Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sliocht de Scríbhinnibh Mhíchíl Bhreathnaigh

Title
Sliocht de Scríbhinnibh Mhíchíl Bhreathnaigh
Author(s)
Mac Domhnaill, Tomás,
Composition Date
1913
Publisher
Mac Guill, M.H. agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seilg i measg na nAlp.



(As an gClaidheamh Soluis.)



I.



Ar bhóithrín na smaointe.



Seilg san Eilbhéis! Seadh, — “Seilg,” an t-ainm is
fearr liom. Agus nach mór a chuireas an focal sin
i gcuimhne dhom! Gluaisim ar ais “bóithrín na
smaointe.” Tagann laetheannta aoibhneacha samhraidh
ar ais. Chím sean-cháirde ar gach taobh. Tá buachaillí
dílse & óg-mhná suairce i dteannta a chéile. Tá gáirí
geala le cloisint. Tá aoibhneas croidhe le tabhairt fá
deara. Tá meisneach, fuinneamh, agus croidheamhlacht
na hóige in gach aon. Tá lóchrann an tír-ghrádha ag
lonnrughadh, agus soillse na Gaedhealtachta ar lasadh
sa sluagh. Tá sult & siamsa ar siubhal — amhráin bhinne
Gaedhilge dhá ngabháil go binn-ghothach; rinncí Gaedhealacha
dhá ndamhsughadh go lúthmhar éadtrom deas; agus an
Ghaedhilg bhinn dhá spreagadh go ceólmhar. Tá!



Imthigheann liom i measg na gcarad — agus nach aoibhinn
mar caithtear an lá i gcoill áluinn Epping nó i
gcoilltibh móra Hadley! Tá Fionán nó Art 'n-a árd-
taoiseach ag stiúradh “Gaedheal Lonndan” thrí
bhealaighe aimhréasacha na coilleadh. Tá an Paorach fá
n-a chulaidh ghaisge ag síor-shéideadh na bpíob i dtosach
an tsluaigh. Nach breagh mór-dhána an fhuaim a chuireas
sé le “Ó Domhnaill Abú.” Nach bríoghmhar croidh-
eamhail, nach láidir fearamhail, mar ghabhas na Sealgairí
é mar an gcéadna! Agus nach iomdha croidhe tír-
ghrádhach ag preabadh tráth bhfuil gáir chatha Gaedheal
“ag síneadh go hárd ar an ngaoith” an lá áluinn
samhraidh seo! Is iomdha.



Agus an “tae” — & an “damhsa” 'n-a dhiaidh — & na
“geataí árda” — nár mhór an greann a baineadh asta!


L. 2


Acht is ait an mac an saoghal! D'imthigh sin agus
tháinic seo. Is fad ó chéile anois go leór dá mbíodh
ag Seilgíbh i gCathair na gCeó bliadhanta ó shoin. Acht
is grádhmhar ceanamhail mar bhéas cuimhne go deó ar na
laetheanntaibh úd!



Is minic a smaoinigheas Fionán ortha ag taisteal na
Mumhan dó ag brostughadh & ag gríosadh Gaedheal. Is
minic a ritheas siad thrí intinn an Dochtúra & é ag
machtnamh go doimhin ar an “Módh Díreach” i mBaile
Átha Cliath. Is minic a leagas Liam uaidh a pheann
éadtrom éasgaidh & a thagas an t-am nach bhfillfidh os a
chomhair arís. Anois & arís sgaoileann Seaghán srian
le n-a smaointibh féin, ghníonn neamh-shuim ar feadh
tamaill bhig sna “Modhthaibh” — & buaileann amach i
measg na sean-charad i bhFás-Coilleadh. Is minic na
trí Art ag cuimhniughadh ar “na laethibh fadó” — agus
a feicthear dhóibh go mbíonn siad ag gluaiseacht ar na
sean-chasáin úd arís. Smaoinigheann Diarmuid san
Aifric Theas ortha — & ar an “gCapaillín Bán.” Agus
tá deóraidhe Gaedhil annso i measg na nAlp a
smaoinigheas go minic ar na laetheanntaibh aoibhne úd
freisin, 's an dá lá is beó é béidh a gcuimhne i dtaisge
go ceanamhail aige i bhfíor-íochtar a chroidhe.



Is iomdha áit a rabhas ar Sheilg. Nach maith is
cuimhneach liom an Domhnach áluinn ar tugadh cuairt i
mbád mór ar “Oileán na Caillighe” an samhradh so
chuaidh tharainn! Nár shólásach mar chaith mic léighinn
Choláiste Chonnacht an lá úd! Nárbh' aoibhinn an
tráthnóna é ag teacht ar ais dúinn — glór bog binn
Thomáis Mhic Dhomhnaill ag imtheacht le gaoith treasna
an locha — & a bheidhlín ag cur na dtonn ag damhsughadh
le sólás. Bhí na hoileáin ag éisteacht & na cnuic ag
dearcadh le iongnadh & le áthas — mar cuireadh an tsean-
aimsir i gcuimhne dhóibh an tráthnóna ciúin Lughnasa úd.



Acht, a léightheóir na gcarad, gabh mo leith-sgéal!
Táim ar fuaidreadh & ar seachrán. Níor airigheas mé
féin ag sguabadh liom ar “bhóithrín na smaointe” acht
an oiread 's d'airigh Oisín an t-am ag imtheacht i dTír
na nÓg. Thugas leath-bhord as an tslighe. Ní rabhas


L. 3


féin san áirdeall & ní raibh duine ar bith eile san
aireachas.



Bhí fúm cur síos duit ar Sheilg san Eilbhéis i measg
na nAlp & ar neithibh a thárla annso le goirid. Acht
chuir an focal ag smaoineadh ar laethibh i n-áiteachaibh i
bhfad as seo mé. Má bhír féin in do “dheóraidhe”
choidhche — nó má táir — a léightheoir chroidhe, tuigfir an
sgéal & maithfir dhom.



Anois crochfamuid “seólta móra bocóideacha
bacóideacha” an sgéalaidhe; casfamuid stiúr na
cuimhne; ceanglóchamuid an sgód mór a bhí leigthe le
gaoith; béarfamuid leath-bhord breagh fada ó Loch
Measga, & ní athróchamuid cúrsa go sroichtear bun na
nAlp!



II.



Ullmhughadh & Gluaiseacht.



Anois, a léigtheóir dhil, caithfir beagáinín foigde a
bheith agat linn go ceann tamaill. Nílmid ag dul ag
cur síos duit ar na hAlpaibh go fóill. Ní thráchtfamuid
leat fá láthair ar an turas sa traen aibhléise ó bhun an
chnuic — ar an sneachta mór ar gach taobh — ar na gleann-
taibh doimhne — ar na beannaibh iongantacha.



Tar linn ó Ghleann an Rhón go bárr an chnuic.
Tabhair léim mhór ghlan-osgardha & suas leat chúig mhíle
troigh mar dhéanfadh deagh-ghaisgidheach! Annsin 'seadh
is fiú dhuit dearcadh in do thimcheall ar áilneacht & ar
iongantas na nAlp. Codail go sámh i Léisin anocht.
Ní iongnadh thú do bheith tugtha sáruighthe thar éis an
aistir. Ar maidin i mbárach tá deichneabhar againn le
dhul ar Sheilg chuig “les Diablerets” (ná sgannruigh,
a mhic ó, is áilne an áit 'ná an t-ainm!). Agus bí réidh
go moch le theacht linn!



Bhí beirt Eilbhéiseach le dhul 'na seilge, beirt
Fhranncach, Gearmánach, Eadálach, Iúdach óg, Rúiseach,
Sasanach, & an mac so. Bhí fúinn dhá mhíle dhéag de


L. 4


thuras a thabhairt ó Léisin, imtheacht go moch, & a bheith
ar ais roimh “thuitim cheó na hoidhche.”



Acht cé'n chaoi a rachthaidhe ar an turas? B'in é an
buille! Ní raibh bóthar iarainn ná traen ag dul an
bealach. Ní rachadh “cóiste bodhar” ná coiste
teineadh ann. Ní rachadh gluaisteán, cárr, cairt, ná
carbad an bealach go léir — & ní gan fáth. Agus maidir
le rothaíbh — “fág marbh iad” — mar adubhairt an fear
fadó! Céard a déanfaidhe? “A thabhairt do na
buinn,” arsa tusa. Go bhféachaidh Dia ar do cheann, a
mhic ó! Ní hionann anois & ariamh — & ní hionann dhá
mhíle dhéag i measg na nAlp & i measg sléibhte
fraochmhar Chonnamara! Go deimhin ní hionann.



“Eh bien,” ars' an Franncach, “qu' est-ce que
nous allons faire, mes amis?”



“Moi, je n'en sais rien,” ars' an Rúiseach go breagh
socair sásta.



“It's the 'ell of a route, ' ars' an Sasanach & chuir
cor 'n-a chroiméal.



“Aber es ist sehr prächtiges Wetter,” ars' an
Gearmánach.



“Peut-on y aller sur les ‘luges’?” arsa duine
eile.



“An módh díreach go deó!” ars' an tÉireannach.



“Comment?” ars' an tIúdach.



“Was haben Sie gesagt?” ars' an Gearmánach.



Thosuigh an chainnt & an seanchus. Thosuigh an
díospóireacht. D'éirigh sé i n'aragúinteacht. Acht ar
deireadh thiar socruigheadh a dhul i n-aghaidh na n-árdán i
d“traineaus” & síos na fánáin sur les “luges.”
Socruigheadh fios a chur ar dheich gcinn de “luge-
annaibh” & ar dhá “thraineau” i gcomhair na maidne.
Cuireadh. Gheallamar dá chéile a bheith réidh le imtheacht
go moch lá'r n-a bhárach, & chuaidh 'ch aon duine a bhealach
féin.



Ar maidin Dia Domhnaigh bhíos in mo shuidhe le fáinne
geal an lae. Chuadhas chuig Aifreann a hocht i séipéilín
beag deas gleóidhte Léisin. Nuair a tháiniceas ar
ais bhí mo cháirde go mí-fhoighdeach ag feitheamh liom.


L. 5


Bhí an mhaidin go han-fhuar. Bhí gaoth ghéar chruaidh
sheaca ag séideadh ó bhárr na gcnoc & cé go raibh an
ghrian 'n-a suidhe le sgathamh ní raibh aon amharc le
fágháil uirthi — & ba mhór an truagh é.



Ní raibh duine de na sealgairíb gan a chota mór, a
bhróga sneachta, a chochall muiníl, a mhiotóga lámh, & a
chaipín cluasach. D'fheistigh an mac so é féin mar an
gcéadna & níorbh' fhada go rabhas fá réir.



Is gearr go gcualamar na cluigíní uainn soir.
Bhíodar ag crathadh gan sgur & an torann ag teannadh
linn de réir a chéile. Níorbh' fhada go bhfacamar ár
ngléis marcaidheachta ag teacht anoir i n-aghaidh an
chnuic. Bhí péire capall fá gach carbaidín — ceann roimh
an gceann eile — & cúig cinn de “lugeannaibh” in
gach “traineau.”



Bhí linn annsin. Ní raibh orainn acht lasgadh linn.
Rachthaidhe na bealaighe sleimhne & na fánáin réidhe leis
na gléasaibh sleamhnuighthe; & rachthaidhe na bealaighe
deacra garbha 'sna gléasaibh marcaidheachta. Ní raibh
rotha ná acastóir ar cheachtar dár gcarbadaibh. Dhá
mbéadh ní dhéanfaidís cúis — & ní imtheochaidís chomh
héadtrom éasgaidh thríd an sneachta 's rinne!



Bhí néall mór dorcha bagarthach sna spéarthaibh uainn
soir, & bhí faitchíos orainn go mb'fhéidir gur tuairt
thobann shneachta a bhí air. Acht buidheachas mór le Dia,
sgaip an néall de réir a chéile & bhí deagh-ghothadh ar
an maidin ag imtheacht dúinn.



Bhuaileamar isteach 'n-ár gcarbadaibh marcaidheachta.
Chuireamar ár n-éadaighe tiugha troma glún 'n-ár
dtimcheall & shocruigheamar sinn féin chomh socamhlach &
b'fhéidir é. Cé'r mhilleán sin orainn?



Cuireadh isteach “les luges” & fuaireadar marcaidh-
eacht i n-aisge. Acht bhí a gcuid oibre féin rómpa acht
a dteanntaidhe soir i mullach an áird mhóir. Annsin
chaithfidís gluaiseacht go beó tapaidh & na sealgairí a
iomchur síos le fánaidh chomh sgioptha leis an ngaoith
Mhárta.



Leigeadh fead. Tarrnuigheadh laisg. Buaileadh
buille. Agus ghluais linn go héadtrom-chroidhtheach


L. 6


III.



An Sneachta.



Sneachta! Sneachta ar gach taobh! Sneachta ar na
cnocaibh ó bhun go bárr. Fiacla sneachta i stramhasaibh
na nAlp. Mullaighe caola géara sneachtacha ar na
beannaibh. Sneachta 'sna gleanntaibh doimhne. Sneachta
ar na halltrachaibh árda. Coillte móra fá bhratachaibh
sneachta. Croinnte ag lúbadh fá ualaighibh gléigeala.
A ngéaga fá chultachaibh fuara geala. A mbuin 's a
mbarra dhá bpréachadh le sneachta. Mealltracha
sneachta i gclaiseachaibh i dtaobhaibh na gcnoc. Puill
's sgailpreacha ag cur thar maoil. Uachaiseacha móra
líonta go béal. Áirde sneachta ar dhíon gach tighe.
Cárnáin shneachta ar aghaidh gach dorais. Sgonnsaí
sneachta i leath-taobh gach casáin. Agus an talamh
cothrom ar nós trágha móire sneachta gan cloch gan
crann — chomh mín le sgáthán!



Nach iongantach mar thagas an sneachta! Dhá mhí ó
shoin ní raibh a dhath ná a thuairisg le fágháil annso. Bhí
sé go geal gléigeal os ár gcomhair ar bharraibh na
gcnoc. Acht b'fhada uainn é — cé gur chosamhail dó a
bheith gar go maith do láthair. Maireann sé go
síorraidhe annsin i measg na mbeann. Níl beann aige
ar ghaoith dhá láidre, ná ar bháistigh dhá thruime.
Bheireann sé dubhshlán na gréine i lár an tsamhraidh.
'Sé an clúdach é a bhfuil an teacht aniar ann ar mhull-
aighibh na n-árd-chnoc, & nár thréig le aois ná le caitheamh
le na míltibh bliadhain! Níor leághadh fós ariamh é.



“Cá bhfuil an sneachta mór a bhí anuraidh ann?”
adeireas an Gaedhilgeóir go minic. Sin ceist a
chuireas-sa orm féin annso tá dhá mhí ó shoin ann.
Agus d'fhreagair na spéartha mé sul bhí an tseachtmhain
caithte.



Tháinic sé chugainn 'n-a cheathannaibh móra gan cuireadh
gan iarraidh. Anuas leis 'n-a thuairteannaibh. Tháinic
sé 'n-a chalógaíbh móra boga go mall ciúin réidh gan
gleó gan torann. Tháinic sé go mion tirim ar nós an


L. 7


tsiúcra. Tháiníc sé le anfadh láidir & le stolladh
cruaidh gaoithe.



Sguabadh chun siubhail é le fánaidh na gcnoc. Rinne
sé “ísleáin d'árdáin & árdáin d'ísleáin” de réir
mar shéid an gála mór & na sinneáin láidre é. Níor
fhág sé áit ar bith 'n-a dhiaidh. Bhratuigh sé cnoc 's
gleann mar a chéile. Tháinic sé mar thiocfadh leas-
ughadh gileachta le haghaidh na talmhana ó neamh. Lean
an cruaidh-shioc & cruadhtan an gheimhridh é. Tháinic an
fuacht do phréachfadh & do dhallróchadh daoine. Tháinic
sé le drioganna a chur i mballaibh, le marbh-léathair a
chur i lámhaibh — le fuar-nimhe a chur i méaraibh. Agus is
cruaidh mar thagas sé chugainn annso ó mhullaighibh fuara
géara na nAlp!



Lean air ag cur shneachta gan sguireadh go ceann
seachtmhaine. Lean air ag cur sheaca go láidir. Bhí an
sneachta ceathair nó cúig de throighthibh ar áirde anois
ar an talamh cothrom. Gach maidin caithtí casáin do
dhéanamh & bóithríní do rómhar ó theach & chuig an
mbaile.



Do rómhar, an eadh? Ní baileach é. Ní fhacais riamh
caoi is fearr le bealach do dhéanamh sa sneachta ná le
gléasaibh ádhmaid ar nós “?,” caiple ghá dtarraingt
'n-a ndiaidh. Is minic an capall bocht go bléantracha
i sneachta. Is minic an sneachta chomh doimhin 's
go sluigfidhe ann í. Cuireann an “?,” nó an
“triantán” mar tugtar air, an sneachta 'n-a chárnán-
aibh ar gach taobh & fágann bóithrín bog geal caol 'n-a
dhiaidh. Bhéadh duine i gcontabhairt mhóir bualadh amach
go minic sul bhíos na casáin shneachtacha so déanta.
Nuair a bhíos stolladh mór láidir ann sguabthar an
sneachta ó áit go háit & bíonn sé i bhfad níos doimhne
i n-áiteachaibh 'ná a chéile. Is fánach an chaoi a
gcasfaidhe duine i mbealach a bháithte & a phlúchttha — & is
minic a castar. “Má's cam díreach an ród 'sí an
tslighe mhór an aithgiorra” annso go cinnte ar feadh
an gheimhridh.


L. 8


IV.



Cnuic 's Coillte.



Nárbh' iongantach — nár shár-áluinn an turas é!
Cnuic mhóra “ag bagairt a gcinn thar dhruim a chéile.”
Na céadta beann ag cur na súl thrí spéarthaibh neimhe.
Claiseacha fada doimhne i leath-taoibh na gcnoc.
Sruthláin ag gluaiseacht go crónánach le fánaidh.
Coillte áilne ar fud na sléibhte. Carraigreacha móra.
Alltracha árda géara. Fánáin iongantacha. Gleann
mór an Rhón os ár gcomhair ag cosaint na bhfathach
sléibhe ar a chéile. La Dent du Midi go maordha áluinn
ar thaobh dhe. La Dent des Morcles ag dearcadh uaidh
go haireach áirdeallach ar an taobh eile. An abhainn ar
nós oll-phéiste móire a bhéadh 'ghá lúbadh & 'ghá sníomh
féin chúig mhíle troigh uainn síos!



Agus nuair d'éaluigh an ghrian ó na sgamaill a bhí
'n-a timcheall — nuair tháinic sí chugainn 'sna spéarthaibh
'n-a meall mór cruinn glóire agus do sgairt sí le
n-a soillsibh ar an domhan mór fúithi thíos — nárbh' áluinn
iad na cnuic agus na beanna — nár lonnrach an leac
oidhre & an sneachta — ag damhsughadh le ríméad fá
lóchrann na gréine gile!



Acht dhá áilne dhá bhfuil na cnuic anois i meadhon an
lae, béidh siad i bhfad níos áilne nuair bhéas an ghrian
ag fágáil “slán” aca tráthnóna. Béimid le n-ár
mbeannacht a chur léithi acht a mbídh sí ag dul chun
suain “le tuitim cheó na hoidhche.”



Dearcamis uainn síos le fánaidh an chnuic mhóir seo.
Nach iongantach an fánán é ó bhárr go híochtar! Féach
na tighthe beaga ádhmaid atá ar leicnibh na gcnoc.
Tá siad socruighthe annsin i gceart-lár an tsneachta.
Tá sé 'n-a chárnáin mhóra ar gach taobh dhíobh anois —
agus bíonn ar feadh chúig mí gach bliadhain. Nach
fuar an áit chomhnaidhthe é ag duine 's ag beithidheach i
lár an duibh-gheimhridh! Acht nach mór é grádh na
gcomhluadar dhá sléibhtibh fuara dúthchais, mar sin féin!
Tá siad níos sásta & níos sólásaighe annsin ar aghaidh


L. 9


na síonaí 'ná tá Tsár na Rúise 'n-a phálás. Is binn
leób glór an easa & crónán an tsruthláin. Tá fáilte
sean-charad acab roimh an sneachta. Tá síor-chleachtadh
acab ar fhiadhántas & ar áilneacht na nAlp. Tá spéartha
glana gorma gan smúit gan sgamall os a gcionn —
agus cé déarfas nach bhfuil siad lán-tsásta leis an
saoghal?



Is minic i gcontabhairt bháis agus basgtha iad. Is
minic a bheireas an sneachta uaidh le teas na gréine
& a thagas na mílte tonna de thaobh an chnuic anuas le
cuaifigh gaoithe. Imthigheann sé 'sna caoir theinte.
Ruagann sé roimhe gach rud a castar 'n-a bhealach.
Baintear na croinnte as an talamh le teann
fórsa. Teilgthear carraigreacha móra go híochtar.
Crochtar tighthe agus botháin agus bailte le fothramán
uathbhásach chun bealaigh. Leagtar, basgtar, agus
marbhuightear daoine. Sgriostar agus creachtar go
leór. Agus fágtar tighthe agus croithe, croinnte agus
carraigreacha, clocha agus créafóg, leac oidhre agus
sneachta — agus fairíor! colainneacha daoine go mion
minic — i n-aon “chuailín cnámh” amháin thíos sa
ngleann — na mílte troigh ó'n áit a dtug an sneachta
uaidh!



Tá a fhios ag na daoinibh a chomhnuigheas i measg na
gcnoc go bhfuilid i mbéal baoghail agus contabhairte.
Níl a fhios aca cé an uair nó trát a gcuirfidh na cnuic
a gcosa uatha le taisbeáint do'n tsaoghal mór go
bhfuilid ar a gcomhairle féin. Acht ní sgarfar uatha
'n-a dhiaidh sin. Tá daoine ag brúghadh cáirdis agus
cineáltais ortha anois leis na ciantaibh.



Dúnann na cnuic bearnaí i n-aghaidh na ndaoine go
minic. Is minic a ídigheas siad a gcuid mí-shuaimhnis
ortha. Acht nach iomdha caoi a gcuidigheann siad leis
na daoinibh a mhaireas 'n-a measg? Nach gcuireann
siad brígh 'n-a mballaibh agus lúthad 'n-a ngéagaibh —
le toil agus le cead Dé? Nach bhfuil sláinte an
bhradáin acab fá'n ngaoith ghlé ghlan-fhuair agus fá'n
sgairteadh gréine? Nach gcuirid gealán agus aoibhneas
ar chroidhthibh duairceacha le n-a n-áilneacht? Nach


L. 10


músgluighid smaointe fileadhta? Nach dtaisbeáinid an
Áilne agus an Ghile ag breith buaidhe ar Dhorchadas
agus ar Shuaraighil an tsaoghail? Nach gcuireann a
nglóire glóire agus sólás síorraidhe na bhflaitheas i
gcuimhne? Agus an féidir dearcadh ortha gan
smaoineadh ar chumhacht an Té a chruthuigh an domhan mór
ar fad?



Féach na coillte móra atá ag fás i leath-taoibh na
gcnoc. Shílfeá gur ab arm iongantach saighdiúirí atá
sna croinntibh i bhfad uait — na fir 'n-a míltibh 'n-a
seasamh le cúl a chéile, a mbratacha geala i n-aer acab,
& a n-aighthe ar a námhaid san ngleann. An raibh arm
Napóleon chomh dlúth sin le chéile ag treasnughadh na
nAlp dhó lá de'n tsaoghal? Ní dóigh go raibh. Nach
breagh mór árd fada díreach na croinnte péinne nó
giúmhasaighe iad sin i ngar dhúinn? Nach mairg gan na
mílte coill bhreagh áluinn mar sin againn i sean-Inis
Fódla! Fairíor géar nach bhfuil! Nach ar ár dtírín
dil dúthchais a bhéadh an slacht, an dreach, agus an mhaise
thar mar tá! Nárbh' aoibhinn a bheith i measg sléibhte
mór Chonnamara dhá mbéidís ag tabhairt a sean-eiridh
coilleadh?



Tá suim ag an Eilbhéiseach 'n-a thír & i n-áilneacht a
thíre, agus is furasta aithne go bhfuil. I leabaidh leath-
taobh na gcnoc a bheith lom fuar préachta ar aghaidh na
gaothtalaighe, táid fá na croinntibh is breagha a
d'fhéadfaidhe d'fhágháil. Tá a fhios ag muinntir na tíre
cé an mhór-thairbhe atá dóibh féin & dá dtír ionnta.
Méaduighid ar an Áilneacht a bhronn Dia & nádúr ar an
tír. Ní leigid do mhealltrachaibh móra sneachta agus
créafóige sleamhnughadh le fánaidh. Coinnighid an talamh
cruaidh tirm fáisgthe 'n-a chéile, & ní leigid dó sgiorradh
le mío-thoisg & ár do dhéanamh sna bailtibh beaga “thíos
ins an ngleann.” Bheirid fasgadh & deagh-dhídean uatha
ó'n doininn & ó'n gcruadhtan. Baintear cuimse airgid
as a gcuid ádhmaid. Gan iad bhéadh na mílte teallach
go fuar dallruighthe gan teine gan teas gan dé gan
deatach. Tá follántas mór & sláinte ionnta. Is
iomdha tairbhe eile ionnta nach gábhadh a luadhadh. Tá


L. 11


a fhios ag gach duine nach bhfuil cur síos ar a bhfuil de
thairbhe do thír 'n-a cuid coillte. 'Sa tír seo caithtear
i gcomhnaidhe crann óg a chur i n-aghaidh gach crainn a
baintear. Tá sé sin sa dligheadh.



V.



I measg na gCoigcríoch.



Ag teannadh soir le mullach an áird mhóir dhúinn i
meadhon an lae chonnaiceamar na daoine ag bailiughadh
ó gach taobh. Ní raibh a fhios againn ar dtús cé an fáth.
Bhí plód mór bailighthe ar an árdán romhainn, agus go
leór eile ag teacht go roighin réidh i n-aghaidh an chnuic.



Tháinic sean-daoine agus daoine meadhon-aosta;
buachaillí óga agus cailíní sgiamhacha; sgoracha agus
stócaigh; girrseacha agus gearr-chailí; malraigh agus
páistí.



Bhí daoine móra agus daoine beaga ann; daoine
ramhra agus daoine caithte; daigéid theanna agus
séaclaí claoidhte; béinneacha sé troighthe go leith agus
feithidigh beaga bídeacha. Bhí fir ann a bhí hocht gclocha
déag meadhchain nó os a chionn; agus daoine a raibh a
gcnámha trí n-a gcraicnibh ar easbaidh feóla. Bhí daoine
giorr-análacha go fairsing ann; daoine gan mórán
croidhe ná meisnigh; daoine ar bheagán nirt; daoine gan
go leór lúthaid; daoine duairceacha crosta agus
daoine suairceacha aeracha. Bhí filí ann agus a gcuid
gruaige go guailnibh leób agus an fhilidheacht ar lasadh
'n-a súilibh — acht deir na daoine aeracha gur comhartha
éadtruimeachta é!



Tháinic beag nach gach duine de'n tsluagh mór
coigcríoch so do'n Eilbhéis i ngeall ar a shláinte. Tá
cuid acab chomh lag suarach spíonta 's nach bhfuil leigheas
i ndán dóibh — mara bhfuil ag Dia. Go leór eile a
tháinic ar thóir nirt agus spreacaimh fá ghaoith ghlé
shláinteamhail na nAlp — thar éis droch-thinnis a chur dhíobh.


L. 12


Daoine eile a tháinic leis an donacht agus an mheathtacht
a sheachnughadh. Daoine a d'athruigh a n-áit chomhnaidhthe
le neithe a bhí ag déanamh síor-bhuaidheartha dhóibh a
dhearmadadh. Tuilleadh a d'imthigh ó ghleó, ó thorann, agus
ó fhothram na gcathrach le suaimhneas a thabhairt dá
n-inntinn agus sgíth dá mballaibh thar éis oibre móire
ar feadh bliadhanta fada. Agus taistealaidhthe atá ag
déanamh aeir agus ag caitheamh airgid go fairsing.



Bhí daoine ann a cheapas nach fada go mbídh a seal ar
an saoghal so tugtha; daoine a bhfuil saoghal fada i
ndán dóibh ag Dia agus nach gcreideann é; daoine ag
leigean ortha féin go bhfuilid seacht n-uaire níos measa
'ná táid; daoine go dona agus nach leigeann sin le
n-a n-ais de ló ná d'oidhche; daoine adéarfas leat
gur cuma leób beo nó marbh — agus daoine a bhfuil an
saoghal ag déanamh an iomarca imnidhe dhóibh. Bhí fir
óga ann nach raibh acht tarraingt na gcos ionnta ar
éigin agus croidhthe chomh haerach acab leis an gcaislín
cloch de réir chosamhlachta. Máithreacha cúramacha agus
ingheana spéireamhla. Sagairt óga lághacha fáilidhe,
agus go leór mac léighinn ar easbaidh sláinte, fairíor!



Bhí Eilbhéisígh go fairsing ann; Rúisigh & Gearmáinigh,
Franncaigh & Eadálaigh; Spáinnigh & Sasanaigh;
'Meiriocánaigh & Ástránaigh. Agus bhí aon Éireannach
amháin ann ar chuma ar bith. Bhí Rúisigh ann a mb'éigin
dóibh a dtír d'fhágáil mar nach rabhadar dílis do'n
Tsár ná dá chóiriughadh riaghluighthe; Rúisigh eile atá
fíor-dhílis dó & a bhfuil an dearg-ghráin acab ortha so
atá ag cur clampair ar bun i n'aghaidh, agus Iúdaigh
bochta nach bhfuil truagh ná trócaire le fágháil acab ó
cheachtar de'n dá dhream acht an oiread le chéile. Bhí
Gearmánaigh uaibhreacha ann & Sasanaigh leitheadacha a
cheapas gur dóibh féin a sgairteas an ghrian. Bhí an
“Franncach dubh aerach” ann adeireas nach bhfuil
beann aige ar Eaglais Dé — agus Franncaigh nár chaill
fós an tsean-dílseacht a thaisbeáin a dtír dhúthchais do'n
Chreideamh ar feadh na gcéadta bliadhain. Bhí an
Punncán ann & díol fir de thalamh faoi — leis an fhírinne
a rádh. Agus mara raibh losgadh ar siubhal ag an


L. 13


Spáinneach luath-chainnteach & ag an Eadálach bog-ghlórach,
ní lá go maidin é!



Bhí teangthacha go leór le cloisteáil. Bhí siosga &
caismirt ar siubhal — an té a d'fhoghluim thríd an Módh
Díreach ag cur dhe go tapaidh & fear an Mhódha Chaim
go mall roighin stadach — agus go haireach faitcheach — ag
iarraidh a smaointe a nochtughadh & a chuid cainnte a
chur i gcéill. Bhí an deagh-“bhlas” agus an droch-
“bhlas” ann — agus cé gur ab ait an rud le rádh é
annso i measg na nAlp — roinnt Béarlachais! Bhí an
fear dána ag ropadh leis & gan beann aige ar
riaghaltaibh ná ar ghramadaigh acht an oiread le chéile;
agus fear na sgáthmhaireachta ag dearcadh uaidh, ag
éisteacht go haireach, agus faitchíos a anama air dá
mbogadh sé amach & bealadh a chur fá n'iosgadaí — nó
fá n-a theangaidh a b'áil liom a rádh — go gcuirfidhe i
ndiaidh a mhullaigh i gcaoch-pholl mór na gramadaighe
é!



Bhí daoine ann nach raibh mórán suime aca i nEaladhain
na bhFuam ná mórán áirde ar an gcaoi a raibh a dteang-
thacha agus Téada an Ghotha ag fuaimiughadh na cainnte!
Ní bhéadh mórán maitheasa dhuit ghá chomhairliughadh dhóibh
acht an oíread! Déarfaidís leat go raibh rud eicínt
ar a n-aire seachas a bheith ag socrughadh na dteangthacha
a gheall Dia dhóibh agus ag cur “cluas le héisteacht”
ortha féin ó Luan go Satharn ag faire ar “ghlórthaibh
bog' binn' gach béil”! Ní móide gur mhilleán sin ar
go leór acab — indiu go háithrid — mar nárbh' é seo
“Lá na Rásaí”! 'Ar ndóigh, ní ar a theangaidh is cóir
do dhuine áird a bheith aige a léithid de lá? “Bíonn
an dá ‘bhféidir’ ann,” arsa tusa. Ní i “bhfuama”
amháin a thig le teangthachaibh coda de na daoinibh
ciotaighil a dhéanamh — & b'fhiú a bheith san aireachas ortha
go minic! Acht “fágamuis siúd mar atá sé.”



D'ísligheamar. Chuadhamar chun cainnte leis an
sluagh. Bhí le tárlughadh mar cheapamar. Bhí “rásaí
bob-sléigh” le tosughadh go luath. Bhí chúig cinn déag
acab le n-a chéile fhéachaint & bhéadh sé i n'an-lá grinn
amach 's amach. Bhéadh na rásaí thart i gceann uaire go


L. 14


leith de réir mar bhí socruighthe. Nár bh'fhearr dhúinn
fanacht leis an ngreann a fheiceál? Nach mbéadh ár
ndóthain breith' againn ar a dhul go “Les Diablerets”
anois ó bhíomar i mullach an chnuic? Nárbh' fhurasta
sguabadh le fánaidh ar an Módh Díreach? B'fhurasta
gan bhréig. Agus b'fhurasta do dhuine a mhuineál a
bhriseadh freisin ag dul síos dó!



Acht ná bactar le timpistíbh! Ní cóir glaodhach ar
an ngol go deó go dtigidh sé! D'fhanamar go mí-
fhoighdeach geal-gháireach i measg na gcoigcríoch nó gur
thosuigh na rásaí, agus b'fhiú dhúinn é.



VI.



Rásaí na “mBob-Sléigh.”



Anois is gairid go mbídh na rásaí ag tosughadh! Bhí
sé 'n-a sgéal mhór ar fud na háite thart timcheall le
coicís. Ní raibh fear, bean, leanbh ná páiste sa láthair
nach ar na “rásaíbh” a bhí ag cur síos. Bhí gach duine
ar bís le mí-fhoighid. B'fhada leób go rabhthas ag
stócáil.



Bhí 'ch uile dhuine sa mullach ar na stiúrthóiríbh faoi
nach rabhadar ag brostughadh. Acht b'fheárr a fhios aca-
san, dar leób féin, céard ba chóir a dhéanamh 'ná acab
so a bhí ghá gcomhairliughadh i n-aisge & ní mórán áirde
a bhí acab ar a gcuid cainnte de réir chosamhlachta.
Ní móide gur mhilleán sin ortha acht an oiread.



Bhí corn óir de dhuais do'n chéad “bhob-sléigh” — nó
do'n fhuirinn a bhí fúm a rádh. Bhí chúig cinn déag sa
gcomórtas & ceathar d'fhuirinn le bheith in 'ch aon cheann.
Bhí ortha rith tuairim dhá mhíle go leith. An ceann ba
sgiobtha a chuirfeadh an bealach dhe, bhéadh aige. Ní
fhéadfadh a bheith ar an gcúrsa acht ‘bob’ san uair.
De réir an ama ar bealach 'seadh gnóthóchaidhe na
geallta.



Agus nárbh' iongantach an cúrsa é! Gluaiseadh de
bhárr cnuic ar bhealach sleamhain de shneachta cruaidhte.
Ballaí de mhealltrachaibh móra sneachta ar gach taobh.


L. 15


Cora géara sa gcúrsa go mion minic. Coirnéil
chontabhairteacha. Sglaigeanna móra doimhne. Fánáin
mhóra. Straptha coracha. Leath-taobh de'n bhealach ní ba
crochta 'ná an taobh eile. Leath-mhaing air mar bhéadh
brath aige iompughadh druim ar ais. Tuitim le fánaidh
iongantach ar thaobh na láimhe deise de'n chasán ag dul
síos. Leiceann an chnuic ar thaobh na ciotóige; agus
croinnte móra géagacha ar mhullach an chnuic ag
breathnughadh uatha ar an gcúrsa agus ar lucht an ghrinn
fútha thíos.



An bhfacais “bob-sléigh” riamh, a léightheóir? Tá
sé déanta bunáite mar bhéadh bád beag. Acht ní
hionann cuma dhóibh i slighthibh áithride. Tá pus caol
air ar nós puis curraigh, agus deireadh cosamhail le
deireadh púcáin. Níl d'áirde ó thalamh ann acht
timcheall troigh. Is ionann leithead dó i n-íochtar agus
i n-uachtar beag nach. Tá rotha 'n-a phus, cosamhail le
rotha gluaisteáin, le n-a stiúradh go díreach. Tá seas-
rálacha ann le haghaidh na fuirne. An t-é a bhíos i
dtosach, bíonn air stiúradh. An fear a bhíos i ndeireadh,
caithfidh sé cuidiughadh le fear an rotha agus sgaoileadh
leis an m'bob' nó laghadughadh ar a chuid siubhail de
réir mar fheileas do'n bhealach. D'ádhmad 'seadh bhíos
na “bob-sléighs” déanta acht amháin beagán iarainn
a bhíos 'n-a n-íochtar le go sleamhnóchaidh siad ar an
sneachta cruaidh. Tá an “bob-sléigh” ó shé troighthe
go dtí hocht dtroighthe ar fad.



Bhailigh na daoine ar 'ch aon taobh de'n chúrsa.
Bhíodar i n-aon sguaidrín amháin beag nach ar feadh an
bhealaigh. Chruinnigh plód i n-aice gach coirnéil
bhaoghalaigh. Bhí sgata ag faire ag gach cor agus casadh
agus áit dá chontabhairtighe. Bhí sé i gceist go mbéadh
go leór timpistí 'sna háiteachaibh seo agus bhí ar a
laghad fiche grian-ghrafadóir agus a bhoisgín beag i
gcaoi agus i gcóir ag gach duine aca le pictiúir a
dhéanamh nuair a bhéadh na “bob-sléighs” ag dul
tharta.



Anuas le teachtaire 'sna feirí-glinnte le fánaidh an
áird agus a chuid ribíní gorma sgaoilte le gaoith.


L. 16


Chuaidh sé tharainn le fothramán ar a luge agus níor
stad gur stríoc sé tír agus talamh i n-íochtar. Le
sgéala áithride chuig an Stiúrthóir 'seadh tháinic sé bog
te de'n gheáitse sin.



Bhí gach rud fá réir i n-uachtar anois agus ní déan-
faidhe níos mó moille. Bhí an guthán idir dhá cheann
an chúrsa le gach sgéala a theastóchadh a sgaoileadh
uaidh le iompódh do bhoise agus le cainnt a choinneál
ar siubhal idir na stiúrthóirí.



Séideadh an bunnán ar bhárr an chnuic. Chuir sé
glaodh mór árd as a cloiseadh ar feadh an chúrsa. Chuir
na stiúrthóirí na gártha fuagartha asta gan aon duine
a bheith ar an mbealach.



Bhí daoine ag bíodhgadh & daoine ag preabadh; daoine
ag dearcadh go grinn & daoine ag faire go háird-
eallach. Chuir duine uaill as agus duine béic, duine
glaodh agus duine sgread, duine sgréach agus duine
fead — mar bhí an chéad “bhob” ag teacht anuas mar
bhéadh Dia 'ghá rádh leis.



Anuas leis 'sna caoir theinte mar bhéadh oll-phéist
mhór ag treabhadh na fairrge. Bhí “dustaí” an
tsneachta mar bhéadh cáith na dtonn ar gach taobh dhe.
A phus ag gearradh thríd an sneachta chomh tréan leis an
ngaoith Mhárta. É ag éirghe i n-aghaidh strapadh, ag
léimnigh thar sglaigeannaibh, ag sguabadh thar choir-
néalaibh, agus ag lasgadh le fánaidh ar nós míl mhara
seacht dtroighthe a gcuirfidhe géar-shleagh gháibhtheach ann
& a bhéadh ag ruatharach roimhe ar dearg-bhuile le teann
cuthaigh agus neart feirge.



Bhí fear an rotha ar a mhíle dícheall ag faire ar gach
cor & casadh. Ní raibh blas dhá aghaidh ná dhá éadan le
feiceál acht a dhá shúil — agus bhí siad-san i gcruth
léimnighe thar na mogail & pléasgadh as an gceann le
teann sgéine & uathbháis!



Bhí fear na teile & a sheacht sáith ar a aire i ngreim
'sna sgóid ag spreagadh an “bhob” chun siubhail go
díocasach, ag fuagairt go cráidhte ar fhear an rotha, &
ag ceannsughadh go fórsach nuair a theastuigheadh.


L. 17


Nuair a tagthaidhe i n-áit a mbéadh baoghal go
n-iompóchadh an “bob” druim ar ais de bhárr neamh-
chothromachta an bhealaigh, géireachta an chasta, nó neart
an tsiubhail, leigeadh an fhuireann a meádhchan go léir
ar thaobh & is beag nach mbíodh leath a gcuirp amuigh as
báidín an tsneachta “go mbíthí thar áit na con-
tabhairte. Chasadar gach coirnéal gan aon timpist a
thárlughadh agus shroicheadar ceann cúrsa go slán.



Leigeadh “trí gártha cnuic.” Traosluigheadh dhóibh
& rinneadh comhgháirdeachais. Agus bhí ann árd-ghlaodhach
& mór-ghreadadh bos ar feadh chúig nóiméad.



D'éirigh timpist do'n dara “bob.” Ag casadh
coirnéil dó do hiompuigheadh druim ar ais é & cuireadh
an fuireann fiche slat i ndiaidh a mullaigh thairis amach
i gceart-lár an tsneachta.



D'éirigh mar an gcéadna do'n tríomhadh ceann.
Sguab an ceathramhadh ceann d'aon mhór-athmhóig amháin
thar an teórainn agus chuaidh sé féin & a fhuireann dhá
mbáthadh sa sneachta i bhfad as láthair.



Rinneadh dhá leith glan-díreach de'n chúigeadh ceann
agus ní raibh goir críochnuighthe aige. Shroich an sémhadh
ceann ceann cúrsa acht ní raibh mórán gaisge 'n-a chuid
luathais de bhárr faitchís fhir an sgóid agus faoi nár
sgaoil sé a cheann leis thar mar rinne.



Nuair a bhí an seachtmhadh ceann ag tarraingt ar
cheann cúrsa rith madadh treasna an chasáin ag tafan
air go dána feargach. Buaileadh go díreach glan aniar
sa leath-dheiridh é agus rinneadh spéic dhe i lár an
bhealaigh. Bhí sé sínte annsin ó chluais go hiorball gan
mothughadh gan arann & síleadh go raibh a chuid bídh ithte
agus a sheal tugtha. Bhí gach duine lán-chinnte gur
marbhuigheadh d'aon iarraidh é. Tóigeadh de'n chasán é.
Sgrúduigh dochtúirí é. Láimhsigh óig-fhir é. Bhreathnuigh
mná agus gasúir air. I gceann tamaill déarfá gur
chorruigh sé beagáinín beag bídeach. Bhí an anál ann
fós. Thar éis sgathaimh shílfeá gur ag caochadh leath-shúile
a thosuigh sé. Annsin cheapfá go dtug sé iarracht ar
a shúile d'fhosgailt acht chinn air — mar dhuine a bhéadh
ag iarraidh dúiseacht' as a chodladh agus nach bhféadfadh


L. 18


an trom-shuan a chur dhe. I gceann leath-uaire dhúisigh
sé agus d'fhéadfá a rádh gur ab é a dhearc uaidh go
cráidhte agus na deóra briste faoi n-a chuid súl!
Thosuigh sé ag giúnaighil agus ag gol dó féin agus
chaoin a dhóthain mhór agus a leór-dhóthain sul fuair sé
fear a bhactha. Acht le sgéal gearr a dhéanamh dhe
tháinic sé as de réir a chéile.



Chonnaiceas cúpla lá 'n-a dhiaidh sin é agus bhí
cosamhlacht air a bheith chomh críonna céillidhe staidéarach
le sean-dall glic. Tá an saoghal i n-an duine agus
beithidheach a mhúnadh — agus níor cloiseadh ag amhastraigh
ar bóthar ná ar bealach an madadh bocht ó shoin. Tá
sé chomh ciallmhar anois is nach gcraithfeadh sé a iorball
dá n-íocthá ar a shon é de réir mar chualas!



Bhí triúr cailín óg ó'n Rúise sa seachtmhadh “bob”
agus fathach mór géagach sé troighthe agus trí hordlaighe
'ghá stiúradh. Chonnaiceas Hacenschmidht i Lonndain
aon uair amháin, agus, dar m'fhocal, creidim go raibh
an béinneach mór de Rúiseach sin chomh teann toir-
teamhail téagarach leis. B'iongantach an leithead a bhí
idir dhá bhois a shlinneán. Thug 'ch uile dhuine sunndas
dó le n-a mhéid. Ní raibh sé thar thrí bliadhna fichead
d'aois nó mar sin, de réir a aighthe agus a éadain.
Agus d'fhéadfá a rádh gur bhreágh an feic an gaisgidheach
sin ag stiúradh bob-sléigh!



Acht ní raibh an t-ádh 'n-a chaipín an lá sin. Tá
daoine ar an saoghal — acht ní san Eilbhéis é — adéarfadh
go mb'fhéidir gur droch-shúil a rinneadh dhó! Nuair a
bhí sé ag casadh an choirnéil dheiridh i bhfoigseacht fiche
slat de cheann cúrsa crochadh an “bob” de chothrom
talmhan agus cuireadh d'aon mhór-léim amháin thar an
teórainn é. Caitheadh an Rúiseach mór leath-chéad troigh
amach thar a mhullach síos le fánaidh an áird ar an taobh
eile de'n chúrsa agus cuireadh na hóg-mhná i ndiaidh a
mullaigh 'n-a dhiaidh. Baineadh crathadh mór agus leagan
asta go cinnte. Thairis sin níor éirigh aon dochar dhóibh.
Acht níor dheagh-bhail a bhí ortha de bhárr a ndearnadar
d'ionnfairt agus d'útamáil sa sneachta!


L. 19


B'é “An Sionnach Luath” a ghnóthuigh an chéad gheall
agus ba mhaith an aghaidh air é. Ba mhór an t-uathbhás
mar chuir sé an bealach dhe. Sgaoileadh cead a chinn
leis ó thús. Cosg ná strómh níor cuireadh air. Leagan
níor baineadh as. Timpist níor éirigh dhó. Comhnaidhe
ní dhearnaidh sé acht ag imtheacht “go folcanach fal-
canach” gur stríoc sé ceann cúrsa. Tháinic sé i
n-aon turas leis an mbuaidh a bhreith agus rug.



Acht ní dheachaidh sé abhaile slán mar sin féin.
Briseadh 'n-a dhá leith é lá'r n-a bháireach ar an gcúrsa
céadna.



Níor shroich acht cheithre bhob-sléigh ceann cúrsa gan
timpist a éirghe dhóibh. Gortuigheadh triúr fear go
domáisteach. Bhí na cailíní ó'n Rúise sáthach priaclach
thar éis an lae. 'Séard a bhasg iad — nár chuimhnigheadar
ar iad féin d'ullmhughadh i n-am i gcomhair an chasta
dheiridh, adubhradar! Bhí truagh mhór agam dhóibh mar ní
ceal meisnigh a chaill an geall dóibh. Bhéadh duais acab
go cinnte marach an rud a d'éirigh dhóibh.



Bhí an Rúiseach mór bacach thar éis an lae. Bhí
Sasanach & cupán a ghlúnach as áit. Bhí Gearmánach ag
tabhairt fhola. Agus bhí Franncach ag gearán go raibh
sé basgtha sa gcoróig thar éis an lae.



Fógruigheadh os comhair an tsluaigh cé hiad a ghnóthuigh
na duaiseanna & tosuigheadh ag glaodhach go hárd & ag
bualadh bos. Sin mar críochnuigheadh “rásaí na mbob-
sléigh.



VII.



En Route.



Bhí na “rásaí” thart, na daoine sgaipthe, agus
sinne ar bóthar arís. Bhí an bealach réidh romhainn
amach — nó romhainn síos — annsin, agus sguabamar le
fánaidh, gach duine againn ar marcaidheacht ar a luge
agus ag cur an bhealaigh dhe 'sna seala babhtaí. Bhí
greann agus glaodhach agus fuagairt ar siubhal agus


L. 20


timpistí fánacha — nach gábhadh a luadhadh, 'ar ndóigh! — ag
tárlughadh.



Ní hionann an “luge” agus an “bob-sleigh.”
Níl sa luge acht gléisín marcaidheachta beag ádhmaid,
agus níl sé baoghal ar chomh contabhairteach leis an
m“bob.” Is fusa a cheannsughadh freisin — cé nach i
gcomhnaidhe a chuireas go leór de lucht an ghrinn srian
ná sgód leis — agus ní réabann sé le cuthach agus le
báine. Imthigheann an luge de luathas mór go cinnte,
acht cuireann sé an bealach dhe gan sgannradh, gan
mór-uathbhás.



Dá bhfeictheá an péire ar an gcúrsa agus an gais-
gidheach beag éadtrom i dtosach chuirfidís i gcuimne
dhuit mar bhíos an mhuc mhara ag coimhlinnt i ndiaidh an
bhradáin feárnaigh go minic i muir mhóir na dtonn.
Cuireann an mhuc mhara cáthadh agus cubhar agus tonn-
tracha i n-aer le neart siubhail. Éirigheann sí go láidir
i n-aghaidh na maidhm le dearcadh go grinn roimpi sa
tseilg. Sgoilteann sí uisgí na mara móire le neart
a sróine agus fágann sí go corruighthe coipthighthe
feargach i n-achrann le chéile 'n-a diaidh iad.



Acht, cé go mbíonn a dhóthain mhór uathbháis ar an
mbradán feárnach, ní dhéanann sé mórán gleó ná
torainn. Baineann sé as thríd an muir chomh tréan i
nÉirinn 's is féidir leis, le n-a chuid eadha a thabhairt slán,
agus caitheann sé corr-léim bhreagh shlachtmhar thar bharra
na dtonn go lúthmhar éadtrom éasgaidh le neart
deifre. Sin mar ghluaiseas an luge le fánaidh roimh
an mbob-sléigh ar na casáin chama shneachtacha i measg
na nAlp.



Síos linn, síos linn an fánán mór iongantach gur
shroicheamar Sepey, baile beag deas fá bhun an áird
mhóir. Acht má bhí sé fá bhun áird bhí sé ar
leath-stuaic chnuic eile agus mór-ghleann fada áluinn
na mílte troigh ar doimhin faoi thíos agus amach
os a chomhair. B'iongantach go léir an radharc é —
gleann leathan doimhin agus mór-fhánán ag síneadh
uainn siar andeas ar feadh an bhealaigh go gleann an
Rhóne agus bun la Dent du Midi.


L. 21


Cé d'fhéadfadh cur síos i gceart ar an mór-áilneacht
a bhí os ár gcomhair agus ar gach taobh dhínn — ar na
halltrachaibh árda díreacha mar bhallaí mór-chaisleáin ar
ár gcúl — ar na carraigreachaibh móra ag cosaint na
gcreagán — na coillte árd-chrannacha i leath-taoibh na
gcnoc — na sruthláin bheaga ag síor-chrónán agus ag
éagcaoin ag iarraidh gluaiseachta thríd an sneachta — na
beanna ag cur a ngéar-mhullach geal thrí na néaltaibh
liath-bhána, agus ag dearcadh suas suas ar spéarthaibh
gorma neimhe agus ar árd-Fhlaitheas Dé!



Agus nuair a neartuigheas an teas i dtús an
Earraigh — nuair a bhíos an sneachta dhá leághadh go tréan
agus a ghluaiseas na mílte sruthlán sléibhe le fánaidh i
n-éinfheacht de ló 'gus d'oidhche — nuair a thagas an
t-uisge go láidir fórsach thar bharra na n-alltrach —
agus a cloistear na mór-easa árd-ghlóracha ag síor-
ghéimnigh — nach áluinn an ceól a bhíos i measg na nAlp.



Ní raibh na heasa le feiceál an lá úd, acht tá a
nglórtha láidre le cloisint an lá a bhfuil an t-alt so
dhá sgríobhadh. Bíonn an t-uisge gann gan neart ná
fórsa de bhárr an tseaca i rith an gheimhridh. Ní bhíonn
sé ar a chomhairle féin. Bíonn sé i bhfastódh ag an
leic oidhre agus ag cruadhtan na haimsire, agus ní
bhíonn croidhe ná spreacamh ann. Ní ghluaíseann sé
le fánaidh na gcnoc acht 'n-a shruthláiníníbh beaga
bídeacha caola le duadh agus deacracht. Shílfeá gur
ag a iarraidh éalódh leis ó'n bhfuacht a bhíos sé. Acht san
earrach tagann a neart agus a fhuinneamh agus a
mhór-spreacamh ar ais. Bíonn srutháin láidre i leab-
aidh na sruthlán. Bíonn na tuilte ag ropadh leób
go tadhadach gargach agus na heasa go buileach ag
sgárdadh an uisge le fánaidh na n-alltrach.



Rinneamar sgathamh moille sa mbaile beag úd .i.
Sepey. Bhí spiacáin mhóra fhada leice oidhre ar sileadh
as bun-tsop gach tighe, agus cárnáin mhóra ádhmaid réidh
glan le haghaidh na teineadh i leath-taoibh gach dorais.
Acht níor chóir dhom úsáid a dhéanamh de'n fhocal “bun-
tsop,” b'fhéidir. Tá sé ceart go leór sa nGaedheal-
tacht, acht níl “sop” tuighe nó cíbe le feiceál i


L. 22


ndíon aon tighe annso, 'ar ndóigh. D'ádhmad 'seadh tá
botháin na mbocht go léir déanta annso i measg na
gcnoc. Agus is deas an déanamh atá ar chuid mhaith
dhíobh — cé nach mórán de mhaoin ná de bhráigíll shaoghalta
atá ag furmhór na gcomhluadar. Acht b'fhéidir dhúinn
tráchtas fada a dhéanamh ar ghnáth-shaoghal na ndaoine
agus mar mhaireas siad, amach annso, agus mar sin
de ní chuirfimid síos ar na tighthibh anois. 'Ar ndóigh,
ní gábhadh dhúinn a rádh gur tighthe cloiche is mó a
feictear 'sna bailtibh beaga a bhfuil díol 's ceannacht
ar siubhal ionnta.



VIII.



Ar an leic oidhre.



Rinneamar geábh spaisteóireachta thríd an mbaile ag
baint lán na súl as gach rud. Chualamar glaodhach
agus mór-gháire i ngar dhúinn sa ngleann. D'fhéachamar
uainn síos agus céard a bhéadh ann acht plód mór
daoine bailighthe i dteannta 'chéile ag sleamhnughadh.
Bhí an lochán mór reóidhte go láidir agus tiughas balla
mhóir san gclumhdach mín sleamhain leice oidhre a bhí
air.



Sin é an áit a raibh an greann! Bhí gach duine
feistighthe go cúramach. Ní raibh fear ann gan a ghléis
sleamhnuighthe a bheith ceangailte de bhonnaibh a bhróg,
a chaipín geal olna anuas go cluasa air, a chasóg bhán
chabhaile fáisgthe go teann timcheall a chonablaigh, a
bhríste colpach cumhang-iosgadach, agus a mhiotóga tiugha
bána lámh.



Agus na cailíní! bhíodar gléasta go galánta, 'ar
ndóigh. Go deimhin dearbhtha, ní fhéadfainn aon innseacht
cheart a thabhairt ar an bhfeisteas a bhí ortha. B'fhéidir
mar sin de, go mb'fhearr gan aon iarracht a thabhairt
faoi. Acht déarfad an méid seo gan sgáth gan
faitchíos — go raibh “bróga sneachta” móra leathana
slachtmhara ar gach duine aca dá ndeachaidh tharm féin


L. 23


ag triall ar an lochán, agus de réir mo bharamhla &
mar thugas fá deara ní mórán bróid a bhí acab asta!
Ní' mé beó cé'n fáth? Go deimhin bíonn cuid de na
brógaibh sneachta céadna sáthach liopaisteach — ar
throightheachaibh beaga deasa dhaoine áithride. Acht ná
bactar leis sin! “Fág an tír nó bí sa bhfaisiún,”
adeir an sean-fhocal agus ní féidir le cailíníbh bheith
dhá n-uireasbhaidh i rith an gheimhridh annso. Is minic a
caithtear baill is measa 'ná bróga sneachta deirim-se
leat é! Thugamar cuairt ar an lochán mór agus
bhaineamar lán na súl as lucht an ghrinn agus as a raibh
ar siubhal.



Bhí tuairim is dá fhichid duine ar an leic oidhre.
Coigcríghthe a b'eadh a mbunáite. Bhí cuid aca an-
chliste agus an-oilte ar an sleamhnughadh. Bhí tuilleadh
nach raibh acht ag tosughadh ag foghluim. Daoine a raibh
a gcosa ar a gcomhairle féin acab. Daoine nach raibh
smacht dá laghad acab ortha féin. Daoine dána
meisneamhla. Daoine sgáthmhara faitcheacha. Baineadh
leaganacha móra as daoinibh. Cuireadh daoine ar chúl
a gcinn agus ar shlatrachaibh a ndroma. Socruigheadh
daoine go tobann ar a gcora-geábh ar an leic oidhre
dhá míle buidheachas. Síneadh daoine go minic ar chlár
a ndroma ag éirghe dhóibh. Agus cuireadh corr-dhuine
i ndiaidh a mhullaigh. Bhí daoine ag sleamhnughadh
deiseall; daoine tuaithbheall; daoine ag imtheacht
rómpa go díreach; daoine ag sleamhnughadh go
cearcallach; agus daoine i ndiaidh a gcúil. Bhí
buachaillí agus cailíní ag imtheacht go tréan i ngreim
lámh 'n-a chéile agus 'ch aon sgairt gháire acab. Mná
ag imtheacht asta féin agus ag dearcadh — go mí-
chéadthach, déarfá — ar na cailíníbh a bhí ag gáiridhe.
Daoine ag múnadh na dtosuightheóirí thríd an “Módh
Díreach Sleamhain.” Daoine chomh croidheamhail aerach
's nach maith a bhí a fhios aca cé b'fhearr dhóibh
sleamhnughadh deiseall nó tuaithbheall, cam nó díreach,
tréan nó mall, asta féin nó i gcduideacht daoine eile.



Bhí daoine ann — lucht dhéanta gaisge — ag taisbeánadh
i n-aisge cé'n chaoi ar chóir sgiorradh agus sleamhnughadh


L. 24


go deas slachtmhar taithneamhnach agus plód tosuightheoirí
'n-a dtimcheall. Daoine eile chomh mór ionnta féin 's
nach mbreathnóchaidís díreach ar na múinteoiríbh. Bhí
daoine ag sleamhnughadh i n-aon sguaidrín fada amháin
i ndiaidh a chéile. Agus bhí daoine ag coimhlinnt 's ag
rith rásaí le chéile agus a ndóthain go binn ar a n-aire.



Bhíodh go leór dá raibh ann buidheach — agus lán-
bhuidheach — de mhór-láidreacht agus de thiughas na leice
oidhre! Ní raibh aon bhaoghal go sluigfidhe iad ar chuma
'r bith, agus ba mhór an sásamh intinne dhóibh sin, 'ar
ndóigh!



Bhí fear mór millteach beathuighthe ann agus geólbhach
iongantach feóla air. Ba chumasach an tuailgín de
dhuine é — slán a bhéas sé! Maidir le colpaíbh cos,
b'aige a bhíodar. Acht cé'n ghoir a bhí ag na colpaíbh
ar na ceathramhnaibh breagha ramhra a bhí aige! Nár
chaillidh sé a chuid saille le brón ná le an-shógh, le
donacht ná le meathtacht! Ní raibh ag gabháil dó acht
beagáinín gearr-anála nárbh' fhiú cnaipe gan chos,”
adeir sé. Ní raibh acht tamall gearr ó tháinic sé do'n
tír “n-áit ar dhubhairt an dochtúir leis go raibh faitchíos
air go n-éireóchadh sé ró-utruighthe mara dtéidheadh
sé faoi athrughadh aeir, & a bhaill & a ghéaga
a oibriughadh & a aclughadh chomh maith is b'fhéidir
é.” Mar sin ní raibh uaidh acht neart luadháile.
Théidheadh sé 'n-a “bhob-sléigh” ná ar a “luge” gach
maidin a mbíodh an bealach feileamhnach, & chaitheadh sé
an tráthnóna ar an leic oidhre. Acht ní raibh aon rath
leis ag sleamhnughadh “cheal cleachta.” Dheamhan
breathnughadh ar leabhar ná ar pháipéar a dhéanfadh sé go
dtéidheadh sé ar ais i gceann ráithe, adeir sé!
“Tuige a mbreathnóchainn?” ar seisean. “'Ar
ndóigh, ní le bheith ag léightheóireacht ná sacuighthe istigh
a thainic mise annso acht le mo dhóthain grinn agus
caithimh aimsire a bheith agam?” Dubhradh leis, agus
dearbhuigheadh dhó os mo chomhair go mb'fhíor dhó é,
agus gur le bheith ciallmhar dhó é freisin! Acht tá
faitchíos orm nár mhó 'ná ciallmhar é. Déarfainn-se
gur dhuine leath-shimplidhe go leór é. Dá mbéitheá taobh


L. 25


le aon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh dá bhfeictheá
dháréag gleacaidhthe aerach geal-gháireach 'n-a thimcheall
ag múnadh dhó cé'n chaoi ar chóir dhó sleamhnughadh. Ba
mhinic a tháinic sé anuas go tobann d'aon phlimp amháin
agus a bhain géim as an leic oidhre. Agus ba mhinic
ag cuimilt a láimhe d'á cheathramhain é agus ag
lag-éagcaoin dó féin! Acht níor mhisde leis timpistí
beaga fánacha ó bhí an leac oidhre breagh cruaidh adeir
sé! Níor fhéadas gan cuimhniughadh ar “Phicbhuic”
agus an bheirt a chur i gcomórtas in m'intinn féin an
lá úd. Ba chosamhail le chéile iad in go leór slíghthe go
cinnte.



B'fhéidir gur baineadh corr-leagan maith slachtmhar as
daoinibh eile féin agus gur síneadh iad minic go leór.
Acht cé'r dhochar sin? Nár lá d'ár saoghal é? Agus má
gortuigheadh aon tsealgaire nach raibh cleachtach ar na
gléis sleamhnuighthe fágtar mar sin é. Ní fáightear
eolas gan duadh agus deacracht — ná gan corr-
ghortughadh anois agus arís, b'fhéidir!



IX.



Cnuic Leice Oidhre.



Ar shroichint Les Diablerets dhúinn chonnaiceamar
meall mór glas-ghorm leice oidhre uainn suas ar thaobh
an árd-chnuic, ag lonnrughadh go háluinn fá shoillsibh na
gréine. Tá sé annsin leis na ciantaibh, gan beann
ar theas an tsamhraidh, i n-aon mheallamhán amháin ar
nós an chriostail. Tá spiacáin mhóra leice oidhre, agus
guib fhada ghéara 'n-a chonablach, & snáthadaí móra fiche
troigh ar fad, b'fhéidir, ar sileadh as. Nach iongantach
an feic é annsin leis féin i rith na bliadhna, é glas-ghorm
go moch ar maidin, geal gléigeal fá shoillsibh na gréine
i rith an lae, órdha áluinn tráthnóna! Ní fhacas-sa uaim
acht an meall mór so agus ceann eile, “Le Glacier
du Trient,” acht tá na céadta aca ann ar fad.


L. 26


Gluaiseann na huisgí 'n-a sruthláiníníbh beaga anuas
de bharraibh na gcnoc, acht bíonn siad reóidhte beag nach
ó thús de bhárr an fhuaicht. Imthighid leób go roighin
réidh le fánaidh. Castar an meall mór leathan so 'n-a
mbealach & thairis sin ní théidhid. Greamuigheann siad
go léir dhe. Beireann sé ortha. Ceangluigheann dá
chabhail iad, &, ó bhíos siad i bhfastódh aon uair amháin,
níl goir aca iad féin a bhaint as greim. Tuiteann
sneachta 's leac oidhre anuas ó ghach taobh, & beirtear
greim ortha go léir.



Is minic carraigreacha móra le fágháil i gceart-lár
na leice oidhre & nár chorruigh as sin leis na céadtaibh
bliadhain. Is minic poll mór doimhin i lár an mheall-
amháin mhóir, agus na céadta bior mór láidir ar
liobarnadh agus ar sileadh as taobh istigh. Bíonn uisge
ar sileadh freisin go minic & feictear anois agus arís
croidhe an mheaill lán de. Leis an aimsir pléasgann
an t-uisge seo go minic sa samhradh, & sguabann le
fánaidh an chnuic 'n-a shruthán láidir go dtéidheann go
híochtar. Gluaiseann an meall mór féin beagán beag
i rith na bliadhna, acht ghníonn stad & mór-chomhnaidhe sa
deireadh, agus fanann go daingean láidir gan mórán
corruighthe a dhéanamh níos mó.



Is baoghlach contabhairteach an rud turas a thabhairt
ar chnoc leice oidhre, agus is iomdha duine a théidheas i
mbealach a bhasgtha ag dul ann dó. Tá “treóraidhthe”
i measg na gcnoc le dul i gcuideacht na sealgairí
agus lucht dhéanta grinn. Caithtear a dhul suas na
mílte troigh thríd an sneachta thar alltrachaibh móra agus
carraigreachaibh, thar chlaiseachaibh agus thar uachaiseachaibh,
& aon choiscéim amháin as an tslighe chaillfeadh sí an
saoghal mór dhuit go minic! Bíonn an treóraidhe i
dtosach, & córda nó téad mhór ceangluighthe timcheall
air. Bíonn an ceangal céadna ar gach duine a bhíos
'n-a dhiaidh. Bíonn na córdaí seo as fad a chéile ó'n
“treóraidhe” go dtí an fear deiridh. Cuidighid féin
le chéile ag dul suas. Bíonn gléis ghreama 'n-a
lámhaibh acab a théidheas i bhfastódh thríd an sneachta.
Bíonn an lón ceangluighthe i máilín beag ar a ndruim,


L. 27


agus is minic a hithtear é ar ghob géar an chnuic os
cionn an duibheagáin mhóir chúig mhíle troigh fútha thíos
caol díreach — chomh díreach leis an dorugha tig liom a
rádh!



Nach iomdha sin duine a dtiocfadh miabhán & rae-
roilleacán 'n-a cheann dá mbéadh air suidhe ar an
strapadh leice oidhre úd! Nach iomdha duine nach
dtiocfadh ar ais beó? Fairíor! is iomdha duine nach
dtagann go minic. Ní 'bhfad ó sgiorr fear óg le fánaidh
gar go leór do'n áit seo. Sgiorr fear eile ag siubhal
treasna thrí mheall leice oidhre, & cuireadh i ndiaidh a
mullaigh síos san uachais mhóir 'n-a ceart-lár é. I
gceann leath-uaire, nuair a tagadh le fóirthint air, bhí
sé greamuighthe de'n leic oidhre agus reóidhte! Níorbh'
fhéidir a thabhairt ar ais!



Chualas léightheacht áluinn ó fhear a bhí i mbárr na
gcnoc go minic. Chaitheadar cúig uaire a' chluig ag
treasnughadh aon mhór-chnocáin leice oidhre amháin, adeir
sé. Bíonn an oiread gob sa leic oidhre agus gur le
duadh agus deacracht mhóir is féidir siubhal uirthi 'chor
ar bith. Acht 'sé buac na “dtreóraidhthe” dána
neamh-eaglach a bheith i measg na gcnoc, ar na
beannaibh is áirde, ar na gobaibh is géire, ar na
strapaíbh is contabhairtighe! Grádhuighid iad go léir.
Is annamh a thagas duine aca anuas sna gleanntaibh.
Níl acht duine sé nó seachrán aca a thug cuairt ar
cheachtar de bhailtibh móra na tíre.



Leághann go leór de'n leic oidhre sa samhradh, agus
tagann an t-uisge uaithi anuas go tréan. Sa ngeimh-
readh méaduigheann sí arís. Deirtear gur i laghad
atáid go léir ag dul de réir a chéile gach bliadhain.
Tá trácht i sean-stair na hEilbhéise ar mhealltrachaibh nach
bhfuil a dtásg ná a dtuairisg le fágháil anois. Tá an
teas ag breith bhuaidhe ar an bhfuacht, acht is go roighin
réidh é. Ní feictear de ghnáth na hiongantais mhóra
so — na cnuic leice oidhre — níos ísle 'ná sé mhíle troigh
os cionn na talmhan cothrom leis an bhfairrge.


L. 28


Tráthnóna.



Bhí sé n-a tráthnóna nuair a bhíomar ar ais san áit a
d'fhágamar ar maidin. Bhí an ghrian ag brath ar a dhul
faoi — agus nárbh' áluinn mar d'fhág sí “slán” ag na
fathachaibh móra sléibhe sul chuaidh sí chum suain! Chuir
sí na mílte beann ar dearg-lasadh. Rinne sí ór
lonnrach de'n tsneachta gléigeal ar bharraibh na gcnoc.
Rinne sí bóithríní dearga 'n-a leicnibh. Chuir sí sgátháin
ag lonnrughadh ar nós an chriostail 'n-a dtaobhaibh.
Tháinic lóchrann glóire uaithi aniar chuig gach cnoc 's
beinn le sgéala go raibh sí le n-a bhfágáil go maidin
fá shoillse na gealaighe agus fá réaltaibh na hoidhche.
Bhí a gaethe dearga mar bhéadh teachtairí idir dhá cheann
an domhain. Tháinic frasa deór ó'n sneachta le cumha
'n-a diaidh. Agus nárbh' áluinn na deóra iad! Bhí gach
braon chomh lonnrach soillseach 's dá dtigeadh drúcht óir
anuas ó neamh. Shín na croinnte móra géagacha a
sgáilí sa sneachta le umhlaidheacht do'n ghréin. Sgairt
na fuinneóga dhi. Sheas na daoine i lár an tsneachta
ag déanamh iongantais dá glóire agus dá mór-áilne.
Tháinic dath buidhe-dhearg ar na néalltaibh a bhí mar
bhéadh lomraí móra olna i spéarthaibh an Domhain Thiar.



Dhearguigh spéartha na hEadáile, agus d'éirigh losgadh
sléibhe i mbun an aeir ó dheas. Tháinic néall mor
dorcha os cionn tórann na Gearmáine. Bhí spéartha na
Frainnce buidhe-ruadh agus corcor-dhearg i dteannta
'chéile; agus os ár gcionn bhí spéartha neimhe chomh gorm
le uisgíbh Locha Léman!



Ár mbeannacht leat, a Ghrian! Codail go sámh taobh
thall de'n chnoc! As do shuan go dtugair chugainn do
ghlóire ar maidin! Nach iomdha duine a chodlóchas go
sámh anocht atá buidheach dhíot, agus nár bheag sólás
lae gan thú? Míle altughadh leat-sa, a Rí na Glóire,
a chruthuigh an ghrian, an ghealach agus na réalta, agus a
thug dhúinn áilneacht iongantach an domhain agus na
cruinne! Nach Tusa Féin gach lóchrann? Nach Tú a


L. 29


lasas soillse nach múchfadh gaoth dhá láidre i gcroidhe
an deagh-dhuine? Nach Tú a shoillsigheas do'n tSaidhbhir
agus do'n Daidhbhir ó cruthuigheadh Ádhamh?



Ár mbeannacht leat, a Ghrian! Cuireann do ghlóire
glóire na bhflaitheas i gcuimhne dhúinn. Go mbeirimid
beó ort ar maidin! Agus míle altughadh Leat-sa, a
Rí an tSoillse — a Sholuis na Cruinne!



Anois seasamuis annso ar bhárr an árd-chnuic agus
dearcamuis uainn síos. Féach an ceó atá ag éalughadh
ó bhun na gcnoc. Féach an meall mór atá ag brúghadh
dhe amach fá bhun La Dent du Midi. Féach an meall
mór atá ag déanamh fá n-a dhéint go roighin réidh ó'n
taobh eile de'n ghleann.



Dearctar arís. Féach an droichead ceódhach dorcha
atá treasna an ghleanna mhóir idir an dá chnoc anois!
Tá an Rhóne ag crónán ós íseall faoi thíos. Tá la
Dent du Midi dhá mhíle dhéag troigh ar áirde ar thaobh
dhe. Tá la Dent des Morcles beagnach ar an áirde
chéadna ar an taobh eile. Tá Dún chosanta an ghleanna
agus gunnaí móra na hEilbhéise i leath-taoibh an chnuic
ag síor-fhaire. Acht anois tá droichead ó thaoibh go
taoibh nach dtreasnóchadh laochra dhá láidre, nach
mbrisfeadh gunnaí móra dhá iongantaighe, nach ndéanfadh
fir dá inntleachtaighe. Sin é Droichead na Sidhe agus
Bealach na Spiorad ó chnoc go cnoc. Bhí sé annsin ó
thús aimsire agus béidh go deireadh an domhain — i
bhfalach ar 'ch aon taobh de'n ghleann — le theacht 'n-a
chéile anois agus arís, nuair a theastuigheas ó “Ridire
an Ghleanna” a dhul ag breathnughadh ar le Glacier du
Trient nó aithgiorra a dhéanamh treasna na gcnoc go
Mont Blanc.



Agus anois dearctar síos sa ngleann arís. Tá
la mer de brouillard agat le feiceál anois. Nach
iongantach an rud fairrge agus gan innti acht ceó?
Tá sin os do chomhair. Féach mar ghluaiseas na meall-
tracha móra ar nós na dtonn, — mar fhágas siad
gleannta ceódhacha 'n-a ndiaidh! Féach an t-oileán
coillteach i lár báire, — mar oileán draoidheachta a
d'éireóchadh ó íochtar na fairrge. Tá na tonntracha ag


L. 30


gluaiseacht ar gach taobh dhe. Tá na madhmanna ag
briseadh i n-aghaidh na gcrann. Tá taoile tuile an
cheódha ag teacht isteach go láidir. Tá ar an oileáinín
imtheacht as amharc go beó! Buaileann an “Ridire”
le n-a shlaitín draoidheachta é agus síos leis! Tá an
gleann go léir i n-aon fhairrge amháin anois agus an
t-oileán sluigthe.



Acht nach aisteach an fhairrge í? Ní cloistear glór
bog brónach na dtonn. Ní ghluaiseann na tonntracha
móra fá ghearradh. Ní buailtear na fáganna go láidir
i n-aghaidh na gcarraigreacha. Ní curtar an cubhar ag
coipeadh agus ag fiuchadh go feargach. Ní imthigheann
an cáthadh “mar bháistigh ins na spéarthaibh!” Ní
imthigheann. Níl san bhfairrge seo acht ceó. Ní raibh
san oileán acht barra na gcrann i gcoill agus an ceó
'n-a dtimcheall. Ní raibh san droichead acht gail agus
ceó a tháinic as na cnocaibh thar éis dul faoi do'n
ghréin.



Leath an dorchadas ar an talamh. Bhí an ghrian as
amharc sa domhan thiar. Sgaip na soillse áilne a bhí
ar na beannaibh agus d'imthigheadar — mar imthigheas an
tuar ceatha, agus mar thréigeas a dhatha os comhair ár
súl. Na hárd-chnuic a bhí fá thuiltibh soillse leath-uair
ó shoin bhíodar annsin mar bhéadh fathaigh mhóra ag faire
san dorchadas le ciúin-tráth na hoidhche, agus a mullaigh
árda ag sgríobadh leis an aer. Ní raibh torann dhá
laghad ná fuaim dhá laige le cloisteál. Bhí préacháin
bheaga na nAlp ar a suaimhneas agus faoi fhasgadh.
Ní raibh cor ag duilleabhair na gcrann ná ag na
géagaibh sa gcoill — mar nach raibh puth as aer ag
séideadh fá láthair. “Bhí an saoghal ar fad uaigneach,”
tráth ar sheasas liom féin ar bhárr an chnuic.



Chonnaiceas an ghealach ag biorrughadh aníos go mall
réidh de réir a chéile go raibh sí 'n-a seasamh go díreach,
dar liom, ar mhullach árd-chnuic uaim soir. Suas léithi
gan gleó gan torann 'n-a meall mór bán i measg
na néall. Anoir léithi os cionn na nAlp ag dearcadh
uaithi síos ar chnocaibh agus ar bheannaibh, ar mheall-
trachaibh móra glas-ghorma leice oidhre, ar an sneachta
gléigeal, ar chroinntibh árda, ar aibhnibh doimhne.


L. 31


Lasadh coinnle beaga soillseacha na spéartha os mo
chionn. Bhí lonnrughadh na réalt ag rinnceadh os cionn
an domhain — na mílte agus na milliúin de shoillsibh
beaga nach múchfadh gaoth dhá láidre ná anfadh dhá
uathbhásaighe — mar shoillse an tír-ghrádha ag lonnrughadh
í lár an chroidhe!



“Stadas seal agus mhachtnuigheas tamall” i ngan
fhios do'n tsaoghal. Nár bheag bídeach suarach éid-
treórach mise ar aghaidh na mór-iongantas úd! Féach
na hAlpa móra, nach fada fada é a saoghal! Nach mór
a d'fhéadfaidís innseacht! Chonnaiceadar Gall agus
Columbanus ag craobhsgaoileadh Soisgéil Dé. Chon-
naiceadar Dáithí ar a thuras deireannach tráth ar
mharbhuigh an teine ghealáin é fá n-a mbun. Táid annsin
ag dearcadh uatha ó thús an tsaoghail agus béidh go lá
deiridh an domhain. Nach fada é a stair agus a
seanchus! Nach dtiocfadh leób a rádh liom mar deir
an “Bhóchna” mhór leis an “mbraon” fíor-uisge a
bhí ag sileadh as taoibh na haille:—



“Est-ce que j'ai besoin de toi —
Petite, moi qui suis l'immense?



Sin é an smaoineadh a tháinic chugam ag dearcadh
uaim dhom ar na hAlpaibh, agus ar réaltaibh na hoidhche.
Smaoinigheas nach bhfuil i saoghal an duine acht ceó —
mar deireas na sean-Ghaedhilgeóirí — i gcomórtas leis
an tsíorraidheacht atá romhainn, agus gur beag suarach
í obair an duine i gcomórtas le oibreachaibh móra Dé.



Agus anois, a léightheóir na gcarad, ó tá an
deireannas ann, agus néillín chodladta ort, b'fhéidir,
thar éis a bheith ag léigheadh dhuit le tamall, cuirfead
chugat míle slán agus beannacht ó árdaibh na hEilbhéise.
Ní raibh 'n-ár “Seilg” acht seilg lae. Is mór eile
a thugamar fá deara agus a chonnaiceamar annso, acht
níl uain againn leanacht dár dtráchtas níos fuide fá
láthair.



B'fhéidir, amach annso, go n-eireóchadh linn geábh eile
a thabhairt thríd an tír, agus go mbéadh cur síos againn
sa gClaidheamh ar ghnáth-shaoghal na ndaoine agus
ar go leór neithe eile — le do chead-sa, a Eagarthóir
chroidhe.



Mícheál Breathnach


L. 32


“Lean Lorg na Laochra.”



(Ó'n “gConnachtach.”)



Go mbeannuighthear dhíbh, a Ghaedheala! Seo chugaibh
“An Connachtach” óg nár facthas go dtí seo i Críchibh
Banban. Tagann sé chugaibh lán de mheidhir agus de
chroidheamhlacht na hóige. Tá fuinneamh agus neart san
óglaoch Gaedhealach so. Tá smior na nGaedheal 'na
chnámhaibh. Tá lúthad na nGaedheal 'na bhallaibh. Tá
fuil the na nGaedheal ag preabadh go láidir 'na chuis-
leachaibh! Tá — agus tá a chroidhe geal Gaedhealach ag
cur thar maoil le grádh agus le dílseacht do Bhántaibh
Fáil!



Leanfaidh “An Connachtach” “lorg na laochra.”
Seasfaidh sé go daingean cródha ar son teangadh na
nGaedheal agus ar son gach a bhfuil fighte fuaighte
snadhmtha le fíor-náisiúntacht. Oibreóchaidh air gan
staonadh gan stríocadh le sgamaill dhubha ghránda an
Ghalldachais agus na Seóinínteachta a sgaipeadh.
Cuirfidh sé é féin i gcéill gan sgáth gan eagla, agus
nochtfaidh sé a smaointe do'n tsaoghal Fódlach go meis-
neamhail fearamhail i gcómhnuidhe.



Rachaidh sé 'un cainnte le Seóiníníbh agus le Staigíníbh,
le ceóláin agus le glincíníbh, le daoinibh fallsa táim-
leisgeamhla agus le daoinibh spadánta sleam-chúiseacha.
Acht tá faoi labhairt leób go mín ciúin ceannsa gan
tadhad gan buile. Tá a fhios aige gur easbaidh eólais
atá ar a bhfurmhór — seadh, easbaidh eólais, neamh-shuim,
agus corp leisge. Cuirfear an fhírinne ghlan go soiléir
soillseach os a gcómhair agus tá dóchas ag “An
gConnachtach” go dtiocfaidh athrughadh smaointe dh'á
lán aca dá bhárr. “Níor chaill fear an mheisnigh riamh
é!”



Tá ar “An gConnachtach” a chion féin a dhéanamh
leis an fhíor-sprid Ghaedhealach a dhaingniughadh sna


L. 33


daoinibh; leis an nGaedhilg a leathnughadh; leis an tír-
ghrádh a neartughadh. Tá faoi gach ar féidir leis a
dhéanamh ar son déantús agus earraidhe na tíre. Seas-
faidh sé ar son na measardhachta agus oibreóchaidh sé
le meas a chur ag an nGaedheal air féin agus ar a
thír, ar a stair agus a litridheacht, a ceól agus a
seanchus, a sean-nósa agus a béasa fíor-Ghaedhealacha.
Acht thar gach nidh féachfaidh sé le sean-teanga na
nGaedheal a chur i n-árd-réim arís in gach clúid agus ar
gach teallach sa gCúigeadh seo ga háithrid.



Tá “An Connachtach” óg ag éileamh cabhrach oraibh, a
cháirde. Ná clistear air! Ó thárla beó bríoghmhar
folláin é anois ná leigtear san ísligh-bhrígh é de cheal
conganta. Seóltar chuige baramhail agus smaointe
agus breitheamhnas na gcarad. Gabhamuid ár mór-
bhuidheachas le gach sgríbhneóir dár chuidigh linn san
gcéad iarracht.



Sgríobhaidh chuige, a Mhúinteóirí Taisdil! Innsighidh
mar tá ag éirghe libh sa nGaedhealtacht. Cuiridh síos ar
bhur saothar, agus ar aon nidh atá ag cur teampáin ar
bhur n-obair. Cuiridh chugainn laoidhte, sgéalta, dánta,
amhráin, seanchus, &rl., ó na sean-Ghaedhilgeóiríbh. Béidh
fáilte 'gus fiche roimh thráchtais uaibh i gcomhnuidhe, a
cháirde chroidhe.



“Mol an óige agus tiocfaidh sí,” adeir an sean-
fhocal. Má's fíor do'n tsean-rádh so é ba cheart go
dtiocfadh croidheamhlacht mhór agus árd-mheisneach do'n
“Chonnachtach.” Fuair sé mór-mholadh ó fhearaibh Fáil.
Thaithnigh sé le gach duine do réir mar hinnstear dhúinn,
& fáiltigheadh roimhe go geanamhail Gaedhealach in gach
áit 'n-ar thriall.



“Ní raibh súil againn le n-a leithid de pháipéar chor
ar bith,” ars' an “Peasant,” “agus ní raibh aon
cheapadh againn go mbéadh sé baoghal ar chomh maith & tá
sé. Tá brígh & spreacamh ann. Tá smaointe & eólas
ann agus tá breitheamhnas cruinn grinn le fághail ó


L. 34


an lucht sgríobhtha. Ní'l aimhreas againn nach músglóchaidh
sé spioraid na saorsachta & an tír-ghrádha san Iarthar,
agus nach gclisfidh sé é féin a chur i gcéill & i n-éifeacht
ar fud Éireann uile.”



“Bíonn gach tosughadh lag.” Acht fantar go
bhfeictear! Támuid féin lán-tsásta le mar d'éirigh le
'n-ár gcéad uimhir. Díoladh gach cóip dár cló-
bhuaileadh. Is ag neartughadh agus ag dul 'un treise a
bhéithear le congnamh Dé. Ní'l uainn anois acht cabhair
na gcarad le lóchrann na Gaedhealtachta a sgaipeadh ar
fud Chonnacht.



Is fada deacair achrannach agus is doiligh aisdreánach
an casán atá rómhainn, acht ní chuireann sin droch-
mheisneach ná mí-mhuinghin orainn. Tá an talamh garbh
le socrughadh agus an síol le cur san ithir. Bhí an
galldachas calcuighthe i n-ithir na h-intinne le fada, agus
gan d'á bhárr ag fás acht galántacht bhréige, truailleachas
aigne, sglábhaidheacht, suaraighil, agus neamh-shuim. Ní
raibh árd-smaointe ná dian-mhachtnamh ar an mbárr
gallda úd. Bhí na gasa feóighte críon. Bhí na blátha
seargtha. Bhí na torthaí lobhtha. Tá orainn bárr eile
a bhaint anois. Caithfear an ithir a spréadhadh as éadan
a chéile ar dtús agus an síol glan-Ghaedhealach a chrathadh.
Tá tosuighthe ag an “gConnachtach” agus rómhróchaidh
sé roimhe go dian dícheallach go mbídh an bárr mar ba
dual do thír na nGaedheal.



Tá dóchas mór againn as Gaedhealaibh Chonnacht — go
háithrid as lucht sgríobhtha & lucht mhúinte na teangadh.
Tá meisneach breagh ag teacht d'ár sgríbhneóiríbh óga,
agus iad ag éirghe muinghíneach asta féin anois. Ní'l
duine dhíobh gan a bharamhail féin ar gach nídh a bhaineas
le cús na Gaedhealtachta, agus nach dtig leis a
smaointe a nochtughadh dhúinn go glan soiléir.



Buailidh fá'n obair & cuiridh cúis na teangadh i
dtuigsint do'n tsluagh mór nach dtuigeann í, a cháirde!
Ar aghaidh libh, a Laochra Gaedhil! Beireadh gach mac
máthar agaibh ar a “Chlaidheamh Soluis” agus ar mhála
de'n tsíol Gaedhealach! Agus, acht a dtigidh lá an
fhóghmhair, nach lonnrach mar shoillseóchas grian na saoirse


L. 35


os cionn bánta Fáil! Socruighidh an talamh, agus
spréidhidh libh! “An té nach gcuirfidh san earrach ní
bhainfidh sé sa bhfóghmhar.” Anois tá sé i n'earrach i
nÉirinn, agus oibrighmis orainn!



Tá Sliabh Partraighe agus Loch Measga fá thoirchim
suain agus mór-shuaimhnis. Tá cumha agus uaigneas ar
gach cnoc 's gleann — ar gach máigh agus oileán. Tá
ciúineas mór ar fud Thuar Mhic Éadaigh. Tá. Ní'l
gáir-chatha Gaedheal “ag síneadh go hárd ar an ngaoith”
mar bhíodh. Tá an phíob mhór agus an bheidhlín na dtost.
Tá an filléidín fada ar iarraidh. Ní cluintear glórtha
láidre Gaedheal ag músgailt macalla na gcnoc le “Fir
an Iarthair,” agus cá bhfuil an sgairtighil gháire a baintí
as Gaedhealaibh leis “an Maidrín Ruadh” nó le
“Inghín an Phailitínigh”?



Tá siad imthighthe go léir! Ba bhrónach sgaradh na
gcarad i gColáiste Chonnacht. Acht casfar ar a chéile
iad fós le congnamh Dé ar an gcreagán árd aerach
céadna. B'iomdha sin lá geal aoibhneach a chaitheadar
le chéile, agus b'iomdha sin uair a chaitheadar ag
oibriughadh go dúthrachtach ag fóghluim do theangadh, a
shean-Éire. Ní raibh duine dhíobh gan grádh ó chroidhe a
bheith aige dhuit — seadh, grádh agus mór-ghean. Oibhreóch-
aidh siad ar do shon d'oidhche agus de ló, agus
déanfaidh gach duine a chion féin leis an nGaedhilg bhinn
a chur ar ais i n-árd-réim i n-áruis na nGaedheal.
Gealltar sin duit.



Is geal agus is áluinn mar d'éirigh le Coláiste
Chonnacht i mbliadhna. Bhí sluagh mór iongantach
Gaedheal ann — cailíní sgiamhacha spéireamhla agus
ógánaigh lúthmhara sgolabánta a mbéadh bród ag do
chroidhe asta. Bhíodar go léir lán-tsásta le mar
chuadar ar aghaidh. Cuireadh a lán ar eólas dóibh nach
raibh aca cheana. Bhí 140 duine sa láthair i rith an dá
théarma, agus is ádhbhar mór-áthais dúinn go dtáinic
daoine ó gach conndae i nÉirinn uile. Mar sin díbh, a
Ghaedheala!


L. 36


An lá sul cuireadh críoch ar obair na Coláiste tháinic
an Craoibhín Geal Aoibhinn ar cuairt. Cuireadh na
mílte agus na múrtha fáilte roimh Árd-Rígh Chonnartha
na Gaedhilge. Bhí croidhe gach duine sa gColáiste ag
cur thar maoil le aoibhneas nuair a leagadar súil air.
Léigheadh “Fáilte do'n Chraoibhín,” agus leigeadh trí
gártha cnuic a cluineadh ó Shliabh Partraighe go Dúthaigh
Sheóighe. Rinne an Craoibhín óráid bhreagh bhríoghmhar ag
moladh na hoibre a bhí ar siubhal sa gColáiste, agus mhol
do na macaibh léighinn a bheith i gcómhnuidhe dá ríribh agus
fíor-dhílis. Dubhairt go raibh sé cinnte go ndéanfadh
go leór de Ghaedhealaibh óga na Coláiste obair mhór
thábhachtach amach annso ar son teangadh agus litridheacht
na nGaedheal. Bhí an Craoibhín i láthair nuair a bhí an
sgrúdughadh sa múinteóireacht ar siubhal agus bhí sé lán-
tsásta le modhthaibh múinteachais na Coláiste.



D'fhág sé slán & beannacht ag an gColáiste tráthnóna.
Tiodhlacadh síos go bruach Locha Measga é. Bhí na
mic léighinn go léir san gcomh-shiubhal. Seinneadh
“Trialladh an Chraoibhín” ar na píobaí cogaidh go
meisneamhail mór-dhána, agus bhí na Gaedhil go léir ag
éirghe ó thalamh le mór-chroidhe agus glionndar. Stadadh
ag ceann an bhóthair agus tosuigheadh ar an damhsa.
Rinnceadh go lúthmhar éadtrom-chosach. Gabhadh “Fir an
Iarthair” go fearamhail croidheamhail. Éisteadh go
haireach áthasach le briathra binne an Chraoibhín. Cuireadh
uaill mhór Ghaedhealach i n-aer. Crochadh hataí. Crathadh
céirsiúir, leigeadh glaoidh & glaoidh eile. Tháinic lonn-
radh soillseach ó'n ngréin aniar a dtuaidh agus ghluais
leis an gCraoibhín Geal Aoibhinn ar a bhealach ar ais go
sásta & go sólásach.



Go mbeannuighthear dhíbh, a Mhúinteóirí Sgoile! Cé
mar tá ag éirghe libh ar an uair seo de ló? An bhfuil
sibh go léir ag tabhairt “cabhair na gcarad” do chúis
na Gaedhilge? An bhfuil sibh go léir ag cur dílseachta,
dúthrachta, agus spioraid an tír-ghrádha ag borradh agus


L. 37


ag lasadh i gcroidhthibh na n-ógánach atá fá nbhur gcúram?
An músgluigheann sibh smaointe na Saoirse — grádh do
gach cnoc 's gleann — gach abhainn 's sruthán — gach gort
's garrdha — i nÉirinn iath-ghlais?



An bhfuil fíor-ghean ag bhur malraigh ar gach beithidheach
sa bpáirc, gach éinín deas ceólmhar san aer?



An aithriseann sibh sgéalta as stair na hÉireann
dóibh — sgéalta a líonfadh a gcroidhthe geala óga le
áthas — gníomha cródha agus buillí tréana a chuirfeadh an
fhuil ag preabadh go teann láidir 'na gcuisleachaibh?



Ní'l nidh sa saoghal chomh geal, chomh glan, chomh glé,
chomh gléigeal le inntinn an pháiste. Grádhuigheann sé
go nádúrthach gach nidh breagh áluinn. Is maith leis a
bheith ar a chomhairle féin. Is maith leis a bheith saor.
Ní'l páistín beag ag siubhal an urláir i nÉirinn nach
bhféadfaidhe a chroidhín óg a líonadh le tír-ghrádh. Ní
theastuigheann acht deagh-shompla agus deagh-theagasg ó
thús. 'Sé dualgas an mhúinteóra an deagh-theagasg sin
a thabhairt uaidh. Tugtar é “ar son glóire Dé agus
onóra na hÉireann,” agus tiocfaidh an lá a mbéidh Éire
buidheach de lucht mhúinte a clainne.



Tá go leór sgolta 'na múintear an Ghaedhilg ar nós
chuma liom. Bhéadh sé chomh maith éirghe aisti ar fad le
bheith ag gabháil di ar a leitheid de chaoi.



Cé mhéad sgoil i nÉirinn uile 'na bhféachtar le
Gaedhilgeóirí a dhéanamh de na páistíbh? Cé'n mhaith a
bheith i n-an ráidhte beaga a léigheadh agus a thionntodh
mara dtéidhthear thairis sin — agus ní téidhthear in go
leór sgolta 'na bhfuiltear n-ainm 's bheith ag múnadh
na Gaedhilge le fada 'n lá.



Tá a fhios againn nach raibh modhtha múnte feileamhnacha
i ngnáth-úsáid go dtí le goirid.



Acht anois badh chóir go mbéadh an Modh Díreach ar
eólas ag gach múinteóir. Agus i dteannta an mhodha
ní mór do'n mhúinteóir a bheith 'na Ghaedhilgeóir é féin.
Ní thig le duine rud a theagasg nach bhfuil ar eolas aige,
ná Gaedhilgeóirí a dhéanamh de na páistí maran Gaedhil-
geóir é féin. Agus fairíor! Tá go leór múinteóirí
ag múnadh na Gaedhilge le fada agus gan mórán eólais


L. 38


aca féin uirthi. Níor chóir gur ab amhlaidh a bhéadh. Ar
na sgolta a sheasas Connradh na Gaedhilge leis an
nGaedhilg a shábháil, agus, má thogruigheann na múin-
teóirí agus na stiúrthóirí é, tiocfaidh leóbhtha a sábháil
de bhuidheachas do'n tsaoghal.



Comh-gháirdeachas libh, a Thimtirí Gaedhealacha an Bhuird
Náisiúnta! Go mairidh gach aon díbh a thoghadh. Go
n-éirighidh le nbhur saothar go geal. Dia go gcuiridh rath
agus slacht ar bhur n-obair.



Is mór bhur ndualgas, a Thimthirí. Is mór bhur bhfaill
agus bhur ndeis le cuidiughadh le cúis na Gaedhealtachta.
Tig libh na sgolta a chur ag obair mar is cóir agus is
feileamhnach, an clár dhá-theangadh a chur i n-úsáid, na
múinteóirí a ghríosadh agus a bhrostughadh, na páistí a
chómhairliughadh agus mór-shuim a chur aca 'na dteangaidh
dhúthchais féin. Támuid lán-chinnte go gcuirfear suim
in bhur mbriathra beóil. Tá croidhthe tír-ghrádhacha Gaedh-
ealacha agaibh go léir. Is fada 'n lá sibh ag oibriughadh
go dian dícheallach ar son teangadh bhur dtíre. Ní
fhéadfadh faill níos fearr a bheith agaibh ná mar atá ar
an uair seo de ló leis an nGaedhilg a dhaingniughadh sa
nGaedhealtacht, agus a thabhairt ar na sgolta a ceart
féin a thabhairt do theangaidh dhúthchais na bpáistí.



Seo é an socrughadh is tábhachtaighe dhá ndearnaidh an
Bord go dtí seo. Níor mhinic sinn ag tabhairt an
“fhocailín mholta” do'n Bhord agus ní déanfar sin
anois acht an oiread mar is mór eile atá uainn ó'n
mBord céadna. Acht deirimid gur mór mór an chéim
ar aghaidh dhúinn lucht ghríosta a bheith againn sa tír a
mbéidh aire agus áirdeall aca i gcómhnuidhe i gcómhnuidhe
ar na sgoltaibh a mbéidh an Ghaedhilg dhá múnadh ionnta.
Mar dubhramar an mhí seo chuaidh tharainn ní rabhthar acht
ag leath-mhagadh ag múnadh na Gaedhilge in go leór
sgolta go dtí le goirid. Ní raibh beódhas, brígh ná
meisneach sa múinteóireacht. Ní raibh suim ag na
páistíbh bochta sna ceachta tura fuara loma a múintí


L. 39


dhóibh. Agus maidir leis an teangaidh a mhúnadh go
healadhanta nó modhtha maithe múinteachais a bheith i
ngnáth-úsáid, ní raibh.



Caithfear athrughadh puirt agus athrughadh sgéil a bheith
ann feasta. Táthar ghá rádh go dtuigeann Bord an
Oideachais ar deireadh thiar nach mór úsáid cheart
ealadhanta a dhéanamh de'n Ghaedhilg le oideachas ar bith
a thabhairt sna ceanntair Ghaedhealacha. Nach fada an
lá sinn ghá rádh sin leób? An bhfuil siad ar aon inntinn
linn 'na thaoibh sa deireadh? Deireann daoine
ughdarásacha go bhfuil. Is fada an lá anois an Ghaedhilg
d'á teagasg in go leór sgolta sa nGaedhealtacht. Is
iomdha gasúr a chaith trí bliadhna “ag gabháil di.” Cé
mhéad sgoláire measardha Gaedhilge a tháinic chugainn ó
na sgolta sin san am a caitheadh? Cé méad aca a bhí
i n-an litir dheas shlachtmhar a sgríobhadh 'na theangaidh
féin? Cé mhéad aca a raibh grádh do'n teangaidh 'na
chroidhe de bhárr deagh-shompla a mhúinteóra? Cé mhéad
a lean do staidéar a dhéanamh ar an teangaidh thar éis
imtheachta ó sgoil dó? Ba bheag, rí-bheag é.



Tá sé i n'am agus thar am tosughadh i gceart ar an
oideachas Gaedhealach sna sgoltaibh. Tá sé i n'am
faill a thabhairt do'n Ghaedhilgeóir ar a inntinn agus a
aigne a oibriughadh 'na theangaidh féin. Bhí an
aigne Ghaedhealach go hiongantach nuair a bhí an
Ghaedhilg fá réim agus fá bhláth. Sgrúduigh “Amhráin
Ghrádha Chúige Chonnacht.” Nach binn ceólmhar smaoin-
teach, nach aibidh, nach bríoghmhar, nach litreadha an chainnt
a gheobhair ionnta?



I leabaidh na cainnte áilne sin ní'l againn anois in
go leór áiteacha acht Béarla briste. Tá an aigne
truaillighthe ag an teangaidh ghallda. Tá an fhilidheacht
ar iarraidh. Ní'l againn anois acht a bheith ag léigheadh
i leabaidh a bheith ag cumadh agus ag ceapadh mar ghníodh
ar sinnsear — agus ní grádh mór do'n léightheóireacht
féin atá againn. Cuirigidh athrughadh crotha ar an sgéal
sa nGaedhealtacht, a Thimthirí agus a Mhúinteóirí agus
tuillfidh sibh buidheachas na hÉireann.


L. 40


Go mbeannuighthear dhíbh-se, a sgríbhneóirí na Gaedh-
ilge. Ar mhisde dhom focal nó dhó a rádh libh? Tá
neithe go leór a bhaineas le sgríbhneóireacht & le
litridheacht nár mhisde a chur os comhair gach duine
againn go mion & go minic. Ní hé go leór atá le
fághail i nGaedhilg na haimsire seo fós ar fiú árd-
litridheacht a thabhairt air. Ceapann sgríbhneóirí áithride
mara bhfuil dh'á rádh aca acht “go rabhadar ag tiomáint
an asail” nó “ag beathughadh na muc” go bhfuilid ag
fágáil litridheachta n-a ndiaidh! Táid ag fágáil cainnte
agus sgéalta againn, acht an litridheacht cainnt agus
sgealta i gcómhnuidhe? Nár leigidh Dia!



Anois tosuighmís ar iarracht a thabhairt ar a chur os
bhur gcómhair cé leis ar chóir go mbéadh súil againn sa
litridheacht. Ní mar a chéile na tighthe a ghníos saoir
chloiche áithride go minic cé go mbíonn gach teach dhíobh
go háluinn agus go galánta, b'fhéidir, 'na shlighe féin.
Mar an gcéadna leis na sgríbhneóirí. Tá a inntinn,
a aigne, a éirim, a mheabhair, a thuigsint, a eólas, a
ghrinneas, a chruinneas féin ag gach duine. Tá buaidh
filidheachta ag duine, buaidh ceaptha ag duine eile,
buaidh aithrise agus innste ag an tríomhadh duine. Acht
san té ar leis litridheacht iomlán a sgríobhadh ní mór dhó
na tréithre seo go huile. Ní móide gur sgríobh sé
dán nó rann 'riamh acht caithfidh féith na filidheachta a
bheith ann i dtaisge i n-áit eicínt — mar gan í ní thiocfaidh
leis cur síos go fileadhta nuair is gábhadh dhó é.
Teastuigheann fuinneamh agus spreacamh, gearradh agus
neart, spioraid agus cumhacht sa gcainnt ar uairibh.
Bíonn an anfadh ag séideadh go huathbhásach; an fhairrge
mhór ar buile le mór-fheirg; na coillte ag géimnigh
agus ag síonaighil; an toirneach ag creathadh na
spéartha; an teine ghealáin ag ropadh an aeir; agus an
fhearthainn ag baint deannaigh as na leacrachaibh glasa.
Ní mór dhuit, a sgríbhneóir, é seo go léir a chur síos go
bríoghmhar agus go fuinneamhail. Caithfir gach nidh a
chur go glan iomlán os comhair amhairc spioradáilte an
léightheóra.


L. 41


Agus annsin tagann an ciúineas agus an mór-
shuaimhneas. Bíonn an domhan ar suidheachan. Ní bhíonn
puth as aer. Tá tír-ghrádhuightheóir óg os do chomhair ag
fághail bháis ar son a thíre. Á! Músgail na smaointe
is caoine agus is fileadhta! Tagadh deóir ó do shúil
agus dhá dheór ó do chroidhe! Líonadh d'inntinn go léir
de'n radharc atá os do chomhair. Ritheadh na dreólánaí
doininn thrí gach ball ded' chorp. Beir ar do pheann.
Machtnuigh & smaoin & machtnuigh. Agus nochtuigh do
smaointe “le glórtha na mbárd.” Béidh filidheacht
san aithris sin. Béidh caoineas in do chainnt sgurtha
anois, nó is tur agus is tirim é do pheann. Seadh,
béidh. Agus b'fhéidir go mbéadh an ghuidhe agus an
mhallacht, an grádh agus an ghráin, an searc & an fuath
agat fighte fuaighte le chéile!



Tá ort buaidh innste agus ceaptha a bheith agat mar
dubhras cheana — a bheith i riocht cur síos go háluinn agus
aithris go nádurthach glan-Ghaedhealach. Bí chomh simplidhe
agus leigfeas nádurthacht cainnte dhuit a bheith. Acht
ná cuir an oiread suime sa tsimplidheacht 's go
gcoisgfidh tú ar do chuid cainnte a chur síos de réir
mar thagas sí chugat. Ná dearmad nach mar a chéile
an chiall a bhaineas a lán daoine as an bhfocal “sim-
plidheacht.” An rud is simplidhthe do'n Ghaedhilgeóir 'sé
is deacra do'n mhac léighinn go minic. Cuir do
léightheóirí i lagracha' ag gáiridhe nuair a theastuigheas
uait gáire do bhaint asta. Déan úsáid de'n chainnt
a chualais ag na Gaedhilgeóirí 'ch uile lá riamh — bíodh sí
simplidhe nó deacair. Ní ar na macaibh léighinn — dhá
thábhachtaighe iad — is cóir do'n sgribhneóir a bheith ag
smaoineadh acht ar na Gaedhilgeóirí a rugadh agus a
béarfar.



A sgríbhneóir, bí muinghíneach dóchasach i gcómhnuidhe.
B'fhéidir gur bhronn Dia éirim agus inntleacht ion-
gantach ort i ngan fhios duit fhéin & do'n tsaoghal. Táir
óg fós agus tá aimhreas agat ort féin. Is áluinn an
nídh a bheith umhal — ní'l tréith is taithneamhaighe le fághail


L. 42


— acht ná leig do'n umhlaidheacht ná do'n óige fhéin cosg
a chur ar do smaointe a nochtadh. Ní thiubhraidh an
saoghal mórán áirde ort ar dtús. Ní cuirfear mórán
suime ionnat. Acht ná cuireadh sin aon droch-mheisneach
ná mí-mhuinghín ort. “Lean an ród go díreach.” Agus
má thug Dia na buadha dhuit cruthóchaidh an aimsear sin.
Ní féidir cosg a chur le uisge na habhann. Pléasgfaidh
sé le fánaidh i n-áit eicínt. Mar an gcéadna leis na
smaointe. Nochtfar & foillseóchar iad de réir a
chéile — mar shruthláin ag teacht as loch i lár an tsléibhe.



Badh cheart duit, a sgríbhneóir, a bheith i gcómhnuidhe
ag léigheadh agus ag fóghluim. Má's leat aon nídh
áluinn liteardha a sgríobhadh agus gealán a chur ar
chroidhe an Ghaedhil, ní mór dhuit staidéar a dhéanamh
ar na sgríbhneóirí is fearr agus is eólasaighe. Ná bí
sásta le cainnt shuaraigh sheafóidigh, le sgéalta mí-
thaithneamhacha — le ughdair gan suim gan meas ar na
neithibh is gile agus is áilne san saoghal mór. Seachain
an sgríbhneóir nach bhfuil teagasg glan glé agus eólas
sláinteamhail folláin do'n aigne le fágháil uaidh. Díbir
uait é! Ní'l sé acht ag cur chathuighthe ort — ag
truailliughadh agus ag milleadh d'inntinne — ag cur
smúite agus sgamaill ghránda ar do mheabhair agus ar
do thuigsint — agus ag cur néallta mór bagarthach
an bhaoghail agus na contabhairte in do thimcheall.
Bíodh grádh mór láidir daingean agat do'n Áilne agus
do'n Ghile. Bí measamhail ort fhéin agus ar an gcineadh
daonna. Tá neithe i dtaisge go cúramach i gcómhairín
do chroidhe — bíodh síor-ghean agat dóibh agus is fearrde
do shaothar é. Bíodh fút deagh-theagasg a thabhairt do'n
léightheóir — comhairle, eólas, siamsa, sult 's greann a
chuirfeas an aimsear thairis go haoibhinn taithneamhach
agus a rachas 'un tairbhe dhó i gcómhnuidhe. Tá an
saoghal so dona go leór & mí-ádhsach go leór cheana.
'Siad na sgríbhneóirí is cionntach le cuid mhaith de
dhonas an tsaoghail — na droch-sgríbhneóirí a bhí fúm a
rádh. Nach iomdha anam a dhamnuigheadar! Nach iomdha
óganach a tharrnuigheadar i mbealach a bhasgtha! Ba
dual do'n Ghaedheal a bheith ag obair ar son gach nídhe


L. 43


dhá uaisle agus dhá áilne. Bíodh ár litridheacht nuadh
glan gan smál ar nós croidhe agus coinsís ár dtíre!



Bí i gcómhnuidhe ag smaoineadh, ag léigheadh, ag
cleachtadh, má's leat modh sgríobhtha maith taithneamhach
slachtmhar a bheith agat. “Tagann gach maith le
cáirde.” Mar an gcéadna le sgríbhneóireacht. Tagann
éasgaidheacht agus deiseacht agus áilneacht cainnte le
síor-chleachtadh. Bí dílis agus dá ríribh. Léigh an
fhilidheacht is fearr agus is áilne — na sgéalta is mó
cliú agus cáil — beatha na ndaoine ba cumhachtaighe &
do b' inntleachtaighe — stair & drámaí. Má tá an dúil
cheart agat ionnta is cruthughadh maith dhuit féin é. Badh
cheart do sgríbhneóir na Gaedhilge eólas cruinn a bheith
aige ar shean-sgéalta na nGaedheal. Badh cheart dó
a bheith eólasach ar na laoidhte fiannaidheachta agus
staidéar cruinn a dhéanamh ar an gcainnt agus ar an
modh sgríobhtha atá ionnta. Ní mór do'n sgríbhneóir é
fhéin a thomadh go doimhin agus folcadh go mion & go
minic i dtobar na fíor-Ghaedhilge. Is mór a thig linn
a fhóghluim as sean-sgéalta agus sean-amhráin ár dtíre.
Sgríobhadh nó cumadh iad nuair a bhí an aigne, na
smaointe agus an chainnt fhéin fíor-Ghaedhealach. Is
mór a leigeadh ar lár i nÉirinn ó shoin, fairíor! Is mór
a chuaidh an Ghaedhdhilg ar gcúl. Is mór a truailligheadh
& a milleadh an aigne Ghaedhealach. Téighmis ar ais agus
feicimis cé'n chumhacht & cé'n doimhneacht a bhí innti sul
thosuigh an meathadh agus an feóthadh — sul thosuigh an
truailliughadh agus an Béarlachas. Tá go leór de
litridheacht na nGaedheal i leabharlannaibh ar fud Roinne
na hEórpa agus gan fágháil againn ar na seóda
luachmhara atá i dtaisge ionnta. Fairíor géar — gur
mar sin atá! Acht a bhfuil d'ár litridheacht ar fágháil
badh cheart do na sgríbhneóirí a léigheadh & a mion-
sgrúdughadh. Cuir romhat, a sgríbhneóir, eólas chomh
cruinn & chomh hiomlán & is féidir é a bheith agat ar
shaothar liteardha do shinnsir. Rachaidh sin 'un tairbhe
go mór do do shaothar liteardha fhéin.



Deir daoine áithride linn gur ar na sean-sgéalta
Fiannaidheachta badh chóir dhúinn aithris a dhéanamh anois


L. 44


nuair atámuid ag saothrughadh nuadh-litridheachta sa
nGaedhilg. Níor léigheas fhéin aon nídh fós i litridheacht
ár dtíre is mó a thaithnigheas liom 'ná an Fhiannaidheacht
— go háithrid na laoidhte. Tá gearradh agus neart
agus cumhacht neamh-choitcheann ionnta. Agus ní hé sin
amháin — acht tá áilneacht cainnte agus binneas ionnta
ar dheacair a sárughadh. Nach aoibhinn áluinn an chainnt
atá i “dTír na nÓg”? Tá fuaim agus fuinneamh
& ceól léithi ar uairibh — sprid agus spreacamh —
caoineas, ciúineas, éadtruimeacht — gonntacht focal —
cruinneas aithrise — smaointe fileadhta. Ní gábhadh
dhom tráchtas fada a dhéanamh annso ar na sgéaltaibh
Fiannaidheachta — an modh sgríobhtha ar leith — an chainnt
árd-bhriathrach — na ráidhte mór-fhoclacha — na habairte
aimh-réasacha — an árd-aigeantacht, an torann & an
fothram — an siosga agus an gearradh — an treasgairt
& an tréan-tuairgint — mar ghlórtha láidre na dtonn ag
pléasgadh i n-aghaidh na gcarraigreacha lá gairbhthin agus
anfaidh. An bhfeilfeadh modh sgríobhtha na Fiannaidheachta
as fhéin ar an uair seo de ló? Ar cheart é a bheith againn
mar shompla & mar mhúnla agus a bheith ag síor-aithris
air? 'Sé mo mheas & mo bharamhail fhéin go bhfuil a ré
mar mhodh iomlán litridheachta caithte. Ní hionann an
saoghal anois & riamh. Ní saoghal aithrise agus innste
é fá láthair acht saoghal léighte agus foghluime. Tá
meas agus mór-ghean ag mo chroidhe ar an tsean-
tseanchaidheacht agus ar an sgéalaidheacht. Acht ní
mholfainn do'n sgríbhneóir a bheith ag síor-aithris ar na
sean-sgéalta mar sin féin. Tá am & tráth le haghaidh
gach neithe. Ní'l aimhreas nach mór a chuideóchas siad
linn anois & aríst má choinnighmid os comhair ár súl iad.
Cuirfidh cuid dá gcainnt dreach & cosamhlacht na sean-
Ghaedhealtachta ar ár saothar. Agus is mairg nach
ngrádhóchadh an sean-nós! Acht is romhainn amach atá.
Buail ar d'aghaidh, a sgríbhneóir. Smaoinigh go minic
ar shaothar ár sean. Cuirfidh a ndearnadar aoibheall
agus glionndar ar do chroidhe. Gheobhair eólas &
teagasg uatha. Acht “is fearr stuaim ná neart.”


L. 45


Tá ort-sa do dhualgas a chóimh-líonadh anois as do
stuaim fhéin — agus ar do shlighe fhéin.



Céard a tuigtar le fíor-litridheacht? Céard a
bhaineas do mhodh sgríobhtha? Céard a ghníos áilneacht
cainnte? Sin ceisteanna móra tábhachtacha. Buailimis
fá n-a réidhteach. Ar an gcéad dul síos de, tá áilneacht
cainnte le fágháil i bhfíor-litridheacht. Tá snas agus
dreach agus cosamhlacht fíor-áluinn ar shaothar an rí-
sgríbhneóra. Tá stuaim agus deas-lámhacht, grinneas
radhairc, éirim cinn agus fíor-inntleacht le tabhairt fá
deara in gach caoi d'á bhfuil “gáirdín a shaothair”
roinnte agus socruighthe aige. Tá a thréithe le tabhairt
fá deara sa gcaoi a bhfuil gach nídh ag teacht le chéile
ann. Tá na blátha go cumhartha. Tá na torthaí go
fairsing, agus tá sláinte agus follántas agus
milseacht ionnta le blaiseadh dhíobh. Ní'l meathadh ná
feóthadh ná slabhcadh ar aon nídh. Tá an ithir saidhbhir
agus úr. Is sólás croidhe agus inntinne do dhuine
cuairt a thabhairt ar an ngáirdín seo. Is aoibhinn agus
is tairbheach dhó a sgíth a leigean ann istigh i measg na
mbláth agus na dtorthaí. Agus is mór a thig leis a
fhóghluim agus a thabhairt fá deara a rachas 'un tairbhe
dhó.



Tig linn leabhar fíor-áluinn gan locht gan béim a
chur i gcomórtas leis an ngáirdín ar a bhfuilmid ag
trácht. Cuireann an árd-litridheacht so gealán ar an
gcroidhe. Cuireann sí dreólánaí aoibhnis thrí bhallaibh
an chuirp. Glacann sí seilbh iomlán ar an inntinn.
Ruagann sí neithe fánacha saoghalta as cuimhne chinn an
léightheóra. Bheireann sí somplaí áilne os comhair a
amhairc spioradáilte. Beódhuigheann sí, bíodhgann sí,
spreagann sí é. Díbrigheann sí gach tuirse uaidh. Ní
airigheann sé an t-am ag sleamhnughadh 'un bealaigh 'n-a
láthair. Beireann an leabhar greim air, mar déarfá,
agus crochtar 'un bealaigh é i n-gan fhios dó fhéin. Tá
smaointe fíor-áilne os a chomhair — seóda luachmhara


L. 46


litridheachta ó ughdar ar bhronn Dia buadha móra ar leith
agus árd-tréithe air. Tá féith an sgríbhneóra le feiceál
in gach nidh dh'á dtagann ó n-a láimh. Tá a chuid ráidhte
ag luighe le chéile agus ag teacht le chéile go breagh
bog ceólmhar binn gan duadh gan deacracht gan anró.
Tá an chainnt ag rith go glan réidh nádurthach mar uisgí
an tsruthláin sléibhe. Ní'l aon nídh le tabhairt fá deara
bun os cionn nó druim ar ais. Tá a chuid saothair chomh
hiomlán ann féin agus críochnuighthe, chomh slachtmhar 's
bheadh sean-chaisleán ag Gobán Saor. Agus nach aoibhinn
a bheith 'n-a chomhluadar! Nach aige atá an cothughadh
glan folláin do'n aigne agus do'n inchinn!



Ní abruighim go mbíonn ciúineas mór agus suaimhneas
le fágháil sa litridheacht i gcomhnuidhe. Bíonn an aithris
de réir aigne & inntinne & smaointe an sgríbhneóra
agus de réir a bharamhla agus a chuid eólais ar na neithibh
ar a gcuireann sé síos. Agus nach iomdha athrughadh a
thagas ar inntinn an duine! Nach bhfuil sí chomh hathruigh-
theach leis an ngaoith fhéin? Nach bhfuil an sólás, an
dólás, an brón, an crádh, an fuath, an grádh, an
gairbhthin, an anfadh, an buile, an fhearg — nach bhfuil
siad so go léir — agus go leór eile nach luadhaim — i
gcomhnuide i dtaisge i gcómhairín do-fheicthe na hin-
chinne? Téigh chuig an amharclainn agus feic léirightheóir
mór-chliúmhail ar an árdán. Nach glan soiléir mar
chuireas sé na neithe iongantacha so os do chomhair agus
i gcéill duit? An bhfulaingeann sé fhéin iad? An
mbíonn an fhulaingt mar samhluighthear? Badh dhána an
mhaise dhúinne a rádh go mbíonn gach nídh ag goilleadh dá
ríribh ar an léirightheóir nó ag cur air. Acht deirimid
an méid seo: go gcreidimid, dh'á iongantaighe an
léirightheóir, dh'á dhílse & dh'á dhúthrachtaighe é, dh'á mhéad
a ghrádh d'á chuid oibre, & dh'á fheabhas é chun smaointe
& tréithe an duine a nochtadh go fírinneach do'n tsaoghal,
gur ab amhlaidh is mó a theangmhuigheas an léiriughadh le
n-a chroidhe fhéin. 'Sé dualgas an sgríbhneóra smaointe
agus tréithe an duine a nochtadh do'n léightheóir 'n-a
chuid sgéalta mar nochtas an léirightheóir ar árdán na
hamharclainne iad.


L. 47


Acht, 'ar ndóigh, is iomdha nídh thar sgéalta le fágháil
i litridheacht an domhain. Buaileann an sgríbhneóir fá
cheisteanna móra aimhréasacha ar uairibh. Sgaoileann
sé lán-sgód le n-a chuid smaointe, agus gluaiseann
leis i spioraid i measg réalta neimhe, i measg ion-
gantas mór do-thuigthe na Cruinne. Labhrann sé leis
na néalltaibh móra dorcha sna spéarthaibh. Ceistnigheann
sé na gatha gréine gach tráthnóna sa Domhan Thiar.
Cluineann sé sgéalta iongantacha i siosmarnaigh na
gaoithe. Castar an bhean sidhe 'n-a threó i dtaisteal a
smaointe. Beireann crónán an tsruthláin agus glór
an easa teachtaireachta chuige. Chíonn sé 'n-a thaidh-
bhreamh laochra móra, agus gaisgidhthe tréana a mhair
fadó. Dar leis tá na cnuic 's na sléibhte ag dearcadh
air agus ag éisteacht le smaointe nár haithriseadh fós
riamh. Tá daoine ann adeireas gur beag an tairbhe
do'n Ghaedheal anois saothar litreadha an té a leigeas
sgód leis fhéin thar theórainn na tuigse, agus a bhíos
ag pléidhe le modh litridheachta ar leith de'n tsághas so.
Ní'l agam-sa le rádh acht go bhfuil idirdhealbhughadh idir
feallsamhnacht agus modh sgríobhtha, agus nach cóir a
meas mar a chéile. Tig le feallsamhnacht bhréagach a
bheith i litridheacht sár-áluinn. Ní hionann áilneacht
cainnte & doimhneas feallsamhnachta i sgríbhneóiribh
áithride i gcómhnuidhe b'fhéidir. Acht measamuis an
chainnt agus an litridheacht asta féin. Caithfidh an file
agus an t-ughdar sgód d'fhágháil. Ní féidir a smaointe
a chosg. Agus ní orainne, a léightheóirí, a bhios siad ag
smaoineadh furmhór na haimsire. Ní h-eadh. Bíonn a
smaointe móra doimhne fhéin aca — smaointe iongan-
tacha — smaointe do-innste — na smaointe a ghníos
árd-litridheacht.



Agus anois ag tagairt do nuadh-litridheacht sa
nGaedhilg dhúinn ní cóir dearmad a dhéanamh gur mór
an t-idir-dhealbhughadh atá 'n-a lán slighthe idir an Gaedheal
agus go leór de chinidhtheachaibh an domhain mhóir. Tá
feallsamhnacht d'á chuid fhéin ag an nGaedheal. Tá
smaointe dhó fhéin aige i dtaoibh a lán neithe. Tá
uaisleacht agus gile na hinntinne aige. Tá croidhe


L. 48


glan agus glan-choinsias aige má's fíor-Ghaedheal é.
Níor chuir na leabhra brocacha úr-ghránda smúit agus
ceó agus sgamaill an dí-chreidimh ar a mheabhair agus
ar a thuigsint. Níor chuir árd-aigeantacht an uabhair
agus na gaisge néallta móra bagarthacha an bhaoghail
agus na contabhairte 'n-a thimcheall. Níor casadh lucht
chraobhsgaoilte an dorchadais 'n-a threó. Níor sgaoil
sé mór-sgód leis fhéin le fánaidh Aibhne an Chathuighthe.
Níor sguabadh 'un bealaigh é le fuarloch mór an Aimhris.
Níor sguabhadh, agus le congnamh Dé ní sguabfar.
Tugadh sgríbhneóirí na Gaedhilge litridheacht do'n
Ghaedhilgeóir a bhéas glan & glé mar chroidhe agus mar
anam na h-Éireann agus seachnuighdís feallsamhnacht
bhréagach choigchrícheach nach dual do'n Ghaedheal — nach
dual do'n Chríostaidhe. Mar dubhras mí ó shoin 'sé
dualgas an sgríbhneóra eólas sláinteamhail folláin
Críostamhail do'n aigne agus do'n inntinn a thabhairt
uaidh.



Cé'n cineál modha sgríobhtha a bhéas againn i nuadh-
litridheacht na Gaedhilge? Nach mithid tagairt do'n
cheist seo feasta? Thráchtamar an mhí seo caithte ar
an sean-nós, agus ní ath-abróchamuid aon nídh an dara
huair annso má's féidir linn é. Ní fheilfidh modh na
Fiannaidheachta as fhéin. An leanfar de na ráidhte
mór-fhoclacha aimhréasacha, de'n chainnt chasta, de'n
torann & de'n fhothram — nó an ag an tsimplidheacht a
bhéas an báire? Ní mholfamuid aithris a dhéanamh ar
mhodh sgríobhtha aon duine ar leith i n-aon teangaidh.
Is olc an nídh do'n sgríbhneóir an iomarca de'n aithris
a dhéanamh. Téigheann sin roimhe sa deireadh, mar nach
dtugann sé an fhaill cheart dó féin le cruthughadh céard
a thiocfadh leis a dhéanamh as a stuaim agus as a
ughdarás fhéin. Ní mór go cinnte staidéar cruinn a
dhéanamh ar mhodh sgríobhtha deagh-sgríbhneóirí acht ná
déantar an oiread aithrise ortha 's nach mbéadh féith ar
leith dhó fhéin le feiceál i modh sgríobhtha an nuadh-
sgríbhneóra. Tá daoine ag sgríobhadh na Gaedhilge,
agus gan iad ag déanamh a ndíchill ar dheagh-mhodh
sgríobhtha a shocrughadh agua a cheapadh dhóibh fhéin. Is


L. 49


truagh sin. Tá faitchíos orm go bhfuil cuid díobh a
mheasas nach dteastuigheann ó'n sgríbhneóir acht an
Ghaedhilg a sgríobhadh go simplidhe so-thuigthe, gan aon
mhór-iarracht a dhéanamh ar a shaothar a bheith go breagh
maiseach slachtmhar litreadha mar bhéadh saothar dheagh-
sgríbhneóra. Ní dhéanfaidh simplidheacht cúis aisti fhéin,
dh'á fheabhas í. Tá simplidheacht & simplidheacht ann.
Ní bhéidh an tsimplidheacht ceart gan saothar a chaitheamh
leis an gcainnt, agus gan slacht agus rian na litridh-
eachta a bheith le tabhairt fá deara uirthi freisin.



Ní'l aon duine a ghníos staidéar ar shaothar sgríbh-
neóirí Gaedhilge na haimsire seo nach dtiubraidh fá
deara go bhfuiltear ag socrughadh modha sgríobhtha go
mall réidh de réir a chéile. Ní hé go bfuilid ag
sgríobhadh na Gaedhilge mar a chéile-níorbh' fhéidir sin
a bheith amhlaidh. Tá idir-dhealbhughadh chomh mór, b'fhéidir,
idir a gcuid Gaedhilge agus tá idir na sgríbhneóirí
féin i slighthibh áithride. Ní hionann buadha sgríobhtha ná
buadha ceaptha dhóibh. Ní hionann tuigsint ná eólas ná
léigheann dóibh. Ní hionann a n-eólas ar an aigne
dhaonna. Ní thagann an chainnt chomh héasgaidh nádurtha
do chuid aca le n-a chéile. Ní hionann dílseacht,
dúthracht, fonn oibre ná cleachtadh dhóibh. Agus tá a
rian sin ar a saothar litreadha. Acht, cé go bhfuil an
t-idir-dhealughadh so eatortha, tá cosamhlacht idir modha
sgríobhtha sgríbhneóirí áithride mar sin féin & tá bun
maith dh'á shocrughadh aca de réir a chéile.



Cé'n modh sgríobhtha é seo atá dh'á shocrughadh aca?
Céard is tréithe dhó? Caithfidh sé go dtugtar fá deara
cé an tóir atá ag teacht ag go leór d'ár sgríbhneóiríbh
ar na ráidhtibh agus ar na habartaibh gearra, ar
ghonntacht focal, ar chruinneas áithrise. Tá siad ag
éirghe ar an sean-nós agus as modhthaibh ársa. Ní'l
aon duine a ghníos staidéar ar litridheacht Frainncise
na haimsire seo nach dtiubhraidh fá deara cé an modh
áluinn atá socruighthe ceaptha sa teangaidh sin. Ní'l
an iomarca de'n ghleó ná de'n torann, ná de


L. 50


charraigreachaibh móra cainnte le tabhairt fá deara ann,
acht tá simplidheacht fíor-litridheachta sa modh sgríobhtha.
Ní linne aithris a dhéanamh ar mhodh coigcrícheach adéar-
fas duine eicínt liom. Ní mholaim-se an iomarca de'n
aithris. Acht — cé go gcreidim gur ó Dia féin a
gheibheas duine féith cheart na sgríbhneóireachta — deirim
go bhfuil ar an sgríbhneóir go leór d'á cheird a
fhóghluim, agus má's leis litridheacht a chumadh nó a
cheapadh gur mór a rachas sé 'un tairbhe dhó eólas a chur
ar mhodha sgríobhtha ar féidir leis é de dheagh-
sgríbhneóirí.



Is gairid ó cómhairligheadh dhúinn go léir aithris a
dhéanamh ar sgríbhneóir is mór cliú i measg Gaedheal .i.
an tAthair Peadar Ó Laoghaire. Dubhairt sgoláire
áithrid nár bh'féidir le aon duine eile Gaedhilg shnasta
Ghaedhealach a sgríobhadh acht é. Gan aimhreas ar bith
is togha sgríbhneóra an tAthair Peadar. Tá féith an
sgríbhneóra ann. Tá eólas mór ar Ghaedhilg na
haimsire seo aige. Tá an inntinn agus an aigne
Ghaedhealach aige. Tá cumhacht agus brígh agus fuinneamh
'n-a chuid cainnte. Agus tá buadha móra ag a pheann.
Táim fhéin thar éis “Séadna” agus “Niamh” a
léigheadh, agus a ath-léigheadh. Rinneas staidéar cruinn
ortha araon agus 'sé mo mheas gur fearr de sgéalaidhe
an t-ughdar ná de starthaidhe. Déarfainn gur mó
de litridheacht bhreagh atá le fághál i “Séadna,”
gur bríoghmhaire an chainnt, agus gur doimhne na
smaointe atá ann ná mar atá i “Niamh.” Acht ní ag
sgríobhadh léir-mheas ar leabhra an Athar Peadar atáim
annso, agus ní leanfad a bhfad eile de'n taobh so de'n
sgéal.



Tá a lán seafóide ar siubhal ag daoinibh áithride i
dtaoibh na haigeanta Gaedhealaighe — go mór mhór ag
an gcuid aca nach bhfuil a fhios aca céard í mar nach hí
atá aca fhéin! Mara bhfuil deagh-oideachas ar an
sgríbhneóir deirtear nach dtig leis sgríobhadh go
healadhanta ná go slachtmhar & go gramadamhail. Agus
má's sgoláire é bíonn aimhreas ag cuid de'n dream
úd ar a chuid Gaedhilge freisin, agus measaid go


L. 51


mbíonn baladh na leabhar agus rian an Bhéarlachais ar
a shaothar! Mo chomhairle-sa do'n sgríbhneóir gan
géilleadh do na daoinibh úd, acht bualadh ar aghaidh
ar a shlighe fhéin. Tá sgríbhneóirí againn i gCúige
Chonnacht ar an uair seo de ló a bhfuil a n-aigne 'ch
uile ordlach chomh Gaedhealach le aigne an Athar Peadar
agus fá dhó níos Gaedhealaighe ná an aigne atá ag
daoinibh áithride ar mór a ngleó. Ní ghéillim fhéin
d'aon duine i dtaoibh an sgéil. Tá a fhios agam céard
is aigne Ghaedhealach ann, mar déarfadh an Céitinneach.
'Sí bhronn Dia orm ar dtús. Tagann sé chomh réidh
dhom smaoiniughadh in mo theangaidh fhéin 's thagann sé
do'n Bhéarlóir a anál a tharraingt. Tá inntinn an
Ghaedhilgeóra ag furmhór sgríbhneóirí Chonnacht mar is
as an nGaedhilg a fuineadh agus a fáisgeadh iad.



Ní'l aon nídh is mó atá ó mo chroidhe-sa ná snaidhm
cháirdis a fheiceál snadhmtha idir ár sgríbhneóirí go léir.
'Siad na daoine is lugha a sgríobhas agus a oibrigheas
is mó a mbíonn le rádh aca i dtaoibh bunáite gach nídhe
ag baint leis an ngluaiseacht, agus is cuid díobh a thug
masladh d'ár sgríbhneóirí le goirid. Ní maith liom-sa
tráchtas fada a dhéanamh ar an sgéal. B'fhearr liom
dá dteagadh liom a nglórtha a sgaoileadh tharm, acht
mheasas gur chóir tagairt feasta do'n tseafóid chainnte
a bhí ar siubhal sna páipéiribh, tá tamall ó shoin ann.
Níor chuir sgríbhneóirí Chonnacht i gcéill iad féin roimhe
seo mar ba cheart dóibh a dhéanamh. Bhíodar ag glacadh
leis an saoghal go ró-réidh ar fad. Acht tá siad
músgluighthe ó n-a suan anois agus badh náireach an
sgéal le haithris é dá nglacaidís le masladh ó aon
duine — is cuma cé hé.



Tugadh fá fhurmhór sgríbhneóirí na Mumhan freisin,
acht ní gábhadh dhúinne a gcliú sin a chosaint annso. Tá
eólas ag Fearaibh Fáil ar a gcuid Gaedhilge, agus ní
baoghal nach dtiocfaidh siad ó'n díth-mheas a caitheadh
ortha.



Rachaidh leabhra an Athar Peadar i dtairbhe dhúinn go
léir, agus ní'l aon duine a léigheas iad nach fearrde
é é. Acht, cé go dtaithnigheann leabhra an Athar


L. 52


Peadar linn, ní hionann sin agus a rádh go bhfuilmid
ar aon inntinn leis an ughdar i neithibh áithride ag baint
le litriughadh, le modh sgríobhtha agus le litridheacht.
Tá sean-eólas againn faoi seo ar an modh litrighthe ar
leith atá aige. Ní thaithnigheann an modh sin linn, acht
taithnigheann binneas & deiseacht & áilneacht a cainnte
linn go mór. Cuirimid spéis mhór sna ráidhtibh gearra
a bhíos aige, agus ní fhághamuid de locht ortha acht amháin
go leanann sé ró-fhada dhóibh go minic sul dá gcuireann
sé athrughadh crotha ortha. Sin locht ar an modh sgríobhtha,
dar linne. Éirighthear tuirseach de na habairtibh gearra
gonta mara n-athruighthear go healadhanta iad, agus
ráidhte ar athrughadh crotha agus déanamh a mheasgadh
leób go minic. Ní abraim nach ndéanann an tAthair
Peadar sin, acht deirim — de réir mo bharamhla — nach
ndéanann sé sáthac minic é. Ní leigeann sé lán-sgód
leis fhéin minic go leór. Dá leigeadh b'fhearrde a mhodh
sgríobhtha é.


L. 53


An Triúr Amadán.



(As an gClaidheamh soluis.)



Bhí fear fadó ann agus is fadó bhí, agus bhí sé féin
agus a bhean an-tsaidhbhir ar fad. Bhí gach uile rud ag
éirghe leób go maith, acht amháin go rabhadar ag cailleadh
na cloinne. Ní raibh beó acab acht aon mhac amháin,
dar bh' ainm Tadhg, & ó bhíodar taobh leis, is cinnte
gur bh' é an “sugh súilíneach” leób é. Aon tráthnóna
amháin dá raibh an fear agus a bhain-chéile ag seanchus
le chéile go buadhartha brónach ar an mí-ádh a bhí ag
gabháil dóibh i dtaobh cailleadh na cloinne, 'seadh
dubhairt an fear go ciallmhar:—



“Dar fiadh! a Nóra, níor chualaidh tú riamh aon
smuainiughadh mar tháinic in m'intinn anois mar bhuailfeá
do dhá bhois fá chéile.”



“Ara! a Pháid 'chroidhe, céard sin ort anois? — nó
an ag éirghe seafóideach atáir?” arsa Nóra, go lag-
ghlórach.



“M'anam! nach headh, gur fada uaim é, le cong-
namh Dé,” arsa Páid. “Dheamhan smaoiniughadh níos
ciallmhaire 'ná é tháinic in m'aigneadh le bliadhantaibh
móra fada.”



“A Pháid, a chuid, an misde dhom a fhiafrughadh
céaróch machtnamh doimhin a bhís a dhéanamh, nó cé an
smuainiughadh iongantach é siúd adeir tú a' rith thrí
t'aigneadh?”



“Ní inneósainn d'aoinne é acht duit féin, a Nóra,
a ghrádh,” arsa Páid, “agus ná bíodh fios ag aoinne
ar mo chuid smuainte nó go bhfeicimid ar dtús an
mbéidh faill againn, le toil Dé, an riaghail is mian
liom a shocrughadh a chur i bhfeidhm.”



“Badh cheart go mbéadh fhios agat feasta, a stór,
nach rabhas-sa riamh in mo chabaire; agus nár mhisde do


L. 54


dhuine coir a chrochta innseacht dom aon lá riamh, mar
go dearbhtha táim rúnmhar. Creid nó ná creid mé
acht 'sé sin lom-chlár na fírinne.”



“Tá tuairim mhaith agam in do thaobh,” arsa Páid;
“acht tá a fhios agam go rígh-mhaith gur deacair, agus
gur ionduail nach féidir teangthacha na mban a
choinneáil gan a bheith ag síor-shiosgadh agus ní'l agam
le rádh acht gur mór an pleidhce agus an pleóta, an
té d'innseóchadh coir a chrochta d'aon fhear ná mnaoi
dhár choisrig a malaí.”



“Tá tú ro-chruaidh ar na mnáibh ar fad,” arsa Nóra,
“agus nach ait an sgéal é, an rud is measa le duine,
gur minic gur air is measa labhrann sé!”



“Anois, a Nóra, ní aighneas, easaontas, ná
aragúinteacht a theastuigheas uainn,” arsa Páid go
céillidhe, “acht comhairle a bheith agam i dteannta
chéile gan gleó ná torann, go bhfeicimid an
réidhteóchamuid le chéile, agus go bhfeicead-sa an
aontóchaidh tusa liom 'san méid is maith liom a chur os
do chomhair.”



“Agus i n-ainm Dé 'gus Muire, sgaoil annseo
chugainn é feasta, agus ná bhí ag tabhairt leath-bhuird
air níos fuide,” arsa Nóra.



“Maise, is furas a rádh,” arsa Páid. “Támuid
ag cailleadh na cloinne: ní'l againn acht an t-aon
duine Tadhg. Thug Dia nó na “daoine maithe” uainn
gach duine eile dár gheall Dia dhúinn, agus 'séard tá
in m'intinn, a Nóra, “Tadhg” a thabhairt freisin ar gach
mac eile a bhéas againn, ó thárla gurab é an t-ainm
atá ag maireachtáil dúinn é.”



“Ní abróchadh aoinne é acht duine tuigsionach
fad-bhreathnuightheach,” arsa Nóra. “Má gheallann Dia
dhúinn iad béidh mé sásta, mara ngeallaidh b'fhéidir
go mbadh amhlaidh b'fhearr é.”



“Déanfaidh sin, a Nóra,” arsa Páid, “go raibh
míle maith agat. Ní chreidim go dtóigfeadh Dia
orainn é.”



Bhí go maith 's ní raibh go holc. Ba é toil Dé gur
gairid gur rugadh beirt mhac dhóibh, agus hainmnigheadh


L. 55


“Tadhg” ar gach duine aca — “Tadhg Beag,” “Tadhg
mór,” agus “Tadhg, a Ghrádh.” D'fhásadar suas go
rabhadar 'na mbuachaillibh óga, agus annsin cheannuigh
an t-athair feilm thalmhan do gach duine aca, agus
ba mhian leis iad a phósadh. Mar sin d'imthigh leis
ar thóir ban dóibh, acht ba bheag an mhaith dhó sin. Ní
raibh 'na chloinn acht triúr cliobairí móra gan críonnacht
nó éirim, agus cheap gach duine gur clabhtaidhe móra
d'amadáin a bhí ionnta, & 'ar ndóigh dheamhan a bpósfadh
aon chailín gleóidhte a raibh maoin agus saidhbhreas aici
ceachtar aca — nidh nár mhilleán uirri. D'á bhrigh sin
fuair sé triúr cailíní bocht dóibh bhí cruaidh críonna
céillidhe, agus pósadh an triúr amadán aon lá amháin.



Bhíodar go compórtach ag obair ar na feilmneachaibh
ar feadh tamaill, an saoghal ag éirghe go maith leób,
ba agus caoirigh go leór acab, rath & slacht ar a gcuid
oibre, & sonas ar gach rud a rabhadar ag dul thríd.



Aon lá amháin, chuir an t-athair cuireadh chun dínnéir
ar an triúr lánamhain agus is lúthmhar éasgaidh
thrialladar air, gach beirt go meidhreach ag a cheapadh
gurab iad féin is mó a thaithneóchadh leis an athair, mar
ba í seo an chéad chuairt a bhíodar a thabhairt air ó
pósadh iad. Thar éis bídh a chaitheamh thosuigh sé ag
comhrádh le na mnáibh & bhí gach duine acab ag gearán
agus ag casaoid nach raibh splannc chéille ag a fear
féin, agus ag a rádh, dhá bhoichte dh'á rabhadar sul
phósadar, go raibh an mí-fhortún ar fad ortha ó
ghreamuigheadar de na leibidíbh de chloinn mhac a bhí
aige-san.



“Anois,” arsa an t-athair, “creidim nach bhfuil
ionnta acht pleidhcí, agus bhéarfad trí fichid punnt
mar dhuais do'n mhnaoi is mó a dhéanfas amádán dá
fear, agus ó thárla gur amadáin faoi láthair iad, ní
bhéidh an t-airgead i bhfad d'á shaothrughadh.”



Bhí na mná lán-tsásta & thosuigheadar ortha ar an
bpointe boise ar an obair ghreannamhail a bhí ar láimh
acab.



Thosuigh bean Thaidhg Bhig ag tabhairt biotáille dhá
fear féin nó go raibh sé ar na stealladh dúrach le


L. 56


meisge. Annsin chroch sí léithi abhaile é, acht nuair a
bhí sé i ngar dá theach féin thuit sé 'na phleibistín ar an
mbóthar gan mothughadh nó arann. Is gairid gur bhuail
bacach bocht an bóthar, agus gach ré ball dá chroiceann
leis. D'iarr sé déarc ortha i n-ainm Dé 'gus Mhuire.



“Ní'l aon déarc agam-sa dhuit, a dhuine bhoicht,”
ar sise. “Acht seo fear atá ar meisge a bhfuil culaidh
bhreágh shleamhain mhín éadaigh air, & ní'l snáithe de na
seacht n-éadaigh ort-sa, acht na gioblaigh sin. Mar
sin bhéarfad duit a chuid éadaigh agus míle fáilte,
acht go gcaithfear do chuid gioblach féin a chur air.”



“M'anam, gur caraid a dhéarfadh é,” ar seisean,
“agus glac mo mhíle buidheachas as ucht an chineáltais
& an cháirdeasa thruaighe a thaisbeán tú dhom.”



Thosuigh air annsin, agus is gairid go raibh an plíoma
d'amadán lom-nochtuighthe aige, na gioblaigh & na
balcaisí fáisgthe suas air, agus éadach mín luachmhar
an amadáin buailte suas ar chabhail an bhachaigh, a chuir
i gcruth & i bhfoirm duine uasail árd-nósaigh a láithreach
bonn.



Ar n-a dhéanamh sin di ghluais an bhean abhaile go
meidhreach & d'fhágaibh sí an t-amadán bocht sínte ar
an móinín bán ar leath-taobh an bhóthair. An tráth ar
mhusgail an duine bocht as an trom-chodladh agus
an meisge, fuair sé é féin gléasta suas i gculaidh
bacaigh, agus gan duine ná deóraidhe i n'aice.
Breathnuigh sé air féin & thosuigh sé ag smaoineadh
go dúthrachtach. “Ní'l a fhios agam an mé atá ann,”
ar seisean: “‘Cá bhfuil mo chualaidh éadaigh, má's
mé? Saoilim gur liom an fheilm sin, agus ní
aithnigheann na fir oibre mé! Saoilim gur liom an
teach mór sin thall. Má's mé atá ann, aithneóchaidh
na madraí mé.” Suas leis go dtí doras an tighe
mhóir. Thosuigh na madraí ag tafaint nuair chonnaic-
eadar an bacach ag trialladh ar an doras. Is gearr
gur éirigh an bhean-uasal amach agus dubhairt: “An
déarc atá uait, a dhuine bhoicht?”



“Seadh,” ar seisean — mar bhí ocras air.



Thug sí arán agus feóil chuige, a thug a lán subhachais
dó, már bhí sé stiúgtha leis an ocras.


L. 57


“Bí annseo tráthnóna,” ar sise, “agus béidh do
dhínnéar le fágháil agat.”



Nuair fuair sé é sin, cuireadh chun codalta 'san
sgioból é.



Lá'r n-a bhárach d'orduigh an bhean dó a bheith ag
obair ar fud an gháirdín agus go dtiubhradh sí a bhiadh
agus a dheoch dhó i gceann tamaill.



“Ní'l tú láidir le bheith ag siubhal mar sin, a dhuine
bhoicht,” ar sise, “acht b'fhéidir gur gairid go
bhféadamuid athrughadh éadaigh fhágháil duit.”



Bhí an obair seo ar bun i ngan fhios do'n dá
lánamhain eile, acht ní rabhadar féin 'na gcomhnuidhe.



Ar maidin, thar éis an fhéasta, 'nuair shaoil Tadhg
Mór dhul ag obair, ní raibh snáithe éadaigh le fágháil
aige, agus dubhairt an bhean leis go gcaithfeadh sé
fanamhaint ar a leabaidh, mar go dtug ceannuidhe
leis an t-éadach. B'éigin do'n duine bocht fanamhaint
'na splíota ar a leabaidh ag cur a chuid oibre thrí na
chéile, mar ní raibh eólas ná suim aige i rud ar bith
acht obair an tsaoghail.



An lá céadna bhí bean “Thaidhg, a Ghrádh” 'na suidhe
cois na teineadh, nuair a tháinic a fear isteach thar éis
a bheith ag obair.



“Bhfuil mo dhínnéar ullmhuighthe agat?” ar seisean
le n-a mhnaoi.



Bhreathnuigh sí suas air 'san éadan.



“Céard sin ort, a Thaidhg?” ar sise.



“Ní'l aon nidh orm” ar seisean.



“Tá rud eicínt ort,” ar sise, go brónach; “tá an
lasadh bhí in do ghruaidh sgaipthe! tá do dhá shúil 'na
seasamh in do cheann! tá tú ar crith! — Ó! dar fiadh,
tá an bás ort, a Thaidhg!” ar sise, ag tosughadh ag
gul.



“Diabhal pian ná tinneas orm-sa,” arsa Tadhg,
“ná rud an bith eile acht amháin an t-ocras.”



“Deirim leat go bhfuil,” ar sise. “Luigh ar do
leabaidh agus fágh bás, mar thairis ní féidir leat dhul.”



Leis sin, chuaidh Tadhg a chodladh, & fuair sé bás!
Cheannuigh sise tobac fá chomhair an tórraimh, agus, mar


L. 58


is gnáthach, chruinnigh na comhursanna isteach 'ghá chaitheamh,
agus ag caoineadh Thaidhg. Dheamhan uair dá dtéigheadh
an bhean i n-aice na leaptha nach n-abradh Tadhg i
gcogar, “Bhfuil mo bhéile réidh fós agat?”



Bhí go maith 's ní raibh go holc, mar deir an sean-
chuidhe. Lá na sochraide cuireadh 'san gcómhnra chláir é,
agus chroch ceathar buachaillí leób ar a nguailnibh é chun
na reilge. Ar an mbealach dhóibh go dtí an reilig
chuadar thar theach Thaidhg Mhóir a bhí i ngéibheann ar an
leabaidh ó'n lá a dtug an ceannuidhe a chuid éadaigh
uaidh.



Nuair a chonnaic a bhean an tsochraid ag teacht,
chuaidh sí siar sa seomra go dtí Tadhg, go milleánach,
agus dubhairt:



“Is mór an náire dhuit, a Thaidhg, do dhearbhráthair
grádhmhar a bheith ag dul sa gcill, gan thú bheith ar a
shochraid. Sin rud nach ndéanfadh seisean leat-sa.”



“Mo dhearbhráthair ag dul 'sa gcill! Óchón go
deó! mise sínte annseo agus mo dhearbhráthair ag dul
chun na cille! Mise annseo im' stróinse fá'n
bpluid, agus Tadhg a Ghrádh d'á shíneadh 'san uaigh!
Ó! an abrann tú go dearbhtha gur ab í an fhírinne í?
Cá bhfuil mo chuid éadaigh, adeirim? A Thighearna na
trócaire, céard a dhéanfas mé ar chor ar bith de cheal
mo chuid balcaisí! Mise gan snáth éadaigh & go dtug
tusa, a sheafóidín, mo chulaidh bhreágh cheann-easna do
bhacach an bhóthair!”



Annsin thosuigh sé ag filidheacht, agus is é r'd
adubhairt:



“A Thaidhg, a ghrádh, nach bocht é an bás
'S nach brónach cráidhte an sgéal é,
Mo dhearbhráthairín dil ag dul i gcill —
Má's fíor mar deir mo chéile.
Cead fairíor géar! a ghrádh mo chléibh,
Ní'l agam acht thú 'chaoineadh,
An t-éadach breágh bhí agam tá
Anois ag bacach saoghalta.


L. 59


“Mo bhean gan chéill a thug dhó féin
Mo chulaidh bhreagh ba dhaoire,
'S d'fhág mé féin — mo bhrón 's mo léan —
Gan snáth le haghaidh an Lae Saoire!
Marbh-fáisg, gach mísg 's crádh,
Gan suairceas choidhche nó aoibhneas,
Go raibh go bráth ar an mbacach teánn
'S an bhean thug dhó mo mhaoin-se!”



“Ara! a amadáin, tá tú ar buile,” arsa an bhean,
agus leig de do chuid seafóide.”



D'fhreagair Tadhg mar seo:—



“Seafóid go héag ort, droch rath agus léan ort,
Maran tú tá gan eagla gan náire;
Mo bhalcaisí bhronn tú ar bhacach na dúithche,
Acht gan amhras béidh agam-sa sásadh.
Tá mé annseo sínte, gan casóg ná bríste,
Ná snáithe le cur ar mo chnámhaibh,
'S an bacach go haerach i gculaidh ghlas-caorach
A' magadh 's a' spreallaracht gháire.”



“'Nois, a Thaidhg,” arsa an bhean, “bíodh foighid
bheag agat, & is gairid a bhéas mise ag fágháil culaidh
dhuit i bhfad níos seasmhaighe 'ná an chulaidh a bhfuil tú
ag clamhsán 'n-a taobh. Ní bhéidh sé le rádh ag aoinne
go deó gur choinnigh mise thú ó shochraid do dhear-
bhráthra.”



Amach léithi 'san sgioból, agus bheireann sí isteach
croiceann bó, & leag sí aniar ar a dhruim é. Chuir sí
cúpla cnaipe maith daingean láidir i bhfus ar a bhrollach,
an dá adhairc 'n-a seasamh suas le n-a dhá chluais,
agus an t-iorball síos go talamh 'n-a dhiaidh — ar nós
cheannaidhe an iorbaill a facthas go minic ar bhóithribh
Chonnamara.



“Seo 'nois,” ar sise, “tá culaidh chomh faisiúnta
ort agus tá ar an tsochraid indiu!”



D'fhreagair seisean i bhfilidheacht arís mar seo:—



“Tá croiceann mór láidir 'nois orm go teánn a'd,
'S an t-iorball seo síos le mo shála,


L. 60


'S mé dul ins na fásgaibh ar shochraid mo dhearbhráthra
Tá, fairíor, 'nois imthigh' go bráth uaim!
An cneábhaire bacaigh úd, bainfead-sa faic as,
Béidh smíochadh 'gus achrann is ár ann,
Ní'l bacach im' aithne ó Bh'l'á' Cliath go Gaillimh
Nach gcuirfinn-se streilleadh 'gus cáir air!”



Amach leis annsin, mar bhéadh sé ar dearg-bhuile, &
é ag rannuidheacht i gcomhnuidhe, ag teacht i ndiaidh na
sochraide. Bhí díosgán ban i ndiaidh na cómhnra cláir
ag cur síos ar chúrsaidhibh an tsaoghail go cúramach
dhóibh féin, nuair a chonnaiceadar Tadhg ag teacht 'n-a
ndiaidh 'sna feirrí glinnte.



“Ó! m'anam ag Dia,” arsa duine aca, “gur ab é
an Diabhal atá ag teacht i bhfoirm fir a bhfuil croiceann
bó air, adharca gabhair, & iorball asail agus é ag
iarraidh Thaidhg a Ghrádh!”



Rith duine soir, duine siar, duine ar gach uile thaobh,
nó i ndeireadh na preibe nár fhan mac an pheata dh'á
raibh ar an tsochraid acht an ceathrar a bhí faoi'n gcorp.
Nuair tháinic sé suas ghlaoidh sé amach ag caoineadh:—



“A dhearbhráthairín! a dhearbhráthairín! nach bhfeicfead
go héag!”



Labhair an fear istigh agus dubhairt:— “An tú
Tadhg?”



Nuair mhothuigh na buachaillí do bhí fá'n gcorp an
marbhán ag labhairt, chaitheadar dhíobh an chómhnra chomh
tapaidh 's b'fhéidir leób é, & lasg leób go mear 's go
huathbhásach, agus d'fhágadar an corp annsin agus an
“Fear Mór,” dar leób, ag caismirt leis.



“An tú Tadhg, adeirim?” arsa an fear istigh arís.



D'fhreagair Tadhg, agus is é r'd adubhairt:



“Is mise Tadhg, 's tá orm tadhad
'S fearg, nidh nach iongnadh,
Mo bhean, a Thaidhg, a dhein díom beitheach,
'S chuir orm croiceann críonnta.”



“Ar son Dé,” arsa an fear istigh, “leig de'n
fhilidheacht agus féach ar dtús le mise a leigean as an
ngéibheann.”


L. 61


“Ara, an gcreidfead go bhfuilir beó chor ar bith?”
arsa Tadhg file, “mar tháinic mise le cuthach 's
teasbach ag a cheapadh go rabadar ag dul go do chur
'san uaigh.”



“Táim beó ar éigin,” ar seisean, “acht táim i
ndáil le bheith stiúgtha leis an ocras, & cuirim geasa
droma draoidheachta ort féachaint le mé leigint as
seo.”



“Leigfead, chomh fada 's rachas mo chuid adharc,” ar
seisean.



Annsin chuir fear an iorbaill liúgh 'gus béice as a
chluinfeá trí mhíle ar gach taobh dhíot agus le dúrach
thosuigh sé ag lasgadh na gclár le n-a chuid adharc
agus é ag baint gach fuama agus siolladh asta nó
gur mhór an t-uathbhás é le allus. Faoi dheireadh
bhí an chómhnra na stiallacha aige agus Tadhg a ghrádh
innti istigh, acht mo bhrón! leis an mbuille deireannach
déigheannach bhuail sé aon phlaidhb amháin go díreach
glan i gceart-lár na luirgeann ar Thadhg a Ghrádh,
agus rinne sé sprúdhánaí dá chois. Annsin nuair nár
bh'fhéidir leis na cosa a chur faoi, bhuail Tadhg suas
ar a dhruim an fear bacach agus thosuigh sé ag
filidheacht agus ag crónán dó, 'ghá bhréagadh, nó gur
chum sé port deas damhsa a dtugann na Gaedhil
“Tadhg a Ghrádh” air ó shoin, agus na Seóiníní an
“Rocky Road to Dublin” —



“Óra Thaidhg, a ghrádh
Óra Thaidhg, a chumainnín
Óra Thaidhg, a Thaidhg,
'S grádh mo chroidhe mo chumainnín.”



Is iomdha oidhche shultmhar shuairc a raibh dráma ag na
buachaillíbh i gcuimhne an lae úd na dtrí n-amadán.



Níor bh'fhéidir liom a fhágháil amach riamh ar casadh
Tadhg Mór agus an bacach ar a chéile.



Anois, a léightheóirí an “Chlaidhimh,” cé aca amadán
bá mhó bhí 'n-a phleidhce nó cé an bhean a mbadh cheart an
duais a thabhairt di?



“Cois-Fairrge.”


L. 62


An chéad lá ar mealladh mé
ó'n sgoil.



(As Irisleabhar na Gaedhilge.)



Is maith an sgathamh anois ó thárla sé seo. Tá,
fairíor! bunáite gach duine de na daoinibh a bhí an
lá úd in mo theannta anois i gcoigcríocht sgaipthe ar
fud an tsaoghail. Tá an chuid is mó dhíobh san Oileán Úr
ag saothrughadh greime a mbéil go cruaidh agus go
hallusach a bhfad ó n-a ndáimh agus a ngaolta. Tá
beirt nó triúr dhíobh fós ag comhnuidhe san tsean-tírín
dúthchais ag cabhrughadh le n-a muinntir. Acht, mo nuar!
tá sé de rún & d'inntinn acab sguabadh leób ó
“Éirinn ghlais na bhFiann” anonn thar mhuir mhóir na
dtonn chomh luath i nÉirinn 's is féidir leób é.



Nach iongantach agus nach ait an mac an saoghal &
nach mór a bhíos i gcinneamhaint na ndaoine! Fairíor,
nach go ró-luath i gcomhnuidhe a thigeas buaidhreadh &
anró an tsaoghail seo, & a imthigheas fuinneamh &
meisneach & croidheamhlacht na hóige! Nach ró-ghearr a
mhaireas laetheannta aoibhneacha gréineacha ár n-óige, an
t-am is aoibhnighe & is sólásaighe dár chaith neach ariamh!



Cá bhfuil an tÉireannach i gcéin nach dtigeann cumha
ar a chroidhe nuair a ghníonn sé machtnamh geanamhail ar
gach sult & gach siamsa d'á mbíodh aige i n'óige ar
bhántaibh míne Inse Fáil? Agus cá bhfuil an tÉireannach
nach bhfuil rud eicínt d'ár thárla i laethibh a óige go
grádhmhar ceanamhail i bhfíor-íochtar a chroidhe mar shéala
nach bhféadfaidh sé sgaradh leis ná dearmad a dhéanamh
air go n-imthighidh an tséideóg dheiridh as?



Cé gur fada ó Éirinn a bhíos an deóraidhe dúbhach
bocht go minic, cé gur ab iomdha lá agus bliadhain ó
d'fhág sé. “slán agus beannacht” ag a thír agus a


L. 63


mhuinntir dhúthchais, tá go síoruidhe aige le feiceál os
comhair a amhairc spioradáilte gleannta, cumair,
agus bánta Fáil, agus nach minic a feicthear dhó go
mbíonn na sean-cháirde óga croidheamhla aríst i n'aice,
agus na sean-chleasa a bhíodh acab fadó aríst acab d'á
gcleachtadh le meidhir agus le fuinneamh. Agus cé'n
t-áthas agus an glionndar a bheireas na smaointe agus
an taidhbhreamh seo dhó fad 's mhaireas siad agus cé'n
duairceas agus an chumha chroidhe a bhíos air ar mhúsgailt
dó ar a fhágháil féin sgartha leób go léir!



Is beag duine againn nár thárla rud eicínt ar feadh
na haimsire a chaitheamar ag dul chun sgoile a bhéas
go h-úr-ghlas 'nár gcuimhne i gcomhnuidhe pé áird de'n
domhan mór 'n-a gcasfar sinn. Chaitheas féin mo chúig
bliadhna déag ó thosuigheas gur fhágas an sgoil i
gceanntar Gaedhealach Chois-Fhairrge. Acht ní ar na
bliadhantaibh úd atáim ag dul ag trácht, acht ar aon
lá amháin d'aimsir mo sgolaidheachta agus an dá lá 's
mhairfeas mé ní fhéadfad dearmad a dhéanamh air — mar
ba é an chéad lá riamh é ar mheall mo chompánaí mé le
fanamhaint ó sgoil.



Ní raibh ionnam acht paitrín beag bídeach an t-am
úd. Tá sé anois os cionn dhá bhliadhan déag ó shoin,
agus bhíos ins an treas leabhar. As mo bhaile féin
bhí dh'áréag buachaillí eile ag dul chuig an sgoil agus
bhí an mac seo ar an duine do b'óige dhíobh. Ní misde
a rádh gur bhuachaillí árd-inntinneacha croidheamhla a bhí
ionnta bunáite go léir. Ba dheacair ialach a chur ortha
dearcadh ar leabhar ná páipéar ag baile, fód ná
caorán iomchur go dtí an sgoil, ná bheith istigh go
headartha buidhe gréine go minic, agus, 'ar ndóigh, ba
mhinic cuid díobh ag imtheacht nó ag a iarraidh a bheith
ag éalódh ó'n sgoil ar fad.



Bhímis i gcomhnuidhe i gcuideacht ag dul chun sgoile
agus ag tigheacht a bhaile i n-aoinfheacht in aon druing
bhríoghmhair amháin gan beann ar aon sgata buachaillí
eile as aon cheard agus, maidir le croidhe agus
meisneach, árd-inntinn agus neamh-spleadhchas, do b'ag
an bhfuirinn se'againne a bhíodar. Cá raibh an


L. 64


sgoláire a mbéadh sé de mheisneach aige aon fhocal
droch-mhúinte a labhairt ná aon dí-mheas a chaitheamh le
buachaillí an locháin? Cá raibh an buachaill a leigfeadh
an faitchíos dó aon sgiollaidheacht ná spiadóireacht a
dhéanamh orainn? Dhá ndéanadh, a mhala agus a ghruadh
bhéadh i gcontabhairt a ndathughadh gan aireachas, 'sí a
phasóid a bhéadh gléasta, nó mar deireadh na buachaillí
iad féin “'sé a chnaipe a bhéadh déanta” chomh luath
i nÉirinn is gheobhfaidhe greim air taobh amuigh de gheata
na sgoile.



Bhí buachaillí an Locháin mar adéarfá 'na dtighearnaí
os cionn go leór de na buachaillíbh as na ceanntaraibh
eile a bhíodh ag teacht go dtí an sgoil chéadna leób.
Ní bhíodh cleas ná pléaráca ar bun nach mbídís ag
déanamh cíor-thuaithbhill díobh. Ní bhíodh comhrádh ar bun
nach mbíodh a ladar buailte acab ann agus a mbaramhail
tugtha n-a thaobh thar éis a gcomhairle a chur le chéile
n-a thaobh go cúramach. Is dream achrannach go
deimhin a bhí i gcuid díobh, agus chuiridís sgléip ar
bun mar gheall ar an rud ba shuaraighe nó ba
sheafóidighe; agus bhí an chuid do b'óige dhínn, dhá
aistighe le rádh é, a bhfad ní ba chiallmhaire agus ní
ba fhad-bhreathnuighthe 'ná iad seo eile a bhí bliadhanta
móra fada ní ba shine ná muid, agus a mbéadh súil
agat de réir nádúir ciall agus tuigsint a bheith n-a
gcloignibh díth-chéillidhe. Bhí dearbhráthair liom féin,
Seaghán, ag dul chun sgoile ar an aimsir úd agus
creidim nach dtóigfidh sé orm a rádh anois go raibh sé
chomh croidheamhail agus chomh hárd-inntinneach le
ceachtar acab. Réidhtigheadh fuireann an Locháin le
chéile beagnach ar gach uile phointe cé gur mhinic anois
's arís a thagadh smíochadh eatortha féin, acht bhíodh sé i
gcomhnuidhe éasgaidh go leór cáirdeas agus muinn-
tireas a tharraingt eatortha, agus nuair a thigeadh aon
cheist i dtaoibh a mbaile dhúthchais ó dhream ar bith eile
ag an sgoil, bhídís ar aon inntinn agus ar aon toil
amháin le seasamh go daingean docht ar son cliú agus
cáile an Locháin.



Maidin bhreágh ghréineamhail earraigh san mbliadhain


L. 65


1891 thar éis céad-phroinne buailim féin agus mo
dhearbhráthair Seaghán amach le dhul 'na sgoile. Bhí
seisean san chúigeadh leabhar agus an mac seo san
treas leabhar. Bhí beart leabhra faoi 'na asgaill
aige-san, agus cúpla leabhairíní beag bídeach ag an
mac seo 'na phóca. D'aithnigheas air ó d'fhág sé an
teach nach raibh aon fhonn air a dhul chun na sgoile an
lá údaí acht, mar sin féin, áitigheann air ag cluas-
fheadghail agus lasgann linn sna fásgaíbh. Ag ceann
an bhóthair céard a bhéadh romhainn, acht an feigheall fré
chéile ag fanacht go dtigimís. Nuair a chonnaiceadar
Seaghán agus mé féin ag déanamh ortha chuireadar
liúgh asta agus a sean-sgairt gháire. Ní raibh a fhios
agam féin céard a bhí 'n-a n-aigne mar bhíos mí-
eólasach ar go leór dá gcuid cleasann an tráth úd,
acht bhí tuairim agam mar sin féin go rabhadar ag brath
nó ag smaoineamh ar bheart nó gníomh eicínt nach raibh
ceart ná cóir a dhéanamh; mar ar an bpointe boise
's ar tháiniceadar i dteannta chéile bhuail bleid agus
caismirt chomhráidh iad, agus annsin tosuigheann ortha
ag cogarnaighil ionnus nach gcloisfinn féin céard a bhí
ar bun acab.



“Anois,” arsa duine de na buachaillíbh, “nach
fearr dhúinn a bheith ag bogadh soir nó m'anam go
mbéimid deireannach?”



“Mh'anam muise, má cheapann sibh go mbéidh,
seachnuightear é, mara bhfuil dúil agaibh an greadadh
cráidhte agus dualgas an tslisne a fhágháil,” arsa
Colm Thomáis.



“Dheamhan fata a chonglóchas muid choidhche má
thagann muid isteach deireannach go dtí é,” arsa
Seaghán Ó Caidhin. “Cuirfear ag crathadh na gcrúb
muid mar cuireadh go minic!”



“Á! téightear go dtí an Sruthán Buidhe ar chuma'r
bith,” arsa an ceathramhadh buachaill.



“Dheamhan mo chos ná mo chnámh féin a rachas thairis
seo,” arsa Séamus óg! “Sé an cás céadna dhíbh é.
Cos ní chuirfead taobh istigh de'n sgoil indiu! B'fhearr
liom go mór fada a bheith ag a iarraidh an fhairrge a


L. 66


thaosgadh le mo chaipín, nó ag a iarraidh gaineamh a chur
i ngad ná a bheith ag dul chuig an sgoil.”



Acht ní raibh maith dhó ann. Thar éis slíomadóireachta
fada b'éigean dó gluaiseacht le dhul go Sruthán Buidhe
i n-aoinfheacht leis an gcuid eile thar éis tamaill mhaith
tathaint agus argúinteachta.



Ghluaiseamar linn soir, agus dheamhan a bhfad a bhí
curtha dhínn againn gur casadh “Tomáisín” dúinn, ag
déanamh anoir 'sna seala babhtaí, faoi n-ár ndéint.
Bhí allus ag tuitim leis, a chroidhe ag bualadh, séideán
mór ann, agus gan puth anála aige thar éis an tseársa.
Nuair fuair sé an anáil leis, labhair sé linn go
magamhail, agus dubhairt:



“Ara, a amadána, cé'n mío-ádh mór, nó cath marbh
atá oraibh, nó cá bhfuil bhur gcosa beaga, mío-stuamdha
dh'ur dtabhairt indiu? 'Ar ndóigh, ní féidir gur ag
smaoineadh ar a dhul chuig an sgoil a bhí sibh indiu,” ar
seisean go meangamhail. “Nach bhfuilim-se thar éis a
bheith thoir agus dheamhan sin máighistir ag teacht ná
a thiocfas go luath, buidheachas mór le Dia!” ar
seisean, ag tabhairt a shean-laisg d'á ucht le neart
áthais agus glionndair. “Bíodh aige anois,” ar
seisean, “acht is fada an lá go gcuirfidh sé ag crathadh
na gcrúb muid-ne arís.”



“Céard atá tú a rádh chor ar bith,” arsa duine
againn, “i dtaoibh an mháighistir, nó cé'n fáth go
n-abrann tú nach mbéidh sé ag aon sgoil indiu ná go
luath?”



“Bhíos ag a rádh,” arsa Tomáisín, “nach raibh aon
sgoil ann indiu agus cruthóchaidh mé dhíbh é freisin.”



“Tá súil le Dia agam nach bhfuil,” arsa ‘Ball
Dearg,’ “mar dheamhan oiread 's smid de mo cheachta
agam-sa, ná dearcadh a rinneas ortha ó thug mé cúl
mo chinn do'n sgoil indé, acht cé'n chaoi a bhfuil fhios
agat, a Thomáisín go bhfuil an sgéal mar dubhairt tú?”



“Innseóchad sin daoibh,” ar seisean, “acht fágadh
muid an bóthar ar dtús agus ná bíodh gach duine ag
breathnughadh orainn ag uardal anonn 's anall annso.
Is fearr dhúinn bualadh isteach faoi thóchar an Droichid


L. 67


ar an gcúl-shráid, agus innseóchad daoibh cé mar
thárla.”



“Déantar ann,” arsa'n chuid eile, agus isteach linn
faoi'n tóchar, agus buachaillí Chor na Rón, agus
tuilleadh as Baile an Tighe Mhóir 'n-ár dteannta a
loiceadh freisin ó dhul ar aghaidh chun na sgoile.



Thosuigh ar Thomáisín ag a innsint dúinn annsin mar
dochuaidh sé soir chun na sgoile, mar bhí sé a bhfad 's
a bhfad ag fanamhaint leis an máighistir, mar do tháinic
sé 'sa deireadh, agus mar tháinic triúr síoth-mhaor nó
constáblaí go haibéil 'na dhiaidh agus mar chrochadar
leób é gan fios a thabhairt d'aon duine beó cé'n fáth
ná an bun-úghdar.



“'Ar ndóigh,” arsa Tomáisín ag críochnughadh dhó,
“chualaidh sibh go léir go raibh an máighistir agus
boicíní eile ag fiadhach an Dómhnach faoi dheireadh thall
ag Bó Bhrocháin agus go rug an maor ortha?”



“Mh'anam gur chualaidh,” ar siad-san, “acht céard
a thárla?”



“'Seadh, maith go leór, a bhuachaillí, is breagh an
sgéal é sin, acht tá a fhios agaibh nach raibh aon chead
fiadhaigh ag an máighistir ar an réimse mór úd ag
Bó Bhrocháin atá ceannuighthe thar bárr amach ag an
bhfear uasal úd as Sasana le h-aghaidh fiadhaigh, agus
frítheadh an máighistir bocht agus a ghunna aige taobh
istigh de'n teórainn, agus mh'anam go dtiocfaidh sé
righte leis nó go n-íocfaidh sé ann. Bhí sé ag gabháil
thart go mb'éigin dó a theacht 'na cúirte an lá faoi
dheireadh, acht níor chreid go leór go mbéadh sé chomh
domáisteach ar mo dhuine bocht go rugthas air indiu
agus gur crochadh 'un bealaigh é i ngreim ag “lucht
na gcaipíní speiceach,” agus ag Dia atá fhios cé'n
uair a leigfear ar ais chugainn é.”



Sin é an uair a bhí an greadadh agus an bualadh
bos ann le mór-bhródh agus átas ag an máighistir a
bheith sguabtha uatha.



“Meas tú nach fíor é?” arsa duine leis an gceann
eile.


L. 68


“An fíor é, an eadh?” arsa Tomáisín go borb,
“an amhlaidh a mheasann tú gur ag áidhbhéil a bhéinn?
Tá a chómhartha le n-a chois ann, an sgoil dúnta, an
doras faoi ghlas, agus na cailíní beaga 'san sgoil
eile agus gan fhios acab beirthe ná beó cé'n fáth a
bhfuil an oiread grinn agus éirghe i n-áirde ag na
buachaillí ar fud an bhóthair; le mo dhá shúil a chonnaiceas
iad féin agus an mháighistreás óg ag spéacláireacht
amach thrí na fuinneógaibh, agus gan fhios acab 'sa
domhan cad chuige a raibh na gearr-bhodaigh ag
gluaiseacht abhaile faoi mheidhir chomh luath 'sa maidin.”



“Acht nach bhfaca an mháighistreás an máighistir ag
imtheacht?” arsa Ball Dearg.



“Ní fhaca, a dhuine. Bhí glanta leis sul tháinic sí
ar maidin; agus rud eile, ní ar an mbealach 'na
gcomhnuidheann sí a d'éirigh leis na constáblaí a
thabhairt.”



“Dheamhan smid bhréige agat, a Thomáis,” arsa an
chuid eile. “Céard a dhéanfas muid, chor ar bith?”



“Cé'n chaoi is fearr leis an lá a chaitheamh?” arsa
gach duine leis an gceann eile.



“Dheamhan baoghal orainn a dhul abhaile, ar chuma
'r bith, ó gheall Dia an lá 'n-a shaoire dhúinn,” arsa
Ball Dearg.



“Abhaile! Mh'anam gur fada uainn é. Ó tá sé
'n-a lá againn, bíodh sé 'n-a lá,” arsa Seaghán
Ó Caidhin.



“B'fhearr dhúinn an lá a chaitheamh ag cleasaidheacht
'sna guirt, agus bollógaí breagha a cheannacht 'sna
siopaí, agus toghadh féasta a bheith againn i dteannta
chéile,” arsa Colm Thomáis.



“Dheamhan locht ar bith air,” arsa Séamus Óg.



“Ní baoghal nach mbeidh lá sultmhar sólásach againn
go tráthnóna. An bhfuil sibh-se sásta, a mhuinntir
Chor na Rón?”



“Mh'anam go bhfuil — d'éireóchadh dhúinn,” arsa
Stiopháinín.



“Anois bíodh lá eicínt eile ag na guirt agus na
bollógaí,” arsa Tomáisín. “B'fhearr dhúinn go mór


L. 69


fada a dhul síos go dtí sgoil na gCartúr, agus an
áit d' fheiceál, agus freisin go bhfeicfimid an bhfuil
mac máthar ann atá dána go leór ar aon mhí-mheas nó
masladh a thabhairt dúinne ó Pharáiste an Chnuic. Tá
chomh maith le fiche duine againn ann, agus, dar fiadh,
ba cheart go mbéadh muid i n-an cur chuca má theanann
orainn!”



Duine achrannach sgléipeach a bhí ann, agus bhí an
cathughadh biorach air le neart ceann-dánacht' agus fuinn
troda.



Ní rabhadar ag réidhteach le chéile. Ní raibh an
feigheall ar aon inntinn. Bhí cuid acab ag a iarraidh
na guirt a thabhairt ortha féin, agus tuilleadh a
mb'fhearr leób a dhul go dtí sgoil na gCartúr, agus
mar sin d'éirigh caismirt fhada eatortha.



'Sa deireadh caitheadh ar croinnte cá rachadh, agus
thárla go raibh an chuid ba mhó ar aon inntinn le
Tomáisín, agus mar sin bhí ar an gcuid eile a bheith
sásta le lasgadh siar go dtí na Cartúir.



Nuair bhíodar ag stócáil ag imtheacht ó'n Sruthán
Buidhe, ní rabhas féin sásta ar a dhul leób, chor ar
bith. Bhí cuid acab ag a rádh mé fhágáil mar bhíos,
agus gan bacadh liom — go mbadh chuma ann nó as mé
acht, mhaisge, dubhairt Seaghán dá bhfágthaoi 'n-a ndiaidh
mé go mbéadh sé contabhairteach aige féin a dhul acht
an oiread, mar go rachainn abhaile agus go
n-innseochainn go cinnte cá raibh sé imthighthe, agus go
mbéadh a phasóid ullmhuighthe 'n-a chomhair, agus a
ghléasadh le fágháil aige ar a theacht ar ais dó.



Ceapadh go raibh an ceart aige, agus mheasadar
go rabhas chomh hóg agus chomh díthchéillidhe 's go
n-innseochainn ortha é dá dtéighinn a bhaile, agus mar
sin tosuigheadh ag bladaireacht liom, ag a iarraidh mo
mhealladh siar i n-aoinfheacht leób. Gealladh 'ch uile
rud dom dhá dtéighinn i n-aondigh leób, agus go
ndéanfaidhe gach rud ní ba mheasa ná chéile liom dhá
loicinn. Mar sin 'sa deireadh dubhras go rabhas sásta,
agus go rachainn leób. Bhíodar sásta go leór annsin,
agus maidir le buillí ar an druim is mé a fuair iad


L. 70


le neart a gcuid áthais ag mé a bheith ag teacht leób,
agus chloisfeá Tomáisín agus na buachaillí eile ag a
rádh:—



“Sin é an buachaill agaibh!” “Bhí fhios againne
go ndéanfadh sé é!” “Ba dhual dhearbhráthar dhuit
gan cliseadh,” agus go leór briathra moltach nó
plámásach eile mar sin.



Casadh tuilleadh buachaillí linn ar an mbealach siar
dhúinn, agus bhuaileamar bleid ortha, ag a dhearbhughadh
go raibh an máighistir sguabtha uainn, nó gur iom-
puigheadar siar i n-aoinfheacht linn. Maidir le glaodhach
agus béiceadh, torann agus fothrom, siosga agus
caismirt, suairceas agus greann is againn a bhíodar
ag lasgadh siar 'sna fásgaíbh, agus ag mealladh gach
sgoláire d'ár casadh dhúinn, gur shroicheamar na
Cartúir.



Bhuaileamar isteach go neamh-spleadhach 'san sgoil —
os cionn deich nduine fichead againn agus, 'ar
ndóigh, ní raibh buachaill ná cailín san sgoil gan
dearcadh orainn, agus lán na súl a bhaint asainn ar
a theacht isteach dhúinn i ndiaidh a chéile ó dhuine go
duine.



'Sé an chéad rud a ndearnas féin iongnadh dhe,
triúr máighistreásaí ag múnadh stócachaí de bhuachaillí
i bhfad ní b'airde ná iad féin, agus cheapamar go
léir go mba hí an sgoil ba dheise í dá bhféadfaidhe
'fhágháil ag na cailíní is na buachaillí a bheith ag fágháil
a gcuid oideachais i dteannta chéile. Ní bhídís i
n-aoinfheacht ar feadh “leath-uair an ghrinn” féin san
sgoil a d'fhágamar, rud a ghoilleadh go mór ortha ar
fud fad a chéile. D'fhiafruigh an mháighistreás dínn cé'n
fáth ar tháiniceamar, agus d'innsigheamar dhi, &
gheallamar go rabhamar le teacht go dtí n-a sgoil
sise uaidh sin amach. Dar fiadh, ba chosamhail go raibh
sí glionndarach chomh fada le mo chuimhne, mar ní'l
duine againn nár cuireadh a ainm síos ar áit na
mbonn san “leabhar mór,” agus rinne an mháighistreás
óráidín ghearr ag fáiltiughadh romhainn, agus ag moladh
na mbuachaillí a bhí le teacht chuice uaidh sin amach,


L. 71


agus d'innis sí do na sgoláirí cé'n bród a bhí uirthi
ag a fheabhas is bhéadh an sgoil méaduighthe, & clú na
sgoile árduighthe ag an bhfuirinn bhreágh a bhí le teacht
ó'n gCnoc. Cuireadh gach duine againn annsin 'n-a
bhuidhin féin, agus nach maith is cuimhneach liom an chéad
cheacht i Long Division a múineadh dhom an lá úd.



Chaitheamhar an lá ciúin, réidh, socair go leór nó go
dtáinic “leath-uair an ghrinn” 'sa meadhon-lae,
nuair a sgaoileadh amach ar an mbóthar sinn le dul
ag cleasaidheacht agus ag déanamh grinn. 'Sé an
cleas a bhíodh go gnáthach ag buachaillí na gCartúr — ag
imirt chnaipí, agus an lá seo tosuigheann siad féin
agus buachaillí an Chnuic ag imirt le chéile. Ní minic
a thagadh an tsíothcháin asta, mar chnaipí, acht, a
dhearbhráthair mo chroidhe thú, ba ghearr ag imirt iad nó
go raibh sé i n'achrann dhearg eatortha. A leitheid de
ghléasadh agus de phlaidhbeadh níor facthas 'sna Cartúr
cheana ó cuireadh sgoil ar bun ann, agus bhí an lá úd!
Bhí “fuil ar smuit' agus mailí gearrtha,” gan amhras,
acht cé gur chabhruigh cliobairí móra as na bailte leób,
ba ag buachaillí na háite bhí an chuid ba mheasa de'n
sgéal.



Thar éis an greadadh agus an smíochadh a bheith
críochnuighthe, agus na laochra go léir tuirseach tnáite,
lasgamar linn a bhaile ag gealladh do na buachaillí
eile go mbéadh a bpasóid gléasta n-a gcomhair chomh
luath i nÉirinn is gheobhthaidhe greim ortha chomh fada soir
leis an Tulaigh Ruaidh, mar gheall ar an bhfuar-cháirdeas
a chaitheadar linn, agus bhaineamar as sna fásgaíbh
soir an bóthar, agus cnámha leónta, mailí dubha, agus
súile daithte ag ár mbúnaite le tabhairt linn abhaile.
Bhí fios maith againn go mbéadh sgéala acab air 'sa
mbaile romhainn, agus céard a dhéanfadh na buachaillí
acht a shocrughadh gan a dhul abhaile chor ar bith an
tráthnóna sin! D'éaluigh cuid acab mar sin féin,
agus thug an baile ortha féin, acht cá bhfanfadh tuilleadh
againn acht go sámh 'nár gcodladh istigh i sgioból thuas
ar áiléar a bhí líonta le tuighe ar feadh na hoidhche;
mar bhí sgéala fáighte acab sa mbaile ar an gcleas


L. 72


a rinneadar, agus ó bhí a fhios againn go mbéadh an
“fhearg mhór” go cinnte ortha, socruigheadh go
mb'fhearr fanacht uatha go maidin go bhfuairigheadh sí
roinnt. Acht 'ar ndóigh téigheadh ar ár dtóir, agus
fuair muinntir an bhaile a bhí 'ghár dtóruidheacht sgéala
ó bhuachaill eicínt a d'éaluigh uainn cá rabhamar, agus
rugthas orainn 'n-ár suan réidh go leór.



Ní misde a rádh gur íocamar go géar nuair a frítheadh
sa mbaile sinn, agus gur leagadh an “tslaitín ghéar”
orainn go maith. Tugadh soir go dtí an sgoil sinn
an mhaidin sin go dtí an máighistir bocht a raibh cuthach
agus tadhad an tsaoghail air, gan trácht ar náire, ag
an gcleas a himrigheadh air, agus an chaoi ar himthigheadh
uaidh, go dtí sgoil eile. Ní bréag a rádh gur
thuilleamar uaidh an íocaidheacht ghlan a thug sé dhúinn
le ordughadh ó n-ár muinntir, mar máighistir ní b'fhearr,
ná ní ba lághaighe linn ná é roimhe sin ba dheacair
fhágháil. Thug sé bualadh agus greadadh breagh dhúinn,
& fuair Tomáisín “dualgas an tslisne” ar fad
uaidh, mar ba in aon úim amháin a chuaidh sé soir an
mhaidin roimhe sin go dtí an sgoil le teacht ar ais
le bacadh a chur ar gach duine d'á raibh ag teacht chun
na sgoile, mar bhí an mío-ádh mór air le baill-séire,
agus ní bhíodh uaidh i gcomhnuidhe acht bail-amhair a
dhéanamh de gach duine. Maidir leis an sgéal a craobh-
sgaoileadh i dtaoibh an mháighisteára bhoicht, ní raibh ann
acht bun-sgéal a chuir Tomáisín agus buachaillí
gleacaidhthe eile an Locháin i dtoll a chéile roimh ré,
ionnus go bhféadfadh siad an mac seo agus muinntir
Chor na Rón a mhealladh. Rinneadar é go paiteanta
an lá úd; acht ní raibh ann acht ceann de na
cleasannaibh agus na h-imeartais a n'imrigheadar
orainn ar feadh na mbliadhanta a chaitheamar ag dul ar
sgoil i dteannta chéile.



“Cois-Fhairrge.”


L. 73


Seilg na Meadhon Oidhche.



Bhí sgata buachaillí ag faire ar dhoras oidhche bhreagh
gheal ghealaighe san áirneán ar mhullach Thulcha, le súil
is go n-osglóchaidhe é, go dtéighidís isteach ar cuairt.
Tugadh faoi deara istigh go raibh an feigheall ag faire,
agus cuireadh maidí éamuinn leis an doras, agus
cuireadh bolta agus ath-bholta air, ionnus nach mbéadh
dul isteach acab. Ba han-sgéalaidhe ar fad fear
an tighe, agus bhí cuimse sean-sgéalta aige. Bhíodh na
buachaillí ag bailiughadh ag éisteacht leis, acht bhí an
iomarca de chroidheamhlacht agus de mheidhir na hóige
acab, 's nach mbídís i n-an aon chluais a rath a
thabhairt dó. Bhí sé oidhche ag innseacht dóibh i dtaoibh
na “seólta móra bocóideacha, bacóideacha,” agus i
dtaoibh Chéadtaigh, “a bhuail cic ar a luing a chuir
seacht gcéad déag léig i bhfairrge í,” nuair a sgairt
na buachaillí ag gáiridhe, nó go sílfeá go bpléasgfaidís
leis an bhfalrach tháinic ortha. “Mo chroiceann-sa ná
raibh ag an diabhal mara'r dhalbaidhe an chic í,” arsa
feithideach an-bheag feósuighthe sa gclúid. Chuir seo i
n-arainneacha ar fad iad, nó gur sgannruigheadar an
capall a bhí ceangailte de'n doras, agus gur
chuireadar ag cuachaighil í agus ag réabadh ar fud an
tighe, sa deireadh.



Ó'n oidhche sin bhí ortha ar chroiceann a gcluas an
teach a sheachaint, acht mar sin féin bhí an dúil nimhe
acab 'san ngreann, agus dheamhan mé mar ar mhian
leób a dhul isteach an oidhche seo dá mb'fhéidir é, ar
chor ar bith. Sin é an fáth a rabhadar anois bailighthe
os comhair an dorais, ag siosgadh agus ag caismirt
le chéile céard a b'fheárr dhóibh a dhéanamh.



“Innseóchad-sa dhíbh céard a b'fhearr dhíbh a dhéanamh,”
arsa duine. “Buailtear cúpla pléisg mhaith ar an
doras, agus rachad i mbannaí go n-osglóchar é,”


L. 74


“Déantar ann,” arsa tuilleadh. Is gearr go raibh
cárnán cloch bailighthe acab le caitheadh.



“Má rinne sibh leimhéaracht ariamh déanaidh anois é,
a ghasúra,” arsa Pádhraic, “agus caithtear i n-aoin-
fheacht, agus feicfidh sibh go músglóchar iad as an
soirm sámh 'na bhfuil siad istigh.”



“An gcaithfir féin, a Phádhraic?” arsa cuid acab.



“Mh'anam go gcaithfead” arsa Pádhraic.



“Abair ‘dar an ladhairicín bheannuighthe, chéasta,’”
arsa ceann eile.



“Dar an ladhairicín bheannuighthe, chéasta” arsa
Pádhraic.



Bhíodar sásta annsin; agus caitheadh múr cloch a
bhainfeadh teine ghealáin as an doras dá mb'fhéidir é.



I gceann trí meandar bhí fear an tighe amuigh 'na
mhaoil le cuthach agus báine — nídh nár bh'iongnadh.



Thosuigh sé ag tóraidheacht, acht ní raibh duine le
fágháil aige mar bhíodar go léir sgaipthe.



Chrom sé agus thosuigh air ag tógáil cloch go raibh lán
a ghabhála aige. Rith leis annsin, agus d'áitigh air ag
cuartughadh, agus cé bhéadh aige sáinnighthe istigh sa
gclais ghainimh i bhfalach acht Pádhraic. Ar an bpointe
's ar aithnigh Pádhraic gurbh' é Tomás a bhí faoi chuthach
ag déanamh air phléasg sé amach, agus lasg leis chomh
tréan i nÉirinn 's b'fhéidir leis é, agus seo Tomás
'n-a dhiaidh, ag cur cloch ag feadghail thar a mhullach.
Sguir ná stad níor bhain dóibh gur shroicheadar an
“Aill Bhuidhe.” Go mío-fhortúnach bhí na clocha fré
chéile caithte le Pádhraic ag Tomás annsin, agus
b'éigin dó tosuighe ag cruinniughadh gabhála eile; acht
a mhaisge, níor le Pádhraic do b' fhaillighe é. Cromann
air, agus líonann sean-hata mór a bhí air go béal
le clocha, agus seo i ndiaidh Thomáis é, sul mar d'airigh
sé é, agus tosuigheann ag cur múr cloch amach thar a
mhullach. B'éigin do Thomás baint as ins na fásgaíbh
le n'anam a shábháil, agus Pádhraic agus 'ch aon fhuaim
aige d'á baint as na claidheachaibh le gach fearnóig dá
gcaitheadh le Tomás nó gur chuir sé isteach é fá dheireadh
ar leic an teallaigh.


L. 75


Ar maidin lá'r n-a bháireach bhí Pádhraic ag teacht
anoir go mín, réidh, socair ag iarraidh feánach uisge
ag an tobar, agus cé casfaidhe dhó acht Tomás.



“Ó, a Phádhraic, ar airigh sibh-se tada de'n triopáil
a bhí annseo aréir? Is beag nár donuigheadh mé ag
na hamhuis bhradacha a bhí ag caitheamh le mo dhoras.”



“Muise, ní ag mugadh magadh atá tú, a Thomáis!”
arsa Pádhraic. “Mh'anam gur airigh mé plód
buachaillí ag rith soir an bóthar go deifreach aréir, mar
bhéadh domáiste eicínt déanta acab.



“Ó, ní fiú biorán a ndeárnadar sin,” arsa Tomás,
“acht bhí fear mór árd ann go díreach do mhac-samhail
féin, agus is beag nár bhasg sé mé!”



Ní raibh cuimhniughadh ar bith ag Tomás go mba hé
Pádhraic féin a bhí ghá sheilg ar feadh na hoidhche.



Cois-fhairrge.


L. 76


Sgéala 'n Domhan Thoir.



(Litreacha do sgríobh Mícheál Breathnach, ó Lonndain,
go dtí an Claidheamh Soluis.)



An Seambairléanach.



Tá an sean-tSeambairléanach — fear dhéanta an áir —
ag déanamh abhaile ó'n Aifric Theas. D'iarr sé
ceisteanna móra a réidhtiughadh san tír úd. Réidh-
tigheadh sé ceisteanna, acht ní mhúchfaidh sé go bráth,
agus ní choisgfidh sé an fhíor-sprid dhúthchasach i muinntir
na haite úd. Is deacair a chreideamhaint go nglacfaidh
dream cródha calma mar na Búraigh leis an sglábhuidh-
eacht ná leis an truailleachas, ná go mbéidh siad sásta
le luighe faoi chuing & géar-bhruid na Sasanach go deó
na ndeór



Leabhar mná De La Réidh.



Tá leabhar cumasach taithneamhach thar éis a chló-
bhuailte i Lonndain a sgríobh bain-chéile an taoisigh
chródha, De La Réidh .i. Búrach fíreamhail neamh-eaglach.
Bheireann sé cunntas cruinn fíor-thaithneamhach i dtaoibh
gach a mb'éigin di fhulaing leis ar feadh an chogaidh; i
dtaoibh na n-aistear bhfada a b'éigin di a thabhairt thrí
na sléibhte & na cnuic mhóra gharbha. Tráchtann sí ar
an gcaoi a mbíodh na Búraigh calma curtha fútha i
n-uaigneas na ngleannta nó ar bhruach na n-abhann ó
oidhche go maidin amuigh ar an gcúl-shráid san
iar-gcúltacht ag ceapadh slighthe & ag cur comhairle i
dteannta a chéile céard a b'fhearr a dhéanamh leis an
sgriosadóir a smíochadh & le n-a ruaigeadh amach as a
dtír dhúthchais.


L. 77


Mo ghroidhin chroidhe thú, a bhean uasal thréanmhar!
Ba hé do ghuidhe gach oidhche & do phaidir gach maidin
na Búraigh a bheith buadhach, an báire a bheith leób sa
deireadh, do thír dhúthchais a bheith saor ó shlabhraibh na
nGall, & an t-eachtrannach mío-thrócaireach neamh-chríost-
amhail a fheiceál ruaigthe go bráth amach as do thír! Is
dílis mar d'oibrigh tú & is tír-ghrádhach mar chruthuigh tú
go raibh do chroidhe & d'intinn fighte fuaighte le cúis
do thíre. Is onórach áluinn an sompla a thaisbeáin tú
& is dúthrachtach féidhmeach mar chuidighis leis an
muinntir fhearamhail líomhtha a sheas go dána docht ar
son saoirseachta a dtíre agus a dteangadh agus a
sleachta!



Fleadh na bhFeisirí i Lonndain.



Bhí cruinniughadh mór d'ár bhfeisirí ag fleidh i gceann
de na hallaí is mó i Lonndain oidhche Fhéile Pádraic.
Léighmid go raibh an áit ag cur thar maoil le daoine.
Bhí Seaghán Réamonn sa gcathaoir & mar is gnáthach
leis thug sé cómhrádh cumasach uaidh ag cur os comhair
na ndaoine cé'n stáid 'n-ar mhian le gach fíor-
Ghaedheal a raibh an croidhe agus an t-anam 'san áit
chirt ann, ár dtírín dúthchais a bheith. Dhearc agus
sgrúd sé go cruinn an chaoi atá ar an tír fá láthair.
Dubhairt sé go raibh sa' deireadh ár dtírín dil ag
biorrughadh suas go cumasach thar éis na mbliadhanta
bhfada fá throm-shuan agus fá neamh-shuim, go raibh sí
músgluighthe ó thaobh go taobh, agus a clann ag
oibriughadh go dúthrachtach le gach ar bhain le fíor-
náisiúntacht na tíre a chur ar aghaidh. Thug sé
árd-mholadh do Chonnradh na Gaedhilge, agus dubhairt
gur thuill sé meas, cabhair & cuidiughadh gach
Éireannaigh; mar an gcéadna chuir sé os a gcomhair
an chaoi a raibh déantúsaí na hÉireann ag dul ar
aghaidh go hiongantach, agus ag breith greime níos
láidre, mar Chonnradh na Gaedhilge, ar intinn agus ar
aigne na nGaedeal gach lá.


L. 78


An Seambairléanach.



Cuireadh cuimse neithe 'n-a gcír thuathbhaill an fhad
's bhí an Seambairléanach san Aifric. Tháinic sé a
bhaile an lá cheana, agus de réir gach deallraimh agus
gach tuairisge níor éirigh a thuras leis, agus níor
bh'fhéidir leis an socrughadh a shásochadh na bitheamhnaigh
ag baile a dhéanamh mar nach nglacfadh na Búraigh
leis, agus is soiléir go bhfuil an fuath agus an
dearg-ghráin ar an Sasanach chomh láidir agus chomh
doimhin i gcroidhthibh na mBúrach ar an uair seo do
ló & bhí aon uair ó'n gcéad lá riamh ar chuir an
sgriosadóir sanntach dúil 'n-a gcuid óir & a gcuid
talamhna.



Ceist na Talamhna.



Lonndain, Márta 28.



Cé nach bhfuil fós staidéar cruinn ná machtnamh
doimhin déanta ag furmhór na ndaoine ar an socrughadh
ar cheist na talamhna a cuireadh os comhair Thighe na
Féise seachtmhain go Céadaoin seo caithte, is follasach
as sgrúdughadh dhá laghad, gur mór go léir an biseach
é ar aon tsocrughadh dá ndearnadh go dtí seo.
Taisbeánann sé go soiléir go bhfuil an Riaghaltas
chomh mí-shuaimhneach & chomh fonnmhar ar shíothcháin & ar
shástaidheacht a tharraingt i nÉirinn agus d'fhéadfaidhe
a chreideamhaint. 'Sé seo anois socrughadh an t-aon
's dá fhichid a rinneadh, agus a chruthuigh fabhtach & neamh-
fhéidhmeach le tunóntaí na hÉireann a shásughadh, agus,
cé nach bhfuil glactha leis fós, ná é 'n-a dhligheadh, tá
dóchas láidir, le beagán beag athruighthe a bhfuil súil
go ndéanfaidh Bhuindam ann amach annseo, go
gcruthóchaidh sé sásamhail do thunóntaí na hÉireann
fré chéile, agus go dtiocfaidh ciúineas & síothcháin,
sástaidheacht & suaimhneas as nach bhfuil cleachtadh ortha
'n-ár dtír le os cionn céad bliadhain.


L. 79


Is iongantach de'n tsaoghal an tsuim a cuireadh 'san
gceist seo le fada. Ní raibh a leitheid de chruinniughadh
i dTeach na Féise le deich mbliadhna. Bhí an seomra
mór brúighte dingthe i n-íochtar 's i n-uachtar le
daoinibh. Nach deacair a rádh nárbh' imnidheach a bhí
beirt d'Fheisiribh na hÉireann a bhuail isteach agus a
thóig seilbh a suidheachán ar uair mharbhtha na hoidhche
roimhe ar fhaitchíos nach mbéadh breith acab ortha!
Tháinic an leomhan neamh-eaglach grinn lán-smaointeach,
Mícheál Mac Dáibhí anall ó Éirinn i n-aon turas le
bheith i láthair. Má tá aon fhear a rinne cion fir le
leasughadh a chur ar an gcuma mhí-ádhmharaigh 'n-a raibh
na tunóntaí bochta dhá dtreasgairt & dhá gciapadh fá
chuing na dtighearnaí, & a d'oibrigh go dána fíreamhail
teann ar son lucht shaothruighthe na talamhna tá os
cionn fiche bliadhain ó shoin ann, is é Mícheál
Mac Dáibhí é. Ó chuir sé suas d'á bheith 'n-a Fheisire,
tá cúpla bliadhain ó shoin ann, ní thug sé aon turas ar
Mhainistir Thiar go dtí seo. Is minic a cloiseadh
fuaim a ghlóir go bríoghmhar teann 'san árus mór
céadna bliadhanta ó shoin ag seasamh ar son daoine
bocht na hÉireann, & ag díbliughadh ar an dream & ar
an dligheadh a bhí ghá bhfágáil bánuighthe; acht anois bhí
sé i measg na gcuartóirí ag éisteacht go dlúth & go
haireach leis an óráid a bhí ag míniughadh na slighe
leasuighthe & feabhsuighthe ar cheist na talamhna — ceist ar
chuir sé lúthad na ngéag, spreacamh na gcnámh, & éirim
an chinn ag oibriughadh gan staonadh ar a son ar feadh
bliadhanta mór fada.



Ar feadh uaire go leith an chluig chaith Bhuindam ag
trácht i dtaoibh na ceiste, ag a mhíniughadh céard a
bhí fá'n Riaghaltas a dhéanamh le sgur de'n achrann
agus de'n chreachadh, & le deis a thabhairt do thunóntaí
na hÉireann ar a bheith 'n-a máighistrí neamh-spleádhacha
ar a dtalta féin thar éis suime achair. Chuir sé os
a gcomhair cé'n mhí-shástaidheacht a bhí i nÉirinn le
bliadhantaibh, cé an tsíor-throid & donas a thárla
de cheal gan socrughadh sásamhail a bheith déanta.
Bhí an dligheadh dhá oibriughadh go láidir mí-thruaigheach


L. 80


i n-aghaidh na ndaoine a bhí ag cur a gcos i dtalamh,
agus ag seasamh go docht i n'aghaidh, mar gheall ar
an gcaoi a raibh an cheist fágtha i n-aimhreas gan
réidhtiughadh. D'fhág na céadta agus na mílte an tír
de cheal saothruighthe & d'imigh leób anonn thar mhuir
mhóir na dtonn le n-a gcnámha a oibriughadh go cruaidh
ar son tíortha coimhthigheach & ag fágáil a dtíre dúthchais
go tnáithte ciaptha n-a ndiaidh. Tharraing an mí-
shuaimhneas na mílte constábla isteach 'sa tír le bheith
ag imtheacht n-a sguaidiríníbh i n-ainm 's bheith ag
smachtughadh an dreama mhí-shásta a bhí ag bagairt seo
's siúd a dhéanamh nó go bhfághaidís a gceart; agus
airgead na ndaoine bocht ghá gcothughadh. Má thagann
an tsíothcháin laghdóchar na constáblaí seo go mór,
agus ní bhéidh, 'ár ndóigh, an t-airgead ag imtheacht
ortha mar tá le fada.



Tá fá'n Riaghaltas sa' deireadh cuidiughadh le
saothrughadh na talamhna, agus leis sin tá dóchas go
ndéanfar cosgadh mór ar an imtheacht as an tír, & le
súil 's go mbéithí i n-an sin a dhéanamh & go ruaigfidhe
an droch-mhisneach & an mhí-mhuinighin atá le fada ag
ruaigeadh na ndaoine chuireadar socrughadh i dtoll a
chéile le n-a bhféadfadh na tighearnaí agus na tunóntaí
réidhtiughadh eatortha féin. Shocruigheadar dhá mhilliún
déag punnt a bhronnadh, agus iasacht airgid mar an
gcéadna a thabhairt uatha le n-a bhféadfaidhe a bhfuil
de thalamh le díol a bheith ceannuighthe ag na tunóntaí
i rith cúig mbliadhan déag, nó mar sin, agus béidh
hocht mbliadhna 'gus trí fichid beagnach caithte sul
mar bhéas ialach an t-airgead go léir a bhéith íoctha
ar ais. Má thárluigheann nach mbéidh an tighearna &
na tunóntaí i n-an a theacht le chéile 'sa socrughadh
tiocfaidh triúr measadóirí atá ceaptha ag an riaghaltas
le luach a cheapadh do'n talamh acht nach féidir leób
aon tsocrughadh a dhéanamh gan trí ceathramhna na
dtunóntaí ar an dúthaigh a bheith sásta le n-a mbreith-
eamhnas. Tá ár bhFeisirí as Éirinn le bailiughadh i
dteannta a chéile i mBaile Átha Cliath 'san Aibreán
anois leis an socrughadh seo a sgrúdughadh go grinn


L. 81


& go cúramach thríd síos & thríd suas & le comhairle a
chur i dtoll a chéile 'n-a thaobh, agus ní bhéidh fios go
dtí sin an mbéidh muinntir na hÉireann i gcoitcheann
sásta leis. Badh cheart ar chuma 'r bith gan glacadh
le hochtmhadh cuid an chíosa a bheith dhá íoc go bráth ag
na tunóntaí thar éis an ama — de réir an tsocruighthe —
a mbéadh an talamh glan acab. Tá sé sin sa
socrughadh .i. thar éis gach lasgaine, & thar éis an tsuim
aimsire a bheith caithte 'n-a gcaithfidh an t-airgead a
bheith íoctha ar ais, nach mbéidh 'n-a dhiaidh sin an talamh
saor, mar leanfar de hochtmhadh cuid an chíosa a bhaint
amach air go síorruidhe. Badh cheart seasamh go
daingean láidir i n'aghaidh sin. Tá fáth ag an riagh-
haltas leis sin, acht badh cheart a thaisbeánadh dhóibh
go gcaithfidh siad é a bhaint as an socrughadh, & an
t-airgead a theasdóchas a fhágháil ar chaoi eícint eile
seachas mar tá fútha a dhéanamh. Caithfidh Clanna
Gaedheal a bheith 'n-a sealbhadóirí ar a dtalta féin &
iad a bheith saor ó chíos & ó cháin acab sa' deireadh!



Má leasuighthear beagán an socrughadh is mór an gar
do Chlanna Gaedheal é; cé, mo bhrón! nach ndéanfaidh
sé go haibéil sonasach séanmhar ár dtír dhúthchais arís.
Nuair a smaoinigheas sinn gur fhág dhá fhichid míle
duine, idir an chúig déag & chúig déag 's fiche d'aois,
ár dtír i rith na bliadhna atá caithte, nach bhfuil sé
i n-an crádh & dólás a chur ar chroidhe an Ghaedhil is
aoibhnighe & is meidhrighe! Is deacair a rádh cé mhéad
acab seo a bhéadh deagh-shocrughadh na talamhna i n-an
a choinneáil 'sa mbaile. Tá faitchíos orm nach uimhir ró-
mhór é. Tá an talamh 'n-a fhásach thart timcheall na
tíre ag cothughadh eallaigh do'n té atá, b'fhéidir,
ró-neamh-shuimeamhail, nó ró-leisgeamhail le n-a shaoth-
rughadh, agus tunóntaí bochta dhá gciapadh ar gach taobh
dhe, b'fhéidir, ag a iarraidh greim a mbéil a bhaint as
talamh clochach garbh, nó as muing shléibhe nach gcuirfidhe
gabhar dá chothughadh air i n-áiteachaíbh eile. Roinntear
amach na réimsí breagha leathana féaracha seo idir na
tunóntaí bochta, & bíodh againn comhluadar socruighthe


L. 82


síos ortha go sásta socamhlach, agus bíodh gleó na
bpáistí le cloisint againn ortha i leabaidh géimneach
an eallaigh amach annseo. Go dtí sin béidh go leór
tunóntaí go suarach ag síor-chiapadh leis an saoghal.



Tá ár bhFeisirí go léir beagnach glanta leób as
Lonndain abhaile anois, le gan filleadh go dtí thar éis
na Cásga, & go mbéidh socrughadh eicínt déanta ar
cheist na talamhna acab thar éis machtnughadh doimhin
agus féachaint ghrinn fhad-bhreathnuightheach a dhéanamh
uirthi i mBaile Átha Cliath an mhí seo. D'fhág Seaghán
Réamonn Lonndain 'san oidhche Diardaoin, & tá ghá
chur féin faoi réir i gcomhair an Choiste & na ceiste
móire atá ortha a shocrughadh .i. an bhfuil ortha glacadh
leis an socrughadh atá ceaptha dhi & atá cinnte gan
cruthughadh sásamhail ar gach bealach dhá bhfuil ó'n
tunónta faoi láthair; nó feabhsughadh & leasughadh a chur
air, rud a bhaint as annseo & chur leis annsiúd, nó
go gceapfar go mbéidh sé acab sa deireadh gan
easbaidh gan marach, & gach a mbéidh ann tuigthe i
gceart ag muinntir na tíre. Annsinn béidh ortha a
thabhairt os comhair na Féise an dara huair leis an
athrughadh & an mbiseach a bhéas curtha acab air, & annsin
ní baoghal nach dtreabhfar arís é, thríd síos agus thríd
suas, i measg sluagh mór na gcarad & na námhad.
Thar éis na díospóireachta atá le bheith ann an dara
huair thar éis na Cásga, béimid eólasach go maith ar
céard atá le tárlughadh. Deirthear gur dhubhairt cuid
de na Féisirí atá ar thaoibh an Riaghaltais go bhfuil
rún acab cur i n'aghaidh nuair thiocfas sé ós a gcomhair
an dara huair.



Tá trácht go bhfuil fá'n Riaghaltas gar do dhá chéad
míle a thabhairt uaidhe d'Éirinn gach bliadhain as an
airgead atá curtha i leath-taobh le haghaidh neithe áirithe
'san Raghaltas ó cuireadh i bhfeidhm an dligheadh a
ceapadh 'san bhFéis i dtaoibh an oideachais le goirid.
Tá a cuid féin de'n airgead seo a ceapadh le


L. 83


hócáide 'san bhFéis ag dul go dlisteannach d'Éirinn,
& is mian le Bhuindam a dhícheall a dhéanamh le n-a
fhágháil di le cuidiughadh le saotharacht & le déantúsaí
innti, agus le bóithre iarainn agus bealaigh a
dhéanamh níos fearr. Béithear ag trácht i dtaoibh na
ceiste seo thar-éis na Cásga freisin, & béidh tuilleadh
le rádh 'n-a taobh amach annseo.



Ceist na Talmhan — lochta san mbille.



Mar ceapadh, frítheadh a lán lochta agus easbaidh i
mBille na talmhan ó tosuigheadh ar a sgrúdughadh. Ó
cuireadh os comhair an tsluaigh é tá cuimse cainnte d'á
déanamh 'na thaoibh, agus tá réimsí agus cornaí
páipéir dá n-ídiughadh ag taisbeánadh a chuid lochta, &
an leasughadh badh chóir a dhéanamh ortha. Ní iongantas
nach dtagann go leór dhíobh seo atá dh'á sgrúdughadh le
chéile san mbaramhail atá siad a thabhairt i dtaoibh
rudaí áirithe atá san socrughadh mar cuireadh os a
gcomhair ó'n bhFeis é, agus ní cosamhail go bhfuil sé
éasgaidh leasughadh nó athrughadh a chur air a shásóchas
na tunóntaí i gcoitcheann, mar an rud d'fheilfeadh i
gceanntar nó i ndúthaigh, ní móide go mbéadh glacadh
ar bith leis ag tunóntaí i n-áiteacha eile ar fud na
tíre. Tá furmhór na ndaoine ghá dheimhniughadh go bhfuil
an iomarca dh'á thabhairt do na tighearnaíbh faoi dheireadh
thiar thall thar éis na mbliadhanta mór fada a caitheadh
ag a iarraidh a bheith ag fulaingt le treasgairt agus
spídiúlacht uatha. Tá tuilleadh ag a rádh go fírinneach,
agus ag a chruthughadh gan duadh, gur ab iad na
tighearnaí talmhan a gheobhfas an bhuntáiste is mó as
an airgead seo atá i n-ainm 's a bheith dh'á bhronnadh
ar na tunóntaíbh, agus go bhfuil luach áidhbhéil ceaptha
dhóibh ar an talamh — luach nach fiú é, & nár chóir go
mbéadh súil go dtiubhradh na tunóntaí air.



Fáightear locht ar an mBille mar nach dtugann sé
aon deis mar badh cheart do na tunóntaíbh bochta a
caitheadh amach as a gcuid gabhaltas le cúig bliadhna
fichead leis an talamh d'fhágháil ar ais arís 'na seilbh


L. 84


féin an lá gur shaothruigheadar é go tíoghmhasach, &
gur chailleadar é go neamh-dhlisteannach. Mar an
gcéadna cáintear & lochtuightear go géar gan an
bille ag déanamh i bhfad níos mó do “lucht na hoibre,”
a bhíos ag saothrughadh na talmhan ar a bpáidhe agus
gan deis a thabhairt le n-a gcuirfidhe talamh feileamhnach
atá gan tunónta ar bith, acht in a fhásach, 'na seilbh, ar a
bhféadfaidís maireachtáil i bhfad níos socamhlaighe ná
mar atá siad. Níl an bille sásamhail de cheal gan
socrughadh a bheith ann le n-a mbéadh sé furasta ag
tunóntaibh bochta i gConnachtaibh, & i n-áiteachaibh eile
na talta míne féaracha nach bhfuil ag cothughadh éinne, a
cur na seilbh ionnus go mbainfidís greim a mbéil
amach — rud atá i ngar d'á bheith ag cinneamhaint ar go
leór aca de cheal a sáith talmhan. Go cinnte tá deis
tugtha le n-a bhféadfaidhe beagán méaduighthe a chur ar
ghabhaltaisibh i gceanntaraibh mar iarthar na hÉireann
nach bhfuil acht fíor-dhroch-thalamh ionnta, agus 'na bhfuil
Gaedhil bhochta go fairsing (slán beó go rabhaid!)
acht níl aon deis éifeachtach tugtha a chuirfeas na
reimsí leathana féaracha thart timcheall ortha 'na seilbh.
'Sé seo a theastuigheas.



Ní hiongnadh go bhfuil na Gaedhil ag imtheacht go
cráidhte dubhach as na ceanntaraibh úd i gcoigcríocht.
Níl, fairíor! tada le n-a n-aghaidh ag baile go minic
acht an ganntanas. Nuair a sgoiltear an gabhaltas,
nó an leath-ghabhaltas (rud a ghníthear go han-mhinic)
agus gheibheas duine de'n chlainn mhac a leath, is
ionduail gur beó bocht mar chaitheas sé é féin agus
a mhuirghin a chothughadh, ag a iarraidh a bheith ag
saothrughadh & ag baint brabaigh as na leacracha glasa,
nó as an gcriarach fiadháin i rith a shaoghail dóibh. An
iongnadh nuair atá deagh-thalamh mín cothrom os comhair
na n-óig-fhear líomhtha sgolbánta 'sna ceanntaraibh úd,
& nach féidir leób amháin smaoineadh ar dhrannadh leób,
go ngoilleann an droch-mheisneach agus an mhí-mhuinghin
ortha de cheal gan feiceál a bheith acab ar rud ar bith
le n-a n-aghaidh, & go n-ullmhuighid le lasgadh leób ó
n-a ndáimh & a ngaolta chun na Stát Aontuighthe? Go


L. 85


mbídh i bhfad níos mó talmhan le roinnt caithfidh siad
a bheith ag ciapadh leis an saoghal, & fairíor! caithfidh na
daoine óga a bheith ghá bhfágáil.



Tá beag nach gach duine d'á gcuireann a smaointe
& a bharamhail os comhair an tsluaigh ghá lochtughadh go
láidir ochtmhadh cuid an chíosa a bheith le híoc leis an
riaghaltas go bráth thar éis na hocht mbliadhna 's trí
fichid go leith, a chríochnóchas an téarma, a bheith caithte.
Tá daoine ag a rádh má ghníthear dligheadh dhe seo go
réabfar & go ruaigfear an mhuinghin agus an tsúil
chráidhte a bhí le geinéala an talamh a bheith saor ag
Clannaibh Gaedheal 'sa deireadh. Ceapann daoine go
mb'fhearr an Gaedheal a fhágáil mar atá sé ag súil
go geanamhail, acht go dóchasach, le saorsacht sa
deireadh ná fóirthint air féin anois agus fios a bheith
aige nach mbéidh talamh a sheacht sinnsear saor ó chuing
riaghaltais na námhad go bráth. Acht le congnamh Dé
& Mhuire ní baoghal go mbéidh sin amhlaidh, agus ní cóir
claonadh go bráth do'n droch-mheisneach, ná an mhuinghin
a chailleadh. Támuid anois ag biorrughadh suas agus
ag brostughadh orainn. Tá na fóda d'á bhfadughadh i
dteinidh na saorsachta i nÉirinn anois agus ní
haireóchar go dtiocfaidh lóchrann go lonnrach soillseach
aisti a ruaigfeas sgamaill dhubha léanmhara na daor-
sachta agus an ghalldachais amach as cumair ghlasa mhíne
na Fódla go deó na ndeór!



Achrann na “nDaoine nGeal” le na
“Daoine Dubha.”



An tSomáil.



Nach ró-fhurasta an ciúineas agus an suaimhneas
d'athrughadh, & ár & smíochadh a tharraingt 'na leabaidh!
Nuair is suaimhnighe agus is socamhlaighe a bhímid go
minic 'seadh thagas an droch-thuairisg chugainn de
sgiotán, & d'aon phlimp amháin, go bhfuil raic agus
sléachta dh'á ndéanamh, agus an cineadh daonna ag
sgeannadh agus ag áitiughadh ar a chéile i n-áit eicínt


L. 86


de'n domhan mór, agus iad i n-éadan a chéile go dána
fíochmhar námhadach — dream ag a iarraidh smacht agus
an lámh i n-uachtar d'fhágháil, agus an dream eile gan
aon ghlacadh le smachtughadh uatha, acht ag iarraidh
cead' a gcinn agus a gceartais féin gan aon duine
ag bualadh a ladair 'na ghnaithíbh, ná aon chur isteach a
dhéanamh ortha féin nó ar a dtaltaíbh dúthchais!



Nach mairg nach leigtear dhóibh maireachtáil go mín
réidh socair, agus dul ar aghaidh le n-a ghnó gan an
t-eachtrannach a theacht le mí-shuaimhneas agus tadhad
agus corrughadh mór 'na measg, agus a gcur amach
ar na sléibhtibh uaigneacha mar bheithidhigh fiadháine ag
ruatharach rómpa go cíocrach neamh-fhoighdineach, ag faire
ar a gcreachadóir. Agus nach mairg gur ab é an
“fear geal” ar gnáthaighe leis, le sainnt i maoin
nó i dtalamh, tosughadh ar an imreas leis na “daoinibh
dorcha.” Ceapann an “fear geal” nach mór an
“fear dorcha” a cheannsughadh i n-áit eicínt a mbíonn
sé ag cur na gcos uaidh, agus go bhfeileann Críos-
tamhlacht agus macántas a mhúnadh dhó, agus mar sin
is minic a thosuigheas an t-imreas & a leagtar an
iomad daoine, agus a thagas creachadh & réabadh, agus
marbhadh millteach is cur isteach an “fhir bháin” i
n-ionad ciúineas, múinteachas nó macántas a chur 'sna
“daoinibh dorcha.”



Agus is fearamhail dána neamh-eaglach é an “fear
dorcha” nuair a curtar air, agus is fíreamhail mar
sheasas sé ar son a thíre, agus a ghiodáinín dúthchais.
Tá sé oilte riamh ar an nga agus ar an ngléas caithte.
Is minic a b'éigin dó é féin a chosaint ar an
mbeithidheach allta 'sna coilltibh fiadháine, nó 'sna
gleanntaibh uaigneacha. Tá seisean mar na haithreacha
agus gach dream dh'á dtáinic roimhe, agus cé nach
bhfuil sé chomh sleamhain, chomh mín, nó chomh slíoctha leób
seo ó Roinn na hEórpa a thagas ag cur air, is beag
acab nach fear dóibh é ag cosaint a mhaoine, nó a
thalmhan 'sa gcómhrac.


L. 87


Tá tuairisg curtha amach go bhfuil smíochadh mór thar
éis a dhéanta ar na Sasanaighibh 'sa tSomáil san
Aifric Thoir. Is beag nár stialladh ó chéile cipe acab
ar an seachtmhadh lá déag de'n mhí seo .i. Aibreán.
Marbhuigheadh deichneabhar oifigeach agus céad 's ceithre
feara déag 's trí fichid saighdiúir ortha, agus
chailleadar dhá ghunna mhóra. Is é an leómhan millteach
cumasach úd .i. “an Mullah,” a rinne an t-ár. Is
cosamhail gur fiadháin allta an mullachán de dhuine é,
agus gur ab iongantach go léir an croidhe & an
meisneach a gheall Dia dhó.



Bhí an Coirnéal Pluincéad os cionn an dreama
a marbhuigheadh go huathbhásach tobann an lá úd, agus
tá faitchíos a n-anma ar na Sasanaighibh go bhfuil an
Coirnéal Cobbe, a bhí ann freisin, i ndaimhséar cruaidh.
Tugadh faoi deara na daoine dubha ag teicheadh leób
ar an gcúl-sráid an tráthnóna úd, agus phreab an
Pluincéadach agus a chuid saighdiúir go meisneamhail
dána na ndiaidh.



“Bainfead-sa faic as na daoinibh dubha fiadháine
nimhneacha seo, agus fág fúm iad go gcuiread deireadh
le gach feithideach acab,” ar seisean ar imtheacht dó.



“Bainfead-sa faic asat-sa ar chuma ar bith agus
fágfad sínte thú féin & do dhream dh'á mhéad do chuid
gaisge, agus dh'á dhána do ghlór, mara dtugair rí-aire
dhuit féin,” arsa taoiseach na bhfear ndubh faoi n-a
fhiacail.



Lean an Pluincéadach dhóibh go dána árd-inntinneach,
agus rún daingean aige gan mac máthar acab a fhágáil
beó. Theich siad-san roimhe thrí uaigneas na ngleannta,
& thrí ghairbhtheacht na gcnoc nó go bhfuaireadar
dealuighthe amach é féin agus a chuid saighdiúir i bhfad
ó'n gCoirnéal Cobbe agus a chuid saighdiúir seisean,
agus annsin thainiceadar thart timcheall air, de
sgiotán, agus d'ionnsuigheadar agus d'áitigheadar dh'á
smíochadh agus dh'á leagan go huathbhásach. Thuit an
Pluincéadach go luath san achrann le urchar domáisteach
ó fhear dubh a d'fhág criogtha é. Ní raibh aon chabhair i
ndán dóibh mar bhíodar ró-fhada ó Chobbe, agus ní raibh


L. 88


aon fhios aige go dtí i bhfad go raibh an mhío-thoisg dá
déanamh. Is cosamhail gur mealladh na Sasanaigh i
ndiaidh shaighdhiúirí an Mhullah, agus gur i n-aon turas
a theicheadar uatha le súil go leanfaidhe iad agus go
mbéadh deis acab ar an domáiste a dhéanamh — rud a
rinneadar go paiteannta.



De réir gach tuairisge throid an Pluincéadach mí-
ádhmharach agus a bhuidhean go tréan, agus rinneadar
iarrachta láidre ar fhilleadh ar ais ar an áit 'na raibh
an Coirnéal eile, acht chinn ortha amach 's amach. Níor
fhan urchar ná piléar gan ídiughadh, agus 'sa deireadh
bhíodar i gcleitheamhnas na bhfear ndubh a bhí ann 'na
mílte, agus, 'ar ndóigh, thugadar “dualgas an
tslisne” do na Sasanaighibh bochta. Tá faitchíos an
tsaoghail ortha i Sasana go ndéanfar an cleas céadna
le Cobbe & a bhuidhin féin. Níor chuir sé cor ná car
as ó rinneadh an t-éirleach, le sgannradh roimh an
námhaid. Tá taoiseach eile Sasanach, darab ainm
Manning, ag déanamh air go mall aireach le féachaint
le fóirthint air, agus ní'l a fhios céard a thárlóchas
amach annseo. Tá Cobbe bocht le dhá chéad fear agus
míle camail ag feitheamh leis go himnidheach mí-
shuaimhneach, agus ní leigeann an faitchíos dó corrughadh
go bhfághaidh sé congnamh.



Is ait an mac an saoghal — indé go haoibhneach glionn-
darach as ucht síothchána & ciúinis an tsaoghail mhóir,
agus indiu go doilgheasach buadhartha ag cásughadh go
brónach an áir & an achrainn atá ar siubhal idir na
Sasanaigh & na daoine dubha 'san Aifric Thoir!



An tSomáil.



'Siad na focla deireannacha dubhairt Hanburaí .i.
fear mór i Riaghaltas Shasana, agus a cailleadh go
han-tobann an la cheana, i dTeach na Féise gur cinnte
nach bhfuil leathnughadh ná neartughadh ar fud an domhain
mhóir thar mar tá gnóthuighthe cheana i ndán do'n ríoghacht
'san am le teacht, &, mar sin, nár mhór feasta féachaint


L. 89


le n-a raibh acab a choinneáil, & gan drannadh le tada
nár leób. Ní raibh sé seachtmhain básuighthe go raibh
aragúinteacht mhór i dTeach na Féise mar gheall ar an
domáiste a thárla go mí-fhortúnach do'n Arm Sasanach
i dTír na Somála le goirid. Bhí go leór de na
cainnteóirí ag dul le cuthach faoi gur cuireadh arm
amach 'san tír choimhthighigh fhiadháin mhío-fholláin úd le aon
bhacadh a chur ar na “daoinibh dorcha” & le bheith 'sa'
deireadh stiallta ó chéile ag an “Mullah” millteach
uathbhásach amuigh annsiúd.



“Ní'l neart ar a leitheid” arsa Tighearna
Chranborne. “Caithfear arm a chur ag gluaiseacht leis
an dream dubh a cheannsughadh i ríoghacht mar í seo
againn-ne, agus má thárluigheann go ndonuightear iad
seo a théigheas amach uainn, deamhan neart air acht a
bheith go cráidhte!”



Ní cóir dearmad a dhéanamh gur 'san Aifric a
rinneadh an t-ár le goirid, agus gur ab annsiúd,
freisin, a cailleadh ar na Sasanaighibh na mílte & na
dáinte le gar do cheithre bliadhna. Go deimhin is mío-
ádhsach an tír í an Aifric do ríoghacht Shasana, agus is
deacair a rádh cé an tuairteáil agus an chiapáil a
bhainfear as ceóláin Shasana amuigh annsiúd amach
annseo.



Ó'n gcéad lá ar thosuigheadar ag troid na mBúrach
ní raibh aon tuairim acab cé'n bhrígh & an éifeacht a bhí
san dream cródha a bhí san Aifric Theas le seasamh go
docht 'na n-aghaidh, & go díreach glan thárla an mí-eólas
mí-ádhmharach céadna dhóibh ar dhul dóibh amach go tír na
Somála. Shíleadar nach raibh rómpa amuigh annsiúd
acht dream beag dubh suarach éidtreórach, & an chéad
urchar a chaitheadar bhíodar cinnte go raibh an báire
leób, go raibh na feithideacha sguabtha, & is gairid go
raibh an sreang-sgéal curtha anall go dtí Seaghán
sanntach bocht: “Tá an chúis ag dul ar aghaidh go
háluinn. Ní bhéidh cimleachán dubh dh'á bhfuil in d'aghaidh
féin nó i n-aghaidh an Teagaisg Chríostaidhe, atámuid a


L. 90


sgaipeadh annseo go fóir-leathan, nach mbéidh smís-
teáilte againn sul aireóchas tú é. Bí ag súil le deagh-
thuairisg uainn.”



Tháinic meangadh gáire 'na bhéal ar léigheadh na
tuairisge dhó.



“Nach mairg a dhéanfadh tada,” ar seisean, “an lá
a bhfuil saighdiúir líomhtha calma mar sin le seasamh
dhom.”



D'fhan sé leis an deagh-thuairisg go neamh-fhoighdineach.
'Sa deireadh tháinic sí; acht, a Sheagháin bhoicht, thuit an
driúll (trioll) ar an dreáll (treall) agat nuair a
fuairis í, mar, i leabaidh a innsint duit go raibh “an
chúis ag dul ar aghaidh go háluinn,” chualais go raibh do
chuid “laochraidhe” dh'á leagan go millteach & an
“Mullah,” a bhí i n-aimhreas a bheith i dtrom-shuan nó
glanta leis ar fad, ath-mhúsgluighthe, & biorruighthe suas
go hiongantach, ag imtheacht ar thóir do chuid saighdiúir
'na chroiceann dearg le teann cuthaigh & tadhaid — anois
'na sheasamh ar bhárr an chnuic ag dearcadh uaidh go
grinn géar-radharcach, mar sheabhac na haille fuaire,
ag cuartughadh an námhad; & arís 'ghá ruaigeadh roimhe
mar sgata beithidheach ag rith le teasbach lá grianmhar
samhraidh!



Tháinic tuairisg eile go bhfuil an “Mullah” i
ngar dá bheith gabhtha & ceannsuighthe



“Támuid i ndáil le timcheall ar an mbitheamhnach
clamparach,” arsa tuairisg. “Tá sé i ngar dá bheith
ruaigthe againn go dtí an áit a d'fhág sé, agus nár
fhillidh sé choidhche” arsa tuairisg eile.



Acht dheamhan baoghal air. Tá an braon ag coipeadh
ann fós go láidir teann, & bainfidh sé cnead eile ó
chroidhe as Seaghán nó is mór ár mearbhall.



Bille na Talamhna.



Is maith mar thárla do Bhille na Talamhna ar a
thabhairt os comhair Thighe na Féise an dara huair.
Níor chuir i n'aghaidh acht sé dhuine fhichead, agus bhí


L. 91


ceithre chéad, triúr, 's dá fhichid leis. Tá súil go
gcuirfear deagh-chríoch air, acht tá feabhsughadh mór le
cur air fós sul mar is féidir le Feisiribh na hÉireann
glacadh leis. Caithfidh siad anois, nuair a bhéarfar ós
chomhair na Féise é an tríomhadh huair, a bheith an-aireach
agus rí-áirdeallach ar fad ag a iarraidh gan cor ná
casadh a leigean ann má's féidir é, acht mar
socruigheadh ag an gcruinniughadh mór i mBaile Átha
Cliath. Tá athruighthe móra ag teastáil ann sul mar
féadfar a rádh go bhfuil sé amháin gar dh'á bheith
sásamhail, agus tá muinghin, nuair a rachthar dhó an
tríomhadh babhta, go gcuirfear a mbunáite seo ann.



Thaisbeán Seaghán Réamonn, Liam Ó Briain, agus
Seaghán Díolúin go soiléir cé'n daimhséar a chaithfeadh
tárlughadh dá ndéantaidhe dligheadh dhe gan aon bhiseach
a chur air; go ndéanfadh sé maitheas do roinnt, dochar
do go leór, go mbéadh mórán nach dtiubhradh sé ceart
ar bith dhóibh, agus go gcuirfeadh sé go leór eile i
gcontabhairt mhóir i leabaidh leasughadh a chur ortha, nó
amháin a gceartas a thabhairt dóibh.



Is cumasach mar labhair Feisirí na hÉireann ag cur
ós comhair na Féise céard a bhí ag teastáil uatha i
nÉirinn, agus céard a bhéadh i n-an a sásaimh.
Thugadar arís ós comhair an tsluaigh chomh lochtach 's
bhí an Bille mar gheall ar an gcaoi a raibh sé ag
fágáil na dtunóntaí bocht i n-iarthar na hÉireann i
nganntanas agus, d'á bhrígh sin, cionntach le go leór
dár n-ógánaigh croidheamhla líomhtha i gCúige Chonnacht a
ruaigeadh go deó na ndeór amach as an tír.



D'fhiafruigheadar de Bhuindam cé'n mhaith a bheith ag a
iarraidh socrughadh a dhéanamh ar thalamh na hÉireann
mara raibh faoi méadughadh a chur ar na paistí beaga
atá ag tunóntaíbh bochta i gCúige Chonnacht, agus
límistéar eicínt a thabhairt dóibh thar mar tá acab
faoi láthair, nó mara raibh faoi na daoine bochta, ar
baineadh a ngabhaltais díobh le fada agus ar cuireadh
a gcuid talmhan i seilbh fhir an sparáin nó fhir an
eallaigh, a chur ar ais arís, mar is ceart & is cóir dhóibh
a bheith go neamh-spleadhach ar a dtalta féin, thar éis


L. 92


a bheith gonta sáruighthe tnáithte ag a iarraidh a bheith ag
ciapáil le tighearnaíbh talmhan, nó le boicíníbh na
mbeithidheach agus na sparán fada le bliadhanta.



Freisin, ní bhéidh siad sásta go mbídh sé fágtha
fá'n tunónta féin a mhargadh a dhéanamh, agus nach
gcuirfear d'fhiachaibh air níos mó a thabhairt ar an talamh
a cheannóchas sé ná mar bheirtí air 'san margadh le
cúig bliadhna déag nuair a ghníthí ceannacht.



Thárla dhomh a bheith i láthair fad 's bhí cuid de'n
chomhrádh agus de'n díospóireacht ar siubhal. Dheamhan
bréag nach acab atá an teanga ar a gcomhairle féin
san Árus mór úd, & gach fuaim 's siolla le cloisteáil
i ngach cúinne de'n tseomra, i n-íochtar 's i n-uachtar.
Labhair Tadhg Ó hÉilidhthe chomh greannmhar agus chomh
cáinteach géar agus is gnáthach leis agus, nuair a
chualaidh na feisirí Sasanacha, nach raibh i láthair acht a
bhí sa seomra cúl-shráideach ag caitheamh tobac ar a
mine-ghéire nó ag comhrádh dhóibh féin ar a suaimhneas,
go raibh Tadhg neamh-eaglach ar na bonnaibh agus ag
cainnt, shílfeá go mbéidís i gcontabhairt na sála a
bhaint d'á chéile ag pléasgadh isteach sna fásgaíbh ag
éisteacht leis. Ná habruigheadh aon duine gur fear
sgáthana faitchís Tadhg mar ní headh. Is cuma cé'n
rud a mbéithear ag trácht air, tá Tadhg i gcomhnaidhe
i n-an baramhail a thabhairt 'na thaoibh nár smaoin
ceachtar de na cainnteóiribh eile 'na thaoibh. Nuair a
sheasas sé le labhairt tá a fhios agat i gcomhnaidhe go
dtiubhraidh sé breitheamhnas a thaisbeánas inntleacht,
smaoineadh, cáineadh & b'fhéidir roinnt aistidheachta i
n-aoinfheacht.



Labhair Seaghán Réamonn mar dubhras cheana thar
cionn. Ní móide go bhfuil fear sa Teach 'na chainnteóir
chomh cumasach leis. Is fear é atá i n-an é féin
a cheannsughadh mar a déarfá, agus nach leigfidh do
thada an iomarca tadhaid nó feirge a chur air.
Leigeann tuilleadh acab dhóibh féin lasadh, ar bheith ag
cainnt dóibh, chomh dearg leis an splainnc, nó gur ar
éigin a fhágas siad puth anála acab féin fá dheireadh.
Is breágh an rud fuinneamh & éifeacht & spreacamh a


L. 93


chur leis an nglór acht, an gaisgidheach ealadhanta a
bheireas a chuid cainnte uaidh go socair, & 'na dhiaidh
sin a bheireas an teanga go géar gan cuthach gan
coipeadh dhóibh seo atá sé a dhíbliughadh, is minic is é a
bhuaidheas an cath fá dheireadh agus a dtugtar áird ar
a ghlór.



Sin é bhíos á cheapadh liom féin an oidhche úd agus
mé ag éisteacht leób i dTeach na Féise acht creidim
go bhfuil sé le nádúr ag an nGaedheal a bheith i
gcomhnaidhe cineál árd-inntinneach, agus labhairt amach
go neamh-eaglach teann, a athchuinge a iarraidh, a
ghearán, a chásughadh agus a dhíbliughadh a dhéanamh ortha
seo is cionn-tsiocair le go leór de'n donas & de'n
chrádh atá ag gabháil dó le fada, agus a bhfuil sé anois
ag iarraidh aisíoctha bhig bhídigh dá laghad ortha, ar son
ar bhaineadar dhe, & a ndearnadar air, ó chuireadar a
gcrúba go sanntach sladthach 'na ghnaithíbh ar dtús.



Múintear dhúinn ó lá go lá nach mór dhúinn a bheith
ullmhuighthe i gcomhnaidhe le tárlughadh eicínt le nach
raibh súil againn. Is minic ar theacht dó a chuireas
sé aoibhneas croidhe & glionndar orainn, acht is minic
is brón & duairceas a thagas chugainn 'na chuideachta.
Is minic a chuireas sé i gcuimhne dhúinn an sean-fhocal
adubhairt: “Ná déan do ghearán le giolla gan
truagh.” Nach minic is é an té le n-a mbíonn an
tsúil chráidhte againn a chliseas orainn i ndeireadh na
preibe, agus fhágas sinn go doilgheasach buadhartha ag
cásughadh gur chuireamar riamh ár muinghin ann.
Bímid ró-thugtha ar fad do ghéilleadh & do shuim i
mbladaireacht & i ngealltamais, & shílfeá go bhfuil sé
i n-am againn anois aithne a bheith againn ortha.
“Moladh gach duine mar gheibheas sé,” ars' an sean-
fhocal. Nó go mbídh na gealltamais cóimhlíonta bíonn
siad go minic i ndaimhséar & ní cóir a bheith ró-
mhuinghineach, & is contabhairteach an rud a bheith
ró-dhearbhtha 'n-a dtaobh.


L. 94


Bhíomar, b'fhéidir, ró-chroidhe-luaimneach agus ró-
gheal-gháireach ar fad, agus bhí an iomarca muinghine
agus dóchais ag a lán againn as an riaghaltas ó
bhuaileadar faoi Bhille na Talmhan, tá sgathamh ó shoin
ann. Thárla go maith dhó ar an gcéad & ar an dara
turas a thug sé thrí Theach na Féise. Rugthas air agus
sgrúduigheadh go cruinn é, agus thaisbeáin Feisirí na
hÉireann a chuid marach & locht go soiléir do'n tsaoghal
Fódlach. Chruinnigheadar i dteannta 'chéile maille le
an-chuimse de thunóntaí na hÉireann i mBaile Átha
Cliath & shocruigheadar annsin cé'n t-athrughadh a bhí
oireamhnach le déanamh, dá mb'fhéidir leób é, in gach
pointe de'n bhille. B'acab-san a bhí a fhios céard a bhí
ag teastáil agus céard a bhéadh agus nach mbéadh i
n-an a sásuighthe, agus 'sí an chontabhairt is mó atá
roimh an mBille anois nach dtiubharfar áird ar chomhairle
Fheisirí na hÉireann, agus nach ndéanfar na hathruighthe
móra millteacha atá ag teastáil uatha. Go deimhin,
tá cliste ag an riaghaltas cheana féin ortha i gceann
de na pointíbh is mó, agus is éifeachtaighe sa mBille,
agus níor bh'iongnadh, b'fhéidir, dá gcuireadh sé seo an
Bille ar fad i gcontabhairt. Taisbeánann Bhuindam
mór-shuim i bhfear íoctha na cána i Sasana, agus níl
géilleadh aige dhóibh seo a bhíos ag síor-mheabhrughadh dhó
mar tá na tunóntaí bochta, go minic. Cé gur cuireadh
i n-umhail dó go láidir chomh riachtanach 's bhí sé athruighthe
a dhéanamh i bhfíor-thosach an Bhille má bhí deagh-rath ar
bith le teacht as, níor chlaon sé, agus d'éirigh leis
féin agus leis an riaghaltas ar an bpointe seo, agus
fritheadh an ceann is feárr ar an athrughadh a bhí ceaptha
dhó ag Feisiríbh na hÉireann. Ní raibh d'ear is bárr ag
an riaghaltas acht duine 's dá fhichid.



Caithfidh an tunónta, má's leis an talamh a cheannacht,
luach a thabhairt air nach fiú é, agus luach nár tugadh a
leitheid ar aon ghabhaltas dár ceannuigheadh thar bárr
amach le hocht mbliadhna déag. Tá sé socruighthe go
gcaithfidh an tunónta cíos dá bhliadhan 's fiche, nó mar
sin, a íoc ar son na talmhan sul bhéas sé thar bárr
amach aige gan trácht ar a bheith ag íoc dhá sgilling


L. 95


'san bpunnt nó mar sin leis an ríoghacht fhad is beó é.
Ní raibh aon tsúil go ndéanfaidhe an luach chomh hárd
sin ar na tunóntaíbh. Tá go leór leór tunóntaí
beag, mar adubhairt Tadhg Ó hÉilidhthe, agus ní thioc-
faidh sé go ró-chruaidh ortha. Dubhairt seisean i dTeach
na Féise “go mbéarfadh na cearca i n-uibheachaibh
oiread 's bhéadh i n-an an difridheacht íoc gach bliadhain
idir an socrughadh a rinne an riaghaltas, agus an
laghdughadh ba mhian le muinntir na hÉireann a chur air.”



Táid ag gabháil do'n Bhille mar seo. Bhuaileamar
isteach an oidhche faoi dheireadh agus go cinnte bhí
iongnadh orainn ag laghad a raibh i láthair ag éisteacht
le n-a raibh ar siubhal ag “Coiste” an Bhille. Ní raibh
mórán le fiche duine ar thaobh an riaghaltais i láthair.
Bhí an chuid eile greadtha leób amach nó go mbéidís
ag teastáil le n-a dtoil a thabhairt. Níl aon mhaith ar
a innsint do chuid de na daoinibh céard atá ag
teastáil ná céard a dhéanfas na gnaithí, mar tá a
n-inntinn socruighthe acab roimh ré ar an taobh le n-a
dtaobhóchaidh siad. Is mór an tuairt a baineadh as ár
ndóchas asta ag an gcéad tsocrughadh a rinneadar,
acht tá an t-ádh ortha nó bainfear tuairt asta féin
amach annseo.



“Fán & sgaipeadh na nGaedheal.”



Le goirid bhí fear páipéir áirithe as Sasana ar cuairt
sgathamh i nÉirinn, agus ar dhul ar ais dó thug sé
cunntas fada ar an athrughadh mór a thug sé faoi
deara i nÉirinn, agus ar an uaigneas a bhí i
n-áiteachaibh ar fud na tíre ar chóir comhluadar a bheith
socruighthe síos go socamhlach. Dubhairt sé go raibh an
cunntas a tugadh ar an tír thar éis bliadhanta na gorta
sáthach dona agus truaghach, acht gur casadh é i
n-áiteachaibh a ndeachaidh an t-amharc a bhí le fágháil
ionnta thrí n-a chroidhe ar feadh a thurais ar fud na
hÉireann. Bhí an t-Iarthar dona go leór, adubhairt
sé, acht is mó an dólás a cuireadh air i gConndae na


L. 96


Mídhe ná ann, mar tá an áit beaghnach ar fad i
n-aon fhásach amháin agus gamhna agus beithidhigh agat
le feiceáil thart timcheall i leabaidh daoine.



Is cráidhte an rud léigheadh ar an gcaoi a bhfuil na
daoine ag laghdughadh, acht is measa seacht n-uaire a
bhfeiceáil le do shúile féin ag imtheacht 'na gcéadta ar
bhord na luinge i nGaillimh nó ag Cóbh Chorcaighe — na
céadta mac agus inghean mhuirneach ag fágáil a dtírín
dúthchais i dtús a n-óige agus a maitheasa agus ag
imtheacht le greim a mbéil a shaothrughadh i gcathrachaibh
plúchtuighthe thar lear. Thug sé faoi deara ag port
na traenach ag an gCloich Leathain i mBaile Átha Cliath
dáta gearrtha 'san gcloich a thaisbeáin go ndearnadh an
port leath-chéad bliadhain ó shoin; agus mo mhairg go
deó! tá go díreach a leath-oiread daoine againn i
Éirinn anois agus bhí an tráth úd. Níl amhras nár
cheap na daoine a thosuigh ar an bport a dhéanamh roimh
bhliadhanta na gorta go mbéadh againn i nÉirinn ar an
uair seo de ló trí mhilliún déag i leabaidh ceithre
mhilliún daoine. Ar feadh an dá fhichead bliadhain roimh
bhliadhanta na gorta méaduigheadh seisear in gach
deichneabhar ar mhuinntir na hÉireann, agus dá
ndéantaoi amhlaidh i rith an leith-chéad atá caithte bhéadh
a thrí oiread daoine i nÉirinn agus atá anois.



“Ní hiongnadh” ar seisean, “agus lucht an bhóthair
iarainn seo, le n-a chuid stad costach ag a iarraidh
a bheith ag maireachtáil ar dhaoine atá ag laghdughadh
agus ag laghdughadh i leabaidh a chéile le leath-chéad
bliadhain, go gcaithfir íoc go daor ar do thicéad, agus
go bhfuil na feilméaraí agus na ceannaidhtheóirí ag
síor-ghearán ar dhaoracht a chostais ortha. Ar feadh an
achair ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh ní castar ort
acht dhá bhaile — An Muileann Cearr & Áth Luain — 'na
bhfuil níos mó ná cúig mhíle duine 'na gcomhnaidhe, &
dhá mbéadh aon bhailte beaga 'na mbéadh aon tsaoth-
rughadh a rath ce'r cás é, acht níl. Níl acht trí bailte
beaga Mágh Nuadhat, Móta, & Béal Átha na Sluaigheadh
ar fiú trácht ortha, & níl siad sin féin ag dul ar aghaidh
leis an saothrughadh. Is rí-bheag agus is fánach an


L. 97


chuid de mhuinntír aon bhaile dhíobh atá ag cur aon lámh
nó chos ar bith i n-aon déantúsaí tairbheacha. Tá na
bailte líonta le tighthe ósta agus le siopaí agus de
réir mar tá siad ag méadughadh tá na daoine ag
laghdughadh nó nach mbéidh acab sa deireadh acht a bheith
ag a iarraidh a bheith ag maireachtáil ar a chéile. Ní
hiongnadh go n-abarthar “cé an mhaith é” le aon
iarracht nua dhá dtugtar ar rud eicínt a chur ar bun.



“Coinneóchaidhe na bailte beaga féin gan tuitim i
léig dhá mbéadh tighthe agus comhluadar sna límistéir
uaigneacha úd, acht níl na botháin féin le feiceáil in
go leór áiteach. Is féidir a rádh nach bhféadfaidhe súil
a bheith go mbéadh comhluadair socruighthe síos ar na
portaigh agus ar an gcriarach fiadháin i n-iarthar na
hÉireann: acht tar & feic Conndae na Mídhe agus
céard a gheobhfas tú ann, ins na ceanntaraibh is deise,
is glaise, & is fearr dhá bhfuil i nÉirinn? Gheobhfair
páirceanna glasa, agus uisgí ciúine ar feadh mílte
& mílte; b'fhéidir, idir gach deich míle dá siubhlair, go
gcasfaidhe baile beag ort le cúpla sgór tightheadh atá
ag dul i léig ó lá go lá agus gan teach ná bothán
eile i rith na ndeich míle mara mbéadh teach aodhaire
caorach nó árus mór tighearna talmhan, agus gan cur
ná treabhadh le feiceáil agat ná cosamhlacht saothruighthe
ar feadh mílte ar do thuras. Níl acht beithidhigh agus
caoirigh in gach áit — beithidhigh a ceannuigheadh nuair a
bhíodar go feósaidhe suarach ar aonaighe san iarthar, agus
a cuireadh ar na talta glasa féaracha úd le ramhrughadh
i gcomhair an mhargaidh thall i Sasana. Sin iad na
tunóntaí atá anois ar na talta úd — na beithidhigh
socra ceithre gcos a shiubhlas go sásta ar na bántaibh
míne, agus a luigheas siar go socair sámh ag congailt
a gcíre ar an gcúl-shráid ó lonnradh te na gréine, gan
tairbhe ar bith do'n chineadh daonna acht amháin an méad
feóla a chuireas siad ortha, & a fheabhas is thagas siad
chuca féin i rith an tsamhraidh. Tá na daoine & na
tunóntaí ruaigthe acab chomh maith is dhá mbadh leis
an gclaidheamh a dhéanfaidhe é.


L. 98


“Siubhlann siad go mín réidh socair treasna an
ghleanna ar ar mhair go sóghmhar daoine a ruaigeadh dá
dtamhnaigh bliadhanta ó shoin, agus de réir a céile tá
lorg na n-iomarach a bhíodh óig-fhear eicínt a chur go
héadtrom-chroidheach, atá anois fásta agus athruighthe
'na Mheiriocánach, agus b'fhéidir, mo nuar! gan amháin
smaoineadh aige ar an stáid 'na bhfuil a thír dhúthcais,
ná suim ar bith aige innti.



“Tá an talamh glas ar gach taobh agus in gach áit
dhá fheabhsughadh gach bliadhain ag tabhairt a chuid féir
atá d'á ithe ag na caoirigh & na beithidhighibh.



“B'fhéidir leat éisteacht go haireach am ar bith
san lá gan aon fhuaim amháin a cloisint ó dhuine ná
ó dhaoine. Níl amháin agat le cloisint torann na
traenach i bhfad uait, ná rothaí an carbaid, torann an
casúir, buille na tuaighe ó fhear ghearrtha an ádhmaid,
feadghail ná puirt chroidheamhla suairce an Ghaedhil,
gleó ná gáire na bpáistí — níl tada le cloisint
agat acht ceileabhar na n-éan ag glaodhach agus ag
seinm sna sgeacaibh, agus ar na géagaibh. Tá na
daoine sgaipthe agus imthighthe agus níl 'na ndiaidh acht
tréada agus eallach, talta 'na bhfásachaibh, agus tighthe
agus bailte ag dul i léig agus ag tabhairt uatha ó
lá go lá.”



Sin agaibh cuid dár dhubhairt an té seo a cuireadh
anall i n-aon turas le machtnughadh a dhéanamh, agus
an tír fheiceáil dó féin, & a cunntas a thabhairt uaidh
i dtaoibh a bhfaca sé innti. Is fíor dhó ar dhubhairt sé.
Tá ár dtír, fairíor! d'á sladadh ó lá go lá agus ó
bhliadhain go bliadhain. Tá a fhios againn go bhfuil ár
ndaoine ag imtheacht, acht tá sé air againn leigean
de'n bhuaidhreadh, agus rud eicínt éifeachtach a dhéanamh
le leasughadh a chur ar an stáid 'na bhfuilmid, agus le
féachaint le n-a clainn a shábháil do “Ghráinne Ní
Mháille” bhoicht feasta. Támuid ag a iarraidh a dhul
beagáinín beag bídeach ar aghaidh leis an gcosg anois.
Is mithid d' “Éire Ghaedhealach” iarracht a thabhairt
faoi anois nó riamh. Anois is roimpi atá!


L. 99


Comhrádh Cois Teineadh.



(As an gClaidheamh Soluis.)



Tadhg. — Maise, céad míle fáilte rómhat, a Mhaitiú! —
Leag annseo í! Tá an-áthas ar fad orm thú fheiceáil,
acht nach fada go dtáinic tú. Ní misde dhúinn súil a
bheith againn le árd-oidhche anocht, mar tá Seónac
Éamuinn & Diarmuid Ua Céirín geallta ar a theacht.
Nach mór an truagh go bhfuil sé ag clasgairt bháistighe
mar atá sé; acht ní féidir nó tiocfaidh siad.



Maitiú. — Bhí do theachtaire istigh rómham, go deimhin,
nuair tháinic mé isteach tráthnóna thar éis na fairrge,
ag tabhairt cuiridh dhom, & cheapas bualadh anuas ar
an bpointe a rabhas bearrtha & stócáilte.



T. — Cé mar d'éirigh leat indiu ar an muir, a Mhaitiú?



M. — Á! maise, mar sin, réasúnta. Dheamhan maith
ar bith 'sa gcasaoid ar chuma 'r bith. 'Ar ndóigh,
caithfidh cuid againn a bheith sásta le roinnt, agus ní
fhéadfamuid a bheith ag comórtas le daoinibh óga
lúthmhara láidre sgaoilte sgolabánta, a mhic ó, atá
i n-an dul ar a dtóir i ngach poll agus sgailp ó Bhun
Ghúlaim go Gaillimh.



T. — Sin í an fhírinne. Dheamhan mé má's furasta a
bhfágháil ar an aimsir seo. Ó tháinic an ghlas-aimsir &
ó chuaidh an ghaoith ó thuaidh ní'l mórán gliomach le
fágháil. Tá corr-cheann maith thoir i n-aice na gCrumpán
agus os cionn na hAille Finne, do réir mar bhí
Máirtín Thaidhg Eibhlín a rádh liom; acht, má tá féin,
'ar ndóigh, ní bhéad sé in do cheann finne curraichín a
oibriughabhdh soir chomh fada sin ar an ngaothtalach so.”



M. — Ní'l agam féin acht a bheith ag bordáil & ag
útamáil timcheall an Mhatail, & bhí sé chomh maith dhuit
a bheith ag a iarraidh gainimh a chur i ngad le bheith ag


L. 100


iarraidh gliomaigh na bposann sin a mhealladh. 'Ar
ndóigh, a mhic ó, má tá daoine le haghaidh na gCrumpán,
ní cuid againn iad-mh'anam! nach muid. Cé mhéad
doiséin a bhí agaibh-se, a Thaidhg, an babhta seo?



T. — Bhí seacht ndoiséin de cheannaibh móra, os cionn
dhá orlach déag; cheithre dhoiséin de leath-cheannaibh
maithe; & sílim deich gcinn de cheannaibh beaga éid-
treóracha nár bh'fiú a chur chum bealaigh.



M. — Agus ar thóig sibh an cárnán sin acab ó chuaidh
an púcán soir cheana seachtmhain 'sa' lá indiu? Ní'l
fhios agam 'sa' domhan mór go cé an ghleacaidheacht nó
an ealadhain le n-a meallann sibh iad chor ar bith?



T. — Ní'l aon bhréag ann, a Mhaitiú. Go deimhin
thóigeamar an méid sin le seachtmhain. Go cinnte caith-
fidh sórt gleacaidheacht' agus ealadhan a bheith ag an
ngliomadóir, má's mian leis a obair a bheith tairbheach
buan-tseasmhach. Caithfidh sé urlais neamh-lochtach a
bheith aige. Ní mór dhó a chuid potaí a bheith déanta
gan marach, na slata casta & fighte go dlúth agus go
pointeálta, an pota a bheith go deas cruinn socamhlach,
bealach fada fairsing a fhágáil ag an ngliomach le
dul síos, rud taithneamhach a bheith go síorruidhe thíos
le n'aghaidh a mheallas síos é, & a bhéarfas subhchas dó
le nach gcuimhneóchaidh sé ar theacht ar ais; & fós caith-
fear aire mhaith a thabhairt do na potaíbh, ionnus go
mbainfear an brabach & an bhuntáiste is fearr astab, &
gach drugall, leisge, diúlta & spadántas a dhíbirt. Is
iomdha maidin ar chuir muid-ne trí dhoiséin 'sa bpota
thóir ag an mBran-shruth Beag i n-éinfheacht, acht, 'ar
ndóigh, támuid ag caitheamh ár n-aimsire go léir leób
beag nach.



M. — Is fíor dhuit. Ní'l maidin dhá mhoiche dhá n-éir-
ighim nach bhfeicim sibh ag lasgadh amach ó Chaladh an
Tuinín 'sna feirrí glinnte. Ní'l duine dhá bhfeicfeadh
sibh nach n-aireóchadh gur oraibh a bhíos cosamhlacht na
maitheasa, bail ó Dhia oraibh! Nuair a bhíos tuilleadh
a bhfuil a rian ortha 'ghá searradh & 'ghá lúbadh féin,
bíonn sibh-se go dúthrachtach i n-éadan bhur ngnóthuidhe.
Tá faitchíos orm go raibh droch-chaoladóirí ag déanamh


L. 101


mo chuid potaí-sa, ar chuma 'r bith, a d'fhág basgtha
mé fhéin ó shoin.



T. — Cé mhéad fhághas tusa uaidh súd i mBóthar na
Trágha ar an doiséin, a Mhaitiú, ó d'eitigh tú a gcur
anonn?



M. — Coróin 's trí píghne thríd 's thríd, gan aon
bhréag a rádh: agus ceapaim-se gur mór an dalladh
mullóg atá ag gabháil do dhaoinibh 'ghá gcur anonn tráth
bhfuil sin le fágháil orthab ag baile.



T. — Marach an éasguidheacht atá 'n-a gcur anonn,
ní bhfuighfeadh sé ó chuid againn iad; acht ní'l aon deis
againn le n-a gcur go háit ar bith eile.



M. — Tá éasguidheacht agaibh go deimhin go minic.
Shíl mise go raibh sí agam fhéin nó gur chlis an púcán —
le corp faillighe agus drugaill a fuirinn — a theacht
an lá gheall sí, agus a chuir giní buidhe as dom ar a
laghad, 'n-áit ar cailleadh na plíomaí ba mhó bhí agam
ag an mbruithteacht sul d'fhéadas sgaradh leób. Acht
an fhad 's bhéas asal maith & cléibh agus cinnire le cur
'n-a dhiaidh agam ní éireóchaidh sé dhom arís ag fanacht
le giollaíbh bádóirí gan truagh ar bith dhuit ná suim ar
bith in do chás.



T. — Maise, agus cailleadh an oiread sin ort, a
Mhaitiú? Chualas an sgéal mí-ádhmharach céadna ag
cuid do na gliomadóiríbh eile go minic. Agus d'éirigh
sé go domáisteach dhom féin babhta nó dhó i bhfad ó
shoin sul mar phósas. Tá a fhios ag gach duine gur
anbhaoghalach contabhairteach an rud an bhruithteacht ag
gliomaigh — mór-mhór na plíomaí móra mí-stuamdha —
ní fhágann sé blas, brígh, ná beódhas ionntab.



M. — 'Seadh! Agus ó thárla go bhfuil a fhios acab sin,
go cé an leiciméaracht a bhíos orthab nach dtigeann
chugainn go pointeálta ar an am a ceaptar agus a
socruightear nuair is féidir leób é?



T. — B'fhéidir gur minic nach mbíonn neart acab air.
Tá a fhios ag gach duine go gcaithfidh an mhoill agus an
tseiléag a bheith ann, mór-mhór ag an t-é a mbéidh a
chúram fhéin aige le breathnughadh 'na ndiaidh. Ní'l
a fhios ag éinne eile cá ngoilleann an bhrógh ar an té


L. 102


chaitheas í acht aige fhéin. Caithfimid a bheith fad-
bhreathnuightheach, a Mhaitiú, & gan a bheith casaoideach
ná clamhsánach le foclaibh tadhadacha borba. Ní'l
sgreatal maitheasa a bheith ró-chasaoideach ná ró-
ropannta, mar 'sé dualgas & oibliogáid an tsaoghail
ar bhealaighibh is cionntach le bheith faillightheach agus
drugallach 'sa' dualgas a bhaineas leis ar bhealaighibh
eile go han-mhinic. Acht céard tá ag coinneáil mo
bheirte compánach lúthmhar mear éasgaidh a bhí geall-
ta ar a bheith annseo go haibéil thar éis an seacht a
chlog? Dar fiadh! B'fhearr dhom geábh a thabhairt soir
'ghá n-iarraidh. Ní dhéanfad aon mhoill, agus ní baoghal
nach mbéidh árd-oidhche shúgach mheidhreach gan dolás
gan brón ná imnidhe againn go socair ceóchánta tráth a
mbéimid bailighthe i bhfochair a chéile. A Shiubhán, bíodh
gach rud réidh 'mach agat-sa, & ná bíodh aon ghábhadh dhuit
a bheith ag stócáil nuair a bhéas muidne ar ais. Béidh
mé aníos arís sul bhéas do dhóthain tobac caithte
agat, a Mhaitiú. Gheobhaidh tú mó phíopa smigíneach 'sa'
sgipéad, a Shiubhán, & tabhair dhó é. Tá maiste ar an
teinnteán, mara féidir libh na cipíní soluis a fhágháil.



M. — Ó thárla go bhfuil tú ag dul soir, rith isteach
& abair le Peadairín gur dhubhairt mé go bhfuil sé i
n-am aige mo shoitheach teara & mo mhapa grábhála a chur
ar ais chugam, má 'sé do thoil é.



T. — Déanfaidh sin; sílim nár mhisde dhó é.



M. — Beannacht Dé dhuit, a mhic ó! — nach bhfuil sé thoir
aca le ráithe mhóir fhada fhairsing!



T. — A Shiubhán chroidhe, tabhair dhom mo chochall & mo
chóta mór. Tá droch-chosamhlacht ar an oidhche, agus
b'fhéidir go nglacfainn slaghdán, mar tá sórt piacháin
nó cártháin ionnam cheana.



Siubhán (ag fáisgeadh an chochaill). — Maise, a Mhaitiú,
nach breagh mór téagarach toirteamhail an fear é Tadhg
s'againne, bail ó Dhia air!



Tadhg (le Maitiú) — Freagair í mar is maith leat
nuair a bhéas mé imthighthe. Ó! is dalabuidhe an bháis-
teach í: acht ní bhéidh aon strómh orm anois ó thárla an
eochall seo búrlailte faoi mo mhuineál. Is gairid go


L. 103


mbéad ar ais. Ná corruigh ar a bhfacaidh tú 'riamh, a
Mhaitiú, go dtigidh mé.



M. — Go ngnóthuighidh Dia dhuit



S. — Fainic, an dtruisleálfaidhe thú ar na strapaidhibh
sleamhaine sin 'sa' mbearnain.



T. (ag seinnm go binn-ghlórach agus é ag imtheacht):—



“'Sí mo shearc í 'gus 'sí mo roghain í,
'Sí péarla an chúil duinn í,
'Sí an samhradh anns a' bhfuacht í
Idir Nodlaig agus Cháisg.”



S- Meas tú nach mise tá sé a rádh?



M. — Go dearbhtha is tú. Is beag an chosamhlacht
piacháin ná cártháin atá 'nois air. 'Sé a chroidhe atá go
héadtrom glionndarach.



S. — Ní'l fear ar thalamh an domhain chomh lághach deas
geanamhail grádhmhar caoitheamhail le Tadhg s'againne —
slán a bhéas sé! Nach fearr dhom tosughadh ag stócáil
feasta. Bog thusa an cliabhán go mbéidh na gréithí
glanta agam.



(Tosuigheann Maitiú ag bogadh.)



Siubhán — Dheamhan blas maitheasa dhuit a bheith 'ghá
bhogadh mara dtugaidh tú “Hú seóithín” dó. B'fhéidir
an uair sin go dtuitfeadh néilín chodlata air. Maise,
nach mairg gan Cáit istigh! tá gach rud 'n-a mhangarae
& 'n-a chír thuaithbhill 'sa' teach seo, & ní aireochamuid,
go mbuailidh na bádóirí isteach sul mar bhéas blas
stócáilte againn. Nach fearr dhomh-sa ceápar a thabhairt
síos go tigh Mhághnuis, agus a chur fá ndeara dhi siúd
atá ar a dhá sáil ar cuairt rud eicínteach a dhéanamh.
'Ar ndóigh, ní bhéadh an bhean is fearr a chuir lámh as
gualainn i n-an ag gach a bhfuil de ghiotamáil le
déanamh faoi chleitheachaibh an tighe seo.



Maitiú — Meas tú an bhfuil tada 'san dúidín úd
adubhairt sé atá san sgipéad, a Shiubhán? Dheamhan sin
gail a chaitheas le trí lá. Tá cuid de thobac Mheiriocá
agam le cangailt a cuireadh anall chugam le Máirtín
Thaidhg, agus is ait é, acht ní iomchruighim píopa ar bith,


L. 104


cé nach bhfacaidh tú aon fhear ariamh is dalabuidhe dúil
ann ná mé. Go deimhin bhíos ins na siopaibh móra
geala sin thoir ar sholáthar gráinín, acht ní raibh agam
acht bonnacha, thar éis m' aistir.



S. — Mar dubhairt Bríghid bheag leis an táilliúr:



“Tobac thar éis bídh,
Ar bhean an tighe tá sin,
Gach stróinse dhá dtéidheann an tslighe
Is suarach an cíos dó é sin.”



Seo dhuit an píopa anois agus deirim-se gur suarach
an cíos duit-sé é thar éis an páisde a chur a chodladh.
Ní eiteóchainn-se thú faoi phíopa Thaidhg dhá mbadh é
smúdar nó deannach an óir a bhéadh sé a chaitheamh as i
leabaidh tobac — bíod a fhios agat sin.



M. — Tá a fhios agam é, go raibh maith agat. Go
deimhin, le congnamh Dé, nuair a gheobhas mise mé fhéin
mar badh mhian liom, pé lá é, ní bhéidh mé i gcleitheamhnas
tobac ná píopa dhuine ar bith. Béidh tobac agam fhéin
'n-a bharra bachall, is cuma céard eile a mbéidh mé
easbadhach ann.



S. — Táim-se ag imtheacht anois ar an toirt, mar
ceapaim go bhfuil sé i n-am deagh-chosamhlacht a chur ar
an teach seo i gcomhair na hoidhche, agus dheamhan trí
mheandar go mbéad ar ais. Fainic ar chuma ar bith an
éireóchadh an páiste. Nach féidir leat leath-chos a
choinneáil 'san gcliabhán fad 's bhéas tú ag deargadh an
píopa? Go réidh anois, tá tú ag croitheadh an leinbh
ró-mhór. Déan go mín réidh socair é nó croithfidh tú
as a shláinte é. Sin é 'nois agat an tslighe ealadhanta
le cliabhán a bhogadh! B'fhuras d'aithne agus an chaoi
ar thosuighis nach raibh aon chleachtadh agat air, agus ní
móide gur beag dhuit a thúisge. Is beag rud nó
bealach 'san saoghal seo gan a locht fhéin. Acht táim
ag déanamh an iomarcaidh moille. Caithfidh mé a rádh
le Cáit a theacht aníos. Ní'l a fhios aici go mbéidh
rud ar bith ar siubhal annseo anocht. Tá an clampar
uirthi le cuarta. Féach anois! Rith sí, agus d'fhág


L. 105


sí a túirne 'n-a chadhan aonraic annsin, agus sguab
léithi gur bhuail sí bleid ar Chaitlín Ní Bhrallaigh, agus
tá mé cinnte go bhfuighead anois í ar a corrageab
ag coinneáil comhráidh léithi. Ní bhéidh mé i bhfad
amuigh nó cinnfidh sé orm. Go bhfóiridh Dia ar aon
bhean go sléibhe a mbéidh inghean bheag-mhaitheasach,
stuacach, pheatamhail aici. B' fhearr do dhuine bheith ag
gabháil de chlocha ar a chirteachaibh ná bheith ag pléidhe
léithi, acht, fairíor, ní do gach duine a gheall Dia
socamhlacht ná suaimhneas. Nach fearr dhom seársa a
thabhairt síos anois. Ná bíodh cás ná náire ort leagaint
ar an bpíopa nó go dtigidh mise. (Greadann léithi).



M. — (Agus é i n'aonar) Dar fiadh! Tá an-chuimse
tobac 'san bpíopa seo aige. Bhí sgiorta de'n ádh orm
'n-a dhiaidh sin. Tá sé lán go boimbéal. Is féidir
liom a bheith a caitheamh anois go mbéidh mé súghach sáthach
ar mo shocamhlacht, acht céard seo? Dar a' leabhar seo!
Tá triopáil eicínt ar na leacrachaibh. Seo daoine
ag strapadóireacht thar an gclaidhe. Sin cnead a
rinne duine a truisleáladh sa mbearnain. Ní féidir
gur ab iad Tadhg agus an dream eile atá ar ais chomh
luath seo, agus gan smeach stócála ná ullmhuighthe
déanta rómpab. Mh'anam gur ab iad — go n-aithnighim
an torann atá bróga móra gréasuidhe Thaidhg a bhaint
as na leacrachaibh. Nach air a bhí an dalladh mullóg
agus a dtabhairt i leith chomh luath seo! Dar fiadh! Is
righ-bhreagh an chosamhlacht atá rómpab, gan pioc déanta,
gan sméaróid 'san teinidh, an bothán 'n-a chírthuaithbhill,
& an bean & an inghean ar cuairt! Nach beag an ghraithe
a bhí ag fear canntalach crosta mí-fhoighidneach 'san
teach seo, acht



T. (glór garbh Thaidhg amuigh). — Leig isteach. Támuid
fré chéile annseo, a Shiubhán. Ní raibh aon chall agam
dul thar an Tóchar mar casadh dhom iad ag bualadh aníos
agus mar sin, buidheachas le Dia, níor bhain aon mhoill
dom mar cheapas.



M. — Tá faitchíos orm gur dhearmadais é siud a rádh
le Peadairín, ariú, bhí ar bhéal an bhealaigh romhat ag
dul soir dhuit, agus cruadhóg a bhfacaidh tú 'riamh agam


L. 106


leis an teara & an mapa, mar ní'l liobar croicinn ar
mo ghleóiteóigín curraigh de cheal grábhála.



Tadhg. — Dhá mbéadh sí gan sgiolltar croicinn go
bráth níor chuimhnigheas air le neart deabhaidh. Acht
an bhfuil maith ar bith dhom a bheith ag cainnt leat, a
Shiubhán? Ní hé seo an chéad uair a rinnis neamh-shuim
i m'ordughadh dhuit. Sgaoil isteach muid, adeirim; nó
an bhfuil sgrubal ar bith agaibh istigh annsin dúinne atá
bhur gcuid roighintis a choinneáil amuigh faoi an múrghail
dhomáistigh seo?



M. (ag osgailt) — Tigidh isteach anois go mín réidh
socair éadtrom-chosach, nó má dhúisigheann sibh an
leanbh atá go sámh 'n-a chodladh agam nuair a thiocfas
Siubhán aníos as tigh Mhághnuis i n-a bhfuil Cáit ar
cuairt, tá mé cinnte dearbhtha go mbéidh sí ar buile
le cuthach & tadhad. Go réidh anois, a Thaidhg. Ní'l
ar an doras acht an bolta, agus bíodh foighid agat.
Dheamhan aithne ort nach maide Éamuinn atá leis le do
chuid guailneála. M'anam, maise, an bhfeiceann tú,
nach mbéadh mo dhóthain mhór le déanamh agam agus
a fhosgailt daoibh!



T. (go dána garbh) — Buail pléisg de do ghlúin ar an
doras i n-íochtar, annsin brúigh dhíot amach é go teann
fórsach tapaidh, croch suas é annsin as íochtar chomh
maith 's is féidir leat, cuir an ghlún cheanann chéadna a
bhuail an phlaidhb air i n'éadan annsin, agus coinnigh
mar sin é. Beir annsin go deas réidh ar an mbolta,
agus má chinneann sé ort a tharraingt diabhal fhios
agam-sa go cé an chaoi a mbéidh sé. Sin é an chaoi ar
fhosgail mé fhéin é go minic do Shiubhán ar feadh an
áirneáin.



M. (ag cneadach i n-éadan an dorais) — Tá sé agam
sa' deireadh, agus isteach libh; acht tá an bolta briste,
an ursainn corruighthe, an fár-dhoras contabhairteach &
bagarthach, acht mo lom dubh dubhach, agus mo chreach
chráidhte go deó! tá mo ghlún donuighthe, an cúpán
as áit agus mé basgtha ag an bpléisg dhomáistigh a thug
mé dhom féin i n-éadan cláir dharaidhe an dorais.


L. 107


T. — Go sábhalaidh Dia muid, tá tú basgtha, a dhuine
bhoicht! Acht béidh 'chuile shórt ceart amach annseo.
Suidh san gclúid agus bain gail as an bpíopa go
fóilleach. Tabhair congnamh dhó, a Dhiarmuid. Sín uait
amach í. Cuir dornán tuighe faoi, a Sheónaic, agus
b'fhéidir go mbéadh sé go maith ar ball.



Seónac (le Diarmuid i gcogar). — Ara, dheamhan lá
riamh nach raibh an dream sin ag áidhbhéil. Cuirfead-sa
geall leat nach bhfuil faic ar an mbuachaill báire sin
acht ealadhain. Tá sé ag súil le teasachan agus
strioncán le n'ól, a mhic ó. Sin é a bhfuil de bhasgadh
air. Mh'anam go bhfeicfidh tú gurab é. Beódhóchaidh
sé suas ar ball, deirim-se leat.



T. — A Thighearna na Trócaire, cé an sórt cóir agus
cuma tá fágtha ar an teach so! Nach maith a bhí a fhios
agam gur mar seo bhéadh sé. Thar éis an fhógra thug
mé dhi sul mar d'imthigheas gach rud a bheith i ndeagh-chaoi
nuair a thiocfainn fhéin agus na daoine groidheamhla seo,
ní cosamhail gur chuir sí suim cnaipe gan chois 'n-ar
dhubhairt mé. Dearóil aosta príosta! Nach beag an
dochar dhom náire a bheith orm ag tabhairt cuiridh na
féile dhíbh, a dhaoine mhuinnteardha, agus laghad dá
chosamhlacht atá ar an mbothán seo. Nach deacair dhom
foighid a bheith agam léithi thar éis na faillighe clam-
paraighe atá déanta aici sa' méid adubhras léithi, agus
nach deacair dhom a rádh go bhfuil mórán smachta ná
comhairle agam faoi dhíon an tighe mhí-ádhsaigh seo.



M. (go lag-ghlórach san gclúid) — Maise, mh'anam
go bhfuil an páiste ag biorrughadh suas agat anois, &
nach bhfuil a fhios agam-sa cé an chaoi a mbéidh sé nuair
a thiocfas sí fhéin ar ais.



Diarmuid. — Mh'anam go sílfeá go bhfuil tú fhéin
ag biorrughadh suas, agus ag éirghe beagán níos
spleódaraighe freisin, bail Dé ort.



M. — Och! 'Sé do thruagh dhom é! Ara, a dhuine, bhí
an t-ádh orm nach ndeárnadh sprúdhánaí de mo
spreangaidíbh. Dheamhan cos a bhéas mé i n-an a chur
fúm an rabharta seo. Tá mo chnaipe déanta anois
thar ariamh. A Thaidhg, dheamhan fhios agam-sa cé an


L. 108


chaoi a mbéidh sé eidir thú féin agus Siubhán faoi gur
dhúisighis an t-óglaoch. Ó, is olc an phian í! — Ó, cé an
chaoi ar féidir fulaing léithi chor ar bith!



T. — Mara bhfuil fhios agat-sa é tá fhios agam-sa é.
Caithfidh an rud adéaras mise a bheith déanta nó béidh
a fhios agam cé an fáth. Mh'anam go gcaithfidh! Ó chuir
an ghrian a gob aníos indiu go ndeachaidh cárr an phosta
soir tráthnóna ag ceathramhadh thar éis an sé bhí mé
amuigh ar an bhfairrge faoi dhoininn agus báistigh ag
a iarraidh bheith ag breathnughadh i ndiaidh na bpotaí,
ag tógáil shíl, & ag coimhlint le muca mara mar tá
a fhios agaibh, agus thar éis m'anró & mo thrioblóide
ag a iarraidh bheith ag troid leis an saoghal, agus ag a
iarraidh bheith ag coinneáil an bhotháin i dtoll a chéile,
seo é an cútiughadh atá mé a fhágháil ó'n té a bhfuilim
ag dul thríd an méid sin ar a son. Nach bhfuil sé i n-an
fear ar bith a liathchan, a chomharsanna, agus nach beag
an t-iongnadh mé a bheith ag cailleadh an chroidhe mhóir
a gheall Dia dhom? Tá bladaireacht le fágháil go maith
uaithi, acht, dar fiadh, ní sheasfad-sa le bladaireacht,
clabaireacht, ná tada de'n tsaghas feasta, nó is
cruaidh an cás é.



S. — Ní mheasaim go bhfuil aon chall clamhsáin agat,
a Thaidhg, mar sin. Ní'l a fhios agat mar atá daoine
eile! Tá deagh-bhean agat, a mhic ó, agus bean ar
chóir dhuit a bheith bródamhail agus uaibhreach aisti —



T. — Bródamhail agus uaibhreach! Go dtugaidh Dia
ciall duit!



S. — Bean gan leisge gan diúltadh, agus bean gan
bíodán ná anachain



T. — Bean ghleárach, ghleódhach, mhí-stuamhdha, ragair-
neach, ghearr-'ubalach, b' fhéidir a b' fhearr a d'ainm-
neóchthá í!



S. — Á! dún do chlab. Ní headh, acht bean lághach,
charthannach, shubháilceach, fhial, dheas-labhartha, dheis-
bhéalach a bhfuil an croidhe agus an t-anam san áit
chirt innti.



T. — Ní'l a fhios agat cé an sórt mná í. Fiafruigh
dhíom-sa é. Ná trácht ar charthannas ná subháilceas, acht


L. 109


ar dhíomhaoineas, droch-mhúnadh, fuar-chúiseacht, stuaic,
& peatuigheacht, agus tógfad uait é.



S. — Tá tú ró-chruaidh ar fad uirthi, agus ní chuirim
suim deich triuf ins an méid aoidiughadh atá tú a
thabhairt uirthi. Is ort a bhí an t-ádh & an t-amhantar
an lá sonasach ar sguabh tú leat í ó'n bpátrún agus
a liachta fear óg spéireamhail groidhe faoi na bhóna
geal agus a bhríste colpach a raibh súil na glasóige
aige 'n-a diaidh. Nach minic a bhínn ag a rádh le Peig
gur dheacair a rádh cé an duine de dhá'réag a mbéadh
sí aige agus nach beag an duine a cheapfadh nuair a
bhíodh sí ag teacht ar cuairt go tigh Mháirtín go meangach
i n-aois a naoi mbliadhan déag gur ab ag Tadhg
Bhudalán gliomadóir a bhéadh sí i ndeireadh thiar
thall, acht bhí sibh i ndán dá chéile ag Dia, agus níor bh'
fhéidir dul thairis sin.



T. — Maise, mh'anam gur fíor dhuit an méid sin,
ar chuma ar bith. Is beag an ceapadh bhí agam fhéin
tráth ar thosuigheas ag spalluigheacht léithi ar dtús go
raibh aon bhaoghal go raibh sí ag cur aon tsuime in mo
chuid bladair, agus, 'ar ndóigh, cheap gach duine gur ag
déanamh fonomhóide dhíom a bhí sí nó gur chruthuigh mise
go mín réidh socair nár bh'eadh an tráthnóna úd nuair a
ghreadamar linn ó'n bpátrún. Tá an clampar uirthi
le cuarta, sin é an locht is mó tá agam uirthi, agus
is cuma léithi 'sa gcat marbh céard adeirim léithi.
Tá na gnótha gan a bheith anocht ar chuma ar bith eidir í
fhéin agus a hinghean, agus cuirfidh mé cnaipe libh go
mbéidh siad féin ag cur an mhilleáin ar a chéile nuair
a thiocfas siad.



D. -Ara, maise, a mhic ó! Mh'anam gur corr-
dhuine atá mar badh mhian leis, agus gur deacair duine
fhágháil gan a ghearán clamhsánach fhéin a bheith le déanamh
aige, dá mbéadh fhios agat é. B' fhearr dhuit an
saoghal a ghlacadh go réidh, mh'anam! Dhá mbéadh aon
tuairim agat mar atá daoine eile agus laghad de'n
tsochamhlacht atá aca, agus iad ag coinneáil a mbéal
ar a chéile, nach mbéitheá leath chomh casaoideach.


L. 110


T. — Mo bhéal a choinneáil ar a chéile, go deimhin!
Ní thiubhrad-sa cinnireacht do dhuine ar bith orm — na
ceap é. Tá mé fada go leór ag cur suas le
stiúradh ó dhaoinibh cuartacha cabacha conóracha; acht,
dar an leabhar seo! ní bhéidh sé le caitheamh in mo
bhéal feasta. Caithfidh pointeáltacht, stuaim, deiseacht,
agus umhluigheacht a bheith 'sa teach seo, nó béidh a fhios ag
Tadhg Bhudalán cé an fáth — (Buailtear an doras
& tosuigheann an siosga taobh amuigh. Fosgluigheann
Seónac an doras, & buaileann an mháthair agus an
inghean isteach i ndiaidh a chéile go teann fuinneamhail.
Croitheann Tadhg a chloigeann, breathnuigheann amach
ó n-a mhalaíbh ar Cháit, agus annsin ar Shiubhán, annsin
bhéireann sé súil ar fud an tighe, croitheann an
cloigeann arís, agus ag tabhairt a aghaidh go feargach
fíochmhar ar Shiubhán deireann):—



Mo mhallacht do'n lá mí-ádhmharach ar greamuigheadh
dhíot mé! Nach é mo chroidhe atá briste agat, a
dhabaire de chlabaire gan chiall, gan náire, gan chaoith-
eamhlacht, mara postamhail fuinniméadach a bhuaileas tú
isteach chugainn, thar éis a bheith ar do ghogaide ar
cuairt i dteach na muinntire eile ó d'imthigheas, agus
nach righ-bheag an dochar dhuit náire a bheith ort dhá
mbéadh a fhios agat céard é.



(Níor labhair ceachtar acab smid, & níor leigeadar
dur astab nó gur sguir sé dhá chuid díblighthe.)


L. 111


Óráideacht.



A cháirdí chroidhe, — Tá áthas mór agus aoibhneas ar
mo chroidhe a bheith annseo indiu ag cruinniughadh breág
Gaedhealach mar é seo. Tá roinnt aithne againn ar a
chéile cheana & le congnamh Dé béidh aithne níos feárr
againn ar a chéile feasta. Is é seo an chéad uair
agam a theacht os cómhair muinntire an pharáiste seo
ag cruinniughadh puiblídhe le beagán a rádh i dtaoibh
cúise 'ar dtíre agus 'ar dteangadh dúthchais. A
cháirde, ní móide go bhfuil ar thalamh na hÉireann
ceanntar ná paráiste chomh háluinn chomh taithneamhach
agus chomh fíor-Ghaedhealach leis an bparáiste seo.
Shiubail mé ar fud na hÉireann agus dh'á óige dh'á
bhfuilim is iomdha áit bhreágh áluinn a chonnaic mé ní
hé amhain i nÉirinn acht i dtíorthaibh eile agus deirim
go dearbhtha nach bhfacas fós aon áit a sháruigh le
áilneacht le deiseacht & le Gaedhealtacht ar an áit
bhreágh aoibhinn aerigh a toghadh agus a ceapadh le
haghaidh Choláiste Chonnacht. Agus anois, a cháirdhe, ó
thráchtas ar Choláiste Chonnacht chor ar bith ní bhéadh sé
ceart ná cóir agam an fhaill seo a leigean tharm gan
a innseacht dhíbh chomh buidheach agus chomh fíor-bhuidheach
agus tá na mic léighinn agus mé féin ag chomh lághach
fáilídhe soineannta agus tá sibh linn 'sag an gcaoi
a dtugann sibh gach cabhair agus cógnamh dóibh seo a
thagas chugaibh i bhfad agus i ngearr leis an nGaedhilge
a fhóghlúim agus a chleachtadh annseo in bhur measg.
Tá na mic léighinn lán bhuidheach agus tá mise agus
lucht stiúrta an Choláiste fíor-bhuidheach go cinnte
'Sé mo bharamhail nach bhfeadfaidhe aon áit nios feileamh-
naighe fhághail le haghaidh Coláiste Gaedhealaigh ná an
áit seo. Tá an Ghaedhilge is Áilne, is binne, & is
blasda ann dá gcualas i n-áit ar bith i nÉirinn. A!
a cháirde chroidhe, fairíor dóighthe deacrach! — nach bhfuil


L. 112


tuairm cheart ag gach duine dhá bhfuil annseo cé mhéad
is fiú paráiste Gaedhealach mar é seo; agus anois,
impíghim agus athchuingím oraibh i n-ainm Dé agus
Mhuire seasamh go dílis dhúthrachtach i gcómhnuidhe do
theangaidh Bhríghde & Naomh-Phádhraic — an teanga a cheap
Dia féin do mhuintir na tíre seo. Támuid annseo
indiu le impíphe agus athchuinge oraibh éirge suas go
láidir teann & seasamh go daingean docht ar son na
Gaedhilge. Táthar ag cur i n-umhail díbh cé an dualgas
mór atá oraibh ag “Éire ghlas na bhfiann” agus ag
gach a bhfuil fighte fuaighte le fíor-náisiúntacht agus
céard a thuigmid le fíor-náisiúntacht? Agus céard
atá fighte fuaighte le fíor-náisiúntacht agus nach féidir
a dhealughadh uaithi go deó na ndeór? Cé'n t-aon
chosainteóir mór atá i n-an spíoraid na saorsachta agus
an fhíor-shpioraid náisiúnta a choinneál go bráth go
beó bíodhgamhail agus go lonnrach soillseach ar lasadh?
Deirim-se gurab í teanga tíre an cosainteóir is
láidre, is éifeachtaighe agus is treise i n-aghaidh an
námhad. Gan a teanga féin ní féidir le tír chroidhe
slán folláin a bheith aici, ná chroidhe glan gléigeal
acht an oiread. Agus an tír a bhfuil a croidhe
fabhtach, tá an bás i ndán di de bhuidheachas de'n
tsaoghal agus tá sí i ngar d'á bheith i ndeireadh na
déithe. An tír atá gan a teanga ar leith féin — an
tír 'n-a bhfuil teanga an chreachadóra & an sgríosadóra
fá mheas agus a sean-teanga féin fá dhíth-mheas agus
fá chois — Dia go bhfóiridh Sé uirthi! Tá sí ar chaoi nach
bhfuil ceart ná cóir. Tá sí ag dul i n-aghaidh tola
Dé féin. Tá sí ag dul i n-aghaidh nádúir. Agus ní'l
aon bhealach le na haghaidh, ná aon chasán aici le
gabháil acht bealach a basgtha. Tá a cuid róthaí ag
casadh tuaithbheall; tá a croidhe ag lobhadh agus ag
tabhairt uaidh; tá sí ag cailleadh a bríghe & a nirt i
leabaidh a chéile; tá sí gan meas uirthe féin; gan
meas ar a stair ná ar ghníomhartha a laochra; gan
croidhe gan sprid; gan tada acht an donas & an mhí-
ádh; 'n-a cadhan aonraic i measg na náisiún — gan i
ndán di sa deireadh acht-an bás! A! a cháirdí, an


L. 113


léigfimid d'ár dtírín dil féin — “Oileán an Naomh &
na mbárd” — a dhul an casán mí-ádhsach seo? An
léigfimid í i mbealach a basgtha? An sgaoilfimid
bóthar léithi ar bhealach an mhí-áidh mhóir go Sasana le
bás fhágháil? An leigfear di bás fhágháil? An leig-
fear? Nár leigidh Dia! Tá ár dtírín díl i
gcontabhairt má fhághánn an Ghaedhilge bás. Mara
gcoinnighimid 'ar dteanga féin, 'ar nósa féin, 'ar
gceól & 'ar ndamhsaí féin, sin é an casán atá rómhainn
agus sonas, séan, sógh, ná saoirse ní'l i ndán dúinn.
Go dtí le goirid féin bhí muinntir ná tíre seo ag
imtheacht i ndiaidh a gcinn rómpa ar an mbealach
mhí-ádhsach gallda. Go dtí le goirid féin bhí an gall-
dachas agus a chomhluadar ag breith greime níos láidre
gach lá ar inntinn an Ghaedhil. Tugadh sgolta dhúinn
'n-ar ceileadh orainn eólas ar stair, an theangaidh & ar
litridheacht na tíre. Ní raibh rud ar bith ó'n dream
Gallda a thug dhúinn iad acht sglábhuidhthe sásta
macánta a dhéanamh dhínn & sinn a bheith sásta le bheith
'n-ar leath-Shasanaigh gan eólas ar ár dtír na suim ar
bith inti. Béasa, nósa, agus cleachtaí an tSasanaigh
sgaipeadh ar fud na tíre, agus i n-éinfeacht leóbhtha
tháinic an galldachas, an tseóinínteacht, an truail-
leachas, an ghlincíneacht, agus gach ceólántacht,
postamhlacht agus suairaighil dhá mheasa. Acht míle
altughadh le Dia chuir Connrad na Gaedhilge cosg ortha
sin. Tá an galldachas i n-íochtar, agus ní theas-
tuigheann uain anois acht congnamh na nGaedheal le
'n-ar dteanga a shábháil, & an tír a chur ar bhealach a
leasa. Is iomdha caoi ar féidir linn cuidiughadh le
rath & rathamhnais a chur ar an tir arís. Tá a dhualgas
féin ar gach duine againn. Acht tá dualgas ar leith
oraibh-se a aithreatha agus a mhaithreatha. Ar son Dé
labhairidh an Ghaedhilg leis an aos óg. Mara mbídh an
teanga dhá labhairt caithfidh sí bás d'fhághail agus
deirim-se an t-athair nó an mháthair a bhfuil an
Ghaedhilge aca go beó binn blasta agus nach labhrann
acht Béarla briste le n-a gcloinn gur mór atá le
freagairt aca. Chuirfeadh sé dólás ar chroidhe Gaedhil


L. 114


ar bith tabhairt fá deara comh práinneach is tá cuid
d'aos óg na tuaithe sa mBéarla agus laghad a bhfuil
de shuim aca na dteangaidh féin. Tá sórt dalladh
mullóg ag gabháil dóibh. Measann siad nach bhfuil
áilneacht ná filidheacht árd-smaointe ná léighinn 'n-a
dteangaidh féin. Agus go bhfóiridh Dia ortha! ceapann
siad, 'ar ndóigh, go bhfuil Béarla breágh blasta
galánta aca! Ní'l sa domhan go léir teanga is áilne
agus is binne ná ár dteanga féin. Ní'l sgoláire d'á
léigheanta sna hárd-sgolta is mó cáil sa nGearmáin
& sa bhFrainnc agus i dtíorthaibh eile nach bhfuil
árd-mheas aca ar an nGaedhilg. Casadh cuid aca orm
an geimhreadh seo cuaidh tharainn san Eilbhéis agus i
bParrthas agus tá fhios agam céard adubhradar. Tá
bean-uasal ó'n nGearmáin againn sa gColáisde a bhfuil
cúig teangthacha aici ceana & tá sí anois ag oibriughadh
ar chroidhe a díchill ag fógluim na Gaedhilge. Tá
duine uasal óg léigheannta againn as Oxford freisin
agus tá mac léighinn óg ó Bhonn san nGearmáin ag
teacht an mhí seo chugainn.


L. 115


Litreacha.



An chéad litir Ghaedhilge d'ár sgríobh Mícheál
Breathnach.



Do Fhear Eagair An Chlaidhimh Soluis.



Lochán Beag, An Spidéal,
Co. na Gaillimhe.



A Chara, — Is minic le bliadhain a smaoinigheas ar
chúpla focal do sgríobhadh chugat le n'innsint duit a
fheabhas 's tá an Ghaedhilg agam. Mar chíonn tú, táim
ag maireachtáil i gConnamara, an áit nach gcluinfeá
focal acht Gaedhilg aon am san lá, ná aon lá 'sa
mbliadhain. 'Sí an Ghaedhilg an teanga nádúrtha a
chualaidh mé & do labhair mé ó'n gcliabhán, & do labhraim
gach am, & le congnamh Dé a labhró's mé go bródamhail
blasta ins gach áit & gach tráth is féidir liom é. Ní'l
aon chall agam a rádh go bhfuil fíor-mheas & mór-ghean
agam ar theangaidh ghlé bhinn mhilis ar dtíre dúthchais
féin. Tá sé trí bliadhna, tuairim, ó thosuigheas ag
foghluim leis an nGaedhilge a léigheamh & do sgríobhadh.
'Ar ndóigh, bhí mé ábalta ar í a labhairt go blasta
agus go breagh nuair a thosuigh mé & dá bhrígh sin tá
fhios agat nach bhfuair mé cruaidh ná deacair í le
foghluim. Thar éis trí mhí bhíos ábalta ar í léigheamh
maith go leór. Annsin thosuigheas ag fágháil an
Chlaidhimh & fághaim beagnach gach uile sheachtmhain ó
shoin é, & deirim lé fírinne leat nach bhfuil aon pháipéar
i nÉirinn a bhfuil oiread gean' agam air leis an
gClaidheamh, a thugas oiread sásaimh dhom leis, ná is
mó thaithnigheas liom ná é. Tá dhá charaid agam, fear
pósta nach bhféadfadh fear ar bith bheith níos tír-
ghrádhamhla ná é, darab ainm Pádraig Breathnach, &


L. 116


buachaill óg ciallmhar, socair, múinte tuigsionach is
eadh an dara duine, darab ainm Pádraig Ua Cois-
dealbha. Tá siad 'na dtogha Gaedhilgeóirí, ábalta ar
í a léigheamh gan aon strómh, & táid anois ag obair
go dian dúthrachtach ag fóghluim na sgríbhneóireachta
& na litreach. Léigheann sinn an páipéar Gaedhealach
gach oidhche Shathairn i gcuideacht, & mar sin fághmuid
an sásamh i n-éinfheacht. Ná habradh aon duine go
bhfuighidh an Ghaedhilg uasal bás go bráth i gConnamara.
Ní bhfuighidh an fhad 's bhéas fraoch ar na sléibhtibh &
feamainn dearg ar na cladaighibh. Ní fhéadfadh aon áit
i nÉirinn na bhFiann bheith níos Gaedhealaighe ná an
ceanntar mór, leathan seo. 'Seo é an áit gan bhréig
a gcloisfeá na sean-sgéalta, na hamhráin bhinne & an
fhiannuidheacht iongantach ar feadh oidhcheannta fada
greannamhail an gheimhridh. Éireannach ar bith chaithfeadh
oidhche i measg na mbuachaillí bhíos cruinnighthe i
dteannta a chéile ar na teaghlaighibh d'amhdóchadh sé gur
fíor mo ráidhte. Ní'l ag na páistíbh acht Gaedhilg, ní
chloiseann siad acht í, & 'ar ndóigh ní'l siad ag iarraidh
acht í. Mo chrádh! nach bhfuil an sgéal amhlaidh ag
páistibh i n-áiteachaibh eile ar fud na hÉirinn. Tá an
Ghaedhilg dá múnadh in beagnach gach sgoil 'san
cheanntar seo do Chonnachtaibh ar a dtugamuid “Cois
Fhairrge.” Tá amhras orm go bhfuil tú tuirseach ag a
bhfuil mé a rádh. Acht tá mé ag a cheapadh gur maith
leat mé ag sgríobhadh chugat ar chuma ar bith agus a
thaisbeánadh dhuit go bhfuil sgríbhneóir Gaedhilge eile i
gConnamara, nó Cois-Fhairrge, badh chóir dhom a rádh,
nach raibh fhios agat go raibh a leitheid ann ar chor ar bith.



Bhíos ag Féis na Gaillimhe & fuaras dhá dhuais. Ní
raibh mé ag aon Fhéis cheana ariamh. Le congnamh Dé
sgríobhfaidh mé chugat anois is arís feasta ó mhúsgail
mé ó'n trom-shuan bhí orm le fada i dtaobh sgríobhtha. —
Le meas mór,



“Cois-Fhairrge.”



Meadhón Foghmhair, 21, 1901.


L. 117


An dara litir do sgríobh sé.



Connradh na Gaedhilge, Lonndain,



An 4mhadh lá de Dheireadh Fóghmhair, 1901.



A Chara, — Ní'l sé acht tamall gearr ó sgríobhas
chugad cheana & chuir sé bród mór orm mo litir
d'fheicsint fá chló. Bhíos an t-am sin i dtír ghlais na
hÉireann i measg mo mhuinntire & mo ghaolta, acht
thuit sé amach gur cheapas go mb' fheárr dhom imtheacht
ó shoin, & mar sin, táim le seachtmhain annseo i
gceart-lár chathrach Lonndan, &, 'ar ndóigh, is mór an
t-athrughadh é seachas an ceanntar Gaedhealach de
Chonndae na Gaillimhe d'fhágas.



Go deimhin 's go dearbtha is áluinn an gnó atá ar
bun ag Connradh na Cathrach seo. Is dóigh liom nach
féidir le héan-bhuidhin nó Connradh Éireannach ar bith
eile a bheith níos dílse ná níos dúthrachtaighe do chúis na
teangan ná na fíor-Ghaedhil atá annseo i bpríomh-chathair
ár námhad ag obair go dian, bríóghmhar, croidheamhail,
neamh-eaglach chun ár dteanga mhilis ársa d'fhóghluim,
d'aithbheodhughadh, & do leathnughadh. Tá siad ag cómh-
oibriughadh le chéile go taithneamhach & go feileamhnach &
ag déanamh gach a bhfuil n-a gcumas le n-a sparán &
le n-a ngníomharthaibh go sásamhail toilteanach chun í
chur ar aghaidh chomh láidir 's nach féidir léithi meathadh
go lá an Luain 'n-a measg.



Tá an iomad daoine idir bhuachaillíbh & chailíníbh ag
foghluim na Gaedhilge 'san gcathair mhóir iongantaigh
seo. Thosuigh sinn ar na ceachtaibh 'san oidhche Dia
Luain seo chuaidh tharainn ag halla an Athenéum. Bhí
an halla líonta de Ghaedhealaibh & b'áluinn an radharc
an obair bhreágh thaithneamhach bhí ar siubhal ann ó'n seacht
go dtí leath-uair thar éis an deich d'fheicsint. Bhí
chomh maith le céad duine do thosuigh ar an obair ann
an oidhche sin, & ba shoiléir as an taithneamh thugadar
dá ngnó, an mhór-shuim do chuireadar ann, & an
chosamhlacht bhí ortha ar feadh na hoidhche go bhfuil a
gcroidhthe te i dtaoibh cúise na Gaedhilge, & go mbéidh
siad buan-tseasmhach san obair shuairc, thír-ghrádhamhail


L. 118


bhéas ar bun acab feasta. Bhí cúigear is fiche ag
léigheamh an “Chlaidhimh Soluis,” & is féidir liom a rádh
gur an-mhaith uatha sin do dhéanamh. Tá an blas & an
chanamhain cheart acab chomh maith 's dá mbadh i
n-íochtar Chúige Mumhan, nó ar shléibhtibh fiadháine
uaigneacha fraochmhara Chonnamara phiocaidís suas é.
Do bhí amhráin againn i gcuideacht do thóigfeadh do
chroidhe, & leis an oidhche do chríochnughadh go sultmhar
sásamhail do gach duine sul sguir sinn do bhí rinnce
fada ann faoi stiúr fir atá eólasach ar rinnce
Ghaedhealach, &, go deimhin, táim cinnte go raibh croidhe
gach duine éadtrom le lúthgháir & le bród fhad 's bhí an
rinnce áluinn úd ar bun. Má bhí gach duine dá raibh
'sa láthair chomh bródamhail & bhí mise — & táim deimhneach
go raibh do réir gach cosamhlachta — chuadar abhaile go
háthasach aoibhneasach ag machtnamh ar an oidhche ghreann-
mhair Ghaedhealaigh bhí acab.



San oidhche Dia Máirt do bhí sgoruidheacht againn ag
Halla Bhellington. Bhí eagla orainn nach mbéadh
mórán daoine ann mar bhí an tráthnóna an-fhluich, acht
mar sin féin níor choinnigh sin uainn ár gcáirde
Gaedhealacha & tháinic an oiread sin 's nach raibh slighe
ag a leith, beag nach. Bhí go leór acab 'n-a seasamh de
cheal áite, le n-a raibh de dhaoinibh ann. Dubhairt na
Gaedhil seo atá i Lonndain le fada nach bhfacadar aon
sgoruidheacht fós 'n-a measg bhí chomh maith leis. Ba
shólásach an obair bhí againn ann. Do bhí aithriseóireacht,
seinnm, píobaireacht & rinnce againn go dtí a haon
déag 'san oidhche. Nach áthasach & bródamhail a leitheid
de chruinniughadh Gaedheal d'fheicsint oidhche bháistighe i
gceart-lár chathrach Lonndan i measg ár ndearg-
námhad. Is fíor an sgéal go bhfuil clanna Gaedheal
ag músgailt ó'n gcodladh & go bhfuil siad ag ullmhughadh
chun cath na teangan do throid gan faitchíos, & chun an
Ghaedhilge mhilis, chruthóchas choidhche gur fiú iad & go
dtuilleann siad Éireannaigh a thabhairt ortha, d'fhoghluim,
do sgaipeadh & do choinneáil beó an fhad 's bhéas
tonntracha Chuain na Gaillimhe ag nigheachán Cladaigh
“Chois Fhairrge.” 'San oidhche Dia Céadaoin do thosuigh
an gnó san gceanntar thiar de Lonndain ag áit a


L. 119


ngoirthear “Bermondsey” air. Do bhí cruinniughadh
breagh eile againn annsin. Thosuigh chomh maith le dhá
fhichid duine an chéad leabhar, & ní raidh súil agam
go mbéadh sé 'n-a gcúmhachta an chéad cheacht
d'fhóghluim chomh héasgaidh, ná an chanamhaint cheart do
phiocadh suas chomh luath. Fuaradar an-tsásamh 'n-a
n-obair & tá dóchas agam gur an-ghearr go mbídh
siad ag sguabadh thríd an dara leabhar go misneamhail
dána. Do bhí buidhean eile 'san tseomra ag léigheamh
an tríomhadh leabhair. Cailíní is eadh iad beag nach go
léir & go deimhin creid mé gur deas mín milis uatha
an léigheamh do dhéanamh. Go bhfágaidh Dia sláinte
neart & brígh ins na mnáibh óga tír-ghrádhamhla seo.
Nár cheart go mbéidís mar shompla ag an iomad
cailíní péacach eile atá faoi throm-shuan an ainéolais
& gan suim 'n-a dtír ná 'n-a dteangaidh, fairíor & is
gearr uainn an lá le congnamh Dé nach mbéidh mórán
measa ar aon óg-mhnaoi nach dtaobhóchaidh leis an gcúis
& nach mbéidh eólas aici ar theangaidh na nGaedheal.
'Ar ndóigh, ní'l mé ag tógaint páirte na bhfear n-óg
nach dtuilleann aon mholadh, mar tá cuid díobh neamh-
shuimeamhail i gcúis na tíre & mí-dhílis chomh maith innti
is dá mbadh 'n-a gCockneys do thóigfidhe iad. Is é mo
ghuidhe go mbadh luath fheicfeas sinn an lá a mbéidh ár
bhfir & ár mná óga go léir dílis dúthrachtach geanamhail
ar a dtír dhúthchais & eólasach ar theangaidh ársaidh
mheasamhail na hÉireann.



D'fhágas-sa áit darab í an Ghaedhilg uasal an teanga
choithcheannta & le fírinne, cé gur léigheas & gur chualas
árd-cháil i gcomhnuidhe ar an gConnradh atá annseo,
níor cheapas gur bh'fhéidir leób bheith a thríomhadh cuid
chomh maith oibreamhail & tá fhios agam anois go
bhfuilid, & 'sé mo bharamhail dá siubhailteá an chruinne
nach bhfuightheá buidhean Éireannach i gcoigcríocht níos
dílse ná níos spioradamhla i gcúis na Gaedhilge ná iad
so atá annseo i bpríomh-chathair an domhain. Go mbadh
bhuan-tsaoghalach bhéas siad; is aoibhneasach, is sásta
atá mé fá bheith i measg a leithéidí de Ghaedhealaibh — Le
meas mór,



Mise,



Míchéal Breathnach.


L. 120


Filidheacht.



Smuainte an deóraidhe ó Éirinn.



Fonn:— “Eóchaill.”



I.



Mo chrádh go n-éagad nach bhfuil mé 'nÉirinn,
Ar bhántaibh féarach' “Oileáin na Saoi!”
Le bliadhanta fada faoi bhrón gach tréimhse
'Sna Státaibh Aontuigh'e tá mé, mo dhíth!
Gan aoibhneas, sólás, ná suaimhneas lae 'r bith,
Go síorruidhe smuainighim ar Inis Fáil,
'S mo chroidhe 'ghá réabadh i lár mo chléibhe
Faoi dhuibhshion shaoghalta go síor 'ghá chrádh!



II.



Tráth rabhas im' óglaoch go croidheamhail spórtamhail,
Bhí mé faoi shólás i gCríochaibh Fáil,
Acht tháinic athrughadh 's do mheasas seóladh
Ar thóir an óir bhuidhe go 'Meiriocá;
Éire gheanamhail bhocht, céad fairíor! d'fhágas,
'S thugas “Slán” di ó lár mo chroidhe,
'S nach deacrach cráidhte bhí athair 's máthair
'S mo cháirdí grádhmhar' bhí leób ag caoi'!



III.
Annsin 'seadh ghluaiseas gan croidhe ná suairceas,
A Dhia! níor bhuadhartha a bhíos gan fáth!
Bhí an cúpla lúbach faoi bhrón 's uaigneas
'S a gcroidhe faoi dhuairceas im' dhiaidh go bráth;
An mac ba mheasa leób bhí dul thar sáile,
Gach slighe 'gus fágháltas do gealladh dhó,
Acht é d' fhanacht leób i measg a cháirdí
Is gan iad fhágáil go síor gan sógh.


L. 121


IV.
Annseo go cinnte 's mé tuirseach claoidhte,
Do ritheann mo smuainte shiubhal oidhche 'gus ló
Do'n oileán gheanamhail úd taobh thall de'n taoide
'Na rabhas go haoibhneach 's go síor faoi bhród;
Na daoine fearamhla bhí cumhachtach bríoghmhar
'Na cáirdí dílse bhíodh liom ag spóirt
'S gach cleas 's siamsa dhá mbíodh 'sa tír úd
Béidh siad im' chuimhne go dtéighead faoi'n bhfód.



V.
Anois, a cháirdí, ó táim go fann lag
'S nach bhfuil sé i ndán dom bheith 'rís go deó
Ar shléibhtibh árda 'gus gleannta áilne
Na tírín breágh' úd 'na rabhas go hóg,
Comhairle tógaidh anois ó'n deóraidhe,
Ní'l croidhe ná sólás annseo le fágháil,
Acht doilgheas saoghalta i bhfad ó ghaoltaibh
'S an croidhe 'ghá chiapadh faoi bhrón 's crádh!



VI.
'Sí Éire bhreágh dheas an tír is áilne,
Ní innti táim-se, céad fairíor géar!
Tá an aimsir ciúin ann 's an spéir gan smúit ann,
Tá an Ghaedhilg mhúinte ann 'gus í 'n-árd réim.
Tá innti cáirdeas, deágh-cháil 's fáilte
'S mo chroidhe bheadh sásta i Ríoghacht na nGaedheal,
Acht táim i n-díbirt 's ní'l acht smuainte,
'Nois guidhfead choidhche dhuit, a thír na nGaedheal.



11/7/'02. Cois-Fhairrge.



Connradh na Gaedhilge.



I.



A Chonnradh na Gaedhilge, mo ghoirm go héag thú!
Gan duairceas 's go séanmhar go raibh tusa choidhche!
Fad 's mhaireas na tréan-fhir 'tá againn i nÉirinn
Is cinnte nach n-éagfaidh tú i n-Oileán na Saoi;


L. 122


Na daoine breágh' Gaedhealach' tá ag oibriughadh go
tréanmhar —
Na buachaillí féidhmeach' 's na cailíní groidhe,
An seanóir lag lúbach 's gach duine le dúthracht
Anois tá siad músgluigh'e le cumhachta 'gus chroidhe.



II.



Bhí Éire go séanmhar i n-aimsir na Gaedhealtacht'
I sean-Inis Éilge bhí subhchas 's sógh;
Bhí daoine breagh' tréanmhar' ag oibriughadh le laochras
Ag neartughadh na hÉireann gach oidhche 'gus ló;
Bhí tréineacht 's croidhe ann, bhí buachaillí groidhe ann,
Bhí sonas 's saoirse ann, 's aoibhneas rígh-mhór:
Fad 's bhí acab Gaedhilg, 's nár dearnadh a séanadh,
A ndealughadh ó chéile níor bhaoghlach go deó.



III.



Acht tháinic an Béarla, 's do sgaip sé go héasgaidh,
'S thart timcheall na hÉireann is lúthmhar a sheól,
Do dhubhuigh na spéartha le sgamaill an Bhéarla,
'S d'athruigh sean-Éire ar shlighe nach raibh cóir;
Do múchadh an Ghaedhealtacht i gcroidhthibh na gcéadta,
'S fágadh go héag iad faoi dhuibhshion an cheó;
An cosainteóir bríoghmhar a chabhróch' go hiongantach
'S a neartóch' a ndílseacht — do thréig siad, mo bhrón!



IV.



Bhí fíor-shliocht na Féinne le bliadhantaibh i ngéibheann,
I sglábhuidheacht 's i ngéar-bhruid, gan aoibhneas ná sógh,
Faoi mhasladh gach tréimhse ag seóinínibh an Bhéarla
Bhí creachadh na Gaedhilge mín' aoibhne go deó.
Ó d'éirigh chomh héif'teach ar fud Inis Éilge
Tonntracha an Bhéarla le fuinneamh 'gus cóir,
Do sguabadh na céadta le fánaidh go léanmhar
'S sluigeadh go héag iad 'sa' sruth millteach mór.


L. 123


V.



Bhí Éire go fann lag, 's í fágtha go cráidhte,
'S a teangaidh mhín ársa faoi tharcuisne mhóir;
Ní cleachtaoi a béasaí, 's a nósa ní déantaoi,
'Gus a stáir ní léightí — céad fairíor go deó!
Acht las Dia na spéartha 'gus cruinnigheadh na céadta
Do músgluigheadh na Gaedheala le cumhachta ríg-
mhóir,
'Gus Connradh na Gaedhilge do chuir sí a fréamha
Go daingean doimhin éif'teach 'na gcroidhthibh, mo
bhród!



VI.



'Sí Connradh na Gaedhilge a dhúisigh go léir iad,
Is a thairngeas le chéile iad le aoibhneas 's bród;
'Sí d'athruigh na daoine le goirid go cinnte,
'S a bheódhuigh le brígh iad nach gcoisgfear go deó.
An glincín 's an seóinín do ruaig sí thar teórainn,
Do náirigh go mór iad 's bhasg iad ní baoghal;
Tá sí 'nois go láidir, go bríoghmhar, 's go dána,
'S ag oibriughadh go háluinn i nÉirinn na naomh.



VII.



Mo ghrádh-sa an Ghaedhilg, 'sí ár dteanga féin í,
'S labhairfead go héag í amach ó mo chroidhe;
An Béarla 'nois síos leis — ní theastuigheann ó dhaoinibh
Acht teanga a dtíre 'tá aoibhinn 's groidhe.
Teanga na Féinne 'nois molaim-se féin í,
'S grádhóchad go héag í fad 's mhaireas mé beó;
An Béarla ní mian liom, ní'l ann croidhe ná aoibhneas,
Acht teanga na tíre tá croidheamhail go deó.



“Cois-Fhairrge.”



Lughnasa 8, 1902.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services