Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúirt an Mheon-Oíche

Title
Cúirt an Mheon-Oíche
Author(s)
Merriman, Brian,
Compiler/Editor
Ó Murchú, Liam P.
Composition Date
1780
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1982)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CÚIRT AN MHEONOÍCHE LE BRIAN MERRÍMAN.



BA GNÁTH me ag siúl le ciumhais na habhann
Ar bháinseach úr 's an drúcht go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe
Gan mhairg gan mhoill ar shoilse an lae.
Do ghealadh mo chroí an uair chínn Loch Gréine,
An talamh 's an tír is íor na spéire,
Taitneamhacht aoibhinn suíomh na sléibhte
Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.
Do ghealfadh an croí bheadh críon le cianta
Caite gan bhrí nó líonta 'o phianta,
An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas
d'fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte
Ar lachain 'na scuainte ar chuan gan ceo
Is an eala ar a bhfuaid 's í ag gluaiseacht leo,
Na héisc le meidhir ag eirghe in airde,
Péirse im radhairc go taibhseach tarrbhreac,
Dath an locha agus gorm na dtonn
Ag teacht go tolgach torannach trom.
Bhíodh éanla i gcrainn go meidhreach mómhar
Is léimreach eilte i gcoillte im chóngar,
Géimreach adharc is radharc ar shlóite,
Tréanrith gadhar is Reynard rompu.



AR MAIDIN inné bhí an spéir gan ceo,
Bhí Cancer ón ngréin 'na caorthaibh teo
Is í gofa chum saothair tar éis na hoíche
Is obair an lae sin réimpi sínte.
Bhí duilleabhar craobh ar ghéaga im thimpeall,
Fiorthann is féar 'na shlaodach taoibh liom,
Glasra fáis is bláth is luibheanna
Scaipfeadh le fán dá chráiteacht smaointe.
Bhí me cortha is an codladh dhom thraochadh
Is shín me thoram ar cothrom sa bhféar glas
In aice na gcrann i dteannta trinse,


L. 20


Taca lem cheann 's mo hanlaibh sínte.
Ar cheangal mo shúl go dlúth le chéile,
Greamaithe dúnta i ndúghlas néalta
Is m'aghaidh agam foilithe ó chuile go sásta
I dtaibhreamh d'fhuiling me an cuilithe cráite
Chorraigh do lom do pholl go hae me
Im chodladh go trom gan mheabhair gan éirim.



BA GAIRID mo shuan nuair chualas, shíl me,
An talamh máguaird ar luascadh im thimpeall,
Anfa aduaidh is fuadach fíochmhar
Is calaithe an chuain ag tuargaint tinte.
Siolla dhom shúil dár shamhlaíos uaim
Do chonairc me chúm le ciumhais an chuain
An mhásach bholgach tholgach thaibhseach
Chnámhach cholgach dhoirrgeach ghaibhdeach.
A haeirde cheart má mheas me díreach,
Sé nó seacht do shlata is fuílleach,
Péirse beacht dá brat ag sraoilleadh
Léi sa tslab le drab is ríobal.
Ba mhuar ba mhiar ba fiain le féachaint
Suas 'na héadan créachtach créimeach,
B'anfa ceantair, scanradh saolta,
A draid is a drandal mantach méirsceach.
A Rí gach má! ba láidir líofa
A bíoma láimhe is lánstaf inti
Is comhartha práis 'na barr ar spíce
Is comhachta báille in airde air scríofa.



ACHT DÚIRT go doirrgeach d'fhoclaibh dána
"Múscail, corraigh, a chodlataigh ghránna,
Is dubhach do shlí bheith sínte id shliasta
Is cúirt 'na suí is na mílte ag triall ann.
Ní cúirt gan acht gan reacht gan riail,
Ná cúirt na gcreach mar chleacht tú riamh
An chúirt seo ghluais ó shluaite séimhe,
Ach cúirt na dtrua, na mbua is na mbéithe.
Is muar le maíomh ar shíolrach Éibhir


L. 21


Uaisle sí mar shuíodar d'aonghuth
Dhá lá is oíche ar bhinn an tsléibhe
I bpálás buíonmhar, Bruíon Mhaigh Gréine.
Is daingean do ghoill sé ar shoilse an Rí
Is ar mhaithibh a theaghlaigh thaibhsigh shí
Is ar uimhir na buíne bhí ina ndáil
Mar d'imigh gach díth ar chríochaibh Fáil.
Gan sealbh gan saoirse ag síolrach seanda,
Ceannas i ndlí ná cíos ná ceannphoirt,
Scriosadh an tír is níl 'na ndiaidh
In ionad na luibheanna acht flíoch is fiaile,
An uaisle b'fhearr chum fáin mar leaghadar
Is uachtar lámh ag fáslaigh shaibhre
Ag fealladh le fonn is foghail gan féachaint
d'fheannadh na lobhar 's an lom dá léirscrios.
Is dochrach dubhach, mar dhiú gach daoirse,
Doilbheadh dúr an dúcheilt dlíthe,
An fann gan feidhm ná faighidh ó éinne
Acht clampar doimhin is loighe chum léirscris,
Falsacht fear dlí is fachnaoide airdnirt,
Cam is calaois, faillí is fábhar,
Scamall an dlí agus fíordhath fannchirt,
Dalladh le bríb, le fís, le falsacht.



FARA gach fíor is fuíoll níor fágadh,
Dearbhadh díble ar bhíobla an lá sin
Cúis dar ndóigh ná geobhairse saor thríd,
Cnú na hóige á feo le faolraois
Is easnamh daoine suíte ar Éire.
Do mheath led chuimhne an síolrach daonna,
Is folamh 's is tráite fágadh tíortha,
An cogadh is an bás gan spás dá ndíogadh,
Uabhar na rithe is ar imigh tar sáile
An uair ná deineann sibh tuilleadh ina n-áit díobh.
Is nár bhur n-iomad gan siorraigh gan síolrach
Is mná ina muirear ar muir is ar tíorthaibh,
Consaigh chorpartha is borrcaigh óga
Is bunsaigh bhrothallach fola agus feola,


L. 22


Lóistigh liosta agus ligthigh shásta
Is mórgaigh shioscaithe d'imigh i bhásta.
Is trua gan toircheas tollairí 'on tsórt so,
Is trua gan tormach brollaigh is bóta iad,
Is minic iad ullamh an focal dá bhfaighidís
Ag tuitim dá mogall is molaimse a bhfoighne.



IS É CINNEADH le saoithe i gcríoch na comhairle,
In ionad na daoirse d'inseadh dóibhsin,
Duine don bhuíon so líonta i gcomhachta
Ar thuitim 'on dílse shuíomh go Fódla.
Tairgeann Aoibheall, croí gan claoinbheart,
Cara na Muimhneach, síbhean Léithchraig,
Scaradh le saoithibh sí na slua so,
Scaitheamh ag scaoileadh daoirse i dTuamhain seo.
Do gheall an mhíonla chaointais chóir seo
Falsacht dlí do chloí go comhachtach,
Seasamh i dteannta fann is fánlaig
Is caithfidh an teann bheith ceansa tláith libh.
Caithfidh an neart gan cheart so stríocadh
Is caithfidh an ceart 'na cheart bheith suíte.
Geallaimse anois nách clis ná comhachta,
Caradas Miss ná Pimp ná comhalta
Shiúlfas tríd an dlí seo 'o ghnáth
Sa gcúirt 'na suífe an síolrach neámhdha.
Tá an chúirt seo seasmhach feasta sa bhFiacail,
Siúilse is freagair í, caithfidh tú triall ann,
Siúil gan tafann go tapa ar do phriacail
Siúil nó stracfad san lathaigh im dhiaidh thu".



DO BHUAIL sí crúca im chúl 's im chába
Is ghluais chum siúil go lúbach láidir,
Sciob sí síos me tríd na gleannta
Cnoic Mhánmhuí is go binn an teampaill.
Is deimhin go bhfeaca me ar lasadh le tóirsibh
An teaghlach taitneamhach maiseamhach mórtach,
Soilseach seasmhach lannamhail lómrach,
Taibhseach tathagach daingean dea-dhoirseach.


L. 23


Chonairc me an tsíbhean mhíonla bhéasach
Chumais 'na suí ar bhinse an tsaoirchirt,
Chonairc me garda láidir luaineach
Iomadach arracht tairngthe suas léi,
Chonairc me láithreach láinteach líonta
Ó mhullach go lár do mhná is do dhaoine,
Chonairc me spéirbhean mhaorga mhallroisc
Mhilis bhog bhéaltais mhéarlag mhealltach,
Thaitneamhach shásta tháclach fionn
'Na seasamh in airde ar chlár na mionn.
Bhí a gruag léi scaoilte síos go slaodach
Is buaireamh suíte fíor 'na féachaint,
Fuinneamh 'na radharc is faghairt 'na súile
Is fiuchadh le draighean oilc aighnis fúthu,
A caint dá cosc le loscadh cléibh
Gan gíog 'na tost acht tocht dá traochadh.
B'fhurast a rá gur bás ba rogha léi
Is tuile gan tlás ag tál go trom léi,
lna seasamh ar lár an chláir 'na saighead
Is í ag greadadh na lámh 's ag fáscadh a ladhar.
Insan uair a ghoil sí folcaí fíochmhar
Is d'fhuascail osnaí gothaí a cainte
d'imigh a smúit is d'iompaigh snó uirthi,
Thriomaigh sí a gnúis is dúirt mar neosad:



"MÍLE fáilte is gardas cléibh romhad
'Aoibheall, 'fháidhbhean ársa ón Léithchraig,
A shoilse an lae 's a ré gan choimse,
A shaibhreas saolta i ngéibheann daoirse,
A cheannasach bhuach ó shluaite an aoibhnis,
B'easnamh cruaidh thu i dTuamhain 's i dTír Luirc.
Cúis mo cháis is fáth mo chaointe,
Cúis do chráigh me is d'fhág me cloíte,
Bhain dom threoir me is sheoil gan chiall me,
Chaith mar cheo me dóite pianta -
Na sluaite imíos gan chríoch gan chaomhnadh
Ar fuaid an tsaoil seo d'fhíorscoth béithe
Ina gcailleacha dubha gan cumhdach céile


L. 24


Caite gan clú gan cionta claoinbhirt.
Is aithnid dom féin sa méid seo 'om shiúlta
Bean agus céad nár mhéin leo a dhiúltadh,
Is mise ina measc, mo chreach mar táimse,
d'imigh 'na spaid gan fear gan pháiste.
Mo dhochar, mo dhó, mo bhrón mar bhíom
Gan sochar gan seoid gan só gan síth
Go doilbhir duaiseach duamhar díoch
Gan codladh gan suan gan suairceas oíche,
Acht maslaithe i mbuairt gan suaimhneas sínte
Ar leabain leamh fhuar dár suaitheadh ag smaointe.
A Cháidh na Carraige breathain go bíogthach
Mná na Banba in anacra suíte,
Ar nós má leanaid na fearaibh dá bhfuadar
Ó, mo lagar, acht caithfeamna a bhfuadach.
Is é am 'nar mhéin leo céile a phósadh
An t-am nár mhéin le éinne góil leo,
An t-am nárbh fhiú bheith fúthu sínte,
Seandaigh thamhanda shúite chloíte.
Dá dtuiteadh amach le teas na hóige
Duine fán seacht ar theacht féasóige
Cheangal le mnaoi, ní míntais thoghfaidh,
Thaitneamhach shuíte 'o shíol ná d'fhoghlaim,
Clódheas chaoin ná míonla mhánla
A mb'eol di suí nó tíocht do láthair,
Acht doineantach odhar nó donn doilíosach
Chruinnigh le doghrainn cabhair nách cuí dho.
Is é chráigh mo chroí is do scaoil gan chéill me
Is d'fhág mo smaointe is m'intinn traochta,
Tráite tinn mar taoim go tréithlag,
Cásmhar cloíte ag caoi is ag géarghol -
An uair chím preabaire calma croíúil,
Fuadrach fearamhail baramhail bríomhar,
Stuama feasamhach seasmhach saoithiúil,
Gruadheas greannmhar geanamhail gnaíúil,
Nó buachaill bastalach beachanta bróigdheas,
Cruacheart ceannasach ceapaithe córach -
Buaite ceannaithe ceangailte pósta


L. 25


Ag fuaid, ag cailligh, ag aimid, nó ag óinmhid,
Nó ag suairle salach do chaile gan tionscal,
Stuacach stailiceach aithiseach stúncach,
Suaiteach sodalach foclach fáidhiúil,
Cuardach codlatach goirgeach gráiniúil.
Mo chreach is mo lot, tá molt míbhéasach,
Caile na gcos is folt gan réiteach,
Dá ceangal anocht 's é loisc go léir me
Is ca bhfuil mo locht ná toifí réimpi?
Créad an t-abhar ná tabhairfí grá dhom
Is mé comh leabhair comh modhamhail, comh breá so?
Is deas mo bhéal, mo dhéad 's mo gháire,
Is geal mo ghné is tá m'éadan tláith tais,
Is glas mo shúil, tá m'urla scáinneach,
Bachallach búclach cúplach fáinneach,
Mo leaca is mo ghnúis gan smúid gan smáchal,
Tarraingte cumtha lonrach scáfar,
Mo phíob, mo bhráid, mo lámha 's mo mhéaraibh
Ag síorbhreith barr na háille ó chéile.
Féach mo chom, nách leabhair mo chnámha,
Níl me lom ná crom ná stágach,
Seo toll is cosa agus colann nách nár liom
Is an togha go socair fá cover ná tráchtaim.
Ní suairle caile ná sreangaire mná me
Acht stuaire cailce tá taitneamhach breá deas.
Ní sraoill ná sluid ná luid gan fáscadh
Ná smíste duirc gan sult gan sásamh,
Lóiste lofa ná toice gan éifeacht
Acht óigbhean scofa comh tofa is is féidir.



DÁ MBEINNSE silte mar thuilleadh dhom chomharsain,
Leadhbach liosta gan tuiscint gan eolas,
Gan radhairc gan gliocas in imirt mo chóra,
Mo threighid! cár mhiste me rith in éadóchas?
Ní feacathas fós me i gcóngar daoine
Ag faire ná ag tórramh óig ná chríonna,
Ar mhachaire an bháire, an ráis ná an rince,
I bhfarradh na dtáinte, ar bhántaibh líonta


L. 26


Acht gofa go sámh gan cháim ar domhan
I gculaithe shásta ó bharr go bonn.
Beidh a cheart im chúl do phúdar fillte,
Starch is stiúir i gcúl mo chaidhpe,
Húda geal gan ceal ribíní,
Gúna breac 's a cheart rufaí leis.
Is annamh go brách gan fásáil aerach
Thaitneamhach bhreá lem cheárdán craorag
Is an-iomdha luibheanna, craobhacha is éanla
Im aprún síogach ríogach Cambrick,
Sála cumtha cúnga córach
Arda sleamhaine ar Screw fám bhróga,
Búclaí is fáinní is lámhainní síoda
Is fonsaí, práslaí is lásaí daora.
Seachain ná síl gur scinnteach scáfar,
Aimid gan ghaois ná naíondach náireach
Eaglach uaigneach uallach fhiain me,
Gealach gan ghuais gan stuaim gan téagar.
I bhfalach ní raghainnse ó radhairc na gcéadta,
Is ceannasach taibhseach m'aghaidh agus m'éadan,
Is dearfa bhím dom shíorthaispeánadh
Ar mhachaire mhín gach fíoriomána,
Ag rince, báire, rás is radaireacht,
Tinte cnámh is ráfla is ragairne,
Aonach, margadh is Aifreann Domhnaigh
Ag éileamh breathnaithe, ag amharc 's ag toghadh fir.
Chaitheas mo chiall le fiach gan éifeacht,
Dhalladar riamh me is d'iadar m'ae ionam
Tar éis mo chumainn, mo thurraing, 's mo ghrá dhóibh,
Tar éis ar fhuiling me d'iomada cránais,
Tar éis ar chailleas le caitheamh na scálaí,
Béithibh balbha is cailleacha cártaí.



NÍL CLEAS dá mb'fhéidir léamh ná trácht air
Le teacht ré ná tar éis bheith lán di,
Um Inid ná um Shamhain ná ar shiúl na bliana
Ná tuigim gur leamhas bheith ag súil le ciall as.
Níor áil liom codladh go socair aon uair dhíobh


L. 27


Gan lán mo stoca do thorthaibh fám chluasa,
Is deimhin nárbh obair liom troscadh le cráifeacht
Is greim ná blogam ní shlogainn trí trátha,
In aghaidh na srotha do thomainn mo léine
Ag súil trém chodladh le cogar óm chéile,
Is minic do chuaigh me ag scuabadh ón stáca,
M'inginí is gruag fán luaithghrís d'fhágainn,
Chuirinn an tsúist fá chúil na gaibhle,
Chuirinn an ramhann go ciúin fán adhairt chúm,
Chuirinn mo chuigíol i gcillín na hátha,
Chuirinn mo cheirtlín i dtine aoil Ránaill,
Chuirinn an ros ar chorp na sráide,
Chuirinn sa tsop fúm tor gabáiste.
Níl cleas acu siúd dá ndúras láithreach
Ná hagrainn cúnamh an Deamhain go láidir.
Is é fáth mo scéil go léir 's a bhrí
Mar táim gan céile tar éis mo dhíchill,
Fáth mo sheanchais fhada, mo phianchreach!
Táim in achrann daingean na mblianta
Ag tarraingt go tréan ar laethaibh liatha,
Is eagal liom éag gan éinne 'om iarraidh.
A Phéarla ó Pharthais screadaim is glaoim ort,
Éiric m'anma ort, aicim thu is éim ort,
Seachain ná scaoil me im shraoill gan aird
Ná im chailligh gan chríoch gan bhrí gan bhláth,
Gan charaid gan chloinn gan choim gan chairde
Ar theallachaibh draighin gan feidhm gan fáilte.
Dara fuil impe, tinte is toirneach!
Dalladh me suíte, maíte im óinmhid,
Sealbh gach só aige rógha gach diú
Is ag ainimh na Fódla as comhair mo shúl.
Tá sumach ag Saidhbh go saibhir sómach,
Murainn i meidhir 's a haghaidh ar a nóchar,
Mór is Mairsile i macnas múchta
Is mórchuid magaidh orthu ag fachnaid fúmsa,
Is giodamach sámh í Sláine is Síle,
Sisile is Áine is ál 'na dtimpeall,
Tuilleadh mar táid do mhná na tíre


L. 28


Is mise mar táim gan tál gan tsíolrach.
Is fada gan feidhm is foighne dhomhsa é,
Lagar 'om leaghadh is mo leigheas im chomhachta
Maille le luibheanna díbhle dreoite
Is arthanna draíochta chloífeas fós dom
Buachaill deas nó gas ghalánta
Is bhuafas ceart a shearc 's a ghrá dhom.
Do chonarc go leor don tsórt dá dhéanamh
Is chuirfinn i gcóir na cóngair chéanna.
Is daingean an cúnamh ag dúbailt daoine
Greamanna dh'úlla is púdar luibheanna,
Magairlín meidhreach, meill na mbualtaibh,
Taithigín taibhseach, toill na tuairte,
Mealla na minseach, claíomh na mbunsach,
An cumainín buí is an draíocht chum drúise,
Duilleabhar dóite ar nós gur rún é
Is tuilleadh dhon tsórt nách cóir a mhúnadh.
B'iongantas muar i dTuamhain le chéile
An bhruinneall so thuas ag buachant céile,
Is d'inis sí dhomhsa, ar ndóigh tré rún,
Um Inid is í pósta ó bhord na Samhan
Nár ibh is nár ól an fóntach fionn
Acht cuile na móna dóite ar lionn.
Is fada me ag foighneamh, faighimse fuascailt,
Seachain ar mhoill me, saighead chum luais é,
Mura bhfuil leigheas dom threighid id chuairdse
Cuirfidh me faghairt i bhfeidhm más cruaidh dom".



PREABANN anuas go fuadrach fíochmhar
Seanduine suarach is fuadach nimhe fé,
A bhaill ar luascadh is luais anáile air,
Draighean is duais ar fuaid a chnámha,
Ba dearóil an radhairc go deimhin don chúirt é,
Ar bord 'na thaibhse im eisteacht dúirt sé:



"DOCHAR is díobháil is síorchrá cléibh ort,
A thoice le místáid 'o shíol gá is déirce.
Is dóch nách iongantas laigeacht na gréine


L. 29


Is fós gach tubaist dár imigh ar Éire,
Mar mheath gach ceart gan reacht gan dlí againn,
Ár mba bhí bleacht gan lacht gan laoigh acu,
Is dá dtagadh níos mó do mhóirscrios tíortha
Is gach faisean dá nócht ar Mhóir 's ar Shíle.
A thoice gan chríoch nách cuimhin le táinte
Olcas na síolrach daoine ó dtáingis,
Gan focal le maíomh id shinsear gránna
Acht lopaigh gan bhrí, lucht míre is mála.
Is aithne dhúinne an snamhaire is athair dhuit,
Gan charaid gan chlú gan chúl gan airgead
'Na leibide liath gan chiall gan mhúnadh,
Gan mheidir gan mhias gan bhia gan anlann,
Gan faice ar a dhrom 's a chabhail gan cóta
Acht gad ar a chom 's a bhonn gan bróga.
Creididh, a dhaoine, dhá ndíoltaí ar aonach
Eisean 's a bhuíon, tar éis íoc gach éilimh,
Dar colann na naoimh ba dícheall muar dho
Pota maith dí lena fhuílleach d'fhuascailt.
Nách muar an tóbhacht 's an gleo i measc daoine
Truaire 'od shórt gan bhó gan chaora,
Búclaí id bhróga is clóicín síoda ort
Is ciarsúir póca ag góil na gaoithe ort,
Dallair an saol go léir led thaibhse,
Is aithnid dom féin tu ar dtaobh le caidhpe.
Is deacair dhom labhairt, do lom is léir dhom,
Is fada do dhrom gan cabhair ón léine,
Is togha drochdhuine do thuigfeadh 'na gá thu
Is feabhas do rufa led mhuinthirle cáimric.
Tá canbhás saor chum sraod go bhásta
Is cá bhfios don saol nach Stays é 'ot fháscadh,
Feiceann an tír ort frinse is fáinne
Is ceileann do laimhinne grís is gága.
Acht aithris ar bord nó inneosad féin é,
An fada nár ól tú deoir led bhéile?
A chonartaigh bhoicht na gcos gan ionladh,
Dochar id chorp le Bucks gan anlann.
Is furas dar liom dod chúl bheith taibhseach,


L. 30


Chonarc lem shúile an chúil 'na loigheann tú:
Garbh ná mín ní síntear fúd ann,
Barrach ná líon dár sníomhadh le tuirne,
Acht mata 'na smuirt gan chuilt gan chlúdadh,
Dealamh gan luid gan phluid gan tsúsa,
I gcomhar bhotháin gan áit chum suí ann,
Sú sileáin is fáscadh aníos ann,
Fiaile ag teacht go fras gan choimse
Is rian na gcearc air trasna scríofa,
Lag ina dhrom is na gabhla ag lúbadh
Is clagarnach dhonn go trom ag tuirlingt.
A Chumainn na bhFáidh nách ard do labhair sí,
Gustalach gálbhach gártha ghabhann sí
I ndathaibh i gcóir 's i gclóca síoda,
Faire go deo arú! fóill cár fríodh é?
Aithris cá bhfaigheann tú an radharc so mhaíonn tú
Is aithris cár thuill tú an leadhb gan bhrí seo?
Is deacair a shuíomh gur fríodh go cóir iad,
Is gairid ó bhís gan síol an orlaigh.
Aithris cá bhfuair tú luach do húda
Is aithris cá bhfuair tú luach do ghúna,
Acht leagaimíd uainn mar ghluais an cóta
Is aithris cá bhfuair tú luach na mbróga?



'AOIBHEALL cheannasach charthanach chomhachtach
Guím thu, gairim thu, freagair is fóir me.
Is fíor gur feasach me farairí Fódla
Suíte greamaithe ag sladairí 'on tsórt seo.
Lámh mo charad! Is aithne dhom comharsa,
Láimh le baile agam, gairid do chóngar,
Buachaill soineanta, srimile sóntach
Is buaileadh duine acu chuige mar nóchar.
Is searbh lem chroí an uair chím im radhairc í,
A gradam, a críoch, a poimp 's a taibhse,
Sealbhach bó aici is eorna ag fás di
Is airgead póca is ór idir lámha aici.
Chonairc me inné í ar thaobh na sráide,
Is cumasach tréan an léire mná í,


L. 31


Malfaire másach mágach magúil,
Marbh le cámas, lán do ladús.
Marach gur claon liom éad do mhúscailt,
Scannal do scéamh ná scéalta scrúdadh,
B'fhurast dom insint cruinn mar chuala
An cuma 'na mbíodh sí sraoillte suaite
Stracaithe ar lár is gáir 'na timpeall,
Caite ar an sráid nó i stábla sínte.
Mairfidh a tásc is tráchtfar choíche
Ar mharbhna, ar cháil, ar gháir a gníomhartha
In Íbh Breacáin an aráin 's an fhíona,
I dTíortha 'Calláin na mbánta míne,
Ag ísle is ársa Mháinse is Inse,
Chill Bhreacáin, an Chláir is Chuinche,
Ag consaigh ainmhí Thradaí an phónra
Is fionsaigh fhalchaí Chreatlaí an chorda.
Faire ba claon í tar éis a ndúirt me,
Ghlacfainn gur saor í féna cionta,
Acht bheirim don phláigh í lá mar chínn í
Leagaithe láimh le Gáras sínte,
Caite ar an ród gan orlach fúithi
Ag gramaisc na móna ar bhóithre Dhúire.
M'iongantas ann os cheann mo chéille
Is crithim go fann le scanradh an scéil seo,
Ise bheith seang nuair theann gach éinne í
Is druidim le clann nuair shantaigh féin é.
Is mór na grásta é ag rá na mbriathra,
Nóimint spáis níor ghá le hiarraidh,
Ó léadh ar bord di os comhair na coinnle
An tEgo Vos so d'ordaigh Íosa,
Gur shéid sí lacht go bleacht 'na cíochaibh
Acht naoi mí beacht is seachtmhain chinnte.



BREATHAIN gur baol don té tá scaoilte
Ceangal go héag fá thaobh don chuing seo,
I sealbh gach saoth is éad dá shuaitheadh,
In aisce, mo léan, mo léann ní bhfuair me.
Is feasach don taobh seo 'on tsaol mar bhí me


L. 32


Sealad dom réim 's dom laethaibh roimhe seo,
Leitheadach láidir lán do shaibhreas,
Eisteas le fáil is fáilte im theaghlach,
Caraid i gcúirt is cúnamh dlí agam
Ceannas is clú agus comhar na saoithe,
Tathag im chaint is suim is éifeacht,
Talamh is maoin ag suíomh mo chéille,
M'aigne síoch is m'intinn sásta,
Chailleas le mnaoi mo bhrí is mo shláinte.
Ba taitneamhach leabhair an crobhaire mná í,
Bhi seasamh is com is cabhail is cnámha aici,
Casadh 'na cúl go búclach trilseach,
Lasadh 'na gnúis go lonrach soilseach,
Cuma na hóighe uirthi is só ina gáire
Is cuireadh ina cló chum póige is fáilte.
Acht chreathas le fonn gan chonn gan chairde
Ó bhaitheas go bonn go tabhartha i ngrá dhi.
Is dearbh gan dabhta ar domhan gur díoltas
Danartha donn, dom thabhairt ar m'aimhleas,
d'fhearthain go trom, ar bhonn mo ghníomhartha,
Ó fhlaitheas le fonn, do lom 'na líon me.
Do snamanadh suíte snaidhm na cléire
Is ceangladh sinn i gcuing re chéile,
Ghlanas gan chinnteacht suim gach éilimh
Bhaineas le baois gan ghaois an lae sin.
Cothrom go leor, níor chóir me cháineadh,
Stopas an gleo bhí ag cóip na sráide,
Bacaigh go léir, bhí an cléireach sásta,
An sagart ró-bhaoch is b'fhéidir fáth leis.
Lasamair toirse is comharsain cruinn ann
Is leagadh ar bordaibh mórchuid bídh chúinn,
Clagarnach cheoil is ól gan choimse
Is chaitheadar cóisir mhórtach mhaíteach.



MO DHÍTH gan easpa nár tachtadh le bia me
An oíche baisteadh nó as sin gur iarr me
Síneadh ar leabain le ainnir do liath me
Is scaoil le gealaigh gan charaid gan chiall me.


L. 33


Is é tásc do gheobhainn ag óg 's ag aosta
Gur breallán spóirt ag ól 's ag glaoch í
I mbotháin ósta is boird dá bpléascadh,
Ar lár 'na lóiste ag pósta is aonta.
B'fhada dhá mheilt a teist 's a tuairisc,
B'fhada gur chreid me a bheag ná a mhuar dhe,
B'eaglach le gach beirt dá gcuala é
Go rachainn im pheilt im gheilt gan tuairisc.
Fós ní ghéillfinn, caoch mar bhí me,
Do ghlór gan éifeacht éinne mhaígh é,
Acht magadh nó greim gan feidhm gan chéill
Gur aithris a broinn dom deimhin gach scéil.
Níor chúrsaí leamhais ná durdam bréige é,
Dúirt bean liom go ndúradh léithi é,
Acht labhair an bheart i gceart 's in éifeacht -
Bhronn sí mac i bhfad roimh ré orm.



MO SCANRADH scéil, gan féith 'om chroí air,
Clann dá dtéamh dhom tar éis na hoíche,
Collóid anfach ainigí scólta,
Bunóc ceangailte is bean an tí breoite,
Posóid leagaithe ar smeachaidí teo acu,
Cuinneog bhainne dhá greadadh le fórsa
Is mullach ar láinmhiais, báinbhia is siúicre,
Ag Murainn Ní Cháimliath, báinlia an chrúca.
Bhí coiste cruinnithe ag tuilleadh dom chomharsain
Chois na tine is ag siosarnach dhomhsa
Scaoilid cogar i bhfogas dom eisteacht -
"Míle moladh le Solas na Soilse,
Bíodh nách baileach a d'aibigh an chré seo
Chímse an t-athair 'na sheasamh 'na chéadfa,
An bhfeiceann tú, a Shaidhbh 'rú, loigheamh a ghéaga
A dheilbh gan droinn, a bhaill 's a mhéaraibh,
Cumas na lámh ba dána doirne,
Cuma na gcnámh is fás na feola?"
Cheapadar cruinn gur shíolraigh an dúchas
Maise mo ghnaoi agus íor mo ghnúise,
Feilleadh mo shrón is glónradh m'éadain,


L. 34


Deiseacht mo chló, mo shnó agus m'féachaint,
Leagadh mo shúl is fiú mo gháire
Is as sin do shiúil ó chúl go sála é.



AMHARC ná radhairc ní bhfaighinnse 'on chréice,
"Is baileach gan leigheas do mhillfeadh gaoth é",
Ag cuideachta an teaghlaigh i bhfeighil mo chaochta,
"Siolla dhá laghad di leaghfaidh an créatúir".
Do labhras garg is d'agras Íosa,
Is stollta garbh do bhagras gríosach,
d'fhógras fearg le ainbhios cainte
Is dóch gur chreathadar cailleacha an tí romham.
Ar leisce an achrainn leagadar chúm é,
"Beir go haireach air, seachain ná brúigh é,
Is furas é shuaitheadh, luaisc go réidh é,
Turraing do fuair sí ruaig roimh ré é,
Seachain ná fáisc é, fág 'na loighe é,
Is gairid an bás do is gearr do raghaidh sé,
Dá maireadh go lá idir lámha ina chló,
Is an sagart ar fáil, níorbh fhearr a bheith beo".
Do bhaineas an tsnaidhm dá chuibhreach cumhdaigh,
Bhreathain me cruinn é sínte ar ghlún liom,
Amuaireach, d'airigh me tathagach tamhanda é,
Fuair me feargach fearsadach lúfach,
Láidir leathan mo leanbh 'na ghuaille,
Sála daingeana is an-chuid gruaige air,
Cluasa cruinnithe is ingní fásta,
Chruadar a uilleanna, a chroibh is a chnámha,
d'aibigh a shúile is fiú a pholláirí
Is d'airigh me a ghlúine lúfach láidir,
Coileán cumasach cuisleannach córach,
Folláin fulangach fuinneamhach feolmhar.



SCREADAIM go hard le gáir na tíre
Is leagaim dod láthair cás na ndaoine,
Breathain go caoin is bí truamhéileach
Beannaibh a gcinn is suim a gcéille.
Athraigh an dlí seo, cuing na cléire,


L. 35


Is ainic an bhuíon nár fríodh sa ngéibheann.
Má lagaigh an síolrach díonmhar daonna
I dtalamh dath-aoibhinn fhíorghlas Éireann,
Is furas an tír d'athlíonadh 'o laochaibh
d'uireasa a nguí gan bhrí gan éifeacht.
Ca bhfuil an gá le gáir na bainse,
Cartadh biotáille is pá lucht sainte,
Sumaigh ar bord go fóiseach taibhseach,
Glugar is gleo acu is ól dá shaighdeadh
Ó d'aibigh an t-abhar do bhronn Mac Dé
Gan sagart ar domhan dá dtabhairt dá chéile?
Is leathanmhar láidir lánmhear léadmhar
Fairsing le fáil an t-álbach saor seo.
Is minic do chímse bríomhar borrtha
Cumasach líonta i gcroí 's i gcóir iad,
Créim ní fheicim ná doille ná caoiche
I léim ar leithre dár hoileadh ó mhnaoi ar bith,
Is mó is is mire is is teinne is is tréine
I gcló is i gclisteacht ná dlisteanaigh éinne.
Is furas a luaimse d'fhuascailt suíte
Is duine acu an uair seo ar fuaid an tí seo.
An bhfeiceann tú thall go ceansa ciúin é?
Deisigh anall i dteannta an bhuird é,
Breathain go cruinn é, bíodh gurab óg é,
Is dearfa suíte an píosa feola é,
Is preabaire i dtoirt i gcorp 's i gcnáimh é
Ca bhfuil a locht i gcois ná i láimh dhe?
Ní seirgtheach fann ná seandach feosach,
Leibide cam ná gandal geoiseach,
Meall gan chumadh ná sumach gan síneadh é
Acht lansa cumasach buinneamhach bríomhar.
Ní deacair a mheas nách spreas gan bhrí
Bheadh ceangailte ar nasc, ar teasc ag mnaoi,
Gan chnáimh gan chumas gan chuma gan chom
Gan ghrá gan chumann gan fuinneamh gan fonn
Do scaipfeadh i mbroinn aon mhaighre mná
Le catachas draighean an groighire breá,
Mar chuireann sé i bhfeidhm gan mhoill gan bhréig


L. 36


Le cumas a bhaill 's le loigheamh a ghéag
Gur crobhaire é crothadh go cothrom gan cháim
Le fonn na fola is le fothrom na sláinte.



LEIS sin ná iarrsa a Riagain réaltach
Meilleadh mar iad le riail gan éifeacht,
Scaoil a chodladh gan chochall gan chuibhreach
Síol an bhodaigh 's an mhogallfhuil mhaíteach,
Scaoil fá chéile do réir nádúra
An síolbhach séad 's an braon lábúrtha,
Fógair féilteach tré gach tíortha
d'óg is d'aosta saorthoil síolraigh.
Cuirfidh an dlí seo gaois i nGaelaibh
Is tiocfaidh an brí mar bhí ina laochaibh,
Ceapfaidh sé com is drom is doirne
Ag fearaibh an domhain mar Gholl Mac Morna,
Gealfaidh an spéir, beidh éisc i líonta
Is talamh an tsléibhe go léir fá luibheanna,
Fir agus mná go brách dá bhíthin
Ag seinm do cháil le gardas aoibhnis".



TAR ÉIS bheith tamall don ainnir ag eisteacht
Léim 'na seasamh go tapa gan foighne,
Labhair sí leis agus leise 'na súile
Is rabhartaí feirge feille aici fúthu.



"DAR CORÓIN na Carraige marach le géilleadh
Dhod chló dhod ainnise is d'easnamh do chéille
Is d'am na hurraime 'on chuideachta shéimh seo
An ceann lem ingin do sciobfainn dod chaolscrog,
Do leagfainn anuas do thuairt fán mbord tu
Is b'fhada le lua gach cuaird dá ngeobhainn ort,
Stróicfinn sreangaibh do bheatha le fonn ceart
Is sheolfainn t'anam go Acheron tonntach.
Ní fiú liom freagra freastail do thabhairt ort,
A shnamhaire fleascaigh nách aithis do labhartha,
Acht neosad feastain do mhaithibh na cúirte
An nós ar cailleadh an ainnir nárbh fhiú thu.


L. 37


Do bhí sí lag gan ba gan puntaibh,
Bhí sí i bhfad gan teas gan clúdadh,
Cortha dá saol ar strae dhá seoladh
Ó phosta go piléar gan gaol gan cóngas,
Gan scíth gan spás do lá ná dh'oíche
Ag stríocadh an aráin ó mhná nár chuí léi.
Do gheall an fear seo dreas socúil di,
Gheall an spreas di teas is clúide,
Cothrom glan is ba le crú dhi
Is codladh fada ar leabain chlúimh di,
Teallaí teo agus móin a daoithin
Is ballaí fód gan lóithne gaoithe,
Fothain is díon ón sín is ón spéir di
Is olann is líon le sníomh chum éadaigh.
Do b'fheasach dhon tsaol 's don phéist seo láithreach
Nách taitneamh ná téamh aon phioc grá dho
Cheangail an péarla maorga mná so,
Acht easnamh go léir, ba déirc léi an tsástacht.
Ba dubhach an fuadar suairceas oíche,
Smúit is ualach, duais is líonadh,
Lúithní lua agus guaille caola
Is glúine crua comh fuar le oighre,
Cosa feoite dóite ón ngríosaigh
Is colann bhreoite dhreoite chríonna.
An bhfuil stuaire beo ná feofadh liath
Ag cuail dá shórt bheith pósta riamh
Nár chuartaigh fós fá dhó le bliain
Cé buachaill óg í, feoil nó iasc,
'S an feoiteach fuar seo suas léi sínte
Dreoite duairc, gan bhua gan bhíogadh?
Óch, cár mhuar dhi bualadh bríomhar
Ar nós an diabhail de uair gach oíche.
Ní dóch go dtuigir gurb ise ba chiontach
Ná fós go gclisfeadh ar laige le tamhandacht,
An maighre mascalach carthanach ciúintais,
Is deimhin go bhfeaca sí a mhalairt do mhúnadh.
Ní labharfadh focal dá mb'obair an oíche
Is thabharfadh cothrom do stollaire bríomhar,


L. 38


Go brách ar siúl níor dhiúltaigh riamh é
Ar chnáimh a cúil 's a súilibh iata.
Ní thabharfadh preab le stailc mhíchuíosach,
Fobha mar chat nó sraic nó scríob air,
Acht í go léir 'na slaod comh sínte
Taobh ar thaobh 's a géag 'na thimpeall,
Ó scéal go scéal ag bréagadh a smaointe
Béal ar bhéal 's ag méaracht síos air.
Is minic do chuir sí a cos dtaobh anonn de
Is chuimil a brush ó chrios go glún de,
Sciobadh an phluid 's an chuilt dá ghúnga
Ag spriongar 's ag sult le moirt gan subhachas.
Níor chabhair di cigilt ná cuimilt ná fáscadh,
Fobha dá hingin, dá huilinn ná a sála,
Is nár dom aithris mar chaitheadh sí an oíche
Ag fáscadh an chnaiste 's ag searradh 's ag síneadh,
Ag feacadh na ngéag 's an t-éadach fúithi,
A ballaibh go léir 's a déid ar lúthchrith,
Go loinnir an lae gan néall do dhubhadh uirthi
Ag imirt ó thaobh go taobh 's ag únfairt.



NÁCH FURAS don lobhar so labhairt ar mhná
Is gan fuinneamh 'na chom ná cabhair na chnámha.
Má d'imigh an mhodhamhail bhí trom 'na ghá
Is gur deineadh an fhoghail seo, gabhaimse a páirt.
An bhfuil sionnach ar sliabh ná iasc i dtráigh
Ná fiolar le fiach ná fiaigh le fán
Comh fada gan chiall le bliain ná lá
Do chaitheamh gan bia 's a bhfiach le fáil?
An aithnid díbh féin sa tsaol so cáil
An t-ainmhí claon ná an féithid fáin
Do phiocfadh an chré ná an fraoch ná an fál
Is fiorthann go slaodach is féar le fáil?
Aithris gan mhoill, a chladhaire chráite,
Freagair me, faighimse feidhm id ráite.
Ca bhfuil do dhíth ag suí chum béile
Ar caitheadh le mí aici i dtíos na féile?
An laigede an chúil nó an lúide an láithreach


L. 39


Fiche milliún má shiúil le ráithe ann?
Mairg id cheann, a sheandaigh thamhanda,
An eagal leat ganntan am do dhúla?
An dóch, a ghliogaire buile, gur baol leat
Ól na Sionainne tirim nó a taoscadh,
Trá na farraige is tarraingt an tsáile
Is clár na mara do scaipeadh le scála?
Breathain in am ar leamhas do smaointe
Is ceangail do cheann le banda thimpeall,
Seachain i dtráth, ná fág do chiall
Le eagla mná bheith fáilteach fial;
Dá gcaitheadh sí an lá le cách dá riar
Bheadh tuilleadh is do sháithse ar fáil 'na ndiaidh.
Mo chumha, mo chrá, ba bhreá sin éad
Ar lúbaire láidir lánmhear léadmhar,
Shantach sháiteach shásta sheasmhach,
Ramsach ráflach rábach rabairneach,
Lascaire luaimneach, cuartóir coimseach,
Balcaire buan nó buailteoir bríomhar,
Acht seanduine seanda cranda créimeach,
Feamaire fann is feam gan féile.



IS MITHlD dom chroí bheith líonta 'o léithe
Is m'iongantas trí gach smaointe baotha,
Cad do bheir scaoilte ó chuibhreach céile
In eaglais sinsir suim na cléire?
Mo chrá gan leigheas, mo threighid 'om fháscadh,
Is láidir m'fhoighne is laghad mo ráige,
Is méad a mbíom ar díth gan éinne
Is mian ár gcroí fá shnaidhm na héide.
Nách bocht an radhairc do mhaighdin ghrámhar
Toirt is taibhse a mbaill, 's a mbreátha,
Bloscadh a n-aghaidh agus soilse a ngáire,
Corp is coim is toill ar táimhchrith,
Úireacht, áilleacht, bláth is óige,
Ramhadas cnámh is meáchant feola,
Martas trom is drom gan suaitheadh,
Neart gan dabhta is fonn gan fuaradh.


L. 40


Bíonn sealbh gach só acu ar bhord na saoithe,
Earra agus ór chum óil is aoibhnis,
Clúimh chum loighe acu is saill chum bídh acu,
Plúr is milseacht, meidhir is fíonta,
Is gnáthach cumasach iomadach óg iad
Is tá 'fhios againne gur fuil is gur feoil iad.
Cumha ní ghlacfainn le cafairí coillte,
Snamhairí galair ná searraigh gan soilse,
Acht marlaí bodacha, tollairí tréana
I dtámhaíl chodlata is obair gan déanamh.



CREIDIM gan bhréig gur mhéin le roinnt díobh
Feilleadh le féile, daor ní bheinnse,
Cothrom ní cóir an t-ord le chéile
Chrochadh le corda, ghóil ná dhaoradh,
Bás na droinge go deimhin ní ghráfainn,
Lán na loinge chum duine ní bháfainn.
Cuid acu bíodh gur ríocaigh riamh iad
Is cuid acu bhíos gan ríomh gan riail leo,
Cinntigh chrua gan trua gan tréithe,
Fíochmhar fuar is fuath dho bhéithe.
Tuilleadh acu tá níos fearr ná a chéile
Tuilte le grá is le grásta féile;
Is minic a buaitear buaibh is gréithe
Cuigeann is cruach do chuaird na cléire,
Is minic lem chuimhne maíodh a dtréithe
Is iomad a ngníomhartha fíorghlic féithe,
Is minic do chuala ar fuaid na tíre
Siosarnach luath dá lua go líonmhar
Is chonairc me taibhseach roinnt dá ramsa
Is uimhir dhá gcloinn ar shloinnte falsa.
Baineann sé fáscadh as lár mo chléibhse
A gcaitear dá sláinte ar mhná treasaosta;
Is turraing sa tír chum díth na mbéithe
Ar cuireadh gan bhrí dhon tsíolrach naofa,
Is dealamh an diachair dianghoirt d'Éire
Ar chailleamair riamh le riail gan éifeacht.
Fágaim fúdsa, a chnú na céille,


L. 41


Fáth na cúise is cumha na cléire,
Is meallta millte loighid dom dhóighse,
Is dall gan radharc me soilsigh m'eolas.
Aithris ós cuimhin leat caint na bhfáidhe
Is abstail an Rí ba bhíogthach ráite,
Ca bhfuil na comhachta d'ordaigh an dúla
Is calcadh na feola i gcoróin na cumha seo?
Pól dar liom ní dúirt le éinne
An pósadh dhiúltadh acht drúis do shéanadh,
Scaradh led ghaol, dá mhéid do ghnaoi,
Agus ceangal led shaol is claobh led mhnaoi.
Is obair gan bhrí do mhnaoi, mar táimse,
Focail an dlí seo shuíomh dhod láthair,
Is cuimhin leat féin, a phéarla, an Taibhse,
Suíomh gach scéil is léir dhuit soilseach,
Binnghuth buan is bua na mbréithre
Is caint an Uain ná luafar bréagach,
Dia nárbh áil leis máthair aonta
Is riail gach fáidhe i bhfábhar béithe.



GUÍM go hard tu, 'fáidhbhean tsíthe,
A shíolrach neámhdha 'o bharr na ríthe,
A shoilse glóire, a choróin na sluaite,
Eist lem ghlórsa, fóir is fuar dhúinn.
Meáigh an t'intinn díth na mbéithe
Is práinn na mílte brídeach aonta
Is toicibh mar táid ar bhráid a chéile
Ag borradh is ag fás mar ál na ngéanna.
An t-ál is lú atá ag siúl na sráide,
Garlaigh dhubha tá giúnnach gránna,
An aga dá laghad má gheibhid a ndóthain
Glasra, meidhg is bleaghdair, borrfaid
d'urchar nimhe le haois gan éifeacht,
Tiocfaidh na cíocha, scinnfid, scéithfid.
Scalladh mo chléibh, is baoth mo smaointe
Ag tagairt ar chéile i gcaorthaibh tinte,
Is deacair dhom súil le subhachas d'fháil
Is gan fear in aghaidh triúir sa Mumhain dá mná.


L. 42


Ó tharla an ceantar gann seo gámhar,
Fáintibh fann 's an t-am seo práinneach,
Fódla folamh is fothrom ag fiaile
Is óige an phobail ag cromadh is ag liathadh,
Aonta fada go dealamh ná foighnigh
Dh'éinne ar thalamh is fear éigin faighimse,
Ceangail i dtráth go tláith fán úim iad
Is as sin go brách acht fágthar fúinne iad".



D'EIRGHE an mhánla ar bharr an bhinse,
Shoilsigh an lá is an áit ina timpeall,
B'álainn óg a cló is a caoindreach,
B'ard a glór, ba bheo is ba bhíogthach,
d'fháisc a doirne is d'ordaigh deimhneach
Báille ar bord ag fógairt Silence,
Dúirt a béal bhí ag séideadh soilse,
An chúirt go léir go faon ag eisteacht:



"GHEIBHIMSE díreach brí chum buaite
Is feidhm id chaintse, a bhrídeach bhuartha,
Chím 's is dóch gur dóite an radharc liom
Síolrach Órla, Mhóire is Mheidhbhe,
An seifteoir caol 's an créatúir cladhartha
An ceisteoir claon 's an déirceoir daigheartha,
Sú na táire is tál na coimse
Ag súil le sárfhuil sámh na saoithe.
Achtaimíd mar dhlí do bhéithe
An seacht fó thrí gan cuibhreach céile
Tharraingt ar cheann go teann gan trua
Is a cheangal don chrann seo i dteannta an tuama.
Bainigí lom de a chabhail 's a chóta
Is feannaigí a dhrom 's a chom le corda.
'On chuid acu tharla báite i mblianta
Is cheileann go táir an tairne tiarpa,
Chuireas amú gan subhachas d'éinne
Buile na hútha is lúth a ngéaga,
Mheilleas a gcáil is fáil ar mhnaoi acu
Ag feitheamh gan fáth ar bharr na craoibhe,


L. 43


Fágaim fúibhse tionscailt páise,
A mhná na dúla, dubhadh le dálgas,
Ceapaigí fíornimh tinte is tairnibh,
Caithigí smaointe is intleacht mná leis,
Cuiridh bhur gcomhairle i gcomhar le chéile
Is tugaimse comhachta an fórsa dhéanamh,
Bheirim gan spás díbh páis na gciantach
Is beag liom bás gan barrghoin pian dóibh.



NÍ CHUIRIMSE i bhfáth 'o bharr mo chainte
An foirfeach fálta cáslag cloíte,
An gabhal gan gotha ná an gola gan geall suilt,
Toll gan toradh ná an tormach falsa,
Acht léigthear an óige i gcóir chum síolraigh
Is déanadh an sórt seo clóca is díon dóibh.
Is minic do chímse righinsigh bhaotha
Ag tuitim le tíos is bímse baoch dhíobh,
Gofa le mná do lá agus d'oíche
Ag cosnamh a gcáil 's ar scáth a ngníomhartha,
Ag seasamh 'na bhfeighil 's a bhfeidhm go fálta,
A n-ainm ar chloinn is bheinnse sásta.



CHUALA siolla is do cuireadh i bhásta é,
Is fuath liom baineannach iomadach ráiteach,
Labhair go réidh is glaoigh go híseal,
Bas ar do bhéal is baol bheith cainteach.
Seachain go fóill na comhachtaigh íogmhar
Is caithfid siad pósadh fós pé chífeas,
Tiocfaidh an lá le lánchead comhairle
Is cuirfidh an Pápa lámh na gcomhacht air,
Suífidh an chuideachta ar thubaist na dtíortha
Is scaoilfear chugaibh fá urchall cuibhrigh
Fiantas fola agus fothrom na feola
Is mian bhur dtoile, na tollairí teo so.
Aon duine eile dár hoileadh ó mhnaoi ar bith,
Léigh a ndeirim is feicim do bhíogadh,
Ar shlí mo chumais ná fuiling i gcaoi ar bith
Sraoill gan urraim ná Murainn i mbríste,


L. 44


Acht leanaig sa tóir na feoitigh liatha
Is glanaigí Fódla ón sórt so fiaile.



CAITHFEADSA gluaiseacht uaibh chum siúil,
Is fada mo chuairdse ar fuaid na Mumhan,
An turas tá romham ní fhónann moill do
Is iomad dom ghnó anso fós gan eisteacht.
Casfaidh me arís 's is fíor nách fáilteach,
d'fhearaibh nách binn mo thíocht don áit seo.
An chuid acu atá go táir 'na smaointe,
Foireann nách foláir leo a gcáil bheith sínte,
Mhaíos le fothrom a gcothrom ar bhéithe,
chífe an pobal a gcogar 's a sméideadh.
Is taitneamhach leo is is dóil gur laochas
Scannal na hóige pósta is aonta,
Mian a dtoile ní sporann a gcionta,
Bréantas fola ná borradh na drúise,
Taitneamh don ghníomh ná fíoch na féithe
Acht magadh na mílte ag maíomh na n-éachta.
Ní saint dá só bheir leo na céadta
Acht caint is gleo agus mórtas laochais,
Mustar is ábhacht is ráig gan riail
Is a gcumas go tláith gan tál gan triall,
Go tuisealach tarrlag támh 'na n-iall
Is cuthach le gá ar a mná ina ndiaidh.
Glacfad go réidh an méid seo láithreach,
Caithfidh me géilleadh 'o mhéid mo phráinneach,
Cuirfidh me an bhuíon so i gcuing 's in úim
Nuair thiocfaidh me arís sa mí seo chúinn".



DO BHREATHAIN me cruinn an ríbhean réaltach,
Lagaigh mo chroí le linn bheith réidh dhi,
d'airigh me dásacht ghránmhar éigin
Is pairithis bháis im chnámha is im chéadfa,
Chonairc me an tír 's an tíos ar luascadh
Is fuinneamh a cainte ag rince im chluasa.
Tagann an bíoma bíogthach báille
Is leathain mo líthe ar shíneadh a láimhe,


L. 45


Tharraing ar chluais go stuacach storrtha
Stracaithe suas léi ar uachtar boird me.
Preabann an báb so chráigh an t-aonta,
Greadann a lámha is is ard do léim sí,
Is aibigh adúirt, "a chrústa chríonna,
Is fada me ag súil led chúlsa chíoradh.
Is minic do slaíodh thu, a chroí gan daonnacht,
Is mithid duit stríocadh 'o dhlí na mbéithe.
Cosaint cá bhfaighidh tú in aghaidh na cúise?
Focal níor thuill tú a leadhb gan lúthchlis.
Ca bhfuil do shaothar saor le suíochant?
Ca bhfuil na béithe baoch dod ghníomhartha?
Breathainse a bhaill seo, a mhaighdean mhaorga,
Ainimh ní bhfaighimse mhill ar bhéithe é,
Breathain go cruinn a ghnaoi is a ghéaga
Ó bhaitheas a chinn go boinn a chaolchos.
Bíodh gurb ainmheach an-mhíchumtha é
Chímse ceangailte a bharra gan diúltadh,
Gile ní ghráfainn, b'fhearr liom buí é,
Is cuma na gcnámh ní cháinfinn choíche.
Duine a mbeadh dronn 'na dhrom is fána -
Is minic sin togha fir cromshlinneánach,
Is minic sin gambach lansa gníomhach
Is ioscada cam ag strampa bríomhar.
Is fáthaibh foilitheach uireaspach éigin
d'fhág an doirfeach foirfe in aonta
Is méid a cheana idir mhaithibh na tíre,
A réim le sealad i gcaradas daoine
Ag seinm ar cheolta, spórt is aoibhneas,
Imirt is ól ar bhord na saoithe
I gcomhar na foirinne fuineadh as féile -
An snamhaire! b'fhurus dom urraimse ghéilleadh.
Is taibhseach taitneamhach tairbheach tréitheach
Meidhreach meanmnach a ainm 's is aerach.
Ainmhí 'od shórt níor ordaigh an Tiarna
Geanmnaí fós i gcóngar liaithe,
Creathaim go bonn le fonn do dhaortha
Is gairid an chabhair do labhartha baotha,


L. 46


Is coir mós díreach, suíte an t-éadan,
Deich fó thrí gan cuibhreach céile.



EISTIG liomsa, a chlú na foighne,
Faighimse cúnamh i gcúis na maidhme,
An crá is an dúla mhúch gan bhrí me,
A mhná na muirne, is rún liom íoc air.
Cúnamh adeirim libh, beirig air, tóg é,
'Úna, goirim thu is faigh dhom an corda,
Ca bhfuil tú, 'Áine, ná bí ar iarraidh,
Ceangailse, a Mháire, a lámha ar dtaobh thiar dhe,
A Mhurainn, a Mheidhbh, a Shaidhbh 's a Shíle,
Cuirigí i bhfeidhm le daighearthaibh díocais
Barr gach scóla d'ordaigh an tsíbhean,
Báidh sa bhfeoil gach corda snaidhmeach,
Tomhais go fial na pianta is crua
Le tóin 's le tiarpa Bhriain gan trua ar bith,
Tóg na lámha is ardaigh an sciúirse,
Is sómpla sámh é, a mhná na muirne,
Gearraigí doimhin, níor thuill sé fábhar,
Bainigí an leadhb ó rinn go sáil de,
Cloistear a chlinn i gcríochaibh Éibhir
Is critheadh a gcroí insna críontaigh aonta.



IS CIALLMHAR ceart an t-acht é, sílim,
Bliain an aicht seo is ceart é scríobh dhúinn,
Réitigh, ceil nó goid, do sceimhle,
Céad is deich fó leith as míle,
Dúbail ceart an freastal fuílligh,
Is thuirling mac an tseachtmhain roimhe sin".
Glacann sí an peann 's mo cheann so suaite
Ar eagla m'fheannta is scanradh an bhuailte,
An aga do bhí sí ag scríobh an dáta
Is maithibh an tí aici suíte ar gardain,
Scaras lem néall, do réidheas mo shúile
Is phreabas, do léim, ón bpéin im dhúiseacht.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services