Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúirt an Mheon-Oíche
Title
Cúirt an Mheon-Oíche
Author(s)
Merriman, Brian,
Compiler/Editor
Ó Murchú, Liam P.
Composition Date
1780
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1982)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main"/><author><name type="main"/></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Deirdre D'Auria and Eilís Ní Mhearraí</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">L166 L</note> <note type="L"/> <note type="B"/> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>L166 L</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><bibl><title/><author/><imprint><publisher/><date/></imprint> </bibl></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span> </span> <lb n="0"/><span>CÚIRT AN MHEONOÍCHE LE BRIAN MERRÍMAN.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>BA GNÁTH me ag siúl le ciumhais na habhann</span> <lb n="3"/><span>Ar bháinseach úr 's an drúcht go trom,</span> <lb n="4"/><span>In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe</span> <lb n="5"/><span>Gan mhairg gan mhoill ar shoilse an lae.</span> <lb n="6"/><span>Do ghealadh mo chroí an uair chínn Loch Gréine,</span> <lb n="7"/><span>An talamh 's an tír is íor na spéire,</span> <lb n="8"/><span>Taitneamhacht aoibhinn suíomh na sléibhte</span> <lb n="9"/><span>Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.</span> <lb n="10"/><span>Do ghealfadh an croí bheadh críon le cianta</span> <lb n="11"/><span>Caite gan bhrí nó líonta 'o phianta,</span> <lb n="12"/><span>An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas</span> <lb n="13"/><span>d'fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte</span> <lb n="14"/><span>Ar lachain 'na scuainte ar chuan gan ceo</span> <lb n="15"/><span>Is an eala ar a bhfuaid 's í ag gluaiseacht leo,</span> <lb n="16"/><span>Na héisc le meidhir ag eirghe in airde,</span> <lb n="17"/><span>Péirse im radhairc go taibhseach tarrbhreac,</span> <lb n="18"/><span>Dath an locha agus gorm na dtonn</span> <lb n="19"/><span>Ag teacht go tolgach torannach trom.</span> <lb n="20"/><span>Bhíodh éanla i gcrainn go meidhreach mómhar</span> <lb n="21"/><span>Is léimreach eilte i gcoillte im chóngar,</span> <lb n="22"/><span>Géimreach adharc is radharc ar shlóite,</span> <lb n="23"/><span>Tréanrith gadhar is Reynard rompu.</span></p> <lb n="24"/> <lb n="25"/><p><span>AR MAIDIN inné bhí an spéir gan ceo,</span> <lb n="26"/><span>Bhí Cancer ón ngréin 'na caorthaibh teo</span> <lb n="27"/><span>Is í gofa chum saothair tar éis na hoíche</span> <lb n="28"/><span>Is obair an lae sin réimpi sínte.</span> <lb n="29"/><span>Bhí duilleabhar craobh ar ghéaga im thimpeall,</span> <lb n="30"/><span>Fiorthann is féar 'na shlaodach taoibh liom,</span> <lb n="31"/><span>Glasra fáis is bláth is luibheanna</span> <lb n="32"/><span>Scaipfeadh le fán dá chráiteacht smaointe.</span> <lb n="33"/><span>Bhí me cortha is an codladh dhom thraochadh</span> <lb n="34"/><span>Is shín me thoram ar cothrom sa bhféar glas</span> <lb n="35"/><span>In aice na gcrann i dteannta trinse,</span></p> </div> <pb n="20"/> <div><lb n="36"/><p><span>Taca lem cheann 's mo hanlaibh sínte.</span> <lb n="37"/><span>Ar cheangal mo shúl go dlúth le chéile,</span> <lb n="38"/><span>Greamaithe dúnta i ndúghlas néalta</span> <lb n="39"/><span>Is m'aghaidh agam foilithe ó chuile go sásta</span> <lb n="40"/><span>I dtaibhreamh d'fhuiling me an cuilithe cráite</span> <lb n="41"/><span>Chorraigh do lom do pholl go hae me</span> <lb n="42"/><span>Im chodladh go trom gan mheabhair gan éirim.</span></p> <lb n="43"/> <lb n="44"/><p><span>BA GAIRID mo shuan nuair chualas, shíl me,</span> <lb n="45"/><span>An talamh máguaird ar luascadh im thimpeall,</span> <lb n="46"/><span>Anfa aduaidh is fuadach fíochmhar</span> <lb n="47"/><span>Is calaithe an chuain ag tuargaint tinte.</span> <lb n="48"/><span>Siolla dhom shúil dár shamhlaíos uaim</span> <lb n="49"/><span>Do chonairc me chúm le ciumhais an chuain</span> <lb n="50"/><span>An mhásach bholgach tholgach thaibhseach</span> <lb n="51"/><span>Chnámhach cholgach dhoirrgeach ghaibhdeach.</span> <lb n="52"/><span>A haeirde cheart má mheas me díreach,</span> <lb n="53"/><span>Sé nó seacht do shlata is fuílleach,</span> <lb n="54"/><span>Péirse beacht dá brat ag sraoilleadh</span> <lb n="55"/><span>Léi sa tslab le drab is ríobal.</span> <lb n="56"/><span>Ba mhuar ba mhiar ba fiain le féachaint</span> <lb n="57"/><span>Suas 'na héadan créachtach créimeach,</span> <lb n="58"/><span>B'anfa ceantair, scanradh saolta,</span> <lb n="59"/><span>A draid is a drandal mantach méirsceach.</span> <lb n="60"/><span>A Rí gach má! ba láidir líofa</span> <lb n="61"/><span>A bíoma láimhe is lánstaf inti</span> <lb n="62"/><span>Is comhartha práis 'na barr ar spíce</span> <lb n="63"/><span>Is comhachta báille in airde air scríofa.</span></p> <lb n="64"/> <lb n="65"/><p><span>ACHT DÚIRT go doirrgeach d'fhoclaibh dána</span> <lb n="66"/><span>"Múscail, corraigh, a chodlataigh ghránna,</span> <lb n="67"/><span>Is dubhach do shlí bheith sínte id shliasta</span> <lb n="68"/><span>Is cúirt 'na suí is na mílte ag triall ann.</span> <lb n="69"/><span>Ní cúirt gan acht gan reacht gan riail,</span> <lb n="70"/><span>Ná cúirt na gcreach mar chleacht tú riamh</span> <lb n="71"/><span>An chúirt seo ghluais ó shluaite séimhe,</span> <lb n="72"/><span>Ach cúirt na dtrua, na mbua is na mbéithe.</span> <lb n="73"/><span>Is muar le maíomh ar shíolrach Éibhir</span></p> </div> <pb n="21"/> <div><lb n="74"/><p><span>Uaisle sí mar shuíodar d'aonghuth</span> <lb n="75"/><span>Dhá lá is oíche ar bhinn an tsléibhe</span> <lb n="76"/><span>I bpálás buíonmhar, Bruíon Mhaigh Gréine.</span> <lb n="77"/><span>Is daingean do ghoill sé ar shoilse an Rí</span> <lb n="78"/><span>Is ar mhaithibh a theaghlaigh thaibhsigh shí</span> <lb n="79"/><span>Is ar uimhir na buíne bhí ina ndáil</span> <lb n="80"/><span>Mar d'imigh gach díth ar chríochaibh Fáil.</span> <lb n="81"/><span>Gan sealbh gan saoirse ag síolrach seanda,</span> <lb n="82"/><span>Ceannas i ndlí ná cíos ná ceannphoirt,</span> <lb n="83"/><span>Scriosadh an tír is níl 'na ndiaidh</span> <lb n="84"/><span>In ionad na luibheanna acht flíoch is fiaile,</span> <lb n="85"/><span>An uaisle b'fhearr chum fáin mar leaghadar</span> <lb n="86"/><span>Is uachtar lámh ag fáslaigh shaibhre</span> <lb n="87"/><span>Ag fealladh le fonn is foghail gan féachaint</span> <lb n="88"/><span>d'fheannadh na lobhar 's an lom dá léirscrios.</span> <lb n="89"/><span>Is dochrach dubhach, mar dhiú gach daoirse,</span> <lb n="90"/><span>Doilbheadh dúr an dúcheilt dlíthe,</span> <lb n="91"/><span>An fann gan feidhm ná faighidh ó éinne</span> <lb n="92"/><span>Acht clampar doimhin is loighe chum léirscris,</span> <lb n="93"/><span>Falsacht fear dlí is fachnaoide airdnirt,</span> <lb n="94"/><span>Cam is calaois, faillí is fábhar,</span> <lb n="95"/><span>Scamall an dlí agus fíordhath fannchirt,</span> <lb n="96"/><span>Dalladh le bríb, le fís, le falsacht.</span></p> <lb n="97"/> <lb n="98"/><p><span>FARA gach fíor is fuíoll níor fágadh,</span> <lb n="99"/><span>Dearbhadh díble ar bhíobla an lá sin</span> <lb n="100"/><span>Cúis dar ndóigh ná geobhairse saor thríd,</span> <lb n="101"/><span>Cnú na hóige á feo le faolraois</span> <lb n="102"/><span>Is easnamh daoine suíte ar Éire.</span> <lb n="103"/><span>Do mheath led chuimhne an síolrach daonna,</span> <lb n="104"/><span>Is folamh 's is tráite fágadh tíortha,</span> <lb n="105"/><span>An cogadh is an bás gan spás dá ndíogadh,</span> <lb n="106"/><span>Uabhar na rithe is ar imigh tar sáile</span> <lb n="107"/><span>An uair ná deineann sibh tuilleadh ina n-áit díobh.</span> <lb n="108"/><span>Is nár bhur n-iomad gan siorraigh gan síolrach</span> <lb n="109"/><span>Is mná ina muirear ar muir is ar tíorthaibh,</span> <lb n="110"/><span>Consaigh chorpartha is borrcaigh óga</span> <lb n="111"/><span>Is bunsaigh bhrothallach fola agus feola,</span></p> </div> <pb n="22"/> <div><lb n="112"/><p><span>Lóistigh liosta agus ligthigh shásta</span> <lb n="113"/><span>Is mórgaigh shioscaithe d'imigh i bhásta.</span> <lb n="114"/><span>Is trua gan toircheas tollairí 'on tsórt so,</span> <lb n="115"/><span>Is trua gan tormach brollaigh is bóta iad,</span> <lb n="116"/><span>Is minic iad ullamh an focal dá bhfaighidís</span> <lb n="117"/><span>Ag tuitim dá mogall is molaimse a bhfoighne.</span></p> <lb n="118"/> <lb n="119"/><p><span>IS É CINNEADH le saoithe i gcríoch na comhairle,</span> <lb n="120"/><span>In ionad na daoirse d'inseadh dóibhsin,</span> <lb n="121"/><span>Duine don bhuíon so líonta i gcomhachta</span> <lb n="122"/><span>Ar thuitim 'on dílse shuíomh go Fódla.</span> <lb n="123"/><span>Tairgeann Aoibheall, croí gan claoinbheart,</span> <lb n="124"/><span>Cara na Muimhneach, síbhean Léithchraig,</span> <lb n="125"/><span>Scaradh le saoithibh sí na slua so,</span> <lb n="126"/><span>Scaitheamh ag scaoileadh daoirse i dTuamhain seo.</span> <lb n="127"/><span>Do gheall an mhíonla chaointais chóir seo</span> <lb n="128"/><span>Falsacht dlí do chloí go comhachtach,</span> <lb n="129"/><span>Seasamh i dteannta fann is fánlaig</span> <lb n="130"/><span>Is caithfidh an teann bheith ceansa tláith libh.</span> <lb n="131"/><span>Caithfidh an neart gan cheart so stríocadh</span> <lb n="132"/><span>Is caithfidh an ceart 'na cheart bheith suíte.</span> <lb n="133"/><span>Geallaimse anois nách clis ná comhachta,</span> <lb n="134"/><span>Caradas Miss ná Pimp ná comhalta</span> <lb n="135"/><span>Shiúlfas tríd an dlí seo 'o ghnáth</span> <lb n="136"/><span>Sa gcúirt 'na suífe an síolrach neámhdha.</span> <lb n="137"/><span>Tá an chúirt seo seasmhach feasta sa bhFiacail,</span> <lb n="138"/><span>Siúilse is freagair í, caithfidh tú triall ann,</span> <lb n="139"/><span>Siúil gan tafann go tapa ar do phriacail</span> <lb n="140"/><span>Siúil nó stracfad san lathaigh im dhiaidh thu".</span></p> <lb n="141"/> <lb n="142"/><p><span>DO BHUAIL sí crúca im chúl 's im chába</span> <lb n="143"/><span>Is ghluais chum siúil go lúbach láidir,</span> <lb n="144"/><span>Sciob sí síos me tríd na gleannta</span> <lb n="145"/><span>Cnoic Mhánmhuí is go binn an teampaill.</span> <lb n="146"/><span>Is deimhin go bhfeaca me ar lasadh le tóirsibh</span> <lb n="147"/><span>An teaghlach taitneamhach maiseamhach mórtach,</span> <lb n="148"/><span>Soilseach seasmhach lannamhail lómrach,</span> <lb n="149"/><span>Taibhseach tathagach daingean dea-dhoirseach.</span></p> </div> <pb n="23"/> <div><lb n="150"/><p><span>Chonairc me an tsíbhean mhíonla bhéasach</span> <lb n="151"/><span>Chumais 'na suí ar bhinse an tsaoirchirt,</span> <lb n="152"/><span>Chonairc me garda láidir luaineach</span> <lb n="153"/><span>Iomadach arracht tairngthe suas léi,</span> <lb n="154"/><span>Chonairc me láithreach láinteach líonta</span> <lb n="155"/><span>Ó mhullach go lár do mhná is do dhaoine,</span> <lb n="156"/><span>Chonairc me spéirbhean mhaorga mhallroisc</span> <lb n="157"/><span>Mhilis bhog bhéaltais mhéarlag mhealltach,</span> <lb n="158"/><span>Thaitneamhach shásta tháclach fionn</span> <lb n="159"/><span>'Na seasamh in airde ar chlár na mionn.</span> <lb n="160"/><span>Bhí a gruag léi scaoilte síos go slaodach</span> <lb n="161"/><span>Is buaireamh suíte fíor 'na féachaint,</span> <lb n="162"/><span>Fuinneamh 'na radharc is faghairt 'na súile</span> <lb n="163"/><span>Is fiuchadh le draighean oilc aighnis fúthu,</span> <lb n="164"/><span>A caint dá cosc le loscadh cléibh</span> <lb n="165"/><span>Gan gíog 'na tost acht tocht dá traochadh.</span> <lb n="166"/><span>B'fhurast a rá gur bás ba rogha léi</span> <lb n="167"/><span>Is tuile gan tlás ag tál go trom léi,</span> <lb n="168"/><span>lna seasamh ar lár an chláir 'na saighead</span> <lb n="169"/><span>Is í ag greadadh na lámh 's ag fáscadh a ladhar.</span> <lb n="170"/><span>Insan uair a ghoil sí folcaí fíochmhar</span> <lb n="171"/><span>Is d'fhuascail osnaí gothaí a cainte</span> <lb n="172"/><span>d'imigh a smúit is d'iompaigh snó uirthi,</span> <lb n="173"/><span>Thriomaigh sí a gnúis is dúirt mar neosad:</span></p> <lb n="174"/> <lb n="175"/><p><span>"MÍLE fáilte is gardas cléibh romhad</span> <lb n="176"/><span>'Aoibheall, 'fháidhbhean ársa ón Léithchraig,</span> <lb n="177"/><span>A shoilse an lae 's a ré gan choimse,</span> <lb n="178"/><span>A shaibhreas saolta i ngéibheann daoirse,</span> <lb n="179"/><span>A cheannasach bhuach ó shluaite an aoibhnis,</span> <lb n="180"/><span>B'easnamh cruaidh thu i dTuamhain 's i dTír Luirc.</span> <lb n="181"/><span>Cúis mo cháis is fáth mo chaointe,</span> <lb n="182"/><span>Cúis do chráigh me is d'fhág me cloíte,</span> <lb n="183"/><span>Bhain dom threoir me is sheoil gan chiall me,</span> <lb n="184"/><span>Chaith mar cheo me dóite pianta -</span> <lb n="185"/><span>Na sluaite imíos gan chríoch gan chaomhnadh</span> <lb n="186"/><span>Ar fuaid an tsaoil seo d'fhíorscoth béithe</span> <lb n="187"/><span>Ina gcailleacha dubha gan cumhdach céile</span></p> </div> <pb n="24"/> <div><lb n="188"/><p><span>Caite gan clú gan cionta claoinbhirt.</span> <lb n="189"/><span>Is aithnid dom féin sa méid seo 'om shiúlta</span> <lb n="190"/><span>Bean agus céad nár mhéin leo a dhiúltadh,</span> <lb n="191"/><span>Is mise ina measc, mo chreach mar táimse,</span> <lb n="192"/><span>d'imigh 'na spaid gan fear gan pháiste.</span> <lb n="193"/><span>Mo dhochar, mo dhó, mo bhrón mar bhíom</span> <lb n="194"/><span>Gan sochar gan seoid gan só gan síth</span> <lb n="195"/><span>Go doilbhir duaiseach duamhar díoch</span> <lb n="196"/><span>Gan codladh gan suan gan suairceas oíche,</span> <lb n="197"/><span>Acht maslaithe i mbuairt gan suaimhneas sínte</span> <lb n="198"/><span>Ar leabain leamh fhuar dár suaitheadh ag smaointe.</span> <lb n="199"/><span>A Cháidh na Carraige breathain go bíogthach</span> <lb n="200"/><span>Mná na Banba in anacra suíte,</span> <lb n="201"/><span>Ar nós má leanaid na fearaibh dá bhfuadar</span> <lb n="202"/><span>Ó, mo lagar, acht caithfeamna a bhfuadach.</span> <lb n="203"/><span>Is é am 'nar mhéin leo céile a phósadh</span> <lb n="204"/><span>An t-am nár mhéin le éinne góil leo,</span> <lb n="205"/><span>An t-am nárbh fhiú bheith fúthu sínte,</span> <lb n="206"/><span>Seandaigh thamhanda shúite chloíte.</span> <lb n="207"/><span>Dá dtuiteadh amach le teas na hóige</span> <lb n="208"/><span>Duine fán seacht ar theacht féasóige</span> <lb n="209"/><span>Cheangal le mnaoi, ní míntais thoghfaidh,</span> <lb n="210"/><span>Thaitneamhach shuíte 'o shíol ná d'fhoghlaim,</span> <lb n="211"/><span>Clódheas chaoin ná míonla mhánla</span> <lb n="212"/><span>A mb'eol di suí nó tíocht do láthair,</span> <lb n="213"/><span>Acht doineantach odhar nó donn doilíosach</span> <lb n="214"/><span>Chruinnigh le doghrainn cabhair nách cuí dho.</span> <lb n="215"/><span>Is é chráigh mo chroí is do scaoil gan chéill me</span> <lb n="216"/><span>Is d'fhág mo smaointe is m'intinn traochta,</span> <lb n="217"/><span>Tráite tinn mar taoim go tréithlag,</span> <lb n="218"/><span>Cásmhar cloíte ag caoi is ag géarghol -</span> <lb n="219"/><span>An uair chím preabaire calma croíúil,</span> <lb n="220"/><span>Fuadrach fearamhail baramhail bríomhar,</span> <lb n="221"/><span>Stuama feasamhach seasmhach saoithiúil,</span> <lb n="222"/><span>Gruadheas greannmhar geanamhail gnaíúil,</span> <lb n="223"/><span>Nó buachaill bastalach beachanta bróigdheas,</span> <lb n="224"/><span>Cruacheart ceannasach ceapaithe córach -</span> <lb n="225"/><span>Buaite ceannaithe ceangailte pósta</span></p> </div> <pb n="25"/> <div><lb n="226"/><p><span>Ag fuaid, ag cailligh, ag aimid, nó ag óinmhid,</span> <lb n="227"/><span>Nó ag suairle salach do chaile gan tionscal,</span> <lb n="228"/><span>Stuacach stailiceach aithiseach stúncach,</span> <lb n="229"/><span>Suaiteach sodalach foclach fáidhiúil,</span> <lb n="230"/><span>Cuardach codlatach goirgeach gráiniúil.</span> <lb n="231"/><span>Mo chreach is mo lot, tá molt míbhéasach,</span> <lb n="232"/><span>Caile na gcos is folt gan réiteach,</span> <lb n="233"/><span>Dá ceangal anocht 's é loisc go léir me</span> <lb n="234"/><span>Is ca bhfuil mo locht ná toifí réimpi?</span> <lb n="235"/><span>Créad an t-abhar ná tabhairfí grá dhom</span> <lb n="236"/><span>Is mé comh leabhair comh modhamhail, comh breá so?</span> <lb n="237"/><span>Is deas mo bhéal, mo dhéad 's mo gháire,</span> <lb n="238"/><span>Is geal mo ghné is tá m'éadan tláith tais,</span> <lb n="239"/><span>Is glas mo shúil, tá m'urla scáinneach,</span> <lb n="240"/><span>Bachallach búclach cúplach fáinneach,</span> <lb n="241"/><span>Mo leaca is mo ghnúis gan smúid gan smáchal,</span> <lb n="242"/><span>Tarraingte cumtha lonrach scáfar,</span> <lb n="243"/><span>Mo phíob, mo bhráid, mo lámha 's mo mhéaraibh</span> <lb n="244"/><span>Ag síorbhreith barr na háille ó chéile.</span> <lb n="245"/><span>Féach mo chom, nách leabhair mo chnámha,</span> <lb n="246"/><span>Níl me lom ná crom ná stágach,</span> <lb n="247"/><span>Seo toll is cosa agus colann nách nár liom</span> <lb n="248"/><span>Is an togha go socair fá cover ná tráchtaim.</span> <lb n="249"/><span>Ní suairle caile ná sreangaire mná me</span> <lb n="250"/><span>Acht stuaire cailce tá taitneamhach breá deas.</span> <lb n="251"/><span>Ní sraoill ná sluid ná luid gan fáscadh</span> <lb n="252"/><span>Ná smíste duirc gan sult gan sásamh,</span> <lb n="253"/><span>Lóiste lofa ná toice gan éifeacht</span> <lb n="254"/><span>Acht óigbhean scofa comh tofa is is féidir.</span></p> <lb n="255"/> <lb n="256"/><p><span>DÁ MBEINNSE silte mar thuilleadh dhom chomharsain,</span> <lb n="257"/><span>Leadhbach liosta gan tuiscint gan eolas,</span> <lb n="258"/><span>Gan radhairc gan gliocas in imirt mo chóra,</span> <lb n="259"/><span>Mo threighid! cár mhiste me rith in éadóchas?</span> <lb n="260"/><span>Ní feacathas fós me i gcóngar daoine</span> <lb n="261"/><span>Ag faire ná ag tórramh óig ná chríonna,</span> <lb n="262"/><span>Ar mhachaire an bháire, an ráis ná an rince,</span> <lb n="263"/><span>I bhfarradh na dtáinte, ar bhántaibh líonta</span></p> </div> <pb n="26"/> <div><lb n="264"/><p><span>Acht gofa go sámh gan cháim ar domhan</span> <lb n="265"/><span>I gculaithe shásta ó bharr go bonn.</span> <lb n="266"/><span>Beidh a cheart im chúl do phúdar fillte,</span> <lb n="267"/><span>Starch is stiúir i gcúl mo chaidhpe,</span> <lb n="268"/><span>Húda geal gan ceal ribíní,</span> <lb n="269"/><span>Gúna breac 's a cheart rufaí leis.</span> <lb n="270"/><span>Is annamh go brách gan fásáil aerach</span> <lb n="271"/><span>Thaitneamhach bhreá lem cheárdán craorag</span> <lb n="272"/><span>Is an-iomdha luibheanna, craobhacha is éanla</span> <lb n="273"/><span>Im aprún síogach ríogach Cambrick,</span> <lb n="274"/><span>Sála cumtha cúnga córach</span> <lb n="275"/><span>Arda sleamhaine ar Screw fám bhróga,</span> <lb n="276"/><span>Búclaí is fáinní is lámhainní síoda</span> <lb n="277"/><span>Is fonsaí, práslaí is lásaí daora.</span> <lb n="278"/><span>Seachain ná síl gur scinnteach scáfar,</span> <lb n="279"/><span>Aimid gan ghaois ná naíondach náireach</span> <lb n="280"/><span>Eaglach uaigneach uallach fhiain me,</span> <lb n="281"/><span>Gealach gan ghuais gan stuaim gan téagar.</span> <lb n="282"/><span>I bhfalach ní raghainnse ó radhairc na gcéadta,</span> <lb n="283"/><span>Is ceannasach taibhseach m'aghaidh agus m'éadan,</span> <lb n="284"/><span>Is dearfa bhím dom shíorthaispeánadh</span> <lb n="285"/><span>Ar mhachaire mhín gach fíoriomána,</span> <lb n="286"/><span>Ag rince, báire, rás is radaireacht,</span> <lb n="287"/><span>Tinte cnámh is ráfla is ragairne,</span> <lb n="288"/><span>Aonach, margadh is Aifreann Domhnaigh</span> <lb n="289"/><span>Ag éileamh breathnaithe, ag amharc 's ag toghadh fir.</span> <lb n="290"/><span>Chaitheas mo chiall le fiach gan éifeacht,</span> <lb n="291"/><span>Dhalladar riamh me is d'iadar m'ae ionam</span> <lb n="292"/><span>Tar éis mo chumainn, mo thurraing, 's mo ghrá dhóibh,</span> <lb n="293"/><span>Tar éis ar fhuiling me d'iomada cránais,</span> <lb n="294"/><span>Tar éis ar chailleas le caitheamh na scálaí,</span> <lb n="295"/><span>Béithibh balbha is cailleacha cártaí.</span></p> <lb n="296"/> <lb n="297"/><p><span>NÍL CLEAS dá mb'fhéidir léamh ná trácht air</span> <lb n="298"/><span>Le teacht ré ná tar éis bheith lán di,</span> <lb n="299"/><span>Um Inid ná um Shamhain ná ar shiúl na bliana</span> <lb n="300"/><span>Ná tuigim gur leamhas bheith ag súil le ciall as.</span> <lb n="301"/><span>Níor áil liom codladh go socair aon uair dhíobh</span></p> </div> <pb n="27"/> <div><lb n="302"/><p><span>Gan lán mo stoca do thorthaibh fám chluasa,</span> <lb n="303"/><span>Is deimhin nárbh obair liom troscadh le cráifeacht</span> <lb n="304"/><span>Is greim ná blogam ní shlogainn trí trátha,</span> <lb n="305"/><span>In aghaidh na srotha do thomainn mo léine</span> <lb n="306"/><span>Ag súil trém chodladh le cogar óm chéile,</span> <lb n="307"/><span>Is minic do chuaigh me ag scuabadh ón stáca,</span> <lb n="308"/><span>M'inginí is gruag fán luaithghrís d'fhágainn,</span> <lb n="309"/><span>Chuirinn an tsúist fá chúil na gaibhle,</span> <lb n="310"/><span>Chuirinn an ramhann go ciúin fán adhairt chúm,</span> <lb n="311"/><span>Chuirinn mo chuigíol i gcillín na hátha,</span> <lb n="312"/><span>Chuirinn mo cheirtlín i dtine aoil Ránaill,</span> <lb n="313"/><span>Chuirinn an ros ar chorp na sráide,</span> <lb n="314"/><span>Chuirinn sa tsop fúm tor gabáiste.</span> <lb n="315"/><span>Níl cleas acu siúd dá ndúras láithreach</span> <lb n="316"/><span>Ná hagrainn cúnamh an Deamhain go láidir.</span> <lb n="317"/><span>Is é fáth mo scéil go léir 's a bhrí</span> <lb n="318"/><span>Mar táim gan céile tar éis mo dhíchill,</span> <lb n="319"/><span>Fáth mo sheanchais fhada, mo phianchreach!</span> <lb n="320"/><span>Táim in achrann daingean na mblianta</span> <lb n="321"/><span>Ag tarraingt go tréan ar laethaibh liatha,</span> <lb n="322"/><span>Is eagal liom éag gan éinne 'om iarraidh.</span> <lb n="323"/><span>A Phéarla ó Pharthais screadaim is glaoim ort,</span> <lb n="324"/><span>Éiric m'anma ort, aicim thu is éim ort,</span> <lb n="325"/><span>Seachain ná scaoil me im shraoill gan aird</span> <lb n="326"/><span>Ná im chailligh gan chríoch gan bhrí gan bhláth,</span> <lb n="327"/><span>Gan charaid gan chloinn gan choim gan chairde</span> <lb n="328"/><span>Ar theallachaibh draighin gan feidhm gan fáilte.</span> <lb n="329"/><span>Dara fuil impe, tinte is toirneach!</span> <lb n="330"/><span>Dalladh me suíte, maíte im óinmhid,</span> <lb n="331"/><span>Sealbh gach só aige rógha gach diú</span> <lb n="332"/><span>Is ag ainimh na Fódla as comhair mo shúl.</span> <lb n="333"/><span>Tá sumach ag Saidhbh go saibhir sómach,</span> <lb n="334"/><span>Murainn i meidhir 's a haghaidh ar a nóchar,</span> <lb n="335"/><span>Mór is Mairsile i macnas múchta</span> <lb n="336"/><span>Is mórchuid magaidh orthu ag fachnaid fúmsa,</span> <lb n="337"/><span>Is giodamach sámh í Sláine is Síle,</span> <lb n="338"/><span>Sisile is Áine is ál 'na dtimpeall,</span> <lb n="339"/><span>Tuilleadh mar táid do mhná na tíre</span></p> </div> <pb n="28"/> <div><lb n="340"/><p><span>Is mise mar táim gan tál gan tsíolrach.</span> <lb n="341"/><span>Is fada gan feidhm is foighne dhomhsa é,</span> <lb n="342"/><span>Lagar 'om leaghadh is mo leigheas im chomhachta</span> <lb n="343"/><span>Maille le luibheanna díbhle dreoite</span> <lb n="344"/><span>Is arthanna draíochta chloífeas fós dom</span> <lb n="345"/><span>Buachaill deas nó gas ghalánta</span> <lb n="346"/><span>Is bhuafas ceart a shearc 's a ghrá dhom.</span> <lb n="347"/><span>Do chonarc go leor don tsórt dá dhéanamh</span> <lb n="348"/><span>Is chuirfinn i gcóir na cóngair chéanna.</span> <lb n="349"/><span>Is daingean an cúnamh ag dúbailt daoine</span> <lb n="350"/><span>Greamanna dh'úlla is púdar luibheanna,</span> <lb n="351"/><span>Magairlín meidhreach, meill na mbualtaibh,</span> <lb n="352"/><span>Taithigín taibhseach, toill na tuairte,</span> <lb n="353"/><span>Mealla na minseach, claíomh na mbunsach,</span> <lb n="354"/><span>An cumainín buí is an draíocht chum drúise,</span> <lb n="355"/><span>Duilleabhar dóite ar nós gur rún é</span> <lb n="356"/><span>Is tuilleadh dhon tsórt nách cóir a mhúnadh.</span> <lb n="357"/><span>B'iongantas muar i dTuamhain le chéile</span> <lb n="358"/><span>An bhruinneall so thuas ag buachant céile,</span> <lb n="359"/><span>Is d'inis sí dhomhsa, ar ndóigh tré rún,</span> <lb n="360"/><span>Um Inid is í pósta ó bhord na Samhan</span> <lb n="361"/><span>Nár ibh is nár ól an fóntach fionn</span> <lb n="362"/><span>Acht cuile na móna dóite ar lionn.</span> <lb n="363"/><span>Is fada me ag foighneamh, faighimse fuascailt,</span> <lb n="364"/><span>Seachain ar mhoill me, saighead chum luais é,</span> <lb n="365"/><span>Mura bhfuil leigheas dom threighid id chuairdse</span> <lb n="366"/><span>Cuirfidh me faghairt i bhfeidhm más cruaidh dom".</span></p> <lb n="367"/> <lb n="368"/><p><span>PREABANN anuas go fuadrach fíochmhar</span> <lb n="369"/><span>Seanduine suarach is fuadach nimhe fé,</span> <lb n="370"/><span>A bhaill ar luascadh is luais anáile air,</span> <lb n="371"/><span>Draighean is duais ar fuaid a chnámha,</span> <lb n="372"/><span>Ba dearóil an radhairc go deimhin don chúirt é,</span> <lb n="373"/><span>Ar bord 'na thaibhse im eisteacht dúirt sé:</span></p> <lb n="374"/> <lb n="375"/><p><span>"DOCHAR is díobháil is síorchrá cléibh ort,</span> <lb n="376"/><span>A thoice le místáid 'o shíol gá is déirce.</span> <lb n="377"/><span>Is dóch nách iongantas laigeacht na gréine</span></p> </div> <pb n="29"/> <div><lb n="378"/><p><span>Is fós gach tubaist dár imigh ar Éire,</span> <lb n="379"/><span>Mar mheath gach ceart gan reacht gan dlí againn,</span> <lb n="380"/><span>Ár mba bhí bleacht gan lacht gan laoigh acu,</span> <lb n="381"/><span>Is dá dtagadh níos mó do mhóirscrios tíortha</span> <lb n="382"/><span>Is gach faisean dá nócht ar Mhóir 's ar Shíle.</span> <lb n="383"/><span>A thoice gan chríoch nách cuimhin le táinte</span> <lb n="384"/><span>Olcas na síolrach daoine ó dtáingis,</span> <lb n="385"/><span>Gan focal le maíomh id shinsear gránna</span> <lb n="386"/><span>Acht lopaigh gan bhrí, lucht míre is mála.</span> <lb n="387"/><span>Is aithne dhúinne an snamhaire is athair dhuit,</span> <lb n="388"/><span>Gan charaid gan chlú gan chúl gan airgead</span> <lb n="389"/><span>'Na leibide liath gan chiall gan mhúnadh,</span> <lb n="390"/><span>Gan mheidir gan mhias gan bhia gan anlann,</span> <lb n="391"/><span>Gan faice ar a dhrom 's a chabhail gan cóta</span> <lb n="392"/><span>Acht gad ar a chom 's a bhonn gan bróga.</span> <lb n="393"/><span>Creididh, a dhaoine, dhá ndíoltaí ar aonach</span> <lb n="394"/><span>Eisean 's a bhuíon, tar éis íoc gach éilimh,</span> <lb n="395"/><span>Dar colann na naoimh ba dícheall muar dho</span> <lb n="396"/><span>Pota maith dí lena fhuílleach d'fhuascailt.</span> <lb n="397"/><span>Nách muar an tóbhacht 's an gleo i measc daoine</span> <lb n="398"/><span>Truaire 'od shórt gan bhó gan chaora,</span> <lb n="399"/><span>Búclaí id bhróga is clóicín síoda ort</span> <lb n="400"/><span>Is ciarsúir póca ag góil na gaoithe ort,</span> <lb n="401"/><span>Dallair an saol go léir led thaibhse,</span> <lb n="402"/><span>Is aithnid dom féin tu ar dtaobh le caidhpe.</span> <lb n="403"/><span>Is deacair dhom labhairt, do lom is léir dhom,</span> <lb n="404"/><span>Is fada do dhrom gan cabhair ón léine,</span> <lb n="405"/><span>Is togha drochdhuine do thuigfeadh 'na gá thu</span> <lb n="406"/><span>Is feabhas do rufa led mhuinthirle cáimric.</span> <lb n="407"/><span>Tá canbhás saor chum sraod go bhásta</span> <lb n="408"/><span>Is cá bhfios don saol nach Stays é 'ot fháscadh,</span> <lb n="409"/><span>Feiceann an tír ort frinse is fáinne</span> <lb n="410"/><span>Is ceileann do laimhinne grís is gága.</span> <lb n="411"/><span>Acht aithris ar bord nó inneosad féin é,</span> <lb n="412"/><span>An fada nár ól tú deoir led bhéile?</span> <lb n="413"/><span>A chonartaigh bhoicht na gcos gan ionladh,</span> <lb n="414"/><span>Dochar id chorp le Bucks gan anlann.</span> <lb n="415"/><span>Is furas dar liom dod chúl bheith taibhseach,</span></p> </div> <pb n="30"/> <div><lb n="416"/><p><span>Chonarc lem shúile an chúil 'na loigheann tú:</span> <lb n="417"/><span>Garbh ná mín ní síntear fúd ann,</span> <lb n="418"/><span>Barrach ná líon dár sníomhadh le tuirne,</span> <lb n="419"/><span>Acht mata 'na smuirt gan chuilt gan chlúdadh,</span> <lb n="420"/><span>Dealamh gan luid gan phluid gan tsúsa,</span> <lb n="421"/><span>I gcomhar bhotháin gan áit chum suí ann,</span> <lb n="422"/><span>Sú sileáin is fáscadh aníos ann,</span> <lb n="423"/><span>Fiaile ag teacht go fras gan choimse</span> <lb n="424"/><span>Is rian na gcearc air trasna scríofa,</span> <lb n="425"/><span>Lag ina dhrom is na gabhla ag lúbadh</span> <lb n="426"/><span>Is clagarnach dhonn go trom ag tuirlingt.</span> <lb n="427"/><span>A Chumainn na bhFáidh nách ard do labhair sí,</span> <lb n="428"/><span>Gustalach gálbhach gártha ghabhann sí</span> <lb n="429"/><span>I ndathaibh i gcóir 's i gclóca síoda,</span> <lb n="430"/><span>Faire go deo arú! fóill cár fríodh é?</span> <lb n="431"/><span>Aithris cá bhfaigheann tú an radharc so mhaíonn tú</span> <lb n="432"/><span>Is aithris cár thuill tú an leadhb gan bhrí seo?</span> <lb n="433"/><span>Is deacair a shuíomh gur fríodh go cóir iad,</span> <lb n="434"/><span>Is gairid ó bhís gan síol an orlaigh.</span> <lb n="435"/><span>Aithris cá bhfuair tú luach do húda</span> <lb n="436"/><span>Is aithris cá bhfuair tú luach do ghúna,</span> <lb n="437"/><span>Acht leagaimíd uainn mar ghluais an cóta</span> <lb n="438"/><span>Is aithris cá bhfuair tú luach na mbróga?</span></p> <lb n="439"/> <lb n="440"/><p><span>'AOIBHEALL cheannasach charthanach chomhachtach</span> <lb n="441"/><span>Guím thu, gairim thu, freagair is fóir me.</span> <lb n="442"/><span>Is fíor gur feasach me farairí Fódla</span> <lb n="443"/><span>Suíte greamaithe ag sladairí 'on tsórt seo.</span> <lb n="444"/><span>Lámh mo charad! Is aithne dhom comharsa,</span> <lb n="445"/><span>Láimh le baile agam, gairid do chóngar,</span> <lb n="446"/><span>Buachaill soineanta, srimile sóntach</span> <lb n="447"/><span>Is buaileadh duine acu chuige mar nóchar.</span> <lb n="448"/><span>Is searbh lem chroí an uair chím im radhairc í,</span> <lb n="449"/><span>A gradam, a críoch, a poimp 's a taibhse,</span> <lb n="450"/><span>Sealbhach bó aici is eorna ag fás di</span> <lb n="451"/><span>Is airgead póca is ór idir lámha aici.</span> <lb n="452"/><span>Chonairc me inné í ar thaobh na sráide,</span> <lb n="453"/><span>Is cumasach tréan an léire mná í,</span></p> </div> <pb n="31"/> <div><lb n="454"/><p><span>Malfaire másach mágach magúil,</span> <lb n="455"/><span>Marbh le cámas, lán do ladús.</span> <lb n="456"/><span>Marach gur claon liom éad do mhúscailt,</span> <lb n="457"/><span>Scannal do scéamh ná scéalta scrúdadh,</span> <lb n="458"/><span>B'fhurast dom insint cruinn mar chuala</span> <lb n="459"/><span>An cuma 'na mbíodh sí sraoillte suaite</span> <lb n="460"/><span>Stracaithe ar lár is gáir 'na timpeall,</span> <lb n="461"/><span>Caite ar an sráid nó i stábla sínte.</span> <lb n="462"/><span>Mairfidh a tásc is tráchtfar choíche</span> <lb n="463"/><span>Ar mharbhna, ar cháil, ar gháir a gníomhartha</span> <lb n="464"/><span>In Íbh Breacáin an aráin 's an fhíona,</span> <lb n="465"/><span>I dTíortha 'Calláin na mbánta míne,</span> <lb n="466"/><span>Ag ísle is ársa Mháinse is Inse,</span> <lb n="467"/><span>Chill Bhreacáin, an Chláir is Chuinche,</span> <lb n="468"/><span>Ag consaigh ainmhí Thradaí an phónra</span> <lb n="469"/><span>Is fionsaigh fhalchaí Chreatlaí an chorda.</span> <lb n="470"/><span>Faire ba claon í tar éis a ndúirt me,</span> <lb n="471"/><span>Ghlacfainn gur saor í féna cionta,</span> <lb n="472"/><span>Acht bheirim don phláigh í lá mar chínn í</span> <lb n="473"/><span>Leagaithe láimh le Gáras sínte,</span> <lb n="474"/><span>Caite ar an ród gan orlach fúithi</span> <lb n="475"/><span>Ag gramaisc na móna ar bhóithre Dhúire.</span> <lb n="476"/><span>M'iongantas ann os cheann mo chéille</span> <lb n="477"/><span>Is crithim go fann le scanradh an scéil seo,</span> <lb n="478"/><span>Ise bheith seang nuair theann gach éinne í</span> <lb n="479"/><span>Is druidim le clann nuair shantaigh féin é.</span> <lb n="480"/><span>Is mór na grásta é ag rá na mbriathra,</span> <lb n="481"/><span>Nóimint spáis níor ghá le hiarraidh,</span> <lb n="482"/><span>Ó léadh ar bord di os comhair na coinnle</span> <lb n="483"/><span>An tEgo Vos so d'ordaigh Íosa,</span> <lb n="484"/><span>Gur shéid sí lacht go bleacht 'na cíochaibh</span> <lb n="485"/><span>Acht naoi mí beacht is seachtmhain chinnte.</span></p> <lb n="486"/> <lb n="487"/><p><span>BREATHAIN gur baol don té tá scaoilte</span> <lb n="488"/><span>Ceangal go héag fá thaobh don chuing seo,</span> <lb n="489"/><span>I sealbh gach saoth is éad dá shuaitheadh,</span> <lb n="490"/><span>In aisce, mo léan, mo léann ní bhfuair me.</span> <lb n="491"/><span>Is feasach don taobh seo 'on tsaol mar bhí me</span></p> </div> <pb n="32"/> <div><lb n="492"/><p><span>Sealad dom réim 's dom laethaibh roimhe seo,</span> <lb n="493"/><span>Leitheadach láidir lán do shaibhreas,</span> <lb n="494"/><span>Eisteas le fáil is fáilte im theaghlach,</span> <lb n="495"/><span>Caraid i gcúirt is cúnamh dlí agam</span> <lb n="496"/><span>Ceannas is clú agus comhar na saoithe,</span> <lb n="497"/><span>Tathag im chaint is suim is éifeacht,</span> <lb n="498"/><span>Talamh is maoin ag suíomh mo chéille,</span> <lb n="499"/><span>M'aigne síoch is m'intinn sásta,</span> <lb n="500"/><span>Chailleas le mnaoi mo bhrí is mo shláinte.</span> <lb n="501"/><span>Ba taitneamhach leabhair an crobhaire mná í,</span> <lb n="502"/><span>Bhi seasamh is com is cabhail is cnámha aici,</span> <lb n="503"/><span>Casadh 'na cúl go búclach trilseach,</span> <lb n="504"/><span>Lasadh 'na gnúis go lonrach soilseach,</span> <lb n="505"/><span>Cuma na hóighe uirthi is só ina gáire</span> <lb n="506"/><span>Is cuireadh ina cló chum póige is fáilte.</span> <lb n="507"/><span>Acht chreathas le fonn gan chonn gan chairde</span> <lb n="508"/><span>Ó bhaitheas go bonn go tabhartha i ngrá dhi.</span> <lb n="509"/><span>Is dearbh gan dabhta ar domhan gur díoltas</span> <lb n="510"/><span>Danartha donn, dom thabhairt ar m'aimhleas,</span> <lb n="511"/><span>d'fhearthain go trom, ar bhonn mo ghníomhartha,</span> <lb n="512"/><span>Ó fhlaitheas le fonn, do lom 'na líon me.</span> <lb n="513"/><span>Do snamanadh suíte snaidhm na cléire</span> <lb n="514"/><span>Is ceangladh sinn i gcuing re chéile,</span> <lb n="515"/><span>Ghlanas gan chinnteacht suim gach éilimh</span> <lb n="516"/><span>Bhaineas le baois gan ghaois an lae sin.</span> <lb n="517"/><span>Cothrom go leor, níor chóir me cháineadh,</span> <lb n="518"/><span>Stopas an gleo bhí ag cóip na sráide,</span> <lb n="519"/><span>Bacaigh go léir, bhí an cléireach sásta,</span> <lb n="520"/><span>An sagart ró-bhaoch is b'fhéidir fáth leis.</span> <lb n="521"/><span>Lasamair toirse is comharsain cruinn ann</span> <lb n="522"/><span>Is leagadh ar bordaibh mórchuid bídh chúinn,</span> <lb n="523"/><span>Clagarnach cheoil is ól gan choimse</span> <lb n="524"/><span>Is chaitheadar cóisir mhórtach mhaíteach.</span></p> <lb n="525"/> <lb n="526"/><p><span>MO DHÍTH gan easpa nár tachtadh le bia me</span> <lb n="527"/><span>An oíche baisteadh nó as sin gur iarr me</span> <lb n="528"/><span>Síneadh ar leabain le ainnir do liath me</span> <lb n="529"/><span>Is scaoil le gealaigh gan charaid gan chiall me.</span></p> </div> <pb n="33"/> <div><lb n="530"/><p><span>Is é tásc do gheobhainn ag óg 's ag aosta</span> <lb n="531"/><span>Gur breallán spóirt ag ól 's ag glaoch í</span> <lb n="532"/><span>I mbotháin ósta is boird dá bpléascadh,</span> <lb n="533"/><span>Ar lár 'na lóiste ag pósta is aonta.</span> <lb n="534"/><span>B'fhada dhá mheilt a teist 's a tuairisc,</span> <lb n="535"/><span>B'fhada gur chreid me a bheag ná a mhuar dhe,</span> <lb n="536"/><span>B'eaglach le gach beirt dá gcuala é</span> <lb n="537"/><span>Go rachainn im pheilt im gheilt gan tuairisc.</span> <lb n="538"/><span>Fós ní ghéillfinn, caoch mar bhí me,</span> <lb n="539"/><span>Do ghlór gan éifeacht éinne mhaígh é,</span> <lb n="540"/><span>Acht magadh nó greim gan feidhm gan chéill</span> <lb n="541"/><span>Gur aithris a broinn dom deimhin gach scéil.</span> <lb n="542"/><span>Níor chúrsaí leamhais ná durdam bréige é,</span> <lb n="543"/><span>Dúirt bean liom go ndúradh léithi é,</span> <lb n="544"/><span>Acht labhair an bheart i gceart 's in éifeacht -</span> <lb n="545"/><span>Bhronn sí mac i bhfad roimh ré orm.</span></p> <lb n="546"/> <lb n="547"/><p><span>MO SCANRADH scéil, gan féith 'om chroí air,</span> <lb n="548"/><span>Clann dá dtéamh dhom tar éis na hoíche,</span> <lb n="549"/><span>Collóid anfach ainigí scólta,</span> <lb n="550"/><span>Bunóc ceangailte is bean an tí breoite,</span> <lb n="551"/><span>Posóid leagaithe ar smeachaidí teo acu,</span> <lb n="552"/><span>Cuinneog bhainne dhá greadadh le fórsa</span> <lb n="553"/><span>Is mullach ar láinmhiais, báinbhia is siúicre,</span> <lb n="554"/><span>Ag Murainn Ní Cháimliath, báinlia an chrúca.</span> <lb n="555"/><span>Bhí coiste cruinnithe ag tuilleadh dom chomharsain</span> <lb n="556"/><span>Chois na tine is ag siosarnach dhomhsa</span> <lb n="557"/><span>Scaoilid cogar i bhfogas dom eisteacht -</span> <lb n="558"/><span>"Míle moladh le Solas na Soilse,</span> <lb n="559"/><span>Bíodh nách baileach a d'aibigh an chré seo</span> <lb n="560"/><span>Chímse an t-athair 'na sheasamh 'na chéadfa,</span> <lb n="561"/><span>An bhfeiceann tú, a Shaidhbh 'rú, loigheamh a ghéaga</span> <lb n="562"/><span>A dheilbh gan droinn, a bhaill 's a mhéaraibh,</span> <lb n="563"/><span>Cumas na lámh ba dána doirne,</span> <lb n="564"/><span>Cuma na gcnámh is fás na feola?"</span> <lb n="565"/><span>Cheapadar cruinn gur shíolraigh an dúchas</span> <lb n="566"/><span>Maise mo ghnaoi agus íor mo ghnúise,</span> <lb n="567"/><span>Feilleadh mo shrón is glónradh m'éadain,</span></p> </div> <pb n="34"/> <div><lb n="568"/><p><span>Deiseacht mo chló, mo shnó agus m'féachaint,</span> <lb n="569"/><span>Leagadh mo shúl is fiú mo gháire</span> <lb n="570"/><span>Is as sin do shiúil ó chúl go sála é.</span></p> <lb n="571"/> <lb n="572"/><p><span>AMHARC ná radhairc ní bhfaighinnse 'on chréice,</span> <lb n="573"/><span>"Is baileach gan leigheas do mhillfeadh gaoth é",</span> <lb n="574"/><span>Ag cuideachta an teaghlaigh i bhfeighil mo chaochta,</span> <lb n="575"/><span>"Siolla dhá laghad di leaghfaidh an créatúir".</span> <lb n="576"/><span>Do labhras garg is d'agras Íosa,</span> <lb n="577"/><span>Is stollta garbh do bhagras gríosach,</span> <lb n="578"/><span>d'fhógras fearg le ainbhios cainte</span> <lb n="579"/><span>Is dóch gur chreathadar cailleacha an tí romham.</span> <lb n="580"/><span>Ar leisce an achrainn leagadar chúm é,</span> <lb n="581"/><span>"Beir go haireach air, seachain ná brúigh é,</span> <lb n="582"/><span>Is furas é shuaitheadh, luaisc go réidh é,</span> <lb n="583"/><span>Turraing do fuair sí ruaig roimh ré é,</span> <lb n="584"/><span>Seachain ná fáisc é, fág 'na loighe é,</span> <lb n="585"/><span>Is gairid an bás do is gearr do raghaidh sé,</span> <lb n="586"/><span>Dá maireadh go lá idir lámha ina chló,</span> <lb n="587"/><span>Is an sagart ar fáil, níorbh fhearr a bheith beo".</span> <lb n="588"/><span>Do bhaineas an tsnaidhm dá chuibhreach cumhdaigh,</span> <lb n="589"/><span>Bhreathain me cruinn é sínte ar ghlún liom,</span> <lb n="590"/><span>Amuaireach, d'airigh me tathagach tamhanda é,</span> <lb n="591"/><span>Fuair me feargach fearsadach lúfach,</span> <lb n="592"/><span>Láidir leathan mo leanbh 'na ghuaille,</span> <lb n="593"/><span>Sála daingeana is an-chuid gruaige air,</span> <lb n="594"/><span>Cluasa cruinnithe is ingní fásta,</span> <lb n="595"/><span>Chruadar a uilleanna, a chroibh is a chnámha,</span> <lb n="596"/><span>d'aibigh a shúile is fiú a pholláirí</span> <lb n="597"/><span>Is d'airigh me a ghlúine lúfach láidir,</span> <lb n="598"/><span>Coileán cumasach cuisleannach córach,</span> <lb n="599"/><span>Folláin fulangach fuinneamhach feolmhar.</span></p> <lb n="600"/> <lb n="601"/><p><span>SCREADAIM go hard le gáir na tíre</span> <lb n="602"/><span>Is leagaim dod láthair cás na ndaoine,</span> <lb n="603"/><span>Breathain go caoin is bí truamhéileach</span> <lb n="604"/><span>Beannaibh a gcinn is suim a gcéille.</span> <lb n="605"/><span>Athraigh an dlí seo, cuing na cléire,</span></p> </div> <pb n="35"/> <div><lb n="606"/><p><span>Is ainic an bhuíon nár fríodh sa ngéibheann.</span> <lb n="607"/><span>Má lagaigh an síolrach díonmhar daonna</span> <lb n="608"/><span>I dtalamh dath-aoibhinn fhíorghlas Éireann,</span> <lb n="609"/><span>Is furas an tír d'athlíonadh 'o laochaibh</span> <lb n="610"/><span>d'uireasa a nguí gan bhrí gan éifeacht.</span> <lb n="611"/><span>Ca bhfuil an gá le gáir na bainse,</span> <lb n="612"/><span>Cartadh biotáille is pá lucht sainte,</span> <lb n="613"/><span>Sumaigh ar bord go fóiseach taibhseach,</span> <lb n="614"/><span>Glugar is gleo acu is ól dá shaighdeadh</span> <lb n="615"/><span>Ó d'aibigh an t-abhar do bhronn Mac Dé</span> <lb n="616"/><span>Gan sagart ar domhan dá dtabhairt dá chéile?</span> <lb n="617"/><span>Is leathanmhar láidir lánmhear léadmhar</span> <lb n="618"/><span>Fairsing le fáil an t-álbach saor seo.</span> <lb n="619"/><span>Is minic do chímse bríomhar borrtha</span> <lb n="620"/><span>Cumasach líonta i gcroí 's i gcóir iad,</span> <lb n="621"/><span>Créim ní fheicim ná doille ná caoiche</span> <lb n="622"/><span>I léim ar leithre dár hoileadh ó mhnaoi ar bith,</span> <lb n="623"/><span>Is mó is is mire is is teinne is is tréine</span> <lb n="624"/><span>I gcló is i gclisteacht ná dlisteanaigh éinne.</span> <lb n="625"/><span>Is furas a luaimse d'fhuascailt suíte</span> <lb n="626"/><span>Is duine acu an uair seo ar fuaid an tí seo.</span> <lb n="627"/><span>An bhfeiceann tú thall go ceansa ciúin é?</span> <lb n="628"/><span>Deisigh anall i dteannta an bhuird é,</span> <lb n="629"/><span>Breathain go cruinn é, bíodh gurab óg é,</span> <lb n="630"/><span>Is dearfa suíte an píosa feola é,</span> <lb n="631"/><span>Is preabaire i dtoirt i gcorp 's i gcnáimh é</span> <lb n="632"/><span>Ca bhfuil a locht i gcois ná i láimh dhe?</span> <lb n="633"/><span>Ní seirgtheach fann ná seandach feosach,</span> <lb n="634"/><span>Leibide cam ná gandal geoiseach,</span> <lb n="635"/><span>Meall gan chumadh ná sumach gan síneadh é</span> <lb n="636"/><span>Acht lansa cumasach buinneamhach bríomhar.</span> <lb n="637"/><span>Ní deacair a mheas nách spreas gan bhrí</span> <lb n="638"/><span>Bheadh ceangailte ar nasc, ar teasc ag mnaoi,</span> <lb n="639"/><span>Gan chnáimh gan chumas gan chuma gan chom</span> <lb n="640"/><span>Gan ghrá gan chumann gan fuinneamh gan fonn</span> <lb n="641"/><span>Do scaipfeadh i mbroinn aon mhaighre mná</span> <lb n="642"/><span>Le catachas draighean an groighire breá,</span> <lb n="643"/><span>Mar chuireann sé i bhfeidhm gan mhoill gan bhréig</span></p> </div> <pb n="36"/> <div><lb n="644"/><p><span>Le cumas a bhaill 's le loigheamh a ghéag</span> <lb n="645"/><span>Gur crobhaire é crothadh go cothrom gan cháim</span> <lb n="646"/><span>Le fonn na fola is le fothrom na sláinte.</span></p> <lb n="647"/> <lb n="648"/><p><span>LEIS sin ná iarrsa a Riagain réaltach</span> <lb n="649"/><span>Meilleadh mar iad le riail gan éifeacht,</span> <lb n="650"/><span>Scaoil a chodladh gan chochall gan chuibhreach</span> <lb n="651"/><span>Síol an bhodaigh 's an mhogallfhuil mhaíteach,</span> <lb n="652"/><span>Scaoil fá chéile do réir nádúra</span> <lb n="653"/><span>An síolbhach séad 's an braon lábúrtha,</span> <lb n="654"/><span>Fógair féilteach tré gach tíortha</span> <lb n="655"/><span>d'óg is d'aosta saorthoil síolraigh.</span> <lb n="656"/><span>Cuirfidh an dlí seo gaois i nGaelaibh</span> <lb n="657"/><span>Is tiocfaidh an brí mar bhí ina laochaibh,</span> <lb n="658"/><span>Ceapfaidh sé com is drom is doirne</span> <lb n="659"/><span>Ag fearaibh an domhain mar Gholl Mac Morna,</span> <lb n="660"/><span>Gealfaidh an spéir, beidh éisc i líonta</span> <lb n="661"/><span>Is talamh an tsléibhe go léir fá luibheanna,</span> <lb n="662"/><span>Fir agus mná go brách dá bhíthin</span> <lb n="663"/><span>Ag seinm do cháil le gardas aoibhnis".</span></p> <lb n="664"/> <lb n="665"/><p><span>TAR ÉIS bheith tamall don ainnir ag eisteacht</span> <lb n="666"/><span>Léim 'na seasamh go tapa gan foighne,</span> <lb n="667"/><span>Labhair sí leis agus leise 'na súile</span> <lb n="668"/><span>Is rabhartaí feirge feille aici fúthu.</span></p> <lb n="669"/> <lb n="670"/><p><span>"DAR CORÓIN na Carraige marach le géilleadh</span> <lb n="671"/><span>Dhod chló dhod ainnise is d'easnamh do chéille</span> <lb n="672"/><span>Is d'am na hurraime 'on chuideachta shéimh seo</span> <lb n="673"/><span>An ceann lem ingin do sciobfainn dod chaolscrog,</span> <lb n="674"/><span>Do leagfainn anuas do thuairt fán mbord tu</span> <lb n="675"/><span>Is b'fhada le lua gach cuaird dá ngeobhainn ort,</span> <lb n="676"/><span>Stróicfinn sreangaibh do bheatha le fonn ceart</span> <lb n="677"/><span>Is sheolfainn t'anam go Acheron tonntach.</span> <lb n="678"/><span>Ní fiú liom freagra freastail do thabhairt ort,</span> <lb n="679"/><span>A shnamhaire fleascaigh nách aithis do labhartha,</span> <lb n="680"/><span>Acht neosad feastain do mhaithibh na cúirte</span> <lb n="681"/><span>An nós ar cailleadh an ainnir nárbh fhiú thu.</span></p> </div> <pb n="37"/> <div><lb n="682"/><p><span>Do bhí sí lag gan ba gan puntaibh,</span> <lb n="683"/><span>Bhí sí i bhfad gan teas gan clúdadh,</span> <lb n="684"/><span>Cortha dá saol ar strae dhá seoladh</span> <lb n="685"/><span>Ó phosta go piléar gan gaol gan cóngas,</span> <lb n="686"/><span>Gan scíth gan spás do lá ná dh'oíche</span> <lb n="687"/><span>Ag stríocadh an aráin ó mhná nár chuí léi.</span> <lb n="688"/><span>Do gheall an fear seo dreas socúil di,</span> <lb n="689"/><span>Gheall an spreas di teas is clúide,</span> <lb n="690"/><span>Cothrom glan is ba le crú dhi</span> <lb n="691"/><span>Is codladh fada ar leabain chlúimh di,</span> <lb n="692"/><span>Teallaí teo agus móin a daoithin</span> <lb n="693"/><span>Is ballaí fód gan lóithne gaoithe,</span> <lb n="694"/><span>Fothain is díon ón sín is ón spéir di</span> <lb n="695"/><span>Is olann is líon le sníomh chum éadaigh.</span> <lb n="696"/><span>Do b'fheasach dhon tsaol 's don phéist seo láithreach</span> <lb n="697"/><span>Nách taitneamh ná téamh aon phioc grá dho</span> <lb n="698"/><span>Cheangail an péarla maorga mná so,</span> <lb n="699"/><span>Acht easnamh go léir, ba déirc léi an tsástacht.</span> <lb n="700"/><span>Ba dubhach an fuadar suairceas oíche,</span> <lb n="701"/><span>Smúit is ualach, duais is líonadh,</span> <lb n="702"/><span>Lúithní lua agus guaille caola</span> <lb n="703"/><span>Is glúine crua comh fuar le oighre,</span> <lb n="704"/><span>Cosa feoite dóite ón ngríosaigh</span> <lb n="705"/><span>Is colann bhreoite dhreoite chríonna.</span> <lb n="706"/><span>An bhfuil stuaire beo ná feofadh liath</span> <lb n="707"/><span>Ag cuail dá shórt bheith pósta riamh</span> <lb n="708"/><span>Nár chuartaigh fós fá dhó le bliain</span> <lb n="709"/><span>Cé buachaill óg í, feoil nó iasc,</span> <lb n="710"/><span>'S an feoiteach fuar seo suas léi sínte</span> <lb n="711"/><span>Dreoite duairc, gan bhua gan bhíogadh?</span> <lb n="712"/><span>Óch, cár mhuar dhi bualadh bríomhar</span> <lb n="713"/><span>Ar nós an diabhail de uair gach oíche.</span> <lb n="714"/><span>Ní dóch go dtuigir gurb ise ba chiontach</span> <lb n="715"/><span>Ná fós go gclisfeadh ar laige le tamhandacht,</span> <lb n="716"/><span>An maighre mascalach carthanach ciúintais,</span> <lb n="717"/><span>Is deimhin go bhfeaca sí a mhalairt do mhúnadh.</span> <lb n="718"/><span>Ní labharfadh focal dá mb'obair an oíche</span> <lb n="719"/><span>Is thabharfadh cothrom do stollaire bríomhar,</span></p> </div> <pb n="38"/> <div><lb n="720"/><p><span>Go brách ar siúl níor dhiúltaigh riamh é</span> <lb n="721"/><span>Ar chnáimh a cúil 's a súilibh iata.</span> <lb n="722"/><span>Ní thabharfadh preab le stailc mhíchuíosach,</span> <lb n="723"/><span>Fobha mar chat nó sraic nó scríob air,</span> <lb n="724"/><span>Acht í go léir 'na slaod comh sínte</span> <lb n="725"/><span>Taobh ar thaobh 's a géag 'na thimpeall,</span> <lb n="726"/><span>Ó scéal go scéal ag bréagadh a smaointe</span> <lb n="727"/><span>Béal ar bhéal 's ag méaracht síos air.</span> <lb n="728"/><span>Is minic do chuir sí a cos dtaobh anonn de</span> <lb n="729"/><span>Is chuimil a brush ó chrios go glún de,</span> <lb n="730"/><span>Sciobadh an phluid 's an chuilt dá ghúnga</span> <lb n="731"/><span>Ag spriongar 's ag sult le moirt gan subhachas.</span> <lb n="732"/><span>Níor chabhair di cigilt ná cuimilt ná fáscadh,</span> <lb n="733"/><span>Fobha dá hingin, dá huilinn ná a sála,</span> <lb n="734"/><span>Is nár dom aithris mar chaitheadh sí an oíche</span> <lb n="735"/><span>Ag fáscadh an chnaiste 's ag searradh 's ag síneadh,</span> <lb n="736"/><span>Ag feacadh na ngéag 's an t-éadach fúithi,</span> <lb n="737"/><span>A ballaibh go léir 's a déid ar lúthchrith,</span> <lb n="738"/><span>Go loinnir an lae gan néall do dhubhadh uirthi</span> <lb n="739"/><span>Ag imirt ó thaobh go taobh 's ag únfairt.</span></p> <lb n="740"/> <lb n="741"/><p><span>NÁCH FURAS don lobhar so labhairt ar mhná</span> <lb n="742"/><span>Is gan fuinneamh 'na chom ná cabhair na chnámha.</span> <lb n="743"/><span>Má d'imigh an mhodhamhail bhí trom 'na ghá</span> <lb n="744"/><span>Is gur deineadh an fhoghail seo, gabhaimse a páirt.</span> <lb n="745"/><span>An bhfuil sionnach ar sliabh ná iasc i dtráigh</span> <lb n="746"/><span>Ná fiolar le fiach ná fiaigh le fán</span> <lb n="747"/><span>Comh fada gan chiall le bliain ná lá</span> <lb n="748"/><span>Do chaitheamh gan bia 's a bhfiach le fáil?</span> <lb n="749"/><span>An aithnid díbh féin sa tsaol so cáil</span> <lb n="750"/><span>An t-ainmhí claon ná an féithid fáin</span> <lb n="751"/><span>Do phiocfadh an chré ná an fraoch ná an fál</span> <lb n="752"/><span>Is fiorthann go slaodach is féar le fáil?</span> <lb n="753"/><span>Aithris gan mhoill, a chladhaire chráite,</span> <lb n="754"/><span>Freagair me, faighimse feidhm id ráite.</span> <lb n="755"/><span>Ca bhfuil do dhíth ag suí chum béile</span> <lb n="756"/><span>Ar caitheadh le mí aici i dtíos na féile?</span> <lb n="757"/><span>An laigede an chúil nó an lúide an láithreach</span></p> </div> <pb n="39"/> <div><lb n="758"/><p><span>Fiche milliún má shiúil le ráithe ann?</span> <lb n="759"/><span>Mairg id cheann, a sheandaigh thamhanda,</span> <lb n="760"/><span>An eagal leat ganntan am do dhúla?</span> <lb n="761"/><span>An dóch, a ghliogaire buile, gur baol leat</span> <lb n="762"/><span>Ól na Sionainne tirim nó a taoscadh,</span> <lb n="763"/><span>Trá na farraige is tarraingt an tsáile</span> <lb n="764"/><span>Is clár na mara do scaipeadh le scála?</span> <lb n="765"/><span>Breathain in am ar leamhas do smaointe</span> <lb n="766"/><span>Is ceangail do cheann le banda thimpeall,</span> <lb n="767"/><span>Seachain i dtráth, ná fág do chiall</span> <lb n="768"/><span>Le eagla mná bheith fáilteach fial;</span> <lb n="769"/><span>Dá gcaitheadh sí an lá le cách dá riar</span> <lb n="770"/><span>Bheadh tuilleadh is do sháithse ar fáil 'na ndiaidh.</span> <lb n="771"/><span>Mo chumha, mo chrá, ba bhreá sin éad</span> <lb n="772"/><span>Ar lúbaire láidir lánmhear léadmhar,</span> <lb n="773"/><span>Shantach sháiteach shásta sheasmhach,</span> <lb n="774"/><span>Ramsach ráflach rábach rabairneach,</span> <lb n="775"/><span>Lascaire luaimneach, cuartóir coimseach,</span> <lb n="776"/><span>Balcaire buan nó buailteoir bríomhar,</span> <lb n="777"/><span>Acht seanduine seanda cranda créimeach,</span> <lb n="778"/><span>Feamaire fann is feam gan féile.</span></p> <lb n="779"/> <lb n="780"/><p><span>IS MITHlD dom chroí bheith líonta 'o léithe</span> <lb n="781"/><span>Is m'iongantas trí gach smaointe baotha,</span> <lb n="782"/><span>Cad do bheir scaoilte ó chuibhreach céile</span> <lb n="783"/><span>In eaglais sinsir suim na cléire?</span> <lb n="784"/><span>Mo chrá gan leigheas, mo threighid 'om fháscadh,</span> <lb n="785"/><span>Is láidir m'fhoighne is laghad mo ráige,</span> <lb n="786"/><span>Is méad a mbíom ar díth gan éinne</span> <lb n="787"/><span>Is mian ár gcroí fá shnaidhm na héide.</span> <lb n="788"/><span>Nách bocht an radhairc do mhaighdin ghrámhar</span> <lb n="789"/><span>Toirt is taibhse a mbaill, 's a mbreátha,</span> <lb n="790"/><span>Bloscadh a n-aghaidh agus soilse a ngáire,</span> <lb n="791"/><span>Corp is coim is toill ar táimhchrith,</span> <lb n="792"/><span>Úireacht, áilleacht, bláth is óige,</span> <lb n="793"/><span>Ramhadas cnámh is meáchant feola,</span> <lb n="794"/><span>Martas trom is drom gan suaitheadh,</span> <lb n="795"/><span>Neart gan dabhta is fonn gan fuaradh.</span></p> </div> <pb n="40"/> <div><lb n="796"/><p><span>Bíonn sealbh gach só acu ar bhord na saoithe,</span> <lb n="797"/><span>Earra agus ór chum óil is aoibhnis,</span> <lb n="798"/><span>Clúimh chum loighe acu is saill chum bídh acu,</span> <lb n="799"/><span>Plúr is milseacht, meidhir is fíonta,</span> <lb n="800"/><span>Is gnáthach cumasach iomadach óg iad</span> <lb n="801"/><span>Is tá 'fhios againne gur fuil is gur feoil iad.</span> <lb n="802"/><span>Cumha ní ghlacfainn le cafairí coillte,</span> <lb n="803"/><span>Snamhairí galair ná searraigh gan soilse,</span> <lb n="804"/><span>Acht marlaí bodacha, tollairí tréana</span> <lb n="805"/><span>I dtámhaíl chodlata is obair gan déanamh.</span></p> <lb n="806"/> <lb n="807"/><p><span>CREIDIM gan bhréig gur mhéin le roinnt díobh</span> <lb n="808"/><span>Feilleadh le féile, daor ní bheinnse,</span> <lb n="809"/><span>Cothrom ní cóir an t-ord le chéile</span> <lb n="810"/><span>Chrochadh le corda, ghóil ná dhaoradh,</span> <lb n="811"/><span>Bás na droinge go deimhin ní ghráfainn,</span> <lb n="812"/><span>Lán na loinge chum duine ní bháfainn.</span> <lb n="813"/><span>Cuid acu bíodh gur ríocaigh riamh iad</span> <lb n="814"/><span>Is cuid acu bhíos gan ríomh gan riail leo,</span> <lb n="815"/><span>Cinntigh chrua gan trua gan tréithe,</span> <lb n="816"/><span>Fíochmhar fuar is fuath dho bhéithe.</span> <lb n="817"/><span>Tuilleadh acu tá níos fearr ná a chéile</span> <lb n="818"/><span>Tuilte le grá is le grásta féile;</span> <lb n="819"/><span>Is minic a buaitear buaibh is gréithe</span> <lb n="820"/><span>Cuigeann is cruach do chuaird na cléire,</span> <lb n="821"/><span>Is minic lem chuimhne maíodh a dtréithe</span> <lb n="822"/><span>Is iomad a ngníomhartha fíorghlic féithe,</span> <lb n="823"/><span>Is minic do chuala ar fuaid na tíre</span> <lb n="824"/><span>Siosarnach luath dá lua go líonmhar</span> <lb n="825"/><span>Is chonairc me taibhseach roinnt dá ramsa</span> <lb n="826"/><span>Is uimhir dhá gcloinn ar shloinnte falsa.</span> <lb n="827"/><span>Baineann sé fáscadh as lár mo chléibhse</span> <lb n="828"/><span>A gcaitear dá sláinte ar mhná treasaosta;</span> <lb n="829"/><span>Is turraing sa tír chum díth na mbéithe</span> <lb n="830"/><span>Ar cuireadh gan bhrí dhon tsíolrach naofa,</span> <lb n="831"/><span>Is dealamh an diachair dianghoirt d'Éire</span> <lb n="832"/><span>Ar chailleamair riamh le riail gan éifeacht.</span> <lb n="833"/><span>Fágaim fúdsa, a chnú na céille,</span></p> </div> <pb n="41"/> <div><lb n="834"/><p><span>Fáth na cúise is cumha na cléire,</span> <lb n="835"/><span>Is meallta millte loighid dom dhóighse,</span> <lb n="836"/><span>Is dall gan radharc me soilsigh m'eolas.</span> <lb n="837"/><span>Aithris ós cuimhin leat caint na bhfáidhe</span> <lb n="838"/><span>Is abstail an Rí ba bhíogthach ráite,</span> <lb n="839"/><span>Ca bhfuil na comhachta d'ordaigh an dúla</span> <lb n="840"/><span>Is calcadh na feola i gcoróin na cumha seo?</span> <lb n="841"/><span>Pól dar liom ní dúirt le éinne</span> <lb n="842"/><span>An pósadh dhiúltadh acht drúis do shéanadh,</span> <lb n="843"/><span>Scaradh led ghaol, dá mhéid do ghnaoi,</span> <lb n="844"/><span>Agus ceangal led shaol is claobh led mhnaoi.</span> <lb n="845"/><span>Is obair gan bhrí do mhnaoi, mar táimse,</span> <lb n="846"/><span>Focail an dlí seo shuíomh dhod láthair,</span> <lb n="847"/><span>Is cuimhin leat féin, a phéarla, an Taibhse,</span> <lb n="848"/><span>Suíomh gach scéil is léir dhuit soilseach,</span> <lb n="849"/><span>Binnghuth buan is bua na mbréithre</span> <lb n="850"/><span>Is caint an Uain ná luafar bréagach,</span> <lb n="851"/><span>Dia nárbh áil leis máthair aonta</span> <lb n="852"/><span>Is riail gach fáidhe i bhfábhar béithe.</span></p> <lb n="853"/> <lb n="854"/><p><span>GUÍM go hard tu, 'fáidhbhean tsíthe,</span> <lb n="855"/><span>A shíolrach neámhdha 'o bharr na ríthe,</span> <lb n="856"/><span>A shoilse glóire, a choróin na sluaite,</span> <lb n="857"/><span>Eist lem ghlórsa, fóir is fuar dhúinn.</span> <lb n="858"/><span>Meáigh an t'intinn díth na mbéithe</span> <lb n="859"/><span>Is práinn na mílte brídeach aonta</span> <lb n="860"/><span>Is toicibh mar táid ar bhráid a chéile</span> <lb n="861"/><span>Ag borradh is ag fás mar ál na ngéanna.</span> <lb n="862"/><span>An t-ál is lú atá ag siúl na sráide,</span> <lb n="863"/><span>Garlaigh dhubha tá giúnnach gránna,</span> <lb n="864"/><span>An aga dá laghad má gheibhid a ndóthain</span> <lb n="865"/><span>Glasra, meidhg is bleaghdair, borrfaid</span> <lb n="866"/><span>d'urchar nimhe le haois gan éifeacht,</span> <lb n="867"/><span>Tiocfaidh na cíocha, scinnfid, scéithfid.</span> <lb n="868"/><span>Scalladh mo chléibh, is baoth mo smaointe</span> <lb n="869"/><span>Ag tagairt ar chéile i gcaorthaibh tinte,</span> <lb n="870"/><span>Is deacair dhom súil le subhachas d'fháil</span> <lb n="871"/><span>Is gan fear in aghaidh triúir sa Mumhain dá mná.</span></p> </div> <pb n="42"/> <div><lb n="872"/><p><span>Ó tharla an ceantar gann seo gámhar,</span> <lb n="873"/><span>Fáintibh fann 's an t-am seo práinneach,</span> <lb n="874"/><span>Fódla folamh is fothrom ag fiaile</span> <lb n="875"/><span>Is óige an phobail ag cromadh is ag liathadh,</span> <lb n="876"/><span>Aonta fada go dealamh ná foighnigh</span> <lb n="877"/><span>Dh'éinne ar thalamh is fear éigin faighimse,</span> <lb n="878"/><span>Ceangail i dtráth go tláith fán úim iad</span> <lb n="879"/><span>Is as sin go brách acht fágthar fúinne iad".</span></p> <lb n="880"/> <lb n="881"/><p><span>D'EIRGHE an mhánla ar bharr an bhinse,</span> <lb n="882"/><span>Shoilsigh an lá is an áit ina timpeall,</span> <lb n="883"/><span>B'álainn óg a cló is a caoindreach,</span> <lb n="884"/><span>B'ard a glór, ba bheo is ba bhíogthach,</span> <lb n="885"/><span>d'fháisc a doirne is d'ordaigh deimhneach</span> <lb n="886"/><span>Báille ar bord ag fógairt Silence,</span> <lb n="887"/><span>Dúirt a béal bhí ag séideadh soilse,</span> <lb n="888"/><span>An chúirt go léir go faon ag eisteacht:</span></p> <lb n="889"/> <lb n="890"/><p><span>"GHEIBHIMSE díreach brí chum buaite</span> <lb n="891"/><span>Is feidhm id chaintse, a bhrídeach bhuartha,</span> <lb n="892"/><span>Chím 's is dóch gur dóite an radharc liom</span> <lb n="893"/><span>Síolrach Órla, Mhóire is Mheidhbhe,</span> <lb n="894"/><span>An seifteoir caol 's an créatúir cladhartha</span> <lb n="895"/><span>An ceisteoir claon 's an déirceoir daigheartha,</span> <lb n="896"/><span>Sú na táire is tál na coimse</span> <lb n="897"/><span>Ag súil le sárfhuil sámh na saoithe.</span> <lb n="898"/><span>Achtaimíd mar dhlí do bhéithe</span> <lb n="899"/><span>An seacht fó thrí gan cuibhreach céile</span> <lb n="900"/><span>Tharraingt ar cheann go teann gan trua</span> <lb n="901"/><span>Is a cheangal don chrann seo i dteannta an tuama.</span> <lb n="902"/><span>Bainigí lom de a chabhail 's a chóta</span> <lb n="903"/><span>Is feannaigí a dhrom 's a chom le corda.</span> <lb n="904"/><span>'On chuid acu tharla báite i mblianta</span> <lb n="905"/><span>Is cheileann go táir an tairne tiarpa,</span> <lb n="906"/><span>Chuireas amú gan subhachas d'éinne</span> <lb n="907"/><span>Buile na hútha is lúth a ngéaga,</span> <lb n="908"/><span>Mheilleas a gcáil is fáil ar mhnaoi acu</span> <lb n="909"/><span>Ag feitheamh gan fáth ar bharr na craoibhe,</span></p> </div> <pb n="43"/> <div><lb n="910"/><p><span>Fágaim fúibhse tionscailt páise,</span> <lb n="911"/><span>A mhná na dúla, dubhadh le dálgas,</span> <lb n="912"/><span>Ceapaigí fíornimh tinte is tairnibh,</span> <lb n="913"/><span>Caithigí smaointe is intleacht mná leis,</span> <lb n="914"/><span>Cuiridh bhur gcomhairle i gcomhar le chéile</span> <lb n="915"/><span>Is tugaimse comhachta an fórsa dhéanamh,</span> <lb n="916"/><span>Bheirim gan spás díbh páis na gciantach</span> <lb n="917"/><span>Is beag liom bás gan barrghoin pian dóibh.</span></p> <lb n="918"/> <lb n="919"/><p><span>NÍ CHUIRIMSE i bhfáth 'o bharr mo chainte</span> <lb n="920"/><span>An foirfeach fálta cáslag cloíte,</span> <lb n="921"/><span>An gabhal gan gotha ná an gola gan geall suilt,</span> <lb n="922"/><span>Toll gan toradh ná an tormach falsa,</span> <lb n="923"/><span>Acht léigthear an óige i gcóir chum síolraigh</span> <lb n="924"/><span>Is déanadh an sórt seo clóca is díon dóibh.</span> <lb n="925"/><span>Is minic do chímse righinsigh bhaotha</span> <lb n="926"/><span>Ag tuitim le tíos is bímse baoch dhíobh,</span> <lb n="927"/><span>Gofa le mná do lá agus d'oíche</span> <lb n="928"/><span>Ag cosnamh a gcáil 's ar scáth a ngníomhartha,</span> <lb n="929"/><span>Ag seasamh 'na bhfeighil 's a bhfeidhm go fálta,</span> <lb n="930"/><span>A n-ainm ar chloinn is bheinnse sásta.</span></p> <lb n="931"/> <lb n="932"/><p><span>CHUALA siolla is do cuireadh i bhásta é,</span> <lb n="933"/><span>Is fuath liom baineannach iomadach ráiteach,</span> <lb n="934"/><span>Labhair go réidh is glaoigh go híseal,</span> <lb n="935"/><span>Bas ar do bhéal is baol bheith cainteach.</span> <lb n="936"/><span>Seachain go fóill na comhachtaigh íogmhar</span> <lb n="937"/><span>Is caithfid siad pósadh fós pé chífeas,</span> <lb n="938"/><span>Tiocfaidh an lá le lánchead comhairle</span> <lb n="939"/><span>Is cuirfidh an Pápa lámh na gcomhacht air,</span> <lb n="940"/><span>Suífidh an chuideachta ar thubaist na dtíortha</span> <lb n="941"/><span>Is scaoilfear chugaibh fá urchall cuibhrigh</span> <lb n="942"/><span>Fiantas fola agus fothrom na feola</span> <lb n="943"/><span>Is mian bhur dtoile, na tollairí teo so.</span> <lb n="944"/><span>Aon duine eile dár hoileadh ó mhnaoi ar bith,</span> <lb n="945"/><span>Léigh a ndeirim is feicim do bhíogadh,</span> <lb n="946"/><span>Ar shlí mo chumais ná fuiling i gcaoi ar bith</span> <lb n="947"/><span>Sraoill gan urraim ná Murainn i mbríste,</span></p> </div> <pb n="44"/> <div><lb n="948"/><p><span>Acht leanaig sa tóir na feoitigh liatha</span> <lb n="949"/><span>Is glanaigí Fódla ón sórt so fiaile.</span></p> <lb n="950"/> <lb n="951"/><p><span>CAITHFEADSA gluaiseacht uaibh chum siúil,</span> <lb n="952"/><span>Is fada mo chuairdse ar fuaid na Mumhan,</span> <lb n="953"/><span>An turas tá romham ní fhónann moill do</span> <lb n="954"/><span>Is iomad dom ghnó anso fós gan eisteacht.</span> <lb n="955"/><span>Casfaidh me arís 's is fíor nách fáilteach,</span> <lb n="956"/><span>d'fhearaibh nách binn mo thíocht don áit seo.</span> <lb n="957"/><span>An chuid acu atá go táir 'na smaointe,</span> <lb n="958"/><span>Foireann nách foláir leo a gcáil bheith sínte,</span> <lb n="959"/><span>Mhaíos le fothrom a gcothrom ar bhéithe,</span> <lb n="960"/><span>chífe an pobal a gcogar 's a sméideadh.</span> <lb n="961"/><span>Is taitneamhach leo is is dóil gur laochas</span> <lb n="962"/><span>Scannal na hóige pósta is aonta,</span> <lb n="963"/><span>Mian a dtoile ní sporann a gcionta,</span> <lb n="964"/><span>Bréantas fola ná borradh na drúise,</span> <lb n="965"/><span>Taitneamh don ghníomh ná fíoch na féithe</span> <lb n="966"/><span>Acht magadh na mílte ag maíomh na n-éachta.</span> <lb n="967"/><span>Ní saint dá só bheir leo na céadta</span> <lb n="968"/><span>Acht caint is gleo agus mórtas laochais,</span> <lb n="969"/><span>Mustar is ábhacht is ráig gan riail</span> <lb n="970"/><span>Is a gcumas go tláith gan tál gan triall,</span> <lb n="971"/><span>Go tuisealach tarrlag támh 'na n-iall</span> <lb n="972"/><span>Is cuthach le gá ar a mná ina ndiaidh.</span> <lb n="973"/><span>Glacfad go réidh an méid seo láithreach,</span> <lb n="974"/><span>Caithfidh me géilleadh 'o mhéid mo phráinneach,</span> <lb n="975"/><span>Cuirfidh me an bhuíon so i gcuing 's in úim</span> <lb n="976"/><span>Nuair thiocfaidh me arís sa mí seo chúinn".</span></p> <lb n="977"/> <lb n="978"/><p><span>DO BHREATHAIN me cruinn an ríbhean réaltach,</span> <lb n="979"/><span>Lagaigh mo chroí le linn bheith réidh dhi,</span> <lb n="980"/><span>d'airigh me dásacht ghránmhar éigin</span> <lb n="981"/><span>Is pairithis bháis im chnámha is im chéadfa,</span> <lb n="982"/><span>Chonairc me an tír 's an tíos ar luascadh</span> <lb n="983"/><span>Is fuinneamh a cainte ag rince im chluasa.</span> <lb n="984"/><span>Tagann an bíoma bíogthach báille</span> <lb n="985"/><span>Is leathain mo líthe ar shíneadh a láimhe,</span></p> </div> <pb n="45"/> <div><lb n="986"/><p><span>Tharraing ar chluais go stuacach storrtha</span> <lb n="987"/><span>Stracaithe suas léi ar uachtar boird me.</span> <lb n="988"/><span>Preabann an báb so chráigh an t-aonta,</span> <lb n="989"/><span>Greadann a lámha is is ard do léim sí,</span> <lb n="990"/><span>Is aibigh adúirt, "a chrústa chríonna,</span> <lb n="991"/><span>Is fada me ag súil led chúlsa chíoradh.</span> <lb n="992"/><span>Is minic do slaíodh thu, a chroí gan daonnacht,</span> <lb n="993"/><span>Is mithid duit stríocadh 'o dhlí na mbéithe.</span> <lb n="994"/><span>Cosaint cá bhfaighidh tú in aghaidh na cúise?</span> <lb n="995"/><span>Focal níor thuill tú a leadhb gan lúthchlis.</span> <lb n="996"/><span>Ca bhfuil do shaothar saor le suíochant?</span> <lb n="997"/><span>Ca bhfuil na béithe baoch dod ghníomhartha?</span> <lb n="998"/><span>Breathainse a bhaill seo, a mhaighdean mhaorga,</span> <lb n="999"/><span>Ainimh ní bhfaighimse mhill ar bhéithe é,</span> <lb n="1000"/><span>Breathain go cruinn a ghnaoi is a ghéaga</span> <lb n="1001"/><span>Ó bhaitheas a chinn go boinn a chaolchos.</span> <lb n="1002"/><span>Bíodh gurb ainmheach an-mhíchumtha é</span> <lb n="1003"/><span>Chímse ceangailte a bharra gan diúltadh,</span> <lb n="1004"/><span>Gile ní ghráfainn, b'fhearr liom buí é,</span> <lb n="1005"/><span>Is cuma na gcnámh ní cháinfinn choíche.</span> <lb n="1006"/><span>Duine a mbeadh dronn 'na dhrom is fána -</span> <lb n="1007"/><span>Is minic sin togha fir cromshlinneánach,</span> <lb n="1008"/><span>Is minic sin gambach lansa gníomhach</span> <lb n="1009"/><span>Is ioscada cam ag strampa bríomhar.</span> <lb n="1010"/><span>Is fáthaibh foilitheach uireaspach éigin</span> <lb n="1011"/><span>d'fhág an doirfeach foirfe in aonta</span> <lb n="1012"/><span>Is méid a cheana idir mhaithibh na tíre,</span> <lb n="1013"/><span>A réim le sealad i gcaradas daoine</span> <lb n="1014"/><span>Ag seinm ar cheolta, spórt is aoibhneas,</span> <lb n="1015"/><span>Imirt is ól ar bhord na saoithe</span> <lb n="1016"/><span>I gcomhar na foirinne fuineadh as féile -</span> <lb n="1017"/><span>An snamhaire! b'fhurus dom urraimse ghéilleadh.</span> <lb n="1018"/><span>Is taibhseach taitneamhach tairbheach tréitheach</span> <lb n="1019"/><span>Meidhreach meanmnach a ainm 's is aerach.</span> <lb n="1020"/><span>Ainmhí 'od shórt níor ordaigh an Tiarna</span> <lb n="1021"/><span>Geanmnaí fós i gcóngar liaithe,</span> <lb n="1022"/><span>Creathaim go bonn le fonn do dhaortha</span> <lb n="1023"/><span>Is gairid an chabhair do labhartha baotha,</span></p> </div> <pb n="46"/> <div><lb n="1024"/><p><span>Is coir mós díreach, suíte an t-éadan,</span> <lb n="1025"/><span>Deich fó thrí gan cuibhreach céile.</span></p> <lb n="1026"/> <lb n="1027"/><p><span>EISTIG liomsa, a chlú na foighne,</span> <lb n="1028"/><span>Faighimse cúnamh i gcúis na maidhme,</span> <lb n="1029"/><span>An crá is an dúla mhúch gan bhrí me,</span> <lb n="1030"/><span>A mhná na muirne, is rún liom íoc air.</span> <lb n="1031"/><span>Cúnamh adeirim libh, beirig air, tóg é,</span> <lb n="1032"/><span>'Úna, goirim thu is faigh dhom an corda,</span> <lb n="1033"/><span>Ca bhfuil tú, 'Áine, ná bí ar iarraidh,</span> <lb n="1034"/><span>Ceangailse, a Mháire, a lámha ar dtaobh thiar dhe,</span> <lb n="1035"/><span>A Mhurainn, a Mheidhbh, a Shaidhbh 's a Shíle,</span> <lb n="1036"/><span>Cuirigí i bhfeidhm le daighearthaibh díocais</span> <lb n="1037"/><span>Barr gach scóla d'ordaigh an tsíbhean,</span> <lb n="1038"/><span>Báidh sa bhfeoil gach corda snaidhmeach,</span> <lb n="1039"/><span>Tomhais go fial na pianta is crua</span> <lb n="1040"/><span>Le tóin 's le tiarpa Bhriain gan trua ar bith,</span> <lb n="1041"/><span>Tóg na lámha is ardaigh an sciúirse,</span> <lb n="1042"/><span>Is sómpla sámh é, a mhná na muirne,</span> <lb n="1043"/><span>Gearraigí doimhin, níor thuill sé fábhar,</span> <lb n="1044"/><span>Bainigí an leadhb ó rinn go sáil de,</span> <lb n="1045"/><span>Cloistear a chlinn i gcríochaibh Éibhir</span> <lb n="1046"/><span>Is critheadh a gcroí insna críontaigh aonta.</span></p> <lb n="1047"/> <lb n="1048"/><p><span>IS CIALLMHAR ceart an t-acht é, sílim,</span> <lb n="1049"/><span>Bliain an aicht seo is ceart é scríobh dhúinn,</span> <lb n="1050"/><span>Réitigh, ceil nó goid, do sceimhle,</span> <lb n="1051"/><span>Céad is deich fó leith as míle,</span> <lb n="1052"/><span>Dúbail ceart an freastal fuílligh,</span> <lb n="1053"/><span>Is thuirling mac an tseachtmhain roimhe sin".</span> <lb n="1054"/><span>Glacann sí an peann 's mo cheann so suaite</span> <lb n="1055"/><span>Ar eagla m'fheannta is scanradh an bhuailte,</span> <lb n="1056"/><span>An aga do bhí sí ag scríobh an dáta</span> <lb n="1057"/><span>Is maithibh an tí aici suíte ar gardain,</span> <lb n="1058"/><span>Scaras lem néall, do réidheas mo shúile</span> <lb n="1059"/><span>Is phreabas, do léim, ón bpéin im dhúiseacht.</span></p> <lb n="1060"/> <lb n="1061"/><p/></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services