaighe — mar shoillse an tír-ghrádha ag lonnrughadh</span> <lb n="1271"/><span>í lár an chroidhe!</span></p> <lb n="1272"/> <lb n="1273"/><p><span>“Stadas seal agus mhachtnuigheas tamall” i ngan</span> <lb n="1274"/><span>fhios do'n tsaoghal. Nár bheag bídeach suarach éid-</span> <lb n="1275"/><span>treórach mise ar aghaidh na mór-iongantas úd! Féach</span> <lb n="1276"/><span>na hAlpa móra, nach fada fada é a saoghal! Nach mór</span> <lb n="1277"/><span>a d'fhéadfaidís innseacht! Chonnaiceadar Gall agus</span> <lb n="1278"/><span>Columbanus ag craobhsgaoileadh Soisgéil Dé. Chon-</span> <lb n="1279"/><span>naiceadar Dáithí ar a thuras deireannach tráth ar</span> <lb n="1280"/><span>mharbhuigh an teine ghealáin é fá n-a mbun. Táid annsin</span> <lb n="1281"/><span>ag dearcadh uatha ó thús an tsaoghail agus béidh go lá</span> <lb n="1282"/><span>deiridh an domhain. Nach fada é a stair agus a</span> <lb n="1283"/><span>seanchus! Nach dtiocfadh leób a rádh liom mar deir</span> <lb n="1284"/><span>an “Bhóchna” mhór leis an “mbraon” fíor-uisge a</span> <lb n="1285"/><span>bhí ag sileadh as taoibh na haille:—</span></p> <lb n="1286"/> <lb n="1287"/><p><span>“Est-ce que j'ai besoin de toi —</span> <lb n="1288"/><span>Petite, moi qui suis l'immense?</span></p> <lb n="1289"/> <lb n="1290"/><p><span>Sin é an smaoineadh a tháinic chugam ag dearcadh</span> <lb n="1291"/><span>uaim dhom ar na hAlpaibh, agus ar réaltaibh na hoidhche.</span> <lb n="1292"/><span>Smaoinigheas nach bhfuil i saoghal an duine acht ceó —</span> <lb n="1293"/><span>mar deireas na sean-Ghaedhilgeóirí — i gcomórtas leis</span> <lb n="1294"/><span>an tsíorraidheacht atá romhainn, agus gur beag suarach</span> <lb n="1295"/><span>í obair an duine i gcomórtas le oibreachaibh móra Dé.</span></p> <lb n="1296"/> <lb n="1297"/><p><span>Agus anois, a léightheóir na gcarad, ó tá an</span> <lb n="1298"/><span>deireannas ann, agus néillín chodladta ort, b'fhéidir,</span> <lb n="1299"/><span>thar éis a bheith ag léigheadh dhuit le tamall, cuirfead</span> <lb n="1300"/><span>chugat míle slán agus beannacht ó árdaibh na hEilbhéise.</span> <lb n="1301"/><span>Ní raibh 'n-ár “Seilg” acht seilg lae. Is mór eile</span> <lb n="1302"/><span>a thugamar fá deara agus a chonnaiceamar annso, acht</span> <lb n="1303"/><span>níl uain againn leanacht dár dtráchtas níos fuide fá</span> <lb n="1304"/><span>láthair.</span></p> <lb n="1305"/> <lb n="1306"/><p><span>B'fhéidir, amach annso, go n-eireóchadh linn geábh eile</span> <lb n="1307"/><span>a thabhairt thríd an tír, agus go mbéadh cur síos againn</span> <lb n="1308"/><span>sa gClaidheamh ar ghnáth-shaoghal na ndaoine agus</span> <lb n="1309"/><span>ar go leór neithe eile — le do chead-sa, a Eagarthóir</span> <lb n="1310"/><span>chroidhe.</span></p> <lb n="1311"/> <lb n="1312"/><p><span>Mícheál Breathnach</span> <lb n="1313"/></p> </div> <pb n="32"/> <div><lb n="1314"/><p><span>“Lean Lorg na Laochra.”</span></p> <lb n="1315"/> <lb n="1316"/><p><span>(Ó'n “gConnachtach.”)</span></p> <lb n="1317"/> <lb n="1318"/><p><span>Go mbeannuighthear dhíbh, a Ghaedheala! Seo chugaibh</span> <lb n="1319"/><span>“An Connachtach” óg nár facthas go dtí seo i Críchibh</span> <lb n="1320"/><span>Banban. Tagann sé chugaibh lán de mheidhir agus de</span> <lb n="1321"/><span>chroidheamhlacht na hóige. Tá fuinneamh agus neart san</span> <lb n="1322"/><span>óglaoch Gaedhealach so. Tá smior na nGaedheal 'na</span> <lb n="1323"/><span>chnámhaibh. Tá lúthad na nGaedheal 'na bhallaibh. Tá</span> <lb n="1324"/><span>fuil the na nGaedheal ag preabadh go láidir 'na chuis-</span> <lb n="1325"/><span>leachaibh! Tá — agus tá a chroidhe geal Gaedhealach ag</span> <lb n="1326"/><span>cur thar maoil le grádh agus le dílseacht do Bhántaibh</span> <lb n="1327"/><span>Fáil!</span></p> <lb n="1328"/> <lb n="1329"/><p><span>Leanfaidh “An Connachtach” “lorg na laochra.”</span> <lb n="1330"/><span>Seasfaidh sé go daingean cródha ar son teangadh na</span> <lb n="1331"/><span>nGaedheal agus ar son gach a bhfuil fighte fuaighte</span> <lb n="1332"/><span>snadhmtha le fíor-náisiúntacht. Oibreóchaidh air gan</span> <lb n="1333"/><span>staonadh gan stríocadh le sgamaill dhubha ghránda an</span> <lb n="1334"/><span>Ghalldachais agus na Seóinínteachta a sgaipeadh.</span> <lb n="1335"/><span>Cuirfidh sé é féin i gcéill gan sgáth gan eagla, agus</span> <lb n="1336"/><span>nochtfaidh sé a smaointe do'n tsaoghal Fódlach go meis-</span> <lb n="1337"/><span>neamhail fearamhail i gcómhnuidhe.</span></p> <lb n="1338"/> <lb n="1339"/><p><span>Rachaidh sé 'un cainnte le Seóiníníbh agus le Staigíníbh,</span> <lb n="1340"/><span>le ceóláin agus le glincíníbh, le daoinibh fallsa táim-</span> <lb n="1341"/><span>leisgeamhla agus le daoinibh spadánta sleam-chúiseacha.</span> <lb n="1342"/><span>Acht tá faoi labhairt leób go mín ciúin ceannsa gan</span> <lb n="1343"/><span>tadhad gan buile. Tá a fhios aige gur easbaidh eólais</span> <lb n="1344"/><span>atá ar a bhfurmhór — seadh, easbaidh eólais, neamh-shuim,</span> <lb n="1345"/><span>agus corp leisge. Cuirfear an fhírinne ghlan go soiléir</span> <lb n="1346"/><span>soillseach os a gcómhair agus tá dóchas ag “An</span> <lb n="1347"/><span>gConnachtach” go dtiocfaidh athrughadh smaointe dh'á</span> <lb n="1348"/><span>lán aca dá bhárr. “Níor chaill fear an mheisnigh riamh</span> <lb n="1349"/><span>é!”</span></p> <lb n="1350"/> <lb n="1351"/><p><span>Tá ar “An gConnachtach” a chion féin a dhéanamh</span> <lb n="1352"/><span>leis an fhíor-sprid Ghaedhealach a dhaingniughadh sna</span></p> </div> <pb n="33"/> <div><lb n="1353"/><p><span>daoinibh; leis an nGaedhilg a leathnughadh; leis an tír-</span> <lb n="1354"/><span>ghrádh a neartughadh. Tá faoi gach ar féidir leis a</span> <lb n="1355"/><span>dhéanamh ar son déantús agus earraidhe na tíre. Seas-</span> <lb n="1356"/><span>faidh sé ar son na measardhachta agus oibreóchaidh sé</span> <lb n="1357"/><span>le meas a chur ag an nGaedheal air féin agus ar a</span> <lb n="1358"/><span>thír, ar a stair agus a litridheacht, a ceól agus a</span> <lb n="1359"/><span>seanchus, a sean-nósa agus a béasa fíor-Ghaedhealacha.</span> <lb n="1360"/><span>Acht thar gach nidh féachfaidh sé le sean-teanga na</span> <lb n="1361"/><span>nGaedheal a chur i n-árd-réim arís in gach clúid agus ar</span> <lb n="1362"/><span>gach teallach sa gCúigeadh seo ga háithrid.</span></p> <lb n="1363"/> <lb n="1364"/><p><span>Tá “An Connachtach” óg ag éileamh cabhrach oraibh, a</span> <lb n="1365"/><span>cháirde. Ná clistear air! Ó thárla beó bríoghmhar</span> <lb n="1366"/><span>folláin é anois ná leigtear san ísligh-bhrígh é de cheal</span> <lb n="1367"/><span>conganta. Seóltar chuige baramhail agus smaointe</span> <lb n="1368"/><span>agus breitheamhnas na gcarad. Gabhamuid ár mór-</span> <lb n="1369"/><span>bhuidheachas le gach sgríbhneóir dár chuidigh linn san</span> <lb n="1370"/><span>gcéad iarracht.</span></p> <lb n="1371"/> <lb n="1372"/><p><span>Sgríobhaidh chuige, a Mhúinteóirí Taisdil! Innsighidh</span> <lb n="1373"/><span>mar tá ag éirghe libh sa nGaedhealtacht. Cuiridh síos ar</span> <lb n="1374"/><span>bhur saothar, agus ar aon nidh atá ag cur teampáin ar</span> <lb n="1375"/><span>bhur n-obair. Cuiridh chugainn laoidhte, sgéalta, dánta,</span> <lb n="1376"/><span>amhráin, seanchus, &rl., ó na sean-Ghaedhilgeóiríbh. Béidh</span> <lb n="1377"/><span>fáilte 'gus fiche roimh thráchtais uaibh i gcomhnuidhe, a</span> <lb n="1378"/><span>cháirde chroidhe.</span></p> <lb n="1379"/> <lb n="1380"/><p><span>“Mol an óige agus tiocfaidh sí,” adeir an sean-</span> <lb n="1381"/><span>fhocal. Má's fíor do'n tsean-rádh so é ba cheart go</span> <lb n="1382"/><span>dtiocfadh croidheamhlacht mhór agus árd-mheisneach do'n</span> <lb n="1383"/><span>“Chonnachtach.” Fuair sé mór-mholadh ó fhearaibh Fáil.</span> <lb n="1384"/><span>Thaithnigh sé le gach duine do réir mar hinnstear dhúinn,</span> <lb n="1385"/><span>& fáiltigheadh roimhe go geanamhail Gaedhealach in gach</span> <lb n="1386"/><span>áit 'n-ar thriall.</span></p> <lb n="1387"/> <lb n="1388"/><p><span>“Ní raibh súil againn le n-a leithid de pháipéar chor</span> <lb n="1389"/><span>ar bith,” ars' an “Peasant,” “agus ní raibh aon</span> <lb n="1390"/><span>cheapadh againn go mbéadh sé baoghal ar chomh maith & tá</span> <lb n="1391"/><span>sé. Tá brígh & spreacamh ann. Tá smaointe & eólas</span> <lb n="1392"/><span>ann agus tá breitheamhnas cruinn grinn le fághail ó</span></p> </div> <pb n="34"/> <div><lb n="1393"/><p><span>an lucht sgríobhtha. Ní'l aimhreas againn nach músglóchaidh</span> <lb n="1394"/><span>sé spioraid na saorsachta & an tír-ghrádha san Iarthar,</span> <lb n="1395"/><span>agus nach gclisfidh sé é féin a chur i gcéill & i n-éifeacht</span> <lb n="1396"/><span>ar fud Éireann uile.”</span></p> <lb n="1397"/> <lb n="1398"/><p><span>“Bíonn gach tosughadh lag.” Acht fantar go</span> <lb n="1399"/><span>bhfeictear! Támuid féin lán-tsásta le mar d'éirigh le</span> <lb n="1400"/><span>'n-ár gcéad uimhir. Díoladh gach cóip dár cló-</span> <lb n="1401"/><span>bhuaileadh. Is ag neartughadh agus ag dul 'un treise a</span> <lb n="1402"/><span>bhéithear le congnamh Dé. Ní'l uainn anois acht cabhair</span> <lb n="1403"/><span>na gcarad le lóchrann na Gaedhealtachta a sgaipeadh ar</span> <lb n="1404"/><span>fud Chonnacht.</span></p> <lb n="1405"/> <lb n="1406"/><p><span>Is fada deacair achrannach agus is doiligh aisdreánach</span> <lb n="1407"/><span>an casán atá rómhainn, acht ní chuireann sin droch-</span> <lb n="1408"/><span>mheisneach ná mí-mhuinghin orainn. Tá an talamh garbh</span> <lb n="1409"/><span>le socrughadh agus an síol le cur san ithir. Bhí an</span> <lb n="1410"/><span>galldachas calcuighthe i n-ithir na h-intinne le fada, agus</span> <lb n="1411"/><span>gan d'á bhárr ag fás acht galántacht bhréige, truailleachas</span> <lb n="1412"/><span>aigne, sglábhaidheacht, suaraighil, agus neamh-shuim. Ní</span> <lb n="1413"/><span>raibh árd-smaointe ná dian-mhachtnamh ar an mbárr</span> <lb n="1414"/><span>gallda úd. Bhí na gasa feóighte críon. Bhí na blátha</span> <lb n="1415"/><span>seargtha. Bhí na torthaí lobhtha. Tá orainn bárr eile</span> <lb n="1416"/><span>a bhaint anois. Caithfear an ithir a spréadhadh as éadan</span> <lb n="1417"/><span>a chéile ar dtús agus an síol glan-Ghaedhealach a chrathadh.</span> <lb n="1418"/><span>Tá tosuighthe ag an “gConnachtach” agus rómhróchaidh</span> <lb n="1419"/><span>sé roimhe go dian dícheallach go mbídh an bárr mar ba</span> <lb n="1420"/><span>dual do thír na nGaedheal.</span></p> <lb n="1421"/> <lb n="1422"/><p><span>Tá dóchas mór againn as Gaedhealaibh Chonnacht — go</span> <lb n="1423"/><span>háithrid as lucht sgríobhtha & lucht mhúinte na teangadh.</span> <lb n="1424"/><span>Tá meisneach breagh ag teacht d'ár sgríbhneóiríbh óga,</span> <lb n="1425"/><span>agus iad ag éirghe muinghíneach asta féin anois. Ní'l</span> <lb n="1426"/><span>duine dhíobh gan a bharamhail féin ar gach nídh a bhaineas</span> <lb n="1427"/><span>le cús na Gaedhealtachta, agus nach dtig leis a</span> <lb n="1428"/><span>smaointe a nochtughadh dhúinn go glan soiléir.</span></p> <lb n="1429"/> <lb n="1430"/><p><span>Buailidh fá'n obair & cuiridh cúis na teangadh i</span> <lb n="1431"/><span>dtuigsint do'n tsluagh mór nach dtuigeann í, a cháirde!</span> <lb n="1432"/><span>Ar aghaidh libh, a Laochra Gaedhil! Beireadh gach mac</span> <lb n="1433"/><span>máthar agaibh ar a “Chlaidheamh Soluis” agus ar mhála</span> <lb n="1434"/><span>de'n tsíol Gaedhealach! Agus, acht a dtigidh lá an</span> <lb n="1435"/><span>fhóghmhair, nach lonnrach mar shoillseóchas grian na saoirse</span></p> </div> <pb n="35"/> <div><lb n="1436"/><p><span>os cionn bánta Fáil! Socruighidh an talamh, agus</span> <lb n="1437"/><span>spréidhidh libh! “An té nach gcuirfidh san earrach ní</span> <lb n="1438"/><span>bhainfidh sé sa bhfóghmhar.” Anois tá sé i n'earrach i</span> <lb n="1439"/><span>nÉirinn, agus oibrighmis orainn!</span></p> <lb n="1440"/> <lb n="1441"/><p><span>Tá Sliabh Partraighe agus Loch Measga fá thoirchim</span> <lb n="1442"/><span>suain agus mór-shuaimhnis. Tá cumha agus uaigneas ar</span> <lb n="1443"/><span>gach cnoc 's gleann — ar gach máigh agus oileán. Tá</span> <lb n="1444"/><span>ciúineas mór ar fud Thuar Mhic Éadaigh. Tá. Ní'l</span> <lb n="1445"/><span>gáir-chatha Gaedheal “ag síneadh go hárd ar an ngaoith”</span> <lb n="1446"/><span>mar bhíodh. Tá an phíob mhór agus an bheidhlín na dtost.</span> <lb n="1447"/><span>Tá an filléidín fada ar iarraidh. Ní cluintear glórtha</span> <lb n="1448"/><span>láidre Gaedheal ag músgailt macalla na gcnoc le “Fir</span> <lb n="1449"/><span>an Iarthair,” agus cá bhfuil an sgairtighil gháire a baintí</span> <lb n="1450"/><span>as Gaedhealaibh leis “an Maidrín Ruadh” nó le</span> <lb n="1451"/><span>“Inghín an Phailitínigh”?</span></p> <lb n="1452"/> <lb n="1453"/><p><span>Tá siad imthighthe go léir! Ba bhrónach sgaradh na</span> <lb n="1454"/><span>gcarad i gColáiste Chonnacht. Acht casfar ar a chéile</span> <lb n="1455"/><span>iad fós le congnamh Dé ar an gcreagán árd aerach</span> <lb n="1456"/><span>céadna. B'iomdha sin lá geal aoibhneach a chaitheadar</span> <lb n="1457"/><span>le chéile, agus b'iomdha sin uair a chaitheadar ag</span> <lb n="1458"/><span>oibriughadh go dúthrachtach ag fóghluim do theangadh, a</span> <lb n="1459"/><span>shean-Éire. Ní raibh duine dhíobh gan grádh ó chroidhe a</span> <lb n="1460"/><span>bheith aige dhuit — seadh, grádh agus mór-ghean. Oibhreóch-</span> <lb n="1461"/><span>aidh siad ar do shon d'oidhche agus de ló, agus</span> <lb n="1462"/><span>déanfaidh gach duine a chion féin leis an nGaedhilg bhinn</span> <lb n="1463"/><span>a chur ar ais i n-árd-réim i n-áruis na nGaedheal.</span> <lb n="1464"/><span>Gealltar sin duit.</span></p> <lb n="1465"/> <lb n="1466"/><p><span>Is geal agus is áluinn mar d'éirigh le Coláiste</span> <lb n="1467"/><span>Chonnacht i mbliadhna. Bhí sluagh mór iongantach</span> <lb n="1468"/><span>Gaedheal ann — cailíní sgiamhacha spéireamhla agus</span> <lb n="1469"/><span>ógánaigh lúthmhara sgolabánta a mbéadh bród ag do</span> <lb n="1470"/><span>chroidhe asta. Bhíodar go léir lán-tsásta le mar</span> <lb n="1471"/><span>chuadar ar aghaidh. Cuireadh a lán ar eólas dóibh nach</span> <lb n="1472"/><span>raibh aca cheana. Bhí 140 duine sa láthair i rith an dá</span> <lb n="1473"/><span>théarma, agus is ádhbhar mór-áthais dúinn go dtáinic</span> <lb n="1474"/><span>daoine ó gach conndae i nÉirinn uile. Mar sin díbh, a</span> <lb n="1475"/><span>Ghaedheala!</span> <lb n="1476"/></p> </div> <pb n="36"/> <div><lb n="1477"/><p><span>An lá sul cuireadh críoch ar obair na Coláiste tháinic</span> <lb n="1478"/><span>an Craoibhín Geal Aoibhinn ar cuairt. Cuireadh na</span> <lb n="1479"/><span>mílte agus na múrtha fáilte roimh Árd-Rígh Chonnartha</span> <lb n="1480"/><span>na Gaedhilge. Bhí croidhe gach duine sa gColáiste ag</span> <lb n="1481"/><span>cur thar maoil le aoibhneas nuair a leagadar súil air.</span> <lb n="1482"/><span>Léigheadh “Fáilte do'n Chraoibhín,” agus leigeadh trí</span> <lb n="1483"/><span>gártha cnuic a cluineadh ó Shliabh Partraighe go Dúthaigh</span> <lb n="1484"/><span>Sheóighe. Rinne an Craoibhín óráid bhreagh bhríoghmhar ag</span> <lb n="1485"/><span>moladh na hoibre a bhí ar siubhal sa gColáiste, agus mhol</span> <lb n="1486"/><span>do na macaibh léighinn a bheith i gcómhnuidhe dá ríribh agus</span> <lb n="1487"/><span>fíor-dhílis. Dubhairt go raibh sé cinnte go ndéanfadh</span> <lb n="1488"/><span>go leór de Ghaedhealaibh óga na Coláiste obair mhór</span> <lb n="1489"/><span>thábhachtach amach annso ar son teangadh agus litridheacht</span> <lb n="1490"/><span>na nGaedheal. Bhí an Craoibhín i láthair nuair a bhí an</span> <lb n="1491"/><span>sgrúdughadh sa múinteóireacht ar siubhal agus bhí sé lán-</span> <lb n="1492"/><span>tsásta le modhthaibh múinteachais na Coláiste.</span></p> <lb n="1493"/> <lb n="1494"/><p><span>D'fhág sé slán & beannacht ag an gColáiste tráthnóna.</span> <lb n="1495"/><span>Tiodhlacadh síos go bruach Locha Measga é. Bhí na</span> <lb n="1496"/><span>mic léighinn go léir san gcomh-shiubhal. Seinneadh</span> <lb n="1497"/><span>“Trialladh an Chraoibhín” ar na píobaí cogaidh go</span> <lb n="1498"/><span>meisneamhail mór-dhána, agus bhí na Gaedhil go léir ag</span> <lb n="1499"/><span>éirghe ó thalamh le mór-chroidhe agus glionndar. Stadadh</span> <lb n="1500"/><span>ag ceann an bhóthair agus tosuigheadh ar an damhsa.</span> <lb n="1501"/><span>Rinnceadh go lúthmhar éadtrom-chosach. Gabhadh “Fir an</span> <lb n="1502"/><span>Iarthair” go fearamhail croidheamhail. Éisteadh go</span> <lb n="1503"/><span>haireach áthasach le briathra binne an Chraoibhín. Cuireadh</span> <lb n="1504"/><span>uaill mhór Ghaedhealach i n-aer. Crochadh hataí. Crathadh</span> <lb n="1505"/><span>céirsiúir, leigeadh glaoidh & glaoidh eile. Tháinic lonn-</span> <lb n="1506"/><span>radh soillseach ó'n ngréin aniar a dtuaidh agus ghluais</span> <lb n="1507"/><span>leis an gCraoibhín Geal Aoibhinn ar a bhealach ar ais go</span> <lb n="1508"/><span>sásta & go sólásach.</span></p> <lb n="1509"/> <lb n="1510"/><p><span>Go mbeannuighthear dhíbh, a Mhúinteóirí Sgoile! Cé</span> <lb n="1511"/><span>mar tá ag éirghe libh ar an uair seo de ló? An bhfuil</span> <lb n="1512"/><span>sibh go léir ag tabhairt “cabhair na gcarad” do chúis</span> <lb n="1513"/><span>na Gaedhilge? An bhfuil sibh go léir ag cur dílseachta,</span> <lb n="1514"/><span>dúthrachta, agus spioraid an tír-ghrádha ag borradh agus</span></p> </div> <pb n="37"/> <div><lb n="1515"/><p><span>ag lasadh i gcroidhthibh na n-ógánach atá fá nbhur gcúram?</span> <lb n="1516"/><span>An músgluigheann sibh smaointe na Saoirse — grádh do</span> <lb n="1517"/><span>gach cnoc 's gleann — gach abhainn 's sruthán — gach gort</span> <lb n="1518"/><span>'s garrdha — i nÉirinn iath-ghlais?</span></p> <lb n="1519"/> <lb n="1520"/><p><span>An bhfuil fíor-ghean ag bhur malraigh ar gach beithidheach</span> <lb n="1521"/><span>sa bpáirc, gach éinín deas ceólmhar san aer?</span></p> <lb n="1522"/> <lb n="1523"/><p><span>An aithriseann sibh sgéalta as stair na hÉireann</span> <lb n="1524"/><span>dóibh — sgéalta a líonfadh a gcroidhthe geala óga le</span> <lb n="1525"/><span>áthas — gníomha cródha agus buillí tréana a chuirfeadh an</span> <lb n="1526"/><span>fhuil ag preabadh go teann láidir 'na gcuisleachaibh?</span></p> <lb n="1527"/> <lb n="1528"/><p><span>Ní'l nidh sa saoghal chomh geal, chomh glan, chomh glé,</span> <lb n="1529"/><span>chomh gléigeal le inntinn an pháiste. Grádhuigheann sé</span> <lb n="1530"/><span>go nádúrthach gach nidh breagh áluinn. Is maith leis a</span> <lb n="1531"/><span>bheith ar a chomhairle féin. Is maith leis a bheith saor.</span> <lb n="1532"/><span>Ní'l páistín beag ag siubhal an urláir i nÉirinn nach</span> <lb n="1533"/><span>bhféadfaidhe a chroidhín óg a líonadh le tír-ghrádh. Ní</span> <lb n="1534"/><span>theastuigheann acht deagh-shompla agus deagh-theagasg ó</span> <lb n="1535"/><span>thús. 'Sé dualgas an mhúinteóra an deagh-theagasg sin</span> <lb n="1536"/><span>a thabhairt uaidh. Tugtar é “ar son glóire Dé agus</span> <lb n="1537"/><span>onóra na hÉireann,” agus tiocfaidh an lá a mbéidh Éire</span> <lb n="1538"/><span>buidheach de lucht mhúinte a clainne.</span></p> <lb n="1539"/> <lb n="1540"/><p><span>Tá go leór sgolta 'na múintear an Ghaedhilg ar nós</span> <lb n="1541"/><span>chuma liom. Bhéadh sé chomh maith éirghe aisti ar fad le</span> <lb n="1542"/><span>bheith ag gabháil di ar a leitheid de chaoi.</span></p> <lb n="1543"/> <lb n="1544"/><p><span>Cé mhéad sgoil i nÉirinn uile 'na bhféachtar le</span> <lb n="1545"/><span>Gaedhilgeóirí a dhéanamh de na páistíbh? Cé'n mhaith a</span> <lb n="1546"/><span>bheith i n-an ráidhte beaga a léigheadh agus a thionntodh</span> <lb n="1547"/><span>mara dtéidhthear thairis sin — agus ní téidhthear in go</span> <lb n="1548"/><span>leór sgolta 'na bhfuiltear n-ainm 's bheith ag múnadh</span> <lb n="1549"/><span>na Gaedhilge le fada 'n lá.</span></p> <lb n="1550"/> <lb n="1551"/><p><span>Tá a fhios againn nach raibh modhtha múnte feileamhnacha</span> <lb n="1552"/><span>i ngnáth-úsáid go dtí le goirid.</span></p> <lb n="1553"/> <lb n="1554"/><p><span>Acht anois badh chóir go mbéadh an Modh Díreach ar</span> <lb n="1555"/><span>eólas ag gach múinteóir. Agus i dteannta an mhodha</span> <lb n="1556"/><span>ní mór do'n mhúinteóir a bheith 'na Ghaedhilgeóir é féin.</span> <lb n="1557"/><span>Ní thig le duine rud a theagasg nach bhfuil ar eolas aige,</span> <lb n="1558"/><span>ná Gaedhilgeóirí a dhéanamh de na páistí maran Gaedhil-</span> <lb n="1559"/><span>geóir é féin. Agus fairíor! Tá go leór múinteóirí</span> <lb n="1560"/><span>ag múnadh na Gaedhilge le fada agus gan mórán eólais</span></p> </div> <pb n="38"/> <div><lb n="1561"/><p><span>aca féin uirthi. Níor chóir gur ab amhlaidh a bhéadh. Ar</span> <lb n="1562"/><span>na sgolta a sheasas Connradh na Gaedhilge leis an</span> <lb n="1563"/><span>nGaedhilg a shábháil, agus, má thogruigheann na múin-</span> <lb n="1564"/><span>teóirí agus na stiúrthóirí é, tiocfaidh leóbhtha a sábháil</span> <lb n="1565"/><span>de bhuidheachas do'n tsaoghal.</span></p> <lb n="1566"/> <lb n="1567"/><p><span>Comh-gháirdeachas libh, a Thimtirí Gaedhealacha an Bhuird</span> <lb n="1568"/><span>Náisiúnta! Go mairidh gach aon díbh a thoghadh. Go</span> <lb n="1569"/><span>n-éirighidh le nbhur saothar go geal. Dia go gcuiridh rath</span> <lb n="1570"/><span>agus slacht ar bhur n-obair.</span></p> <lb n="1571"/> <lb n="1572"/><p><span>Is mór bhur ndualgas, a Thimthirí. Is mór bhur bhfaill</span> <lb n="1573"/><span>agus bhur ndeis le cuidiughadh le cúis na Gaedhealtachta.</span> <lb n="1574"/><span>Tig libh na sgolta a chur ag obair mar is cóir agus is</span> <lb n="1575"/><span>feileamhnach, an clár dhá-theangadh a chur i n-úsáid, na</span> <lb n="1576"/><span>múinteóirí a ghríosadh agus a bhrostughadh, na páistí a</span> <lb n="1577"/><span>chómhairliughadh agus mór-shuim a chur aca 'na dteangaidh</span> <lb n="1578"/><span>dhúthchais féin. Támuid lán-chinnte go gcuirfear suim</span> <lb n="1579"/><span>in bhur mbriathra beóil. Tá croidhthe tír-ghrádhacha Gaedh-</span> <lb n="1580"/><span>ealacha agaibh go léir. Is fada 'n lá sibh ag oibriughadh</span> <lb n="1581"/><span>go dian dícheallach ar son teangadh bhur dtíre. Ní</span> <lb n="1582"/><span>fhéadfadh faill níos fearr a bheith agaibh ná mar atá ar</span> <lb n="1583"/><span>an uair seo de ló leis an nGaedhilg a dhaingniughadh sa</span> <lb n="1584"/><span>nGaedhealtacht, agus a thabhairt ar na sgolta a ceart</span> <lb n="1585"/><span>féin a thabhairt do theangaidh dhúthchais na bpáistí.</span></p> <lb n="1586"/> <lb n="1587"/><p><span>Seo é an socrughadh is tábhachtaighe dhá ndearnaidh an</span> <lb n="1588"/><span>Bord go dtí seo. Níor mhinic sinn ag tabhairt an</span> <lb n="1589"/><span>“fhocailín mholta” do'n Bhord agus ní déanfar sin</span> <lb n="1590"/><span>anois acht an oiread mar is mór eile atá uainn ó'n</span> <lb n="1591"/><span>mBord céadna. Acht deirimid gur mór mór an chéim</span> <lb n="1592"/><span>ar aghaidh dhúinn lucht ghríosta a bheith againn sa tír a</span> <lb n="1593"/><span>mbéidh aire agus áirdeall aca i gcómhnuidhe i gcómhnuidhe</span> <lb n="1594"/><span>ar na sgoltaibh a mbéidh an Ghaedhilg dhá múnadh ionnta.</span> <lb n="1595"/><span>Mar dubhramar an mhí seo chuaidh tharainn ní rabhthar acht</span> <lb n="1596"/><span>ag leath-mhagadh ag múnadh na Gaedhilge in go leór</span> <lb n="1597"/><span>sgolta go dtí le goirid. Ní raibh beódhas, brígh ná</span> <lb n="1598"/><span>meisneach sa múinteóireacht. Ní raibh suim ag na</span> <lb n="1599"/><span>páistíbh bochta sna ceachta tura fuara loma a múintí</span></p> </div> <pb n="39"/> <div><lb n="1600"/><p><span>dhóibh. Agus maidir leis an teangaidh a mhúnadh go</span> <lb n="1601"/><span>healadhanta nó modhtha maithe múinteachais a bheith i</span> <lb n="1602"/><span>ngnáth-úsáid, ní raibh.</span></p> <lb n="1603"/> <lb n="1604"/><p><span>Caithfear athrughadh puirt agus athrughadh sgéil a bheith</span> <lb n="1605"/><span>ann feasta. Táthar ghá rádh go dtuigeann Bord an</span> <lb n="1606"/><span>Oideachais ar deireadh thiar nach mór úsáid cheart</span> <lb n="1607"/><span>ealadhanta a dhéanamh de'n Ghaedhilg le oideachas ar bith</span> <lb n="1608"/><span>a thabhairt sna ceanntair Ghaedhealacha. Nach fada an</span> <lb n="1609"/><span>lá sinn ghá rádh sin leób? An bhfuil siad ar aon inntinn</span> <lb n="1610"/><span>linn 'na thaoibh sa deireadh? Deireann daoine</span> <lb n="1611"/><span>ughdarásacha go bhfuil. Is fada an lá anois an Ghaedhilg</span> <lb n="1612"/><span>d'á teagasg in go leór sgolta sa nGaedhealtacht. Is</span> <lb n="1613"/><span>iomdha gasúr a chaith trí bliadhna “ag gabháil di.” Cé</span> <lb n="1614"/><span>mhéad sgoláire measardha Gaedhilge a tháinic chugainn ó</span> <lb n="1615"/><span>na sgolta sin san am a caitheadh? Cé méad aca a bhí</span> <lb n="1616"/><span>i n-an litir dheas shlachtmhar a sgríobhadh 'na theangaidh</span> <lb n="1617"/><span>féin? Cé mhéad aca a raibh grádh do'n teangaidh 'na</span> <lb n="1618"/><span>chroidhe de bhárr deagh-shompla a mhúinteóra? Cé mhéad</span> <lb n="1619"/><span>a lean do staidéar a dhéanamh ar an teangaidh thar éis</span> <lb n="1620"/><span>imtheachta ó sgoil dó? Ba bheag, rí-bheag é.</span></p> <lb n="1621"/> <lb n="1622"/><p><span>Tá sé i n'am agus thar am tosughadh i gceart ar an</span> <lb n="1623"/><span>oideachas Gaedhealach sna sgoltaibh. Tá sé i n'am</span> <lb n="1624"/><span>faill a thabhairt do'n Ghaedhilgeóir ar a inntinn agus a</span> <lb n="1625"/><span>aigne a oibriughadh 'na theangaidh féin. Bhí an</span> <lb n="1626"/><span>aigne Ghaedhealach go hiongantach nuair a bhí an</span> <lb n="1627"/><span>Ghaedhilg fá réim agus fá bhláth. Sgrúduigh “Amhráin</span> <lb n="1628"/><span>Ghrádha Chúige Chonnacht.” Nach binn ceólmhar smaoin-</span> <lb n="1629"/><span>teach, nach aibidh, nach bríoghmhar, nach litreadha an chainnt</span> <lb n="1630"/><span>a gheobhair ionnta?</span></p> <lb n="1631"/> <lb n="1632"/><p><span>I leabaidh na cainnte áilne sin ní'l againn anois in</span> <lb n="1633"/><span>go leór áiteacha acht Béarla briste. Tá an aigne</span> <lb n="1634"/><span>truaillighthe ag an teangaidh ghallda. Tá an fhilidheacht</span> <lb n="1635"/><span>ar iarraidh. Ní'l againn anois acht a bheith ag léigheadh</span> <lb n="1636"/><span>i leabaidh a bheith ag cumadh agus ag ceapadh mar ghníodh</span> <lb n="1637"/><span>ar sinnsear — agus ní grádh mór do'n léightheóireacht</span> <lb n="1638"/><span>féin atá againn. Cuirigidh athrughadh crotha ar an sgéal</span> <lb n="1639"/><span>sa nGaedhealtacht, a Thimthirí agus a Mhúinteóirí agus</span> <lb n="1640"/><span>tuillfidh sibh buidheachas na hÉireann.</span> <lb n="1641"/></p> </div> <pb n="40"/> <div><lb n="1642"/><p><span>Go mbeannuighthear dhíbh-se, a sgríbhneóirí na Gaedh-</span> <lb n="1643"/><span>ilge. Ar mhisde dhom focal nó dhó a rádh libh? Tá</span> <lb n="1644"/><span>neithe go leór a bhaineas le sgríbhneóireacht & le</span> <lb n="1645"/><span>litridheacht nár mhisde a chur os comhair gach duine</span> <lb n="1646"/><span>againn go mion & go minic. Ní hé go leór atá le</span> <lb n="1647"/><span>fághail i nGaedhilg na haimsire seo fós ar fiú árd-</span> <lb n="1648"/><span>litridheacht a thabhairt air. Ceapann sgríbhneóirí áithride</span> <lb n="1649"/><span>mara bhfuil dh'á rádh aca acht “go rabhadar ag tiomáint</span> <lb n="1650"/><span>an asail” nó “ag beathughadh na muc” go bhfuilid ag</span> <lb n="1651"/><span>fágáil litridheachta n-a ndiaidh! Táid ag fágáil cainnte</span> <lb n="1652"/><span>agus sgéalta againn, acht an litridheacht cainnt agus</span> <lb n="1653"/><span>sgealta i gcómhnuidhe? Nár leigidh Dia!</span></p> <lb n="1654"/> <lb n="1655"/><p><span>Anois tosuighmís ar iarracht a thabhairt ar a chur os</span> <lb n="1656"/><span>bhur gcómhair cé leis ar chóir go mbéadh súil againn sa</span> <lb n="1657"/><span>litridheacht. Ní mar a chéile na tighthe a ghníos saoir</span> <lb n="1658"/><span>chloiche áithride go minic cé go mbíonn gach teach dhíobh</span> <lb n="1659"/><span>go háluinn agus go galánta, b'fhéidir, 'na shlighe féin.</span> <lb n="1660"/><span>Mar an gcéadna leis na sgríbhneóirí. Tá a inntinn,</span> <lb n="1661"/><span>a aigne, a éirim, a mheabhair, a thuigsint, a eólas, a</span> <lb n="1662"/><span>ghrinneas, a chruinneas féin ag gach duine. Tá buaidh</span> <lb n="1663"/><span>filidheachta ag duine, buaidh ceaptha ag duine eile,</span> <lb n="1664"/><span>buaidh aithrise agus innste ag an tríomhadh duine. Acht</span> <lb n="1665"/><span>san té ar leis litridheacht iomlán a sgríobhadh ní mór dhó</span> <lb n="1666"/><span>na tréithre seo go huile. Ní móide gur sgríobh sé</span> <lb n="1667"/><span>dán nó rann 'riamh acht caithfidh féith na filidheachta a</span> <lb n="1668"/><span>bheith ann i dtaisge i n-áit eicínt — mar gan í ní thiocfaidh</span> <lb n="1669"/><span>leis cur síos go fileadhta nuair is gábhadh dhó é.</span> <lb n="1670"/><span>Teastuigheann fuinneamh agus spreacamh, gearradh agus</span> <lb n="1671"/><span>neart, spioraid agus cumhacht sa gcainnt ar uairibh.</span> <lb n="1672"/><span>Bíonn an anfadh ag séideadh go huathbhásach; an fhairrge</span> <lb n="1673"/><span>mhór ar buile le mór-fheirg; na coillte ag géimnigh</span> <lb n="1674"/><span>agus ag síonaighil; an toirneach ag creathadh na</span> <lb n="1675"/><span>spéartha; an teine ghealáin ag ropadh an aeir; agus an</span> <lb n="1676"/><span>fhearthainn ag baint deannaigh as na leacrachaibh glasa.</span> <lb n="1677"/><span>Ní mór dhuit, a sgríbhneóir, é seo go léir a chur síos go</span> <lb n="1678"/><span>bríoghmhar agus go fuinneamhail. Caithfir gach nidh a</span> <lb n="1679"/><span>chur go glan iomlán os comhair amhairc spioradáilte an</span> <lb n="1680"/><span>léightheóra.</span> <lb n="1681"/></p> </div> <pb n="41"/> <div><lb n="1682"/><p><span>Agus annsin tagann an ciúineas agus an mór-</span> <lb n="1683"/><span>shuaimhneas. Bíonn an domhan ar suidheachan. Ní bhíonn</span> <lb n="1684"/><span>puth as aer. Tá tír-ghrádhuightheóir óg os do chomhair ag</span> <lb n="1685"/><span>fághail bháis ar son a thíre. Á! Músgail na smaointe</span> <lb n="1686"/><span>is caoine agus is fileadhta! Tagadh deóir ó do shúil</span> <lb n="1687"/><span>agus dhá dheór ó do chroidhe! Líonadh d'inntinn go léir</span> <lb n="1688"/><span>de'n radharc atá os do chomhair. Ritheadh na dreólánaí</span> <lb n="1689"/><span>doininn thrí gach ball ded' chorp. Beir ar do pheann.</span> <lb n="1690"/><span>Machtnuigh & smaoin & machtnuigh. Agus nochtuigh do</span> <lb n="1691"/><span>smaointe “le glórtha na mbárd.” Béidh filidheacht</span> <lb n="1692"/><span>san aithris sin. Béidh caoineas in do chainnt sgurtha</span> <lb n="1693"/><span>anois, nó is tur agus is tirim é do pheann. Seadh,</span> <lb n="1694"/><span>béidh. Agus b'fhéidir go mbéadh an ghuidhe agus an</span> <lb n="1695"/><span>mhallacht, an grádh agus an ghráin, an searc & an fuath</span> <lb n="1696"/><span>agat fighte fuaighte le chéile!</span></p> <lb n="1697"/> <lb n="1698"/><p><span>Tá ort buaidh innste agus ceaptha a bheith agat mar</span> <lb n="1699"/><span>dubhras cheana — a bheith i riocht cur síos go háluinn agus</span> <lb n="1700"/><span>aithris go nádurthach glan-Ghaedhealach. Bí chomh simplidhe</span> <lb n="1701"/><span>agus leigfeas nádurthacht cainnte dhuit a bheith. Acht</span> <lb n="1702"/><span>ná cuir an oiread suime sa tsimplidheacht 's go</span> <lb n="1703"/><span>gcoisgfidh tú ar do chuid cainnte a chur síos de réir</span> <lb n="1704"/><span>mar thagas sí chugat. Ná dearmad nach mar a chéile</span> <lb n="1705"/><span>an chiall a bhaineas a lán daoine as an bhfocal “sim-</span> <lb n="1706"/><span>plidheacht.” An rud is simplidhthe do'n Ghaedhilgeóir 'sé</span> <lb n="1707"/><span>is deacra do'n mhac léighinn go minic. Cuir do</span> <lb n="1708"/><span>léightheóirí i lagracha' ag gáiridhe nuair a theastuigheas</span> <lb n="1709"/><span>uait gáire do bhaint asta. Déan úsáid de'n chainnt</span> <lb n="1710"/><span>a chualais ag na Gaedhilgeóirí 'ch uile lá riamh — bíodh sí</span> <lb n="1711"/><span>simplidhe nó deacair. Ní ar na macaibh léighinn — dhá</span> <lb n="1712"/><span>thábhachtaighe iad — is cóir do'n sgribhneóir a bheith ag</span> <lb n="1713"/><span>smaoineadh acht ar na Gaedhilgeóirí a rugadh agus a</span> <lb n="1714"/><span>béarfar.</span></p> <lb n="1715"/> <lb n="1716"/><p><span>A sgríbhneóir, bí muinghíneach dóchasach i gcómhnuidhe.</span> <lb n="1717"/><span>B'fhéidir gur bhronn Dia éirim agus inntleacht ion-</span> <lb n="1718"/><span>gantach ort i ngan fhios duit fhéin & do'n tsaoghal. Táir</span> <lb n="1719"/><span>óg fós agus tá aimhreas agat ort féin. Is áluinn an</span> <lb n="1720"/><span>nídh a bheith umhal — ní'l tréith is taithneamhaighe le fághail</span></p> </div> <pb n="42"/> <div><lb n="1721"/><p><span>— acht ná leig do'n umhlaidheacht ná do'n óige fhéin cosg</span> <lb n="1722"/><span>a chur ar do smaointe a nochtadh. Ní thiubhraidh an</span> <lb n="1723"/><span>saoghal mórán áirde ort ar dtús. Ní cuirfear mórán</span> <lb n="1724"/><span>suime ionnat. Acht ná cuireadh sin aon droch-mheisneach</span> <lb n="1725"/><span>ná mí-mhuinghín ort. “Lean an ród go díreach.” Agus</span> <lb n="1726"/><span>má thug Dia na buadha dhuit cruthóchaidh an aimsear sin.</span> <lb n="1727"/><span>Ní féidir cosg a chur le uisge na habhann. Pléasgfaidh</span> <lb n="1728"/><span>sé le fánaidh i n-áit eicínt. Mar an gcéadna leis na</span> <lb n="1729"/><span>smaointe. Nochtfar & foillseóchar iad de réir a</span> <lb n="1730"/><span>chéile — mar shruthláin ag teacht as loch i lár an tsléibhe.</span></p> <lb n="1731"/> <lb n="1732"/><p><span>Badh cheart duit, a sgríbhneóir, a bheith i gcómhnuidhe</span> <lb n="1733"/><span>ag léigheadh agus ag fóghluim. Má's leat aon nídh</span> <lb n="1734"/><span>áluinn liteardha a sgríobhadh agus gealán a chur ar</span> <lb n="1735"/><span>chroidhe an Ghaedhil, ní mór dhuit staidéar a dhéanamh</span> <lb n="1736"/><span>ar na sgríbhneóirí is fearr agus is eólasaighe. Ná bí</span> <lb n="1737"/><span>sásta le cainnt shuaraigh sheafóidigh, le sgéalta mí-</span> <lb n="1738"/><span>thaithneamhacha — le ughdair gan suim gan meas ar na</span> <lb n="1739"/><span>neithibh is gile agus is áilne san saoghal mór. Seachain</span> <lb n="1740"/><span>an sgríbhneóir nach bhfuil teagasg glan glé agus eólas</span> <lb n="1741"/><span>sláinteamhail folláin do'n aigne le fágháil uaidh. Díbir</span> <lb n="1742"/><span>uait é! Ní'l sé acht ag cur chathuighthe ort — ag</span> <lb n="1743"/><span>truailliughadh agus ag milleadh d'inntinne — ag cur</span> <lb n="1744"/><span>smúite agus sgamaill ghránda ar do mheabhair agus ar</span> <lb n="1745"/><span>do thuigsint — agus ag cur néallta mór bagarthach</span> <lb n="1746"/><span>an bhaoghail agus na contabhairte in do thimcheall.</span> <lb n="1747"/><span>Bíodh grádh mór láidir daingean agat do'n Áilne agus</span> <lb n="1748"/><span>do'n Ghile. Bí measamhail ort fhéin agus ar an gcineadh</span> <lb n="1749"/><span>daonna. Tá neithe i dtaisge go cúramach i gcómhairín</span> <lb n="1750"/><span>do chroidhe — bíodh síor-ghean agat dóibh agus is fearrde</span> <lb n="1751"/><span>do shaothar é. Bíodh fút deagh-theagasg a thabhairt do'n</span> <lb n="1752"/><span>léightheóir — comhairle, eólas, siamsa, sult 's greann a</span> <lb n="1753"/><span>chuirfeas an aimsear thairis go haoibhinn taithneamhach</span> <lb n="1754"/><span>agus a rachas 'un tairbhe dhó i gcómhnuidhe. Tá an</span> <lb n="1755"/><span>saoghal so dona go leór & mí-ádhsach go leór cheana.</span> <lb n="1756"/><span>'Siad na sgríbhneóirí is cionntach le cuid mhaith de</span> <lb n="1757"/><span>dhonas an tsaoghail — na droch-sgríbhneóirí a bhí fúm a</span> <lb n="1758"/><span>rádh. Nach iomdha anam a dhamnuigheadar! Nach iomdha</span> <lb n="1759"/><span>óganach a tharrnuigheadar i mbealach a bhasgtha! Ba</span> <lb n="1760"/><span>dual do'n Ghaedheal a bheith ag obair ar son gach nídhe</span></p> </div> <pb n="43"/> <div><lb n="1761"/><p><span>dhá uaisle agus dhá áilne. Bíodh ár litridheacht nuadh</span> <lb n="1762"/><span>glan gan smál ar nós croidhe agus coinsís ár dtíre!</span></p> <lb n="1763"/> <lb n="1764"/><p><span>Bí i gcómhnuidhe ag smaoineadh, ag léigheadh, ag</span> <lb n="1765"/><span>cleachtadh, má's leat modh sgríobhtha maith taithneamhach</span> <lb n="1766"/><span>slachtmhar a bheith agat. “Tagann gach maith le</span> <lb n="1767"/><span>cáirde.” Mar an gcéadna le sgríbhneóireacht. Tagann</span> <lb n="1768"/><span>éasgaidheacht agus deiseacht agus áilneacht cainnte le</span> <lb n="1769"/><span>síor-chleachtadh. Bí dílis agus dá ríribh. Léigh an</span> <lb n="1770"/><span>fhilidheacht is fearr agus is áilne — na sgéalta is mó</span> <lb n="1771"/><span>cliú agus cáil — beatha na ndaoine ba cumhachtaighe &</span> <lb n="1772"/><span>do b' inntleachtaighe — stair & drámaí. Má tá an dúil</span> <lb n="1773"/><span>cheart agat ionnta is cruthughadh maith dhuit féin é. Badh</span> <lb n="1774"/><span>cheart do sgríbhneóir na Gaedhilge eólas cruinn a bheith</span> <lb n="1775"/><span>aige ar shean-sgéalta na nGaedheal. Badh cheart dó</span> <lb n="1776"/><span>a bheith eólasach ar na laoidhte fiannaidheachta agus</span> <lb n="1777"/><span>staidéar cruinn a dhéanamh ar an gcainnt agus ar an</span> <lb n="1778"/><span>modh sgríobhtha atá ionnta. Ní mór do'n sgríbhneóir é</span> <lb n="1779"/><span>fhéin a thomadh go doimhin agus folcadh go mion & go</span> <lb n="1780"/><span>minic i dtobar na fíor-Ghaedhilge. Is mór a thig linn</span> <lb n="1781"/><span>a fhóghluim as sean-sgéalta agus sean-amhráin ár dtíre.</span> <lb n="1782"/><span>Sgríobhadh nó cumadh iad nuair a bhí an aigne, na</span> <lb n="1783"/><span>smaointe agus an chainnt fhéin fíor-Ghaedhealach. Is</span> <lb n="1784"/><span>mór a leigeadh ar lár i nÉirinn ó shoin, fairíor! Is mór</span> <lb n="1785"/><span>a chuaidh an Ghaedhdhilg ar gcúl. Is mór a truailligheadh</span> <lb n="1786"/><span>& a milleadh an aigne Ghaedhealach. Téighmis ar ais agus</span> <lb n="1787"/><span>feicimis cé'n chumhacht & cé'n doimhneacht a bhí innti sul</span> <lb n="1788"/><span>thosuigh an meathadh agus an feóthadh — sul thosuigh an</span> <lb n="1789"/><span>truailliughadh agus an Béarlachas. Tá go leór de</span> <lb n="1790"/><span>litridheacht na nGaedheal i leabharlannaibh ar fud Roinne</span> <lb n="1791"/><span>na hEórpa agus gan fágháil againn ar na seóda</span> <lb n="1792"/><span>luachmhara atá i dtaisge ionnta. Fairíor géar — gur</span> <lb n="1793"/><span>mar sin atá! Acht a bhfuil d'ár litridheacht ar fágháil</span> <lb n="1794"/><span>badh cheart do na sgríbhneóirí a léigheadh & a mion-</span> <lb n="1795"/><span>sgrúdughadh. Cuir romhat, a sgríbhneóir, eólas chomh</span> <lb n="1796"/><span>cruinn & chomh hiomlán & is féidir é a bheith agat ar</span> <lb n="1797"/><span>shaothar liteardha do shinnsir. Rachaidh sin 'un tairbhe</span> <lb n="1798"/><span>go mór do do shaothar liteardha fhéin.</span></p> <lb n="1799"/> <lb n="1800"/><p><span>Deir daoine áithride linn gur ar na sean-sgéalta</span> <lb n="1801"/><span>Fiannaidheachta badh chóir dhúinn aithris a dhéanamh anois</span></p> </div> <pb n="44"/> <div><lb n="1802"/><p><span>nuair atámuid ag saothrughadh nuadh-litridheachta sa</span> <lb n="1803"/><span>nGaedhilg. Níor léigheas fhéin aon nídh fós i litridheacht</span> <lb n="1804"/><span>ár dtíre is mó a thaithnigheas liom 'ná an Fhiannaidheacht</span> <lb n="1805"/><span>— go háithrid na laoidhte. Tá gearradh agus neart</span> <lb n="1806"/><span>agus cumhacht neamh-choitcheann ionnta. Agus ní hé sin</span> <lb n="1807"/><span>amháin — acht tá áilneacht cainnte agus binneas ionnta</span> <lb n="1808"/><span>ar dheacair a sárughadh. Nach aoibhinn áluinn an chainnt</span> <lb n="1809"/><span>atá i “dTír na nÓg”? Tá fuaim agus fuinneamh</span> <lb n="1810"/><span>& ceól léithi ar uairibh — sprid agus spreacamh —</span> <lb n="1811"/><span>caoineas, ciúineas, éadtruimeacht — gonntacht focal —</span> <lb n="1812"/><span>cruinneas aithrise — smaointe fileadhta. Ní gábhadh</span> <lb n="1813"/><span>dhom tráchtas fada a dhéanamh annso ar na sgéaltaibh</span> <lb n="1814"/><span>Fiannaidheachta — an modh sgríobhtha ar leith — an chainnt</span> <lb n="1815"/><span>árd-bhriathrach — na ráidhte mór-fhoclacha — na habairte</span> <lb n="1816"/><span>aimh-réasacha — an árd-aigeantacht, an torann & an</span> <lb n="1817"/><span>fothram — an siosga agus an gearradh — an treasgairt</span> <lb n="1818"/><span>& an tréan-tuairgint — mar ghlórtha láidre na dtonn ag</span> <lb n="1819"/><span>pléasgadh i n-aghaidh na gcarraigreacha lá gairbhthin agus</span> <lb n="1820"/><span>anfaidh. An bhfeilfeadh modh sgríobhtha na Fiannaidheachta</span> <lb n="1821"/><span>as fhéin ar an uair seo de ló? Ar cheart é a bheith againn</span> <lb n="1822"/><span>mar shompla & mar mhúnla agus a bheith ag síor-aithris</span> <lb n="1823"/><span>air? 'Sé mo mheas & mo bharamhail fhéin go bhfuil a ré</span> <lb n="1824"/><span>mar mhodh iomlán litridheachta caithte. Ní hionann an</span> <lb n="1825"/><span>saoghal anois & riamh. Ní saoghal aithrise agus innste</span> <lb n="1826"/><span>é fá láthair acht saoghal léighte agus foghluime. Tá</span> <lb n="1827"/><span>meas agus mór-ghean ag mo chroidhe ar an tsean-</span> <lb n="1828"/><span>tseanchaidheacht agus ar an sgéalaidheacht. Acht ní</span> <lb n="1829"/><span>mholfainn do'n sgríbhneóir a bheith ag síor-aithris ar na</span> <lb n="1830"/><span>sean-sgéalta mar sin féin. Tá am & tráth le haghaidh</span> <lb n="1831"/><span>gach neithe. Ní'l aimhreas nach mór a chuideóchas siad</span> <lb n="1832"/><span>linn anois & aríst má choinnighmid os comhair ár súl iad.</span> <lb n="1833"/><span>Cuirfidh cuid dá gcainnt dreach & cosamhlacht na sean-</span> <lb n="1834"/><span>Ghaedhealtachta ar ár saothar. Agus is mairg nach</span> <lb n="1835"/><span>ngrádhóchadh an sean-nós! Acht is romhainn amach atá.</span> <lb n="1836"/><span>Buail ar d'aghaidh, a sgríbhneóir. Smaoinigh go minic</span> <lb n="1837"/><span>ar shaothar ár sean. Cuirfidh a ndearnadar aoibheall</span> <lb n="1838"/><span>agus glionndar ar do chroidhe. Gheobhair eólas &</span> <lb n="1839"/><span>teagasg uatha. Acht “is fearr stuaim ná neart.”</span></p> </div> <pb n="45"/> <div><lb n="1840"/><p><span>Tá ort-sa do dhualgas a chóimh-líonadh anois as do</span> <lb n="1841"/><span>stuaim fhéin — agus ar do shlighe fhéin.</span></p> <lb n="1842"/> <lb n="1843"/><p><span>Céard a tuigtar le fíor-litridheacht? Céard a</span> <lb n="1844"/><span>bhaineas do mhodh sgríobhtha? Céard a ghníos áilneacht</span> <lb n="1845"/><span>cainnte? Sin ceisteanna móra tábhachtacha. Buailimis</span> <lb n="1846"/><span>fá n-a réidhteach. Ar an gcéad dul síos de, tá áilneacht</span> <lb n="1847"/><span>cainnte le fágháil i bhfíor-litridheacht. Tá snas agus</span> <lb n="1848"/><span>dreach agus cosamhlacht fíor-áluinn ar shaothar an rí-</span> <lb n="1849"/><span>sgríbhneóra. Tá stuaim agus deas-lámhacht, grinneas</span> <lb n="1850"/><span>radhairc, éirim cinn agus fíor-inntleacht le tabhairt fá</span> <lb n="1851"/><span>deara in gach caoi d'á bhfuil “gáirdín a shaothair”</span> <lb n="1852"/><span>roinnte agus socruighthe aige. Tá a thréithe le tabhairt</span> <lb n="1853"/><span>fá deara sa gcaoi a bhfuil gach nídh ag teacht le chéile</span> <lb n="1854"/><span>ann. Tá na blátha go cumhartha. Tá na torthaí go</span> <lb n="1855"/><span>fairsing, agus tá sláinte agus follántas agus</span> <lb n="1856"/><span>milseacht ionnta le blaiseadh dhíobh. Ní'l meathadh ná</span> <lb n="1857"/><span>feóthadh ná slabhcadh ar aon nídh. Tá an ithir saidhbhir</span> <lb n="1858"/><span>agus úr. Is sólás croidhe agus inntinne do dhuine</span> <lb n="1859"/><span>cuairt a thabhairt ar an ngáirdín seo. Is aoibhinn agus</span> <lb n="1860"/><span>is tairbheach dhó a sgíth a leigean ann istigh i measg na</span> <lb n="1861"/><span>mbláth agus na dtorthaí. Agus is mór a thig leis a</span> <lb n="1862"/><span>fhóghluim agus a thabhairt fá deara a rachas 'un tairbhe</span> <lb n="1863"/><span>dhó.</span></p> <lb n="1864"/> <lb n="1865"/><p><span>Tig linn leabhar fíor-áluinn gan locht gan béim a</span> <lb n="1866"/><span>chur i gcomórtas leis an ngáirdín ar a bhfuilmid ag</span> <lb n="1867"/><span>trácht. Cuireann an árd-litridheacht so gealán ar an</span> <lb n="1868"/><span>gcroidhe. Cuireann sí dreólánaí aoibhnis thrí bhallaibh</span> <lb n="1869"/><span>an chuirp. Glacann sí seilbh iomlán ar an inntinn.</span> <lb n="1870"/><span>Ruagann sí neithe fánacha saoghalta as cuimhne chinn an</span> <lb n="1871"/><span>léightheóra. Bheireann sí somplaí áilne os comhair a</span> <lb n="1872"/><span>amhairc spioradáilte. Beódhuigheann sí, bíodhgann sí,</span> <lb n="1873"/><span>spreagann sí é. Díbrigheann sí gach tuirse uaidh. Ní</span> <lb n="1874"/><span>airigheann sé an t-am ag sleamhnughadh 'un bealaigh 'n-a</span> <lb n="1875"/><span>láthair. Beireann an leabhar greim air, mar déarfá,</span> <lb n="1876"/><span>agus crochtar 'un bealaigh é i n-gan fhios dó fhéin. Tá</span> <lb n="1877"/><span>smaointe fíor-áilne os a chomhair — seóda luachmhara</span></p> </div> <pb n="46"/> <div><lb n="1878"/><p><span>litridheachta ó ughdar ar bhronn Dia buadha móra ar leith</span> <lb n="1879"/><span>agus árd-tréithe air. Tá féith an sgríbhneóra le feiceál</span> <lb n="1880"/><span>in gach nidh dh'á dtagann ó n-a láimh. Tá a chuid ráidhte</span> <lb n="1881"/><span>ag luighe le chéile agus ag teacht le chéile go breagh</span> <lb n="1882"/><span>bog ceólmhar binn gan duadh gan deacracht gan anró.</span> <lb n="1883"/><span>Tá an chainnt ag rith go glan réidh nádurthach mar uisgí</span> <lb n="1884"/><span>an tsruthláin sléibhe. Ní'l aon nídh le tabhairt fá deara</span> <lb n="1885"/><span>bun os cionn nó druim ar ais. Tá a chuid saothair chomh</span> <lb n="1886"/><span>hiomlán ann féin agus críochnuighthe, chomh slachtmhar 's</span> <lb n="1887"/><span>bheadh sean-chaisleán ag Gobán Saor. Agus nach aoibhinn</span> <lb n="1888"/><span>a bheith 'n-a chomhluadar! Nach aige atá an cothughadh</span> <lb n="1889"/><span>glan folláin do'n aigne agus do'n inchinn!</span></p> <lb n="1890"/> <lb n="1891"/><p><span>Ní abruighim go mbíonn ciúineas mór agus suaimhneas</span> <lb n="1892"/><span>le fágháil sa litridheacht i gcomhnuidhe. Bíonn an aithris</span> <lb n="1893"/><span>de réir aigne & inntinne & smaointe an sgríbhneóra</span> <lb n="1894"/><span>agus de réir a bharamhla agus a chuid eólais ar na neithibh</span> <lb n="1895"/><span>ar a gcuireann sé síos. Agus nach iomdha athrughadh a</span> <lb n="1896"/><span>thagas ar inntinn an duine! Nach bhfuil sí chomh hathruigh-</span> <lb n="1897"/><span>theach leis an ngaoith fhéin? Nach bhfuil an sólás, an</span> <lb n="1898"/><span>dólás, an brón, an crádh, an fuath, an grádh, an</span> <lb n="1899"/><span>gairbhthin, an anfadh, an buile, an fhearg — nach bhfuil</span> <lb n="1900"/><span>siad so go léir — agus go leór eile nach luadhaim — i</span> <lb n="1901"/><span>gcomhnuide i dtaisge i gcómhairín do-fheicthe na hin-</span> <lb n="1902"/><span>chinne? Téigh chuig an amharclainn agus feic léirightheóir</span> <lb n="1903"/><span>mór-chliúmhail ar an árdán. Nach glan soiléir mar</span> <lb n="1904"/><span>chuireas sé na neithe iongantacha so os do chomhair agus</span> <lb n="1905"/><span>i gcéill duit? An bhfulaingeann sé fhéin iad? An</span> <lb n="1906"/><span>mbíonn an fhulaingt mar samhluighthear? Badh dhána an</span> <lb n="1907"/><span>mhaise dhúinne a rádh go mbíonn gach nídh ag goilleadh dá</span> <lb n="1908"/><span>ríribh ar an léirightheóir nó ag cur air. Acht deirimid</span> <lb n="1909"/><span>an méid seo: go gcreidimid, dh'á iongantaighe an</span> <lb n="1910"/><span>léirightheóir, dh'á dhílse & dh'á dhúthrachtaighe é, dh'á mhéad</span> <lb n="1911"/><span>a ghrádh d'á chuid oibre, & dh'á fheabhas é chun smaointe</span> <lb n="1912"/><span>& tréithe an duine a nochtadh go fírinneach do'n tsaoghal,</span> <lb n="1913"/><span>gur ab amhlaidh is mó a theangmhuigheas an léiriughadh le</span> <lb n="1914"/><span>n-a chroidhe fhéin. 'Sé dualgas an sgríbhneóra smaointe</span> <lb n="1915"/><span>agus tréithe an duine a nochtadh do'n léightheóir 'n-a</span> <lb n="1916"/><span>chuid sgéalta mar nochtas an léirightheóir ar árdán na</span> <lb n="1917"/><span>hamharclainne iad.</span> <lb n="1918"/></p> </div> <pb n="47"/> <div><lb n="1919"/><p><span>Acht, 'ar ndóigh, is iomdha nídh thar sgéalta le fágháil</span> <lb n="1920"/><span>i litridheacht an domhain. Buaileann an sgríbhneóir fá</span> <lb n="1921"/><span>cheisteanna móra aimhréasacha ar uairibh. Sgaoileann</span> <lb n="1922"/><span>sé lán-sgód le n-a chuid smaointe, agus gluaiseann</span> <lb n="1923"/><span>leis i spioraid i measg réalta neimhe, i measg ion-</span> <lb n="1924"/><span>gantas mór do-thuigthe na Cruinne. Labhrann sé leis</span> <lb n="1925"/><span>na néalltaibh móra dorcha sna spéarthaibh. Ceistnigheann</span> <lb n="1926"/><span>sé na gatha gréine gach tráthnóna sa Domhan Thiar.</span> <lb n="1927"/><span>Cluineann sé sgéalta iongantacha i siosmarnaigh na</span> <lb n="1928"/><span>gaoithe. Castar an bhean sidhe 'n-a threó i dtaisteal a</span> <lb n="1929"/><span>smaointe. Beireann crónán an tsruthláin agus glór</span> <lb n="1930"/><span>an easa teachtaireachta chuige. Chíonn sé 'n-a thaidh-</span> <lb n="1931"/><span>bhreamh laochra móra, agus gaisgidhthe tréana a mhair</span> <lb n="1932"/><span>fadó. Dar leis tá na cnuic 's na sléibhte ag dearcadh</span> <lb n="1933"/><span>air agus ag éisteacht le smaointe nár haithriseadh fós</span> <lb n="1934"/><span>riamh. Tá daoine ann adeireas gur beag an tairbhe</span> <lb n="1935"/><span>do'n Ghaedheal anois saothar litreadha an té a leigeas</span> <lb n="1936"/><span>sgód leis fhéin thar theórainn na tuigse, agus a bhíos</span> <lb n="1937"/><span>ag pléidhe le modh litridheachta ar leith de'n tsághas so.</span> <lb n="1938"/><span>Ní'l agam-sa le rádh acht go bhfuil idirdhealbhughadh idir</span> <lb n="1939"/><span>feallsamhnacht agus modh sgríobhtha, agus nach cóir a</span> <lb n="1940"/><span>meas mar a chéile. Tig le feallsamhnacht bhréagach a</span> <lb n="1941"/><span>bheith i litridheacht sár-áluinn. Ní hionann áilneacht</span> <lb n="1942"/><span>cainnte & doimhneas feallsamhnachta i sgríbhneóiribh</span> <lb n="1943"/><span>áithride i gcómhnuidhe b'fhéidir. Acht measamuis an</span> <lb n="1944"/><span>chainnt agus an litridheacht asta féin. Caithfidh an file</span> <lb n="1945"/><span>agus an t-ughdar sgód d'fhágháil. Ní féidir a smaointe</span> <lb n="1946"/><span>a chosg. Agus ní orainne, a léightheóirí, a bhios siad ag</span> <lb n="1947"/><span>smaoineadh furmhór na haimsire. Ní h-eadh. Bíonn a</span> <lb n="1948"/><span>smaointe móra doimhne fhéin aca — smaointe iongan-</span> <lb n="1949"/><span>tacha — smaointe do-innste — na smaointe a ghníos</span> <lb n="1950"/><span>árd-litridheacht.</span></p> <lb n="1951"/> <lb n="1952"/><p><span>Agus anois ag tagairt do nuadh-litridheacht sa</span> <lb n="1953"/><span>nGaedhilg dhúinn ní cóir dearmad a dhéanamh gur mór</span> <lb n="1954"/><span>an t-idir-dhealbhughadh atá 'n-a lán slighthe idir an Gaedheal</span> <lb n="1955"/><span>agus go leór de chinidhtheachaibh an domhain mhóir. Tá</span> <lb n="1956"/><span>feallsamhnacht d'á chuid fhéin ag an nGaedheal. Tá</span> <lb n="1957"/><span>smaointe dhó fhéin aige i dtaoibh a lán neithe. Tá</span> <lb n="1958"/><span>uaisleacht agus gile na hinntinne aige. Tá croidhe</span></p> </div> <pb n="48"/> <div><lb n="1959"/><p><span>glan agus glan-choinsias aige má's fíor-Ghaedheal é.</span> <lb n="1960"/><span>Níor chuir na leabhra brocacha úr-ghránda smúit agus</span> <lb n="1961"/><span>ceó agus sgamaill an dí-chreidimh ar a mheabhair agus</span> <lb n="1962"/><span>ar a thuigsint. Níor chuir árd-aigeantacht an uabhair</span> <lb n="1963"/><span>agus na gaisge néallta móra bagarthacha an bhaoghail</span> <lb n="1964"/><span>agus na contabhairte 'n-a thimcheall. Níor casadh lucht</span> <lb n="1965"/><span>chraobhsgaoilte an dorchadais 'n-a threó. Níor sgaoil</span> <lb n="1966"/><span>sé mór-sgód leis fhéin le fánaidh Aibhne an Chathuighthe.</span> <lb n="1967"/><span>Níor sguabadh 'un bealaigh é le fuarloch mór an Aimhris.</span> <lb n="1968"/><span>Níor sguabhadh, agus le congnamh Dé ní sguabfar.</span> <lb n="1969"/><span>Tugadh sgríbhneóirí na Gaedhilge litridheacht do'n</span> <lb n="1970"/><span>Ghaedhilgeóir a bhéas glan & glé mar chroidhe agus mar</span> <lb n="1971"/><span>anam na h-Éireann agus seachnuighdís feallsamhnacht</span> <lb n="1972"/><span>bhréagach choigchrícheach nach dual do'n Ghaedheal — nach</span> <lb n="1973"/><span>dual do'n Chríostaidhe. Mar dubhras mí ó shoin 'sé</span> <lb n="1974"/><span>dualgas an sgríbhneóra eólas sláinteamhail folláin</span> <lb n="1975"/><span>Críostamhail do'n aigne agus do'n inntinn a thabhairt</span> <lb n="1976"/><span>uaidh.</span></p> <lb n="1977"/> <lb n="1978"/><p><span>Cé'n cineál modha sgríobhtha a bhéas againn i nuadh-</span> <lb n="1979"/><span>litridheacht na Gaedhilge? Nach mithid tagairt do'n</span> <lb n="1980"/><span>cheist seo feasta? Thráchtamar an mhí seo caithte ar</span> <lb n="1981"/><span>an sean-nós, agus ní ath-abróchamuid aon nídh an dara</span> <lb n="1982"/><span>huair annso má's féidir linn é. Ní fheilfidh modh na</span> <lb n="1983"/><span>Fiannaidheachta as fhéin. An leanfar de na ráidhte</span> <lb n="1984"/><span>mór-fhoclacha aimhréasacha, de'n chainnt chasta, de'n</span> <lb n="1985"/><span>torann & de'n fhothram — nó an ag an tsimplidheacht a</span> <lb n="1986"/><span>bhéas an báire? Ní mholfamuid aithris a dhéanamh ar</span> <lb n="1987"/><span>mhodh sgríobhtha aon duine ar leith i n-aon teangaidh.</span> <lb n="1988"/><span>Is olc an nídh do'n sgríbhneóir an iomarca de'n aithris</span> <lb n="1989"/><span>a dhéanamh. Téigheann sin roimhe sa deireadh, mar nach</span> <lb n="1990"/><span>dtugann sé an fhaill cheart dó féin le cruthughadh céard</span> <lb n="1991"/><span>a thiocfadh leis a dhéanamh as a stuaim agus as a</span> <lb n="1992"/><span>ughdarás fhéin. Ní mór go cinnte staidéar cruinn a</span> <lb n="1993"/><span>dhéanamh ar mhodh sgríobhtha deagh-sgríbhneóirí acht ná</span> <lb n="1994"/><span>déantar an oiread aithrise ortha 's nach mbéadh féith ar</span> <lb n="1995"/><span>leith dhó fhéin le feiceál i modh sgríobhtha an nuadh-</span> <lb n="1996"/><span>sgríbhneóra. Tá daoine ag sgríobhadh na Gaedhilge,</span> <lb n="1997"/><span>agus gan iad ag déanamh a ndíchill ar dheagh-mhodh</span> <lb n="1998"/><span>sgríobhtha a shocrughadh agua a cheapadh dhóibh fhéin. Is</span></p> </div> <pb n="49"/> <div><lb n="1999"/><p><span>truagh sin. Tá faitchíos orm go bhfuil cuid díobh a</span> <lb n="2000"/><span>mheasas nach dteastuigheann ó'n sgríbhneóir acht an</span> <lb n="2001"/><span>Ghaedhilg a sgríobhadh go simplidhe so-thuigthe, gan aon</span> <lb n="2002"/><span>mhór-iarracht a dhéanamh ar a shaothar a bheith go breagh</span> <lb n="2003"/><span>maiseach slachtmhar litreadha mar bhéadh saothar dheagh-</span> <lb n="2004"/><span>sgríbhneóra. Ní dhéanfaidh simplidheacht cúis aisti fhéin,</span> <lb n="2005"/><span>dh'á fheabhas í. Tá simplidheacht & simplidheacht ann.</span> <lb n="2006"/><span>Ní bhéidh an tsimplidheacht ceart gan saothar a chaitheamh</span> <lb n="2007"/><span>leis an gcainnt, agus gan slacht agus rian na litridh-</span> <lb n="2008"/><span>eachta a bheith le tabhairt fá deara uirthi freisin.</span></p> <lb n="2009"/> <lb n="2010"/><p><span>Ní'l aon duine a ghníos staidéar ar shaothar sgríbh-</span> <lb n="2011"/><span>neóirí Gaedhilge na haimsire seo nach dtiubraidh fá</span> <lb n="2012"/><span>deara go bhfuiltear ag socrughadh modha sgríobhtha go</span> <lb n="2013"/><span>mall réidh de réir a chéile. Ní hé go bfuilid ag</span> <lb n="2014"/><span>sgríobhadh na Gaedhilge mar a chéile-níorbh' fhéidir sin</span> <lb n="2015"/><span>a bheith amhlaidh. Tá idir-dhealbhughadh chomh mór, b'fhéidir,</span> <lb n="2016"/><span>idir a gcuid Gaedhilge agus tá idir na sgríbhneóirí</span> <lb n="2017"/><span>féin i slighthibh áithride. Ní hionann buadha sgríobhtha ná</span> <lb n="2018"/><span>buadha ceaptha dhóibh. Ní hionann tuigsint ná eólas ná</span> <lb n="2019"/><span>léigheann dóibh. Ní hionann a n-eólas ar an aigne</span> <lb n="2020"/><span>dhaonna. Ní thagann an chainnt chomh héasgaidh nádurtha</span> <lb n="2021"/><span>do chuid aca le n-a chéile. Ní hionann dílseacht,</span> <lb n="2022"/><span>dúthracht, fonn oibre ná cleachtadh dhóibh. Agus tá a</span> <lb n="2023"/><span>rian sin ar a saothar litreadha. Acht, cé go bhfuil an</span> <lb n="2024"/><span>t-idir-dhealughadh so eatortha, tá cosamhlacht idir modha</span> <lb n="2025"/><span>sgríobhtha sgríbhneóirí áithride mar sin féin & tá bun</span> <lb n="2026"/><span>maith dh'á shocrughadh aca de réir a chéile.</span></p> <lb n="2027"/> <lb n="2028"/><p><span>Cé'n modh sgríobhtha é seo atá dh'á shocrughadh aca?</span> <lb n="2029"/><span>Céard is tréithe dhó? Caithfidh sé go dtugtar fá deara</span> <lb n="2030"/><span>cé an tóir atá ag teacht ag go leór d'ár sgríbhneóiríbh</span> <lb n="2031"/><span>ar na ráidhtibh agus ar na habartaibh gearra, ar</span> <lb n="2032"/><span>ghonntacht focal, ar chruinneas áithrise. Tá siad ag</span> <lb n="2033"/><span>éirghe ar an sean-nós agus as modhthaibh ársa. Ní'l</span> <lb n="2034"/><span>aon duine a ghníos staidéar ar litridheacht Frainncise</span> <lb n="2035"/><span>na haimsire seo nach dtiubhraidh fá deara cé an modh</span> <lb n="2036"/><span>áluinn atá socruighthe ceaptha sa teangaidh sin. Ní'l</span> <lb n="2037"/><span>an iomarca de'n ghleó ná de'n torann, ná de</span></p> </div> <pb n="50"/> <div><lb n="2038"/><p><span>charraigreachaibh móra cainnte le tabhairt fá deara ann,</span> <lb n="2039"/><span>acht tá simplidheacht fíor-litridheachta sa modh sgríobhtha.</span> <lb n="2040"/><span>Ní linne aithris a dhéanamh ar mhodh coigcrícheach adéar-</span> <lb n="2041"/><span>fas duine eicínt liom. Ní mholaim-se an iomarca de'n</span> <lb n="2042"/><span>aithris. Acht — cé go gcreidim gur ó Dia féin a</span> <lb n="2043"/><span>gheibheas duine féith cheart na sgríbhneóireachta — deirim</span> <lb n="2044"/><span>go bhfuil ar an sgríbhneóir go leór d'á cheird a</span> <lb n="2045"/><span>fhóghluim, agus má's leis litridheacht a chumadh nó a</span> <lb n="2046"/><span>cheapadh gur mór a rachas sé 'un tairbhe dhó eólas a chur</span> <lb n="2047"/><span>ar mhodha sgríobhtha ar féidir leis é de dheagh-</span> <lb n="2048"/><span>sgríbhneóirí.</span></p> <lb n="2049"/> <lb n="2050"/><p><span>Is gairid ó cómhairligheadh dhúinn go léir aithris a</span> <lb n="2051"/><span>dhéanamh ar sgríbhneóir is mór cliú i measg Gaedheal .i.</span> <lb n="2052"/><span>an tAthair Peadar Ó Laoghaire. Dubhairt sgoláire</span> <lb n="2053"/><span>áithrid nár bh'féidir le aon duine eile Gaedhilg shnasta</span> <lb n="2054"/><span>Ghaedhealach a sgríobhadh acht é. Gan aimhreas ar bith</span> <lb n="2055"/><span>is togha sgríbhneóra an tAthair Peadar. Tá féith an</span> <lb n="2056"/><span>sgríbhneóra ann. Tá eólas mór ar Ghaedhilg na</span> <lb n="2057"/><span>haimsire seo aige. Tá an inntinn agus an aigne</span> <lb n="2058"/><span>Ghaedhealach aige. Tá cumhacht agus brígh agus fuinneamh</span> <lb n="2059"/><span>'n-a chuid cainnte. Agus tá buadha móra ag a pheann.</span> <lb n="2060"/><span>Táim fhéin thar éis “Séadna” agus “Niamh” a</span> <lb n="2061"/><span>léigheadh, agus a ath-léigheadh. Rinneas staidéar cruinn</span> <lb n="2062"/><span>ortha araon agus 'sé mo mheas gur fearr de sgéalaidhe</span> <lb n="2063"/><span>an t-ughdar ná de starthaidhe. Déarfainn gur mó</span> <lb n="2064"/><span>de litridheacht bhreagh atá le fághál i “Séadna,”</span> <lb n="2065"/><span>gur bríoghmhaire an chainnt, agus gur doimhne na</span> <lb n="2066"/><span>smaointe atá ann ná mar atá i “Niamh.” Acht ní ag</span> <lb n="2067"/><span>sgríobhadh léir-mheas ar leabhra an Athar Peadar atáim</span> <lb n="2068"/><span>annso, agus ní leanfad a bhfad eile de'n taobh so de'n</span> <lb n="2069"/><span>sgéal.</span></p> <lb n="2070"/> <lb n="2071"/><p><span>Tá a lán seafóide ar siubhal ag daoinibh áithride i</span> <lb n="2072"/><span>dtaoibh na haigeanta Gaedhealaighe — go mór mhór ag</span> <lb n="2073"/><span>an gcuid aca nach bhfuil a fhios aca céard í mar nach hí</span> <lb n="2074"/><span>atá aca fhéin! Mara bhfuil deagh-oideachas ar an</span> <lb n="2075"/><span>sgríbhneóir deirtear nach dtig leis sgríobhadh go</span> <lb n="2076"/><span>healadhanta ná go slachtmhar & go gramadamhail. Agus</span> <lb n="2077"/><span>má's sgoláire é bíonn aimhreas ag cuid de'n dream</span> <lb n="2078"/><span>úd ar a chuid Gaedhilge freisin, agus measaid go</span></p> </div> <pb n="51"/> <div><lb n="2079"/><p><span>mbíonn baladh na leabhar agus rian an Bhéarlachais ar</span> <lb n="2080"/><span>a shaothar! Mo chomhairle-sa do'n sgríbhneóir gan</span> <lb n="2081"/><span>géilleadh do na daoinibh úd, acht bualadh ar aghaidh</span> <lb n="2082"/><span>ar a shlighe fhéin. Tá sgríbhneóirí againn i gCúige</span> <lb n="2083"/><span>Chonnacht ar an uair seo de ló a bhfuil a n-aigne 'ch</span> <lb n="2084"/><span>uile ordlach chomh Gaedhealach le aigne an Athar Peadar</span> <lb n="2085"/><span>agus fá dhó níos Gaedhealaighe ná an aigne atá ag</span> <lb n="2086"/><span>daoinibh áithride ar mór a ngleó. Ní ghéillim fhéin</span> <lb n="2087"/><span>d'aon duine i dtaoibh an sgéil. Tá a fhios agam céard</span> <lb n="2088"/><span>is aigne Ghaedhealach ann, mar déarfadh an Céitinneach.</span> <lb n="2089"/><span>'Sí bhronn Dia orm ar dtús. Tagann sé chomh réidh</span> <lb n="2090"/><span>dhom smaoiniughadh in mo theangaidh fhéin 's thagann sé</span> <lb n="2091"/><span>do'n Bhéarlóir a anál a tharraingt. Tá inntinn an</span> <lb n="2092"/><span>Ghaedhilgeóra ag furmhór sgríbhneóirí Chonnacht mar is</span> <lb n="2093"/><span>as an nGaedhilg a fuineadh agus a fáisgeadh iad.</span></p> <lb n="2094"/> <lb n="2095"/><p><span>Ní'l aon nídh is mó atá ó mo chroidhe-sa ná snaidhm</span> <lb n="2096"/><span>cháirdis a fheiceál snadhmtha idir ár sgríbhneóirí go léir.</span> <lb n="2097"/><span>'Siad na daoine is lugha a sgríobhas agus a oibrigheas</span> <lb n="2098"/><span>is mó a mbíonn le rádh aca i dtaoibh bunáite gach nídhe</span> <lb n="2099"/><span>ag baint leis an ngluaiseacht, agus is cuid díobh a thug</span> <lb n="2100"/><span>masladh d'ár sgríbhneóirí le goirid. Ní maith liom-sa</span> <lb n="2101"/><span>tráchtas fada a dhéanamh ar an sgéal. B'fhearr liom</span> <lb n="2102"/><span>dá dteagadh liom a nglórtha a sgaoileadh tharm, acht</span> <lb n="2103"/><span>mheasas gur chóir tagairt feasta do'n tseafóid chainnte</span> <lb n="2104"/><span>a bhí ar siubhal sna páipéiribh, tá tamall ó shoin ann.</span> <lb n="2105"/><span>Níor chuir sgríbhneóirí Chonnacht i gcéill iad féin roimhe</span> <lb n="2106"/><span>seo mar ba cheart dóibh a dhéanamh. Bhíodar ag glacadh</span> <lb n="2107"/><span>leis an saoghal go ró-réidh ar fad. Acht tá siad</span> <lb n="2108"/><span>músgluighthe ó n-a suan anois agus badh náireach an</span> <lb n="2109"/><span>sgéal le haithris é dá nglacaidís le masladh ó aon</span> <lb n="2110"/><span>duine — is cuma cé hé.</span></p> <lb n="2111"/> <lb n="2112"/><p><span>Tugadh fá fhurmhór sgríbhneóirí na Mumhan freisin,</span> <lb n="2113"/><span>acht ní gábhadh dhúinne a gcliú sin a chosaint annso. Tá</span> <lb n="2114"/><span>eólas ag Fearaibh Fáil ar a gcuid Gaedhilge, agus ní</span> <lb n="2115"/><span>baoghal nach dtiocfaidh siad ó'n díth-mheas a caitheadh</span> <lb n="2116"/><span>ortha.</span></p> <lb n="2117"/> <lb n="2118"/><p><span>Rachaidh leabhra an Athar Peadar i dtairbhe dhúinn go</span> <lb n="2119"/><span>léir, agus ní'l aon duine a léigheas iad nach fearrde</span> <lb n="2120"/><span>é é. Acht, cé go dtaithnigheann leabhra an Athar</span></p> </div> <pb n="52"/> <div><lb n="2121"/><p><span>Peadar linn, ní hionann sin agus a rádh go bhfuilmid</span> <lb n="2122"/><span>ar aon inntinn leis an ughdar i neithibh áithride ag baint</span> <lb n="2123"/><span>le litriughadh, le modh sgríobhtha agus le litridheacht.</span> <lb n="2124"/><span>Tá sean-eólas againn faoi seo ar an modh litrighthe ar</span> <lb n="2125"/><span>leith atá aige. Ní thaithnigheann an modh sin linn, acht</span> <lb n="2126"/><span>taithnigheann binneas & deiseacht & áilneacht a cainnte</span> <lb n="2127"/><span>linn go mór. Cuirimid spéis mhór sna ráidhtibh gearra</span> <lb n="2128"/><span>a bhíos aige, agus ní fhághamuid de locht ortha acht amháin</span> <lb n="2129"/><span>go leanann sé ró-fhada dhóibh go minic sul dá gcuireann</span> <lb n="2130"/><span>sé athrughadh crotha ortha. Sin locht ar an modh sgríobhtha,</span> <lb n="2131"/><span>dar linne. Éirighthear tuirseach de na habairtibh gearra</span> <lb n="2132"/><span>gonta mara n-athruighthear go healadhanta iad, agus</span> <lb n="2133"/><span>ráidhte ar athrughadh crotha agus déanamh a mheasgadh</span> <lb n="2134"/><span>leób go minic. Ní abraim nach ndéanann an tAthair</span> <lb n="2135"/><span>Peadar sin, acht deirim — de réir mo bharamhla — nach</span> <lb n="2136"/><span>ndéanann sé sáthac minic é. Ní leigeann sé lán-sgód</span> <lb n="2137"/><span>leis fhéin minic go leór. Dá leigeadh b'fhearrde a mhodh</span> <lb n="2138"/><span>sgríobhtha é.</span> <lb n="2139"/></p> </div> <pb n="53"/> <div><lb n="2140"/><p><span>An Triúr Amadán.</span></p> <lb n="2141"/> <lb n="2142"/><p><span>(As an gClaidheamh soluis.)</span></p> <lb n="2143"/> <lb n="2144"/><p><span>Bhí fear fadó ann agus is fadó bhí, agus bhí sé féin</span> <lb n="2145"/><span>agus a bhean an-tsaidhbhir ar fad. Bhí gach uile rud ag</span> <lb n="2146"/><span>éirghe leób go maith, acht amháin go rabhadar ag cailleadh</span> <lb n="2147"/><span>na cloinne. Ní raibh beó acab acht aon mhac amháin,</span> <lb n="2148"/><span>dar bh' ainm Tadhg, & ó bhíodar taobh leis, is cinnte</span> <lb n="2149"/><span>gur bh' é an “sugh súilíneach” leób é. Aon tráthnóna</span> <lb n="2150"/><span>amháin dá raibh an fear agus a bhain-chéile ag seanchus</span> <lb n="2151"/><span>le chéile go buadhartha brónach ar an mí-ádh a bhí ag</span> <lb n="2152"/><span>gabháil dóibh i dtaobh cailleadh na cloinne, 'seadh</span> <lb n="2153"/><span>dubhairt an fear go ciallmhar:—</span></p> <lb n="2154"/> <lb n="2155"/><p><span>“Dar fiadh! a Nóra, níor chualaidh tú riamh aon</span> <lb n="2156"/><span>smuainiughadh mar tháinic in m'intinn anois mar bhuailfeá</span> <lb n="2157"/><span>do dhá bhois fá chéile.”</span></p> <lb n="2158"/> <lb n="2159"/><p><span>“Ara! a Pháid 'chroidhe, céard sin ort anois? — nó</span> <lb n="2160"/><span>an ag éirghe seafóideach atáir?” arsa Nóra, go lag-</span> <lb n="2161"/><span>ghlórach.</span></p> <lb n="2162"/> <lb n="2163"/><p><span>“M'anam! nach headh, gur fada uaim é, le cong-</span> <lb n="2164"/><span>namh Dé,” arsa Páid. “Dheamhan smaoiniughadh níos</span> <lb n="2165"/><span>ciallmhaire 'ná é tháinic in m'aigneadh le bliadhantaibh</span> <lb n="2166"/><span>móra fada.”</span></p> <lb n="2167"/> <lb n="2168"/><p><span>“A Pháid, a chuid, an misde dhom a fhiafrughadh</span> <lb n="2169"/><span>céaróch machtnamh doimhin a bhís a dhéanamh, nó cé an</span> <lb n="2170"/><span>smuainiughadh iongantach é siúd adeir tú a' rith thrí</span> <lb n="2171"/><span>t'aigneadh?”</span></p> <lb n="2172"/> <lb n="2173"/><p><span>“Ní inneósainn d'aoinne é acht duit féin, a Nóra,</span> <lb n="2174"/><span>a ghrádh,” arsa Páid, “agus ná bíodh fios ag aoinne</span> <lb n="2175"/><span>ar mo chuid smuainte nó go bhfeicimid ar dtús an</span> <lb n="2176"/><span>mbéidh faill againn, le toil Dé, an riaghail is mian</span> <lb n="2177"/><span>liom a shocrughadh a chur i bhfeidhm.”</span></p> <lb n="2178"/> <lb n="2179"/><p><span>“Badh cheart go mbéadh fhios agat feasta, a stór,</span> <lb n="2180"/><span>nach rabhas-sa riamh in mo chabaire; agus nár mhisde do</span></p> </div> <pb n="54"/> <div><lb n="2181"/><p><span>dhuine coir a chrochta innseacht dom aon lá riamh, mar</span> <lb n="2182"/><span>go dearbhtha táim rúnmhar. Creid nó ná creid mé</span> <lb n="2183"/><span>acht 'sé sin lom-chlár na fírinne.”</span></p> <lb n="2184"/> <lb n="2185"/><p><span>“Tá tuairim mhaith agam in do thaobh,” arsa Páid;</span> <lb n="2186"/><span>“acht tá a fhios agam go rígh-mhaith gur deacair, agus</span> <lb n="2187"/><span>gur ionduail nach féidir teangthacha na mban a</span> <lb n="2188"/><span>choinneáil gan a bheith ag síor-shiosgadh agus ní'l agam</span> <lb n="2189"/><span>le rádh acht gur mór an pleidhce agus an pleóta, an</span> <lb n="2190"/><span>té d'innseóchadh coir a chrochta d'aon fhear ná mnaoi</span> <lb n="2191"/><span>dhár choisrig a malaí.”</span></p> <lb n="2192"/> <lb n="2193"/><p><span>“Tá tú ro-chruaidh ar na mnáibh ar fad,” arsa Nóra,</span> <lb n="2194"/><span>“agus nach ait an sgéal é, an rud is measa le duine,</span> <lb n="2195"/><span>gur minic gur air is measa labhrann sé!”</span></p> <lb n="2196"/> <lb n="2197"/><p><span>“Anois, a Nóra, ní aighneas, easaontas, ná</span> <lb n="2198"/><span>aragúinteacht a theastuigheas uainn,” arsa Páid go</span> <lb n="2199"/><span>céillidhe, “acht comhairle a bheith agam i dteannta</span> <lb n="2200"/><span>chéile gan gleó ná torann, go bhfeicimid an</span> <lb n="2201"/><span>réidhteóchamuid le chéile, agus go bhfeicead-sa an</span> <lb n="2202"/><span>aontóchaidh tusa liom 'san méid is maith liom a chur os</span> <lb n="2203"/><span>do chomhair.”</span></p> <lb n="2204"/> <lb n="2205"/><p><span>“Agus i n-ainm Dé 'gus Muire, sgaoil annseo</span> <lb n="2206"/><span>chugainn é feasta, agus ná bhí ag tabhairt leath-bhuird</span> <lb n="2207"/><span>air níos fuide,” arsa Nóra.</span></p> <lb n="2208"/> <lb n="2209"/><p><span>“Maise, is furas a rádh,” arsa Páid. “Támuid</span> <lb n="2210"/><span>ag cailleadh na cloinne: ní'l againn acht an t-aon</span> <lb n="2211"/><span>duine Tadhg. Thug Dia nó na “daoine maithe” uainn</span> <lb n="2212"/><span>gach duine eile dár gheall Dia dhúinn, agus 'séard tá</span> <lb n="2213"/><span>in m'intinn, a Nóra, “Tadhg” a thabhairt freisin ar gach</span> <lb n="2214"/><span>mac eile a bhéas againn, ó thárla gurab é an t-ainm</span> <lb n="2215"/><span>atá ag maireachtáil dúinn é.”</span></p> <lb n="2216"/> <lb n="2217"/><p><span>“Ní abróchadh aoinne é acht duine tuigsionach</span> <lb n="2218"/><span>fad-bhreathnuightheach,” arsa Nóra. “Má gheallann Dia</span> <lb n="2219"/><span>dhúinn iad béidh mé sásta, mara ngeallaidh b'fhéidir</span> <lb n="2220"/><span>go mbadh amhlaidh b'fhearr é.”</span></p> <lb n="2221"/> <lb n="2222"/><p><span>“Déanfaidh sin, a Nóra,” arsa Páid, “go raibh</span> <lb n="2223"/><span>míle maith agat. Ní chreidim go dtóigfeadh Dia</span> <lb n="2224"/><span>orainn é.”</span></p> <lb n="2225"/> <lb n="2226"/><p><span>Bhí go maith 's ní raibh go holc. Ba é toil Dé gur</span> <lb n="2227"/><span>gairid gur rugadh beirt mhac dhóibh, agus hainmnigheadh</span></p> </div> <pb n="55"/> <div><lb n="2228"/><p><span>“Tadhg” ar gach duine aca — “Tadhg Beag,” “Tadhg</span> <lb n="2229"/><span>mór,” agus “Tadhg, a Ghrádh.” D'fhásadar suas go</span> <lb n="2230"/><span>rabhadar 'na mbuachaillibh óga, agus annsin cheannuigh</span> <lb n="2231"/><span>an t-athair feilm thalmhan do gach duine aca, agus</span> <lb n="2232"/><span>ba mhian leis iad a phósadh. Mar sin d'imthigh leis</span> <lb n="2233"/><span>ar thóir ban dóibh, acht ba bheag an mhaith dhó sin. Ní</span> <lb n="2234"/><span>raibh 'na chloinn acht triúr cliobairí móra gan críonnacht</span> <lb n="2235"/><span>nó éirim, agus cheap gach duine gur clabhtaidhe móra</span> <lb n="2236"/><span>d'amadáin a bhí ionnta, & 'ar ndóigh dheamhan a bpósfadh</span> <lb n="2237"/><span>aon chailín gleóidhte a raibh maoin agus saidhbhreas aici</span> <lb n="2238"/><span>ceachtar aca — nidh nár mhilleán uirri. D'á bhrigh sin</span> <lb n="2239"/><span>fuair sé triúr cailíní bocht dóibh bhí cruaidh críonna</span> <lb n="2240"/><span>céillidhe, agus pósadh an triúr amadán aon lá amháin.</span></p> <lb n="2241"/> <lb n="2242"/><p><span>Bhíodar go compórtach ag obair ar na feilmneachaibh</span> <lb n="2243"/><span>ar feadh tamaill, an saoghal ag éirghe go maith leób,</span> <lb n="2244"/><span>ba agus caoirigh go leór acab, rath & slacht ar a gcuid</span> <lb n="2245"/><span>oibre, & sonas ar gach rud a rabhadar ag dul thríd.</span></p> <lb n="2246"/> <lb n="2247"/><p><span>Aon lá amháin, chuir an t-athair cuireadh chun dínnéir</span> <lb n="2248"/><span>ar an triúr lánamhain agus is lúthmhar éasgaidh</span> <lb n="2249"/><span>thrialladar air, gach beirt go meidhreach ag a cheapadh</span> <lb n="2250"/><span>gurab iad féin is mó a thaithneóchadh leis an athair, mar</span> <lb n="2251"/><span>ba í seo an chéad chuairt a bhíodar a thabhairt air ó</span> <lb n="2252"/><span>pósadh iad. Thar éis bídh a chaitheamh thosuigh sé ag</span> <lb n="2253"/><span>comhrádh le na mnáibh & bhí gach duine acab ag gearán</span> <lb n="2254"/><span>agus ag casaoid nach raibh splannc chéille ag a fear</span> <lb n="2255"/><span>féin, agus ag a rádh, dhá bhoichte dh'á rabhadar sul</span> <lb n="2256"/><span>phósadar, go raibh an mí-fhortún ar fad ortha ó</span> <lb n="2257"/><span>ghreamuigheadar de na leibidíbh de chloinn mhac a bhí</span> <lb n="2258"/><span>aige-san.</span></p> <lb n="2259"/> <lb n="2260"/><p><span>“Anois,” arsa an t-athair, “creidim nach bhfuil</span> <lb n="2261"/><span>ionnta acht pleidhcí, agus bhéarfad trí fichid punnt</span> <lb n="2262"/><span>mar dhuais do'n mhnaoi is mó a dhéanfas amádán dá</span> <lb n="2263"/><span>fear, agus ó thárla gur amadáin faoi láthair iad, ní</span> <lb n="2264"/><span>bhéidh an t-airgead i bhfad d'á shaothrughadh.”</span></p> <lb n="2265"/> <lb n="2266"/><p><span>Bhí na mná lán-tsásta & thosuigheadar ortha ar an</span> <lb n="2267"/><span>bpointe boise ar an obair ghreannamhail a bhí ar láimh</span> <lb n="2268"/><span>acab.</span></p> <lb n="2269"/> <lb n="2270"/><p><span>Thosuigh bean Thaidhg Bhig ag tabhairt biotáille dhá</span> <lb n="2271"/><span>fear féin nó go raibh sé ar na stealladh dúrach le</span></p> </div> <pb n="56"/> <div><lb n="2272"/><p><span>meisge. Annsin chroch sí léithi abhaile é, acht nuair a</span> <lb n="2273"/><span>bhí sé i ngar dá theach féin thuit sé 'na phleibistín ar an</span> <lb n="2274"/><span>mbóthar gan mothughadh nó arann. Is gairid gur bhuail</span> <lb n="2275"/><span>bacach bocht an bóthar, agus gach ré ball dá chroiceann</span> <lb n="2276"/><span>leis. D'iarr sé déarc ortha i n-ainm Dé 'gus Mhuire.</span></p> <lb n="2277"/> <lb n="2278"/><p><span>“Ní'l aon déarc agam-sa dhuit, a dhuine bhoicht,”</span> <lb n="2279"/><span>ar sise. “Acht seo fear atá ar meisge a bhfuil culaidh</span> <lb n="2280"/><span>bhreágh shleamhain mhín éadaigh air, & ní'l snáithe de na</span> <lb n="2281"/><span>seacht n-éadaigh ort-sa, acht na gioblaigh sin. Mar</span> <lb n="2282"/><span>sin bhéarfad duit a chuid éadaigh agus míle fáilte,</span> <lb n="2283"/><span>acht go gcaithfear do chuid gioblach féin a chur air.”</span></p> <lb n="2284"/> <lb n="2285"/><p><span>“M'anam, gur caraid a dhéarfadh é,” ar seisean,</span> <lb n="2286"/><span>“agus glac mo mhíle buidheachas as ucht an chineáltais</span> <lb n="2287"/><span>& an cháirdeasa thruaighe a thaisbeán tú dhom.”</span></p> <lb n="2288"/> <lb n="2289"/><p><span>Thosuigh air annsin, agus is gairid go raibh an plíoma</span> <lb n="2290"/><span>d'amadán lom-nochtuighthe aige, na gioblaigh & na</span> <lb n="2291"/><span>balcaisí fáisgthe suas air, agus éadach mín luachmhar</span> <lb n="2292"/><span>an amadáin buailte suas ar chabhail an bhachaigh, a chuir</span> <lb n="2293"/><span>i gcruth & i bhfoirm duine uasail árd-nósaigh a láithreach</span> <lb n="2294"/><span>bonn.</span></p> <lb n="2295"/> <lb n="2296"/><p><span>Ar n-a dhéanamh sin di ghluais an bhean abhaile go</span> <lb n="2297"/><span>meidhreach & d'fhágaibh sí an t-amadán bocht sínte ar</span> <lb n="2298"/><span>an móinín bán ar leath-taobh an bhóthair. An tráth ar</span> <lb n="2299"/><span>mhusgail an duine bocht as an trom-chodladh agus</span> <lb n="2300"/><span>an meisge, fuair sé é féin gléasta suas i gculaidh</span> <lb n="2301"/><span>bacaigh, agus gan duine ná deóraidhe i n'aice.</span> <lb n="2302"/><span>Breathnuigh sé air féin & thosuigh sé ag smaoineadh</span> <lb n="2303"/><span>go dúthrachtach. “Ní'l a fhios agam an mé atá ann,”</span> <lb n="2304"/><span>ar seisean: “‘Cá bhfuil mo chualaidh éadaigh, má's</span> <lb n="2305"/><span>mé? Saoilim gur liom an fheilm sin, agus ní</span> <lb n="2306"/><span>aithnigheann na fir oibre mé! Saoilim gur liom an</span> <lb n="2307"/><span>teach mór sin thall. Má's mé atá ann, aithneóchaidh</span> <lb n="2308"/><span>na madraí mé.” Suas leis go dtí doras an tighe</span> <lb n="2309"/><span>mhóir. Thosuigh na madraí ag tafaint nuair chonnaic-</span> <lb n="2310"/><span>eadar an bacach ag trialladh ar an doras. Is gearr</span> <lb n="2311"/><span>gur éirigh an bhean-uasal amach agus dubhairt: “An</span> <lb n="2312"/><span>déarc atá uait, a dhuine bhoicht?”</span></p> <lb n="2313"/> <lb n="2314"/><p><span>“Seadh,” ar seisean — mar bhí ocras air.</span></p> <lb n="2315"/> <lb n="2316"/><p><span>Thug sí arán agus feóil chuige, a thug a lán subhachais</span> <lb n="2317"/><span>dó, már bhí sé stiúgtha leis an ocras.</span> <lb n="2318"/></p> </div> <pb n="57"/> <div><lb n="2319"/><p><span>“Bí annseo tráthnóna,” ar sise, “agus béidh do</span> <lb n="2320"/><span>dhínnéar le fágháil agat.”</span></p> <lb n="2321"/> <lb n="2322"/><p><span>Nuair fuair sé é sin, cuireadh chun codalta 'san</span> <lb n="2323"/><span>sgioból é.</span></p> <lb n="2324"/> <lb n="2325"/><p><span>Lá'r n-a bhárach d'orduigh an bhean dó a bheith ag</span> <lb n="2326"/><span>obair ar fud an gháirdín agus go dtiubhradh sí a bhiadh</span> <lb n="2327"/><span>agus a dheoch dhó i gceann tamaill.</span></p> <lb n="2328"/> <lb n="2329"/><p><span>“Ní'l tú láidir le bheith ag siubhal mar sin, a dhuine</span> <lb n="2330"/><span>bhoicht,” ar sise, “acht b'fhéidir gur gairid go</span> <lb n="2331"/><span>bhféadamuid athrughadh éadaigh fhágháil duit.”</span></p> <lb n="2332"/> <lb n="2333"/><p><span>Bhí an obair seo ar bun i ngan fhios do'n dá</span> <lb n="2334"/><span>lánamhain eile, acht ní rabhadar féin 'na gcomhnuidhe.</span></p> <lb n="2335"/> <lb n="2336"/><p><span>Ar maidin, thar éis an fhéasta, 'nuair shaoil Tadhg</span> <lb n="2337"/><span>Mór dhul ag obair, ní raibh snáithe éadaigh le fágháil</span> <lb n="2338"/><span>aige, agus dubhairt an bhean leis go gcaithfeadh sé</span> <lb n="2339"/><span>fanamhaint ar a leabaidh, mar go dtug ceannuidhe</span> <lb n="2340"/><span>leis an t-éadach. B'éigin do'n duine bocht fanamhaint</span> <lb n="2341"/><span>'na splíota ar a leabaidh ag cur a chuid oibre thrí na</span> <lb n="2342"/><span>chéile, mar ní raibh eólas ná suim aige i rud ar bith</span> <lb n="2343"/><span>acht obair an tsaoghail.</span></p> <lb n="2344"/> <lb n="2345"/><p><span>An lá céadna bhí bean “Thaidhg, a Ghrádh” 'na suidhe</span> <lb n="2346"/><span>cois na teineadh, nuair a tháinic a fear isteach thar éis</span> <lb n="2347"/><span>a bheith ag obair.</span></p> <lb n="2348"/> <lb n="2349"/><p><span>“Bhfuil mo dhínnéar ullmhuighthe agat?” ar seisean</span> <lb n="2350"/><span>le n-a mhnaoi.</span></p> <lb n="2351"/> <lb n="2352"/><p><span>Bhreathnuigh sí suas air 'san éadan.</span></p> <lb n="2353"/> <lb n="2354"/><p><span>“Céard sin ort, a Thaidhg?” ar sise.</span></p> <lb n="2355"/> <lb n="2356"/><p><span>“Ní'l aon nidh orm” ar seisean.</span></p> <lb n="2357"/> <lb n="2358"/><p><span>“Tá rud eicínt ort,” ar sise, go brónach; “tá an</span> <lb n="2359"/><span>lasadh bhí in do ghruaidh sgaipthe! tá do dhá shúil 'na</span> <lb n="2360"/><span>seasamh in do cheann! tá tú ar crith! — Ó! dar fiadh,</span> <lb n="2361"/><span>tá an bás ort, a Thaidhg!” ar sise, ag tosughadh ag</span> <lb n="2362"/><span>gul.</span></p> <lb n="2363"/> <lb n="2364"/><p><span>“Diabhal pian ná tinneas orm-sa,” arsa Tadhg,</span> <lb n="2365"/><span>“ná rud an bith eile acht amháin an t-ocras.”</span></p> <lb n="2366"/> <lb n="2367"/><p><span>“Deirim leat go bhfuil,” ar sise. “Luigh ar do</span> <lb n="2368"/><span>leabaidh agus fágh bás, mar thairis ní féidir leat dhul.”</span></p> <lb n="2369"/> <lb n="2370"/><p><span>Leis sin, chuaidh Tadhg a chodladh, & fuair sé bás!</span> <lb n="2371"/><span>Cheannuigh sise tobac fá chomhair an tórraimh, agus, mar</span></p> </div> <pb n="58"/> <div><lb n="2372"/><p><span>is gnáthach, chruinnigh na comhursanna isteach 'ghá chaitheamh,</span> <lb n="2373"/><span>agus ag caoineadh Thaidhg. Dheamhan uair dá dtéigheadh</span> <lb n="2374"/><span>an bhean i n-aice na leaptha nach n-abradh Tadhg i</span> <lb n="2375"/><span>gcogar, “Bhfuil mo bhéile réidh fós agat?”</span></p> <lb n="2376"/> <lb n="2377"/><p><span>Bhí go maith 's ní raibh go holc, mar deir an sean-</span> <lb n="2378"/><span>chuidhe. Lá na sochraide cuireadh 'san gcómhnra chláir é,</span> <lb n="2379"/><span>agus chroch ceathar buachaillí leób ar a nguailnibh é chun</span> <lb n="2380"/><span>na reilge. Ar an mbealach dhóibh go dtí an reilig</span> <lb n="2381"/><span>chuadar thar theach Thaidhg Mhóir a bhí i ngéibheann ar an</span> <lb n="2382"/><span>leabaidh ó'n lá a dtug an ceannuidhe a chuid éadaigh</span> <lb n="2383"/><span>uaidh.</span></p> <lb n="2384"/> <lb n="2385"/><p><span>Nuair a chonnaic a bhean an tsochraid ag teacht,</span> <lb n="2386"/><span>chuaidh sí siar sa seomra go dtí Tadhg, go milleánach,</span> <lb n="2387"/><span>agus dubhairt:</span></p> <lb n="2388"/> <lb n="2389"/><p><span>“Is mór an náire dhuit, a Thaidhg, do dhearbhráthair</span> <lb n="2390"/><span>grádhmhar a bheith ag dul sa gcill, gan thú bheith ar a</span> <lb n="2391"/><span>shochraid. Sin rud nach ndéanfadh seisean leat-sa.”</span></p> <lb n="2392"/> <lb n="2393"/><p><span>“Mo dhearbhráthair ag dul 'sa gcill! Óchón go</span> <lb n="2394"/><span>deó! mise sínte annseo agus mo dhearbhráthair ag dul</span> <lb n="2395"/><span>chun na cille! Mise annseo im' stróinse fá'n</span> <lb n="2396"/><span>bpluid, agus Tadhg a Ghrádh d'á shíneadh 'san uaigh!</span> <lb n="2397"/><span>Ó! an abrann tú go dearbhtha gur ab í an fhírinne í?</span> <lb n="2398"/><span>Cá bhfuil mo chuid éadaigh, adeirim? A Thighearna na</span> <lb n="2399"/><span>trócaire, céard a dhéanfas mé ar chor ar bith de cheal</span> <lb n="2400"/><span>mo chuid balcaisí! Mise gan snáth éadaigh & go dtug</span> <lb n="2401"/><span>tusa, a sheafóidín, mo chulaidh bhreágh cheann-easna do</span> <lb n="2402"/><span>bhacach an bhóthair!”</span></p> <lb n="2403"/> <lb n="2404"/><p><span>Annsin thosuigh sé ag filidheacht, agus is é r'd</span> <lb n="2405"/><span>adubhairt:</span></p> <lb n="2406"/> <lb n="2407"/><p><span>“A Thaidhg, a ghrádh, nach bocht é an bás</span> <lb n="2408"/><span>'S nach brónach cráidhte an sgéal é,</span> <lb n="2409"/><span>Mo dhearbhráthairín dil ag dul i gcill —</span> <lb n="2410"/><span>Má's fíor mar deir mo chéile.</span> <lb n="2411"/><span>Cead fairíor géar! a ghrádh mo chléibh,</span> <lb n="2412"/><span>Ní'l agam acht thú 'chaoineadh,</span> <lb n="2413"/><span>An t-éadach breágh bhí agam tá</span> <lb n="2414"/><span>Anois ag bacach saoghalta.</span></p> </div> <pb n="59"/> <div><lb n="2415"/><p><span>“Mo bhean gan chéill a thug dhó féin</span> <lb n="2416"/><span>Mo chulaidh bhreagh ba dhaoire,</span> <lb n="2417"/><span>'S d'fhág mé féin — mo bhrón 's mo léan —</span> <lb n="2418"/><span>Gan snáth le haghaidh an Lae Saoire!</span> <lb n="2419"/><span>Marbh-fáisg, gach mísg 's crádh,</span> <lb n="2420"/><span>Gan suairceas choidhche nó aoibhneas,</span> <lb n="2421"/><span>Go raibh go bráth ar an mbacach teánn</span> <lb n="2422"/><span>'S an bhean thug dhó mo mhaoin-se!”</span></p> <lb n="2423"/> <lb n="2424"/><p><span>“Ara! a amadáin, tá tú ar buile,” arsa an bhean,</span> <lb n="2425"/><span>agus leig de do chuid seafóide.”</span></p> <lb n="2426"/> <lb n="2427"/><p><span>D'fhreagair Tadhg mar seo:—</span></p> <lb n="2428"/> <lb n="2429"/><p><span>“Seafóid go héag ort, droch rath agus léan ort,</span> <lb n="2430"/><span>Maran tú tá gan eagla gan náire;</span> <lb n="2431"/><span>Mo bhalcaisí bhronn tú ar bhacach na dúithche,</span> <lb n="2432"/><span>Acht gan amhras béidh agam-sa sásadh.</span> <lb n="2433"/><span>Tá mé annseo sínte, gan casóg ná bríste,</span> <lb n="2434"/><span>Ná snáithe le cur ar mo chnámhaibh,</span> <lb n="2435"/><span>'S an bacach go haerach i gculaidh ghlas-caorach</span> <lb n="2436"/><span>A' magadh 's a' spreallaracht gháire.”</span></p> <lb n="2437"/> <lb n="2438"/><p><span>“'Nois, a Thaidhg,” arsa an bhean, “bíodh foighid</span> <lb n="2439"/><span>bheag agat, & is gairid a bhéas mise ag fágháil culaidh</span> <lb n="2440"/><span>dhuit i bhfad níos seasmhaighe 'ná an chulaidh a bhfuil tú</span> <lb n="2441"/><span>ag clamhsán 'n-a taobh. Ní bhéidh sé le rádh ag aoinne</span> <lb n="2442"/><span>go deó gur choinnigh mise thú ó shochraid do dhear-</span> <lb n="2443"/><span>bhráthra.”</span></p> <lb n="2444"/> <lb n="2445"/><p><span>Amach léithi 'san sgioból, agus bheireann sí isteach</span> <lb n="2446"/><span>croiceann bó, & leag sí aniar ar a dhruim é. Chuir sí</span> <lb n="2447"/><span>cúpla cnaipe maith daingean láidir i bhfus ar a bhrollach,</span> <lb n="2448"/><span>an dá adhairc 'n-a seasamh suas le n-a dhá chluais,</span> <lb n="2449"/><span>agus an t-iorball síos go talamh 'n-a dhiaidh — ar nós</span> <lb n="2450"/><span>cheannaidhe an iorbaill a facthas go minic ar bhóithribh</span> <lb n="2451"/><span>Chonnamara.</span></p> <lb n="2452"/> <lb n="2453"/><p><span>“Seo 'nois,” ar sise, “tá culaidh chomh faisiúnta</span> <lb n="2454"/><span>ort agus tá ar an tsochraid indiu!”</span></p> <lb n="2455"/> <lb n="2456"/><p><span>D'fhreagair seisean i bhfilidheacht arís mar seo:—</span></p> <lb n="2457"/> <lb n="2458"/><p><span>“Tá croiceann mór láidir 'nois orm go teánn a'd,</span> <lb n="2459"/><span>'S an t-iorball seo síos le mo shála,</span></p> </div> <pb n="60"/> <div><lb n="2460"/><p><span>'S mé dul ins na fásgaibh ar shochraid mo dhearbhráthra</span> <lb n="2461"/><span>Tá, fairíor, 'nois imthigh' go bráth uaim!</span> <lb n="2462"/><span>An cneábhaire bacaigh úd, bainfead-sa faic as,</span> <lb n="2463"/><span>Béidh smíochadh 'gus achrann is ár ann,</span> <lb n="2464"/><span>Ní'l bacach im' aithne ó Bh'l'á' Cliath go Gaillimh</span> <lb n="2465"/><span>Nach gcuirfinn-se streilleadh 'gus cáir air!”</span></p> <lb n="2466"/> <lb n="2467"/><p><span>Amach leis annsin, mar bhéadh sé ar dearg-bhuile, &</span> <lb n="2468"/><span>é ag rannuidheacht i gcomhnuidhe, ag teacht i ndiaidh na</span> <lb n="2469"/><span>sochraide. Bhí díosgán ban i ndiaidh na cómhnra cláir</span> <lb n="2470"/><span>ag cur síos ar chúrsaidhibh an tsaoghail go cúramach</span> <lb n="2471"/><span>dhóibh féin, nuair a chonnaiceadar Tadhg ag teacht 'n-a</span> <lb n="2472"/><span>ndiaidh 'sna feirrí glinnte.</span></p> <lb n="2473"/> <lb n="2474"/><p><span>“Ó! m'anam ag Dia,” arsa duine aca, “gur ab é</span> <lb n="2475"/><span>an Diabhal atá ag teacht i bhfoirm fir a bhfuil croiceann</span> <lb n="2476"/><span>bó air, adharca gabhair, & iorball asail agus é ag</span> <lb n="2477"/><span>iarraidh Thaidhg a Ghrádh!”</span></p> <lb n="2478"/> <lb n="2479"/><p><span>Rith duine soir, duine siar, duine ar gach uile thaobh,</span> <lb n="2480"/><span>nó i ndeireadh na preibe nár fhan mac an pheata dh'á</span> <lb n="2481"/><span>raibh ar an tsochraid acht an ceathrar a bhí faoi'n gcorp.</span> <lb n="2482"/><span>Nuair tháinic sé suas ghlaoidh sé amach ag caoineadh:—</span></p> <lb n="2483"/> <lb n="2484"/><p><span>“A dhearbhráthairín! a dhearbhráthairín! nach bhfeicfead</span> <lb n="2485"/><span>go héag!”</span></p> <lb n="2486"/> <lb n="2487"/><p><span>Labhair an fear istigh agus dubhairt:— “An tú</span> <lb n="2488"/><span>Tadhg?”</span></p> <lb n="2489"/> <lb n="2490"/><p><span>Nuair mhothuigh na buachaillí do bhí fá'n gcorp an</span> <lb n="2491"/><span>marbhán ag labhairt, chaitheadar dhíobh an chómhnra chomh</span> <lb n="2492"/><span>tapaidh 's b'fhéidir leób é, & lasg leób go mear 's go</span> <lb n="2493"/><span>huathbhásach, agus d'fhágadar an corp annsin agus an</span> <lb n="2494"/><span>“Fear Mór,” dar leób, ag caismirt leis.</span></p> <lb n="2495"/> <lb n="2496"/><p><span>“An tú Tadhg, adeirim?” arsa an fear istigh arís.</span></p> <lb n="2497"/> <lb n="2498"/><p><span>D'fhreagair Tadhg, agus is é r'd adubhairt:</span></p> <lb n="2499"/> <lb n="2500"/><p><span>“Is mise Tadhg, 's tá orm tadhad</span> <lb n="2501"/><span>'S fearg, nidh nach iongnadh,</span> <lb n="2502"/><span>Mo bhean, a Thaidhg, a dhein díom beitheach,</span> <lb n="2503"/><span>'S chuir orm croiceann críonnta.”</span></p> <lb n="2504"/> <lb n="2505"/><p><span>“Ar son Dé,” arsa an fear istigh, “leig de'n</span> <lb n="2506"/><span>fhilidheacht agus féach ar dtús le mise a leigean as an</span> <lb n="2507"/><span>ngéibheann.”</span> <lb n="2508"/></p> </div> <pb n="61"/> <div><lb n="2509"/><p><span>“Ara, an gcreidfead go bhfuilir beó chor ar bith?”</span> <lb n="2510"/><span>arsa Tadhg file, “mar tháinic mise le cuthach 's</span> <lb n="2511"/><span>teasbach ag a cheapadh go rabadar ag dul go do chur</span> <lb n="2512"/><span>'san uaigh.”</span></p> <lb n="2513"/> <lb n="2514"/><p><span>“Táim beó ar éigin,” ar seisean, “acht táim i</span> <lb n="2515"/><span>ndáil le bheith stiúgtha leis an ocras, & cuirim geasa</span> <lb n="2516"/><span>droma draoidheachta ort féachaint le mé leigint as</span> <lb n="2517"/><span>seo.”</span></p> <lb n="2518"/> <lb n="2519"/><p><span>“Leigfead, chomh fada 's rachas mo chuid adharc,” ar</span> <lb n="2520"/><span>seisean.</span></p> <lb n="2521"/> <lb n="2522"/><p><span>Annsin chuir fear an iorbaill liúgh 'gus béice as a</span> <lb n="2523"/><span>chluinfeá trí mhíle ar gach taobh dhíot agus le dúrach</span> <lb n="2524"/><span>thosuigh sé ag lasgadh na gclár le n-a chuid adharc</span> <lb n="2525"/><span>agus é ag baint gach fuama agus siolladh asta nó</span> <lb n="2526"/><span>gur mhór an t-uathbhás é le allus. Faoi dheireadh</span> <lb n="2527"/><span>bhí an chómhnra na stiallacha aige agus Tadhg a ghrádh</span> <lb n="2528"/><span>innti istigh, acht mo bhrón! leis an mbuille deireannach</span> <lb n="2529"/><span>déigheannach bhuail sé aon phlaidhb amháin go díreach</span> <lb n="2530"/><span>glan i gceart-lár na luirgeann ar Thadhg a Ghrádh,</span> <lb n="2531"/><span>agus rinne sé sprúdhánaí dá chois. Annsin nuair nár</span> <lb n="2532"/><span>bh'fhéidir leis na cosa a chur faoi, bhuail Tadhg suas</span> <lb n="2533"/><span>ar a dhruim an fear bacach agus thosuigh sé ag</span> <lb n="2534"/><span>filidheacht agus ag crónán dó, 'ghá bhréagadh, nó gur</span> <lb n="2535"/><span>chum sé port deas damhsa a dtugann na Gaedhil</span> <lb n="2536"/><span>“Tadhg a Ghrádh” air ó shoin, agus na Seóiníní an</span> <lb n="2537"/><span>“Rocky Road to Dublin” —</span></p> <lb n="2538"/> <lb n="2539"/><p><span>“Óra Thaidhg, a ghrádh</span> <lb n="2540"/><span>Óra Thaidhg, a chumainnín</span> <lb n="2541"/><span>Óra Thaidhg, a Thaidhg,</span> <lb n="2542"/><span>'S grádh mo chroidhe mo chumainnín.”</span></p> <lb n="2543"/> <lb n="2544"/><p><span>Is iomdha oidhche shultmhar shuairc a raibh dráma ag na</span> <lb n="2545"/><span>buachaillíbh i gcuimhne an lae úd na dtrí n-amadán.</span></p> <lb n="2546"/> <lb n="2547"/><p><span>Níor bh'fhéidir liom a fhágháil amach riamh ar casadh</span> <lb n="2548"/><span>Tadhg Mór agus an bacach ar a chéile.</span></p> <lb n="2549"/> <lb n="2550"/><p><span>Anois, a léightheóirí an “Chlaidhimh,” cé aca amadán</span> <lb n="2551"/><span>bá mhó bhí 'n-a phleidhce nó cé an bhean a mbadh cheart an</span> <lb n="2552"/><span>duais a thabhairt di?</span></p> <lb n="2553"/> <lb n="2554"/><p><span>“Cois-Fairrge.”</span> <lb n="2555"/></p> </div> <pb n="62"/> <div><lb n="2556"/><p><span>An chéad lá ar mealladh mé</span> <lb n="2557"/><span>ó'n sgoil.</span></p> <lb n="2558"/> <lb n="2559"/><p><span>(As Irisleabhar na Gaedhilge.)</span></p> <lb n="2560"/> <lb n="2561"/><p><span>Is maith an sgathamh anois ó thárla sé seo. Tá,</span> <lb n="2562"/><span>fairíor! bunáite gach duine de na daoinibh a bhí an</span> <lb n="2563"/><span>lá úd in mo theannta anois i gcoigcríocht sgaipthe ar</span> <lb n="2564"/><span>fud an tsaoghail. Tá an chuid is mó dhíobh san Oileán Úr</span> <lb n="2565"/><span>ag saothrughadh greime a mbéil go cruaidh agus go</span> <lb n="2566"/><span>hallusach a bhfad ó n-a ndáimh agus a ngaolta. Tá</span> <lb n="2567"/><span>beirt nó triúr dhíobh fós ag comhnuidhe san tsean-tírín</span> <lb n="2568"/><span>dúthchais ag cabhrughadh le n-a muinntir. Acht, mo nuar!</span> <lb n="2569"/><span>tá sé de rún & d'inntinn acab sguabadh leób ó</span> <lb n="2570"/><span>“Éirinn ghlais na bhFiann” anonn thar mhuir mhóir na</span> <lb n="2571"/><span>dtonn chomh luath i nÉirinn 's is féidir leób é.</span></p> <lb n="2572"/> <lb n="2573"/><p><span>Nach iongantach agus nach ait an mac an saoghal &</span> <lb n="2574"/><span>nach mór a bhíos i gcinneamhaint na ndaoine! Fairíor,</span> <lb n="2575"/><span>nach go ró-luath i gcomhnuidhe a thigeas buaidhreadh &</span> <lb n="2576"/><span>anró an tsaoghail seo, & a imthigheas fuinneamh &</span> <lb n="2577"/><span>meisneach & croidheamhlacht na hóige! Nach ró-ghearr a</span> <lb n="2578"/><span>mhaireas laetheannta aoibhneacha gréineacha ár n-óige, an</span> <lb n="2579"/><span>t-am is aoibhnighe & is sólásaighe dár chaith neach ariamh!</span></p> <lb n="2580"/> <lb n="2581"/><p><span>Cá bhfuil an tÉireannach i gcéin nach dtigeann cumha</span> <lb n="2582"/><span>ar a chroidhe nuair a ghníonn sé machtnamh geanamhail ar</span> <lb n="2583"/><span>gach sult & gach siamsa d'á mbíodh aige i n'óige ar</span> <lb n="2584"/><span>bhántaibh míne Inse Fáil? Agus cá bhfuil an tÉireannach</span> <lb n="2585"/><span>nach bhfuil rud eicínt d'ár thárla i laethibh a óige go</span> <lb n="2586"/><span>grádhmhar ceanamhail i bhfíor-íochtar a chroidhe mar shéala</span> <lb n="2587"/><span>nach bhféadfaidh sé sgaradh leis ná dearmad a dhéanamh</span> <lb n="2588"/><span>air go n-imthighidh an tséideóg dheiridh as?</span></p> <lb n="2589"/> <lb n="2590"/><p><span>Cé gur fada ó Éirinn a bhíos an deóraidhe dúbhach</span> <lb n="2591"/><span>bocht go minic, cé gur ab iomdha lá agus bliadhain ó</span> <lb n="2592"/><span>d'fhág sé. “slán agus beannacht” ag a thír agus a</span></p> </div> <pb n="63"/> <div><lb n="2593"/><p><span>mhuinntir dhúthchais, tá go síoruidhe aige le feiceál os</span> <lb n="2594"/><span>comhair a amhairc spioradáilte gleannta, cumair,</span> <lb n="2595"/><span>agus bánta Fáil, agus nach minic a feicthear dhó go</span> <lb n="2596"/><span>mbíonn na sean-cháirde óga croidheamhla aríst i n'aice,</span> <lb n="2597"/><span>agus na sean-chleasa a bhíodh acab fadó aríst acab d'á</span> <lb n="2598"/><span>gcleachtadh le meidhir agus le fuinneamh. Agus cé'n</span> <lb n="2599"/><span>t-áthas agus an glionndar a bheireas na smaointe agus</span> <lb n="2600"/><span>an taidhbhreamh seo dhó fad 's mhaireas siad agus cé'n</span> <lb n="2601"/><span>duairceas agus an chumha chroidhe a bhíos air ar mhúsgailt</span> <lb n="2602"/><span>dó ar a fhágháil féin sgartha leób go léir!</span></p> <lb n="2603"/> <lb n="2604"/><p><span>Is beag duine againn nár thárla rud eicínt ar feadh</span> <lb n="2605"/><span>na haimsire a chaitheamar ag dul chun sgoile a bhéas</span> <lb n="2606"/><span>go h-úr-ghlas 'nár gcuimhne i gcomhnuidhe pé áird de'n</span> <lb n="2607"/><span>domhan mór 'n-a gcasfar sinn. Chaitheas féin mo chúig</span> <lb n="2608"/><span>bliadhna déag ó thosuigheas gur fhágas an sgoil i</span> <lb n="2609"/><span>gceanntar Gaedhealach Chois-Fhairrge. Acht ní ar na</span> <lb n="2610"/><span>bliadhantaibh úd atáim ag dul ag trácht, acht ar aon</span> <lb n="2611"/><span>lá amháin d'aimsir mo sgolaidheachta agus an dá lá 's</span> <lb n="2612"/><span>mhairfeas mé ní fhéadfad dearmad a dhéanamh air — mar</span> <lb n="2613"/><span>ba é an chéad lá riamh é ar mheall mo chompánaí mé le</span> <lb n="2614"/><span>fanamhaint ó sgoil.</span></p> <lb n="2615"/> <lb n="2616"/><p><span>Ní raibh ionnam acht paitrín beag bídeach an t-am</span> <lb n="2617"/><span>úd. Tá sé anois os cionn dhá bhliadhan déag ó shoin,</span> <lb n="2618"/><span>agus bhíos ins an treas leabhar. As mo bhaile féin</span> <lb n="2619"/><span>bhí dh'áréag buachaillí eile ag dul chuig an sgoil agus</span> <lb n="2620"/><span>bhí an mac seo ar an duine do b'óige dhíobh. Ní misde</span> <lb n="2621"/><span>a rádh gur bhuachaillí árd-inntinneacha croidheamhla a bhí</span> <lb n="2622"/><span>ionnta bunáite go léir. Ba dheacair ialach a chur ortha</span> <lb n="2623"/><span>dearcadh ar leabhar ná páipéar ag baile, fód ná</span> <lb n="2624"/><span>caorán iomchur go dtí an sgoil, ná bheith istigh go</span> <lb n="2625"/><span>headartha buidhe gréine go minic, agus, 'ar ndóigh, ba</span> <lb n="2626"/><span>mhinic cuid díobh ag imtheacht nó ag a iarraidh a bheith</span> <lb n="2627"/><span>ag éalódh ó'n sgoil ar fad.</span></p> <lb n="2628"/> <lb n="2629"/><p><span>Bhímis i gcomhnuidhe i gcuideacht ag dul chun sgoile</span> <lb n="2630"/><span>agus ag tigheacht a bhaile i n-aoinfheacht in aon druing</span> <lb n="2631"/><span>bhríoghmhair amháin gan beann ar aon sgata buachaillí</span> <lb n="2632"/><span>eile as aon cheard agus, maidir le croidhe agus</span> <lb n="2633"/><span>meisneach, árd-inntinn agus neamh-spleadhchas, do b'ag</span> <lb n="2634"/><span>an bhfuirinn se'againne a bhíodar. Cá raibh an</span></p> </div> <pb n="64"/> <div><lb n="2635"/><p><span>sgoláire a mbéadh sé de mheisneach aige aon fhocal</span> <lb n="2636"/><span>droch-mhúinte a labhairt ná aon dí-mheas a chaitheamh le</span> <lb n="2637"/><span>buachaillí an locháin? Cá raibh an buachaill a leigfeadh</span> <lb n="2638"/><span>an faitchíos dó aon sgiollaidheacht ná spiadóireacht a</span> <lb n="2639"/><span>dhéanamh orainn? Dhá ndéanadh, a mhala agus a ghruadh</span> <lb n="2640"/><span>bhéadh i gcontabhairt a ndathughadh gan aireachas, 'sí a</span> <lb n="2641"/><span>phasóid a bhéadh gléasta, nó mar deireadh na buachaillí</span> <lb n="2642"/><span>iad féin “'sé a chnaipe a bhéadh déanta” chomh luath</span> <lb n="2643"/><span>i nÉirinn is gheobhfaidhe greim air taobh amuigh de gheata</span> <lb n="2644"/><span>na sgoile.</span></p> <lb n="2645"/> <lb n="2646"/><p><span>Bhí buachaillí an Locháin mar adéarfá 'na dtighearnaí</span> <lb n="2647"/><span>os cionn go leór de na buachaillíbh as na ceanntaraibh</span> <lb n="2648"/><span>eile a bhíodh ag teacht go dtí an sgoil chéadna leób.</span> <lb n="2649"/><span>Ní bhíodh cleas ná pléaráca ar bun nach mbídís ag</span> <lb n="2650"/><span>déanamh cíor-thuaithbhill díobh. Ní bhíodh comhrádh ar bun</span> <lb n="2651"/><span>nach mbíodh a ladar buailte acab ann agus a mbaramhail</span> <lb n="2652"/><span>tugtha n-a thaobh thar éis a gcomhairle a chur le chéile</span> <lb n="2653"/><span>n-a thaobh go cúramach. Is dream achrannach go</span> <lb n="2654"/><span>deimhin a bhí i gcuid díobh, agus chuiridís sgléip ar</span> <lb n="2655"/><span>bun mar gheall ar an rud ba shuaraighe nó ba</span> <lb n="2656"/><span>sheafóidighe; agus bhí an chuid do b'óige dhínn, dhá</span> <lb n="2657"/><span>aistighe le rádh é, a bhfad ní ba chiallmhaire agus ní</span> <lb n="2658"/><span>ba fhad-bhreathnuighthe 'ná iad seo eile a bhí bliadhanta</span> <lb n="2659"/><span>móra fada ní ba shine ná muid, agus a mbéadh súil</span> <lb n="2660"/><span>agat de réir nádúir ciall agus tuigsint a bheith n-a</span> <lb n="2661"/><span>gcloignibh díth-chéillidhe. Bhí dearbhráthair liom féin,</span> <lb n="2662"/><span>Seaghán, ag dul chun sgoile ar an aimsir úd agus</span> <lb n="2663"/><span>creidim nach dtóigfidh sé orm a rádh anois go raibh sé</span> <lb n="2664"/><span>chomh croidheamhail agus chomh hárd-inntinneach le</span> <lb n="2665"/><span>ceachtar acab. Réidhtigheadh fuireann an Locháin le</span> <lb n="2666"/><span>chéile beagnach ar gach uile phointe cé gur mhinic anois</span> <lb n="2667"/><span>'s arís a thagadh smíochadh eatortha féin, acht bhíodh sé i</span> <lb n="2668"/><span>gcomhnuidhe éasgaidh go leór cáirdeas agus muinn-</span> <lb n="2669"/><span>tireas a tharraingt eatortha, agus nuair a thigeadh aon</span> <lb n="2670"/><span>cheist i dtaoibh a mbaile dhúthchais ó dhream ar bith eile</span> <lb n="2671"/><span>ag an sgoil, bhídís ar aon inntinn agus ar aon toil</span> <lb n="2672"/><span>amháin le seasamh go daingean docht ar son cliú agus</span> <lb n="2673"/><span>cáile an Locháin.</span></p> <lb n="2674"/> <lb n="2675"/><p><span>Maidin bhreágh ghréineamhail earraigh san mbliadhain</span></p> </div> <pb n="65"/> <div><lb n="2676"/><p><span>1891 thar éis céad-phroinne buailim féin agus mo</span> <lb n="2677"/><span>dhearbhráthair Seaghán amach le dhul 'na sgoile. Bhí</span> <lb n="2678"/><span>seisean san chúigeadh leabhar agus an mac seo san</span> <lb n="2679"/><span>treas leabhar. Bhí beart leabhra faoi 'na asgaill</span> <lb n="2680"/><span>aige-san, agus cúpla leabhairíní beag bídeach ag an</span> <lb n="2681"/><span>mac seo 'na phóca. D'aithnigheas air ó d'fhág sé an</span> <lb n="2682"/><span>teach nach raibh aon fhonn air a dhul chun na sgoile an</span> <lb n="2683"/><span>lá údaí acht, mar sin féin, áitigheann air ag cluas-</span> <lb n="2684"/><span>fheadghail agus lasgann linn sna fásgaíbh. Ag ceann</span> <lb n="2685"/><span>an bhóthair céard a bhéadh romhainn, acht an feigheall fré</span> <lb n="2686"/><span>chéile ag fanacht go dtigimís. Nuair a chonnaiceadar</span> <lb n="2687"/><span>Seaghán agus mé féin ag déanamh ortha chuireadar</span> <lb n="2688"/><span>liúgh asta agus a sean-sgairt gháire. Ní raibh a fhios</span> <lb n="2689"/><span>agam féin céard a bhí 'n-a n-aigne mar bhíos mí-</span> <lb n="2690"/><span>eólasach ar go leór dá gcuid cleasann an tráth úd,</span> <lb n="2691"/><span>acht bhí tuairim agam mar sin féin go rabhadar ag brath</span> <lb n="2692"/><span>nó ag smaoineamh ar bheart nó gníomh eicínt nach raibh</span> <lb n="2693"/><span>ceart ná cóir a dhéanamh; mar ar an bpointe boise</span> <lb n="2694"/><span>'s ar tháiniceadar i dteannta chéile bhuail bleid agus</span> <lb n="2695"/><span>caismirt chomhráidh iad, agus annsin tosuigheann ortha</span> <lb n="2696"/><span>ag cogarnaighil ionnus nach gcloisfinn féin céard a bhí</span> <lb n="2697"/><span>ar bun acab.</span></p> <lb n="2698"/> <lb n="2699"/><p><span>“Anois,” arsa duine de na buachaillíbh, “nach</span> <lb n="2700"/><span>fearr dhúinn a bheith ag bogadh soir nó m'anam go</span> <lb n="2701"/><span>mbéimid deireannach?”</span></p> <lb n="2702"/> <lb n="2703"/><p><span>“Mh'anam muise, má cheapann sibh go mbéidh,</span> <lb n="2704"/><span>seachnuightear é, mara bhfuil dúil agaibh an greadadh</span> <lb n="2705"/><span>cráidhte agus dualgas an tslisne a fhágháil,” arsa</span> <lb n="2706"/><span>Colm Thomáis.</span></p> <lb n="2707"/> <lb n="2708"/><p><span>“Dheamhan fata a chonglóchas muid choidhche má</span> <lb n="2709"/><span>thagann muid isteach deireannach go dtí é,” arsa</span> <lb n="2710"/><span>Seaghán Ó Caidhin. “Cuirfear ag crathadh na gcrúb</span> <lb n="2711"/><span>muid mar cuireadh go minic!”</span></p> <lb n="2712"/> <lb n="2713"/><p><span>“Á! téightear go dtí an Sruthán Buidhe ar chuma'r</span> <lb n="2714"/><span>bith,” arsa an ceathramhadh buachaill.</span></p> <lb n="2715"/> <lb n="2716"/><p><span>“Dheamhan mo chos ná mo chnámh féin a rachas thairis</span> <lb n="2717"/><span>seo,” arsa Séamus óg! “Sé an cás céadna dhíbh é.</span> <lb n="2718"/><span>Cos ní chuirfead taobh istigh de'n sgoil indiu! B'fhearr</span> <lb n="2719"/><span>liom go mór fada a bheith ag a iarraidh an fhairrge a</span></p> </div> <pb n="66"/> <div><lb n="2720"/><p><span>thaosgadh le mo chaipín, nó ag a iarraidh gaineamh a chur</span> <lb n="2721"/><span>i ngad ná a bheith ag dul chuig an sgoil.”</span></p> <lb n="2722"/> <lb n="2723"/><p><span>Acht ní raibh maith dhó ann. Thar éis slíomadóireachta</span> <lb n="2724"/><span>fada b'éigean dó gluaiseacht le dhul go Sruthán Buidhe</span> <lb n="2725"/><span>i n-aoinfheacht leis an gcuid eile thar éis tamaill mhaith</span> <lb n="2726"/><span>tathaint agus argúinteachta.</span></p> <lb n="2727"/> <lb n="2728"/><p><span>Ghluaiseamar linn soir, agus dheamhan a bhfad a bhí</span> <lb n="2729"/><span>curtha dhínn againn gur casadh “Tomáisín” dúinn, ag</span> <lb n="2730"/><span>déanamh anoir 'sna seala babhtaí, faoi n-ár ndéint.</span> <lb n="2731"/><span>Bhí allus ag tuitim leis, a chroidhe ag bualadh, séideán</span> <lb n="2732"/><span>mór ann, agus gan puth anála aige thar éis an tseársa.</span> <lb n="2733"/><span>Nuair fuair sé an anáil leis, labhair sé linn go</span> <lb n="2734"/><span>magamhail, agus dubhairt:</span></p> <lb n="2735"/> <lb n="2736"/><p><span>“Ara, a amadána, cé'n mío-ádh mór, nó cath marbh</span> <lb n="2737"/><span>atá oraibh, nó cá bhfuil bhur gcosa beaga, mío-stuamdha</span> <lb n="2738"/><span>dh'ur dtabhairt indiu? 'Ar ndóigh, ní féidir gur ag</span> <lb n="2739"/><span>smaoineadh ar a dhul chuig an sgoil a bhí sibh indiu,” ar</span> <lb n="2740"/><span>seisean go meangamhail. “Nach bhfuilim-se thar éis a</span> <lb n="2741"/><span>bheith thoir agus dheamhan sin máighistir ag teacht ná</span> <lb n="2742"/><span>a thiocfas go luath, buidheachas mór le Dia!” ar</span> <lb n="2743"/><span>seisean, ag tabhairt a shean-laisg d'á ucht le neart</span> <lb n="2744"/><span>áthais agus glionndair. “Bíodh aige anois,” ar</span> <lb n="2745"/><span>seisean, “acht is fada an lá go gcuirfidh sé ag crathadh</span> <lb n="2746"/><span>na gcrúb muid-ne arís.”</span></p> <lb n="2747"/> <lb n="2748"/><p><span>“Céard atá tú a rádh chor ar bith,” arsa duine</span> <lb n="2749"/><span>againn, “i dtaoibh an mháighistir, nó cé'n fáth go</span> <lb n="2750"/><span>n-abrann tú nach mbéidh sé ag aon sgoil indiu ná go</span> <lb n="2751"/><span>luath?”</span></p> <lb n="2752"/> <lb n="2753"/><p><span>“Bhíos ag a rádh,” arsa Tomáisín, “nach raibh aon</span> <lb n="2754"/><span>sgoil ann indiu agus cruthóchaidh mé dhíbh é freisin.”</span></p> <lb n="2755"/> <lb n="2756"/><p><span>“Tá súil le Dia agam nach bhfuil,” arsa ‘Ball</span> <lb n="2757"/><span>Dearg,’ “mar dheamhan oiread 's smid de mo cheachta</span> <lb n="2758"/><span>agam-sa, ná dearcadh a rinneas ortha ó thug mé cúl</span> <lb n="2759"/><span>mo chinn do'n sgoil indé, acht cé'n chaoi a bhfuil fhios</span> <lb n="2760"/><span>agat, a Thomáisín go bhfuil an sgéal mar dubhairt tú?”</span></p> <lb n="2761"/> <lb n="2762"/><p><span>“Innseóchad sin daoibh,” ar seisean, “acht fágadh</span> <lb n="2763"/><span>muid an bóthar ar dtús agus ná bíodh gach duine ag</span> <lb n="2764"/><span>breathnughadh orainn ag uardal anonn 's anall annso.</span> <lb n="2765"/><span>Is fearr dhúinn bualadh isteach faoi thóchar an Droichid</span></p> </div> <pb n="67"/> <div><lb n="2766"/><p><span>ar an gcúl-shráid, agus innseóchad daoibh cé mar</span> <lb n="2767"/><span>thárla.”</span></p> <lb n="2768"/> <lb n="2769"/><p><span>“Déantar ann,” arsa'n chuid eile, agus isteach linn</span> <lb n="2770"/><span>faoi'n tóchar, agus buachaillí Chor na Rón, agus</span> <lb n="2771"/><span>tuilleadh as Baile an Tighe Mhóir 'n-ár dteannta a</span> <lb n="2772"/><span>loiceadh freisin ó dhul ar aghaidh chun na sgoile.</span></p> <lb n="2773"/> <lb n="2774"/><p><span>Thosuigh ar Thomáisín ag a innsint dúinn annsin mar</span> <lb n="2775"/><span>dochuaidh sé soir chun na sgoile, mar bhí sé a bhfad 's</span> <lb n="2776"/><span>a bhfad ag fanamhaint leis an máighistir, mar do tháinic</span> <lb n="2777"/><span>sé 'sa deireadh, agus mar tháinic triúr síoth-mhaor nó</span> <lb n="2778"/><span>constáblaí go haibéil 'na dhiaidh agus mar chrochadar</span> <lb n="2779"/><span>leób é gan fios a thabhairt d'aon duine beó cé'n fáth</span> <lb n="2780"/><span>ná an bun-úghdar.</span></p> <lb n="2781"/> <lb n="2782"/><p><span>“'Ar ndóigh,” arsa Tomáisín ag críochnughadh dhó,</span> <lb n="2783"/><span>“chualaidh sibh go léir go raibh an máighistir agus</span> <lb n="2784"/><span>boicíní eile ag fiadhach an Dómhnach faoi dheireadh thall</span> <lb n="2785"/><span>ag Bó Bhrocháin agus go rug an maor ortha?”</span></p> <lb n="2786"/> <lb n="2787"/><p><span>“Mh'anam gur chualaidh,” ar siad-san, “acht céard</span> <lb n="2788"/><span>a thárla?”</span></p> <lb n="2789"/> <lb n="2790"/><p><span>“'Seadh, maith go leór, a bhuachaillí, is breagh an</span> <lb n="2791"/><span>sgéal é sin, acht tá a fhios agaibh nach raibh aon chead</span> <lb n="2792"/><span>fiadhaigh ag an máighistir ar an réimse mór úd ag</span> <lb n="2793"/><span>Bó Bhrocháin atá ceannuighthe thar bárr amach ag an</span> <lb n="2794"/><span>bhfear uasal úd as Sasana le h-aghaidh fiadhaigh, agus</span> <lb n="2795"/><span>frítheadh an máighistir bocht agus a ghunna aige taobh</span> <lb n="2796"/><span>istigh de'n teórainn, agus mh'anam go dtiocfaidh sé</span> <lb n="2797"/><span>righte leis nó go n-íocfaidh sé ann. Bhí sé ag gabháil</span> <lb n="2798"/><span>thart go mb'éigin dó a theacht 'na cúirte an lá faoi</span> <lb n="2799"/><span>dheireadh, acht níor chreid go leór go mbéadh sé chomh</span> <lb n="2800"/><span>domáisteach ar mo dhuine bocht go rugthas air indiu</span> <lb n="2801"/><span>agus gur crochadh 'un bealaigh é i ngreim ag “lucht</span> <lb n="2802"/><span>na gcaipíní speiceach,” agus ag Dia atá fhios cé'n</span> <lb n="2803"/><span>uair a leigfear ar ais chugainn é.”</span></p> <lb n="2804"/> <lb n="2805"/><p><span>Sin é an uair a bhí an greadadh agus an bualadh</span> <lb n="2806"/><span>bos ann le mór-bhródh agus átas ag an máighistir a</span> <lb n="2807"/><span>bheith sguabtha uatha.</span></p> <lb n="2808"/> <lb n="2809"/><p><span>“Meas tú nach fíor é?” arsa duine leis an gceann</span> <lb n="2810"/><span>eile.</span> <lb n="2811"/></p> </div> <pb n="68"/> <div><lb n="2812"/><p><span>“An fíor é, an eadh?” arsa Tomáisín go borb,</span> <lb n="2813"/><span>“an amhlaidh a mheasann tú gur ag áidhbhéil a bhéinn?</span> <lb n="2814"/><span>Tá a chómhartha le n-a chois ann, an sgoil dúnta, an</span> <lb n="2815"/><span>doras faoi ghlas, agus na cailíní beaga 'san sgoil</span> <lb n="2816"/><span>eile agus gan fhios acab beirthe ná beó cé'n fáth a</span> <lb n="2817"/><span>bhfuil an oiread grinn agus éirghe i n-áirde ag na</span> <lb n="2818"/><span>buachaillí ar fud an bhóthair; le mo dhá shúil a chonnaiceas</span> <lb n="2819"/><span>iad féin agus an mháighistreás óg ag spéacláireacht</span> <lb n="2820"/><span>amach thrí na fuinneógaibh, agus gan fhios acab 'sa</span> <lb n="2821"/><span>domhan cad chuige a raibh na gearr-bhodaigh ag</span> <lb n="2822"/><span>gluaiseacht abhaile faoi mheidhir chomh luath 'sa maidin.”</span></p> <lb n="2823"/> <lb n="2824"/><p><span>“Acht nach bhfaca an mháighistreás an máighistir ag</span> <lb n="2825"/><span>imtheacht?” arsa Ball Dearg.</span></p> <lb n="2826"/> <lb n="2827"/><p><span>“Ní fhaca, a dhuine. Bhí glanta leis sul tháinic sí</span> <lb n="2828"/><span>ar maidin; agus rud eile, ní ar an mbealach 'na</span> <lb n="2829"/><span>gcomhnuidheann sí a d'éirigh leis na constáblaí a</span> <lb n="2830"/><span>thabhairt.”</span></p> <lb n="2831"/> <lb n="2832"/><p><span>“Dheamhan smid bhréige agat, a Thomáis,” arsa an</span> <lb n="2833"/><span>chuid eile. “Céard a dhéanfas muid, chor ar bith?”</span></p> <lb n="2834"/> <lb n="2835"/><p><span>“Cé'n chaoi is fearr leis an lá a chaitheamh?” arsa</span> <lb n="2836"/><span>gach duine leis an gceann eile.</span></p> <lb n="2837"/> <lb n="2838"/><p><span>“Dheamhan baoghal orainn a dhul abhaile, ar chuma</span> <lb n="2839"/><span>'r bith, ó gheall Dia an lá 'n-a shaoire dhúinn,” arsa</span> <lb n="2840"/><span>Ball Dearg.</span></p> <lb n="2841"/> <lb n="2842"/><p><span>“Abhaile! Mh'anam gur fada uainn é. Ó tá sé</span> <lb n="2843"/><span>'n-a lá againn, bíodh sé 'n-a lá,” arsa Seaghán</span> <lb n="2844"/><span>Ó Caidhin.</span></p> <lb n="2845"/> <lb n="2846"/><p><span>“B'fhearr dhúinn an lá a chaitheamh ag cleasaidheacht</span> <lb n="2847"/><span>'sna guirt, agus bollógaí breagha a cheannacht 'sna</span> <lb n="2848"/><span>siopaí, agus toghadh féasta a bheith againn i dteannta</span> <lb n="2849"/><span>chéile,” arsa Colm Thomáis.</span></p> <lb n="2850"/> <lb n="2851"/><p><span>“Dheamhan locht ar bith air,” arsa Séamus Óg.</span></p> <lb n="2852"/> <lb n="2853"/><p><span>“Ní baoghal nach mbeidh lá sultmhar sólásach againn</span> <lb n="2854"/><span>go tráthnóna. An bhfuil sibh-se sásta, a mhuinntir</span> <lb n="2855"/><span>Chor na Rón?”</span></p> <lb n="2856"/> <lb n="2857"/><p><span>“Mh'anam go bhfuil — d'éireóchadh dhúinn,” arsa</span> <lb n="2858"/><span>Stiopháinín.</span></p> <lb n="2859"/> <lb n="2860"/><p><span>“Anois bíodh lá eicínt eile ag na guirt agus na</span> <lb n="2861"/><span>bollógaí,” arsa Tomáisín. “B'fhearr dhúinn go mór</span></p> </div> <pb n="69"/> <div><lb n="2862"/><p><span>fada a dhul síos go dtí sgoil na gCartúr, agus an</span> <lb n="2863"/><span>áit d' fheiceál, agus freisin go bhfeicfimid an bhfuil</span> <lb n="2864"/><span>mac máthar ann atá dána go leór ar aon mhí-mheas nó</span> <lb n="2865"/><span>masladh a thabhairt dúinne ó Pharáiste an Chnuic. Tá</span> <lb n="2866"/><span>chomh maith le fiche duine againn ann, agus, dar fiadh,</span> <lb n="2867"/><span>ba cheart go mbéadh muid i n-an cur chuca má theanann</span> <lb n="2868"/><span>orainn!”</span></p> <lb n="2869"/> <lb n="2870"/><p><span>Duine achrannach sgléipeach a bhí ann, agus bhí an</span> <lb n="2871"/><span>cathughadh biorach air le neart ceann-dánacht' agus fuinn</span> <lb n="2872"/><span>troda.</span></p> <lb n="2873"/> <lb n="2874"/><p><span>Ní rabhadar ag réidhteach le chéile. Ní raibh an</span> <lb n="2875"/><span>feigheall ar aon inntinn. Bhí cuid acab ag a iarraidh</span> <lb n="2876"/><span>na guirt a thabhairt ortha féin, agus tuilleadh a</span> <lb n="2877"/><span>mb'fhearr leób a dhul go dtí sgoil na gCartúr, agus</span> <lb n="2878"/><span>mar sin d'éirigh caismirt fhada eatortha.</span></p> <lb n="2879"/> <lb n="2880"/><p><span>'Sa deireadh caitheadh ar croinnte cá rachadh, agus</span> <lb n="2881"/><span>thárla go raibh an chuid ba mhó ar aon inntinn le</span> <lb n="2882"/><span>Tomáisín, agus mar sin bhí ar an gcuid eile a bheith</span> <lb n="2883"/><span>sásta le lasgadh siar go dtí na Cartúir.</span></p> <lb n="2884"/> <lb n="2885"/><p><span>Nuair bhíodar ag stócáil ag imtheacht ó'n Sruthán</span> <lb n="2886"/><span>Buidhe, ní rabhas féin sásta ar a dhul leób, chor ar</span> <lb n="2887"/><span>bith. Bhí cuid acab ag a rádh mé fhágáil mar bhíos,</span> <lb n="2888"/><span>agus gan bacadh liom — go mbadh chuma ann nó as mé</span> <lb n="2889"/><span>acht, mhaisge, dubhairt Seaghán dá bhfágthaoi 'n-a ndiaidh</span> <lb n="2890"/><span>mé go mbéadh sé contabhairteach aige féin a dhul acht</span> <lb n="2891"/><span>an oiread, mar go rachainn abhaile agus go</span> <lb n="2892"/><span>n-innseochainn go cinnte cá raibh sé imthighthe, agus go</span> <lb n="2893"/><span>mbéadh a phasóid ullmhuighthe 'n-a chomhair, agus a</span> <lb n="2894"/><span>ghléasadh le fágháil aige ar a theacht ar ais dó.</span></p> <lb n="2895"/> <lb n="2896"/><p><span>Ceapadh go raibh an ceart aige, agus mheasadar</span> <lb n="2897"/><span>go rabhas chomh hóg agus chomh díthchéillidhe 's go</span> <lb n="2898"/><span>n-innseochainn ortha é dá dtéighinn a bhaile, agus mar</span> <lb n="2899"/><span>sin tosuigheadh ag bladaireacht liom, ag a iarraidh mo</span> <lb n="2900"/><span>mhealladh siar i n-aoinfheacht leób. Gealladh 'ch uile</span> <lb n="2901"/><span>rud dom dhá dtéighinn i n-aondigh leób, agus go</span> <lb n="2902"/><span>ndéanfaidhe gach rud ní ba mheasa ná chéile liom dhá</span> <lb n="2903"/><span>loicinn. Mar sin 'sa deireadh dubhras go rabhas sásta,</span> <lb n="2904"/><span>agus go rachainn leób. Bhíodar sásta go leór annsin,</span> <lb n="2905"/><span>agus maidir le buillí ar an druim is mé a fuair iad</span></p> </div> <pb n="70"/> <div><lb n="2906"/><p><span>le neart a gcuid áthais ag mé a bheith ag teacht leób,</span> <lb n="2907"/><span>agus chloisfeá Tomáisín agus na buachaillí eile ag a</span> <lb n="2908"/><span>rádh:—</span></p> <lb n="2909"/> <lb n="2910"/><p><span>“Sin é an buachaill agaibh!” “Bhí fhios againne</span> <lb n="2911"/><span>go ndéanfadh sé é!” “Ba dhual dhearbhráthar dhuit</span> <lb n="2912"/><span>gan cliseadh,” agus go leór briathra moltach nó</span> <lb n="2913"/><span>plámásach eile mar sin.</span></p> <lb n="2914"/> <lb n="2915"/><p><span>Casadh tuilleadh buachaillí linn ar an mbealach siar</span> <lb n="2916"/><span>dhúinn, agus bhuaileamar bleid ortha, ag a dhearbhughadh</span> <lb n="2917"/><span>go raibh an máighistir sguabtha uainn, nó gur iom-</span> <lb n="2918"/><span>puigheadar siar i n-aoinfheacht linn. Maidir le glaodhach</span> <lb n="2919"/><span>agus béiceadh, torann agus fothrom, siosga agus</span> <lb n="2920"/><span>caismirt, suairceas agus greann is againn a bhíodar</span> <lb n="2921"/><span>ag lasgadh siar 'sna fásgaíbh, agus ag mealladh gach</span> <lb n="2922"/><span>sgoláire d'ár casadh dhúinn, gur shroicheamar na</span> <lb n="2923"/><span>Cartúir.</span></p> <lb n="2924"/> <lb n="2925"/><p><span>Bhuaileamar isteach go neamh-spleadhach 'san sgoil —</span> <lb n="2926"/><span>os cionn deich nduine fichead againn agus, 'ar</span> <lb n="2927"/><span>ndóigh, ní raibh buachaill ná cailín san sgoil gan</span> <lb n="2928"/><span>dearcadh orainn, agus lán na súl a bhaint asainn ar</span> <lb n="2929"/><span>a theacht isteach dhúinn i ndiaidh a chéile ó dhuine go</span> <lb n="2930"/><span>duine.</span></p> <lb n="2931"/> <lb n="2932"/><p><span>'Sé an chéad rud a ndearnas féin iongnadh dhe,</span> <lb n="2933"/><span>triúr máighistreásaí ag múnadh stócachaí de bhuachaillí</span> <lb n="2934"/><span>i bhfad ní b'airde ná iad féin, agus cheapamar go</span> <lb n="2935"/><span>léir go mba hí an sgoil ba dheise í dá bhféadfaidhe</span> <lb n="2936"/><span>'fhágháil ag na cailíní is na buachaillí a bheith ag fágháil</span> <lb n="2937"/><span>a gcuid oideachais i dteannta chéile. Ní bhídís i</span> <lb n="2938"/><span>n-aoinfheacht ar feadh “leath-uair an ghrinn” féin san</span> <lb n="2939"/><span>sgoil a d'fhágamar, rud a ghoilleadh go mór ortha ar</span> <lb n="2940"/><span>fud fad a chéile. D'fhiafruigh an mháighistreás dínn cé'n</span> <lb n="2941"/><span>fáth ar tháiniceamar, agus d'innsigheamar dhi, &</span> <lb n="2942"/><span>gheallamar go rabhamar le teacht go dtí n-a sgoil</span> <lb n="2943"/><span>sise uaidh sin amach. Dar fiadh, ba chosamhail go raibh</span> <lb n="2944"/><span>sí glionndarach chomh fada le mo chuimhne, mar ní'l</span> <lb n="2945"/><span>duine againn nár cuireadh a ainm síos ar áit na</span> <lb n="2946"/><span>mbonn san “leabhar mór,” agus rinne an mháighistreás</span> <lb n="2947"/><span>óráidín ghearr ag fáiltiughadh romhainn, agus ag moladh</span> <lb n="2948"/><span>na mbuachaillí a bhí le teacht chuice uaidh sin amach,</span></p> </div> <pb n="71"/> <div><lb n="2949"/><p><span>agus d'innis sí do na sgoláirí cé'n bród a bhí uirthi</span> <lb n="2950"/><span>ag a fheabhas is bhéadh an sgoil méaduighthe, & clú na</span> <lb n="2951"/><span>sgoile árduighthe ag an bhfuirinn bhreágh a bhí le teacht</span> <lb n="2952"/><span>ó'n gCnoc. Cuireadh gach duine againn annsin 'n-a</span> <lb n="2953"/><span>bhuidhin féin, agus nach maith is cuimhneach liom an chéad</span> <lb n="2954"/><span>cheacht i Long Division a múineadh dhom an lá úd.</span></p> <lb n="2955"/> <lb n="2956"/><p><span>Chaitheamhar an lá ciúin, réidh, socair go leór nó go</span> <lb n="2957"/><span>dtáinic “leath-uair an ghrinn” 'sa meadhon-lae,</span> <lb n="2958"/><span>nuair a sgaoileadh amach ar an mbóthar sinn le dul</span> <lb n="2959"/><span>ag cleasaidheacht agus ag déanamh grinn. 'Sé an</span> <lb n="2960"/><span>cleas a bhíodh go gnáthach ag buachaillí na gCartúr — ag</span> <lb n="2961"/><span>imirt chnaipí, agus an lá seo tosuigheann siad féin</span> <lb n="2962"/><span>agus buachaillí an Chnuic ag imirt le chéile. Ní minic</span> <lb n="2963"/><span>a thagadh an tsíothcháin asta, mar chnaipí, acht, a</span> <lb n="2964"/><span>dhearbhráthair mo chroidhe thú, ba ghearr ag imirt iad nó</span> <lb n="2965"/><span>go raibh sé i n'achrann dhearg eatortha. A leitheid de</span> <lb n="2966"/><span>ghléasadh agus de phlaidhbeadh níor facthas 'sna Cartúr</span> <lb n="2967"/><span>cheana ó cuireadh sgoil ar bun ann, agus bhí an lá úd!</span> <lb n="2968"/><span>Bhí “fuil ar smuit' agus mailí gearrtha,” gan amhras,</span> <lb n="2969"/><span>acht cé gur chabhruigh cliobairí móra as na bailte leób,</span> <lb n="2970"/><span>ba ag buachaillí na háite bhí an chuid ba mheasa de'n</span> <lb n="2971"/><span>sgéal.</span></p> <lb n="2972"/> <lb n="2973"/><p><span>Thar éis an greadadh agus an smíochadh a bheith</span> <lb n="2974"/><span>críochnuighthe, agus na laochra go léir tuirseach tnáite,</span> <lb n="2975"/><span>lasgamar linn a bhaile ag gealladh do na buachaillí</span> <lb n="2976"/><span>eile go mbéadh a bpasóid gléasta n-a gcomhair chomh</span> <lb n="2977"/><span>luath i nÉirinn is gheobhthaidhe greim ortha chomh fada soir</span> <lb n="2978"/><span>leis an Tulaigh Ruaidh, mar gheall ar an bhfuar-cháirdeas</span> <lb n="2979"/><span>a chaitheadar linn, agus bhaineamar as sna fásgaíbh</span> <lb n="2980"/><span>soir an bóthar, agus cnámha leónta, mailí dubha, agus</span> <lb n="2981"/><span>súile daithte ag ár mbúnaite le tabhairt linn abhaile.</span> <lb n="2982"/><span>Bhí fios maith againn go mbéadh sgéala acab air 'sa</span> <lb n="2983"/><span>mbaile romhainn, agus céard a dhéanfadh na buachaillí</span> <lb n="2984"/><span>acht a shocrughadh gan a dhul abhaile chor ar bith an</span> <lb n="2985"/><span>tráthnóna sin! D'éaluigh cuid acab mar sin féin,</span> <lb n="2986"/><span>agus thug an baile ortha féin, acht cá bhfanfadh tuilleadh</span> <lb n="2987"/><span>againn acht go sámh 'nár gcodladh istigh i sgioból thuas</span> <lb n="2988"/><span>ar áiléar a bhí líonta le tuighe ar feadh na hoidhche;</span> <lb n="2989"/><span>mar bhí sgéala fáighte acab sa mbaile ar an gcleas</span></p> </div> <pb n="72"/> <div><lb n="2990"/><p><span>a rinneadar, agus ó bhí a fhios againn go mbéadh an</span> <lb n="2991"/><span>“fhearg mhór” go cinnte ortha, socruigheadh go</span> <lb n="2992"/><span>mb'fhearr fanacht uatha go maidin go bhfuairigheadh sí</span> <lb n="2993"/><span>roinnt. Acht 'ar ndóigh téigheadh ar ár dtóir, agus</span> <lb n="2994"/><span>fuair muinntir an bhaile a bhí 'ghár dtóruidheacht sgéala</span> <lb n="2995"/><span>ó bhuachaill eicínt a d'éaluigh uainn cá rabhamar, agus</span> <lb n="2996"/><span>rugthas orainn 'n-ár suan réidh go leór.</span></p> <lb n="2997"/> <lb n="2998"/><p><span>Ní misde a rádh gur íocamar go géar nuair a frítheadh</span> <lb n="2999"/><span>sa mbaile sinn, agus gur leagadh an “tslaitín ghéar”</span> <lb n="3000"/><span>orainn go maith. Tugadh soir go dtí an sgoil sinn</span> <lb n="3001"/><span>an mhaidin sin go dtí an máighistir bocht a raibh cuthach</span> <lb n="3002"/><span>agus tadhad an tsaoghail air, gan trácht ar náire, ag</span> <lb n="3003"/><span>an gcleas a himrigheadh air, agus an chaoi ar himthigheadh</span> <lb n="3004"/><span>uaidh, go dtí sgoil eile. Ní bréag a rádh gur</span> <lb n="3005"/><span>thuilleamar uaidh an íocaidheacht ghlan a thug sé dhúinn</span> <lb n="3006"/><span>le ordughadh ó n-ár muinntir, mar máighistir ní b'fhearr,</span> <lb n="3007"/><span>ná ní ba lághaighe linn ná é roimhe sin ba dheacair</span> <lb n="3008"/><span>fhágháil. Thug sé bualadh agus greadadh breagh dhúinn,</span> <lb n="3009"/><span>& fuair Tomáisín “dualgas an tslisne” ar fad</span> <lb n="3010"/><span>uaidh, mar ba in aon úim amháin a chuaidh sé soir an</span> <lb n="3011"/><span>mhaidin roimhe sin go dtí an sgoil le teacht ar ais</span> <lb n="3012"/><span>le bacadh a chur ar gach duine d'á raibh ag teacht chun</span> <lb n="3013"/><span>na sgoile, mar bhí an mío-ádh mór air le baill-séire,</span> <lb n="3014"/><span>agus ní bhíodh uaidh i gcomhnuidhe acht bail-amhair a</span> <lb n="3015"/><span>dhéanamh de gach duine. Maidir leis an sgéal a craobh-</span> <lb n="3016"/><span>sgaoileadh i dtaoibh an mháighisteára bhoicht, ní raibh ann</span> <lb n="3017"/><span>acht bun-sgéal a chuir Tomáisín agus buachaillí</span> <lb n="3018"/><span>gleacaidhthe eile an Locháin i dtoll a chéile roimh ré,</span> <lb n="3019"/><span>ionnus go bhféadfadh siad an mac seo agus muinntir</span> <lb n="3020"/><span>Chor na Rón a mhealladh. Rinneadar é go paiteanta</span> <lb n="3021"/><span>an lá úd; acht ní raibh ann acht ceann de na</span> <lb n="3022"/><span>cleasannaibh agus na h-imeartais a n'imrigheadar</span> <lb n="3023"/><span>orainn ar feadh na mbliadhanta a chaitheamar ag dul ar</span> <lb n="3024"/><span>sgoil i dteannta chéile.</span></p> <lb n="3025"/> <lb n="3026"/><p><span>“Cois-Fhairrge.”</span> <lb n="3027"/></p> </div> <pb n="73"/> <div><lb n="3028"/><p><span>Seilg na Meadhon Oidhche.</span></p> <lb n="3029"/> <lb n="3030"/><p><span>Bhí sgata buachaillí ag faire ar dhoras oidhche bhreagh</span> <lb n="3031"/><span>gheal ghealaighe san áirneán ar mhullach Thulcha, le súil</span> <lb n="3032"/><span>is go n-osglóchaidhe é, go dtéighidís isteach ar cuairt.</span> <lb n="3033"/><span>Tugadh faoi deara istigh go raibh an feigheall ag faire,</span> <lb n="3034"/><span>agus cuireadh maidí éamuinn leis an doras, agus</span> <lb n="3035"/><span>cuireadh bolta agus ath-bholta air, ionnus nach mbéadh</span> <lb n="3036"/><span>dul isteach acab. Ba han-sgéalaidhe ar fad fear</span> <lb n="3037"/><span>an tighe, agus bhí cuimse sean-sgéalta aige. Bhíodh na</span> <lb n="3038"/><span>buachaillí ag bailiughadh ag éisteacht leis, acht bhí an</span> <lb n="3039"/><span>iomarca de chroidheamhlacht agus de mheidhir na hóige</span> <lb n="3040"/><span>acab, 's nach mbídís i n-an aon chluais a rath a</span> <lb n="3041"/><span>thabhairt dó. Bhí sé oidhche ag innseacht dóibh i dtaoibh</span> <lb n="3042"/><span>na “seólta móra bocóideacha, bacóideacha,” agus i</span> <lb n="3043"/><span>dtaoibh Chéadtaigh, “a bhuail cic ar a luing a chuir</span> <lb n="3044"/><span>seacht gcéad déag léig i bhfairrge í,” nuair a sgairt</span> <lb n="3045"/><span>na buachaillí ag gáiridhe, nó go sílfeá go bpléasgfaidís</span> <lb n="3046"/><span>leis an bhfalrach tháinic ortha. “Mo chroiceann-sa ná</span> <lb n="3047"/><span>raibh ag an diabhal mara'r dhalbaidhe an chic í,” arsa</span> <lb n="3048"/><span>feithideach an-bheag feósuighthe sa gclúid. Chuir seo i</span> <lb n="3049"/><span>n-arainneacha ar fad iad, nó gur sgannruigheadar an</span> <lb n="3050"/><span>capall a bhí ceangailte de'n doras, agus gur</span> <lb n="3051"/><span>chuireadar ag cuachaighil í agus ag réabadh ar fud an</span> <lb n="3052"/><span>tighe, sa deireadh.</span></p> <lb n="3053"/> <lb n="3054"/><p><span>Ó'n oidhche sin bhí ortha ar chroiceann a gcluas an</span> <lb n="3055"/><span>teach a sheachaint, acht mar sin féin bhí an dúil nimhe</span> <lb n="3056"/><span>acab 'san ngreann, agus dheamhan mé mar ar mhian</span> <lb n="3057"/><span>leób a dhul isteach an oidhche seo dá mb'fhéidir é, ar</span> <lb n="3058"/><span>chor ar bith. Sin é an fáth a rabhadar anois bailighthe</span> <lb n="3059"/><span>os comhair an dorais, ag siosgadh agus ag caismirt</span> <lb n="3060"/><span>le chéile céard a b'fheárr dhóibh a dhéanamh.</span></p> <lb n="3061"/> <lb n="3062"/><p><span>“Innseóchad-sa dhíbh céard a b'fhearr dhíbh a dhéanamh,”</span> <lb n="3063"/><span>arsa duine. “Buailtear cúpla pléisg mhaith ar an</span> <lb n="3064"/><span>doras, agus rachad i mbannaí go n-osglóchar é,”</span> <lb n="3065"/></p> </div> <pb n="74"/> <div><lb n="3066"/><p><span>“Déantar ann,” arsa tuilleadh. Is gearr go raibh</span> <lb n="3067"/><span>cárnán cloch bailighthe acab le caitheadh.</span></p> <lb n="3068"/> <lb n="3069"/><p><span>“Má rinne sibh leimhéaracht ariamh déanaidh anois é,</span> <lb n="3070"/><span>a ghasúra,” arsa Pádhraic, “agus caithtear i n-aoin-</span> <lb n="3071"/><span>fheacht, agus feicfidh sibh go músglóchar iad as an</span> <lb n="3072"/><span>soirm sámh 'na bhfuil siad istigh.”</span></p> <lb n="3073"/> <lb n="3074"/><p><span>“An gcaithfir féin, a Phádhraic?” arsa cuid acab.</span></p> <lb n="3075"/> <lb n="3076"/><p><span>“Mh'anam go gcaithfead” arsa Pádhraic.</span></p> <lb n="3077"/> <lb n="3078"/><p><span>“Abair ‘dar an ladhairicín bheannuighthe, chéasta,’”</span> <lb n="3079"/><span>arsa ceann eile.</span></p> <lb n="3080"/> <lb n="3081"/><p><span>“Dar an ladhairicín bheannuighthe, chéasta” arsa</span> <lb n="3082"/><span>Pádhraic.</span></p> <lb n="3083"/> <lb n="3084"/><p><span>Bhíodar sásta annsin; agus caitheadh múr cloch a</span> <lb n="3085"/><span>bhainfeadh teine ghealáin as an doras dá mb'fhéidir é.</span></p> <lb n="3086"/> <lb n="3087"/><p><span>I gceann trí meandar bhí fear an tighe amuigh 'na</span> <lb n="3088"/><span>mhaoil le cuthach agus báine — nídh nár bh'iongnadh.</span></p> <lb n="3089"/> <lb n="3090"/><p><span>Thosuigh sé ag tóraidheacht, acht ní raibh duine le</span> <lb n="3091"/><span>fágháil aige mar bhíodar go léir sgaipthe.</span></p> <lb n="3092"/> <lb n="3093"/><p><span>Chrom sé agus thosuigh air ag tógáil cloch go raibh lán</span> <lb n="3094"/><span>a ghabhála aige. Rith leis annsin, agus d'áitigh air ag</span> <lb n="3095"/><span>cuartughadh, agus cé bhéadh aige sáinnighthe istigh sa</span> <lb n="3096"/><span>gclais ghainimh i bhfalach acht Pádhraic. Ar an bpointe</span> <lb n="3097"/><span>'s ar aithnigh Pádhraic gurbh' é Tomás a bhí faoi chuthach</span> <lb n="3098"/><span>ag déanamh air phléasg sé amach, agus lasg leis chomh</span> <lb n="3099"/><span>tréan i nÉirinn 's b'fhéidir leis é, agus seo Tomás</span> <lb n="3100"/><span>'n-a dhiaidh, ag cur cloch ag feadghail thar a mhullach.</span> <lb n="3101"/><span>Sguir ná stad níor bhain dóibh gur shroicheadar an</span> <lb n="3102"/><span>“Aill Bhuidhe.” Go mío-fhortúnach bhí na clocha fré</span> <lb n="3103"/><span>chéile caithte le Pádhraic ag Tomás annsin, agus</span> <lb n="3104"/><span>b'éigin dó tosuighe ag cruinniughadh gabhála eile; acht</span> <lb n="3105"/><span>a mhaisge, níor le Pádhraic do b' fhaillighe é. Cromann</span> <lb n="3106"/><span>air, agus líonann sean-hata mór a bhí air go béal</span> <lb n="3107"/><span>le clocha, agus seo i ndiaidh Thomáis é, sul mar d'airigh</span> <lb n="3108"/><span>sé é, agus tosuigheann ag cur múr cloch amach thar a</span> <lb n="3109"/><span>mhullach. B'éigin do Thomás baint as ins na fásgaíbh</span> <lb n="3110"/><span>le n'anam a shábháil, agus Pádhraic agus 'ch aon fhuaim</span> <lb n="3111"/><span>aige d'á baint as na claidheachaibh le gach fearnóig dá</span> <lb n="3112"/><span>gcaitheadh le Tomás nó gur chuir sé isteach é fá dheireadh</span> <lb n="3113"/><span>ar leic an teallaigh.</span> <lb n="3114"/></p> </div> <pb n="75"/> <div><lb n="3115"/><p><span>Ar maidin lá'r n-a bháireach bhí Pádhraic ag teacht</span> <lb n="3116"/><span>anoir go mín, réidh, socair ag iarraidh feánach uisge</span> <lb n="3117"/><span>ag an tobar, agus cé casfaidhe dhó acht Tomás.</span></p> <lb n="3118"/> <lb n="3119"/><p><span>“Ó, a Phádhraic, ar airigh sibh-se tada de'n triopáil</span> <lb n="3120"/><span>a bhí annseo aréir? Is beag nár donuigheadh mé ag</span> <lb n="3121"/><span>na hamhuis bhradacha a bhí ag caitheamh le mo dhoras.”</span></p> <lb n="3122"/> <lb n="3123"/><p><span>“Muise, ní ag mugadh magadh atá tú, a Thomáis!”</span> <lb n="3124"/><span>arsa Pádhraic. “Mh'anam gur airigh mé plód</span> <lb n="3125"/><span>buachaillí ag rith soir an bóthar go deifreach aréir, mar</span> <lb n="3126"/><span>bhéadh domáiste eicínt déanta acab.</span></p> <lb n="3127"/> <lb n="3128"/><p><span>“Ó, ní fiú biorán a ndeárnadar sin,” arsa Tomás,</span> <lb n="3129"/><span>“acht bhí fear mór árd ann go díreach do mhac-samhail</span> <lb n="3130"/><span>féin, agus is beag nár bhasg sé mé!”</span></p> <lb n="3131"/> <lb n="3132"/><p><span>Ní raibh cuimhniughadh ar bith ag Tomás go mba hé</span> <lb n="3133"/><span>Pádhraic féin a bhí ghá sheilg ar feadh na hoidhche.</span></p> <lb n="3134"/> <lb n="3135"/><p><span>Cois-fhairrge.</span> <lb n="3136"/></p> </div> <pb n="76"/> <div><lb n="3137"/><p><span>Sgéala 'n Domhan Thoir.</span></p> <lb n="3138"/> <lb n="3139"/><p><span>(Litreacha do sgríobh Mícheál Breathnach, ó Lonndain,</span> <lb n="3140"/><span>go dtí an Claidheamh Soluis.)</span></p> <lb n="3141"/> <lb n="3142"/><p><span>An Seambairléanach.</span></p> <lb n="3143"/> <lb n="3144"/><p><span>Tá an sean-tSeambairléanach — fear dhéanta an áir —</span> <lb n="3145"/><span>ag déanamh abhaile ó'n Aifric Theas. D'iarr sé</span> <lb n="3146"/><span>ceisteanna móra a réidhtiughadh san tír úd. Réidh-</span> <lb n="3147"/><span>tigheadh sé ceisteanna, acht ní mhúchfaidh sé go bráth,</span> <lb n="3148"/><span>agus ní choisgfidh sé an fhíor-sprid dhúthchasach i muinntir</span> <lb n="3149"/><span>na haite úd. Is deacair a chreideamhaint go nglacfaidh</span> <lb n="3150"/><span>dream cródha calma mar na Búraigh leis an sglábhuidh-</span> <lb n="3151"/><span>eacht ná leis an truailleachas, ná go mbéidh siad sásta</span> <lb n="3152"/><span>le luighe faoi chuing & géar-bhruid na Sasanach go deó</span> <lb n="3153"/><span>na ndeór</span></p> <lb n="3154"/> <lb n="3155"/><p><span>Leabhar mná De La Réidh.</span></p> <lb n="3156"/> <lb n="3157"/><p><span>Tá leabhar cumasach taithneamhach thar éis a chló-</span> <lb n="3158"/><span>bhuailte i Lonndain a sgríobh bain-chéile an taoisigh</span> <lb n="3159"/><span>chródha, De La Réidh .i. Búrach fíreamhail neamh-eaglach.</span> <lb n="3160"/><span>Bheireann sé cunntas cruinn fíor-thaithneamhach i dtaoibh</span> <lb n="3161"/><span>gach a mb'éigin di fhulaing leis ar feadh an chogaidh; i</span> <lb n="3162"/><span>dtaoibh na n-aistear bhfada a b'éigin di a thabhairt thrí</span> <lb n="3163"/><span>na sléibhte & na cnuic mhóra gharbha. Tráchtann sí ar</span> <lb n="3164"/><span>an gcaoi a mbíodh na Búraigh calma curtha fútha i</span> <lb n="3165"/><span>n-uaigneas na ngleannta nó ar bhruach na n-abhann ó</span> <lb n="3166"/><span>oidhche go maidin amuigh ar an gcúl-shráid san</span> <lb n="3167"/><span>iar-gcúltacht ag ceapadh slighthe & ag cur comhairle i</span> <lb n="3168"/><span>dteannta a chéile céard a b'fhearr a dhéanamh leis an</span> <lb n="3169"/><span>sgriosadóir a smíochadh & le n-a ruaigeadh amach as a</span> <lb n="3170"/><span>dtír dhúthchais.</span> <lb n="3171"/></p> </div> <pb n="77"/> <div><lb n="3172"/><p><span>Mo ghroidhin chroidhe thú, a bhean uasal thréanmhar!</span> <lb n="3173"/><span>Ba hé do ghuidhe gach oidhche & do phaidir gach maidin</span> <lb n="3174"/><span>na Búraigh a bheith buadhach, an báire a bheith leób sa</span> <lb n="3175"/><span>deireadh, do thír dhúthchais a bheith saor ó shlabhraibh na</span> <lb n="3176"/><span>nGall, & an t-eachtrannach mío-thrócaireach neamh-chríost-</span> <lb n="3177"/><span>amhail a fheiceál ruaigthe go bráth amach as do thír! Is</span> <lb n="3178"/><span>dílis mar d'oibrigh tú & is tír-ghrádhach mar chruthuigh tú</span> <lb n="3179"/><span>go raibh do chroidhe & d'intinn fighte fuaighte le cúis</span> <lb n="3180"/><span>do thíre. Is onórach áluinn an sompla a thaisbeáin tú</span> <lb n="3181"/><span>& is dúthrachtach féidhmeach mar chuidighis leis an</span> <lb n="3182"/><span>muinntir fhearamhail líomhtha a sheas go dána docht ar</span> <lb n="3183"/><span>son saoirseachta a dtíre agus a dteangadh agus a</span> <lb n="3184"/><span>sleachta!</span></p> <lb n="3185"/> <lb n="3186"/><p><span>Fleadh na bhFeisirí i Lonndain.</span></p> <lb n="3187"/> <lb n="3188"/><p><span>Bhí cruinniughadh mór d'ár bhfeisirí ag fleidh i gceann</span> <lb n="3189"/><span>de na hallaí is mó i Lonndain oidhche Fhéile Pádraic.</span> <lb n="3190"/><span>Léighmid go raibh an áit ag cur thar maoil le daoine.</span> <lb n="3191"/><span>Bhí Seaghán Réamonn sa gcathaoir & mar is gnáthach</span> <lb n="3192"/><span>leis thug sé cómhrádh cumasach uaidh ag cur os comhair</span> <lb n="3193"/><span>na ndaoine cé'n stáid 'n-ar mhian le gach fíor-</span> <lb n="3194"/><span>Ghaedheal a raibh an croidhe agus an t-anam 'san áit</span> <lb n="3195"/><span>chirt ann, ár dtírín dúthchais a bheith. Dhearc agus</span> <lb n="3196"/><span>sgrúd sé go cruinn an chaoi atá ar an tír fá láthair.</span> <lb n="3197"/><span>Dubhairt sé go raibh sa' deireadh ár dtírín dil ag</span> <lb n="3198"/><span>biorrughadh suas go cumasach thar éis na mbliadhanta</span> <lb n="3199"/><span>bhfada fá throm-shuan agus fá neamh-shuim, go raibh sí</span> <lb n="3200"/><span>músgluighthe ó thaobh go taobh, agus a clann ag</span> <lb n="3201"/><span>oibriughadh go dúthrachtach le gach ar bhain le fíor-</span> <lb n="3202"/><span>náisiúntacht na tíre a chur ar aghaidh. Thug sé</span> <lb n="3203"/><span>árd-mholadh do Chonnradh na Gaedhilge, agus dubhairt</span> <lb n="3204"/><span>gur thuill sé meas, cabhair & cuidiughadh gach</span> <lb n="3205"/><span>Éireannaigh; mar an gcéadna chuir sé os a gcomhair</span> <lb n="3206"/><span>an chaoi a raibh déantúsaí na hÉireann ag dul ar</span> <lb n="3207"/><span>aghaidh go hiongantach, agus ag breith greime níos</span> <lb n="3208"/><span>láidre, mar Chonnradh na Gaedhilge, ar intinn agus ar</span> <lb n="3209"/><span>aigne na nGaedeal gach lá.</span> <lb n="3210"/></p> </div> <pb n="78"/> <div><lb n="3211"/><p><span>An Seambairléanach.</span></p> <lb n="3212"/> <lb n="3213"/><p><span>Cuireadh cuimse neithe 'n-a gcír thuathbhaill an fhad</span> <lb n="3214"/><span>'s bhí an Seambairléanach san Aifric. Tháinic sé a</span> <lb n="3215"/><span>bhaile an lá cheana, agus de réir gach deallraimh agus</span> <lb n="3216"/><span>gach tuairisge níor éirigh a thuras leis, agus níor</span> <lb n="3217"/><span>bh'fhéidir leis an socrughadh a shásochadh na bitheamhnaigh</span> <lb n="3218"/><span>ag baile a dhéanamh mar nach nglacfadh na Búraigh</span> <lb n="3219"/><span>leis, agus is soiléir go bhfuil an fuath agus an</span> <lb n="3220"/><span>dearg-ghráin ar an Sasanach chomh láidir agus chomh</span> <lb n="3221"/><span>doimhin i gcroidhthibh na mBúrach ar an uair seo do</span> <lb n="3222"/><span>ló & bhí aon uair ó'n gcéad lá riamh ar chuir an</span> <lb n="3223"/><span>sgriosadóir sanntach dúil 'n-a gcuid óir & a gcuid</span> <lb n="3224"/><span>talamhna.</span></p> <lb n="3225"/> <lb n="3226"/><p><span>Ceist na Talamhna.</span></p> <lb n="3227"/> <lb n="3228"/><p><span>Lonndain, Márta 28.</span></p> <lb n="3229"/> <lb n="3230"/><p><span>Cé nach bhfuil fós staidéar cruinn ná machtnamh</span> <lb n="3231"/><span>doimhin déanta ag furmhór na ndaoine ar an socrughadh</span> <lb n="3232"/><span>ar cheist na talamhna a cuireadh os comhair Thighe na</span> <lb n="3233"/><span>Féise seachtmhain go Céadaoin seo caithte, is follasach</span> <lb n="3234"/><span>as sgrúdughadh dhá laghad, gur mór go léir an biseach</span> <lb n="3235"/><span>é ar aon tsocrughadh dá ndearnadh go dtí seo.</span> <lb n="3236"/><span>Taisbeánann sé go soiléir go bhfuil an Riaghaltas</span> <lb n="3237"/><span>chomh mí-shuaimhneach & chomh fonnmhar ar shíothcháin & ar</span> <lb n="3238"/><span>shástaidheacht a tharraingt i nÉirinn agus d'fhéadfaidhe</span> <lb n="3239"/><span>a chreideamhaint. 'Sé seo anois socrughadh an t-aon</span> <lb n="3240"/><span>'s dá fhichid a rinneadh, agus a chruthuigh fabhtach & neamh-</span> <lb n="3241"/><span>fhéidhmeach le tunóntaí na hÉireann a shásughadh, agus,</span> <lb n="3242"/><span>cé nach bhfuil glactha leis fós, ná é 'n-a dhligheadh, tá</span> <lb n="3243"/><span>dóchas láidir, le beagán beag athruighthe a bhfuil súil</span> <lb n="3244"/><span>go ndéanfaidh Bhuindam ann amach annseo, go</span> <lb n="3245"/><span>gcruthóchaidh sé sásamhail do thunóntaí na hÉireann</span> <lb n="3246"/><span>fré chéile, agus go dtiocfaidh ciúineas & síothcháin,</span> <lb n="3247"/><span>sástaidheacht & suaimhneas as nach bhfuil cleachtadh ortha</span> <lb n="3248"/><span>'n-ár dtír le os cionn céad bliadhain.</span> <lb n="3249"/></p> </div> <pb n="79"/> <div><lb n="3250"/><p><span>Is iongantach de'n tsaoghal an tsuim a cuireadh 'san</span> <lb n="3251"/><span>gceist seo le fada. Ní raibh a leitheid de chruinniughadh</span> <lb n="3252"/><span>i dTeach na Féise le deich mbliadhna. Bhí an seomra</span> <lb n="3253"/><span>mór brúighte dingthe i n-íochtar 's i n-uachtar le</span> <lb n="3254"/><span>daoinibh. Nach deacair a rádh nárbh' imnidheach a bhí</span> <lb n="3255"/><span>beirt d'Fheisiribh na hÉireann a bhuail isteach agus a</span> <lb n="3256"/><span>thóig seilbh a suidheachán ar uair mharbhtha na hoidhche</span> <lb n="3257"/><span>roimhe ar fhaitchíos nach mbéadh breith acab ortha!</span> <lb n="3258"/><span>Tháinic an leomhan neamh-eaglach grinn lán-smaointeach,</span> <lb n="3259"/><span>Mícheál Mac Dáibhí anall ó Éirinn i n-aon turas le</span> <lb n="3260"/><span>bheith i láthair. Má tá aon fhear a rinne cion fir le</span> <lb n="3261"/><span>leasughadh a chur ar an gcuma mhí-ádhmharaigh 'n-a raibh</span> <lb n="3262"/><span>na tunóntaí bochta dhá dtreasgairt & dhá gciapadh fá</span> <lb n="3263"/><span>chuing na dtighearnaí, & a d'oibrigh go dána fíreamhail</span> <lb n="3264"/><span>teann ar son lucht shaothruighthe na talamhna tá os</span> <lb n="3265"/><span>cionn fiche bliadhain ó shoin ann, is é Mícheál</span> <lb n="3266"/><span>Mac Dáibhí é. Ó chuir sé suas d'á bheith 'n-a Fheisire,</span> <lb n="3267"/><span>tá cúpla bliadhain ó shoin ann, ní thug sé aon turas ar</span> <lb n="3268"/><span>Mhainistir Thiar go dtí seo. Is minic a cloiseadh</span> <lb n="3269"/><span>fuaim a ghlóir go bríoghmhar teann 'san árus mór</span> <lb n="3270"/><span>céadna bliadhanta ó shoin ag seasamh ar son daoine</span> <lb n="3271"/><span>bocht na hÉireann, & ag díbliughadh ar an dream & ar</span> <lb n="3272"/><span>an dligheadh a bhí ghá bhfágáil bánuighthe; acht anois bhí</span> <lb n="3273"/><span>sé i measg na gcuartóirí ag éisteacht go dlúth & go</span> <lb n="3274"/><span>haireach leis an óráid a bhí ag míniughadh na slighe</span> <lb n="3275"/><span>leasuighthe & feabhsuighthe ar cheist na talamhna — ceist ar</span> <lb n="3276"/><span>chuir sé lúthad na ngéag, spreacamh na gcnámh, & éirim</span> <lb n="3277"/><span>an chinn ag oibriughadh gan staonadh ar a son ar feadh</span> <lb n="3278"/><span>bliadhanta mór fada.</span></p> <lb n="3279"/> <lb n="3280"/><p><span>Ar feadh uaire go leith an chluig chaith Bhuindam ag</span> <lb n="3281"/><span>trácht i dtaoibh na ceiste, ag a mhíniughadh céard a</span> <lb n="3282"/><span>bhí fá'n Riaghaltas a dhéanamh le sgur de'n achrann</span> <lb n="3283"/><span>agus de'n chreachadh, & le deis a thabhairt do thunóntaí</span> <lb n="3284"/><span>na hÉireann ar a bheith 'n-a máighistrí neamh-spleádhacha</span> <lb n="3285"/><span>ar a dtalta féin thar éis suime achair. Chuir sé os</span> <lb n="3286"/><span>a gcomhair cé'n mhí-shástaidheacht a bhí i nÉirinn le</span> <lb n="3287"/><span>bliadhantaibh, cé an tsíor-throid & donas a thárla</span> <lb n="3288"/><span>de cheal gan socrughadh sásamhail a bheith déanta.</span> <lb n="3289"/><span>Bhí an dligheadh dhá oibriughadh go láidir mí-thruaigheach</span></p> </div> <pb n="80"/> <div><lb n="3290"/><p><span>i n-aghaidh na ndaoine a bhí ag cur a gcos i dtalamh,</span> <lb n="3291"/><span>agus ag seasamh go docht i n'aghaidh, mar gheall ar</span> <lb n="3292"/><span>an gcaoi a raibh an cheist fágtha i n-aimhreas gan</span> <lb n="3293"/><span>réidhtiughadh. D'fhág na céadta agus na mílte an tír</span> <lb n="3294"/><span>de cheal saothruighthe & d'imigh leób anonn thar mhuir</span> <lb n="3295"/><span>mhóir na dtonn le n-a gcnámha a oibriughadh go cruaidh</span> <lb n="3296"/><span>ar son tíortha coimhthigheach & ag fágáil a dtíre dúthchais</span> <lb n="3297"/><span>go tnáithte ciaptha n-a ndiaidh. Tharraing an mí-</span> <lb n="3298"/><span>shuaimhneas na mílte constábla isteach 'sa tír le bheith</span> <lb n="3299"/><span>ag imtheacht n-a sguaidiríníbh i n-ainm 's bheith ag</span> <lb n="3300"/><span>smachtughadh an dreama mhí-shásta a bhí ag bagairt seo</span> <lb n="3301"/><span>'s siúd a dhéanamh nó go bhfághaidís a gceart; agus</span> <lb n="3302"/><span>airgead na ndaoine bocht ghá gcothughadh. Má thagann</span> <lb n="3303"/><span>an tsíothcháin laghdóchar na constáblaí seo go mór,</span> <lb n="3304"/><span>agus ní bhéidh, 'ár ndóigh, an t-airgead ag imtheacht</span> <lb n="3305"/><span>ortha mar tá le fada.</span></p> <lb n="3306"/> <lb n="3307"/><p><span>Tá fá'n Riaghaltas sa' deireadh cuidiughadh le</span> <lb n="3308"/><span>saothrughadh na talamhna, agus leis sin tá dóchas go</span> <lb n="3309"/><span>ndéanfar cosgadh mór ar an imtheacht as an tír, & le</span> <lb n="3310"/><span>súil 's go mbéithí i n-an sin a dhéanamh & go ruaigfidhe</span> <lb n="3311"/><span>an droch-mhisneach & an mhí-mhuinighin atá le fada ag</span> <lb n="3312"/><span>ruaigeadh na ndaoine chuireadar socrughadh i dtoll a</span> <lb n="3313"/><span>chéile le n-a bhféadfadh na tighearnaí agus na tunóntaí</span> <lb n="3314"/><span>réidhtiughadh eatortha féin. Shocruigheadar dhá mhilliún</span> <lb n="3315"/><span>déag punnt a bhronnadh, agus iasacht airgid mar an</span> <lb n="3316"/><span>gcéadna a thabhairt uatha le n-a bhféadfaidhe a bhfuil</span> <lb n="3317"/><span>de thalamh le díol a bheith ceannuighthe ag na tunóntaí</span> <lb n="3318"/><span>i rith cúig mbliadhan déag, nó mar sin, agus béidh</span> <lb n="3319"/><span>hocht mbliadhna 'gus trí fichid beagnach caithte sul</span> <lb n="3320"/><span>mar bhéas ialach an t-airgead go léir a bhéith íoctha</span> <lb n="3321"/><span>ar ais. Má thárluigheann nach mbéidh an tighearna &</span> <lb n="3322"/><span>na tunóntaí i n-an a theacht le chéile 'sa socrughadh</span> <lb n="3323"/><span>tiocfaidh triúr measadóirí atá ceaptha ag an riaghaltas</span> <lb n="3324"/><span>le luach a cheapadh do'n talamh acht nach féidir leób</span> <lb n="3325"/><span>aon tsocrughadh a dhéanamh gan trí ceathramhna na</span> <lb n="3326"/><span>dtunóntaí ar an dúthaigh a bheith sásta le n-a mbreith-</span> <lb n="3327"/><span>eamhnas. Tá ár bhFeisirí as Éirinn le bailiughadh i</span> <lb n="3328"/><span>dteannta a chéile i mBaile Átha Cliath 'san Aibreán</span> <lb n="3329"/><span>anois leis an socrughadh seo a sgrúdughadh go grinn</span></p> </div> <pb n="81"/> <div><lb n="3330"/><p><span>& go cúramach thríd síos & thríd suas & le comhairle a</span> <lb n="3331"/><span>chur i dtoll a chéile 'n-a thaobh, agus ní bhéidh fios go</span> <lb n="3332"/><span>dtí sin an mbéidh muinntir na hÉireann i gcoitcheann</span> <lb n="3333"/><span>sásta leis. Badh cheart ar chuma 'r bith gan glacadh</span> <lb n="3334"/><span>le hochtmhadh cuid an chíosa a bheith dhá íoc go bráth ag</span> <lb n="3335"/><span>na tunóntaí thar éis an ama — de réir an tsocruighthe —</span> <lb n="3336"/><span>a mbéadh an talamh glan acab. Tá sé sin sa</span> <lb n="3337"/><span>socrughadh .i. thar éis gach lasgaine, & thar éis an tsuim</span> <lb n="3338"/><span>aimsire a bheith caithte 'n-a gcaithfidh an t-airgead a</span> <lb n="3339"/><span>bheith íoctha ar ais, nach mbéidh 'n-a dhiaidh sin an talamh</span> <lb n="3340"/><span>saor, mar leanfar de hochtmhadh cuid an chíosa a bhaint</span> <lb n="3341"/><span>amach air go síorruidhe. Badh cheart seasamh go</span> <lb n="3342"/><span>daingean láidir i n'aghaidh sin. Tá fáth ag an riagh-</span> <lb n="3343"/><span>haltas leis sin, acht badh cheart a thaisbeánadh dhóibh</span> <lb n="3344"/><span>go gcaithfidh siad é a bhaint as an socrughadh, & an</span> <lb n="3345"/><span>t-airgead a theasdóchas a fhágháil ar chaoi eícint eile</span> <lb n="3346"/><span>seachas mar tá fútha a dhéanamh. Caithfidh Clanna</span> <lb n="3347"/><span>Gaedheal a bheith 'n-a sealbhadóirí ar a dtalta féin &</span> <lb n="3348"/><span>iad a bheith saor ó chíos & ó cháin acab sa' deireadh!</span></p> <lb n="3349"/> <lb n="3350"/><p><span>Má leasuighthear beagán an socrughadh is mór an gar</span> <lb n="3351"/><span>do Chlanna Gaedheal é; cé, mo bhrón! nach ndéanfaidh</span> <lb n="3352"/><span>sé go haibéil sonasach séanmhar ár dtír dhúthchais arís.</span> <lb n="3353"/><span>Nuair a smaoinigheas sinn gur fhág dhá fhichid míle</span> <lb n="3354"/><span>duine, idir an chúig déag & chúig déag 's fiche d'aois,</span> <lb n="3355"/><span>ár dtír i rith na bliadhna atá caithte, nach bhfuil sé</span> <lb n="3356"/><span>i n-an crádh & dólás a chur ar chroidhe an Ghaedhil is</span> <lb n="3357"/><span>aoibhnighe & is meidhrighe! Is deacair a rádh cé mhéad</span> <lb n="3358"/><span>acab seo a bhéadh deagh-shocrughadh na talamhna i n-an</span> <lb n="3359"/><span>a choinneáil 'sa mbaile. Tá faitchíos orm nach uimhir ró-</span> <lb n="3360"/><span>mhór é. Tá an talamh 'n-a fhásach thart timcheall na</span> <lb n="3361"/><span>tíre ag cothughadh eallaigh do'n té atá, b'fhéidir,</span> <lb n="3362"/><span>ró-neamh-shuimeamhail, nó ró-leisgeamhail le n-a shaoth-</span> <lb n="3363"/><span>rughadh, agus tunóntaí bochta dhá gciapadh ar gach taobh</span> <lb n="3364"/><span>dhe, b'fhéidir, ag a iarraidh greim a mbéil a bhaint as</span> <lb n="3365"/><span>talamh clochach garbh, nó as muing shléibhe nach gcuirfidhe</span> <lb n="3366"/><span>gabhar dá chothughadh air i n-áiteachaíbh eile. Roinntear</span> <lb n="3367"/><span>amach na réimsí breagha leathana féaracha seo idir na</span> <lb n="3368"/><span>tunóntaí bochta, & bíodh againn comhluadar socruighthe</span></p> </div> <pb n="82"/> <div><lb n="3369"/><p><span>síos ortha go sásta socamhlach, agus bíodh gleó na</span> <lb n="3370"/><span>bpáistí le cloisint againn ortha i leabaidh géimneach</span> <lb n="3371"/><span>an eallaigh amach annseo. Go dtí sin béidh go leór</span> <lb n="3372"/><span>tunóntaí go suarach ag síor-chiapadh leis an saoghal.</span></p> <lb n="3373"/> <lb n="3374"/><p><span>Tá ár bhFeisirí go léir beagnach glanta leób as</span> <lb n="3375"/><span>Lonndain abhaile anois, le gan filleadh go dtí thar éis</span> <lb n="3376"/><span>na Cásga, & go mbéidh socrughadh eicínt déanta ar</span> <lb n="3377"/><span>cheist na talamhna acab thar éis machtnughadh doimhin</span> <lb n="3378"/><span>agus féachaint ghrinn fhad-bhreathnuightheach a dhéanamh</span> <lb n="3379"/><span>uirthi i mBaile Átha Cliath an mhí seo. D'fhág Seaghán</span> <lb n="3380"/><span>Réamonn Lonndain 'san oidhche Diardaoin, & tá ghá</span> <lb n="3381"/><span>chur féin faoi réir i gcomhair an Choiste & na ceiste</span> <lb n="3382"/><span>móire atá ortha a shocrughadh .i. an bhfuil ortha glacadh</span> <lb n="3383"/><span>leis an socrughadh atá ceaptha dhi & atá cinnte gan</span> <lb n="3384"/><span>cruthughadh sásamhail ar gach bealach dhá bhfuil ó'n</span> <lb n="3385"/><span>tunónta faoi láthair; nó feabhsughadh & leasughadh a chur</span> <lb n="3386"/><span>air, rud a bhaint as annseo & chur leis annsiúd, nó</span> <lb n="3387"/><span>go gceapfar go mbéidh sé acab sa deireadh gan</span> <lb n="3388"/><span>easbaidh gan marach, & gach a mbéidh ann tuigthe i</span> <lb n="3389"/><span>gceart ag muinntir na tíre. Annsinn béidh ortha a</span> <lb n="3390"/><span>thabhairt os comhair na Féise an dara huair leis an</span> <lb n="3391"/><span>athrughadh & an mbiseach a bhéas curtha acab air, & annsin</span> <lb n="3392"/><span>ní baoghal nach dtreabhfar arís é, thríd síos agus thríd</span> <lb n="3393"/><span>suas, i measg sluagh mór na gcarad & na námhad.</span> <lb n="3394"/><span>Thar éis na díospóireachta atá le bheith ann an dara</span> <lb n="3395"/><span>huair thar éis na Cásga, béimid eólasach go maith ar</span> <lb n="3396"/><span>céard atá le tárlughadh. Deirthear gur dhubhairt cuid</span> <lb n="3397"/><span>de na Féisirí atá ar thaoibh an Riaghaltais go bhfuil</span> <lb n="3398"/><span>rún acab cur i n'aghaidh nuair thiocfas sé ós a gcomhair</span> <lb n="3399"/><span>an dara huair.</span></p> <lb n="3400"/> <lb n="3401"/><p><span>Tá trácht go bhfuil fá'n Riaghaltas gar do dhá chéad</span> <lb n="3402"/><span>míle a thabhairt uaidhe d'Éirinn gach bliadhain as an</span> <lb n="3403"/><span>airgead atá curtha i leath-taobh le haghaidh neithe áirithe</span> <lb n="3404"/><span>'san Raghaltas ó cuireadh i bhfeidhm an dligheadh a</span> <lb n="3405"/><span>ceapadh 'san bhFéis i dtaoibh an oideachais le goirid.</span> <lb n="3406"/><span>Tá a cuid féin de'n airgead seo a ceapadh le</span></p> </div> <pb n="83"/> <div><lb n="3407"/><p><span>hócáide 'san bhFéis ag dul go dlisteannach d'Éirinn,</span> <lb n="3408"/><span>& is mian le Bhuindam a dhícheall a dhéanamh le n-a</span> <lb n="3409"/><span>fhágháil di le cuidiughadh le saotharacht & le déantúsaí</span> <lb n="3410"/><span>innti, agus le bóithre iarainn agus bealaigh a</span> <lb n="3411"/><span>dhéanamh níos fearr. Béithear ag trácht i dtaoibh na</span> <lb n="3412"/><span>ceiste seo thar-éis na Cásga freisin, & béidh tuilleadh</span> <lb n="3413"/><span>le rádh 'n-a taobh amach annseo.</span></p> <lb n="3414"/> <lb n="3415"/><p><span>Ceist na Talmhan — lochta san mbille.</span></p> <lb n="3416"/> <lb n="3417"/><p><span>Mar ceapadh, frítheadh a lán lochta agus easbaidh i</span> <lb n="3418"/><span>mBille na talmhan ó tosuigheadh ar a sgrúdughadh. Ó</span> <lb n="3419"/><span>cuireadh os comhair an tsluaigh é tá cuimse cainnte d'á</span> <lb n="3420"/><span>déanamh 'na thaoibh, agus tá réimsí agus cornaí</span> <lb n="3421"/><span>páipéir dá n-ídiughadh ag taisbeánadh a chuid lochta, &</span> <lb n="3422"/><span>an leasughadh badh chóir a dhéanamh ortha. Ní iongantas</span> <lb n="3423"/><span>nach dtagann go leór dhíobh seo atá dh'á sgrúdughadh le</span> <lb n="3424"/><span>chéile san mbaramhail atá siad a thabhairt i dtaoibh</span> <lb n="3425"/><span>rudaí áirithe atá san socrughadh mar cuireadh os a</span> <lb n="3426"/><span>gcomhair ó'n bhFeis é, agus ní cosamhail go bhfuil sé</span> <lb n="3427"/><span>éasgaidh leasughadh nó athrughadh a chur air a shásóchas</span> <lb n="3428"/><span>na tunóntaí i gcoitcheann, mar an rud d'fheilfeadh i</span> <lb n="3429"/><span>gceanntar nó i ndúthaigh, ní móide go mbéadh glacadh</span> <lb n="3430"/><span>ar bith leis ag tunóntaí i n-áiteacha eile ar fud na</span> <lb n="3431"/><span>tíre. Tá furmhór na ndaoine ghá dheimhniughadh go bhfuil</span> <lb n="3432"/><span>an iomarca dh'á thabhairt do na tighearnaíbh faoi dheireadh</span> <lb n="3433"/><span>thiar thall thar éis na mbliadhanta mór fada a caitheadh</span> <lb n="3434"/><span>ag a iarraidh a bheith ag fulaingt le treasgairt agus</span> <lb n="3435"/><span>spídiúlacht uatha. Tá tuilleadh ag a rádh go fírinneach,</span> <lb n="3436"/><span>agus ag a chruthughadh gan duadh, gur ab iad na</span> <lb n="3437"/><span>tighearnaí talmhan a gheobhfas an bhuntáiste is mó as</span> <lb n="3438"/><span>an airgead seo atá i n-ainm 's a bheith dh'á bhronnadh</span> <lb n="3439"/><span>ar na tunóntaíbh, agus go bhfuil luach áidhbhéil ceaptha</span> <lb n="3440"/><span>dhóibh ar an talamh — luach nach fiú é, & nár chóir go</span> <lb n="3441"/><span>mbéadh súil go dtiubhradh na tunóntaí air.</span></p> <lb n="3442"/> <lb n="3443"/><p><span>Fáightear locht ar an mBille mar nach dtugann sé</span> <lb n="3444"/><span>aon deis mar badh cheart do na tunóntaíbh bochta a</span> <lb n="3445"/><span>caitheadh amach as a gcuid gabhaltas le cúig bliadhna</span> <lb n="3446"/><span>fichead leis an talamh d'fhágháil ar ais arís 'na seilbh</span></p> </div> <pb n="84"/> <div><lb n="3447"/><p><span>féin an lá gur shaothruigheadar é go tíoghmhasach, &</span> <lb n="3448"/><span>gur chailleadar é go neamh-dhlisteannach. Mar an</span> <lb n="3449"/><span>gcéadna cáintear & lochtuightear go géar gan an</span> <lb n="3450"/><span>bille ag déanamh i bhfad níos mó do “lucht na hoibre,”</span> <lb n="3451"/><span>a bhíos ag saothrughadh na talmhan ar a bpáidhe agus</span> <lb n="3452"/><span>gan deis a thabhairt le n-a gcuirfidhe talamh feileamhnach</span> <lb n="3453"/><span>atá gan tunónta ar bith, acht in a fhásach, 'na seilbh, ar a</span> <lb n="3454"/><span>bhféadfaidís maireachtáil i bhfad níos socamhlaighe ná</span> <lb n="3455"/><span>mar atá siad. Níl an bille sásamhail de cheal gan</span> <lb n="3456"/><span>socrughadh a bheith ann le n-a mbéadh sé furasta ag</span> <lb n="3457"/><span>tunóntaibh bochta i gConnachtaibh, & i n-áiteachaibh eile</span> <lb n="3458"/><span>na talta míne féaracha nach bhfuil ag cothughadh éinne, a</span> <lb n="3459"/><span>cur na seilbh ionnus go mbainfidís greim a mbéil</span> <lb n="3460"/><span>amach — rud atá i ngar d'á bheith ag cinneamhaint ar go</span> <lb n="3461"/><span>leór aca de cheal a sáith talmhan. Go cinnte tá deis</span> <lb n="3462"/><span>tugtha le n-a bhféadfaidhe beagán méaduighthe a chur ar</span> <lb n="3463"/><span>ghabhaltaisibh i gceanntaraibh mar iarthar na hÉireann</span> <lb n="3464"/><span>nach bhfuil acht fíor-dhroch-thalamh ionnta, agus 'na bhfuil</span> <lb n="3465"/><span>Gaedhil bhochta go fairsing (slán beó go rabhaid!)</span> <lb n="3466"/><span>acht níl aon deis éifeachtach tugtha a chuirfeas na</span> <lb n="3467"/><span>reimsí leathana féaracha thart timcheall ortha 'na seilbh.</span> <lb n="3468"/><span>'Sé seo a theastuigheas.</span></p> <lb n="3469"/> <lb n="3470"/><p><span>Ní hiongnadh go bhfuil na Gaedhil ag imtheacht go</span> <lb n="3471"/><span>cráidhte dubhach as na ceanntaraibh úd i gcoigcríocht.</span> <lb n="3472"/><span>Níl, fairíor! tada le n-a n-aghaidh ag baile go minic</span> <lb n="3473"/><span>acht an ganntanas. Nuair a sgoiltear an gabhaltas,</span> <lb n="3474"/><span>nó an leath-ghabhaltas (rud a ghníthear go han-mhinic)</span> <lb n="3475"/><span>agus gheibheas duine de'n chlainn mhac a leath, is</span> <lb n="3476"/><span>ionduail gur beó bocht mar chaitheas sé é féin agus</span> <lb n="3477"/><span>a mhuirghin a chothughadh, ag a iarraidh a bheith ag</span> <lb n="3478"/><span>saothrughadh & ag baint brabaigh as na leacracha glasa,</span> <lb n="3479"/><span>nó as an gcriarach fiadháin i rith a shaoghail dóibh. An</span> <lb n="3480"/><span>iongnadh nuair atá deagh-thalamh mín cothrom os comhair</span> <lb n="3481"/><span>na n-óig-fhear líomhtha sgolbánta 'sna ceanntaraibh úd,</span> <lb n="3482"/><span>& nach féidir leób amháin smaoineadh ar dhrannadh leób,</span> <lb n="3483"/><span>go ngoilleann an droch-mheisneach agus an mhí-mhuinghin</span> <lb n="3484"/><span>ortha de cheal gan feiceál a bheith acab ar rud ar bith</span> <lb n="3485"/><span>le n-a n-aghaidh, & go n-ullmhuighid le lasgadh leób ó</span> <lb n="3486"/><span>n-a ndáimh & a ngaolta chun na Stát Aontuighthe? Go</span></p> </div> <pb n="85"/> <div><lb n="3487"/><p><span>mbídh i bhfad níos mó talmhan le roinnt caithfidh siad</span> <lb n="3488"/><span>a bheith ag ciapadh leis an saoghal, & fairíor! caithfidh na</span> <lb n="3489"/><span>daoine óga a bheith ghá bhfágáil.</span></p> <lb n="3490"/> <lb n="3491"/><p><span>Tá beag nach gach duine d'á gcuireann a smaointe</span> <lb n="3492"/><span>& a bharamhail os comhair an tsluaigh ghá lochtughadh go</span> <lb n="3493"/><span>láidir ochtmhadh cuid an chíosa a bheith le híoc leis an</span> <lb n="3494"/><span>riaghaltas go bráth thar éis na hocht mbliadhna 's trí</span> <lb n="3495"/><span>fichid go leith, a chríochnóchas an téarma, a bheith caithte.</span> <lb n="3496"/><span>Tá daoine ag a rádh má ghníthear dligheadh dhe seo go</span> <lb n="3497"/><span>réabfar & go ruaigfear an mhuinghin agus an tsúil</span> <lb n="3498"/><span>chráidhte a bhí le geinéala an talamh a bheith saor ag</span> <lb n="3499"/><span>Clannaibh Gaedheal 'sa deireadh. Ceapann daoine go</span> <lb n="3500"/><span>mb'fhearr an Gaedheal a fhágáil mar atá sé ag súil</span> <lb n="3501"/><span>go geanamhail, acht go dóchasach, le saorsacht sa</span> <lb n="3502"/><span>deireadh ná fóirthint air féin anois agus fios a bheith</span> <lb n="3503"/><span>aige nach mbéidh talamh a sheacht sinnsear saor ó chuing</span> <lb n="3504"/><span>riaghaltais na námhad go bráth. Acht le congnamh Dé</span> <lb n="3505"/><span>& Mhuire ní baoghal go mbéidh sin amhlaidh, agus ní cóir</span> <lb n="3506"/><span>claonadh go bráth do'n droch-mheisneach, ná an mhuinghin</span> <lb n="3507"/><span>a chailleadh. Támuid anois ag biorrughadh suas agus</span> <lb n="3508"/><span>ag brostughadh orainn. Tá na fóda d'á bhfadughadh i</span> <lb n="3509"/><span>dteinidh na saorsachta i nÉirinn anois agus ní</span> <lb n="3510"/><span>haireóchar go dtiocfaidh lóchrann go lonnrach soillseach</span> <lb n="3511"/><span>aisti a ruaigfeas sgamaill dhubha léanmhara na daor-</span> <lb n="3512"/><span>sachta agus an ghalldachais amach as cumair ghlasa mhíne</span> <lb n="3513"/><span>na Fódla go deó na ndeór!</span></p> <lb n="3514"/> <lb n="3515"/><p><span>Achrann na “nDaoine nGeal” le na</span> <lb n="3516"/><span>“Daoine Dubha.”</span></p> <lb n="3517"/> <lb n="3518"/><p><span>An tSomáil.</span></p> <lb n="3519"/> <lb n="3520"/><p><span>Nach ró-fhurasta an ciúineas agus an suaimhneas</span> <lb n="3521"/><span>d'athrughadh, & ár & smíochadh a tharraingt 'na leabaidh!</span> <lb n="3522"/><span>Nuair is suaimhnighe agus is socamhlaighe a bhímid go</span> <lb n="3523"/><span>minic 'seadh thagas an droch-thuairisg chugainn de</span> <lb n="3524"/><span>sgiotán, & d'aon phlimp amháin, go bhfuil raic agus</span> <lb n="3525"/><span>sléachta dh'á ndéanamh, agus an cineadh daonna ag</span> <lb n="3526"/><span>sgeannadh agus ag áitiughadh ar a chéile i n-áit eicínt</span></p> </div> <pb n="86"/> <div><lb n="3527"/><p><span>de'n domhan mór, agus iad i n-éadan a chéile go dána</span> <lb n="3528"/><span>fíochmhar námhadach — dream ag a iarraidh smacht agus</span> <lb n="3529"/><span>an lámh i n-uachtar d'fhágháil, agus an dream eile gan</span> <lb n="3530"/><span>aon ghlacadh le smachtughadh uatha, acht ag iarraidh</span> <lb n="3531"/><span>cead' a gcinn agus a gceartais féin gan aon duine</span> <lb n="3532"/><span>ag bualadh a ladair 'na ghnaithíbh, ná aon chur isteach a</span> <lb n="3533"/><span>dhéanamh ortha féin nó ar a dtaltaíbh dúthchais!</span></p> <lb n="3534"/> <lb n="3535"/><p><span>Nach mairg nach leigtear dhóibh maireachtáil go mín</span> <lb n="3536"/><span>réidh socair, agus dul ar aghaidh le n-a ghnó gan an</span> <lb n="3537"/><span>t-eachtrannach a theacht le mí-shuaimhneas agus tadhad</span> <lb n="3538"/><span>agus corrughadh mór 'na measg, agus a gcur amach</span> <lb n="3539"/><span>ar na sléibhtibh uaigneacha mar bheithidhigh fiadháine ag</span> <lb n="3540"/><span>ruatharach rómpa go cíocrach neamh-fhoighdineach, ag faire</span> <lb n="3541"/><span>ar a gcreachadóir. Agus nach mairg gur ab é an</span> <lb n="3542"/><span>“fear geal” ar gnáthaighe leis, le sainnt i maoin</span> <lb n="3543"/><span>nó i dtalamh, tosughadh ar an imreas leis na “daoinibh</span> <lb n="3544"/><span>dorcha.” Ceapann an “fear geal” nach mór an</span> <lb n="3545"/><span>“fear dorcha” a cheannsughadh i n-áit eicínt a mbíonn</span> <lb n="3546"/><span>sé ag cur na gcos uaidh, agus go bhfeileann Críos-</span> <lb n="3547"/><span>tamhlacht agus macántas a mhúnadh dhó, agus mar sin</span> <lb n="3548"/><span>is minic a thosuigheas an t-imreas & a leagtar an</span> <lb n="3549"/><span>iomad daoine, agus a thagas creachadh & réabadh, agus</span> <lb n="3550"/><span>marbhadh millteach is cur isteach an “fhir bháin” i</span> <lb n="3551"/><span>n-ionad ciúineas, múinteachas nó macántas a chur 'sna</span> <lb n="3552"/><span>“daoinibh dorcha.”</span></p> <lb n="3553"/> <lb n="3554"/><p><span>Agus is fearamhail dána neamh-eaglach é an “fear</span> <lb n="3555"/><span>dorcha” nuair a curtar air, agus is fíreamhail mar</span> <lb n="3556"/><span>sheasas sé ar son a thíre, agus a ghiodáinín dúthchais.</span> <lb n="3557"/><span>Tá sé oilte riamh ar an nga agus ar an ngléas caithte.</span> <lb n="3558"/><span>Is minic a b'éigin dó é féin a chosaint ar an</span> <lb n="3559"/><span>mbeithidheach allta 'sna coilltibh fiadháine, nó 'sna</span> <lb n="3560"/><span>gleanntaibh uaigneacha. Tá seisean mar na haithreacha</span> <lb n="3561"/><span>agus gach dream dh'á dtáinic roimhe, agus cé nach</span> <lb n="3562"/><span>bhfuil sé chomh sleamhain, chomh mín, nó chomh slíoctha leób</span> <lb n="3563"/><span>seo ó Roinn na hEórpa a thagas ag cur air, is beag</span> <lb n="3564"/><span>acab nach fear dóibh é ag cosaint a mhaoine, nó a</span> <lb n="3565"/><span>thalmhan 'sa gcómhrac.</span> <lb n="3566"/></p> </div> <pb n="87"/> <div><lb n="3567"/><p><span>Tá tuairisg curtha amach go bhfuil smíochadh mór thar</span> <lb n="3568"/><span>éis a dhéanta ar na Sasanaighibh 'sa tSomáil san</span> <lb n="3569"/><span>Aifric Thoir. Is beag nár stialladh ó chéile cipe acab</span> <lb n="3570"/><span>ar an seachtmhadh lá déag de'n mhí seo .i. Aibreán.</span> <lb n="3571"/><span>Marbhuigheadh deichneabhar oifigeach agus céad 's ceithre</span> <lb n="3572"/><span>feara déag 's trí fichid saighdiúir ortha, agus</span> <lb n="3573"/><span>chailleadar dhá ghunna mhóra. Is é an leómhan millteach</span> <lb n="3574"/><span>cumasach úd .i. “an Mullah,” a rinne an t-ár. Is</span> <lb n="3575"/><span>cosamhail gur fiadháin allta an mullachán de dhuine é,</span> <lb n="3576"/><span>agus gur ab iongantach go léir an croidhe & an</span> <lb n="3577"/><span>meisneach a gheall Dia dhó.</span></p> <lb n="3578"/> <lb n="3579"/><p><span>Bhí an Coirnéal Pluincéad os cionn an dreama</span> <lb n="3580"/><span>a marbhuigheadh go huathbhásach tobann an lá úd, agus</span> <lb n="3581"/><span>tá faitchíos a n-anma ar na Sasanaighibh go bhfuil an</span> <lb n="3582"/><span>Coirnéal Cobbe, a bhí ann freisin, i ndaimhséar cruaidh.</span> <lb n="3583"/><span>Tugadh faoi deara na daoine dubha ag teicheadh leób</span> <lb n="3584"/><span>ar an gcúl-sráid an tráthnóna úd, agus phreab an</span> <lb n="3585"/><span>Pluincéadach agus a chuid saighdiúir go meisneamhail</span> <lb n="3586"/><span>dána na ndiaidh.</span></p> <lb n="3587"/> <lb n="3588"/><p><span>“Bainfead-sa faic as na daoinibh dubha fiadháine</span> <lb n="3589"/><span>nimhneacha seo, agus fág fúm iad go gcuiread deireadh</span> <lb n="3590"/><span>le gach feithideach acab,” ar seisean ar imtheacht dó.</span></p> <lb n="3591"/> <lb n="3592"/><p><span>“Bainfead-sa faic asat-sa ar chuma ar bith agus</span> <lb n="3593"/><span>fágfad sínte thú féin & do dhream dh'á mhéad do chuid</span> <lb n="3594"/><span>gaisge, agus dh'á dhána do ghlór, mara dtugair rí-aire</span> <lb n="3595"/><span>dhuit féin,” arsa taoiseach na bhfear ndubh faoi n-a</span> <lb n="3596"/><span>fhiacail.</span></p> <lb n="3597"/> <lb n="3598"/><p><span>Lean an Pluincéadach dhóibh go dána árd-inntinneach,</span> <lb n="3599"/><span>agus rún daingean aige gan mac máthar acab a fhágáil</span> <lb n="3600"/><span>beó. Theich siad-san roimhe thrí uaigneas na ngleannta,</span> <lb n="3601"/><span>& thrí ghairbhtheacht na gcnoc nó go bhfuaireadar</span> <lb n="3602"/><span>dealuighthe amach é féin agus a chuid saighdiúir i bhfad</span> <lb n="3603"/><span>ó'n gCoirnéal Cobbe agus a chuid saighdiúir seisean,</span> <lb n="3604"/><span>agus annsin thainiceadar thart timcheall air, de</span> <lb n="3605"/><span>sgiotán, agus d'ionnsuigheadar agus d'áitigheadar dh'á</span> <lb n="3606"/><span>smíochadh agus dh'á leagan go huathbhásach. Thuit an</span> <lb n="3607"/><span>Pluincéadach go luath san achrann le urchar domáisteach</span> <lb n="3608"/><span>ó fhear dubh a d'fhág criogtha é. Ní raibh aon chabhair i</span> <lb n="3609"/><span>ndán dóibh mar bhíodar ró-fhada ó Chobbe, agus ní raibh</span></p> </div> <pb n="88"/> <div><lb n="3610"/><p><span>aon fhios aige go dtí i bhfad go raibh an mhío-thoisg dá</span> <lb n="3611"/><span>déanamh. Is cosamhail gur mealladh na Sasanaigh i</span> <lb n="3612"/><span>ndiaidh shaighdhiúirí an Mhullah, agus gur i n-aon turas</span> <lb n="3613"/><span>a theicheadar uatha le súil go leanfaidhe iad agus go</span> <lb n="3614"/><span>mbéadh deis acab ar an domáiste a dhéanamh — rud a</span> <lb n="3615"/><span>rinneadar go paiteannta.</span></p> <lb n="3616"/> <lb n="3617"/><p><span>De réir gach tuairisge throid an Pluincéadach mí-</span> <lb n="3618"/><span>ádhmharach agus a bhuidhean go tréan, agus rinneadar</span> <lb n="3619"/><span>iarrachta láidre ar fhilleadh ar ais ar an áit 'na raibh</span> <lb n="3620"/><span>an Coirnéal eile, acht chinn ortha amach 's amach. Níor</span> <lb n="3621"/><span>fhan urchar ná piléar gan ídiughadh, agus 'sa deireadh</span> <lb n="3622"/><span>bhíodar i gcleitheamhnas na bhfear ndubh a bhí ann 'na</span> <lb n="3623"/><span>mílte, agus, 'ar ndóigh, thugadar “dualgas an</span> <lb n="3624"/><span>tslisne” do na Sasanaighibh bochta. Tá faitchíos an</span> <lb n="3625"/><span>tsaoghail ortha i Sasana go ndéanfar an cleas céadna</span> <lb n="3626"/><span>le Cobbe & a bhuidhin féin. Níor chuir sé cor ná car</span> <lb n="3627"/><span>as ó rinneadh an t-éirleach, le sgannradh roimh an</span> <lb n="3628"/><span>námhaid. Tá taoiseach eile Sasanach, darab ainm</span> <lb n="3629"/><span>Manning, ag déanamh air go mall aireach le féachaint</span> <lb n="3630"/><span>le fóirthint air, agus ní'l a fhios céard a thárlóchas</span> <lb n="3631"/><span>amach annseo. Tá Cobbe bocht le dhá chéad fear agus</span> <lb n="3632"/><span>míle camail ag feitheamh leis go himnidheach mí-</span> <lb n="3633"/><span>shuaimhneach, agus ní leigeann an faitchíos dó corrughadh</span> <lb n="3634"/><span>go bhfághaidh sé congnamh.</span></p> <lb n="3635"/> <lb n="3636"/><p><span>Is ait an mac an saoghal — indé go haoibhneach glionn-</span> <lb n="3637"/><span>darach as ucht síothchána & ciúinis an tsaoghail mhóir,</span> <lb n="3638"/><span>agus indiu go doilgheasach buadhartha ag cásughadh go</span> <lb n="3639"/><span>brónach an áir & an achrainn atá ar siubhal idir na</span> <lb n="3640"/><span>Sasanaigh & na daoine dubha 'san Aifric Thoir!</span></p> <lb n="3641"/> <lb n="3642"/><p><span>An tSomáil.</span></p> <lb n="3643"/> <lb n="3644"/><p><span>'Siad na focla deireannacha dubhairt Hanburaí .i.</span> <lb n="3645"/><span>fear mór i Riaghaltas Shasana, agus a cailleadh go</span> <lb n="3646"/><span>han-tobann an la cheana, i dTeach na Féise gur cinnte</span> <lb n="3647"/><span>nach bhfuil leathnughadh ná neartughadh ar fud an domhain</span> <lb n="3648"/><span>mhóir thar mar tá gnóthuighthe cheana i ndán do'n ríoghacht</span> <lb n="3649"/><span>'san am le teacht, &, mar sin, nár mhór feasta féachaint</span></p> </div> <pb n="89"/> <div><lb n="3650"/><p><span>le n-a raibh acab a choinneáil, & gan drannadh le tada</span> <lb n="3651"/><span>nár leób. Ní raibh sé seachtmhain básuighthe go raibh</span> <lb n="3652"/><span>aragúinteacht mhór i dTeach na Féise mar gheall ar an</span> <lb n="3653"/><span>domáiste a thárla go mí-fhortúnach do'n Arm Sasanach</span> <lb n="3654"/><span>i dTír na Somála le goirid. Bhí go leór de na</span> <lb n="3655"/><span>cainnteóirí ag dul le cuthach faoi gur cuireadh arm</span> <lb n="3656"/><span>amach 'san tír choimhthighigh fhiadháin mhío-fholláin úd le aon</span> <lb n="3657"/><span>bhacadh a chur ar na “daoinibh dorcha” & le bheith 'sa'</span> <lb n="3658"/><span>deireadh stiallta ó chéile ag an “Mullah” millteach</span> <lb n="3659"/><span>uathbhásach amuigh annsiúd.</span></p> <lb n="3660"/> <lb n="3661"/><p><span>“Ní'l neart ar a leitheid” arsa Tighearna</span> <lb n="3662"/><span>Chranborne. “Caithfear arm a chur ag gluaiseacht leis</span> <lb n="3663"/><span>an dream dubh a cheannsughadh i ríoghacht mar í seo</span> <lb n="3664"/><span>againn-ne, agus má thárluigheann go ndonuightear iad</span> <lb n="3665"/><span>seo a théigheas amach uainn, deamhan neart air acht a</span> <lb n="3666"/><span>bheith go cráidhte!”</span></p> <lb n="3667"/> <lb n="3668"/><p><span>Ní cóir dearmad a dhéanamh gur 'san Aifric a</span> <lb n="3669"/><span>rinneadh an t-ár le goirid, agus gur ab annsiúd,</span> <lb n="3670"/><span>freisin, a cailleadh ar na Sasanaighibh na mílte & na</span> <lb n="3671"/><span>dáinte le gar do cheithre bliadhna. Go deimhin is mío-</span> <lb n="3672"/><span>ádhsach an tír í an Aifric do ríoghacht Shasana, agus is</span> <lb n="3673"/><span>deacair a rádh cé an tuairteáil agus an chiapáil a</span> <lb n="3674"/><span>bhainfear as ceóláin Shasana amuigh annsiúd amach</span> <lb n="3675"/><span>annseo.</span></p> <lb n="3676"/> <lb n="3677"/><p><span>Ó'n gcéad lá ar thosuigheadar ag troid na mBúrach</span> <lb n="3678"/><span>ní raibh aon tuairim acab cé'n bhrígh & an éifeacht a bhí</span> <lb n="3679"/><span>san dream cródha a bhí san Aifric Theas le seasamh go</span> <lb n="3680"/><span>docht 'na n-aghaidh, & go díreach glan thárla an mí-eólas</span> <lb n="3681"/><span>mí-ádhmharach céadna dhóibh ar dhul dóibh amach go tír na</span> <lb n="3682"/><span>Somála. Shíleadar nach raibh rómpa amuigh annsiúd</span> <lb n="3683"/><span>acht dream beag dubh suarach éidtreórach, & an chéad</span> <lb n="3684"/><span>urchar a chaitheadar bhíodar cinnte go raibh an báire</span> <lb n="3685"/><span>leób, go raibh na feithideacha sguabtha, & is gairid go</span> <lb n="3686"/><span>raibh an sreang-sgéal curtha anall go dtí Seaghán</span> <lb n="3687"/><span>sanntach bocht: “Tá an chúis ag dul ar aghaidh go</span> <lb n="3688"/><span>háluinn. Ní bhéidh cimleachán dubh dh'á bhfuil in d'aghaidh</span> <lb n="3689"/><span>féin nó i n-aghaidh an Teagaisg Chríostaidhe, atámuid a</span></p> </div> <pb n="90"/> <div><lb n="3690"/><p><span>sgaipeadh annseo go fóir-leathan, nach mbéidh smís-</span> <lb n="3691"/><span>teáilte againn sul aireóchas tú é. Bí ag súil le deagh-</span> <lb n="3692"/><span>thuairisg uainn.”</span></p> <lb n="3693"/> <lb n="3694"/><p><span>Tháinic meangadh gáire 'na bhéal ar léigheadh na</span> <lb n="3695"/><span>tuairisge dhó.</span></p> <lb n="3696"/> <lb n="3697"/><p><span>“Nach mairg a dhéanfadh tada,” ar seisean, “an lá</span> <lb n="3698"/><span>a bhfuil saighdiúir líomhtha calma mar sin le seasamh</span> <lb n="3699"/><span>dhom.”</span></p> <lb n="3700"/> <lb n="3701"/><p><span>D'fhan sé leis an deagh-thuairisg go neamh-fhoighdineach.</span> <lb n="3702"/><span>'Sa deireadh tháinic sí; acht, a Sheagháin bhoicht, thuit an</span> <lb n="3703"/><span>driúll (trioll) ar an dreáll (treall) agat nuair a</span> <lb n="3704"/><span>fuairis í, mar, i leabaidh a innsint duit go raibh “an</span> <lb n="3705"/><span>chúis ag dul ar aghaidh go háluinn,” chualais go raibh do</span> <lb n="3706"/><span>chuid “laochraidhe” dh'á leagan go millteach & an</span> <lb n="3707"/><span>“Mullah,” a bhí i n-aimhreas a bheith i dtrom-shuan nó</span> <lb n="3708"/><span>glanta leis ar fad, ath-mhúsgluighthe, & biorruighthe suas</span> <lb n="3709"/><span>go hiongantach, ag imtheacht ar thóir do chuid saighdiúir</span> <lb n="3710"/><span>'na chroiceann dearg le teann cuthaigh & tadhaid — anois</span> <lb n="3711"/><span>'na sheasamh ar bhárr an chnuic ag dearcadh uaidh go</span> <lb n="3712"/><span>grinn géar-radharcach, mar sheabhac na haille fuaire,</span> <lb n="3713"/><span>ag cuartughadh an námhad; & arís 'ghá ruaigeadh roimhe</span> <lb n="3714"/><span>mar sgata beithidheach ag rith le teasbach lá grianmhar</span> <lb n="3715"/><span>samhraidh!</span></p> <lb n="3716"/> <lb n="3717"/><p><span>Tháinic tuairisg eile go bhfuil an “Mullah” i</span> <lb n="3718"/><span>ngar dá bheith gabhtha & ceannsuighthe</span></p> <lb n="3719"/> <lb n="3720"/><p><span>“Támuid i ndáil le timcheall ar an mbitheamhnach</span> <lb n="3721"/><span>clamparach,” arsa tuairisg. “Tá sé i ngar dá bheith</span> <lb n="3722"/><span>ruaigthe againn go dtí an áit a d'fhág sé, agus nár</span> <lb n="3723"/><span>fhillidh sé choidhche” arsa tuairisg eile.</span></p> <lb n="3724"/> <lb n="3725"/><p><span>Acht dheamhan baoghal air. Tá an braon ag coipeadh</span> <lb n="3726"/><span>ann fós go láidir teann, & bainfidh sé cnead eile ó</span> <lb n="3727"/><span>chroidhe as Seaghán nó is mór ár mearbhall.</span></p> <lb n="3728"/> <lb n="3729"/><p><span>Bille na Talamhna.</span></p> <lb n="3730"/> <lb n="3731"/><p><span>Is maith mar thárla do Bhille na Talamhna ar a</span> <lb n="3732"/><span>thabhairt os comhair Thighe na Féise an dara huair.</span> <lb n="3733"/><span>Níor chuir i n'aghaidh acht sé dhuine fhichead, agus bhí</span></p> </div> <pb n="91"/> <div><lb n="3734"/><p><span>ceithre chéad, triúr, 's dá fhichid leis. Tá súil go</span> <lb n="3735"/><span>gcuirfear deagh-chríoch air, acht tá feabhsughadh mór le</span> <lb n="3736"/><span>cur air fós sul mar is féidir le Feisiribh na hÉireann</span> <lb n="3737"/><span>glacadh leis. Caithfidh siad anois, nuair a bhéarfar ós</span> <lb n="3738"/><span>chomhair na Féise é an tríomhadh huair, a bheith an-aireach</span> <lb n="3739"/><span>agus rí-áirdeallach ar fad ag a iarraidh gan cor ná</span> <lb n="3740"/><span>casadh a leigean ann má's féidir é, acht mar</span> <lb n="3741"/><span>socruigheadh ag an gcruinniughadh mór i mBaile Átha</span> <lb n="3742"/><span>Cliath. Tá athruighthe móra ag teastáil ann sul mar</span> <lb n="3743"/><span>féadfar a rádh go bhfuil sé amháin gar dh'á bheith</span> <lb n="3744"/><span>sásamhail, agus tá muinghin, nuair a rachthar dhó an</span> <lb n="3745"/><span>tríomhadh babhta, go gcuirfear a mbunáite seo ann.</span></p> <lb n="3746"/> <lb n="3747"/><p><span>Thaisbeán Seaghán Réamonn, Liam Ó Briain, agus</span> <lb n="3748"/><span>Seaghán Díolúin go soiléir cé'n daimhséar a chaithfeadh</span> <lb n="3749"/><span>tárlughadh dá ndéantaidhe dligheadh dhe gan aon bhiseach</span> <lb n="3750"/><span>a chur air; go ndéanfadh sé maitheas do roinnt, dochar</span> <lb n="3751"/><span>do go leór, go mbéadh mórán nach dtiubhradh sé ceart</span> <lb n="3752"/><span>ar bith dhóibh, agus go gcuirfeadh sé go leór eile i</span> <lb n="3753"/><span>gcontabhairt mhóir i leabaidh leasughadh a chur ortha, nó</span> <lb n="3754"/><span>amháin a gceartas a thabhairt dóibh.</span></p> <lb n="3755"/> <lb n="3756"/><p><span>Is cumasach mar labhair Feisirí na hÉireann ag cur</span> <lb n="3757"/><span>ós comhair na Féise céard a bhí ag teastáil uatha i</span> <lb n="3758"/><span>nÉirinn, agus céard a bhéadh i n-an a sásaimh.</span> <lb n="3759"/><span>Thugadar arís ós comhair an tsluaigh chomh lochtach 's</span> <lb n="3760"/><span>bhí an Bille mar gheall ar an gcaoi a raibh sé ag</span> <lb n="3761"/><span>fágáil na dtunóntaí bocht i n-iarthar na hÉireann i</span> <lb n="3762"/><span>nganntanas agus, d'á bhrígh sin, cionntach le go leór</span> <lb n="3763"/><span>dár n-ógánaigh croidheamhla líomhtha i gCúige Chonnacht a</span> <lb n="3764"/><span>ruaigeadh go deó na ndeór amach as an tír.</span></p> <lb n="3765"/> <lb n="3766"/><p><span>D'fhiafruigheadar de Bhuindam cé'n mhaith a bheith ag a</span> <lb n="3767"/><span>iarraidh socrughadh a dhéanamh ar thalamh na hÉireann</span> <lb n="3768"/><span>mara raibh faoi méadughadh a chur ar na paistí beaga</span> <lb n="3769"/><span>atá ag tunóntaíbh bochta i gCúige Chonnacht, agus</span> <lb n="3770"/><span>límistéar eicínt a thabhairt dóibh thar mar tá acab</span> <lb n="3771"/><span>faoi láthair, nó mara raibh faoi na daoine bochta, ar</span> <lb n="3772"/><span>baineadh a ngabhaltais díobh le fada agus ar cuireadh</span> <lb n="3773"/><span>a gcuid talmhan i seilbh fhir an sparáin nó fhir an</span> <lb n="3774"/><span>eallaigh, a chur ar ais arís, mar is ceart & is cóir dhóibh</span> <lb n="3775"/><span>a bheith go neamh-spleadhach ar a dtalta féin, thar éis</span></p> </div> <pb n="92"/> <div><lb n="3776"/><p><span>a bheith gonta sáruighthe tnáithte ag a iarraidh a bheith ag</span> <lb n="3777"/><span>ciapáil le tighearnaíbh talmhan, nó le boicíníbh na</span> <lb n="3778"/><span>mbeithidheach agus na sparán fada le bliadhanta.</span></p> <lb n="3779"/> <lb n="3780"/><p><span>Freisin, ní bhéidh siad sásta go mbídh sé fágtha</span> <lb n="3781"/><span>fá'n tunónta féin a mhargadh a dhéanamh, agus nach</span> <lb n="3782"/><span>gcuirfear d'fhiachaibh air níos mó a thabhairt ar an talamh</span> <lb n="3783"/><span>a cheannóchas sé ná mar bheirtí air 'san margadh le</span> <lb n="3784"/><span>cúig bliadhna déag nuair a ghníthí ceannacht.</span></p> <lb n="3785"/> <lb n="3786"/><p><span>Thárla dhomh a bheith i láthair fad 's bhí cuid de'n</span> <lb n="3787"/><span>chomhrádh agus de'n díospóireacht ar siubhal. Dheamhan</span> <lb n="3788"/><span>bréag nach acab atá an teanga ar a gcomhairle féin</span> <lb n="3789"/><span>san Árus mór úd, & gach fuaim 's siolla le cloisteáil</span> <lb n="3790"/><span>i ngach cúinne de'n tseomra, i n-íochtar 's i n-uachtar.</span> <lb n="3791"/><span>Labhair Tadhg Ó hÉilidhthe chomh greannmhar agus chomh</span> <lb n="3792"/><span>cáinteach géar agus is gnáthach leis agus, nuair a</span> <lb n="3793"/><span>chualaidh na feisirí Sasanacha, nach raibh i láthair acht a</span> <lb n="3794"/><span>bhí sa seomra cúl-shráideach ag caitheamh tobac ar a</span> <lb n="3795"/><span>mine-ghéire nó ag comhrádh dhóibh féin ar a suaimhneas,</span> <lb n="3796"/><span>go raibh Tadhg neamh-eaglach ar na bonnaibh agus ag</span> <lb n="3797"/><span>cainnt, shílfeá go mbéidís i gcontabhairt na sála a</span> <lb n="3798"/><span>bhaint d'á chéile ag pléasgadh isteach sna fásgaíbh ag</span> <lb n="3799"/><span>éisteacht leis. Ná habruigheadh aon duine gur fear</span> <lb n="3800"/><span>sgáthana faitchís Tadhg mar ní headh. Is cuma cé'n</span> <lb n="3801"/><span>rud a mbéithear ag trácht air, tá Tadhg i gcomhnaidhe</span> <lb n="3802"/><span>i n-an baramhail a thabhairt 'na thaoibh nár smaoin</span> <lb n="3803"/><span>ceachtar de na cainnteóiribh eile 'na thaoibh. Nuair a</span> <lb n="3804"/><span>sheasas sé le labhairt tá a fhios agat i gcomhnaidhe go</span> <lb n="3805"/><span>dtiubhraidh sé breitheamhnas a thaisbeánas inntleacht,</span> <lb n="3806"/><span>smaoineadh, cáineadh & b'fhéidir roinnt aistidheachta i</span> <lb n="3807"/><span>n-aoinfheacht.</span></p> <lb n="3808"/> <lb n="3809"/><p><span>Labhair Seaghán Réamonn mar dubhras cheana thar</span> <lb n="3810"/><span>cionn. Ní móide go bhfuil fear sa Teach 'na chainnteóir</span> <lb n="3811"/><span>chomh cumasach leis. Is fear é atá i n-an é féin</span> <lb n="3812"/><span>a cheannsughadh mar a déarfá, agus nach leigfidh do</span> <lb n="3813"/><span>thada an iomarca tadhaid nó feirge a chur air.</span> <lb n="3814"/><span>Leigeann tuilleadh acab dhóibh féin lasadh, ar bheith ag</span> <lb n="3815"/><span>cainnt dóibh, chomh dearg leis an splainnc, nó gur ar</span> <lb n="3816"/><span>éigin a fhágas siad puth anála acab féin fá dheireadh.</span> <lb n="3817"/><span>Is breágh an rud fuinneamh & éifeacht & spreacamh a</span></p> </div> <pb n="93"/> <div><lb n="3818"/><p><span>chur leis an nglór acht, an gaisgidheach ealadhanta a</span> <lb n="3819"/><span>bheireas a chuid cainnte uaidh go socair, & 'na dhiaidh</span> <lb n="3820"/><span>sin a bheireas an teanga go géar gan cuthach gan</span> <lb n="3821"/><span>coipeadh dhóibh seo atá sé a dhíbliughadh, is minic is é a</span> <lb n="3822"/><span>bhuaidheas an cath fá dheireadh agus a dtugtar áird ar</span> <lb n="3823"/><span>a ghlór.</span></p> <lb n="3824"/> <lb n="3825"/><p><span>Sin é bhíos á cheapadh liom féin an oidhche úd agus</span> <lb n="3826"/><span>mé ag éisteacht leób i dTeach na Féise acht creidim</span> <lb n="3827"/><span>go bhfuil sé le nádúr ag an nGaedheal a bheith i</span> <lb n="3828"/><span>gcomhnaidhe cineál árd-inntinneach, agus labhairt amach</span> <lb n="3829"/><span>go neamh-eaglach teann, a athchuinge a iarraidh, a</span> <lb n="3830"/><span>ghearán, a chásughadh agus a dhíbliughadh a dhéanamh ortha</span> <lb n="3831"/><span>seo is cionn-tsiocair le go leór de'n donas & de'n</span> <lb n="3832"/><span>chrádh atá ag gabháil dó le fada, agus a bhfuil sé anois</span> <lb n="3833"/><span>ag iarraidh aisíoctha bhig bhídigh dá laghad ortha, ar son</span> <lb n="3834"/><span>ar bhaineadar dhe, & a ndearnadar air, ó chuireadar a</span> <lb n="3835"/><span>gcrúba go sanntach sladthach 'na ghnaithíbh ar dtús.</span></p> <lb n="3836"/> <lb n="3837"/><p><span>Múintear dhúinn ó lá go lá nach mór dhúinn a bheith</span> <lb n="3838"/><span>ullmhuighthe i gcomhnaidhe le tárlughadh eicínt le nach</span> <lb n="3839"/><span>raibh súil againn. Is minic ar theacht dó a chuireas</span> <lb n="3840"/><span>sé aoibhneas croidhe & glionndar orainn, acht is minic</span> <lb n="3841"/><span>is brón & duairceas a thagas chugainn 'na chuideachta.</span> <lb n="3842"/><span>Is minic a chuireas sé i gcuimhne dhúinn an sean-fhocal</span> <lb n="3843"/><span>adubhairt: “Ná déan do ghearán le giolla gan</span> <lb n="3844"/><span>truagh.” Nach minic is é an té le n-a mbíonn an</span> <lb n="3845"/><span>tsúil chráidhte againn a chliseas orainn i ndeireadh na</span> <lb n="3846"/><span>preibe, agus fhágas sinn go doilgheasach buadhartha ag</span> <lb n="3847"/><span>cásughadh gur chuireamar riamh ár muinghin ann.</span> <lb n="3848"/><span>Bímid ró-thugtha ar fad do ghéilleadh & do shuim i</span> <lb n="3849"/><span>mbladaireacht & i ngealltamais, & shílfeá go bhfuil sé</span> <lb n="3850"/><span>i n-am againn anois aithne a bheith againn ortha.</span> <lb n="3851"/><span>“Moladh gach duine mar gheibheas sé,” ars' an sean-</span> <lb n="3852"/><span>fhocal. Nó go mbídh na gealltamais cóimhlíonta bíonn</span> <lb n="3853"/><span>siad go minic i ndaimhséar & ní cóir a bheith ró-</span> <lb n="3854"/><span>mhuinghineach, & is contabhairteach an rud a bheith</span> <lb n="3855"/><span>ró-dhearbhtha 'n-a dtaobh.</span> <lb n="3856"/></p> </div> <pb n="94"/> <div><lb n="3857"/><p><span>Bhíomar, b'fhéidir, ró-chroidhe-luaimneach agus ró-</span> <lb n="3858"/><span>gheal-gháireach ar fad, agus bhí an iomarca muinghine</span> <lb n="3859"/><span>agus dóchais ag a lán againn as an riaghaltas ó</span> <lb n="3860"/><span>bhuaileadar faoi Bhille na Talmhan, tá sgathamh ó shoin</span> <lb n="3861"/><span>ann. Thárla go maith dhó ar an gcéad & ar an dara</span> <lb n="3862"/><span>turas a thug sé thrí Theach na Féise. Rugthas air agus</span> <lb n="3863"/><span>sgrúduigheadh go cruinn é, agus thaisbeáin Feisirí na</span> <lb n="3864"/><span>hÉireann a chuid marach & locht go soiléir do'n tsaoghal</span> <lb n="3865"/><span>Fódlach. Chruinnigheadar i dteannta 'chéile maille le</span> <lb n="3866"/><span>an-chuimse de thunóntaí na hÉireann i mBaile Átha</span> <lb n="3867"/><span>Cliath & shocruigheadar annsin cé'n t-athrughadh a bhí</span> <lb n="3868"/><span>oireamhnach le déanamh, dá mb'fhéidir leób é, in gach</span> <lb n="3869"/><span>pointe de'n bhille. B'acab-san a bhí a fhios céard a bhí</span> <lb n="3870"/><span>ag teastáil agus céard a bhéadh agus nach mbéadh i</span> <lb n="3871"/><span>n-an a sásuighthe, agus 'sí an chontabhairt is mó atá</span> <lb n="3872"/><span>roimh an mBille anois nach dtiubharfar áird ar chomhairle</span> <lb n="3873"/><span>Fheisirí na hÉireann, agus nach ndéanfar na hathruighthe</span> <lb n="3874"/><span>móra millteacha atá ag teastáil uatha. Go deimhin,</span> <lb n="3875"/><span>tá cliste ag an riaghaltas cheana féin ortha i gceann</span> <lb n="3876"/><span>de na pointíbh is mó, agus is éifeachtaighe sa mBille,</span> <lb n="3877"/><span>agus níor bh'iongnadh, b'fhéidir, dá gcuireadh sé seo an</span> <lb n="3878"/><span>Bille ar fad i gcontabhairt. Taisbeánann Bhuindam</span> <lb n="3879"/><span>mór-shuim i bhfear íoctha na cána i Sasana, agus níl</span> <lb n="3880"/><span>géilleadh aige dhóibh seo a bhíos ag síor-mheabhrughadh dhó</span> <lb n="3881"/><span>mar tá na tunóntaí bochta, go minic. Cé gur cuireadh</span> <lb n="3882"/><span>i n-umhail dó go láidir chomh riachtanach 's bhí sé athruighthe</span> <lb n="3883"/><span>a dhéanamh i bhfíor-thosach an Bhille má bhí deagh-rath ar</span> <lb n="3884"/><span>bith le teacht as, níor chlaon sé, agus d'éirigh leis</span> <lb n="3885"/><span>féin agus leis an riaghaltas ar an bpointe seo, agus</span> <lb n="3886"/><span>fritheadh an ceann is feárr ar an athrughadh a bhí ceaptha</span> <lb n="3887"/><span>dhó ag Feisiríbh na hÉireann. Ní raibh d'ear is bárr ag</span> <lb n="3888"/><span>an riaghaltas acht duine 's dá fhichid.</span></p> <lb n="3889"/> <lb n="3890"/><p><span>Caithfidh an tunónta, má's leis an talamh a cheannacht,</span> <lb n="3891"/><span>luach a thabhairt air nach fiú é, agus luach nár tugadh a</span> <lb n="3892"/><span>leitheid ar aon ghabhaltas dár ceannuigheadh thar bárr</span> <lb n="3893"/><span>amach le hocht mbliadhna déag. Tá sé socruighthe go</span> <lb n="3894"/><span>gcaithfidh an tunónta cíos dá bhliadhan 's fiche, nó mar</span> <lb n="3895"/><span>sin, a íoc ar son na talmhan sul bhéas sé thar bárr</span> <lb n="3896"/><span>amach aige gan trácht ar a bheith ag íoc dhá sgilling</span></p> </div> <pb n="95"/> <div><lb n="3897"/><p><span>'san bpunnt nó mar sin leis an ríoghacht fhad is beó é.</span> <lb n="3898"/><span>Ní raibh aon tsúil go ndéanfaidhe an luach chomh hárd</span> <lb n="3899"/><span>sin ar na tunóntaíbh. Tá go leór leór tunóntaí</span> <lb n="3900"/><span>beag, mar adubhairt Tadhg Ó hÉilidhthe, agus ní thioc-</span> <lb n="3901"/><span>faidh sé go ró-chruaidh ortha. Dubhairt seisean i dTeach</span> <lb n="3902"/><span>na Féise “go mbéarfadh na cearca i n-uibheachaibh</span> <lb n="3903"/><span>oiread 's bhéadh i n-an an difridheacht íoc gach bliadhain</span> <lb n="3904"/><span>idir an socrughadh a rinne an riaghaltas, agus an</span> <lb n="3905"/><span>laghdughadh ba mhian le muinntir na hÉireann a chur air.”</span></p> <lb n="3906"/> <lb n="3907"/><p><span>Táid ag gabháil do'n Bhille mar seo. Bhuaileamar</span> <lb n="3908"/><span>isteach an oidhche faoi dheireadh agus go cinnte bhí</span> <lb n="3909"/><span>iongnadh orainn ag laghad a raibh i láthair ag éisteacht</span> <lb n="3910"/><span>le n-a raibh ar siubhal ag “Coiste” an Bhille. Ní raibh</span> <lb n="3911"/><span>mórán le fiche duine ar thaobh an riaghaltais i láthair.</span> <lb n="3912"/><span>Bhí an chuid eile greadtha leób amach nó go mbéidís</span> <lb n="3913"/><span>ag teastáil le n-a dtoil a thabhairt. Níl aon mhaith ar</span> <lb n="3914"/><span>a innsint do chuid de na daoinibh céard atá ag</span> <lb n="3915"/><span>teastáil ná céard a dhéanfas na gnaithí, mar tá a</span> <lb n="3916"/><span>n-inntinn socruighthe acab roimh ré ar an taobh le n-a</span> <lb n="3917"/><span>dtaobhóchaidh siad. Is mór an tuairt a baineadh as ár</span> <lb n="3918"/><span>ndóchas asta ag an gcéad tsocrughadh a rinneadar,</span> <lb n="3919"/><span>acht tá an t-ádh ortha nó bainfear tuairt asta féin</span> <lb n="3920"/><span>amach annseo.</span></p> <lb n="3921"/> <lb n="3922"/><p><span>“Fán & sgaipeadh na nGaedheal.”</span></p> <lb n="3923"/> <lb n="3924"/><p><span>Le goirid bhí fear páipéir áirithe as Sasana ar cuairt</span> <lb n="3925"/><span>sgathamh i nÉirinn, agus ar dhul ar ais dó thug sé</span> <lb n="3926"/><span>cunntas fada ar an athrughadh mór a thug sé faoi</span> <lb n="3927"/><span>deara i nÉirinn, agus ar an uaigneas a bhí i</span> <lb n="3928"/><span>n-áiteachaibh ar fud na tíre ar chóir comhluadar a bheith</span> <lb n="3929"/><span>socruighthe síos go socamhlach. Dubhairt sé go raibh an</span> <lb n="3930"/><span>cunntas a tugadh ar an tír thar éis bliadhanta na gorta</span> <lb n="3931"/><span>sáthach dona agus truaghach, acht gur casadh é i</span> <lb n="3932"/><span>n-áiteachaibh a ndeachaidh an t-amharc a bhí le fágháil</span> <lb n="3933"/><span>ionnta thrí n-a chroidhe ar feadh a thurais ar fud na</span> <lb n="3934"/><span>hÉireann. Bhí an t-Iarthar dona go leór, adubhairt</span> <lb n="3935"/><span>sé, acht is mó an dólás a cuireadh air i gConndae na</span></p> </div> <pb n="96"/> <div><lb n="3936"/><p><span>Mídhe ná ann, mar tá an áit beaghnach ar fad i</span> <lb n="3937"/><span>n-aon fhásach amháin agus gamhna agus beithidhigh agat</span> <lb n="3938"/><span>le feiceáil thart timcheall i leabaidh daoine.</span></p> <lb n="3939"/> <lb n="3940"/><p><span>Is cráidhte an rud léigheadh ar an gcaoi a bhfuil na</span> <lb n="3941"/><span>daoine ag laghdughadh, acht is measa seacht n-uaire a</span> <lb n="3942"/><span>bhfeiceáil le do shúile féin ag imtheacht 'na gcéadta ar</span> <lb n="3943"/><span>bhord na luinge i nGaillimh nó ag Cóbh Chorcaighe — na</span> <lb n="3944"/><span>céadta mac agus inghean mhuirneach ag fágáil a dtírín</span> <lb n="3945"/><span>dúthchais i dtús a n-óige agus a maitheasa agus ag</span> <lb n="3946"/><span>imtheacht le greim a mbéil a shaothrughadh i gcathrachaibh</span> <lb n="3947"/><span>plúchtuighthe thar lear. Thug sé faoi deara ag port</span> <lb n="3948"/><span>na traenach ag an gCloich Leathain i mBaile Átha Cliath</span> <lb n="3949"/><span>dáta gearrtha 'san gcloich a thaisbeáin go ndearnadh an</span> <lb n="3950"/><span>port leath-chéad bliadhain ó shoin; agus mo mhairg go</span> <lb n="3951"/><span>deó! tá go díreach a leath-oiread daoine againn i</span> <lb n="3952"/><span>Éirinn anois agus bhí an tráth úd. Níl amhras nár</span> <lb n="3953"/><span>cheap na daoine a thosuigh ar an bport a dhéanamh roimh</span> <lb n="3954"/><span>bhliadhanta na gorta go mbéadh againn i nÉirinn ar an</span> <lb n="3955"/><span>uair seo de ló trí mhilliún déag i leabaidh ceithre</span> <lb n="3956"/><span>mhilliún daoine. Ar feadh an dá fhichead bliadhain roimh</span> <lb n="3957"/><span>bhliadhanta na gorta méaduigheadh seisear in gach</span> <lb n="3958"/><span>deichneabhar ar mhuinntir na hÉireann, agus dá</span> <lb n="3959"/><span>ndéantaoi amhlaidh i rith an leith-chéad atá caithte bhéadh</span> <lb n="3960"/><span>a thrí oiread daoine i nÉirinn agus atá anois.</span></p> <lb n="3961"/> <lb n="3962"/><p><span>“Ní hiongnadh” ar seisean, “agus lucht an bhóthair</span> <lb n="3963"/><span>iarainn seo, le n-a chuid stad costach ag a iarraidh</span> <lb n="3964"/><span>a bheith ag maireachtáil ar dhaoine atá ag laghdughadh</span> <lb n="3965"/><span>agus ag laghdughadh i leabaidh a chéile le leath-chéad</span> <lb n="3966"/><span>bliadhain, go gcaithfir íoc go daor ar do thicéad, agus</span> <lb n="3967"/><span>go bhfuil na feilméaraí agus na ceannaidhtheóirí ag</span> <lb n="3968"/><span>síor-ghearán ar dhaoracht a chostais ortha. Ar feadh an</span> <lb n="3969"/><span>achair ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh ní castar ort</span> <lb n="3970"/><span>acht dhá bhaile — An Muileann Cearr & Áth Luain — 'na</span> <lb n="3971"/><span>bhfuil níos mó ná cúig mhíle duine 'na gcomhnaidhe, &</span> <lb n="3972"/><span>dhá mbéadh aon bhailte beaga 'na mbéadh aon tsaoth-</span> <lb n="3973"/><span>rughadh a rath ce'r cás é, acht níl. Níl acht trí bailte</span> <lb n="3974"/><span>beaga Mágh Nuadhat, Móta, & Béal Átha na Sluaigheadh</span> <lb n="3975"/><span>ar fiú trácht ortha, & níl siad sin féin ag dul ar aghaidh</span> <lb n="3976"/><span>leis an saothrughadh. Is rí-bheag agus is fánach an</span></p> </div> <pb n="97"/> <div><lb n="3977"/><p><span>chuid de mhuinntír aon bhaile dhíobh atá ag cur aon lámh</span> <lb n="3978"/><span>nó chos ar bith i n-aon déantúsaí tairbheacha. Tá na</span> <lb n="3979"/><span>bailte líonta le tighthe ósta agus le siopaí agus de</span> <lb n="3980"/><span>réir mar tá siad ag méadughadh tá na daoine ag</span> <lb n="3981"/><span>laghdughadh nó nach mbéidh acab sa deireadh acht a bheith</span> <lb n="3982"/><span>ag a iarraidh a bheith ag maireachtáil ar a chéile. Ní</span> <lb n="3983"/><span>hiongnadh go n-abarthar “cé an mhaith é” le aon</span> <lb n="3984"/><span>iarracht nua dhá dtugtar ar rud eicínt a chur ar bun.</span></p> <lb n="3985"/> <lb n="3986"/><p><span>“Coinneóchaidhe na bailte beaga féin gan tuitim i</span> <lb n="3987"/><span>léig dhá mbéadh tighthe agus comhluadar sna límistéir</span> <lb n="3988"/><span>uaigneacha úd, acht níl na botháin féin le feiceáil in</span> <lb n="3989"/><span>go leór áiteach. Is féidir a rádh nach bhféadfaidhe súil</span> <lb n="3990"/><span>a bheith go mbéadh comhluadair socruighthe síos ar na</span> <lb n="3991"/><span>portaigh agus ar an gcriarach fiadháin i n-iarthar na</span> <lb n="3992"/><span>hÉireann: acht tar & feic Conndae na Mídhe agus</span> <lb n="3993"/><span>céard a gheobhfas tú ann, ins na ceanntaraibh is deise,</span> <lb n="3994"/><span>is glaise, & is fearr dhá bhfuil i nÉirinn? Gheobhfair</span> <lb n="3995"/><span>páirceanna glasa, agus uisgí ciúine ar feadh mílte</span> <lb n="3996"/><span>& mílte; b'fhéidir, idir gach deich míle dá siubhlair, go</span> <lb n="3997"/><span>gcasfaidhe baile beag ort le cúpla sgór tightheadh atá</span> <lb n="3998"/><span>ag dul i léig ó lá go lá agus gan teach ná bothán</span> <lb n="3999"/><span>eile i rith na ndeich míle mara mbéadh teach aodhaire</span> <lb n="4000"/><span>caorach nó árus mór tighearna talmhan, agus gan cur</span> <lb n="4001"/><span>ná treabhadh le feiceáil agat ná cosamhlacht saothruighthe</span> <lb n="4002"/><span>ar feadh mílte ar do thuras. Níl acht beithidhigh agus</span> <lb n="4003"/><span>caoirigh in gach áit — beithidhigh a ceannuigheadh nuair a</span> <lb n="4004"/><span>bhíodar go feósaidhe suarach ar aonaighe san iarthar, agus</span> <lb n="4005"/><span>a cuireadh ar na talta glasa féaracha úd le ramhrughadh</span> <lb n="4006"/><span>i gcomhair an mhargaidh thall i Sasana. Sin iad na</span> <lb n="4007"/><span>tunóntaí atá anois ar na talta úd — na beithidhigh</span> <lb n="4008"/><span>socra ceithre gcos a shiubhlas go sásta ar na bántaibh</span> <lb n="4009"/><span>míne, agus a luigheas siar go socair sámh ag congailt</span> <lb n="4010"/><span>a gcíre ar an gcúl-shráid ó lonnradh te na gréine, gan</span> <lb n="4011"/><span>tairbhe ar bith do'n chineadh daonna acht amháin an méad</span> <lb n="4012"/><span>feóla a chuireas siad ortha, & a fheabhas is thagas siad</span> <lb n="4013"/><span>chuca féin i rith an tsamhraidh. Tá na daoine & na</span> <lb n="4014"/><span>tunóntaí ruaigthe acab chomh maith is dhá mbadh leis</span> <lb n="4015"/><span>an gclaidheamh a dhéanfaidhe é.</span> <lb n="4016"/></p> </div> <pb n="98"/> <div><lb n="4017"/><p><span>“Siubhlann siad go mín réidh socair treasna an</span> <lb n="4018"/><span>ghleanna ar ar mhair go sóghmhar daoine a ruaigeadh dá</span> <lb n="4019"/><span>dtamhnaigh bliadhanta ó shoin, agus de réir a céile tá</span> <lb n="4020"/><span>lorg na n-iomarach a bhíodh óig-fhear eicínt a chur go</span> <lb n="4021"/><span>héadtrom-chroidheach, atá anois fásta agus athruighthe</span> <lb n="4022"/><span>'na Mheiriocánach, agus b'fhéidir, mo nuar! gan amháin</span> <lb n="4023"/><span>smaoineadh aige ar an stáid 'na bhfuil a thír dhúthcais,</span> <lb n="4024"/><span>ná suim ar bith aige innti.</span></p> <lb n="4025"/> <lb n="4026"/><p><span>“Tá an talamh glas ar gach taobh agus in gach áit</span> <lb n="4027"/><span>dhá fheabhsughadh gach bliadhain ag tabhairt a chuid féir</span> <lb n="4028"/><span>atá d'á ithe ag na caoirigh & na beithidhighibh.</span></p> <lb n="4029"/> <lb n="4030"/><p><span>“B'fhéidir leat éisteacht go haireach am ar bith</span> <lb n="4031"/><span>san lá gan aon fhuaim amháin a cloisint ó dhuine ná</span> <lb n="4032"/><span>ó dhaoine. Níl amháin agat le cloisint torann na</span> <lb n="4033"/><span>traenach i bhfad uait, ná rothaí an carbaid, torann an</span> <lb n="4034"/><span>casúir, buille na tuaighe ó fhear ghearrtha an ádhmaid,</span> <lb n="4035"/><span>feadghail ná puirt chroidheamhla suairce an Ghaedhil,</span> <lb n="4036"/><span>gleó ná gáire na bpáistí — níl tada le cloisint</span> <lb n="4037"/><span>agat acht ceileabhar na n-éan ag glaodhach agus ag</span> <lb n="4038"/><span>seinm sna sgeacaibh, agus ar na géagaibh. Tá na</span> <lb n="4039"/><span>daoine sgaipthe agus imthighthe agus níl 'na ndiaidh acht</span> <lb n="4040"/><span>tréada agus eallach, talta 'na bhfásachaibh, agus tighthe</span> <lb n="4041"/><span>agus bailte ag dul i léig agus ag tabhairt uatha ó</span> <lb n="4042"/><span>lá go lá.”</span></p> <lb n="4043"/> <lb n="4044"/><p><span>Sin agaibh cuid dár dhubhairt an té seo a cuireadh</span> <lb n="4045"/><span>anall i n-aon turas le machtnughadh a dhéanamh, agus</span> <lb n="4046"/><span>an tír fheiceáil dó féin, & a cunntas a thabhairt uaidh</span> <lb n="4047"/><span>i dtaoibh a bhfaca sé innti. Is fíor dhó ar dhubhairt sé.</span> <lb n="4048"/><span>Tá ár dtír, fairíor! d'á sladadh ó lá go lá agus ó</span> <lb n="4049"/><span>bhliadhain go bliadhain. Tá a fhios againn go bhfuil ár</span> <lb n="4050"/><span>ndaoine ag imtheacht, acht tá sé air againn leigean</span> <lb n="4051"/><span>de'n bhuaidhreadh, agus rud eicínt éifeachtach a dhéanamh</span> <lb n="4052"/><span>le leasughadh a chur ar an stáid 'na bhfuilmid, agus le</span> <lb n="4053"/><span>féachaint le n-a clainn a shábháil do “Ghráinne Ní</span> <lb n="4054"/><span>Mháille” bhoicht feasta. Támuid ag a iarraidh a dhul</span> <lb n="4055"/><span>beagáinín beag bídeach ar aghaidh leis an gcosg anois.</span> <lb n="4056"/><span>Is mithid d' “Éire Ghaedhealach” iarracht a thabhairt</span> <lb n="4057"/><span>faoi anois nó riamh. Anois is roimpi atá!</span> <lb n="4058"/></p> </div> <pb n="99"/> <div><lb n="4059"/><p><span>Comhrádh Cois Teineadh.</span></p> <lb n="4060"/> <lb n="4061"/><p><span>(As an gClaidheamh Soluis.)</span></p> <lb n="4062"/> <lb n="4063"/><p><span>Tadhg. — Maise, céad míle fáilte rómhat, a Mhaitiú! —</span> <lb n="4064"/><span>Leag annseo í! Tá an-áthas ar fad orm thú fheiceáil,</span> <lb n="4065"/><span>acht nach fada go dtáinic tú. Ní misde dhúinn súil a</span> <lb n="4066"/><span>bheith againn le árd-oidhche anocht, mar tá Seónac</span> <lb n="4067"/><span>Éamuinn & Diarmuid Ua Céirín geallta ar a theacht.</span> <lb n="4068"/><span>Nach mór an truagh go bhfuil sé ag clasgairt bháistighe</span> <lb n="4069"/><span>mar atá sé; acht ní féidir nó tiocfaidh siad.</span></p> <lb n="4070"/> <lb n="4071"/><p><span>Maitiú. — Bhí do theachtaire istigh rómham, go deimhin,</span> <lb n="4072"/><span>nuair tháinic mé isteach tráthnóna thar éis na fairrge,</span> <lb n="4073"/><span>ag tabhairt cuiridh dhom, & cheapas bualadh anuas ar</span> <lb n="4074"/><span>an bpointe a rabhas bearrtha & stócáilte.</span></p> <lb n="4075"/> <lb n="4076"/><p><span>T. — Cé mar d'éirigh leat indiu ar an muir, a Mhaitiú?</span></p> <lb n="4077"/> <lb n="4078"/><p><span>M. — Á! maise, mar sin, réasúnta. Dheamhan maith</span> <lb n="4079"/><span>ar bith 'sa gcasaoid ar chuma 'r bith. 'Ar ndóigh,</span> <lb n="4080"/><span>caithfidh cuid againn a bheith sásta le roinnt, agus ní</span> <lb n="4081"/><span>fhéadfamuid a bheith ag comórtas le daoinibh óga</span> <lb n="4082"/><span>lúthmhara láidre sgaoilte sgolabánta, a mhic ó, atá</span> <lb n="4083"/><span>i n-an dul ar a dtóir i ngach poll agus sgailp ó Bhun</span> <lb n="4084"/><span>Ghúlaim go Gaillimh.</span></p> <lb n="4085"/> <lb n="4086"/><p><span>T. — Sin í an fhírinne. Dheamhan mé má's furasta a</span> <lb n="4087"/><span>bhfágháil ar an aimsir seo. Ó tháinic an ghlas-aimsir &</span> <lb n="4088"/><span>ó chuaidh an ghaoith ó thuaidh ní'l mórán gliomach le</span> <lb n="4089"/><span>fágháil. Tá corr-cheann maith thoir i n-aice na gCrumpán</span> <lb n="4090"/><span>agus os cionn na hAille Finne, do réir mar bhí</span> <lb n="4091"/><span>Máirtín Thaidhg Eibhlín a rádh liom; acht, má tá féin,</span> <lb n="4092"/><span>'ar ndóigh, ní bhéad sé in do cheann finne curraichín a</span> <lb n="4093"/><span>oibriughabhdh soir chomh fada sin ar an ngaothtalach so.”</span></p> <lb n="4094"/> <lb n="4095"/><p><span>M. — Ní'l agam féin acht a bheith ag bordáil & ag</span> <lb n="4096"/><span>útamáil timcheall an Mhatail, & bhí sé chomh maith dhuit</span> <lb n="4097"/><span>a bheith ag a iarraidh gainimh a chur i ngad le bheith ag</span></p> </div> <pb n="100"/> <div><lb n="4098"/><p><span>iarraidh gliomaigh na bposann sin a mhealladh. 'Ar</span> <lb n="4099"/><span>ndóigh, a mhic ó, má tá daoine le haghaidh na gCrumpán,</span> <lb n="4100"/><span>ní cuid againn iad-mh'anam! nach muid. Cé mhéad</span> <lb n="4101"/><span>doiséin a bhí agaibh-se, a Thaidhg, an babhta seo?</span></p> <lb n="4102"/> <lb n="4103"/><p><span>T. — Bhí seacht ndoiséin de cheannaibh móra, os cionn</span> <lb n="4104"/><span>dhá orlach déag; cheithre dhoiséin de leath-cheannaibh</span> <lb n="4105"/><span>maithe; & sílim deich gcinn de cheannaibh beaga éid-</span> <lb n="4106"/><span>treóracha nár bh'fiú a chur chum bealaigh.</span></p> <lb n="4107"/> <lb n="4108"/><p><span>M. — Agus ar thóig sibh an cárnán sin acab ó chuaidh</span> <lb n="4109"/><span>an púcán soir cheana seachtmhain 'sa' lá indiu? Ní'l</span> <lb n="4110"/><span>fhios agam 'sa' domhan mór go cé an ghleacaidheacht nó</span> <lb n="4111"/><span>an ealadhain le n-a meallann sibh iad chor ar bith?</span></p> <lb n="4112"/> <lb n="4113"/><p><span>T. — Ní'l aon bhréag ann, a Mhaitiú. Go deimhin</span> <lb n="4114"/><span>thóigeamar an méid sin le seachtmhain. Go cinnte caith-</span> <lb n="4115"/><span>fidh sórt gleacaidheacht' agus ealadhan a bheith ag an</span> <lb n="4116"/><span>ngliomadóir, má's mian leis a obair a bheith tairbheach</span> <lb n="4117"/><span>buan-tseasmhach. Caithfidh sé urlais neamh-lochtach a</span> <lb n="4118"/><span>bheith aige. Ní mór dhó a chuid potaí a bheith déanta</span> <lb n="4119"/><span>gan marach, na slata casta & fighte go dlúth agus go</span> <lb n="4120"/><span>pointeálta, an pota a bheith go deas cruinn socamhlach,</span> <lb n="4121"/><span>bealach fada fairsing a fhágáil ag an ngliomach le</span> <lb n="4122"/><span>dul síos, rud taithneamhach a bheith go síorruidhe thíos</span> <lb n="4123"/><span>le n'aghaidh a mheallas síos é, & a bhéarfas subhchas dó</span> <lb n="4124"/><span>le nach gcuimhneóchaidh sé ar theacht ar ais; & fós caith-</span> <lb n="4125"/><span>fear aire mhaith a thabhairt do na potaíbh, ionnus go</span> <lb n="4126"/><span>mbainfear an brabach & an bhuntáiste is fearr astab, &</span> <lb n="4127"/><span>gach drugall, leisge, diúlta & spadántas a dhíbirt. Is</span> <lb n="4128"/><span>iomdha maidin ar chuir muid-ne trí dhoiséin 'sa bpota</span> <lb n="4129"/><span>thóir ag an mBran-shruth Beag i n-éinfheacht, acht, 'ar</span> <lb n="4130"/><span>ndóigh, támuid ag caitheamh ár n-aimsire go léir leób</span> <lb n="4131"/><span>beag nach.</span></p> <lb n="4132"/> <lb n="4133"/><p><span>M. — Is fíor dhuit. Ní'l maidin dhá mhoiche dhá n-éir-</span> <lb n="4134"/><span>ighim nach bhfeicim sibh ag lasgadh amach ó Chaladh an</span> <lb n="4135"/><span>Tuinín 'sna feirrí glinnte. Ní'l duine dhá bhfeicfeadh</span> <lb n="4136"/><span>sibh nach n-aireóchadh gur oraibh a bhíos cosamhlacht na</span> <lb n="4137"/><span>maitheasa, bail ó Dhia oraibh! Nuair a bhíos tuilleadh</span> <lb n="4138"/><span>a bhfuil a rian ortha 'ghá searradh & 'ghá lúbadh féin,</span> <lb n="4139"/><span>bíonn sibh-se go dúthrachtach i n-éadan bhur ngnóthuidhe.</span> <lb n="4140"/><span>Tá faitchíos orm go raibh droch-chaoladóirí ag déanamh</span></p> </div> <pb n="101"/> <div><lb n="4141"/><p><span>mo chuid potaí-sa, ar chuma 'r bith, a d'fhág basgtha</span> <lb n="4142"/><span>mé fhéin ó shoin.</span></p> <lb n="4143"/> <lb n="4144"/><p><span>T. — Cé mhéad fhághas tusa uaidh súd i mBóthar na</span> <lb n="4145"/><span>Trágha ar an doiséin, a Mhaitiú, ó d'eitigh tú a gcur</span> <lb n="4146"/><span>anonn?</span></p> <lb n="4147"/> <lb n="4148"/><p><span>M. — Coróin 's trí píghne thríd 's thríd, gan aon</span> <lb n="4149"/><span>bhréag a rádh: agus ceapaim-se gur mór an dalladh</span> <lb n="4150"/><span>mullóg atá ag gabháil do dhaoinibh 'ghá gcur anonn tráth</span> <lb n="4151"/><span>bhfuil sin le fágháil orthab ag baile.</span></p> <lb n="4152"/> <lb n="4153"/><p><span>T. — Marach an éasguidheacht atá 'n-a gcur anonn,</span> <lb n="4154"/><span>ní bhfuighfeadh sé ó chuid againn iad; acht ní'l aon deis</span> <lb n="4155"/><span>againn le n-a gcur go háit ar bith eile.</span></p> <lb n="4156"/> <lb n="4157"/><p><span>M. — Tá éasguidheacht agaibh go deimhin go minic.</span> <lb n="4158"/><span>Shíl mise go raibh sí agam fhéin nó gur chlis an púcán —</span> <lb n="4159"/><span>le corp faillighe agus drugaill a fuirinn — a theacht</span> <lb n="4160"/><span>an lá gheall sí, agus a chuir giní buidhe as dom ar a</span> <lb n="4161"/><span>laghad, 'n-áit ar cailleadh na plíomaí ba mhó bhí agam</span> <lb n="4162"/><span>ag an mbruithteacht sul d'fhéadas sgaradh leób. Acht</span> <lb n="4163"/><span>an fhad 's bhéas asal maith & cléibh agus cinnire le cur</span> <lb n="4164"/><span>'n-a dhiaidh agam ní éireóchaidh sé dhom arís ag fanacht</span> <lb n="4165"/><span>le giollaíbh bádóirí gan truagh ar bith dhuit ná suim ar</span> <lb n="4166"/><span>bith in do chás.</span></p> <lb n="4167"/> <lb n="4168"/><p><span>T. — Maise, agus cailleadh an oiread sin ort, a</span> <lb n="4169"/><span>Mhaitiú? Chualas an sgéal mí-ádhmharach céadna ag</span> <lb n="4170"/><span>cuid do na gliomadóiríbh eile go minic. Agus d'éirigh</span> <lb n="4171"/><span>sé go domáisteach dhom féin babhta nó dhó i bhfad ó</span> <lb n="4172"/><span>shoin sul mar phósas. Tá a fhios ag gach duine gur</span> <lb n="4173"/><span>anbhaoghalach contabhairteach an rud an bhruithteacht ag</span> <lb n="4174"/><span>gliomaigh — mór-mhór na plíomaí móra mí-stuamdha —</span> <lb n="4175"/><span>ní fhágann sé blas, brígh, ná beódhas ionntab.</span></p> <lb n="4176"/> <lb n="4177"/><p><span>M. — 'Seadh! Agus ó thárla go bhfuil a fhios acab sin,</span> <lb n="4178"/><span>go cé an leiciméaracht a bhíos orthab nach dtigeann</span> <lb n="4179"/><span>chugainn go pointeálta ar an am a ceaptar agus a</span> <lb n="4180"/><span>socruightear nuair is féidir leób é?</span></p> <lb n="4181"/> <lb n="4182"/><p><span>T. — B'fhéidir gur minic nach mbíonn neart acab air.</span> <lb n="4183"/><span>Tá a fhios ag gach duine go gcaithfidh an mhoill agus an</span> <lb n="4184"/><span>tseiléag a bheith ann, mór-mhór ag an t-é a mbéidh a</span> <lb n="4185"/><span>chúram fhéin aige le breathnughadh 'na ndiaidh. Ní'l</span> <lb n="4186"/><span>a fhios ag éinne eile cá ngoilleann an bhrógh ar an té</span></p> </div> <pb n="102"/> <div><lb n="4187"/><p><span>chaitheas í acht aige fhéin. Caithfimid a bheith fad-</span> <lb n="4188"/><span>bhreathnuightheach, a Mhaitiú, & gan a bheith casaoideach</span> <lb n="4189"/><span>ná clamhsánach le foclaibh tadhadacha borba. Ní'l</span> <lb n="4190"/><span>sgreatal maitheasa a bheith ró-chasaoideach ná ró-</span> <lb n="4191"/><span>ropannta, mar 'sé dualgas & oibliogáid an tsaoghail</span> <lb n="4192"/><span>ar bhealaighibh is cionntach le bheith faillightheach agus</span> <lb n="4193"/><span>drugallach 'sa' dualgas a bhaineas leis ar bhealaighibh</span> <lb n="4194"/><span>eile go han-mhinic. Acht céard tá ag coinneáil mo</span> <lb n="4195"/><span>bheirte compánach lúthmhar mear éasgaidh a bhí geall-</span> <lb n="4196"/><span>ta ar a bheith annseo go haibéil thar éis an seacht a</span> <lb n="4197"/><span>chlog? Dar fiadh! B'fhearr dhom geábh a thabhairt soir</span> <lb n="4198"/><span>'ghá n-iarraidh. Ní dhéanfad aon mhoill, agus ní baoghal</span> <lb n="4199"/><span>nach mbéidh árd-oidhche shúgach mheidhreach gan dolás</span> <lb n="4200"/><span>gan brón ná imnidhe againn go socair ceóchánta tráth a</span> <lb n="4201"/><span>mbéimid bailighthe i bhfochair a chéile. A Shiubhán, bíodh</span> <lb n="4202"/><span>gach rud réidh 'mach agat-sa, & ná bíodh aon ghábhadh dhuit</span> <lb n="4203"/><span>a bheith ag stócáil nuair a bhéas muidne ar ais. Béidh</span> <lb n="4204"/><span>mé aníos arís sul bhéas do dhóthain tobac caithte</span> <lb n="4205"/><span>agat, a Mhaitiú. Gheobhaidh tú mó phíopa smigíneach 'sa'</span> <lb n="4206"/><span>sgipéad, a Shiubhán, & tabhair dhó é. Tá maiste ar an</span> <lb n="4207"/><span>teinnteán, mara féidir libh na cipíní soluis a fhágháil.</span></p> <lb n="4208"/> <lb n="4209"/><p><span>M. — Ó thárla go bhfuil tú ag dul soir, rith isteach</span> <lb n="4210"/><span>& abair le Peadairín gur dhubhairt mé go bhfuil sé i</span> <lb n="4211"/><span>n-am aige mo shoitheach teara & mo mhapa grábhála a chur</span> <lb n="4212"/><span>ar ais chugam, má 'sé do thoil é.</span></p> <lb n="4213"/> <lb n="4214"/><p><span>T. — Déanfaidh sin; sílim nár mhisde dhó é.</span></p> <lb n="4215"/> <lb n="4216"/><p><span>M. — Beannacht Dé dhuit, a mhic ó! — nach bhfuil sé thoir</span> <lb n="4217"/><span>aca le ráithe mhóir fhada fhairsing!</span></p> <lb n="4218"/> <lb n="4219"/><p><span>T. — A Shiubhán chroidhe, tabhair dhom mo chochall & mo</span> <lb n="4220"/><span>chóta mór. Tá droch-chosamhlacht ar an oidhche, agus</span> <lb n="4221"/><span>b'fhéidir go nglacfainn slaghdán, mar tá sórt piacháin</span> <lb n="4222"/><span>nó cártháin ionnam cheana.</span></p> <lb n="4223"/> <lb n="4224"/><p><span>Siubhán (ag fáisgeadh an chochaill). — Maise, a Mhaitiú,</span> <lb n="4225"/><span>nach breagh mór téagarach toirteamhail an fear é Tadhg</span> <lb n="4226"/><span>s'againne, bail ó Dhia air!</span></p> <lb n="4227"/> <lb n="4228"/><p><span>Tadhg (le Maitiú) — Freagair í mar is maith leat</span> <lb n="4229"/><span>nuair a bhéas mé imthighthe. Ó! is dalabuidhe an bháis-</span> <lb n="4230"/><span>teach í: acht ní bhéidh aon strómh orm anois ó thárla an</span> <lb n="4231"/><span>eochall seo búrlailte faoi mo mhuineál. Is gairid go</span></p> </div> <pb n="103"/> <div><lb n="4232"/><p><span>mbéad ar ais. Ná corruigh ar a bhfacaidh tú 'riamh, a</span> <lb n="4233"/><span>Mhaitiú, go dtigidh mé.</span></p> <lb n="4234"/> <lb n="4235"/><p><span>M. — Go ngnóthuighidh Dia dhuit</span></p> <lb n="4236"/> <lb n="4237"/><p><span>S. — Fainic, an dtruisleálfaidhe thú ar na strapaidhibh</span> <lb n="4238"/><span>sleamhaine sin 'sa' mbearnain.</span></p> <lb n="4239"/> <lb n="4240"/><p><span>T. (ag seinnm go binn-ghlórach agus é ag imtheacht):—</span></p> <lb n="4241"/> <lb n="4242"/><p><span>“'Sí mo shearc í 'gus 'sí mo roghain í,</span> <lb n="4243"/><span>'Sí péarla an chúil duinn í,</span> <lb n="4244"/><span>'Sí an samhradh anns a' bhfuacht í</span> <lb n="4245"/><span>Idir Nodlaig agus Cháisg.”</span></p> <lb n="4246"/> <lb n="4247"/><p><span>S- Meas tú nach mise tá sé a rádh?</span></p> <lb n="4248"/> <lb n="4249"/><p><span>M. — Go dearbhtha is tú. Is beag an chosamhlacht</span> <lb n="4250"/><span>piacháin ná cártháin atá 'nois air. 'Sé a chroidhe atá go</span> <lb n="4251"/><span>héadtrom glionndarach.</span></p> <lb n="4252"/> <lb n="4253"/><p><span>S. — Ní'l fear ar thalamh an domhain chomh lághach deas</span> <lb n="4254"/><span>geanamhail grádhmhar caoitheamhail le Tadhg s'againne —</span> <lb n="4255"/><span>slán a bhéas sé! Nach fearr dhom tosughadh ag stócáil</span> <lb n="4256"/><span>feasta. Bog thusa an cliabhán go mbéidh na gréithí</span> <lb n="4257"/><span>glanta agam.</span></p> <lb n="4258"/> <lb n="4259"/><p><span>(Tosuigheann Maitiú ag bogadh.)</span></p> <lb n="4260"/> <lb n="4261"/><p><span>Siubhán — Dheamhan blas maitheasa dhuit a bheith 'ghá</span> <lb n="4262"/><span>bhogadh mara dtugaidh tú “Hú seóithín” dó. B'fhéidir</span> <lb n="4263"/><span>an uair sin go dtuitfeadh néilín chodlata air. Maise,</span> <lb n="4264"/><span>nach mairg gan Cáit istigh! tá gach rud 'n-a mhangarae</span> <lb n="4265"/><span>& 'n-a chír thuaithbhill 'sa' teach seo, & ní aireochamuid,</span> <lb n="4266"/><span>go mbuailidh na bádóirí isteach sul mar bhéas blas</span> <lb n="4267"/><span>stócáilte againn. Nach fearr dhomh-sa ceápar a thabhairt</span> <lb n="4268"/><span>síos go tigh Mhághnuis, agus a chur fá ndeara dhi siúd</span> <lb n="4269"/><span>atá ar a dhá sáil ar cuairt rud eicínteach a dhéanamh.</span> <lb n="4270"/><span>'Ar ndóigh, ní bhéadh an bhean is fearr a chuir lámh as</span> <lb n="4271"/><span>gualainn i n-an ag gach a bhfuil de ghiotamáil le</span> <lb n="4272"/><span>déanamh faoi chleitheachaibh an tighe seo.</span></p> <lb n="4273"/> <lb n="4274"/><p><span>Maitiú — Meas tú an bhfuil tada 'san dúidín úd</span> <lb n="4275"/><span>adubhairt sé atá san sgipéad, a Shiubhán? Dheamhan sin</span> <lb n="4276"/><span>gail a chaitheas le trí lá. Tá cuid de thobac Mheiriocá</span> <lb n="4277"/><span>agam le cangailt a cuireadh anall chugam le Máirtín</span> <lb n="4278"/><span>Thaidhg, agus is ait é, acht ní iomchruighim píopa ar bith,</span></p> </div> <pb n="104"/> <div><lb n="4279"/><p><span>cé nach bhfacaidh tú aon fhear ariamh is dalabuidhe dúil</span> <lb n="4280"/><span>ann ná mé. Go deimhin bhíos ins na siopaibh móra</span> <lb n="4281"/><span>geala sin thoir ar sholáthar gráinín, acht ní raibh agam</span> <lb n="4282"/><span>acht bonnacha, thar éis m' aistir.</span></p> <lb n="4283"/> <lb n="4284"/><p><span>S. — Mar dubhairt Bríghid bheag leis an táilliúr:</span></p> <lb n="4285"/> <lb n="4286"/><p><span>“Tobac thar éis bídh,</span> <lb n="4287"/><span>Ar bhean an tighe tá sin,</span> <lb n="4288"/><span>Gach stróinse dhá dtéidheann an tslighe</span> <lb n="4289"/><span>Is suarach an cíos dó é sin.”</span></p> <lb n="4290"/> <lb n="4291"/><p><span>Seo dhuit an píopa anois agus deirim-se gur suarach</span> <lb n="4292"/><span>an cíos duit-sé é thar éis an páisde a chur a chodladh.</span> <lb n="4293"/><span>Ní eiteóchainn-se thú faoi phíopa Thaidhg dhá mbadh é</span> <lb n="4294"/><span>smúdar nó deannach an óir a bhéadh sé a chaitheamh as i</span> <lb n="4295"/><span>leabaidh tobac — bíod a fhios agat sin.</span></p> <lb n="4296"/> <lb n="4297"/><p><span>M. — Tá a fhios agam é, go raibh maith agat. Go</span> <lb n="4298"/><span>deimhin, le congnamh Dé, nuair a gheobhas mise mé fhéin</span> <lb n="4299"/><span>mar badh mhian liom, pé lá é, ní bhéidh mé i gcleitheamhnas</span> <lb n="4300"/><span>tobac ná píopa dhuine ar bith. Béidh tobac agam fhéin</span> <lb n="4301"/><span>'n-a bharra bachall, is cuma céard eile a mbéidh mé</span> <lb n="4302"/><span>easbadhach ann.</span></p> <lb n="4303"/> <lb n="4304"/><p><span>S. — Táim-se ag imtheacht anois ar an toirt, mar</span> <lb n="4305"/><span>ceapaim go bhfuil sé i n-am deagh-chosamhlacht a chur ar</span> <lb n="4306"/><span>an teach seo i gcomhair na hoidhche, agus dheamhan trí</span> <lb n="4307"/><span>mheandar go mbéad ar ais. Fainic ar chuma ar bith an</span> <lb n="4308"/><span>éireóchadh an páiste. Nach féidir leat leath-chos a</span> <lb n="4309"/><span>choinneáil 'san gcliabhán fad 's bhéas tú ag deargadh an</span> <lb n="4310"/><span>píopa? Go réidh anois, tá tú ag croitheadh an leinbh</span> <lb n="4311"/><span>ró-mhór. Déan go mín réidh socair é nó croithfidh tú</span> <lb n="4312"/><span>as a shláinte é. Sin é 'nois agat an tslighe ealadhanta</span> <lb n="4313"/><span>le cliabhán a bhogadh! B'fhuras d'aithne agus an chaoi</span> <lb n="4314"/><span>ar thosuighis nach raibh aon chleachtadh agat air, agus ní</span> <lb n="4315"/><span>móide gur beag dhuit a thúisge. Is beag rud nó</span> <lb n="4316"/><span>bealach 'san saoghal seo gan a locht fhéin. Acht táim</span> <lb n="4317"/><span>ag déanamh an iomarcaidh moille. Caithfidh mé a rádh</span> <lb n="4318"/><span>le Cáit a theacht aníos. Ní'l a fhios aici go mbéidh</span> <lb n="4319"/><span>rud ar bith ar siubhal annseo anocht. Tá an clampar</span> <lb n="4320"/><span>uirthi le cuarta. Féach anois! Rith sí, agus d'fhág</span></p> </div> <pb n="105"/> <div><lb n="4321"/><p><span>sí a túirne 'n-a chadhan aonraic annsin, agus sguab</span> <lb n="4322"/><span>léithi gur bhuail sí bleid ar Chaitlín Ní Bhrallaigh, agus</span> <lb n="4323"/><span>tá mé cinnte go bhfuighead anois í ar a corrageab</span> <lb n="4324"/><span>ag coinneáil comhráidh léithi. Ní bhéidh mé i bhfad</span> <lb n="4325"/><span>amuigh nó cinnfidh sé orm. Go bhfóiridh Dia ar aon</span> <lb n="4326"/><span>bhean go sléibhe a mbéidh inghean bheag-mhaitheasach,</span> <lb n="4327"/><span>stuacach, pheatamhail aici. B' fhearr do dhuine bheith ag</span> <lb n="4328"/><span>gabháil de chlocha ar a chirteachaibh ná bheith ag pléidhe</span> <lb n="4329"/><span>léithi, acht, fairíor, ní do gach duine a gheall Dia</span> <lb n="4330"/><span>socamhlacht ná suaimhneas. Nach fearr dhom seársa a</span> <lb n="4331"/><span>thabhairt síos anois. Ná bíodh cás ná náire ort leagaint</span> <lb n="4332"/><span>ar an bpíopa nó go dtigidh mise. (Greadann léithi).</span></p> <lb n="4333"/> <lb n="4334"/><p><span>M. — (Agus é i n'aonar) Dar fiadh! Tá an-chuimse</span> <lb n="4335"/><span>tobac 'san bpíopa seo aige. Bhí sgiorta de'n ádh orm</span> <lb n="4336"/><span>'n-a dhiaidh sin. Tá sé lán go boimbéal. Is féidir</span> <lb n="4337"/><span>liom a bheith a caitheamh anois go mbéidh mé súghach sáthach</span> <lb n="4338"/><span>ar mo shocamhlacht, acht céard seo? Dar a' leabhar seo!</span> <lb n="4339"/><span>Tá triopáil eicínt ar na leacrachaibh. Seo daoine</span> <lb n="4340"/><span>ag strapadóireacht thar an gclaidhe. Sin cnead a</span> <lb n="4341"/><span>rinne duine a truisleáladh sa mbearnain. Ní féidir</span> <lb n="4342"/><span>gur ab iad Tadhg agus an dream eile atá ar ais chomh</span> <lb n="4343"/><span>luath seo, agus gan smeach stócála ná ullmhuighthe</span> <lb n="4344"/><span>déanta rómpab. Mh'anam gur ab iad — go n-aithnighim</span> <lb n="4345"/><span>an torann atá bróga móra gréasuidhe Thaidhg a bhaint</span> <lb n="4346"/><span>as na leacrachaibh. Nach air a bhí an dalladh mullóg</span> <lb n="4347"/><span>agus a dtabhairt i leith chomh luath seo! Dar fiadh! Is</span> <lb n="4348"/><span>righ-bhreagh an chosamhlacht atá rómpab, gan pioc déanta,</span> <lb n="4349"/><span>gan sméaróid 'san teinidh, an bothán 'n-a chírthuaithbhill,</span> <lb n="4350"/><span>& an bean & an inghean ar cuairt! Nach beag an ghraithe</span> <lb n="4351"/><span>a bhí ag fear canntalach crosta mí-fhoighidneach 'san</span> <lb n="4352"/><span>teach seo, acht</span></p> <lb n="4353"/> <lb n="4354"/><p><span>T. (glór garbh Thaidhg amuigh). — Leig isteach. Támuid</span> <lb n="4355"/><span>fré chéile annseo, a Shiubhán. Ní raibh aon chall agam</span> <lb n="4356"/><span>dul thar an Tóchar mar casadh dhom iad ag bualadh aníos</span> <lb n="4357"/><span>agus mar sin, buidheachas le Dia, níor bhain aon mhoill</span> <lb n="4358"/><span>dom mar cheapas.</span></p> <lb n="4359"/> <lb n="4360"/><p><span>M. — Tá faitchíos orm gur dhearmadais é siud a rádh</span> <lb n="4361"/><span>le Peadairín, ariú, bhí ar bhéal an bhealaigh romhat ag</span> <lb n="4362"/><span>dul soir dhuit, agus cruadhóg a bhfacaidh tú 'riamh agam</span></p> </div> <pb n="106"/> <div><lb n="4363"/><p><span>leis an teara & an mapa, mar ní'l liobar croicinn ar</span> <lb n="4364"/><span>mo ghleóiteóigín curraigh de cheal grábhála.</span></p> <lb n="4365"/> <lb n="4366"/><p><span>Tadhg. — Dhá mbéadh sí gan sgiolltar croicinn go</span> <lb n="4367"/><span>bráth níor chuimhnigheas air le neart deabhaidh. Acht</span> <lb n="4368"/><span>an bhfuil maith ar bith dhom a bheith ag cainnt leat, a</span> <lb n="4369"/><span>Shiubhán? Ní hé seo an chéad uair a rinnis neamh-shuim</span> <lb n="4370"/><span>i m'ordughadh dhuit. Sgaoil isteach muid, adeirim; nó</span> <lb n="4371"/><span>an bhfuil sgrubal ar bith agaibh istigh annsin dúinne atá</span> <lb n="4372"/><span>bhur gcuid roighintis a choinneáil amuigh faoi an múrghail</span> <lb n="4373"/><span>dhomáistigh seo?</span></p> <lb n="4374"/> <lb n="4375"/><p><span>M. (ag osgailt) — Tigidh isteach anois go mín réidh</span> <lb n="4376"/><span>socair éadtrom-chosach, nó má dhúisigheann sibh an</span> <lb n="4377"/><span>leanbh atá go sámh 'n-a chodladh agam nuair a thiocfas</span> <lb n="4378"/><span>Siubhán aníos as tigh Mhághnuis i n-a bhfuil Cáit ar</span> <lb n="4379"/><span>cuairt, tá mé cinnte dearbhtha go mbéidh sí ar buile</span> <lb n="4380"/><span>le cuthach & tadhad. Go réidh anois, a Thaidhg. Ní'l</span> <lb n="4381"/><span>ar an doras acht an bolta, agus bíodh foighid agat.</span> <lb n="4382"/><span>Dheamhan aithne ort nach maide Éamuinn atá leis le do</span> <lb n="4383"/><span>chuid guailneála. M'anam, maise, an bhfeiceann tú,</span> <lb n="4384"/><span>nach mbéadh mo dhóthain mhór le déanamh agam agus</span> <lb n="4385"/><span>a fhosgailt daoibh!</span></p> <lb n="4386"/> <lb n="4387"/><p><span>T. (go dána garbh) — Buail pléisg de do ghlúin ar an</span> <lb n="4388"/><span>doras i n-íochtar, annsin brúigh dhíot amach é go teann</span> <lb n="4389"/><span>fórsach tapaidh, croch suas é annsin as íochtar chomh</span> <lb n="4390"/><span>maith 's is féidir leat, cuir an ghlún cheanann chéadna a</span> <lb n="4391"/><span>bhuail an phlaidhb air i n'éadan annsin, agus coinnigh</span> <lb n="4392"/><span>mar sin é. Beir annsin go deas réidh ar an mbolta,</span> <lb n="4393"/><span>agus má chinneann sé ort a tharraingt diabhal fhios</span> <lb n="4394"/><span>agam-sa go cé an chaoi a mbéidh sé. Sin é an chaoi ar</span> <lb n="4395"/><span>fhosgail mé fhéin é go minic do Shiubhán ar feadh an</span> <lb n="4396"/><span>áirneáin.</span></p> <lb n="4397"/> <lb n="4398"/><p><span>M. (ag cneadach i n-éadan an dorais) — Tá sé agam</span> <lb n="4399"/><span>sa' deireadh, agus isteach libh; acht tá an bolta briste,</span> <lb n="4400"/><span>an ursainn corruighthe, an fár-dhoras contabhairteach &</span> <lb n="4401"/><span>bagarthach, acht mo lom dubh dubhach, agus mo chreach</span> <lb n="4402"/><span>chráidhte go deó! tá mo ghlún donuighthe, an cúpán</span> <lb n="4403"/><span>as áit agus mé basgtha ag an bpléisg dhomáistigh a thug</span> <lb n="4404"/><span>mé dhom féin i n-éadan cláir dharaidhe an dorais.</span> <lb n="4405"/></p> </div> <pb n="107"/> <div><lb n="4406"/><p><span>T. — Go sábhalaidh Dia muid, tá tú basgtha, a dhuine</span> <lb n="4407"/><span>bhoicht! Acht béidh 'chuile shórt ceart amach annseo.</span> <lb n="4408"/><span>Suidh san gclúid agus bain gail as an bpíopa go</span> <lb n="4409"/><span>fóilleach. Tabhair congnamh dhó, a Dhiarmuid. Sín uait</span> <lb n="4410"/><span>amach í. Cuir dornán tuighe faoi, a Sheónaic, agus</span> <lb n="4411"/><span>b'fhéidir go mbéadh sé go maith ar ball.</span></p> <lb n="4412"/> <lb n="4413"/><p><span>Seónac (le Diarmuid i gcogar). — Ara, dheamhan lá</span> <lb n="4414"/><span>riamh nach raibh an dream sin ag áidhbhéil. Cuirfead-sa</span> <lb n="4415"/><span>geall leat nach bhfuil faic ar an mbuachaill báire sin</span> <lb n="4416"/><span>acht ealadhain. Tá sé ag súil le teasachan agus</span> <lb n="4417"/><span>strioncán le n'ól, a mhic ó. Sin é a bhfuil de bhasgadh</span> <lb n="4418"/><span>air. Mh'anam go bhfeicfidh tú gurab é. Beódhóchaidh</span> <lb n="4419"/><span>sé suas ar ball, deirim-se leat.</span></p> <lb n="4420"/> <lb n="4421"/><p><span>T. — A Thighearna na Trócaire, cé an sórt cóir agus</span> <lb n="4422"/><span>cuma tá fágtha ar an teach so! Nach maith a bhí a fhios</span> <lb n="4423"/><span>agam gur mar seo bhéadh sé. Thar éis an fhógra thug</span> <lb n="4424"/><span>mé dhi sul mar d'imthigheas gach rud a bheith i ndeagh-chaoi</span> <lb n="4425"/><span>nuair a thiocfainn fhéin agus na daoine groidheamhla seo,</span> <lb n="4426"/><span>ní cosamhail gur chuir sí suim cnaipe gan chois 'n-ar</span> <lb n="4427"/><span>dhubhairt mé. Dearóil aosta príosta! Nach beag an</span> <lb n="4428"/><span>dochar dhom náire a bheith orm ag tabhairt cuiridh na</span> <lb n="4429"/><span>féile dhíbh, a dhaoine mhuinnteardha, agus laghad dá</span> <lb n="4430"/><span>chosamhlacht atá ar an mbothán seo. Nach deacair dhom</span> <lb n="4431"/><span>foighid a bheith agam léithi thar éis na faillighe clam-</span> <lb n="4432"/><span>paraighe atá déanta aici sa' méid adubhras léithi, agus</span> <lb n="4433"/><span>nach deacair dhom a rádh go bhfuil mórán smachta ná</span> <lb n="4434"/><span>comhairle agam faoi dhíon an tighe mhí-ádhsaigh seo.</span></p> <lb n="4435"/> <lb n="4436"/><p><span>M. (go lag-ghlórach san gclúid) — Maise, mh'anam</span> <lb n="4437"/><span>go bhfuil an páiste ag biorrughadh suas agat anois, &</span> <lb n="4438"/><span>nach bhfuil a fhios agam-sa cé an chaoi a mbéidh sé nuair</span> <lb n="4439"/><span>a thiocfas sí fhéin ar ais.</span></p> <lb n="4440"/> <lb n="4441"/><p><span>Diarmuid. — Mh'anam go sílfeá go bhfuil tú fhéin</span> <lb n="4442"/><span>ag biorrughadh suas, agus ag éirghe beagán níos</span> <lb n="4443"/><span>spleódaraighe freisin, bail Dé ort.</span></p> <lb n="4444"/> <lb n="4445"/><p><span>M. — Och! 'Sé do thruagh dhom é! Ara, a dhuine, bhí</span> <lb n="4446"/><span>an t-ádh orm nach ndeárnadh sprúdhánaí de mo</span> <lb n="4447"/><span>spreangaidíbh. Dheamhan cos a bhéas mé i n-an a chur</span> <lb n="4448"/><span>fúm an rabharta seo. Tá mo chnaipe déanta anois</span> <lb n="4449"/><span>thar ariamh. A Thaidhg, dheamhan fhios agam-sa cé an</span></p> </div> <pb n="108"/> <div><lb n="4450"/><p><span>chaoi a mbéidh sé eidir thú féin agus Siubhán faoi gur</span> <lb n="4451"/><span>dhúisighis an t-óglaoch. Ó, is olc an phian í! — Ó, cé an</span> <lb n="4452"/><span>chaoi ar féidir fulaing léithi chor ar bith!</span></p> <lb n="4453"/> <lb n="4454"/><p><span>T. — Mara bhfuil fhios agat-sa é tá fhios agam-sa é.</span> <lb n="4455"/><span>Caithfidh an rud adéaras mise a bheith déanta nó béidh</span> <lb n="4456"/><span>a fhios agam cé an fáth. Mh'anam go gcaithfidh! Ó chuir</span> <lb n="4457"/><span>an ghrian a gob aníos indiu go ndeachaidh cárr an phosta</span> <lb n="4458"/><span>soir tráthnóna ag ceathramhadh thar éis an sé bhí mé</span> <lb n="4459"/><span>amuigh ar an bhfairrge faoi dhoininn agus báistigh ag</span> <lb n="4460"/><span>a iarraidh bheith ag breathnughadh i ndiaidh na bpotaí,</span> <lb n="4461"/><span>ag tógáil shíl, & ag coimhlint le muca mara mar tá</span> <lb n="4462"/><span>a fhios agaibh, agus thar éis m'anró & mo thrioblóide</span> <lb n="4463"/><span>ag a iarraidh bheith ag troid leis an saoghal, agus ag a</span> <lb n="4464"/><span>iarraidh bheith ag coinneáil an bhotháin i dtoll a chéile,</span> <lb n="4465"/><span>seo é an cútiughadh atá mé a fhágháil ó'n té a bhfuilim</span> <lb n="4466"/><span>ag dul thríd an méid sin ar a son. Nach bhfuil sé i n-an</span> <lb n="4467"/><span>fear ar bith a liathchan, a chomharsanna, agus nach beag</span> <lb n="4468"/><span>an t-iongnadh mé a bheith ag cailleadh an chroidhe mhóir</span> <lb n="4469"/><span>a gheall Dia dhom? Tá bladaireacht le fágháil go maith</span> <lb n="4470"/><span>uaithi, acht, dar fiadh, ní sheasfad-sa le bladaireacht,</span> <lb n="4471"/><span>clabaireacht, ná tada de'n tsaghas feasta, nó is</span> <lb n="4472"/><span>cruaidh an cás é.</span></p> <lb n="4473"/> <lb n="4474"/><p><span>S. — Ní mheasaim go bhfuil aon chall clamhsáin agat,</span> <lb n="4475"/><span>a Thaidhg, mar sin. Ní'l a fhios agat mar atá daoine</span> <lb n="4476"/><span>eile! Tá deagh-bhean agat, a mhic ó, agus bean ar</span> <lb n="4477"/><span>chóir dhuit a bheith bródamhail agus uaibhreach aisti —</span></p> <lb n="4478"/> <lb n="4479"/><p><span>T. — Bródamhail agus uaibhreach! Go dtugaidh Dia</span> <lb n="4480"/><span>ciall duit!</span></p> <lb n="4481"/> <lb n="4482"/><p><span>S. — Bean gan leisge gan diúltadh, agus bean gan</span> <lb n="4483"/><span>bíodán ná anachain</span></p> <lb n="4484"/> <lb n="4485"/><p><span>T. — Bean ghleárach, ghleódhach, mhí-stuamhdha, ragair-</span> <lb n="4486"/><span>neach, ghearr-'ubalach, b' fhéidir a b' fhearr a d'ainm-</span> <lb n="4487"/><span>neóchthá í!</span></p> <lb n="4488"/> <lb n="4489"/><p><span>S. — Á! dún do chlab. Ní headh, acht bean lághach,</span> <lb n="4490"/><span>charthannach, shubháilceach, fhial, dheas-labhartha, dheis-</span> <lb n="4491"/><span>bhéalach a bhfuil an croidhe agus an t-anam san áit</span> <lb n="4492"/><span>chirt innti.</span></p> <lb n="4493"/> <lb n="4494"/><p><span>T. — Ní'l a fhios agat cé an sórt mná í. Fiafruigh</span> <lb n="4495"/><span>dhíom-sa é. Ná trácht ar charthannas ná subháilceas, acht</span></p> </div> <pb n="109"/> <div><lb n="4496"/><p><span>ar dhíomhaoineas, droch-mhúnadh, fuar-chúiseacht, stuaic,</span> <lb n="4497"/><span>& peatuigheacht, agus tógfad uait é.</span></p> <lb n="4498"/> <lb n="4499"/><p><span>S. — Tá tú ró-chruaidh ar fad uirthi, agus ní chuirim</span> <lb n="4500"/><span>suim deich triuf ins an méid aoidiughadh atá tú a</span> <lb n="4501"/><span>thabhairt uirthi. Is ort a bhí an t-ádh & an t-amhantar</span> <lb n="4502"/><span>an lá sonasach ar sguabh tú leat í ó'n bpátrún agus</span> <lb n="4503"/><span>a liachta fear óg spéireamhail groidhe faoi na bhóna</span> <lb n="4504"/><span>geal agus a bhríste colpach a raibh súil na glasóige</span> <lb n="4505"/><span>aige 'n-a diaidh. Nach minic a bhínn ag a rádh le Peig</span> <lb n="4506"/><span>gur dheacair a rádh cé an duine de dhá'réag a mbéadh</span> <lb n="4507"/><span>sí aige agus nach beag an duine a cheapfadh nuair a</span> <lb n="4508"/><span>bhíodh sí ag teacht ar cuairt go tigh Mháirtín go meangach</span> <lb n="4509"/><span>i n-aois a naoi mbliadhan déag gur ab ag Tadhg</span> <lb n="4510"/><span>Bhudalán gliomadóir a bhéadh sí i ndeireadh thiar</span> <lb n="4511"/><span>thall, acht bhí sibh i ndán dá chéile ag Dia, agus níor bh'</span> <lb n="4512"/><span>fhéidir dul thairis sin.</span></p> <lb n="4513"/> <lb n="4514"/><p><span>T. — Maise, mh'anam gur fíor dhuit an méid sin,</span> <lb n="4515"/><span>ar chuma ar bith. Is beag an ceapadh bhí agam fhéin</span> <lb n="4516"/><span>tráth ar thosuigheas ag spalluigheacht léithi ar dtús go</span> <lb n="4517"/><span>raibh aon bhaoghal go raibh sí ag cur aon tsuime in mo</span> <lb n="4518"/><span>chuid bladair, agus, 'ar ndóigh, cheap gach duine gur ag</span> <lb n="4519"/><span>déanamh fonomhóide dhíom a bhí sí nó gur chruthuigh mise</span> <lb n="4520"/><span>go mín réidh socair nár bh'eadh an tráthnóna úd nuair a</span> <lb n="4521"/><span>ghreadamar linn ó'n bpátrún. Tá an clampar uirthi</span> <lb n="4522"/><span>le cuarta, sin é an locht is mó tá agam uirthi, agus</span> <lb n="4523"/><span>is cuma léithi 'sa gcat marbh céard adeirim léithi.</span> <lb n="4524"/><span>Tá na gnótha gan a bheith anocht ar chuma ar bith eidir í</span> <lb n="4525"/><span>fhéin agus a hinghean, agus cuirfidh mé cnaipe libh go</span> <lb n="4526"/><span>mbéidh siad féin ag cur an mhilleáin ar a chéile nuair</span> <lb n="4527"/><span>a thiocfas siad.</span></p> <lb n="4528"/> <lb n="4529"/><p><span>D. -Ara, maise, a mhic ó! Mh'anam gur corr-</span> <lb n="4530"/><span>dhuine atá mar badh mhian leis, agus gur deacair duine</span> <lb n="4531"/><span>fhágháil gan a ghearán clamhsánach fhéin a bheith le déanamh</span> <lb n="4532"/><span>aige, dá mbéadh fhios agat é. B' fhearr dhuit an</span> <lb n="4533"/><span>saoghal a ghlacadh go réidh, mh'anam! Dhá mbéadh aon</span> <lb n="4534"/><span>tuairim agat mar atá daoine eile agus laghad de'n</span> <lb n="4535"/><span>tsochamhlacht atá aca, agus iad ag coinneáil a mbéal</span> <lb n="4536"/><span>ar a chéile, nach mbéitheá leath chomh casaoideach.</span> <lb n="4537"/></p> </div> <pb n="110"/> <div><lb n="4538"/><p><span>T. — Mo bhéal a choinneáil ar a chéile, go deimhin!</span> <lb n="4539"/><span>Ní thiubhrad-sa cinnireacht do dhuine ar bith orm — na</span> <lb n="4540"/><span>ceap é. Tá mé fada go leór ag cur suas le</span> <lb n="4541"/><span>stiúradh ó dhaoinibh cuartacha cabacha conóracha; acht,</span> <lb n="4542"/><span>dar an leabhar seo! ní bhéidh sé le caitheamh in mo</span> <lb n="4543"/><span>bhéal feasta. Caithfidh pointeáltacht, stuaim, deiseacht,</span> <lb n="4544"/><span>agus umhluigheacht a bheith 'sa teach seo, nó béidh a fhios ag</span> <lb n="4545"/><span>Tadhg Bhudalán cé an fáth — (Buailtear an doras</span> <lb n="4546"/><span>& tosuigheann an siosga taobh amuigh. Fosgluigheann</span> <lb n="4547"/><span>Seónac an doras, & buaileann an mháthair agus an</span> <lb n="4548"/><span>inghean isteach i ndiaidh a chéile go teann fuinneamhail.</span> <lb n="4549"/><span>Croitheann Tadhg a chloigeann, breathnuigheann amach</span> <lb n="4550"/><span>ó n-a mhalaíbh ar Cháit, agus annsin ar Shiubhán, annsin</span> <lb n="4551"/><span>bhéireann sé súil ar fud an tighe, croitheann an</span> <lb n="4552"/><span>cloigeann arís, agus ag tabhairt a aghaidh go feargach</span> <lb n="4553"/><span>fíochmhar ar Shiubhán deireann):—</span></p> <lb n="4554"/> <lb n="4555"/><p><span>Mo mhallacht do'n lá mí-ádhmharach ar greamuigheadh</span> <lb n="4556"/><span>dhíot mé! Nach é mo chroidhe atá briste agat, a</span> <lb n="4557"/><span>dhabaire de chlabaire gan chiall, gan náire, gan chaoith-</span> <lb n="4558"/><span>eamhlacht, mara postamhail fuinniméadach a bhuaileas tú</span> <lb n="4559"/><span>isteach chugainn, thar éis a bheith ar do ghogaide ar</span> <lb n="4560"/><span>cuairt i dteach na muinntire eile ó d'imthigheas, agus</span> <lb n="4561"/><span>nach righ-bheag an dochar dhuit náire a bheith ort dhá</span> <lb n="4562"/><span>mbéadh a fhios agat céard é.</span></p> <lb n="4563"/> <lb n="4564"/><p><span>(Níor labhair ceachtar acab smid, & níor leigeadar</span> <lb n="4565"/><span>dur astab nó gur sguir sé dhá chuid díblighthe.)</span> <lb n="4566"/></p> </div> <pb n="111"/> <div><lb n="4567"/><p><span>Óráideacht.</span></p> <lb n="4568"/> <lb n="4569"/><p><span>A cháirdí chroidhe, — Tá áthas mór agus aoibhneas ar</span> <lb n="4570"/><span>mo chroidhe a bheith annseo indiu ag cruinniughadh breág</span> <lb n="4571"/><span>Gaedhealach mar é seo. Tá roinnt aithne againn ar a</span> <lb n="4572"/><span>chéile cheana & le congnamh Dé béidh aithne níos feárr</span> <lb n="4573"/><span>againn ar a chéile feasta. Is é seo an chéad uair</span> <lb n="4574"/><span>agam a theacht os cómhair muinntire an pharáiste seo</span> <lb n="4575"/><span>ag cruinniughadh puiblídhe le beagán a rádh i dtaoibh</span> <lb n="4576"/><span>cúise 'ar dtíre agus 'ar dteangadh dúthchais. A</span> <lb n="4577"/><span>cháirde, ní móide go bhfuil ar thalamh na hÉireann</span> <lb n="4578"/><span>ceanntar ná paráiste chomh háluinn chomh taithneamhach</span> <lb n="4579"/><span>agus chomh fíor-Ghaedhealach leis an bparáiste seo.</span> <lb n="4580"/><span>Shiubail mé ar fud na hÉireann agus dh'á óige dh'á</span> <lb n="4581"/><span>bhfuilim is iomdha áit bhreágh áluinn a chonnaic mé ní</span> <lb n="4582"/><span>hé amhain i nÉirinn acht i dtíorthaibh eile agus deirim</span> <lb n="4583"/><span>go dearbhtha nach bhfacas fós aon áit a sháruigh le</span> <lb n="4584"/><span>áilneacht le deiseacht & le Gaedhealtacht ar an áit</span> <lb n="4585"/><span>bhreágh aoibhinn aerigh a toghadh agus a ceapadh le</span> <lb n="4586"/><span>haghaidh Choláiste Chonnacht. Agus anois, a cháirdhe, ó</span> <lb n="4587"/><span>thráchtas ar Choláiste Chonnacht chor ar bith ní bhéadh sé</span> <lb n="4588"/><span>ceart ná cóir agam an fhaill seo a leigean tharm gan</span> <lb n="4589"/><span>a innseacht dhíbh chomh buidheach agus chomh fíor-bhuidheach</span> <lb n="4590"/><span>agus tá na mic léighinn agus mé féin ag chomh lághach</span> <lb n="4591"/><span>fáilídhe soineannta agus tá sibh linn 'sag an gcaoi</span> <lb n="4592"/><span>a dtugann sibh gach cabhair agus cógnamh dóibh seo a</span> <lb n="4593"/><span>thagas chugaibh i bhfad agus i ngearr leis an nGaedhilge</span> <lb n="4594"/><span>a fhóghlúim agus a chleachtadh annseo in bhur measg.</span> <lb n="4595"/><span>Tá na mic léighinn lán bhuidheach agus tá mise agus</span> <lb n="4596"/><span>lucht stiúrta an Choláiste fíor-bhuidheach go cinnte</span> <lb n="4597"/><span>'Sé mo bharamhail nach bhfeadfaidhe aon áit nios feileamh-</span> <lb n="4598"/><span>naighe fhághail le haghaidh Coláiste Gaedhealaigh ná an</span> <lb n="4599"/><span>áit seo. Tá an Ghaedhilge is Áilne, is binne, & is</span> <lb n="4600"/><span>blasda ann dá gcualas i n-áit ar bith i nÉirinn. A!</span> <lb n="4601"/><span>a cháirde chroidhe, fairíor dóighthe deacrach! — nach bhfuil</span></p> </div> <pb n="112"/> <div><lb n="4602"/><p><span>tuairm cheart ag gach duine dhá bhfuil annseo cé mhéad</span> <lb n="4603"/><span>is fiú paráiste Gaedhealach mar é seo; agus anois,</span> <lb n="4604"/><span>impíghim agus athchuingím oraibh i n-ainm Dé agus</span> <lb n="4605"/><span>Mhuire seasamh go dílis dhúthrachtach i gcómhnuidhe do</span> <lb n="4606"/><span>theangaidh Bhríghde & Naomh-Phádhraic — an teanga a cheap</span> <lb n="4607"/><span>Dia féin do mhuintir na tíre seo. Támuid annseo</span> <lb n="4608"/><span>indiu le impíphe agus athchuinge oraibh éirge suas go</span> <lb n="4609"/><span>láidir teann & seasamh go daingean docht ar son na</span> <lb n="4610"/><span>Gaedhilge. Táthar ag cur i n-umhail díbh cé an dualgas</span> <lb n="4611"/><span>mór atá oraibh ag “Éire ghlas na bhfiann” agus ag</span> <lb n="4612"/><span>gach a bhfuil fighte fuaighte le fíor-náisiúntacht agus</span> <lb n="4613"/><span>céard a thuigmid le fíor-náisiúntacht? Agus céard</span> <lb n="4614"/><span>atá fighte fuaighte le fíor-náisiúntacht agus nach féidir</span> <lb n="4615"/><span>a dhealughadh uaithi go deó na ndeór? Cé'n t-aon</span> <lb n="4616"/><span>chosainteóir mór atá i n-an spíoraid na saorsachta agus</span> <lb n="4617"/><span>an fhíor-shpioraid náisiúnta a choinneál go bráth go</span> <lb n="4618"/><span>beó bíodhgamhail agus go lonnrach soillseach ar lasadh?</span> <lb n="4619"/><span>Deirim-se gurab í teanga tíre an cosainteóir is</span> <lb n="4620"/><span>láidre, is éifeachtaighe agus is treise i n-aghaidh an</span> <lb n="4621"/><span>námhad. Gan a teanga féin ní féidir le tír chroidhe</span> <lb n="4622"/><span>slán folláin a bheith aici, ná chroidhe glan gléigeal</span> <lb n="4623"/><span>acht an oiread. Agus an tír a bhfuil a croidhe</span> <lb n="4624"/><span>fabhtach, tá an bás i ndán di de bhuidheachas de'n</span> <lb n="4625"/><span>tsaoghal agus tá sí i ngar d'á bheith i ndeireadh na</span> <lb n="4626"/><span>déithe. An tír atá gan a teanga ar leith féin — an</span> <lb n="4627"/><span>tír 'n-a bhfuil teanga an chreachadóra & an sgríosadóra</span> <lb n="4628"/><span>fá mheas agus a sean-teanga féin fá dhíth-mheas agus</span> <lb n="4629"/><span>fá chois — Dia go bhfóiridh Sé uirthi! Tá sí ar chaoi nach</span> <lb n="4630"/><span>bhfuil ceart ná cóir. Tá sí ag dul i n-aghaidh tola</span> <lb n="4631"/><span>Dé féin. Tá sí ag dul i n-aghaidh nádúir. Agus ní'l</span> <lb n="4632"/><span>aon bhealach le na haghaidh, ná aon chasán aici le</span> <lb n="4633"/><span>gabháil acht bealach a basgtha. Tá a cuid róthaí ag</span> <lb n="4634"/><span>casadh tuaithbheall; tá a croidhe ag lobhadh agus ag</span> <lb n="4635"/><span>tabhairt uaidh; tá sí ag cailleadh a bríghe & a nirt i</span> <lb n="4636"/><span>leabaidh a chéile; tá sí gan meas uirthe féin; gan</span> <lb n="4637"/><span>meas ar a stair ná ar ghníomhartha a laochra; gan</span> <lb n="4638"/><span>croidhe gan sprid; gan tada acht an donas & an mhí-</span> <lb n="4639"/><span>ádh; 'n-a cadhan aonraic i measg na náisiún — gan i</span> <lb n="4640"/><span>ndán di sa deireadh acht-an bás! A! a cháirdí, an</span></p> </div> <pb n="113"/> <div><lb n="4641"/><p><span>léigfimid d'ár dtírín dil féin — “Oileán an Naomh &</span> <lb n="4642"/><span>na mbárd” — a dhul an casán mí-ádhsach seo? An</span> <lb n="4643"/><span>léigfimid í i mbealach a basgtha? An sgaoilfimid</span> <lb n="4644"/><span>bóthar léithi ar bhealach an mhí-áidh mhóir go Sasana le</span> <lb n="4645"/><span>bás fhágháil? An leigfear di bás fhágháil? An leig-</span> <lb n="4646"/><span>fear? Nár leigidh Dia! Tá ár dtírín díl i</span> <lb n="4647"/><span>gcontabhairt má fhághánn an Ghaedhilge bás. Mara</span> <lb n="4648"/><span>gcoinnighimid 'ar dteanga féin, 'ar nósa féin, 'ar</span> <lb n="4649"/><span>gceól & 'ar ndamhsaí féin, sin é an casán atá rómhainn</span> <lb n="4650"/><span>agus sonas, séan, sógh, ná saoirse ní'l i ndán dúinn.</span> <lb n="4651"/><span>Go dtí le goirid féin bhí muinntir ná tíre seo ag</span> <lb n="4652"/><span>imtheacht i ndiaidh a gcinn rómpa ar an mbealach</span> <lb n="4653"/><span>mhí-ádhsach gallda. Go dtí le goirid féin bhí an gall-</span> <lb n="4654"/><span>dachas agus a chomhluadar ag breith greime níos láidre</span> <lb n="4655"/><span>gach lá ar inntinn an Ghaedhil. Tugadh sgolta dhúinn</span> <lb n="4656"/><span>'n-ar ceileadh orainn eólas ar stair, an theangaidh & ar</span> <lb n="4657"/><span>litridheacht na tíre. Ní raibh rud ar bith ó'n dream</span> <lb n="4658"/><span>Gallda a thug dhúinn iad acht sglábhuidhthe sásta</span> <lb n="4659"/><span>macánta a dhéanamh dhínn & sinn a bheith sásta le bheith</span> <lb n="4660"/><span>'n-ar leath-Shasanaigh gan eólas ar ár dtír na suim ar</span> <lb n="4661"/><span>bith inti. Béasa, nósa, agus cleachtaí an tSasanaigh</span> <lb n="4662"/><span>sgaipeadh ar fud na tíre, agus i n-éinfeacht leóbhtha</span> <lb n="4663"/><span>tháinic an galldachas, an tseóinínteacht, an truail-</span> <lb n="4664"/><span>leachas, an ghlincíneacht, agus gach ceólántacht,</span> <lb n="4665"/><span>postamhlacht agus suairaighil dhá mheasa. Acht míle</span> <lb n="4666"/><span>altughadh le Dia chuir Connrad na Gaedhilge cosg ortha</span> <lb n="4667"/><span>sin. Tá an galldachas i n-íochtar, agus ní theas-</span> <lb n="4668"/><span>tuigheann uain anois acht congnamh na nGaedheal le</span> <lb n="4669"/><span>'n-ar dteanga a shábháil, & an tír a chur ar bhealach a</span> <lb n="4670"/><span>leasa. Is iomdha caoi ar féidir linn cuidiughadh le</span> <lb n="4671"/><span>rath & rathamhnais a chur ar an tir arís. Tá a dhualgas</span> <lb n="4672"/><span>féin ar gach duine againn. Acht tá dualgas ar leith</span> <lb n="4673"/><span>oraibh-se a aithreatha agus a mhaithreatha. Ar son Dé</span> <lb n="4674"/><span>labhairidh an Ghaedhilg leis an aos óg. Mara mbídh an</span> <lb n="4675"/><span>teanga dhá labhairt caithfidh sí bás d'fhághail agus</span> <lb n="4676"/><span>deirim-se an t-athair nó an mháthair a bhfuil an</span> <lb n="4677"/><span>Ghaedhilge aca go beó binn blasta agus nach labhrann</span> <lb n="4678"/><span>acht Béarla briste le n-a gcloinn gur mór atá le</span> <lb n="4679"/><span>freagairt aca. Chuirfeadh sé dólás ar chroidhe Gaedhil</span></p> </div> <pb n="114"/> <div><lb n="4680"/><p><span>ar bith tabhairt fá deara comh práinneach is tá cuid</span> <lb n="4681"/><span>d'aos óg na tuaithe sa mBéarla agus laghad a bhfuil</span> <lb n="4682"/><span>de shuim aca na dteangaidh féin. Tá sórt dalladh</span> <lb n="4683"/><span>mullóg ag gabháil dóibh. Measann siad nach bhfuil</span> <lb n="4684"/><span>áilneacht ná filidheacht árd-smaointe ná léighinn 'n-a</span> <lb n="4685"/><span>dteangaidh féin. Agus go bhfóiridh Dia ortha! ceapann</span> <lb n="4686"/><span>siad, 'ar ndóigh, go bhfuil Béarla breágh blasta</span> <lb n="4687"/><span>galánta aca! Ní'l sa domhan go léir teanga is áilne</span> <lb n="4688"/><span>agus is binne ná ár dteanga féin. Ní'l sgoláire d'á</span> <lb n="4689"/><span>léigheanta sna hárd-sgolta is mó cáil sa nGearmáin</span> <lb n="4690"/><span>& sa bhFrainnc agus i dtíorthaibh eile nach bhfuil</span> <lb n="4691"/><span>árd-mheas aca ar an nGaedhilg. Casadh cuid aca orm</span> <lb n="4692"/><span>an geimhreadh seo cuaidh tharainn san Eilbhéis agus i</span> <lb n="4693"/><span>bParrthas agus tá fhios agam céard adubhradar. Tá</span> <lb n="4694"/><span>bean-uasal ó'n nGearmáin againn sa gColáisde a bhfuil</span> <lb n="4695"/><span>cúig teangthacha aici ceana & tá sí anois ag oibriughadh</span> <lb n="4696"/><span>ar chroidhe a díchill ag fógluim na Gaedhilge. Tá</span> <lb n="4697"/><span>duine uasal óg léigheannta againn as Oxford freisin</span> <lb n="4698"/><span>agus tá mac léighinn óg ó Bhonn san nGearmáin ag</span> <lb n="4699"/><span>teacht an mhí seo chugainn.</span> <lb n="4700"/></p> </div> <pb n="115"/> <div><lb n="4701"/><p><span>Litreacha.</span></p> <lb n="4702"/> <lb n="4703"/><p><span>An chéad litir Ghaedhilge d'ár sgríobh Mícheál</span> <lb n="4704"/><span>Breathnach.</span></p> <lb n="4705"/> <lb n="4706"/><p><span>Do Fhear Eagair An Chlaidhimh Soluis.</span></p> <lb n="4707"/> <lb n="4708"/><p><span>Lochán Beag, An Spidéal,</span> <lb n="4709"/><span>Co. na Gaillimhe.</span></p> <lb n="4710"/> <lb n="4711"/><p><span>A Chara, — Is minic le bliadhain a smaoinigheas ar</span> <lb n="4712"/><span>chúpla focal do sgríobhadh chugat le n'innsint duit a</span> <lb n="4713"/><span>fheabhas 's tá an Ghaedhilg agam. Mar chíonn tú, táim</span> <lb n="4714"/><span>ag maireachtáil i gConnamara, an áit nach gcluinfeá</span> <lb n="4715"/><span>focal acht Gaedhilg aon am san lá, ná aon lá 'sa</span> <lb n="4716"/><span>mbliadhain. 'Sí an Ghaedhilg an teanga nádúrtha a</span> <lb n="4717"/><span>chualaidh mé & do labhair mé ó'n gcliabhán, & do labhraim</span> <lb n="4718"/><span>gach am, & le congnamh Dé a labhró's mé go bródamhail</span> <lb n="4719"/><span>blasta ins gach áit & gach tráth is féidir liom é. Ní'l</span> <lb n="4720"/><span>aon chall agam a rádh go bhfuil fíor-mheas & mór-ghean</span> <lb n="4721"/><span>agam ar theangaidh ghlé bhinn mhilis ar dtíre dúthchais</span> <lb n="4722"/><span>féin. Tá sé trí bliadhna, tuairim, ó thosuigheas ag</span> <lb n="4723"/><span>foghluim leis an nGaedhilge a léigheamh & do sgríobhadh.</span> <lb n="4724"/><span>'Ar ndóigh, bhí mé ábalta ar í a labhairt go blasta</span> <lb n="4725"/><span>agus go breagh nuair a thosuigh mé & dá bhrígh sin tá</span> <lb n="4726"/><span>fhios agat nach bhfuair mé cruaidh ná deacair í le</span> <lb n="4727"/><span>foghluim. Thar éis trí mhí bhíos ábalta ar í léigheamh</span> <lb n="4728"/><span>maith go leór. Annsin thosuigheas ag fágháil an</span> <lb n="4729"/><span>Chlaidhimh & fághaim beagnach gach uile sheachtmhain ó</span> <lb n="4730"/><span>shoin é, & deirim lé fírinne leat nach bhfuil aon pháipéar</span> <lb n="4731"/><span>i nÉirinn a bhfuil oiread gean' agam air leis an</span> <lb n="4732"/><span>gClaidheamh, a thugas oiread sásaimh dhom leis, ná is</span> <lb n="4733"/><span>mó thaithnigheas liom ná é. Tá dhá charaid agam, fear</span> <lb n="4734"/><span>pósta nach bhféadfadh fear ar bith bheith níos tír-</span> <lb n="4735"/><span>ghrádhamhla ná é, darab ainm Pádraig Breathnach, &</span></p> </div> <pb n="116"/> <div><lb n="4736"/><p><span>buachaill óg ciallmhar, socair, múinte tuigsionach is</span> <lb n="4737"/><span>eadh an dara duine, darab ainm Pádraig Ua Cois-</span> <lb n="4738"/><span>dealbha. Tá siad 'na dtogha Gaedhilgeóirí, ábalta ar</span> <lb n="4739"/><span>í a léigheamh gan aon strómh, & táid anois ag obair</span> <lb n="4740"/><span>go dian dúthrachtach ag fóghluim na sgríbhneóireachta</span> <lb n="4741"/><span>& na litreach. Léigheann sinn an páipéar Gaedhealach</span> <lb n="4742"/><span>gach oidhche Shathairn i gcuideacht, & mar sin fághmuid</span> <lb n="4743"/><span>an sásamh i n-éinfheacht. Ná habradh aon duine go</span> <lb n="4744"/><span>bhfuighidh an Ghaedhilg uasal bás go bráth i gConnamara.</span> <lb n="4745"/><span>Ní bhfuighidh an fhad 's bhéas fraoch ar na sléibhtibh &</span> <lb n="4746"/><span>feamainn dearg ar na cladaighibh. Ní fhéadfadh aon áit</span> <lb n="4747"/><span>i nÉirinn na bhFiann bheith níos Gaedhealaighe ná an</span> <lb n="4748"/><span>ceanntar mór, leathan seo. 'Seo é an áit gan bhréig</span> <lb n="4749"/><span>a gcloisfeá na sean-sgéalta, na hamhráin bhinne & an</span> <lb n="4750"/><span>fhiannuidheacht iongantach ar feadh oidhcheannta fada</span> <lb n="4751"/><span>greannamhail an gheimhridh. Éireannach ar bith chaithfeadh</span> <lb n="4752"/><span>oidhche i measg na mbuachaillí bhíos cruinnighthe i</span> <lb n="4753"/><span>dteannta a chéile ar na teaghlaighibh d'amhdóchadh sé gur</span> <lb n="4754"/><span>fíor mo ráidhte. Ní'l ag na páistíbh acht Gaedhilg, ní</span> <lb n="4755"/><span>chloiseann siad acht í, & 'ar ndóigh ní'l siad ag iarraidh</span> <lb n="4756"/><span>acht í. Mo chrádh! nach bhfuil an sgéal amhlaidh ag</span> <lb n="4757"/><span>páistibh i n-áiteachaibh eile ar fud na hÉirinn. Tá an</span> <lb n="4758"/><span>Ghaedhilg dá múnadh in beagnach gach sgoil 'san</span> <lb n="4759"/><span>cheanntar seo do Chonnachtaibh ar a dtugamuid “Cois</span> <lb n="4760"/><span>Fhairrge.” Tá amhras orm go bhfuil tú tuirseach ag a</span> <lb n="4761"/><span>bhfuil mé a rádh. Acht tá mé ag a cheapadh gur maith</span> <lb n="4762"/><span>leat mé ag sgríobhadh chugat ar chuma ar bith agus a</span> <lb n="4763"/><span>thaisbeánadh dhuit go bhfuil sgríbhneóir Gaedhilge eile i</span> <lb n="4764"/><span>gConnamara, nó Cois-Fhairrge, badh chóir dhom a rádh,</span> <lb n="4765"/><span>nach raibh fhios agat go raibh a leitheid ann ar chor ar bith.</span></p> <lb n="4766"/> <lb n="4767"/><p><span>Bhíos ag Féis na Gaillimhe & fuaras dhá dhuais. Ní</span> <lb n="4768"/><span>raibh mé ag aon Fhéis cheana ariamh. Le congnamh Dé</span> <lb n="4769"/><span>sgríobhfaidh mé chugat anois is arís feasta ó mhúsgail</span> <lb n="4770"/><span>mé ó'n trom-shuan bhí orm le fada i dtaobh sgríobhtha. —</span> <lb n="4771"/><span>Le meas mór,</span></p> <lb n="4772"/> <lb n="4773"/><p><span>“Cois-Fhairrge.”</span></p> <lb n="4774"/> <lb n="4775"/><p><span>Meadhón Foghmhair, 21, 1901.</span> <lb n="4776"/></p> </div> <pb n="117"/> <div><lb n="4777"/><p><span>An dara litir do sgríobh sé.</span></p> <lb n="4778"/> <lb n="4779"/><p><span>Connradh na Gaedhilge, Lonndain,</span></p> <lb n="4780"/> <lb n="4781"/><p><span>An 4mhadh lá de Dheireadh Fóghmhair, 1901.</span></p> <lb n="4782"/> <lb n="4783"/><p><span>A Chara, — Ní'l sé acht tamall gearr ó sgríobhas</span> <lb n="4784"/><span>chugad cheana & chuir sé bród mór orm mo litir</span> <lb n="4785"/><span>d'fheicsint fá chló. Bhíos an t-am sin i dtír ghlais na</span> <lb n="4786"/><span>hÉireann i measg mo mhuinntire & mo ghaolta, acht</span> <lb n="4787"/><span>thuit sé amach gur cheapas go mb' fheárr dhom imtheacht</span> <lb n="4788"/><span>ó shoin, & mar sin, táim le seachtmhain annseo i</span> <lb n="4789"/><span>gceart-lár chathrach Lonndan, &, 'ar ndóigh, is mór an</span> <lb n="4790"/><span>t-athrughadh é seachas an ceanntar Gaedhealach de</span> <lb n="4791"/><span>Chonndae na Gaillimhe d'fhágas.</span></p> <lb n="4792"/> <lb n="4793"/><p><span>Go deimhin 's go dearbtha is áluinn an gnó atá ar</span> <lb n="4794"/><span>bun ag Connradh na Cathrach seo. Is dóigh liom nach</span> <lb n="4795"/><span>féidir le héan-bhuidhin nó Connradh Éireannach ar bith</span> <lb n="4796"/><span>eile a bheith níos dílse ná níos dúthrachtaighe do chúis na</span> <lb n="4797"/><span>teangan ná na fíor-Ghaedhil atá annseo i bpríomh-chathair</span> <lb n="4798"/><span>ár námhad ag obair go dian, bríóghmhar, croidheamhail,</span> <lb n="4799"/><span>neamh-eaglach chun ár dteanga mhilis ársa d'fhóghluim,</span> <lb n="4800"/><span>d'aithbheodhughadh, & do leathnughadh. Tá siad ag cómh-</span> <lb n="4801"/><span>oibriughadh le chéile go taithneamhach & go feileamhnach &</span> <lb n="4802"/><span>ag déanamh gach a bhfuil n-a gcumas le n-a sparán &</span> <lb n="4803"/><span>le n-a ngníomharthaibh go sásamhail toilteanach chun í</span> <lb n="4804"/><span>chur ar aghaidh chomh láidir 's nach féidir léithi meathadh</span> <lb n="4805"/><span>go lá an Luain 'n-a measg.</span></p> <lb n="4806"/> <lb n="4807"/><p><span>Tá an iomad daoine idir bhuachaillíbh & chailíníbh ag</span> <lb n="4808"/><span>foghluim na Gaedhilge 'san gcathair mhóir iongantaigh</span> <lb n="4809"/><span>seo. Thosuigh sinn ar na ceachtaibh 'san oidhche Dia</span> <lb n="4810"/><span>Luain seo chuaidh tharainn ag halla an Athenéum. Bhí</span> <lb n="4811"/><span>an halla líonta de Ghaedhealaibh & b'áluinn an radharc</span> <lb n="4812"/><span>an obair bhreágh thaithneamhach bhí ar siubhal ann ó'n seacht</span> <lb n="4813"/><span>go dtí leath-uair thar éis an deich d'fheicsint. Bhí</span> <lb n="4814"/><span>chomh maith le céad duine do thosuigh ar an obair ann</span> <lb n="4815"/><span>an oidhche sin, & ba shoiléir as an taithneamh thugadar</span> <lb n="4816"/><span>dá ngnó, an mhór-shuim do chuireadar ann, & an</span> <lb n="4817"/><span>chosamhlacht bhí ortha ar feadh na hoidhche go bhfuil a</span> <lb n="4818"/><span>gcroidhthe te i dtaoibh cúise na Gaedhilge, & go mbéidh</span> <lb n="4819"/><span>siad buan-tseasmhach san obair shuairc, thír-ghrádhamhail</span></p> </div> <pb n="118"/> <div><lb n="4820"/><p><span>bhéas ar bun acab feasta. Bhí cúigear is fiche ag</span> <lb n="4821"/><span>léigheamh an “Chlaidhimh Soluis,” & is féidir liom a rádh</span> <lb n="4822"/><span>gur an-mhaith uatha sin do dhéanamh. Tá an blas & an</span> <lb n="4823"/><span>chanamhain cheart acab chomh maith 's dá mbadh i</span> <lb n="4824"/><span>n-íochtar Chúige Mumhan, nó ar shléibhtibh fiadháine</span> <lb n="4825"/><span>uaigneacha fraochmhara Chonnamara phiocaidís suas é.</span> <lb n="4826"/><span>Do bhí amhráin againn i gcuideacht do thóigfeadh do</span> <lb n="4827"/><span>chroidhe, & leis an oidhche do chríochnughadh go sultmhar</span> <lb n="4828"/><span>sásamhail do gach duine sul sguir sinn do bhí rinnce</span> <lb n="4829"/><span>fada ann faoi stiúr fir atá eólasach ar rinnce</span> <lb n="4830"/><span>Ghaedhealach, &, go deimhin, táim cinnte go raibh croidhe</span> <lb n="4831"/><span>gach duine éadtrom le lúthgháir & le bród fhad 's bhí an</span> <lb n="4832"/><span>rinnce áluinn úd ar bun. Má bhí gach duine dá raibh</span> <lb n="4833"/><span>'sa láthair chomh bródamhail & bhí mise — & táim deimhneach</span> <lb n="4834"/><span>go raibh do réir gach cosamhlachta — chuadar abhaile go</span> <lb n="4835"/><span>háthasach aoibhneasach ag machtnamh ar an oidhche ghreann-</span> <lb n="4836"/><span>mhair Ghaedhealaigh bhí acab.</span></p> <lb n="4837"/> <lb n="4838"/><p><span>San oidhche Dia Máirt do bhí sgoruidheacht againn ag</span> <lb n="4839"/><span>Halla Bhellington. Bhí eagla orainn nach mbéadh</span> <lb n="4840"/><span>mórán daoine ann mar bhí an tráthnóna an-fhluich, acht</span> <lb n="4841"/><span>mar sin féin níor choinnigh sin uainn ár gcáirde</span> <lb n="4842"/><span>Gaedhealacha & tháinic an oiread sin 's nach raibh slighe</span> <lb n="4843"/><span>ag a leith, beag nach. Bhí go leór acab 'n-a seasamh de</span> <lb n="4844"/><span>cheal áite, le n-a raibh de dhaoinibh ann. Dubhairt na</span> <lb n="4845"/><span>Gaedhil seo atá i Lonndain le fada nach bhfacadar aon</span> <lb n="4846"/><span>sgoruidheacht fós 'n-a measg bhí chomh maith leis. Ba</span> <lb n="4847"/><span>shólásach an obair bhí againn ann. Do bhí aithriseóireacht,</span> <lb n="4848"/><span>seinnm, píobaireacht & rinnce againn go dtí a haon</span> <lb n="4849"/><span>déag 'san oidhche. Nach áthasach & bródamhail a leitheid</span> <lb n="4850"/><span>de chruinniughadh Gaedheal d'fheicsint oidhche bháistighe i</span> <lb n="4851"/><span>gceart-lár chathrach Lonndan i measg ár ndearg-</span> <lb n="4852"/><span>námhad. Is fíor an sgéal go bhfuil clanna Gaedheal</span> <lb n="4853"/><span>ag músgailt ó'n gcodladh & go bhfuil siad ag ullmhughadh</span> <lb n="4854"/><span>chun cath na teangan do throid gan faitchíos, & chun an</span> <lb n="4855"/><span>Ghaedhilge mhilis, chruthóchas choidhche gur fiú iad & go</span> <lb n="4856"/><span>dtuilleann siad Éireannaigh a thabhairt ortha, d'fhoghluim,</span> <lb n="4857"/><span>do sgaipeadh & do choinneáil beó an fhad 's bhéas</span> <lb n="4858"/><span>tonntracha Chuain na Gaillimhe ag nigheachán Cladaigh</span> <lb n="4859"/><span>“Chois Fhairrge.” 'San oidhche Dia Céadaoin do thosuigh</span> <lb n="4860"/><span>an gnó san gceanntar thiar de Lonndain ag áit a</span></p> </div> <pb n="119"/> <div><lb n="4861"/><p><span>ngoirthear “Bermondsey” air. Do bhí cruinniughadh</span> <lb n="4862"/><span>breagh eile againn annsin. Thosuigh chomh maith le dhá</span> <lb n="4863"/><span>fhichid duine an chéad leabhar, & ní raidh súil agam</span> <lb n="4864"/><span>go mbéadh sé 'n-a gcúmhachta an chéad cheacht</span> <lb n="4865"/><span>d'fhóghluim chomh héasgaidh, ná an chanamhaint cheart do</span> <lb n="4866"/><span>phiocadh suas chomh luath. Fuaradar an-tsásamh 'n-a</span> <lb n="4867"/><span>n-obair & tá dóchas agam gur an-ghearr go mbídh</span> <lb n="4868"/><span>siad ag sguabadh thríd an dara leabhar go misneamhail</span> <lb n="4869"/><span>dána. Do bhí buidhean eile 'san tseomra ag léigheamh</span> <lb n="4870"/><span>an tríomhadh leabhair. Cailíní is eadh iad beag nach go</span> <lb n="4871"/><span>léir & go deimhin creid mé gur deas mín milis uatha</span> <lb n="4872"/><span>an léigheamh do dhéanamh. Go bhfágaidh Dia sláinte</span> <lb n="4873"/><span>neart & brígh ins na mnáibh óga tír-ghrádhamhla seo.</span> <lb n="4874"/><span>Nár cheart go mbéidís mar shompla ag an iomad</span> <lb n="4875"/><span>cailíní péacach eile atá faoi throm-shuan an ainéolais</span> <lb n="4876"/><span>& gan suim 'n-a dtír ná 'n-a dteangaidh, fairíor & is</span> <lb n="4877"/><span>gearr uainn an lá le congnamh Dé nach mbéidh mórán</span> <lb n="4878"/><span>measa ar aon óg-mhnaoi nach dtaobhóchaidh leis an gcúis</span> <lb n="4879"/><span>& nach mbéidh eólas aici ar theangaidh na nGaedheal.</span> <lb n="4880"/><span>'Ar ndóigh, ní'l mé ag tógaint páirte na bhfear n-óg</span> <lb n="4881"/><span>nach dtuilleann aon mholadh, mar tá cuid díobh neamh-</span> <lb n="4882"/><span>shuimeamhail i gcúis na tíre & mí-dhílis chomh maith innti</span> <lb n="4883"/><span>is dá mbadh 'n-a gCockneys do thóigfidhe iad. Is é mo</span> <lb n="4884"/><span>ghuidhe go mbadh luath fheicfeas sinn an lá a mbéidh ár</span> <lb n="4885"/><span>bhfir & ár mná óga go léir dílis dúthrachtach geanamhail</span> <lb n="4886"/><span>ar a dtír dhúthchais & eólasach ar theangaidh ársaidh</span> <lb n="4887"/><span>mheasamhail na hÉireann.</span></p> <lb n="4888"/> <lb n="4889"/><p><span>D'fhágas-sa áit darab í an Ghaedhilg uasal an teanga</span> <lb n="4890"/><span>choithcheannta & le fírinne, cé gur léigheas & gur chualas</span> <lb n="4891"/><span>árd-cháil i gcomhnuidhe ar an gConnradh atá annseo,</span> <lb n="4892"/><span>níor cheapas gur bh'fhéidir leób bheith a thríomhadh cuid</span> <lb n="4893"/><span>chomh maith oibreamhail & tá fhios agam anois go</span> <lb n="4894"/><span>bhfuilid, & 'sé mo bharamhail dá siubhailteá an chruinne</span> <lb n="4895"/><span>nach bhfuightheá buidhean Éireannach i gcoigcríocht níos</span> <lb n="4896"/><span>dílse ná níos spioradamhla i gcúis na Gaedhilge ná iad</span> <lb n="4897"/><span>so atá annseo i bpríomh-chathair an domhain. Go mbadh</span> <lb n="4898"/><span>bhuan-tsaoghalach bhéas siad; is aoibhneasach, is sásta</span> <lb n="4899"/><span>atá mé fá bheith i measg a leithéidí de Ghaedhealaibh — Le</span> <lb n="4900"/><span>meas mór,</span></p> <lb n="4901"/> <lb n="4902"/><p><span>Mise,</span></p> <lb n="4903"/> <lb n="4904"/><p><span>Míchéal Breathnach.</span> <lb n="4905"/></p> </div> <pb n="120"/> <div><lb n="4906"/><p><span>Filidheacht.</span></p> <lb n="4907"/> <lb n="4908"/><p><span>Smuainte an deóraidhe ó Éirinn.</span></p> <lb n="4909"/> <lb n="4910"/><p><span>Fonn:— “Eóchaill.”</span></p> <lb n="4911"/> <lb n="4912"/><p><span>I.</span></p> <lb n="4913"/> <lb n="4914"/><p><span>Mo chrádh go n-éagad nach bhfuil mé 'nÉirinn,</span> <lb n="4915"/><span>Ar bhántaibh féarach' “Oileáin na Saoi!”</span> <lb n="4916"/><span>Le bliadhanta fada faoi bhrón gach tréimhse</span> <lb n="4917"/><span>'Sna Státaibh Aontuigh'e tá mé, mo dhíth!</span> <lb n="4918"/><span>Gan aoibhneas, sólás, ná suaimhneas lae 'r bith,</span> <lb n="4919"/><span>Go síorruidhe smuainighim ar Inis Fáil,</span> <lb n="4920"/><span>'S mo chroidhe 'ghá réabadh i lár mo chléibhe</span> <lb n="4921"/><span>Faoi dhuibhshion shaoghalta go síor 'ghá chrádh!</span></p> <lb n="4922"/> <lb n="4923"/><p><span>II.</span></p> <lb n="4924"/> <lb n="4925"/><p><span>Tráth rabhas im' óglaoch go croidheamhail spórtamhail,</span> <lb n="4926"/><span>Bhí mé faoi shólás i gCríochaibh Fáil,</span> <lb n="4927"/><span>Acht tháinic athrughadh 's do mheasas seóladh</span> <lb n="4928"/><span>Ar thóir an óir bhuidhe go 'Meiriocá;</span> <lb n="4929"/><span>Éire gheanamhail bhocht, céad fairíor! d'fhágas,</span> <lb n="4930"/><span>'S thugas “Slán” di ó lár mo chroidhe,</span> <lb n="4931"/><span>'S nach deacrach cráidhte bhí athair 's máthair</span> <lb n="4932"/><span>'S mo cháirdí grádhmhar' bhí leób ag caoi'!</span></p> <lb n="4933"/> <lb n="4934"/><p><span>III.</span> <lb n="4935"/><span>Annsin 'seadh ghluaiseas gan croidhe ná suairceas,</span> <lb n="4936"/><span>A Dhia! níor bhuadhartha a bhíos gan fáth!</span> <lb n="4937"/><span>Bhí an cúpla lúbach faoi bhrón 's uaigneas</span> <lb n="4938"/><span>'S a gcroidhe faoi dhuairceas im' dhiaidh go bráth;</span> <lb n="4939"/><span>An mac ba mheasa leób bhí dul thar sáile,</span> <lb n="4940"/><span>Gach slighe 'gus fágháltas do gealladh dhó,</span> <lb n="4941"/><span>Acht é d' fhanacht leób i measg a cháirdí</span> <lb n="4942"/><span>Is gan iad fhágáil go síor gan sógh.</span> <lb n="4943"/></p> </div> <pb n="121"/> <div><lb n="4944"/><p><span>IV.</span> <lb n="4945"/><span>Annseo go cinnte 's mé tuirseach claoidhte,</span> <lb n="4946"/><span>Do ritheann mo smuainte shiubhal oidhche 'gus ló</span> <lb n="4947"/><span>Do'n oileán gheanamhail úd taobh thall de'n taoide</span> <lb n="4948"/><span>'Na rabhas go haoibhneach 's go síor faoi bhród;</span> <lb n="4949"/><span>Na daoine fearamhla bhí cumhachtach bríoghmhar</span> <lb n="4950"/><span>'Na cáirdí dílse bhíodh liom ag spóirt</span> <lb n="4951"/><span>'S gach cleas 's siamsa dhá mbíodh 'sa tír úd</span> <lb n="4952"/><span>Béidh siad im' chuimhne go dtéighead faoi'n bhfód.</span></p> <lb n="4953"/> <lb n="4954"/><p><span>V.</span> <lb n="4955"/><span>Anois, a cháirdí, ó táim go fann lag</span> <lb n="4956"/><span>'S nach bhfuil sé i ndán dom bheith 'rís go deó</span> <lb n="4957"/><span>Ar shléibhtibh árda 'gus gleannta áilne</span> <lb n="4958"/><span>Na tírín breágh' úd 'na rabhas go hóg,</span> <lb n="4959"/><span>Comhairle tógaidh anois ó'n deóraidhe,</span> <lb n="4960"/><span>Ní'l croidhe ná sólás annseo le fágháil,</span> <lb n="4961"/><span>Acht doilgheas saoghalta i bhfad ó ghaoltaibh</span> <lb n="4962"/><span>'S an croidhe 'ghá chiapadh faoi bhrón 's crádh!</span></p> <lb n="4963"/> <lb n="4964"/><p><span>VI.</span> <lb n="4965"/><span>'Sí Éire bhreágh dheas an tír is áilne,</span> <lb n="4966"/><span>Ní innti táim-se, céad fairíor géar!</span> <lb n="4967"/><span>Tá an aimsir ciúin ann 's an spéir gan smúit ann,</span> <lb n="4968"/><span>Tá an Ghaedhilg mhúinte ann 'gus í 'n-árd réim.</span> <lb n="4969"/><span>Tá innti cáirdeas, deágh-cháil 's fáilte</span> <lb n="4970"/><span>'S mo chroidhe bheadh sásta i Ríoghacht na nGaedheal,</span> <lb n="4971"/><span>Acht táim i n-díbirt 's ní'l acht smuainte,</span> <lb n="4972"/><span>'Nois guidhfead choidhche dhuit, a thír na nGaedheal.</span></p> <lb n="4973"/> <lb n="4974"/><p><span>11/7/'02. Cois-Fhairrge.</span></p> <lb n="4975"/> <lb n="4976"/><p><span>Connradh na Gaedhilge.</span></p> <lb n="4977"/> <lb n="4978"/><p><span>I.</span></p> <lb n="4979"/> <lb n="4980"/><p><span>A Chonnradh na Gaedhilge, mo ghoirm go héag thú!</span> <lb n="4981"/><span>Gan duairceas 's go séanmhar go raibh tusa choidhche!</span> <lb n="4982"/><span>Fad 's mhaireas na tréan-fhir 'tá againn i nÉirinn</span> <lb n="4983"/><span>Is cinnte nach n-éagfaidh tú i n-Oileán na Saoi;</span></p> </div> <pb n="122"/> <div><lb n="4984"/><p><span>Na daoine breágh' Gaedhealach' tá ag oibriughadh go</span> <lb n="4985"/><span>tréanmhar —</span> <lb n="4986"/><span>Na buachaillí féidhmeach' 's na cailíní groidhe,</span> <lb n="4987"/><span>An seanóir lag lúbach 's gach duine le dúthracht</span> <lb n="4988"/><span>Anois tá siad músgluigh'e le cumhachta 'gus chroidhe.</span></p> <lb n="4989"/> <lb n="4990"/><p><span>II.</span></p> <lb n="4991"/> <lb n="4992"/><p><span>Bhí Éire go séanmhar i n-aimsir na Gaedhealtacht'</span> <lb n="4993"/><span>I sean-Inis Éilge bhí subhchas 's sógh;</span> <lb n="4994"/><span>Bhí daoine breagh' tréanmhar' ag oibriughadh le laochras</span> <lb n="4995"/><span>Ag neartughadh na hÉireann gach oidhche 'gus ló;</span> <lb n="4996"/><span>Bhí tréineacht 's croidhe ann, bhí buachaillí groidhe ann,</span> <lb n="4997"/><span>Bhí sonas 's saoirse ann, 's aoibhneas rígh-mhór:</span> <lb n="4998"/><span>Fad 's bhí acab Gaedhilg, 's nár dearnadh a séanadh,</span> <lb n="4999"/><span>A ndealughadh ó chéile níor bhaoghlach go deó.</span></p> <lb n="5000"/> <lb n="5001"/><p><span>III.</span></p> <lb n="5002"/> <lb n="5003"/><p><span>Acht tháinic an Béarla, 's do sgaip sé go héasgaidh,</span> <lb n="5004"/><span>'S thart timcheall na hÉireann is lúthmhar a sheól,</span> <lb n="5005"/><span>Do dhubhuigh na spéartha le sgamaill an Bhéarla,</span> <lb n="5006"/><span>'S d'athruigh sean-Éire ar shlighe nach raibh cóir;</span> <lb n="5007"/><span>Do múchadh an Ghaedhealtacht i gcroidhthibh na gcéadta,</span> <lb n="5008"/><span>'S fágadh go héag iad faoi dhuibhshion an cheó;</span> <lb n="5009"/><span>An cosainteóir bríoghmhar a chabhróch' go hiongantach</span> <lb n="5010"/><span>'S a neartóch' a ndílseacht — do thréig siad, mo bhrón!</span></p> <lb n="5011"/> <lb n="5012"/><p><span>IV.</span></p> <lb n="5013"/> <lb n="5014"/><p><span>Bhí fíor-shliocht na Féinne le bliadhantaibh i ngéibheann,</span> <lb n="5015"/><span>I sglábhuidheacht 's i ngéar-bhruid, gan aoibhneas ná sógh,</span> <lb n="5016"/><span>Faoi mhasladh gach tréimhse ag seóinínibh an Bhéarla</span> <lb n="5017"/><span>Bhí creachadh na Gaedhilge mín' aoibhne go deó.</span> <lb n="5018"/><span>Ó d'éirigh chomh héif'teach ar fud Inis Éilge</span> <lb n="5019"/><span>Tonntracha an Bhéarla le fuinneamh 'gus cóir,</span> <lb n="5020"/><span>Do sguabadh na céadta le fánaidh go léanmhar</span> <lb n="5021"/><span>'S sluigeadh go héag iad 'sa' sruth millteach mór.</span> <lb n="5022"/></p> </div> <pb n="123"/> <div><lb n="5023"/><p><span>V.</span></p> <lb n="5024"/> <lb n="5025"/><p><span>Bhí Éire go fann lag, 's í fágtha go cráidhte,</span> <lb n="5026"/><span>'S a teangaidh mhín ársa faoi tharcuisne mhóir;</span> <lb n="5027"/><span>Ní cleachtaoi a béasaí, 's a nósa ní déantaoi,</span> <lb n="5028"/><span>'Gus a stáir ní léightí — céad fairíor go deó!</span> <lb n="5029"/><span>Acht las Dia na spéartha 'gus cruinnigheadh na céadta</span> <lb n="5030"/><span>Do músgluigheadh na Gaedheala le cumhachta ríg-</span> <lb n="5031"/><span>mhóir,</span> <lb n="5032"/><span>'Gus Connradh na Gaedhilge do chuir sí a fréamha</span> <lb n="5033"/><span>Go daingean doimhin éif'teach 'na gcroidhthibh, mo</span> <lb n="5034"/><span>bhród!</span></p> <lb n="5035"/> <lb n="5036"/><p><span>VI.</span></p> <lb n="5037"/> <lb n="5038"/><p><span>'Sí Connradh na Gaedhilge a dhúisigh go léir iad,</span> <lb n="5039"/><span>Is a thairngeas le chéile iad le aoibhneas 's bród;</span> <lb n="5040"/><span>'Sí d'athruigh na daoine le goirid go cinnte,</span> <lb n="5041"/><span>'S a bheódhuigh le brígh iad nach gcoisgfear go deó.</span> <lb n="5042"/><span>An glincín 's an seóinín do ruaig sí thar teórainn,</span> <lb n="5043"/><span>Do náirigh go mór iad 's bhasg iad ní baoghal;</span> <lb n="5044"/><span>Tá sí 'nois go láidir, go bríoghmhar, 's go dána,</span> <lb n="5045"/><span>'S ag oibriughadh go háluinn i nÉirinn na naomh.</span></p> <lb n="5046"/> <lb n="5047"/><p><span>VII.</span></p> <lb n="5048"/> <lb n="5049"/><p><span>Mo ghrádh-sa an Ghaedhilg, 'sí ár dteanga féin í,</span> <lb n="5050"/><span>'S labhairfead go héag í amach ó mo chroidhe;</span> <lb n="5051"/><span>An Béarla 'nois síos leis — ní theastuigheann ó dhaoinibh</span> <lb n="5052"/><span>Acht teanga a dtíre 'tá aoibhinn 's groidhe.</span> <lb n="5053"/><span>Teanga na Féinne 'nois molaim-se féin í,</span> <lb n="5054"/><span>'S grádhóchad go héag í fad 's mhaireas mé beó;</span> <lb n="5055"/><span>An Béarla ní mian liom, ní'l ann croidhe ná aoibhneas,</span> <lb n="5056"/><span>Acht teanga na tíre tá croidheamhail go deó.</span></p> <lb n="5057"/> <lb n="5058"/><p><span>“Cois-Fhairrge.”</span></p> <lb n="5059"/> <lb n="5060"/><p><span>Lughnasa 8, 1902.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services