CINNLAE AMHLAOIBH UÍ SÚILEABHÁIN
1834
MI GIONBHAIR - Gach la line. An cead la .i. la 'anodlag
beag .i. dia ceadaoin .i. la an Timchiollghearradh. - Creidim
gur air an la so glaodhaid na Ciaruighig "la Coilleadh";
oir is ionnan coilleadh agus gearradh no timchiollgearradh.
La breag speirghorm geal greine, gan neal gan ceo, d'eis
mochmhaidin agus oidhche ceathanach: gaoth geur aniar: beagan
sneacta air mullach Suidhe Finn, agus ar maoilin Sleibh na
mBan Fionn: oidhce breagh reultsolais.
An dara la .i. diardaoin. Maidin geal greine seaca
leithe: leacoidhre deachmadh-ordlach air tiubhact ar locanaibh
Faithce-an-Aonaigh: sneachta air mullach Sleibh na mBan,
agus air mullaighibh na cCumarchadh: ceo tana ar sleibhtibh
soir is thuadh: gaoth geur aniar ndeas: is gearr seasocas
an siocán so, oir "is teo siolla don gaoth andeas na teine
ceap a domhain."
An treas la .i. dia haoine. Maidin tromnealtac: braon
a mbeal na gaoithe aniar: meadhon lae agus trathnona
ceathanach tromnealtach: oidhce dorcha. - "Do goir Dia
don tsolas LA, agus don dorchadas do ghoir se OIDHCE, agus
do budh e an Noin agus an maidin - an cead La. Do rinne
Dia dha locrann mhóra: an lochrann as mo do riaghladh an
laoi (.i. an grian), agus an lochrann as lugha do riaghladh na
h-oidhche" (.i. an gealach): as so is iontuigthe gur o eirghighe
greine go luidhe greine an La, agus o luidhe greine go h-eirghighe
greine an oidhce: acht bionn solas na greine againn roimhe
a h-eirghighe, agus d'eis a luidhe, agus air an solas so goirthear
eadarsholas .i. briseadh an lae, breacadh an lae, faithinne an
lae, cead camaoir an lae, cronughadh lae, etc.; acht goirthear
La ar la-go-noidhce. Da brigh sin cuimhneadh la na sábóide
go naomhthocha e, agus a ndeire na saboide an tan do soillsig
an cead la don tseachtmuinn.
An ceathramha la .i. dia satharn. La tromnealtach tirm:
gaoth ciuin aniar.
An cuigmheadh la .i. dia domnach. La tromnealtach tirm:
aoth ciuin aniar.
An seiseadh la .i. luan na mban maith .i. la cinn da la dheag
na Nodlag .i. la saoire. La tromnealtach tirm: gaoth ciuin
andeas. Is tais ur gach nidh anois. Ta an bagún ag bogadh
san deatachán, agus an ladrae mar an cceadna: sugh sileain
agus fasgadh anios ann gach bothán: deire laoi fearthanna.
d'iontódh an gaoth andeas chum anfa aniar um urthosach oidhce
le fearthumn fuar: oidhce comh dorcha le Poll a' Phuca:
grathain no brusgar no dailtinighe an baile ag bualadh a cheile.
An seachtmhadh la .i. dia mairt. Maidin, meadhon lae agus
trathnona tirm speirghorm geal greme: deire laoi ceofrain
nealtach: gaoth ciuin andeas: oidhce com dubh le Poll a'
Pucha, agus siorfearthanna le anfa andeas go ham codlata,
an tan do ciunadh an anfa, agus do stad an fearthuinn.
An t-octmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach
speirghorm geal greine seaca leith, leicin oidhre ar lochanaibh:
meadhon laoi agus trathnona cium ceo: gaoth aniar ttuadh:
oidhche dorca. - Fuair an t-Ath. Seamus Henebeire bas
obann ar maidin andiu ag eirghighe do.
An naomhadh la .i. diardaoin. Maidin agus meadhon lae
siorfheartanna: trathnona tromnealtach soinninne: oidhce
ciuin realtsolais: gaoth ciuin andeas.
An deichmhadh la .i. dia haoine. Maidin agus meadhon lae
tromnealtach siorfearthanna: gaoth ciuin andeas: trathnona
soinninne, sraidshalach. Cuireadh an t-Athair Seamus Heineabuire
andiu, noch d'eug go hobann de bhidhg, pleisc-bhéim
.i. tinneas obann, noch a bheanann a meamhar sa mothughadh
agus go minic, an t-anam as duine. An t-ochtmhadh la, .i.
maidin dia céadaoin, d'eis eirghighe as a leabainn do, an
tan do crom se air a eadaigh do cur air, do thuit se na phleist
air an urlar gan urlabhra, nior chualadh aoinneach a thuitim,
agus bhí se fuar marbh, sul do taineadh ollamh-leagha Ceiting
chuige. Ta óg is sean, mor is mion ag gol is ag eigheamh na
dhiaidh. Taid leinibh beaga an bhaile ag caoi go craite os
cionn a uamha san seipeal; oir ba leanbuidh ceansa caoin
caomh cumhra an sagart na measg e. Ba flaitheamhail fial
ag a bhord fein agus ba meaghrach meanmnach an cuideacta
e, agus dob uras a shasughadh an airgid, cia go ndeirthear
go raibh morán airgid aige: go ndeanadh Dia mor uile comactac
trocaire air a anam, agus go mbeiread leis go
cathair na gloire go suthain é nó í!
An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin aoibhin
aorach nealtana geal greine: gaoth ciuin aniar: meadhon
lae agus trathnona breagh nealtana soininne: gaoth ciuin
andeas. Is mor theasduigheann aimsir breagh tirm, oir ata
an tir tuilteadh, agus an criadh bhuidhe ag buinniughadh anios
tre sraideanna salacha Callainn-a' Clampuir; agus, ma
ba Callainn-a'-Clampuir ariamh e, is eadh anois e; oir ata
da dhrong mallaighthe air da thaoibh Amhain-a'-Righ ag caitheamh
cloch le ceile gach aon oidhce domhnaigh agus saoire .i.
"Carabhataigh" air an taobh theas, go h-airighthe thimchioll
Faithce an Aonaigh agus Sraide-a-Fatha agus Sraide-an-
Mhuillinn agus Sraide-a'-Ghorain; agus na
"Seanbheastaighe" air Faithce na nGard agus Boithirin Shepherd no
Lana na Leac agus Bothar Cille Cuinnigh; agus, muna ccurthar
cosg orrtha so, beidh marbhadh eatortha: oidhce tromfhearthanna:
gaoth garbh aniar ttuadh.
An dara la deag .i. dia domhnach. La tromnealtach
sraid-shalach soinninne d'eis oidhce doinninne: gaoth ciuin aniar
ttuadh: oidhche ciuin reiltineach soininne: gaoth ciuin
aniarttuadh: oidhce ciuin reiltineach soininne.
An treas la deag .i. dia luain. Maidin soininne: meadhon
lae doinninne: gaoth andeas: deire laoi soinninne: gaoth
aniarndeas: oidhce ciuin reiltinneach bog trid amach.
An ceathramha la deag .i. dia mairt. Maidin slamnealtach
geal greine: meadhon lae agus trathnona breagh speirghorm
geal greine, teith .i. an cead lá teith an geibhre se: deire
laoi nealtach: tosach oidhche mar an cceadna: cioth um ocht
a clog: oidhche soinninne. Is doith liom go bfuill an aimsir
ag socarughadh agus ag soinninniugadh.
An cuigmheadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin agus
meadhon lae geal greine, gan neal gan ceo: trathnona nealtach:
gaoth ciuin andeas: oidhche anfa anba andeas le clagairneach
coimhtheach. Thuit binn an deatachan bríce idir mise agus
Suaitioman, agus do bhris tuitim na brice ceann tig-na-
bpotataoi orm, agus ceann a' pairlus air tig Suaitioman.
Thuit mar an cceadna binn an deatachán air tigh Uailteair
Ui Bhriain, agus do bris se ceann a chisdeanach. Thuit beann
deatachain Mhicil Ui Mhaolala agus do rinneadh moran diobhala.
Sheasadh an anfa anba so o tosach oidhce go meadhon oidhche
nac beag.
An seiseadh la deag .i. diardaoin. Maidin tromnealtach
tromceatánach: toirneach agus tinnteach treun um meadhon
lae, le clagadh coimhteach: trathnona speirghorm soinninne
geal greine: tosach oidhce gealaighe. Ta an galar goimhideach
gorm laimh le Baile an Garadh .i. Cill Baoithin .i. a bfuigseacht
oct mile do Callain. Go ccoimeadadh Dia uainn e!
An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin speirghorm
geal gréine slamnealtach, d'eis deire oidhce tromcheathanach:
gaoth gartach aniarndeas. Níor fheacadh ariamh clagadh
coimhteach comh trom is do bhí areir ann. Ta tuile sgeitheánach
san Amhain andiumh na dhiaidh. Ta an tir tuilte go mor.
Sheasadh an clagadh on do gus an ceathair air maidin. -
Roimhe naoi a clog san oidhce bi teine aeir iongantach san
ard shoir thuadh agus shiartheas .i. laisair ag adughadh 'sa dul
as le gach moment, mar do tarngfaidh brat sios agus suas
le gach móment: oidhce breagh gealaighe.
An t-ochtmhadh la deag .i. dia satharn. Le breagh slam-nealtach
geal greine: gaoth ciuin aniar.
An naomhadh la deag .i. dia domnach. La breagh nealtach:
gaoth roiciuin aniarndeas: oidhce gealaighe, slamnealtach:
bhi fainne fann timcioll na gealaighe: tuar fearthanna so.
An fithcheadh la .i. dia luain - marga muc. Maidin meadhon
lae agus trathnona mionfheartanna sraidshalach: gaoth ciuin
aniar ndeas: deire laoi soinninne: oidhce mar an cceadna.
An t-aonmhadh la fichiod .i. dia mart. La nealtach soininne:
gaoth ciuin aniar.
An dara la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin agus meadon
lae aoibhin aorach speirghorm geal greine: gaoth ciuin aniar,
deis oidhche doinine, o meadhon oidhce go maidin: tuile treun
sgeithanach san Amhain: deire laoi nealtach: oidhce nealtach:
gaoth aniar.
An treas la fichiod .i. diardaoin. Maidin tromnealtach:
meadhon lae mar an cceadna: deire laoi lomarnealtach:
gaoth ciuin aniarndeas.
An ceathramha la fichiod .i. dia haoine. Maidin tromnealtach:
braon a mbeal na gaoithe aniarndeas, d'eis deire oidhce
ceathanach: glastuile san Amhain: meadhon lae agus trathnona
ceathanach ceofranach braonach: gaoth garthach aniar ndeas:
oidhce ciuin gealaighe.
An cuigmheadh la fichiod .i. dia satharn. La nealtach soinninne:
gaoth ciuin aniar. - Ta an Treadhaid bhais a cCalain aris.
Fuair ceathrar bas cheanna leis, agus ata beirt ag treabhadh
an bhais leis.
An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh nealtach:
gaoth beodha aniar. Fuair moirsheisir bas leis an Galar
Goimhidheach Gorm .i. Treadhaid Bais, le tri la. Ata beirt
go bocht leis. Oidhce aoibhin aorach lomarnealtach gealaighe
ciuin.
An seachtmhadh la fichiod .i. dia luain. Braon a mbeul na
gaoithe roimhe breaca an lae: maidin mar an cceadna:
meadhan agus deire laoi fearthanna: gaoth roiciuin andeas.
Fuair beirt bas andiu leis an galar goile marbhtach .i. naonbhar
le cheithre la, agus ata triur eile tinn leis an galar goile
goimhideach gorm Indiach.
An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia mairt. La breag
lomar-nealtach speirghorm, geal greine: gaoth gonta attuadh. Fuair
aon duine déag bas le cuig la den galar gorm goile, agus
ata cuigear tinn leis fos .i. se dhuine déag do ghlac é le
cúig la a cCallainn-a-clampuir. Oidche breagh garg gonta
gealaighe, slamnealtach fuar seaca.
An naomhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La ciuin aoibhin
aorach geal greine seaca leithe: leac oidhre ar lochanaibh.
Fuair tri nduine deag bás leis an galar goile marbhtach le
se la, agus se nduine ata tinn leis.
An deichmhadh la ficiod .i. diardaoin. Maidin breagh nealtach
ciuin: la mar an cceadna: an galar goimhideach goile gorm
marbthac a cCallainn.
An t-aonmhadh la deag air fichiod .i. dia haoine .i. Oidhche
Feil Brighde. Maidin, meadhon lae agus trathnona
sior-fearthanna: gaoth andeas: deire laoi soinninne: gaoth
aniar ndeas: oidhce soinninne, duibhre: an galar gorm
goile marbhtach ag fas go h-iomarcach an gach ceann den bhaile
boct so.
MI FEABHRA NO FAOILEADH 1834. An cead la .i. dia
satharn. Maidin tromnealtach sraidshalach soinninne: an
galar gorm goile marbhtach go millteach a cCallain. D'fhag
an t-Athair Seamus Henebuire morchuid airgid ag boctaibh
Challain le linn a bhais. "Be he cnuasach na graineoige é."
"Is minic do bheathadh beal na huamha beul na truagha."
Taineadh moran susadh o Cill Chuinnigh, agus da fhiciod punt
an airgid cum tigh tinnis do chomhad suas, noch do cuiread
air bun andiu a ttigh na sgoile ar Faithche-an-Aonaig, ag
Loch Buidhe.
An dara la .i. dia domhnach. La breagh nealtach soinnine:
an galar go marbhthach.
An treas la .i. dia luain. La breag bog nealtac soinninne:
gaoth beodha andeas: an galar go marbhtach fos: deire laoi
fearthanna: gaoth garg geimhreamhail andeas: tromfearthain
o seacht go naoi a chlog san oidhce: oidhce fearthanna.
An ceathramha la .i. dia mairt. Maidin breagh nealtach
ciuin: la mar an cceadna: oidhche ciuin breagh: an galar
gorm marbhthach go millteach.
An cuigmheadh la .i. dia ceadaoin. Maidin agus meadhon
lae fearthanna d'eis deire oidhce fearthanna: deire laoi
agus oidhce soinninne: an galar go marbtach.
An seiseadh la .i. diardaoin. La breagh nealtach: an galar
gorm go marbhthach.
An seachtmhadh la .i. dia haoine. Maidin ceathánach. Ghlach
da dhuine deag an galar marbhthach andiu.
An t-ochtmhadh la .i. dia satharn - Fuair Padruig
Ua Grada bas: la nealtach dubhach deorach: an galar go
marbhthach.
An naomhadh la .i. dia domhnach .i. domhnach inide. La nealtach
ciuin dorcha: an galar go marbthach: oidhche ciuin reultsholuis:
fuair ceathrar is da fhichiod bas le h-ocht la deag, den ghalar
gorm marbthach: tuit se nduine deag is tri ficidh tinn. Ta
maithibh na tire ag comhrughadh linn an am ar riachtanais.
An deichmheadh la .i. dia luain .i. luan innide. Maidin,
meadhan lae agus trathnona fearthanna: an galar go marbhthach:
deire laoi soinnine nealtach ciuin.
An t-aonmhadh la deag .i. dia mairt .i. mairt innide.
Maidin aoibhin aorac geal greine ciuin, cia gur dubhach deorach
dobronach muintir na marbhain noch do cuireadh le naoi la
deag san uir: oidhche dorca.
An dara la deag .i. dia ceadaoin .i. ceadaoin a luaithre.
Maidin geal greine d'eis deire oidhce tromfhearthanna agus
sneacta, noch a foiligheas Sliabh na mBan Fionn, agus na
sleibhte eile um mhor thimchiol: beagan cloichsneacta um meadhon
lae: an galar gorm go marbhtach, - clocha da mbrisead
ar boithribh.
An treas la deag .i. diardaoin - clocha da mbriseadh.
La breagh nealtach ciuin: an galar go marbhthach.
An ceathramha la deag .i. dia haoine, - clocha da mbriseadh.
La breag nealtach: an galar gorm ag lagughadh.
An cuigmheadh la deag .i. dia satarn: - clocha da mbrisead.
La breagh bog nealtach ciuin: nior tárla aon casadh den galar
gorm goile andiu. Imteacht gan casad chughainn ar an galar
grana gorm goile marbhtach .i. an galar domblais indiach .i.
an galar goimheadach goile .i. an galar le treadhaid is
tonntaosgach crampach fuilstadach marbhtach.
An seiseadh la déag .i. dia domhnach. La breagh ciuin nealtach:
an galar ag maolughadh.
An seachtmhadh la deag .i. dia luain. An galar ag casadh:
a breagh nealtach ciuin.
An t-octmhadh la deag .i. dia mart. La breagh nealtach
ciuin: an galar gorm go marbthach.
An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breag nealtach
ciuin: an galar gorm go marbhtach.
An fithceadh la .i. diardaoin. La breagh nealtach; anfa anba
aniar um trathnona agus deire laoi: oidhce ciuin le beagan
fearthanna: an galar gorm goile go marbhtach.
An t-aonmhadh la ficiod .i. dia haoine. La breagh nealtana
galgreineach ciuin: an galar go marbhtach: clocha da mbriseadh.
- Aimsir bog nealtach go deire ao Mhi: an galar ag
luigheadughadh, acht focasa.
MI MARTA. An cead la .i. dia satharn: - Deire le
tarrang cloch air boithribh da mbriseadh: la nealtach breagh:
gaoth ciuin aniar.
Dia domhnach .i. an dara la. La breagh nealtach.
An treas la .i. dia luain. La breag ciuin nealtach.
An ceatramha la .i. dia mairt. La breagh nealtach ciuin:
- deire le brisead cloch.
An cuigmheadh la .i. dia ceadaoin. La siorfhearthanna,
fliucshneachta: gaoth garbh attuadh: aon casadh den galar
andiu.
An seiseadh la .i. diardaoin. La breagh nealtana
galghreineach: gaoth gartach aniar: sneachta ar gach cnoc
agus mor sliabh um mhor-thimcioll: focasadh dean galar gorm
goile: nil aoinneach a ttigh an tinnis.
An seachtmhadh la .i. dia haoine. La breagh foceathanach:
gaoth garbh aniar ndeas.
An t-ochtmhadh la .i. dia satarn. Maidin geal greine
slamnealtach: gaoth gharthach garb aniar: la breagh geal
greine: ta an galar gorm a cCeannanas a bfuigseacht ceithre
mile duinn.
An naomhadh la .i. dia domhnach. Le breagh nealtach: gaoth
ciuin aniar: an galar imighthe o Callainn, acht go millteach
a cCill Chuinigh.
An deichmhadh la .i. dia luain. La aoibhin aorach geal greine
speirghorm slamnealtach: gaoth ciuin aniar.
An t-aonmhadh la deag .i. dia mairt. La breagh nealtach:
gaoth ciuin aniar.
An dara la deag .i. dia ceadaoin. La breagh nealtach
ciuin. Caitheas an la ag fiadhach ar giorrfhiadhthaibh le da
conn .i. cu geal agus cu breac: dhuisioghmair ocht
ngearr-fiadha, cia nachar marbhadhmuir acht da gearrfhiadh:
siubhlamar deich mile a cceann Ceapamiceidin agus Droichead na
cCarbad agus Baile na Sidhig. Bhí Miochal og Ua Aithiaruin
agus Uilliam og Bacér agus Seaghan og Ua Tighearna o
Baile-Mág san bfiadhach: is aoibhin aorach an caitheamh aimsire
bheith ag fiadhach.
An treas la deag .i. diardaoin. Maidin tromnealtac
tirm caoin ciuin: la mar an cceadna.
An ceathrama la deag .i. dia haoine. La breagh geal greine:
gaoth geur anoir ttuadh: siocan ar maidin.
An cuigmheadh la déag .i. dia satharn. La breagh geal greine:
gaoth ciuin anoir: siocán ar maidin.
An seiseadh la deag .i. dia domhnach. La aoibhin aorach
speirghorm geal greine: gaoth ciuin anoir: siocan ar maidin.
Ni feacadh riamh an aon am den bhliadhain la ba breaghdha;
"i bfad bristeadh, i bhfad breagha."
An seachtmhad la deag .i. dia luain .i. la Fhéile Padruig.
Maidin seaca leithe, geal, greine: la robhreagh nealtana
galgreineach: gaoth ciuin andeas ar maidin, agus anoirndeas
um deire laoi speirghorm geal greine.
An t-ochtmhadh la deag .i. dia mairt. Maidin breagh tirm
tromnealtach: gaoth ciuin anoir: la mar an cceadna.
An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh tirm nealtach:
gaoth geur anoir.
An fithchead la . i. diardaoin. La breagh lomarnealtach geal
greine: gaoth ciuin anoir. - Ceannuigheas luach tri sgillinge
deag d'fuigleach noch do leagas air Faithce an aonaigh.
An t-aonmhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin aoibhin
aorach lomarnealtach geal greine; meadhon agus deire laoi
breagh nealtach: gaoth ciuin anoir.
An dara la ficiod .i. dia satarn. Maidin agus meadhon lae
gal gaoithe o am go ham le ceofran; trathnona agus deire laoi
speirgorm geal greine ciuin.
Ag barr leathnaigh (Mi Marta 1834 gach la line).
An treas la fichiod .i. dia domhnach. La anfa aniar: ceo
bothar no smuiteán da sguabadh le gaoith. - Is é eifeacht
ata le rodhbadhta os cionn na line agus sa láimh ceadna, dar liom
(robharta) san tir se, ro-thuile sgeitheanach mar ata
rodhbhadhta (robharta) ruadh na Feile Brighde í acht rodhbadhta
(robharta) na Feile Padruig, rodhadhta (robharta) na Feile
Michil (cialluighid, dar liom, na robhartaí leathacha. Tarsta
so tá dhá robharta gach mí .i. d'eis na láinré agus d'eis na nuai-re)
.i. rodhbadhta (robharta) lanre agus robharta nuare
(Goirtear mallmhuir (mallúir, an fhuaim) de na contrachtaibh,
nó na lánaibh ísle) .i. taoide mallmhurach .i. muir mall:
robharta .i. ro, mír aidhbhile, agus bar .i. an muir ó barta
no borta .i. attha (ró-bara-tha: barann .i. fearg, iom-chosaoid).
An ceathramha la fichiod .i. dia luain. La breagh nealtach
ciuin: gaoth aniar.
An cuigmheadh la fichiod .i. dia mart, .i. La Feil Muire
na Feile Padruig .i. la saoire. Maidin ceofrain: gaoth
attuadh: la breag nealtach.
An seisead la fichiod .i. Ceadaoin a' Bhratha. La breagh
nealtach ciuin: ainiomad daoine a cCallain a ttaobh na
deachuibhe. Is beagh nach raibh 'na bhualadh idir na daoine agus
na pileirighe.
An seachtmhadh la ficiod .i. diardaoin. La breagh nealtach:
sonna gaoith aniar um buile a chloig, noch do sguab
smuiteán ar boithribh: ciothan go grod da eis noch do leag
an smuid: la breag.
An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia haoine .i. aoine an Ceasda.
Maidin tromnealtach mionfearthanna: ciothain agus gealain
le gaoth gartach garb giunach .i. anfa aniar um deich a chlog
agus treas an lo go deire, an tan do ciunadh se: la breagh:
anfa anba um meadhon oidhce.
An naomadh la ficiod .i. satharn Casga. La breagh
mion-ciothain: fliuchsneachta agus cloichsneacta, le gaoth
aniar tres an lo: moran muicfeola ar an margadh, cuid
ar da phingin go leith an punt agus cuid ar tri pingine.
An deichmhadh la fichiod .i. domhnach Casga. La breagh: beagan
cloichsneacta le gaoth aniar.
An t-aonmhadh la deag air fichid .i. luan Casga .i. la na
comhboige .i. comh-obh: ni saoire e le tri bliadhna. Maidin
fluichsneachta o ocht go naoi a clog: ciothain agus gealain
ar feadh an lae: gaoth fuar aniar ttuadh: margadh muc rodhona.
MI ABRAIN 1834. An cead la .i. la na n-Amadan .i.
dia mart. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin aniar.
An dara la .i. dia ceadaoin. Le breagh nealtana geal
greine. Gaoth ciuin aniar.
An treas la .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach slam-nealtach
geal greine: gaoth ciuin aniar ttuadh: la mar an
cceadna.
An ceathramha la .i. dia haoine. La breagh nealtana: gaoth
ciuin aniar ttuadh.
An cuigmheadh la .i. dia satharn. La breagh nealtana greine
ciuin.
An seiseadh la .i. dia domhnach. La breagh nealtana ciuin.
An seachtmhad la .i. dia luain; - drochmargadh muc.
Maidin aoibhin aorach nealtana greine: gaoth geur anoir
ttuadh: - Chuadhas go Baile-at-a-cliath. Bhiodas ann ag
leathuair d'eis a naoi cia nachar fhagas Callain go leathuair
d'eis a deich .i. aon uaire deag bhíos ag imtheacht. Caitheas
dia mairt, dia ceadaoin, diardaoin agus dia haoine ag
ceannach earraigh. Thangas abhaile dia satharn, la breagh
nealtach: gaoth geur attuadh: seachtmhuin roibhreagh ba headh
e, cia go dteasduigheann fearthuinn go mor.
An treas la deag .i. dia domnach; - an dara la de tri
laethe na seanriabhaiche: la breagh nealtach ciuin.
An ceathramha la deag .i. dia luain - an treas la de tri
laethe na seanriabhaiche: la breagh nealtach: gaoth geur andeas.
An cuigmheadh la deag .i. dia mart. La breagh mionfearthanna:
gaoth fuar andeas: - is mor do teasdadh an fearthain
se, oir ni raibh fearthainn againn o Ceadaoin-a-Luaithre .i. le
naoi seachtmhuine. Gach la go h-aoibhin, alainn, speirghorm,
geal, greine, ciuin, gan ciach gan ceo, mar mi na bealltainne
o trí laethe na seanriabhaiche gus an ceathramha la fichiod
.i. diardaoin. - do marbhas muc dia mairt .i. an treas
la fichiod - Chuireas muc ar salann andiu .i. an ceathramha
la fichiod.
An ceathramha la ficiod .i. diardaoin. La aoibin aorach
speirghorm geal greine bog brothallach tríd amach. Is comhsamhail
le mi bhealltainne e; acht teasduigheann fearthainn
o seantalamh.
An cuigmheadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin nealtach
ciuin: la mar an cceadna: gaoth anoir.
An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh nealtach:
gaoth ciuin andeas: is mor teasduigheann fearthainn uainn
anois.
An seachtmhadh la ficiod .i. dia domhnach. La breagh bog
nealtach: gaoth ciuin andeas: braon a mbeal na gaoithe um
deire laoi: oidhce mionfearthanna, agus is mor theasduigheann.
- Chaitheas an oidche le h-olbaois a bfochair Tomas Toibin o
Coill na bhFraochan: agus a bfochair M. Ni tS. nachar a slan
oibre dhomh!
An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia luain. La breagh bog fearthanna:
gaoth ciuin anoir.
An naomhadh la ficiod .i. dia mairt. Maidin go moch mion-ceathanach:
la breagh bog tromnealtach: gaoth ciuin anoir:
deire laoi ceobrain.
An deichmheadh la fichiod .i. dia ceadaoin .i. Oidhche Bealltainne.
La breagh bog tromnealtach: gaoth ciuin andeas:
ceannach mear ag aonach na muc a Muillean-Ui-Chuan: air
muca beaga céad go leith, no céad is tri ceathramhna, agus
air muca oga .i. slipighe; acht ni raibh moran lorg ar muca
ramhra mora. - Is aoibhin an deire se ar Mi Abrain bog
braonach.
MI BEALLTAINE 1834 - gach la line. An céad la .i.
diardaoin: la aonaigh Muillin-Ui-Chuain - ceannach mait
ar eallach. Maidin aoibin aorach nealtana greine ciuin
caoin: la breagh buidhe Bealltoinne speirghorm geal greine
ciuin: taid capail coistighe an lae foilighthe le minsgoiche
aile: capail an cara mar an cceadna: saothar ar siubhal
go dian.
An dara la .i. dia haoine. La ciothanach: gaoth aniar:
claoduighe treas na sraideanna.
An treas la .i. dia satharn: la aonach na muc. La breagh
nealtach ciuin.
An ceathramha la .i. dia domhnach. La breagh mionciothanach
gaoth ciuin andeas.
An cuigmheadh la .i. dia luain: la aonaigh Callain. La
breagh nealtana: gaoth ciuin aniar: moran eallach ar an
aonach, agus luach meadhonach.
An seiseadh la .i. dia mairt. La breagh nealtach: gaoth
ciuin andeas, go deire laoi, an tan d'eirigh anfa andeas:
potataoi o tri pingine-go-leith go tuistiuin an cloch: oidhche
ciuin dorcha.
An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. La breadh nealtach
ciuin caoin.
An t-ochtmhadh la .i. diardaoin: .i. diardaoin Deasgabhala
.i. la saoire. La breagh nealtach ciuin. - Tarla socharaid
Phadruig Ui Ceallachain andiu, noch do marbhadh ag teacht
a baile o Cill Chuinigh, le tuitim as a trucail fein. Thaineadh
Seanbheastighe Baile-an-Garaidh do chum na sochraidhe, agus
do buail Carabatuighe Callaine iad; acht do chuir na Seanbheastighe
an rith ar na Carabhatuidhe, na mbaile fein. Do
milleadh beirt .i. Seanbheast agus Carabat; is dona an obair
se la saoire solomanta.
An naomhadh la .i. dia haoine. La breagh nealtach: gaoth
ciuin attuadh. Ta Caisin, an Seanbheast o Gragách, go tinn
lag agus - an Carabat o Fatha an Aonaigh go bruighte
breoighte.
An deichmhadh la .i. dia satharn. La breag slamnealtach
greine: gaoth ciuin attuad.
An t-aonmhadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog fearthanna:
gaoth beodha andeas.
An dara la deag .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach
lomarnealtach, d'eis oidhce breagh bog fearthanna: gaoth
ciuin aniar ndeas: la breagh ciothan um deire laoi.
An treas la deag .i. dia mart. La breag bog nealtach
ciuin: tuistiun an cloich ar potataoi.
An ceathrama la deag .i. dia ceadaoin. Maidin agus
meadhon lae agus trathnona breagh bog geal greine: trathnona
deaghanach agus deire laoi agus oidhce fearthanna: gaoth ard
aniar. Cuireas ceathramha potataoi cupaighe a ttalamh an
Rector Stevenson, ag Cuirt an Uite. - Caitheas tosach
oidhche a bhfocair Tomas Toibin agus - .
An cuigmheadh la deag .i. diardaoin. Maidin tromnealtach
sraidsalach: meadhon lae agus trathnona, agus deire laoi
aoibhin aorach geal greine: gaoth ciuin anoir ndeas: an ré
go glan ar speir gorm san oidche.
An seiseadh la deag .i. dia haoine. La breagh nealtach
ciuin.
An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. La breagh nealtach:
cuig pingine ar potataoi, cia nach bhfuill acht da fichiod an
baraille ar cruitneacht.
An t-ochtmhadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach.
An naomhadh la deag .i. dia luain. La breagh feartanna:
gaoth gartach aniar.
An fithceadh la .i. dia mart. La breagh bog nealtach ciuin.
An t-aonmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin .i. la trosga. La
breag speirghorm geal greine brothallach ciuin.
An dara la fichiod .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach
speirgorm geal greine brothallach: gaoth ciuin bog attuadh:
la mar an cceadna: oidhche aoibhin aorach gealaighe speir-ghorm
ciuin.
An treas la fichiod .i. dia haoine. La aoibin aorach geal
greine speirghorm: gaoth bog ciuin anoir ttuadh: oidhche
ciuin.
An ceathramha la fichiod .i. dia satharn. La breagh geal
greine, speirghorm: gaoth beodha anoir ttuadh.
An cuigeadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin aoibhin
aorach speirghorm geal greine: gaoth geur anoir ttuadh:
la mar an cceadna.
An seiseadh la ficiod .i. dia luain. La aoibhin aorach speir-ghorm
geal greine: gaoth geur anoir ttuadh.
An seactmhad la ficiod .i. dia mart. La breagh brothallach
speirghorm greine caoin ciuin. Chuadas go Móthobar ar cara
an Ceitinge go tigh Seamuis Ui Maollala, noch do thug ite
agus ol go hór domh féin agus do Riocard Colatán.
An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh brothallach
geal greine speirghorm, gan neal gan ceo, ciuin caoin.
Chuadas ar cara an Ceitinge go Baile-an-Garad, no Cill
Baoithín a bfochair - Brágh cleirioch ceannuighe a Baile-atha
Cliath.
An naomadh la fichiod .i. Diardaoin Abhloinne, la saoire
.i. la aonaigh Cille Cuinnigh. La aoibhin aorach speirghorm geal
greine ciuin brothallach: muca ag faghail bhais leis an brothall
air an aonach ande: luach beag ar eallach.
An deichmhadh la fichiod .i. dia haoine. La breagh geal
greine ciuin.
An t-aonmhadh la deag air fichid .i. dia satharn. La breag
greine ciuin.
MI MEADHOIN a t-samhra 1834. An cead la .i. dia
domhnac. La breagh nealtana: gaoth beoda andeas.
An dara la .i. dia luain; - an srath Contae da gearradh.
La breag geal greine: gaoth beoda aniarndeas.
An treas la .i. dia mart. La breagh geal greine: cioth
trom um se a clog um trathnona le gaoth gárthach aniar: "Is
minic dubhachán mor le beagán feartana": taim ag cur
potataoi faoilidh faoi clasughadh: is breagh an aimsir e cum
potataoi do shaothramhadh: act chidim torrain san ttalam
ag gearradh na heornan, noch a cuireadh mi o shoin; is mor e
m'eagla go millfid mo chuid potataoi: cidhim eunluigh .i.
priacháin, spideoga, etc., ag breith na torain leo na ngobaibh
cum na gearrcacadh oga: muna bheith eunlaighte an aeir, do
iosfadh piasta na talmhan gach toradh tagan trid: da brigh sin,
is mor an maith do gnidhid na h-éin beaga don tsaoghal; agus,
dar ndoth ma ithid na hein beaga beagan arbhar is fiu a saothar
e.
An ceathrama la .i. dia ceadaoin. Maidin breag bog
tromnealtach: meadhon lae agus trathnona tromfhearthanna:
.i. o bhuile a clog go ceathar, le gaoth beoda andeas: do
iontadh an gaoth attuadh, agus do stad an fhearthuinn amarcach
so: deire laoi agus oidhche soinnnine: is mor an maith do rinn
an fearthainn se do gach barr.
An cuigmheadh la .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorac
slamnealtach geal greine: meadhon lae agus trathnona mar
an cceadna: deire laoi ceathanach ciuin: gaoth ciuin.
An seiseadh la .i. dia haoine. La aoibhin aorach nealtana
ciuin.
An seachtmhadh la .i. dia satharn. La aoibhin aorach nealtana
ciuin.
An t-octmhadh la .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach
ciuin.
An naomhad la .i. dia luain. La aoibhin aorach nealtana
greine breagh bog: gaoth ciuin aniar: deire laoi ceathánach
cumhra caoin. Chuadhas a ttrucail Mhichil Ui Mhaolala go
socharaid - Codlatán tre Cathar Leisg agus an Leacht Breac
do Clais-a-Tulaigh agus Bothar na Mánt, go Graig-Rosa-
Ua-Neana, .i. se mile ait ar tharla an socharaid orm: casas
gus an Leacht Breac, agus cuadas go Ceananas, se mile
eile, agus go Teampul Loisg, tri mile ait ar cuireadh an
corp. Gluaiseas as sin abhaile, tre Baile-Mac-Adhamh
os cionn na line ceithre mile eile .i. naoi mile deag. Is
aoibhin radarc na tire anois, oir ata gach barr ag teacht
go maith: acht nil deire le leasughadh da cur amach ag daoine
bocta tuatha fos; agus ata a lan clasa le gearradh. As
leis an coltar ata luct tuatha da ngearradh anois. Leighim
gur theib siol go leor potataoi a cConnacht agus laimh le Ros
ar Sliabh Breathnach.
An deichmhadh la .i. dia mart. Maidin aoibhin aorach ciuin
speirghorm geal greine: deire laoi tromceathanach: gaoth
ciuin aniar.
An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin - drochmargadh
muc. Maidin aoibin aorac sraidfhliuch speirgorm geal
greine: cioth trom cloichsneacta agus fearthanna le ceithre
blaodhmana toirnighe agus splanca teine creasa, um an
t-aon bhuile deag le ciunas mor. - Ni cuimhin liom ariamh
anfa le linn toirnighe; acht is roghnatach tromfeartuin le
toirneach.
An dara la deag .i. diardaoin; - moran eallach agus
beagan luach: la breagh nealtach ciuin: ciothan um deire laoi
le gaoth ciuin aniar: drochaonac a cCallain.
An treas Ia deag .i. dia haoine. Maidin agus meadhon
lae geal greine: trathnona agus deire laoi nealtach; deire
laoi tromnealtach fearthanna speirfoilighthe: gaoth ciuin
andeas: oidhche fearthanna.
An ceathramha la deag .i . dia satharn. Mocheirghighe morfearthanna
d'eis oidhche doinninne. "Giolla gach síne an
ceo": "Ceo doinninne air sleibhtibh." Maidin soinninne:
gaoth gartach gairg aniar ndeas: tromfearthuin um trathnona:
as sin suas breag nealtana greine ciuin caoin: gaoth aniar:
glastuile san Amhain ar feadh an lae.
An cuigmheadh la deag .i. dia domnach. La breagh nealtach:
gaoth fuar aniar.
An seiseadh la deag .i. dia luain. La mioncheathanach: gaoth
fuar gartach aniar. Is mor m'eagla go ccuirfidhear an
cruithneacht trom an aigheadhreidh aimhréidh leis an gaoth.
An seachtmhadh la deag .i. dia mart. La breag nealtach:
gaoth ciuin bog aniar. d'imtigh an fuacht agus an anfa.
An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La mionceathanach:
gaot fuar aniar.
An naomhadh la deag .i. diardaoni. La tromnealtach tirm:
anfa aniarndeas. Cuireas athlán ar mo cuid potataoi
andiu.
An fithcheadh la .i. dia haoine. An la is sia sa mbliadhain:
la tromnealtach ceobhrain: gaoth ciuin andeas. Is fuar an
Mi-Meadhain e. Ta an galar goile goimhideach gorm marbhtach
go h-iomadamhail a mBaile-ath-Cliath. Go ccoimeadadh Dia
uainn e, agus go saoradh se na Criosdaighthe!
An t-aonmhadh la fichiod .i. dia satarn. Maidin breagh
bog nealtach: d'imthig an fuacht. - Ta ancuid potataoi air
an margadh .i. cuig n-ualaighe deag air ficid chapail, ar
tuistiun, agus tuistiun is leathpingin, agus cuig pingine
an cloich: dioladh fochloch ar cuig pingine go leith an cloich.
An dara la fichiod .i. dia domhnach. Maidin breag bog
nealtana galgreineach ciuin: la aoibhin aorach geal greine
ciuin caoin; agus is mor do theasdadh so, oir bi an aimsir
ro-fuar.
An treas la fichiod: Oidhche Feil Seaghain .i. dia luain .i.
oidhche an teine cnaimh. - Ni feacadh teine cnaimh air
fodhnamh oir ta an dlighe na ccoinne: la breagh bog ceobhrain:
gaoth ciuin aniar.
An ceathramha la fichiod .i. dia mairt .i. la Feil Seaghain
.i. la Fheil Eoin Baiste. - Bhi an la so na saoire riamh gus
an la andiu; acht gearradh amach e leis an Eaglais; oir ba
mhor an la oil e d'eis oidce an teinne cnaimh: cnagairneach
trom o buile go cuig a clog ar maidin go moch le gaoth ciuin
aniar. Ta tuile buidhe san Amhain: la breagh bog soininne
ciuin. - drochmargadh potataoi.
An cuigmheadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog
nealtach ciuin: ceofrán o tri a clog um trathnona go deire
laoi.
An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh bog nealtach:
gaoth fionfhuar aniar.
An seachtmhadh la fichiod .i. dia haoine. Mochmhaidin breagh
nealtana galgreineach: gaoth geur attuadh: acht do bhog an
mhaidin na dhiaidh san. La aoibhin aorach geal greine bog.
An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin tromnealtach:
braon a mbeul na gaoithe andeas: la mionceathanach
ciuin: potataoi air chuig pingine a cloich: min buidhe air tri
pingine a pota, agus min coirce ar tuistiun: is tearc ata
potataoi.
An naomhadh la ficiod .i. dia domhnach. La breagh bog ciuin
geal greine d'eis oidhce ceathanach.
An deichmhadh la fichiod .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach
speirghorm geal greine ciuin. Ta slinneadoir ag deasugadh
ceann a tighe agam.
- BUIDHEMIS BROTHALLACH BIADHGANN Liadhgann L.S.
Buidhemis na gorta 1834. An cead la .i. dia mairt: -
margadh maith potataoi. La breagh brothallach nealtana geal
greine ciuin.
An dara la .i. dia ceadaoin. Maidin geal greine slamnealtach
brothallach: la mar an cceadna.
An treas la .i. diardaoin. La breagh brothallach ciuin
slamnealtach geal greine.
An ceathramha la .i. dia haoine. Maidin breagh brothallach
ciuin: la mar an cceadna.
An cuigmheadh la .i. dia satharn. Maidin breagh brothallach
ciuin geal greine: deire laoi nealtach, brothallach: cuig
pingine ar potataoi.
An seiseadh la .i. dia domhnach. La breagh bog: braon a
mbeul na gaoithe: oidhce tromceathanach.
An seachtmhadh la .i. dia luain. La breagh braonach bog
ciuin: - Cromamair air sraideanna Callaine do deasughadh,
agus do leanamair da ndeasughadh air feadh chuig seachthmhuinne.
Do dheasuigheamar o ceann a bhaile gus an ceann eile .i. o
Ceardcha Fiodhachan air an ttaobh thuadh go Cloich-a-mhíle
ag an seipeal ar an ttaobh theas. Ba mor an foirtin do na
bochtanaibh. Biodhas os a ccionn ar feadh na h-aimsire. Bi
naoi bpingine do gach fear agus buachaill san lo: deire an
laoi ceathanach.
Níor scríobh sé a thuille ar feadh an mhí so.
MI LUGHNASA. Tosach an mhí ceathánach: lar an mhi breagh
brothallach: morcuid cruithneachta gearrtha roimhe la Feil
Muire Mor sa bhfobhar .i. an cuigmheadh la deag: tromfearthainn
oidhche de domhnach an seachtmhadh la deag. Air an fithceadh la
.i. dia ceadaoin, chuadh sgata fear agus ban gan tuarastal
ag gearradh eornan don Dean. D'eis teacht abhaile bi buala
ag da rann diobh agus carabhataighe agus seanbheastaighe eile.
Do lamhadh na pileirighe, agus do mharbadh Mac h-Eilighe o
Fatha na Gard. Do goineadh Micheal Pruit o Baile-an-
Garadh, noch do mhair seachtmuin, agus do eug se ann sin.
Is maith nachar marbhadh a lan Seanbheastuighe ag a sochraid;
acht nach leigfeadh Major Brown do na pileirighe lamhach.
Cuiread ochtar cum priosún Cille Chuinnigh .i. Lamhrás Pruit
os cionn na líne (mac gabhaltuidhe), an Fuiteach (spailpín),
beirt Cuimhneachan agus Slatra (triur fear saoghal), Eadhman
Eadmhard, greasuidhe (seanbheastuighe an seisear so), Teddy
Desina fideadór Sasanach, Neddy Vass spailpin (carabhatuige
an beirt se).
Deire an mhi bog braonach: bi anfa anba la aonaigh Callain
.i. an cead la fichiod noch do sguab airbhar go h-iongantach.
MEADHAN FOBHAR 1834. Mi ceathanach gus an t-aonmhadh
la deag .i. diardaoin, an tan do chrom an sin ag socrugadh.
An dara la deag .i. dia haoine. La breagh bog nealtach.
An treas la deag .i. dia satharn. La breagh bog nealtana
greine, agus mar an cceadna go deire an mhi.
FUIDHEALL FOBHAIR 1834. Samhra beag na Feil Michil
tosach an mhi: anfadha aniar agus attuadh meadhan an mhi air
feadh seachtmhuine: aimsir breagh bog tirm deire an mhi. Ba
rouras potataoi do bhaint, agus ni fheacadh chomh breagh ariamh
iad. Taid potataoi ar pingin no tri leathpinginighe an chloich.
Ni feacadh Mi Fuidheal Fhobhar com breag o rugadh me. Nior
miste samhra beag na Feill Michil do glaodh air ó tosach go
deire.
MI SAMhNA 1834 .i. An cead mi den Geimhre. An cead
la .i. dia satharn .i. la saoire .i. la Naoimh an Domhain .i.
oidhce Fheil na Marbh. La breag bog ciuin galgreineach
nealtana.
An dara la .i. dia domnach .i. la Feil na Marbh. La breagh
bog nealtana galgreineach ciuin.
An treas la .i. dia luain .i. la aonaigh na muc. La geal
gréine speirghorm ciuin. Is mor theasduigheann fearthuinn
o lucht siolchuir: ancuid muc agus beagan luach air muca.
An ceathramha la .i. dia mairt .i. la aonaigh na Samhna a
cCallain-a'-Chlampuir. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin
aniar: - deich sgillinge air banabh, cia nach bfuill acht punt
ar mucin meith, céad meadhachan: droch ceannach ar gach nidh
eile: ceofrán um urtosach oidhce, tromnealtach; fearthanna
on t-aon bhuile deag suas.
An cuigmheadh la .i. dia ceadaoin. Maidin siorfearthann
o meadhon oidhce: gaoth gartach geimhreamhail aniar. Is mor
do theasdadh an fhearthain se o lucht siolchuir a ttalamh
athphotataoi: la soininne o ocht a clog suas, agus galgreineach
o am go h-am: tuille faoi port san Amhain.
An seiseadh la .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach
speirghorm geal greine ciuin: trathnona nealtach breagh.
An seachtmhadh la .i. dia haoine. Maidin clagairnighe
coimhtighe o meadhan oidhce: meadhan lae soinninne: deire
laoi agus oidhche doininne: ni feacadh aoinneach tuile comh
mor leis on mbliadhain 1797 .i. an bliadhain do briseadh
droichead an Bhaile Nua, agus droichid iomadh eile: gaoth
geur aniar ttuadh.
An t-ochtmhadh la .i. dia satharn. Maidin geal greine: la
mar an cceadna, ciuin caoin: do thuit an tuile go mor.
An naomhadh la .i. dia domhnach. La geal greine nealtana.
An deichmhadh la .i. dia luain .i. Oidhce Feil Martan. Maidin geal
greine: la nealtana glas. Leighin .i. Léighim gur iomadh
iomdha diobhail do rinn tuile a mBaile-atha-cliath, san Dodur
.i. Dothra, onom., dia haoine se ghabh torainn.
An t-aonmhadh la deag .i. dia mairt .i. la Feil Martan. La
nealtach glas ciuin.
An dara la deag .i. dia ceadaoin. La breagh bog nealtach
ciuin: daoine ag siolchur.
An treas la deag .i. diardaoin. La breagh bog nealtach ciuin.
An ceathramha la deag .i. dia haoine. Maidin geal greine
speirghorm, seaca leithe, ciuin: meadhan lae breagh bog:
deire laoi nealtach ciuin.
An cuigmheadh la deag .i. dia satharn. Maidin breag bog
nealtach: gaot ciuin attuadh.
An seiseadh la deag .i. dia domhnach. La breag bog nealtach
ciuin.
An seachtmhadh la deag .i. dia luain. La breagh bog nealtach
ciuin.
An t-ochtmhadh la deag .i. dia mart. La breag bog nealtach
ciuin. - Ni feacadh deire fobhair na tosach geimhre com
breag bog ciuin leat-sa.
An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breag bioghamhail
nealtach ciuin.
An fithcheadh la .i. diardaoin. La breagh geal grenie speirghorm:
maidin seaca leith: gaoth geur anoir ttuadh.
An t-aonmhadh la fichiod .i. dia haoine. La breag nealtach:
gaoth anoir ttuadh.
An dara la ficiod .i. dia satharn. La ciuin ceobhrain
mionceathanach.
An treas la fichiod .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach
ciuin.
An ceathramha la fichiod .i. dia luain. La aoibhin aorach
breag bog ciuin nealtach.
An cuigmheadh la ficiod .i. dia mairt. La breagh bog nealtach
ciuin: - Tá urmhor siolchuir na duthcha deanta anois.
An seiseadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin
aorach slamnealtach, geal greine ciuin: la nealtach ciuin
caoin caomh: is deamhrach le samhra e.
An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. La breag bog nealtach
ciuin: deire laoi galgreineach.
An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin agus
meadhan lae mionceathanach: gaoth gartach aniar ndeas:
deire laoi nealtana galgreineach ciuin breagh: is mor do
teasdadh an fearthainn se o giobhar gheamhar.
An naomhadh la ficiod .i. dia satharn. La breag bog nealtach:
gaoth ard aniar ttuadh air maidin agus ciuin um deire laoi agus
oidhce.
An deichmhadh la ficiod .i. dia domhnac. La breagh bog
nealtach ciuin. - an da mhi se gabh torainn .i. Fuidheall-Fhobhar
agus Mi Samhna, ni feacad aoinneach ariamh da mhi ba
buige ba breagha na iad. Ta potataoi sabhalta agus ata
coinligh branraighthe d'eis siolcur do deanamh.
MI MHEADHAIN-A'-GHEIBHRE .i. MI NA NODLAG, 1834.
An chead la .i. dia luain. La breagh biogamhail galgreineach:
gaoth ard aniar ttuadh.
An dara la .i. dia mairt. La breagh biogamhail nealtana
galgreineach: gaoth ard aniar.
An treas la .i. dia ceadaoin. La breag bog nealtach:
gaoth aniar.
An ceathramha la .i. diardaoin. La aonaigh Muilleann
Ui Chuain, - luach beag ar mucaibh. Maidin aoibhin aorach
lomarnealtach galgreineac, mar la breagh Abrain: deire
laoi breagh bog nealtach: gaoth ciuin attuad.
An cuigmheadh la .i. dia haoine. La breag bog nealtac ciuin:
oidhche silteanach: gaoth andeas.
An seiseadh la .i. dia satharn. Maidin breag nealtach
ciuin: trathnona bog silteanach: gaoth ciuin andeas.
An seachtmhadh la .i. dia domnach. La breagh bog nealtach,
d'eis oidhce siltheanach: gaoth ard andeas.
An t-ochtmhadh la .i. dia luain. La breagh bog nealtach.
An naomhadh la .i. dia mart. La breagh biogamhail nealtach:
gaoth ciuin aniar ndeas: oidhce tromceathanach gaothmar.
An deichmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach,
seaca leithe, speirgorm geal greine ciuin: la mar an cceadna
gan neal gan ceo gan fuacht: oidhce gealaighe.
An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach
seaca leithe, leac oidhre ceathramha ordlaigh ar tigheacht:
speirghorm sraidthirm: la mar an cceadna: oidhce gealaighe.
An dara la deag .i. dia haoine. La breagh nealtana galgreineach
ciuin: ceo d'eis maidin breag ciuin, ceo seaca
leithe.
An treas la deag .i. dia satarn .i. la aonaigh na muc. La
breag nealtach ciuin ceo d'eis maidin seaca leithe.
An ceathramha la deag .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach
galgreineach ciuin: oidhche gealaighe.
An cuigmhead la deag .i. dia luain .i. la aonaig. Maidin
seaca; leac oidhre tri leathceathramhna ordlaigh ar tigheacht ar
lochánaibh: morcuid eallach .i. ba agus muca ar an aonach: luach
maith ar loiligheachaibh agus ba ramhra: beagan luach ar
mucaibh: la breag bog.
An seiseadh la deag .i. dia mairt. La breagh bog tromnealtach:
gaoth ciuin attuadh: d'imtigh an sioc agus an leac
oidhre, gan fearthainn gan fuacht.
An seachtmhad la deag .i. dia ceadaoin. La breagh bog
tromnealtach ar maidin: acht lomarnealtach galgreineach
um deire laoi: oidche speirghorm ciuin: lanre.
An t-ochtmadh la deag .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach
seaca leithe speirgorm geal greine: leac oidhre deachmhadh
ordlaigh air tiughacht ar lochanaibh: gaoth ciuin attuadh: la
mar an cceadna, gan uiread mo bhaise de neal ar an speir
gorm glan: oidhche nealtach.
An naomhadh la deag .i. dia haoine. Maidin tromnealtach ciuin
breagh: la mar an cceadna.
An fithceadh la .i. dia satharn. La nealtach breagh biogamhail
ciuin. Cuadhas go Cill Cuinnigh.
An t-aonmhadh la ficiod .i. dia domhnach. La breagh nealtach
galgreineach ciuin.
An dara la fichiod .i. dia luain. La breagh nealtach ciuin.
An treas la ficiod .i. dia mairt. La aoibhin aorach geal
greine ciuin: - ni fiu traithnín na fos caithnín na mion-siocain
bhíonn gach oidhce ann. Morchuid feola ar beagán
luach; acht beagan ceannach uirthe. Muicfheoil agus mairt-fheoil
da fheabhas ar tri pingine an punt: caoirfheoil air
tuistiun: oidhche breagh bog ciuin.
An ceathramha la fichiod .i. dia ceadaoin: Oidhce 'a Nodlag.
La breag bog nealtach ciuin.
An cuigmheadh la ficiod .i. diardaoin. La a Nodlag. La breag
geal greine speirghorm ciuin.
An seiseadh la ficiod .i. dia haoine .i. Feil Steaphán. La
breag nealtach ciuin.
An seachtmhadh la ficiod .i. dia satarn. La breag nealtach:
gaoth ard andeas. Cuadhas go Cill Cuinigh agus tangas abhaile.
- Gabhadh Maire Ni h-Airnígh, baintreabhach Sheamuis
Ui Airnígh, ar son fiacadh, agus do cuireadh go mairsil
Cilleadh Cuinnigh i.
An th-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La garthach garbh:
gaoth giuineach andeas: oidhce braonach borb.
An naomhadh la fichiod .i. dia luain: - marga muc. La
fearthanna d'eis oidhce fearthanna: gaoth gartach andeas.
"Samhra gach sine go Nodlaig."
An deichmhadh la ficiod .i. dia mart. La siorciothanach
tromfeartanna: gaoth ard andeas.
An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia ceadaoin: La
ceofrain: gaoth garbh.
Bzzzzz1835 19L
1835
MI GIONBAIR, 1835, CALLAIN A' CLAMPUIR. An
chead la .i. diardaoin .i. la 'a Nodlog beag .i. la saoire.
La aoibhin aorach slamnealtach speirghorm geal greine ciuin.
"Deas De sa bhliadhain duinn." Go dtugadh Dia bliadhain
maith dhuinn, faoi séan is faoi sonas!
An dara la .i. dia haoine. La breagh nealtana ciuin;
siocainín agus leicin oidhre air maidin: an grian ag taitneamh
go glormhar um deire laoi: oidhche ciuin duibhre.
An treas la .i. dia satharn. La breag bog nealtach ciuin.
An ceathramha la .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach
ciuin, gan siola gaoithe, gan fuide gan fuacht, gan fearthuinn
da luidhead: oidhce breag bog caoin ciuin. Ni feacad aoinneach
ariamh aimsir nios breaghadh an tam so den bliadhain.
An cuigmheadh la .i. dia luain .i. margad muc. Maidin
ciuin ceo seaca: meadhon lae ciuin ceo: la breag bog ciuin.
An seiseadh la .i. dia mart. Maidin ciuin seaca leithe:
la breagh geal greine.
An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach speirghorm
geal gaeine, seaca leithe. Is ionnan is la samhra e.
An t-ochtmhadh la .i. diardaoin. La aoibhin aorach speirghorm
geal greine ciuin. Ta an tir foilighte le sioc liath. Taineadh
ordlach leac oidhre air lochánaibh areir. Ni fheacadh leac chomh
tiubh lé an aon oidhce amhain ariam leam chuimhne, gan gal
gaoite lé, da cur a ttalamh. Nil treabhadh na romhradh na
grafadh da dheanam anium andiu, le treineacht a' tseaca,
cia go raibh saothar ar siubhail ande. Um luidhe greine d'eirigh
gaoth ndeas agus tannealta noch do bhog an sioc: tosach oidhce,
gaoth aniar ndeas. "Is teo siolla den ghaoith andeas
'na teine ceap an domhain": oidhche bog.
An naomhadh la .i. dia haoine. Maidin tromnealtach
ceobhrain: gaoth bog aniar: ciothainin roimhe breaca an
lae: la tromnealtach ciuin.
An deichmhadh la .i. dia satarn. Maidin tromnealtach bog
ceobhrain: gaoth ciuin aniar: deire laoi bog tromnealtach
soinninne.
An t-aonmhadh la deag .i. dia domnach. La tromnealtach
ceobhrain agus soinninne le gach lín: gaoth ciuin aniar.
An dara la deag .i. dia luain - marga muc. Maidin
nealtac galgreineach, meadhan lae mar an cceadna: gaoth
ciuin bog aniar ndeas: ainiomad muc, acht beagan luach no
ceannaightheoirighe. Ta naoi cciseacha deag .i. naoi n-al deag
banaibhe ar an margadh ann: bogha ceatha ag buile a chluig le
ceobráinín: la breagh aoibhin galgreineach trid amach: oidhce
gealaighe.
An treas la deag .i. dia mairt. La tromnealtac morceathanach
mionfeartanna duairc: gaoth beodha andeas.
"Gaoth andeas bíonn sí tais, is cuireann si raith ar sioltaibh."
- Do glac deatachán an tAthair - Ui Caomhanaigh teine,
acht nior rinneadh diobhail air bith leis an tteine.
An ceathramha la deag .i. dia ceadaoin. Tromclagadh o
meadhon oidhce go breacadh an lae: maidin fearthanna: gaoth
aniar ndeas: trathnona soinninne: gaoth aniar: oidhce
speirghorm gealaighe ciuin caoin: tuile treun sgeithánach
buidhe san Amhain.
An cuigmheadh la deag .i. diardaoin. La tromnealtach
soininne: gaot ard aniar: oidhce doinninne clagairnighe
coimhtich trid amach.
An seiseadh la deag .i. dia haoine. Maidin soinninne.
speirghorm geal greine, d'eis oidhche doinninne clagairnighe:
tuile treun sgeithanach san Amhain: gaoth geur aniar ttuadh.
Ta an tuile i bhfuigseacht troidh-go-leith den tuile treun noch
do bhi againn an seachtmhadh la de mi Samna se ghab torainn.
La lomarnealtach geal greine: gaoth gonta garthach aniar-ttuadh:
beagán cloichshneachta agus sneacta leathogach um
trathnona: sneacta um ocht a clog san oidhche. Do glan an
speir suas um naoi a clog: ta dion agus slinn na ttightheadh,
geal le beagan sneachta. "Samhra gach sine go Nodlaig".
"Ni fuacht go Feil Brighde." Do bhog an gaoth le tuitim a'
tsneacta.
An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. La aoibhin aorach
speirgorm geal greine seaca agus sneachta: leac oidhre
tri ceathramhna ordlaigh air tigheacht air lochanaibh
Faithce an Aonaig. Ta gach sliabh agus cnoc, maigh agus machaire
foilighthe le sneacta tana: taid na gotáin ag sleamhnughadh ar na
sraidibh: gaoth ciuin aniar ttuadh.
An t-ochtmhadh la deag .i. dia domhnach. Maidin seacha
cruaidh: do crom sé ag toinnead ag meadhan lae, le gaoth
ciuin anoir ndeas, agus do lean air, air feadh an lae: ordlach
is ceathramha ar tiubhacht san leac oidhre: beagan fliuchshneacta
san oidhce fuar anrodhach.
An naomhadh la deag .i. dia luain, - marga muc. La
geimhreamhail anrodach, fliucsneachta o am go h-am da seididh
le gaoth garb gartach attuadh. Diolas muc. Ceannuigheas
muc eile air ceathair deag is fithce.
An fithcheadh la .i. dia mairt. La aoibhin aorach seaca cruaidh
speirghorm geal greine, gan neal gan ceo: ordlach go leith
ar tiubhacht san leac oidhre.
An t-aonmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La tromnealtach
mionfearthanna: an sioc ag leighidh go mór.
An dara la ficiod .i. diardaoin. La tromnealtach
soinninne: an sioc ag toinneadh tineadh.
An treas la fichiod .i. dia haoine. La breagh bog lomarnealtach
galgreineach ciuin caoin, mar la Abrain: is roi-bhreagh
an geimhre se gabh torainn nach beag.
An ceathramha la fichiod .i. dia satharn. Maidin aoibhin
aorach lomarnealtach galgreineach, ciuin: trathnona nealtach
breag bog.
An cuigmheadh la ficiod .i. dia domnach. La tromnealtach
breag bog ciuin.
An seiseadh la fichiod .i. dia luain: - marga muc. Maidin
geal greine lomarnealtach: meadhan lae nealtach galgreineach.
trathnona mar an cceadna, ciuin: naoi cceasacha deag
banaibhe air an margadh.
An seactmhadh la ficiod .i. dia mart. Maidin aoibhin
aorach geal greine slamnealtach: gaoth roiciuin andeas:
la com breagh is do conairc me airiamh an tan so dhen bhliadhain.
An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog:
lomarnealtach galgreineach, mar la abrain, bog gan braon.
gaoth roiciuin aniar.
An naomhadh la ficiod .i. diardaoin. Maidin lomarnealtach
galgreineach breagh bog ciuin: la aoibhin aorach geal greine
lomarnealtach.
An deichmhadh la ficiod .i. dia haoine. La tromnealtach
dorcha: gaoth fionfhuar andeas. Is doith nach fada bhuainn
fearthainn: "fuar gach fliuch": oidhche ceathanach.
An t-aonmhadh la deag air ficiod .i. dia satharn .i.
Oidhche Feil Brighde. Maidin aoibhin aorach slamnealtach
geal greine breagh bog ciuin: la mar an cceadna: oidhche
fliuch: gaoth andeas. - Ni fheacadh aoinneach da maireann
geibhre chomh breagh leis an geibhre se.
RATHA AN EARRAIGH NA GCEATHANNA FUARA 1835.
AN CEAD MI .i. MI FEABHRA NO FAOILEADH, 1835.
An cead la, la Feile Brighde Baine .i. dia domnach. Maidin
tromnealtach braonach: gaoth geur aniar ndeas: la garbh
geimhreamhail: "Ni fuacht go Feil Brighde."
An dara la .i. dia luain, - margad muc. Maidin breagh
bog nealtach: gaoth ciuin.
CzzzzzFil.
"Muca ruadha rathamhla
Muca duba dathamhla
"Muca breaca líonann cró
Muca glasa nil gnodh leo.
"Muc gonna odhar giunnach mar a bheidh gabhar
"Muc daingean druimleathan cinneadtrom
"Is i sion muc ba meinn liom."
CzzzzzPrós
An treas la .i. dia mairt. La breagh bog nealtach: gaoth
beodha aniar.
An ceathramha la .i. dia ceadaoin. La roibhreagh bog tromnealtach:
an grian ag taitneamh go fann um meadhon lae:
gaoth ciuin aniar: deire laoi greine: tosach oidhce gealaighe
ciuin caoin caomh.
An cuigmheadh la .i. diardaoin. Maidin ciothanach tromnealtach:
gaoth garthach aniar: trathnona lomarnealtach
galgreineach breag.
An seiseadh la .i. dia haoine. La garb giuineach: gaoth
garthach aniar um maidin, gaoth geimhreach attuadh um deire
laoi.
An seachtmhadh la .i. dia satharn. La breagh lomarnealtach
galgreineach: gaoth garbh aniar: oidhche garb gaothmhar.
An t-ochtmhadh la .i. dia domnach. Maidin garbh gaothmhar:
cioth trom fliuchshneachta um ocht a clog: gealain agus
sgailinighe.
An naomhadh la .i. dia luain; - margadh muic. La breagh
tromnealtach: gaoth ciuin aniar.
An deichmhadh la .i. dia mart. Maidin geal greine ciuin:
a breagh bog.
An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breag bog
tromnealtach dorca ciuin go trathnona, an tan do taitneadh
an grian go fann.
An dara la deag .i. diardaoin. La breagh bog tromnealtac
galgreineach ciuin: gaoth aniar.
An treas la deag .i. dia haoine. La breagh tromnealtach:
gaoth biogamhail aniar.
An ceathramha la deag .i. dia satharn. La breagh tromnealtach:
gaoth ard aniar ttuadh.
An cuigmheadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog: gaoth
beodha aniar: la gealain is sgailinighe.
An seiseadh la deag .i. dia luain. La breagh nealtana geal
greine: gaoth ciuin aniar.
An seachtmhadh la deag .i. dia mart. La tromnealtach
ceathanach: gaoth ard aniar.
An t-ochtmhadh la deag . i. dia ceadaoin. O meadhon oidhce
go maidin tromceathanach: gaoth ard aniar: la lomarnealtach
galgreineach: gaoth beodha aniar. Is mor do teasdadh an
fearthainn se o giobhar: tosach oidhche fearthanna: gaoth
fuar aniar.
An naomadh la deag .i. diardaoin. Maidin fuar tromnealtach
d'eis deire oidhce sneachta: gach cnoc agus sliabh, maigh
agus machaire geal: la fearthanna: gaoth geur aniar ndeas.
An fithcheadh la .i. dia haoine. Maidin sneacta noch do
thuit areir: an grian ag taitneamh: gaoth fuar aniarn deas:
Sliab na mBan Fionn agus gach sliabh agus cnoc, magh agus
machaire glegeal: la breagh greine lomarnealtach
barr leathanaigh (curach na bliadhna).
An chead la fichiod .i. dia satharn. Maidin, sneacta
leathogach da cur le gaoth fuar aniar ndeas: la fuar.
An dara la ficiod .i. dia domnach. La fuar ceathanach
nealtach: gaoth ard aniar: oidhce anfa.
An treas la ficiod .i. dia luain, - drochmarga muc.
La breagh geal greine: gaoth ard aniar.
An ceathramha la fichiod .i. dia mart. Maidin seaca leithe
geal greine: la breagh lomarnealtach: gaoth aniar ndeas:
oidhce anrodhach siorcheathanach: anfa aniar ndeas.
An cuigmheadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin tromfearthanna
d'eis oidhce tromcheathannach seideánach: la
ceathanach galgreineach seideógach: gaoth garthach aniar ndeas.
An seiseadh la ficiod .i. diardaoin meith na h-inide.
Maidin geal greine speirgorm d'eis oidhce mionceathanach:
gaoth ciuin aniar ndeas: meadhan lae ceathanac le beagan
cloichsneacta: dubhlochair no curach na mbliadna go ceart e.
An seathtmhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin ciothanach
nealtach galgrenieach: anfa anba aniar ndeas: dubhlocair
na bliadhna no curach na bliadhna go ceart e: la nealtach
seideogach.
An t-octmadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin geal greine
seaca leithe, speirghorm ciuin: la breagh nealtach ciuin.
- Ba gaothmar garg deire an mhi se.
MI MARTA .i. AN DARA MI, NO MI MEADHON AN
EARRAIGH. An cead la .i. dia domhnach, domnach innide.
La Breagh biogamail, d'eis maidin seaca leithe: gaoth
geur aniar ttuadh.
An dara la .i. dia luain .i. luan innide. Maidin mionfheartanna
d'eis oidhce seaca leithe: leicin oidhre air
lochanaibh: la breag bog nealtach galgreineach.
An treas la .i. dia mart, mairt innide. Maidin anfa
anba d'eis oidhce seideogach ceathanach: la geal greine
speirghorm: anfa: oidhche ciuin.
An ceathramha la .i. ceadaoin-a'-luaithre .i. an cead la
den corgas. Maidin seideogach galgreineach ciothanach:
gaoth fuar aniar ttuadh: la giuineach garg garbh gaibhtheach.
An cuigmheadh la .i. diardaoin. Maidin tromnealtach
ceobhrain: gaoth ciuin aniar ttuadh.
An seiseadh la .i. dia haoine. Maidin seideogac garbh
fhuar d'eis deire oidhce anfa anba aniar ttuadh, noc do
sguab slinn de ainiomadh tightheadh a cCallain a' Clampair.
Taineadh an anfa anba aniar ttuadh so le tromchlagadh roimhe
breaca an lae: maidin geal greine gaillingeach gaothmhar
gartach giuineach garg. Crom se ag clagadh ag deich a clog
san oidhce agus do lean air go maidin le anfa aniar ttuadh.
An seachtmhadh la .i. dia satharn. Maidin go doch seideogach
ceobhrain: gaoth gartach aniar ttuadh, d'eis oidhce anfa
anba le tromclagadh: tuile sgeitheanach san Amhain: la geal
greine: gaoth sgaloighdeach sganramhail aniar ttuadh.
Do sguab se beann mo dheatachan anuas ag briseadh ceann mo
cistineach: oidhche gealaighe gaothmar gonta fuar: "Ni
fuacht go Feil Brighde": robhadtha san Amhain agus san Amh
Beag. Tiormuigheann an talamh d'urcar bige
.i. bí, .i. beo nó bidhge leis an ghaoth gonta so.
An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. La biogamhail nealtach
galgreineach: gaoth fuar aniar.
An naomhadh la .i. dia luain. Beagan sneacta ar maidin
d'eis oidhce sneacta: ta Sliabh na mBan Fionn glegeal,
agus gach cnoc agus sliabh eile fionn, acht do leighead an
sneacta air na sraideannaibh agus air na tightibh.
An deichmhadh la .i. dia mart. Ta an tir uile foilighthe le
sneacta noch do thuit aréir le gaoth aniar: maidin nealtana:
an grian ag taitneamh go fann. Taid na puisinighe ar an
soileog geal agus ar an ccrann fearnoige: is breagh bog an
la sneacta e: deire laoi fearthanna le gaoth biogamhail
aniar ndeas: tosach oidhce clagairneach: currach na bliadhna e.
An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin soinninne
d'eis oidhce ceathanach, maidin lomarnealtach geal greine:
gaoth biogamhail aniar: glastuile san Amhain: do leigheadh
an sneacta d'aigheadh na tire. Ni fecim acht ball beag
ann so agus an sud ar Sliabh na mBan Fionn. "Muna mbeidh
na lionnta lan rimh Mi na Marta, lionfa an Mart fein iad,"
agus ataid siad lionta go ceart. Is maith do rachadh an
gargshin se do giobhar agus do croinn toraidh, oir na ghobochadh
siad amach go mbeidh currach na bliadhna imthighthe.
An dara la deag .i. diardaoin. La breagh nealtach: oidhche
lanre breagh.
An treas la deag .i. dia haoine. Maidin geal greine,
seaca leithe: leicin oidhre air locánaibh: la breag ciuin
geal greine lomarnealtach. Chuadhas go Cill Chuinigh ag tabhairt
suas Eadmom Mhas, fear ar a bhiodhas a mbanduigheact.
An ceathramha la deag .i. dia satarn. La breagh lomarnealtach
greine ciuin. Caitheas e a cCill Cuinnigh. Bi ciothan
roimhe breaca an lae. Thangas abhaile um deire lae.
An cuigmheadh la deag .i. dia domhnac. Maidin slamnealtach
geal greine: gaoth biogamhail aniar ttuadh: la breagh
mar an cceadna: gaoth ard um trathnona agus deire laoi:
oidhce breagh biogamhail.
An seiseadh la deag .i. dia luain - drochmhargadh muc.
La breagh bog nealtach ciuin caoin: cioth um naoi a chlog san
oidhche.
An seachtmhadh la deag .i. dia mart .i. la Feile Padruig
ardnaomh Eirionn. Maidin nealtach braonach: an grian ag
taitneamh go fann: anfa attuadh um meadhon lae: la breagh
gaothmar.
An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh bog
slamnealtach galgreineach ciuin.
An naomhad la deag .i. diardaoin. La breagh bog nealtach
ciuin.
An fithcheadh la .i. dia haoine .i. an la leathach .i. is ionan
oidhce is la, oir eirigheann an grian agus luigheann si ag se
a clog: maidin tromnealtach ceobhráin ciuin bog breag:
la aoibhin alainn nealtach galgreineach ciuin. Ceannuigeas
cadóg air tuistiun andiu; ba tathacach deaghblasta e le
n-itheadh
An t-aonmadh la fichiod .i. dia sathairn. La breagh bog
nealtac ciuin.
An dara la fichiod .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach
ciuin.
An treas la ficiod .i. dia luain: - drochmargadh muc.
La breag bog nealtach ciuin.
An ceathramha la ficiod .i. dia mairt. La breag nealtana
galgreineach: gaoth geur martamhail tirm anoir.
An cuigmheadh la ficiod .i. dia ceadaoin, la saoire .i. la
Feil Muire na Feil Padruig .i. le Feil Muire na sanuise.
Maidin aoibin aorach seaca leithe geal greine, gan neal
gan ceo: la breagh bog: an grian ag taithneamh go teith mar
la buidhe bealltainne. Is iomdha sine a la earraig: acht ni
raibh sine andiu acht sine da breaghacht. Thaineadh Eibhlin
Ni Threasadh an aimsir cum chugham andiu.
An seiseadh la ficiod .i. diardaoin. Maidin aoibin aorach,
seaca leithe, geal greine gan neal gan ceo: la nealtach
breagh ciuin.
An seachtmhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin bog nealtach
ciuin: la mar an cceadna
An t-octmhadh la ficiod .i. dia satharn. La breagh nealtach
ciuin.
An naomhadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh nealtach:
gaoth fuar andeas.
An deichmheadh la ficiod .i. dia luain. Maidin breagh
nealtach: gaoth ciuin andeas: la mar an cceadna
An t-aonmhadh la deag air ficid .i. dia mart. Maidin
breagh bog nealtach ceobhráin: gaoth ciuin andeas: fearthainn
um meadhon lae deire laoi nealtach soinninne: gaoth ciuin
aniar ndeas. - "Taineadh Mi Marta mar leon, d'imthig
mar uan."
MI ABRAIN, 1835. Callainn a' Chlampuir. An cead la
.i. dia ceadaoin. La na n-amadan Abrain. - Ta nos
barbardha o aimsir na bpaganach air bun an Eirinn fos .i.
amadan Abrain do dheanamh do duine. An aimsir Venus
Uenire (Beandheas) do adhradh, bhi an cead la den Mi na
feighil da h-onorughadh, agus ba gnaith gach gne cleasuigheacht
uirisiol do imirt na h-onór; acht is doith liomsa gur am an
nos ginntilighe se do leagann air lar anois fein. Maidin
bog braonach tromnealtach sraidshalach: gaoth ciuin aniar
ndeas: meadhon lae agus trathnona soinnine.
An dara la .i. diardaoin. Maidin breag bog nealtac
galgreineach: la mar an cceadna.
An treas la .i. dia haoine. La breag bog ciuin.
An ceathramha la .i. dia satarn. La breag bog ciuin.
An cuigmheadh la .i. dia domhnach. Maidin go doich tromfhearthanna,
d'eis deire oidhce fearthanna: la breagh bog
galgreineach ciuin.
An seiseadh la .i. dia luain. La breagh bog galgreineac
ciuin.
An seachtmhadh la .i. dia mart. Maidin aoibhin aorach nealtach
galgreineach: gaoth biogamhail aniar ndeas: la mar an
cceadna. Chuadas go Leaca-na-Cuailighe le Padraig de Burc
ag ceannach bo.
An t-octmhadh la .i. dia ceadaoin. La breagh nealtana
greine: gaoth ciuin aniar ndeas.
An naomhadh la .i. diardaoin. La nealtach tirm: gaoth
garbh aniar.
An deichmhadh la .i. dia haoine. Maidin is meadhan lae
cruadh tirm: gaoth gairbh aniar ttuadh: deire laoi breagh bog.
An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin nealtach
breag bog ceobhrain ciuin: la aoibhin aorach nealtach ciuin
caoin.
An dara la deag .i. dia domnach. - teinnte cnamh air
gach cnoc. Mocheirighe caoin ciuin ceo: la breagh bog nealtana
greine.
An treas la deag .i. dia luain; - drochmarga muc. La
breagh nealtana galgreineach ciuin: - taineadh dearbrathair
mo cheile .i. Seamus Ua Duluthnta Dulchaointigh cum
chugham andiu ar coiste an lae: - teineadh cnamh laimh
le Caraig Seac.
An ceathramha la deag .i. dia mart. Maidin aoibhin aorach
nealtana galgreineach: gaoth roichiuin aniar: - bhi teine air
mullach Suidhe Finn areir; an teine bhi laimh le Caraig Seac
areir bhi mile ar fhaid ann. Is doith liomsa gur cnoc
aitinn do cuireadh tre teinne, tre gairdeacus um Píl agus
na deachmhunn do chur air ccul. Oidhce dia domhnach, bhi na
millte teine air gach cnoc, sliabh agus ardan chomh tiubh leis
na Reiltin air an speir oidhce seaca. Is maith muna ttiucfadh
cogad idir clanna Gaodhal agus na ministeirighe gallda
agus a lucht leanamhna. La breagh bog: luaithrean air boithribh.
Bhí cead go leith míle a ttimcioll an Ghleanna idir na cnocaibh
agus na sliabhtaibh air dearglasa um radharc o Chnocan an
Eithigh ag ceann Fatha an Aonaigh a cCallain a clampuir.
An cuigmheadh la deag .i. ceadaoin-a' bratha. Maidin
tirm; ceo bhothair da sguabadh le gaoth gonta attuadh. Bhí
tri laethe na seanriabhaiche (.i. an dara la deag, an treas
la deag is an ceathramha la deag) breagh bog; acht ata an la
so geur gonta garbh gaothmar: "Gaoth attuadh bionn si fuar
is cuireann si fuacht ar daoinibh...
An seiseadh la deag .i. diardaoin. Maidin breagh nealtana
geal greine: gaoth geur attuadh: meadhon is deire laoi gaoth
garbh gaibtheach attuad.
An seachtmhadh la deag .i. dia haoine .i. Aoine an Ceasta.
La nealtach: gaoth gonta garbh attuad ag sguabadh luaithrean
air boithribh. D'fhág Seamus Ua Dulathunta Dulchaointigh,
dearbhrathair mo chéile Callain trathnona andiu ag triall go
Baile-ath-cliath.
An t-ochtmhadh la deag .i. satarn Casga. Maidin breagh
biogamhail. - chidim sguabadh air an marga deanta de
fhraoch, agus sguabadh deanta de dhuilleabhar .i. an Rasan
air a ttagann an fraochán; is on duiulleabar leathan thagann
air goirtear a ainmh ainm. Is rochaol an duille thagann
ar an bfraoch, agus ni thagann aon fraocan air, acht blaith
beag corcra: is neamhcomhsamhail le na cheile an duilleabhar
ras (rasán) agus an fraoch (rasán eile): fraoch
.i. erica vulgaris: duilleabhar o a bfasann fraochan
Vaccinium Myrtillus.
An naomadh la deag .i. domhnach Casga. La breagh bog
nealtach ciuin: d'imthigh an fuacht mor agus an gaoth gartach.
An fithcheadh la .i. luan Casga, - ni la. saoire anois e.
La breag bog nealtach ciuin: marga muc.
An t-aonmhadh la ficiod .i. dia mart. La breagh bog nealtach:
gaoth ciuin aniar. Chuadhas le sochraid leinibh an Codlatánach
go Teampul Loisg .i. go Cill Train, air maidin go moch ar
cara luasgain.
An dara la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach
geal greine gan neal: ceo tana, ciuin caoin: meadhan lae
agus trathnóna lomarnealtach: gaoth geur aniar ttuadh.
An treas la fichiod .i. diardaoin. La breagh nealtana
greine ciuin: ghaoth attuadh.
An ceathramha la ficiod .i. dia haoine. Maidin breagh
lomarnealtach greine: gaoth geur attuadh. Cidhim eorna da
cur faoi raca iaruinn: beirt fear da tarang, agus ainiomad
garlaigh no aosog agus toicighe ag cur a' tsil.
An cuigmheadh la ficiod .i. dia satarn. La breagh nealtana
greine: gaoth geur attuadh: - teasduigheann fearthainn go
mor o gach barr.
An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin geal greine
lomarnealtach: gaoth gonta tirm attuadh: cloichsneachta
agus sneacta leatogach um trathnona .i. tri a clog le gaoth
gonta garg attuadh.
An seachtmhadh la fichiod .i. dia luain, - drochmharga muc.
La breagh nealtach: gaot geur attuadh. "Gaoth attuadh
bionn si cruadh, agus cuireann si fuacht ar dhaoinibh." Chidim
sneacta air mullach Suide Finn: beagán cloichsneacta um
buile a clog le gaoth gonta anoir ttuadh: (oidhce fuar):
toirneach ag ceathair a clog no trathnona.
An t-octmhadh la fichiod .i. dia mart. Cloichsneacta agus
sneacta leathogach agus fearthainn roimhe breaca an lae:
maidin go moch mionceatanach: maidin soininne lomarnealtach
galgreineach: gaoth geur anoir ttuadh. Chidhim maoilinigh na
morsliabh foilighthe le sneachta .i. maoilin Sleibh na mBan Fionn,
maoilin na nGaillti, maoilin na cCumarach, maoilin
Stuada Laighean, maoilin na Staidhre Duba: is martamhail an
Abrain í seo againn.
An naomhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh nealtach:
gaoth fuar anoir ttuadh.
An deichmhadh la ficiod .i. diardaoin. Cuadhas go h-aonach
na muc i Muilleann Ui Chuan. Bhiodas ag Bothar-a' Mharga
ag labhairt na fuiseoige, ag an cead spice den lae gaoth
gonta anoir ttuadh. Nior dhiolas mo muc; ag teacht abhaile
dom, thuit cioth trom fearthanna orm: deire lae soinninne.
MI BEALLTAINNE 1835. Callain a' clampuir. An cead
la .i. dia haoine .i. la buidhe Bealltoinne. La aoibhin aorach
nealtach galgreineach, breag bog brothallach: gaoth ciuin anoir
ttuadh. d'imtigh an fuacht le ratha ráithe an earraigh na
cceathana fuara. Cuadhas go Cill Chuinigh.
An dara la .i. dia satharn. La breag bog nealtach: gaoth
ciuin anoir ttuadh: margadh maith muc a cCallain.
An treas la .i. dia domhnach. Maidin agus meadhan lae
aoibhin aorach nealtana geal greine: trathnona fearthanna
air feadh uaire: d'iontadh an gaoth on ard thuadh gus an ard
shiar: deire laoi tromnealtach breag bog ciuin: iomaint air
Faithce an Aonaigh: aosog Callain ag spaisteoireacht ar an
Faithce.
An ceathramha la .i. dia luain, - la aonaigh Callainn. La
aoibhin aorach speirghorm geal greine. Cuireas ceathramha
potataoi a ttalamh a Luinsig, laimh leis an Amh Bheag: ceannach
maith air an aonach acht beagan daoine.
An cuigmheadh la .i. dia mairt. Maidin agus meadhan
lae tromnealtach tirm: gaoth fuar andeas: trathnona fearthanna,
agus is mor do theasdadh on duthcha dúthaigh.
An seiseadh la .i. dia ceadaoin. La breagh nealtana ciuin.
An seachtmhadh la .i. diardaoin. La breagh nealtana geal
greine ciuin.
An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. La breagh nealtana geal
greine ciuin.
An naomhadh la .i. dia satharn. La breagh nealtach, tromceathain
is gealain: cioth trom um meadhan oidhche: gaoth beodha
aniar: - chuireas mo cuid potataoi ó bhaoghal, oir ataid
na clasa gearrtha.
An deichmhadh la .i. dia domhnach. La breagh nealtach, d'eis
oidhche ceathanach: gaoth fuar aniar ndeas: is maith rachaid na
ceathain se do gheabhar.
An t-aonmhadh la deag.i. dia luain. La nealtach: cioth um
ceathair a clog um trathnona le gaoth fuar aniar ndeas.
An dara la deag.i. dia mairt. La breagh bog nealtach:
gaoth beodha aniar ndeas: fearthainn ciuin caoin gan fuide
gan fuacht: gaoth ciuin andeas o trathnona: deire laoi ceobhrain:
gaoth ciuin aniar: oidhce ciuin ceathanach.
An treas la deag.i. dia ceadaoin. Maidin ciuin soinninne,
d'eis oidhce ceathanach: gaoth ciuin aniar ndeas: meadhan
lae agus trathnona tromceathanach: gaoth ciuin andeas:
"Gaoth andeas bionn si tais, is cuireann si raith ar
sioltaibh": deire laoi tromnealtach siorceathánach, agus is
mór do theasdadh an fhearthainn o gach barr; mar ata, cruithneacht,
coirce, eorna, feur, seamar, (agus luibheanna gardha),
pis, pisean, ponaire: seagal, etc.: oidhche ciuin ceatanach.
An ceathramha la deag .i. diardaoin. Maidin go moch
ciuin fearthanna, d'eis oidhce fearthanna: gaoth andeas:
fearthainn gan fuide gan fuacht i seo; is dronuilleanach
thuiteann si, mar is gnath le fearthuinn gan drothán: tráthnona
ceobhrain: gaoth ciuin anoir: tuile buidhe faoi port an in
Amhain-a-Righ: oidhce ciuin ceathanach caoin.
An cuigmheadh la déag .i. dia haoine. Cioth trom ag céad
spice an lae: gaoth ciuin andeas: mochóirghe tronmealtach
soinninne: gaoth ciuin andeas: mochóirighe tromnealtach
soinninne: gaoth ciuin andeas: "Gaoth andeas bionn si tais,
is cuireann si rath ar sioltaibh": - cuirfeadh an fearthuinn
se moill ar curadoireacht na bpotataoi: thuit an tuile buidhe:
nill san Amhain anois acht glastuile: taisbeánann so nachar
thuit acht beagan fearthanna aréir; acht chidhim tromnealta
ag eirghidhe san ard theas: maidin ceobhrain le gaoth andeas:
cioth trom um ocht a clog: ciothan gealain um naoi: an speir
ag glanadh suas: meadhan lae speirghorm lomarnealtach geal
greine: is alainn úr aidheadh aghaidh na tire. Cluinim an
cuach an céad uair am chluais deis: deirid otracháin gur
adhbar, acht nil ann so acht saobhchaint: tráthnona
aoibhin aorach lomarnealtach speirgorm geal greine: deire
laoi breagh: oidhce aoibhin ciuin soininne.
An seiseadh la deag.i. dia satharn. Maidin agus meadhan
lae sonninne, d'eis oidhce sonioinne: ancuid potataoi sil
air an margadh, o pingin go tri leathphingine a chloich: trathnona
ciothanach: gaoth beodha andeas.
An seachtmhadh la deag .i. dia domhnach. Maidin tromnealtac
fearthanna, d'eis oidche ceathanach: anfa anba um
trathnona agus deire laoi on ard theas: "Ni anfa go gaoth
andeas."
An t-octmhadh la deag .i. dia luain. La breag bog lomarnealtach
galgreineac: gaoth ciuin andeas.
An naomhadh la deag .i. dia mairt. Maidin go moch aoibhin
aorach speirghorm: maidin lomarnealtach greine: gaoth
roiciuin andeas: - ni feacadh me aon fainleog sa bhliadhain
se, go bhfeacadh me andiu e .i. fainleog camchosach.
An fithceadh la .i. dia ceadaoin. La breagh bog lomarnealtach
greine: gaoth ciuin andeas. Cuiread Seaghan Ua Duinn
mac -- Ni h-Airnigh Athairne agus leasmhac Mhichil Ui
Braonain, o Sraid a' Droichid Mhoir, andiu ann a urlachas
an - . Chuaidh mathaibh an bhaile chum na sochraide.
An t-aonmhadh la ficiod .i. diardaoin. La breagh lomarnealtach
greine: gaoth biogamhail andeas: deire laoi nealtach
fionfuar.
An dara la fichiod .i. dia haoine. Ciothán cumhra ar
maidin go moch: maidin aoibhin aorach breagbog braonach:
"Is comhachtach na braonáin (.i. braoinin .i. ceobhraon)
andiu": la breagh bog lomarnealtach geal greine: gaoth
ciuin aniar ttuadh: daoine ag cur potataoi go lionmhar.
An treas la ficiod .i. dia satharn. La breag nealtana:
gaoth fiunfhuar aniar.
An ceathramha la fichiod .i. dia domhnach. La fionfhuar
nealtach: cioth trom um buile a clog sa trathnona le gaoth
geur aniar ndeas.
An cuigmheadh la fichiod .i. dia luain. Maidin nealtach:
gaoth fionfhuar aniar: ciothain is gealain o am go ham treas
an la: gaoth gartach aniar. Is fuar an mi bealtainne e.
Cidhim potataoi noch do cuireadh agus do clúduigheadh faoi
trinnseaghail agus faoileadh chuig seachtmhuinne o shoin, noch
ata gan teacht suas os cionn talmhan fos.
An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. La ciothánach: cloichshneacta
agus tóirneach um se a chlog: gaoth roiciuin aniar
ttuadh.
An seachtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog:
ciothain gealain agus toirneach le gac linn: gaoth attuadh:
o meadhan lae go cuig a clog cloichsneachta agus clagadh, agus
toirneach tréun um cuig a clog: gaoth anoir agus do lean air
go se a chlog, an tan do stad an toirneach agus an fhearthainn.
An t-octmhadh la ficiod .i. diardaoin Deasgabhala .i. la
saoire: maidin aoibhin aorach speirghorm geal greine, beagan
slamnealta le ciunas mor: la mar an cceadna. - Iomaint
agus comhbhrac coilighe coileach agus rinnce fada no Geatai
Arda; agus iomaint geata air Faithche an Aonaigh. Ta da
gne iománadh ann, mar ata: - iomaint gaolach le comán
agus liathroid, noch a buailtear treas an machaire, no treas
an baire .i. treas an lubán ag ceann macaire na h-iomana;
cricket .i. iomaint gallda le bata agus liathroid, noch a
caithtear le lamh tre geatín de leagadh mas feidir e, acht
cosantar an geatin le fear-an-bhata.
An naomhadh la fichiod .i. dia haoine. La aoibhin aorach
lomarnealtach geal greine ciuin caoin caomh breag bog.
An deichmhadh la ficiod .i. dia satharn. Maidin aoibhin
aorach breagh brothallach lumarnealtach geal greine: la ciuin
mar an cceadna.
An t-aonmhadh la deag air fichid .i. dia domnach. Maidin
aoibhin aorach geal greine breag brothallach ciuin caoin:
samhra buidhe go ceart e anois, agus is mor do theasdadh an
brothall so uainn: trathnona agus deire laoi breag bog
nealtac. Chidhim fo-ghas ag teacht suas am cuid potataoi:
cioth um deich a clog san oidhce. - Ba fionfhuar an mi
bealltoinne í seo go diardaoin Deasgabhala, an tan do
iontadh si chum bheith breag bog brothallach, d'eis na toirnighe
noch do bhi an la roimhe sin.
MI MEADHOIN AN tSAMHRA 1835. An cead la .i. dia
luain. Maidin breagh nealtach: gaoth fionfuar attuadh: la
breag trid amach.
An dara la .i. dia mart. La breag ciuin geal greine:
cioth breag um deich a clog san oidhche.
An treas la .i. dia ceadaoin. Maidin ciuin: ceo chomh
tiubh san nach bfaicim da fichiod slat uaim. La breag geal
greine ciuin: cromas air an aithcriadh do chur air mo chuid
potataoi.
An ceathramha la . i. diardaoin. Maidin ciuin, ceo tana
go moch: maidin aoibin aorach speirgorm geal greine go
naoi a clog an tan d'eirigh beagan lomarnealta: la lomarnealtach
geal greine: gaoth bog anoir: biadtinne an gach
ard.
An cuigmheadh la .i. dia haoine. Maidin go moch aoibhin
aorach speirgorm geal greine ciuin caoin: gaoth bog anoir.
Is aoibhin an aimsir ag saothramhadh na bpotataoi e. Ta
biadhtinne da dhothadh ar gach sleibhtea agus mointean
siar uaim, agus is comhsamhail go mbiadh daoine ag cur
potataoi go la fheil Seaghain: meadhan lae agus trathnona
lomarnealtach geal greine: gaoth beodha attuadh. Chidhim um
deire laoi go bfuilid urmor na biadteinne doithtidh muchtadh
andiu, noch do bhi ar dearglasadh andé, le tiormacht na
h-aimsire agus leis an ghaot beodha tirm anoir.
An seiseadh la .i. dia satharn. La aoibhin aorach speirghorm
geal greine: gal teasbadh as an talamh, agus ceo teasbad
idir me is na sleibhtibh. Muna mbeidh an gaoth beodha noch
ata anoir ttuadh do bheidh an la chomh brothallach le haon la lem
chuimhne. Cuireas deire la sluaisteaghail mo cuid potataoi
noch do cosain leath coroinn dom. Um an t-aon bhuile deag
san oidhche, teine creasa agus blaodhmanna borba toirnighe,
le clagadh tromfearthanna: bhi teine gealain uair a chloig.
roimhe an toirneach: is iongantach liom sin.
An seachtmhadh la .i. dia domhnach. La teasbadh ceo tana
ciuin: deire laoi geal greine.
An t-octmhadh la .i. dia luain. Maidin druchta ciuin: ceo
go naoi a chlog an tan do taitin an grian treas an cceo:
toirneach treun a bhfad uainn um trathnona: la chomh brothallach
is do conairceas ariamh. Chuadhas a snamh um meadhan lae:
bliadhain tortamhail í buideachas le Dia: cruithneacht ag
easgar: - do marbh teine creasa ainiomad airnéis a
ccondae Bhaile-ath-cliath.
An naomhadh la .i. dia mairt. Maidin ciuin ceo: la
brothallach geal greine ceo teasbadh: toirneach a bhfad uainn:
dath buartha buidhe air uisge na h-Amhan, cia nach bhfuill tuile
innte.
An deichmhadh la .i. dia ceadaoin: - la trosga. Maidin
druchta: maidin is meadan lae ciuin ceo fionfhuar: trathnona
teasbadh nealtana greine - cruitneacht ag easgar.
An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin ciuin ceo:
la breag nealtach brothallach ciuin: deire laoi greine aoibhin
aorach bog: - drochmargadh muc.
An dara la deag .i. dia haoine .i. la aonaigh Callainn.
Mochmhaidin ciuin ceo: maidin geal greine ciuin: la mar an
cceadna: - drochaonach.
An treas la deag .i. dia satharn. Mochmhaidin ceo ciuin:
maidin geal dructa lomarnealtach ciuin.
An ceathramha la deag .i. dia domhnach. La breagh nealtach:
gaoth beodha brothallach attuadh.
An cuigmheadh la deag .i. dia luain. La breagh nealtac:
gaoth beodha an ar ttuadh.
An seiseadh la deag .i. dia mairt. La bog nac beag
brothallach: gaoth beodha aniar.
An seachtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin caoin
ceobhrain: gaoth ciuin aniar ttuadh: la fionfuar: gaoth beodha
attuadh.
An t-ochtmhadh la deag .i. diardaoin Abhloinne .i. la saoire
.i. la aonaigh Chille Cuinnig. La breagh bog nealtana geal
greine: gaoth beodha bog aniar ttuad.
An naomhadh la deag .i. dia haoine. La breagh bog nealtach:
gaoth beoda aniar ttuad.
An fithcheadh la .i. dia satharn. La breagh bog nealtach: gaoth
aniar ttuadh.
An t-aonmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La breag bog
nealtach: gaoth beodha bodha LS. aniar.
An dara la ficiod .i. dia luain. La breag bog nealtach
mionceathanach: gaoth ard aniar. Sliabh na mBan Fionn ag
caitheamh tobac. - Is mor theasduigheann fearthainn o gach
barr, acht cruitneacht faoi blaith, agus féar da shabháil .i.
féar da dheanamh. Chuadhas go Cill Minic go socharaid an
Stacach, noch ata da chur andiu a Stoinchathraigh; is
roidheas an ait san samra e Cill Minic oir baile beag
coiminis e le croinn soileoige ag fás go lionmhar timchioll
gach tighe.
An treas la ficiod .i. Oidhce Feil Seagani .i. dia mairt.
La breagh nealtana greine ciuin. Cuadas le gras clodhadoir
o Baile-ath-cliath go coillte Iarla Tigh-na-hinse, tri mile o
Challain. Cuadhamar asteach is na coillte ag Clas-an-dair-mhoir.
Is aoibhin na coillte se. Gluaiseamair romhain ag
insinn sgealta fianuigheachta air na lurgadain (na lorgadain)
.i. siobhraighe beaga saobhnosacha, sé n-ordlaigh air aoirdeacht,
mar lucht na Lilipiusia, ar a mbionn truis agus caipinighe
dearga, agus coitinighe gearra uaithne. Ta ciorcaill
uaithne aca ameasg coillte Cnoic na Cairge a mBaile-Ui-
Chaoimh, agus is gnaith leo gach oidhce samhra gealaighe beith ag
rince le ceolta sidhe go glaodh na ccoileach, an tan sgaipeann
siad mar ceo. Ta sbarán lionta le h-ór buidhe ag liobarna
o glac gach lurgadán, agus an tan cidheann sbealadoir, la
teasbadh, iad ag rith tres na moinfearthuighe, measan se
ceann diobh do gabhail chum an sbarán oir do bhaint dhe, acht is
goile labharthoir gac lurgadan, oir cloisean an sbealadoir
glor garg allta taobh shiar de, agus an tan fheachann cread
as an glór sluigthear an lurgadan treas an talamh go Tir
na n-og.
Shiubhlamar treas an Doirin, agus tres an Ciorcoill Crann
go Dair-na-bhfiach, agus laimh leis na lochain eisg go Cuirt-
an-Tighearna .i. an Tig-Mhor .i. Tig-na-hinse agus tre gach
rasan noch ataid ann, millte mílte air faid, agus treas
an gardha, ceithre acara air meid le balla seacht ccuinne;
agus treas an tigh gloine, agus go Baile-Ui-Gheibhle, ait ar
sgaras lem comhluadar, an grasac clodhadoir o Bhaile-ath-
cliath, agus thangas abhaile de Cnoc Tulach-Mhaoine, agus den
Cnoc Riabhach go Callain-a'-Clampuir, d'eis chuig mhile de
bothar agus chuig mile eile tre coillte cumhra agus rasáin
roailne agus macairighe mine glasa. Ni theasduigheann acht
uisge amain .i. amhain abhainn mór no loch aoibhin chum Tigh-na-
hinnse do bheith na hait comh bhreagh com alainn is ata le
faghail air druim domhain. Deire laoi gaoth biogamhail fuar
attuadh: ciothan cumhra um an t-aon bhuile deag san oidhche,
agus teasduigheann si go mor.
An ceathramha la fichiod .i. la Feil Seaghain .i. dia ceadaoin.
- Ni la saoire anois e. Cioth trom ag breaca lae: gaoth ard
aniar: ciothain agus gealain le gach linn, le gaoth ard garthach
aniar ttuadh: meadhan lae agus trathnona tirm galgreineach
anfa aniar ttuadh. Ta se chomh fuar le la marta meirgeach
gaothmar cruadh. Connairceas ande san Doirin, ballaidhe
tig bó deanta amuch sa amach de slata soilioige; - is o
tighthe deann den tsort so goirthear Druim Soileach d'
Ardmhacha.
An cuigmheadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin geal greine
lomarnealtach: gaoth gonta garthach geimhreamhail aniar ttuad:
la mar an cceadna: dob eigin domh mo cosóg geimhre do cur
orm.
An seisead la ficiod .i. dia haoine. Maidin agus meadhan
lae tromciothanach: deire laoi soinninne: gaoth gonta garthach
aniar.
An seachtmhadh la ficiod .i. dia satharn. Cioth ag cuig a
clog air maidin: la breag bog nealtach: gaoth aniar.
An t-ochtmadh la ficiod .i. dia domnach. Crom se ag
fearthainn go bog roimhe se a clog le gaoth ciuin andeas
agus do lean air treas an ló, ag mionfhearthuinn, no ag
ceobhrain: gaoth anoir ndeas um deire lae.
An naomhadh la fichiod .i. dia luain .i. la Peadair is Poil
.i. la saoire. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin andeas.
An deichmhadh la ficiod .i. dia mairt. Maidin ceobhrain
um se a clog: gaoth ciuin anoir ndeas: la ceobhrain agus
soinninn la gach linn: gaoth anoir ndeas.
BUIDHEMIS 1835. An cead la .i. dia ceadaoin. La
siorfhearthanna: gaoth roiciuin andeas: "Gaoth andeas bionn
si tais, is cuireann sí rath air sioltaibh." deire laoi soinninne.
An dara la .i. diardaoin. La breag bog lomarnealtach geal
greine: gaoth beoda andeas. Taid mo cuid potataoi da
nglanadh: is roibhreagh iad.
An treas la .i. dia haoine. Crom se ag mionfearthainn
ag leatuair d'eis a ceathar .i. ag an tam ion a n-imthigheann
Coiste an Mhala (o Bhaile-ath-cliath) tar braid: maidin
ceobhráin go hocht a chlog le gaoth roiciuin andeas, an tan do
thaitin an grian tre nealta boga uisgeamhla: maidin nealtach
galgreineach breagh brothallach, agus la breagh bog: ag
ceathrama uaire d'eis a se toirneach os cionn na h-Amha
Muimhnighe, le fearthainn trom air Sliabh Ardach .i. ar Druim
a' Ghuail: d'iontadh an gaoth ón ard shiar gus an ard thuadh,
agus thaineadh tromclagadh um seacht a chlog, ni raibh se tar
leathuair ag triall o Druim-a'-Ghuail go Callain.
An ceathramha la .i. dia satarn. Maidin breagh bog ciuin:
crom se ag tromchlagadh ag an t-aon uair deag, agus lean
ar ag clagairneach go se a clog, .i. air feadh seacht n-uaire.
Ta tuile buidhe san Amhain: deire laoi agus oidhce soinninne
ciuin.
An cuigmheadh la .i. dia domhnach. Maidin soinninne geal
greine lomarnealtac: gaoth ciuin andeas.
An seiseadh la .i. dia luain. La bog nealtach ciothánach:
gaoth andeas.
An seachtmhadh la .i. dia mart. La mionceathanach: gaoth
andeas.
An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin, - margad muc. La
breagh nealtach: gaoth ciuin aniar. caipinighe ceo air na
sleibtibh air maidin; acht do glanadar suas um meadan
lae: "Sliabh na mBan Fionn is na nealta os a cionn."
Cidhim fiormuilinn (fíor-mhaoilinn) Stuadh Laighean, agus
fiormhullach Beann na nGaillti faoi ceo. Taisbeanann so
gur aoirde iad na Sliabh na mBan 'na na Cumaracha, agus na
na Stadaire Dubha. Cuireas deire le glanadh mo chuid potataoi
andiu.
An naomhadh la .i. diardaoin, - margad muc a cCallain.
Ciothain roimhe breaca an lae: soinneann ag ceathair,
tromfearthainn ag cuig: meadhan lae soinninne; deire laoi
tromfheartanna: ceannach maith air mucaibh ramhra noch a
mheadann o cead-go-leith go da chead. Dhíolas muicín meith
ande air da fichiod sgilling; agus cheanuigheas da mhuc andiu
air trí puint cuig sgillinge is rael, noch a bheidheas meith
go leor ag aonach na San Lamhras .i. an t-aonmhadh la fichiod
de mhi Lughnasa chugainn. Ta o se fichiod go seact fichiod
air an ccead den muicfheoil mucraighe .i. muca bagún.
An deichmhadh la .i. dia haoine, la aonaigh Callain-a'-
Chlampair .i. la aonaigh na Feil Seaghain .i. seana la Feil
Seaghain beag. Maidin tromnealtach ceobhrain. "Is minic
dubhachán mór le beagán fearthanna." La aoibhin aorach lomar-
nealtach greine: ceannach maith air banaibhe. agus slipighe:
ollan ó seacht sgillinge deag an cloich go punt: beagan
lorg ar caoirigh na capaill, na bá: drochaonach: gaoth aniar:
brusgar ag bualadh a cheile.
An t-aonmhadh la deag .i. dia satarn: la breag nealtach:
gaoth ciuin aniar. Diolas cuid mhaith earradh andiu sa nde:
oidhce fearthanna on 't-aon buile deag suas.
An dara la deag .i. dia domhnach. Maidin siorfearthanna
d'eis oidhche siorfhearthanna: gaoth ciuin aniar ndeas. Is mor
an diobhail ata ar feur bainti: is mor theasduigheann soinnean
o gach bárr anois. Chidhim Padruig Ua Deabrán
ci Faithce an aonaigh noch do bhi a bruidean is ag eachran la an
aonaigh, gabhtha ag pileirighe Callain ag imtheacht go priosún
Cille Chuinnigh, gan caibin air a cheann, na briste air a gabhal,
na brog na stoca air a bhonn. Is maith do tuill se e: meadhan is
deire lae breagh soinninne.
An treas la deag .i. dia luain. La breag lomarnealtach
greine: gaoth beodha aniar: tiormoghadh so an feur.
An ceathramha la deag .i. dia mart. Maidin breag bog
nealtac greine: la greine: gaoth ard aniar ag crothadh
arbar go mor: da phingin go leith air potataoi.
An cuigmheadh la deag .i. dia ceadaoin. Cioth trom ar
maidin o ceathar go cuig a clog: la breagh lomarnealtach
greine: gaot ard aniar.
An seiseadh la deag .i. diardaoin. La breagh nealtach:
gaoth fionfuar aniar ndeas: deire laoi mionfearthanna:
oidhce mar an cceadna.
An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. Moch-maidin ceobrain
d'eis oidhce ceobhrain: gaoth fionfuar aniar ndeas: maidin
mionfhearthanna: meadhan is deire laoi soinninne.
An t-octmhadh la deag .i. dia satharn. La breagh nealtach:
toirneach um deire laoi: gaoth garb aniar.
An naomadh la deag .i. dia domnach. Maidin breagh greine:
d'eirigh garb ghaoth aniar ndeas um meadhan lae noch do ciuineadh
cioth fearthanna um tri a clog .i. trathnona.
An fithchead la .i. dia luain. La breag bog nealtach ciuin.
- Cluinim gur thuit cloichsneacta trom agus sneacta a
cCnoicin-a'-Gabha, laimh le Caisiol Mumhan, agus gur lean air
ag tuitim, le gaoth aniar gur mhill arbar agus potataoi.
Cluinim gur thuit, mar an cceadna, laimh le paraiste Cille
Mhanach, ag milleadh gach barr mar an cceadna.
An t-aonmad la ficiod .i. dia mart. Maidin aoibhin aorach
lomarnealtac geal greine. - Chuadhas go Baile-átha-cliath.
ag ceannach earragh. Caitheas la air an bothar, agus se la
san ccathair, agus la ag teacht abhaile; is e sin, bhíodhas ocht.
la o mo thigh a cCallain. Cuadhas de bhothar Ceatarloch, agus
tangas de bhothar Baile-átha-Aoi. Ba brothallach an aimsir
a mBaile-ath-cliath, agus ar na boithribh e. Ba aoibhin aorach
radharc na tire air gach bothar. Conairceas daoine ag gearradh
coirce agus eorna mor a bhfo-aitibh ag teacht abhaile dhom
.i. air an t-ochtmhadh la ficiod. Rithid na coistighe seacht
mile gaodhlacha san uair air bothar Baile-átha-Aoi agus se
mile ar botar Ceatharloch.
An naomhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach
brothallach. - Chuadhas ag snamhadh.
An deichmhadh la ficiod .i. diardaoin. La breagh brothallach
speirghorm geal greine.
An t-aonmhadh la deag ar ficid .i. dia haoine. Mar an
cceadna.
Bzzzzz1832 19T
COMHLABHRA NÓ RÁDH-AITHEASC
Thug sé ag Baile h-Éaghail, an t-ochtmhadh lá de iúil, 1832.
(Cm. imleabhar a trí, lthth. 164, 165)
A chlanna gaodal, is mian liom labhairt libh a niomh indiu
a mhinniughadh dibh cionnas thangabhair fe fhiacail a bhráca ag
clanna gall, agus le cumhnadh congnamh De uile-comhactach
a innsin dibh an tslighe is fearr chum eirge as an
aindise ina ttarla caitilicighe na h-Eirionn.
Is beag nac bfuil seacht gcéad bliaghain ó tuiteamar fé gearsmact
clanna gall, tre ar ccionnta fein. Ni raibh cumna congnamh
clanna gaodhil le cheile, agus dá bhrigh sin do creacadh, do
crocadh, do ceasadh iad.
An uair d'aistriodar clanna gall ón creidiomh chaitiliceach
do dhiobradar na caitilicidhe as sé chontae i cCuig' Uladh,
agus as morchuid do na cuigighibh eile, da radh leo imteact
go h-ifrionn nó go Connactaibh. D'eirgheadar na caitilicigh
suas an arm an aghaidh a ndeargnamhaid, na sasanaig, acht
ni raibh an la leo. Cailleadar a bfearntas. Ní raibh Brian
Boramha na Uaisington na aon treanchogaigheach eile aca,
do coingeochadh iad a comhrughadh cabhrughadh le chéile.
Saoileadar na sasanaig a deanadh leis na caitilicidhe mar rinneadar
na h-Udaigh leis na Cananitighe, gan aon do clanna
gaedhal, fear, bean na buachail, lag na laidir, bocht na saidhbhir
d'fagan san tir se na mealla agus na leamhnacta, gan
marbhadh.
D'eirgeadar na sasanaig a rebeilion an aigheadh righ Searlus
a righ dilis fein, agus cia gur sasanach e, do sciobadar an
ceann de. Do chomhrochad chabhrochadh na caitilicighe leis,
acht tre slioghmodoireacht slíomadóireacht na sasanaig,
nior aithin se a charaid o a namaid. Tainidh san ám ceadna
Olibher Cromshuil, agus do thug se lerscrios ar chathracha, ar
bhailtibh agus ar tiorta na h-Eirionn. D'fag se an
dileactaighe
sa dig a beice béiceadh, agus a mathar marbh taobh leis.
Cuireadh cuig cead fear agus deich sagart agus fiche chum
báis ar charaig Chaisil, tar eis an ait do thabhairt suas ar
connradh a n-anam do sparail. Rinneadh an cleas ceadna
leis na caitilicighe a Loch Garmainn, a nDrochad-atha, agus an
iomad d'aitibh eile.
An uair do thanadh an dara rig Searlus chum an coroin,
de dhearmhuid se na caitilicighe bochta, craite, mar do
dearmudh an buitléir an bacaeir. D'fhag se lucht Olibher
Cromshuil a seilbh gach nidh dar chreachadar o na caitilicighe.
An uair thainidh Rig Uilliam, ceann na h-Orange, do dhibir
sa athair a cheile, righ Seamus, o na rioghacht. Do
seasadar na caitilicighe amach a Luimneach go laidir an aghaidh na
h-Orange, go bhfuaradar geallamhain o Righ Uilliam saorchead
tradála, cead léas fada eastait do cheannach, agus os cionn
gach uile nidh, cead ar cCreidimh, agus ma iaradis nios mó
do geabhaidis é.
Ní maith bhí deire le coga America na tosain cogadh san
bFrainc. Ba mhian le Billy Pit, airdmhinisteir Shasana, an
parliament do bhreith o Eire go Sasana, agus chum so do
dheanamh do chur se an sop ar seideadh. Is cuimhin libh fein
bualadh an Ruis, lá Sleibhe na mban, agus an cuid eile do
na buailtighibh sin; acht is e crioch bhí ar go rug Billy Pit an
parliament leis, agus atamaoid fe an fuirse ag na h-Orange
riamh o soin.
D'imtigeadar na tighearnaighe, na h-iarluighe, agus na
daoine mora anonn, do chuirfeadh obair ar siubhal annso
do comhadfadh lucht oibre o bheith ag iarad na deirce mar ataid
siad. chidheann sibh fein gorta agus galar gach aon bhliaghain
nach beag, chiad nac bhfuil tir san domhan is torthamhla agus is
sláinteamhla na Eire: agus cad e is ciall don gorta agus
don ghalar so bheith ar na caitilicighe? Ineosadh me sin dibh;
mar nach comruighean caitilicighe le na cheile. Ma bheidhmis
dilis da cheile ni bhfaghad aon duine uasal da aoirdeact dul
asteac don parliament, acht an te do taithneochad linn,
feath mar deirigheadar caitilicighe Puirtlairge agus do
chuireadar an Paorach agus Villars Stewart - daoine
uaisle breaghtha onoracha macanta -, asteac sa parliament,
agus do thiomaineadar amach Beresford Dúinsméarach
malaighte do croch agus do ceas na millte caitiliceacha, a
mbliaghain a choga agus o shoin. Do rinneadh an cleas ceadna
a ccontae Caomhain an Chabháin, a cconta Maghneacain
Muineacháin, a ccontae an Luadh Lughbhaidh, agus an iomad
do chontaeibh eile na h-Eirionn.
Anois tuigeann na daoine uaisle go bfuilmid neartmhar
chum iad do chur asteach sa pharlament, no iad do chomhad amach,
agus da bhrigh sin, is comhsamhail ma chuirmid "Petition"
no athcuinge chughtha chum "Catholic Emancipation" do
thabhairt duinn go ttabharfadh siad duinn e. Acht bfheidir
nach fuil fios agaibh go de cadé an comhair chabhair
"Emancipation" don duine bocht. Inneosad dhibh gan
mhoill é.
Is é an nidh Catholic Emancipation gach aon comhachta
agus onóir da bhfuil ag sasanaig, do bheith ar an ccuma
cceadna ag na caitilicige. Da mbeith siriam caitiliceach
ann dar ndoith ndóigh ni bheith cuiste Orange na shuidhe ar
caitilicige da ccrochadh is da cceasadh mar ata a ccuige
Uladh. Da mbeith breithiomh caitiliceach an, ni bhfaghadh an
"Grand Jury" srathar na h-aindise do chur an bhur mullach
gach aon leathbhliaghan ag cur srath contae chomh mór le cios
an aiteanna eile, agus srath contae air na tighte a cCallain,
rud nach bhfuil an aon bhaile beag an Eirinn acht a cCallain
amhain, - seo agus cead srath agus dualgus eile nach tagann
liom cuimhne orra anois.
Nar mhor an dothchas don tsaigheadior caitiliceach suil do
bheith aige bheith la eigin na General no na oifigeach eigin eile,
agus don caitiliceach ar bord long coga, bheith na admiral?
Ma beidh tighearnagha agus daoine uaisle caitilicighe san
bparliament, ni bfaghadh swadleirie ata ann bheith ag cur
breaga orainn, agus gan aoinneach san bparliament do
chosanochadh sinn. Da bhrigh sin, comhraigheadh cabhruigheadh
na caitilicighe le na cheile, agus comhrochad Dia linn, agus
ni bheidmid dar bfuirse nios sia ag procadoirighe cleireach
teampoill, agus dream eile don tsort san, agus tiocfadh
rath o Dhia agus ád ar caitilicighe na h-Eirion aris.
Bzzzzz1826 19T
TÓRUIGHEACHT CHAILMFHIR MHIC MEARCHURADH .i.
FINNSCÉAL DO CHÚM AMHLAOIBH UA SUILEABHÁIN
<LSS.: láimh-scríbhinn leithleach .i. A: 23.K.50 in Acadamh na
h-Éireann .i. C.
La n-aen dar gluais curadh cathbhuadhach fioraluinn .i.
Calmfhear Mac Mearchuradh ó chois Inbhir Sláinge tré
Osaruidhe siar, tar thobar na h-Amha Duibhe, do chonairc,
air thaobh Amhain an Rig, caisleain arda mainistreach
ceathairthaobhaigh Ceannanais. Do líon a croidh le léan dubh an
tan do bhreathnadh na tuir ag tuitim chum talmhan, na cellighe
dá leigeann chum fiadhantais, nó (mo mhíle truaig!), níos
measa, clanna gall gha raobadh mar chaitheamh aimsire, ag
imirt laimh-liathróide, in ionad cléir Dé do bheith ag canamhain
ceolta neamhdha ionnta.
Do bhí an lá ag druideamhaint le deanaigheacht, an ghrian
glórmhar air múchadh a teinnte san iar-mhuir ghlórach gaothmhar,
an chamhaoir ag cur brait ghlais uirri féin agus ag folachadh
a h-ionair shróill deargordha, agus an catchrainn ag déanamh
ár air mhin-éanlaith an aeir, an tan do ghabh Calmfhear tré
arca oll idir dhá Róimh fhíoraosta. Ní cian gur chluin se
glor garg allta éagsamhail neamhaithnid, agus air n-amharcadh
suas dó do conairc an seanóir deirgbheanneidach fiasogac
liathmongach caolbhallach ag suidhe i bhfuinneoig in uachtar an
tuir, agus é ag luascadh a chosa, is ag caismirt leis an
rae oir-adharcach, righan na h-oidhche agus do chan an laoidh: -
CzzzzzFil.
"Ní cian uait an tan do bheidh
Do bheanna raobtha ód aghaidh
Le Bél, mór-dhia na tinne
'S a ghein i lár do bhruinne.
Is gearr é do gháirdeachas
Ceadh uisce an tan do mhuchfas
Do ghnúis ghrinn chomh dubh le gual
Ó bheith geal mar is dual.
Mar sin go gach nidh fo nimh
Tuitfidh crioch, mar duine bheag
Claochlodhadh duile an domhain
Beidh gach nidh bunoscionn."
CzzzzzPrós
D'aithle na laoidhe se, do chuadh Calmfhear go misneamhail
isteach is an tur uaigneach, tré dhoras ísiol Gotamhail, agus
suas caischéimire cumhang dorcha dubh-chlochach, go bfeacadh
an seanóir ag lingeadh síos le luachas brú nó bru aille
allaidh ar muigh, nó guairdeáin gaoithe tre lár coille
diamhaire. Ní feaca an curadh crogha do teighlacht acht
cat dubh geal-iarballach gortamhail; ná do thrioscán acht
scailp aitinn i mbéal uamha i múr na túire in a gcodluigheadh
sé. Do lean Calmfhear é tré dhriseógaibh agus fiadhaile nó
gur stad an díthreabhach, agus gur fhéach air le gnúis fheirge,
agus adubhairt: Imthigh uaim a dheoraidhe dhubrónaigh; ní áit
síthe ná suaimhnis oirthear Éireann le seal. Táid na leomhain
allta ag léirscrios clann na nGaodhal. Ní díon dúinn
sléibhte siocamhla, cumaracha carraigeacha, uamhna uathbhásacha
dubha, ná coillte dorcha diamhara. Ná stad go rachair gus
an taobh thiar do mhainistir Iriloch Oirbhealaigh cois sléibhte
Locha Léin. Tá marcshluagh na h-oidhche ag teacht. Is fada
dhúinn ár n-agallamh." Leis seo d'éirigh an gaoth: do
tiomargadh nealta neimhe ar a chéile: do dubhadh an ghealach
agus na réalta. Do shéid an t-anfadh trés na spearthaibh,
ag glór tré na sean-Rómhaibh díthcheannacha go nárbh fhios do
Chalmfhear cár ghabh an dithreabhach.
Do imthigh an coradh cois na h-Abhann siar, tar éis don
ghaoith do mhaoladh, go ciuin, tromaidhe, tréith; agus níor
stadadh leis go h-eirghe na gréine, an tam do ránaig Callainn,
áit in ar ghlac sos an lá sin. Annso do chonnairc mainistir
Bhráthar Aghuistín. Tá an chuid is mó dhi ar n-a raobadh le
Sacsanachaibh, agus a bunchlocha dhá dtógain chum aol do dhéanamh
do ghall-Chromuileach. Is leo so do cuireadh léir-scís ar
Éirinn.
Idir an bhfoirgneamh agus an Abh, tá tobar breagh agus
sruth láidir ag teacht as tré iomarcloich do mharmar dubh,
do siolcadéar etc. I lár an bhaile tá cill álainn, in a bhfuil
iomad fuinneóg nGotamhail neamhchosamhail re na chéile agus
colamhain do chlochaibh gearrtha do bhí ag iomchar cinn na cille
noch atá (a mhórmhór) ar n-a thuitim, cé gur fágadh cíos mor-cuid
talmhan chum a comhad suas. Acht is fearr le clannaibh gall
a gcraos do shásamh ná sean-oibreacha na ngaodhal do chomhad
'na seasamh.
Tá cill nua ar n-a tógaint leis an Athair Ion De Rís ón
mbliadhain 1811, chomh breagh is atá san tír, deich dtroighthe
is céad ar faid, cúig troighthe triochad ar leithead agus
dathad troigh ar airdeacht.
Is ró-álainn radharc na tíre se ó Faithche an Aonaigh. Táid
móinfhéir ghlasa, ithreacha torthamhla, coillte do dhair, uinseóig,
etc., ar gach aon taobh, Sliabh na mBan siar ó dheas, agus Suidhe
Finn ar a mhaoileann, agus Carraig Mac Lir ag a bhun mar
abhac le cois athaigh.
Lá ar na mháireach, do thriall Calmfhear siar tré Chill-do-
Náil i gceanntar Chaisil Mhumhan. Ní túisge san bhaile é
ná do bhí galltrompaí dhá séideadh, drumaí dhá mbualadh,
gunaí móra dhá lámhach, tenite ar lasadh, agus sluagh leanta
Ríogh Uilliam ag imtheacht sios is suas na sráide, iad ar
meisce is ag uaill mar dhiabhalaibh ó fhír-íochtar ifrinn, le
gáirdeachas tré bhuaidh do bhreith ar chlannaibh Gaodhal. Da
thuirsighe Calmfhear, do b'fhearr leis bheith in aon áit dá
uaignighe ná i measc na druinge míocháirdeamhla se, agus do
ghluais suas gus an charraig do bhí ar n-a múchadh le ceo tre
dhoshuairceas Stadann A annso, agus níl líonadh na beárnan
le fagháil go dtosnuigheaon C arís.
... Acht nior leig an cumha dho dul na ghar. Do gabh
siar go loiteatach lagbhrigheac lancroidheach cois sleibhte
aibhseacha Eibhlinne agus Sliabh cCrot cceolmhar, de mullach
Sighe Finn fionfuar, cois Cnoc Firinne fiadhain, Sliabh Luachra
na laeg, Mongartoin mor muchta i nealaibh dubha dobronacha,
agus Cruacha Mac Giollacoda na ccaor. Tainead cronughadh
an lae. Bí an caitchroin ag deanamh áir air mion-eanlath,
mar gall ar gaodhal, agus nior bfeas do Calmár ca bhfadhadh
oisdeas na h-oidhce. Chualadh faoi faoidh na bfiaghanngaet
ag crothadh barr na sioda mona. Conairc agus cualadh na
fiolair o Carraig na cCuas ag deanamh áir air mionain
meigiolaigh agus ar uain ag truaghmheiligh.
Siud teinne creasa ag buanraobadh barra na sliabh. Do
bladm-toirnigh tres na gleannta dubha o Loch Lein uchtleathan
oileanach go Tig Mhóire na mara mireamhala agus do mheasc
Calmfhear osnadh uctmuchta leis an gaoth gaibhteach agus
adubhairt: - A Dé uilechomhactach, crutaighteoir neimhe ifrionn
agus na talmhan tromsliabhaigh, ca ngeabhad anois? d'fagas
na gaill am dhiaghaidh acht ataid na garbhchnoic reomham gan
faicsin tighe na tinne na treabh agam. Tá an oidhce nealmhar
ag cur a dubhachuladh tarm agus mise fein go fann dealbh
dubhach, acht ma toill mo churtha sa choirthe agus claoncurta
clanna gaodhal, so, agus a mile uiread do annro agus do scannradh;
agus is cosamhail gur mein os cionn na line, - ui recte, mian
leat sinne do scannreamhad scannrughadh
mar do scaipis clann Iuda an aon uair, o Tir na Geallamhna
go h-uisge na Baibiloine; acht foraoir cumha craite! an
dtiucfadhmaoidne ar ais mar thangadar san? Slugadh an
saogal acht octar agus sloigfear sinne, clanna gaodal
bhochta. - Cluintear caismirt atha ar na cnoic, gaireann
guairdean gaoithe tre garbghleanta. Siubhlann siabhra
na sliabh air slios na seanratha ag fiorsgreadadh. Seo
sian na sreabh curbhán gcubharbhán ag calaireach o eass go
h-aill ag raobadh cairigreacha ceannaruadh o slios sleibhe;
agus tuiteas Calmfear ar a gluinibh, faoi sgath croinn
daruighe doir do bhí da lanluasgad o bonn go barr leis an
gharbgaoth, agus ag ardadhadh ardughadh a lamha agus a lansuile
go nealta nimhe adubairt: - "A Criost churta trem croidhe
anonn tu! a Dhia dhilis, nachar gabhais ort colann daona i
mbroinn Muire Mhathar, ogh, do chum go nglaodhfuin
dearbrathair ort? Anois a bhrathar bheannaighte, foir orm agus
ar clanna gaodal." Ciunuightear an gaoth garoideac.
Scaiptear na sgamail siorfhearthanamhila. Caitheann na
realtan ringceacha a bpuicinighe pianamhla da ccinn cuach-buidhe,
agus eirgheann an lanrae tar maoilin na morcnuic
maorgha. Seasuigheas duil deaghdhealbhta na lathar faoi folt
bearnach biseogeach ag tuirling go trom ar braghaid ban
bealard tar a guailnibh geala-leathna. Badar suile
seimhe sultmhara ag siaramharc faoi casairnige mar raolta
rinne-geara tre nealta n-imtheactacha oidhche an Odhluic
na Nodlag, agus do smeid an deaghfhear air Calmfhear,
agus is e ro radh: - "Ag bun an tsleibhe slighe-garb ud siar
san bhfánghleann fasamhail sin ag an thaobh theas, ata tigh
taidhseach taidhbhseach taithneamhach noch a toigeadh cian o
soin le sasanach sarchuirp seideanach, agus cia geoineach a
ghein mhic agus inginne geabhair oisteas na h-oidhche gan
baoghal duit go la, agus na dhiadh san, ni fada uait comhair." Le
prap na súl d'imthigh an duil deaghdealbhta o radharc Calmfear,
mar do eireochadh a nealta nimhe, acht dfag boladh curtha
cumhra, mar tagan o lubhghort i Mifhichiomh Mi-fheithimh, iúil
a tsamra, na diadh; agus dimtigh Calmfear tre gair-ghleannta
tar caraigeacha caonachchineacha, agus tre sreabha
sleamhna siansanacha, agus tre doireadha dubha doilbhte gan
sgreach sionaigh na ceileabhra ceirsigh, agus ni cian go bfeacad
rath roard agus caislean ceanncailcighe le doirse diandhunta
donn-daraighe, ursain iaruinn, fuinneoga fionnbhruithne
gle gloinnighe, agus maistin mire mar forfaire for gaca
taoibh don dorus, agus doirseoir dubh diabaldhealbhta air
an taob astigh do comhluinn an durdhoruis, agus fiafruigheas
de Calmfear: - "Cia thu féin? Gall na gaodhal?
cara na namha?" "Deoraighe duairc me," ar Calmfhear.
"Ta deoraighe na h-oidche sonn," ar an dubhdhoirseoir.
"Gabhadh asteach, cia cara no namha," ar glor garg gaibhteach
noch do chroth na hallaighe o bhonn go barr. Do ghiog ghíog
na comhlainn, éimheas an eochar iarainn, geimeas an glas
garb, beiceas na bacain borba, treancnagaid na tuislighe,
taisbeantar an tairseach tromumha agus an fardorus fionn-bhruithne,
agus na h-ursainn iaruinn agus oisgaltar comlaighe
ciara an doruis leis an dubhdhuil diablaighe doirseora, agus
taisbeantar asteach san bproinnarais Calmfear do chum
fiaghnuise athaigh airdceanach maigeamhail modartha, noch a
rug ar barr baise ar Chalmfear agus ad bheirt: - "Cia
nach gnath linn san aimsir guasmhar geoineach so coiccriochaigh
do gabhail chugainn, ar a shon san, ni mian linn tusa do dhiultadh
anocht, ith, ol, agus imtigh a chodlad go lansholas lae; oir ma
gabhtar amuth ort sul eireochas an grian o na luighe, curfar
faoi slabruighe daora tu air feadh do bheatha go tir cos-aníos,
ait as nach casfair go brath."
D'umladh umhluigh a croidhe. d'feach suas cun an
Duileamhan; dh'ith, d'oil agus d'imthigh cum leapthan tar
eis buideacais do breith le tighearna an tighe, agus ni fada
do bhi ann, idir meadhan oidhce agus glaodh na ccoileach,
an tan do chonarc lasair an lochrainn ompoighte o deargbhuidhe
go dubhagorm, go mbollaith mbréan ruibhe, - clingtar slabhruidhe
sios agus suas na ceimirighe ciarchlochacha, agus treas
na ballaighe, le luachas guairdean gaoithe tar maoilin morchnuic
i mi marta, tré doiridhe diamhara do-oluis eolais
donn-daraighe. Croithnuighea crothtar caisleain. Crothtar
cloigtigh. Clingid cloig. Luasgthar lar a tighe mar crann
crothach agus do bhiogh croidhe Calmfhear. Sonn chualad se
an sluadh-sighe ag cruadhchathad le deamhain aeir, agus ag
gabail timhchioll na tighe ag feachainn ca bhfadhaidis toll
tarathair tre a dtiocfadis asteach chum iad fein do dionadh
o olc na n-annspirid. Cluintear glam mar blaom toirnighe,
agus cead mile gloir alltamhail ag durdal duardal thu!
- thu, - thuthu!
"Ni hionad comhnuidhe dhomhsa so," ar Calmfear. "Da
brigh sin, ma gheibhim mo cosa ar an taobh amuth de thairseach
ar maidin go moch, is fada ón dún doilbhthe so geabhad."
Le fainne an lae eirgheas Calmfear, agus eaduigheas a
bhainchnis mhin, coisreagas e fein agus toirbheareas urnaighte
do chum Ard-Righ nimhe, agus fagas slan agus beannacht ag
an dubhdhuil doirseora gan ceadlonga do bhriseadh, na
smuinead ar; agus gabhas siar bud dheas tre garbhrian na
gcnoc, agus tar maoilin na morsliabh agus tre linn na lochán,
go rug cronlae ar gan ithe na ol na scith do dheanamh go rainidh
ruadhchnoc é. Sonn do shuigh faoi sgath leithchraic go
n-imeochadh dortadh na diolann díleann thar ais, noch a
bhi ag tuirling air gach maolchnoc a chubhra tre gach claodaigh
go fairge fiadhain, agus dfeach tre san gceo air gach ard,
soir, siar, bud thuad agus budh theas, agus nior amharc tigh
na bothan, dion na cuasan in a ccuirfhead a corp na a ceann
da dhion o folcadh na spearthanna noch do bhi a clagairneach
go cruadh craite. Ar Calmfhear: - "Ataid fuachaisighe
ag na sionnaig agus neid ag na hein, acht nil ait ag Mac an
Duine ina foileochad a cheann, agus cá h-ionga gan e agam-sa,
an cionntach claon? Ta oidhce duibhre ag luidhe le na
ciar-sgiathain ar na sleibte dubha; acht nil ionad oisdios
agamsa." Dfeach aris agus dar leis fein conarc gal
deataighe ag eirghe as cuasan foilighte le fidhreach fiadhain
na bhfraochain, agus deanas ar go dian. "Ni gal deataighe
e," ar Calmfear, "acht gal gaoithe gailingeac ta dom
mhearughad ag eirgead as na liontáin. Luigeas an oidhce
go trom dorca dubhbhorbh ar aghaidh na n-ardain agus ar maoilin
na morchnuic, agus air sleasaibh na sliabh. Leathtar brat
cumha ar agaidh na spér, agus ni bhfaghadh an fear ccroidhe
.i. groidhe faid a bhaise d'faicsin. "Taim anois," ar
se sin," mar duine roimh chruthughadh an domhain sul do
crughadhadh cruthuigheadh na reiltionn rinceacha, na an gealac
gealgaireach, na a grian glegnuiseach gailingeach, an tan do
bhi gach duil go modartha measgaighte ag gleodh le na cheile
gur luigh spirid an Duileamhan orra da ccasadh chum cortais,
- acht chim les léas, - splanc, - solas! Deanam ar aghaidh!
Och ni raibh ann acht foidin mearathail dom bhreagadh chum bais
obaind d'fháil iar ttuitim o taoibh fhaille i ccuas caraigeamhal
no a ccae caoitheach no a mbogach baiteach mona. Cim aris
e, is leanfad e go dian." Agus do lean air go dian go
ttainead cois faille, mara chonairc, tre poll sglaimpin,
solas geataire giúise a deallrad. Dfeach Calmfear tres
an ttoll agus chonarc, ag suidhe ag tinne suairc mona,
cailleach ciar clabchlumhach spáigleathan lorgdoite
goll-loisgighthe.
Bhadar ruice a headain chomh garbh le rian ceacta, la
buidhemis brotallach biadhghann a mbranar samhra, agus
meoir a cos agus a lam chom cruadh dubh le slat iarainn
tairnidoir tairngeadóra; a fiacla mar stopoga tabhac
tabac air duibeacht agus air breineacht, a suile sergthe
mar da pholl doite a buidh-susa seana, agus a masain agus
a corp uile mar conablac caite a ccloidh. "Ní caban coir
seo domh," ar Calmfear an a aigne fein, oir nior lamhadh
se an uiread agus a anál do tharang; agus leis sin teiteas
teicheas tri ceim air ccul. Musglas da measchoin
madramhla, maolchluasacha, deargshuileacha, a nguaireac na
chuilgsheasam, agus iad craososgailte cum Calmfear do
shracadh agus do slugadh. Leis seo tarngas Calmfear
a claidheamh; tug sathad sanntach fa na madraidhe milteacha
seo, go ritheadar air ais nios mire na mar a thangadar.
"Osgaltar an dorus cleithe," ar an caileach, "agus faictear
cad ta ag griosadh na ngadhar." "Oisgaoileochad a mathair"
ar glor caoin millis. Seasadhas seasuigheas Calmfear ar
urlar an bhothain i lathair an oig-bean milisbriathrach
maiseach maordha agus an caoilin curta cumhra croideamhail,
agus diarr oisdeas na h-oidhche uirte go modhail midhana.
"Ni bhfaghair," ar an cailleach, "oir nil annso againn
acht me fein agus m'inghin bog og so, agus ni coir oglaoch
calma mar thusa do bheith in aon tigheas linn gan fear ar
ndighionadh ndíontha ar faghail." "Led thoil, a mhaithrín"
air an aingir alainn," geabhad gheibheadh no gheobhaidh se
oisdeas na h-oidhce se uainn, oir chim gothadh an duine
uasail air; agus ca bfios, ma chuirfidhe amach anois e, nach
bfadhad se bas leis an bhfuacht ar maoilin na morsliabh, no
nach mbathfuidhe san glaise dubh e, oidhce duibhre mar se."
"Fan go la, a bhodaigh," ar an dubhcailleac dranntannach.
"Suidh sios air an suidhestín," ar broingeall beasach,
agus do cuir potataoi pluracha agus baine beirighte gabhar
ar sgeithin glan leagaidhte ar stoilin na dtri ccos, agus do
choirid leabadh fraoich do a seomrin cluthar, na preamha mar
chnaiste agus na cloiginighe fraoich i lar na leaptan. Nior
thuit suan air Chalmfhear le smuintighe dolasacha go meadhon
oidhce, an tan a chualadh glamail glamghail gadhar, liuithre
laoig, dordan damh, treanbhuithre tarb, buanbheic bó agus
feadghail na bhfear ag teacht chum beal an bhothain. "Ni ait
comhnaighthe coir domhsa so," ar Calmfhear. "Osgaltar an
doras," ar seanlaoch searbhghnuiseach. "Marbhtar an mart
meith sin," ar oglaoch ard ollglorach, "agus cuirtar an
airneis eile ud san ait as col duit." "Deanfad," ar
giolla granna na ccos loisgighte. Ni túsgadh dubhradh so
na do rinnead e, cuiread an geir agus an seicte i bpoll
talmhan agus curtar mairteol air griosaigh, cois caioreola
caoirfheola san ccarcan, aran pluir ar bord, uisce beatha
da lionadh o mheadar go cronán, agus bha mearughadh intinne
agus ardughadh aigne ar muintir a tighe go h-uile acht an
t-ogmnaoi amhain.
"Cia se na chodla san seoimrin cluthar," ar an seanlaoch
searbhghnuiseach. "Coigcrioch" ar an cailleac ciar, "da
ttugamar iostas na hoidhce." Do seid a t-allas tre eadan
Calmfhir. "Ineosas se sgeal orainn," ar seanlaoch searbh.
"Ní ineosfhadh go deo," ar an giolla granna, is, leis
seo, beireas ar an ttuadh do bhi aige ag marbhadh an mairt,
agus dionnsadh rodha buile cum ceann Calmfhir do bhuan
de dhaonbeim. Deeimhe d'éigh an aingir, agus do chur an
t-aoglaoc a lamh a gcuine gcoinne samhach sámhthaighe na
tuadha, agus a dubhairt an seanlaoch: - "Ata an coiccriothach
na chodladh." "Deanam téanam a codla," ar an cailleach,
agus d'imthigeadar acht Ainghir Aluinn amhain noch do suidh
ar ursain doruis an seoimrin cluthar gus an chead caomaoir
chamhaoir don la, an tan d'eirigh muintir an tighe go huile."
"Go madh heirge slan duit, a choigcrigh," ar an giolla
granna. "Bhamar ande a diol ime gabhar le muintir Port nan Gall,
agus nior thangamur a bhaile an am cum failte do
chur reomhad; acht do thugamair spola mairtfheola agus cois
caoirfheola a bhaile linn, agus ise do bheatha agus do shlainte
cum cuid de do cathamh linn air do ceadlonga, sul thairiarfadh
thoirbhirfe tu agaidh ar na ruadhchnuic ata eadruinn agus an
dutha dúthaigh daoineach." Cathas Calmfhear biadh go buideach,
agus cuireas an tard agus an bogra tarais go meadan lae
an a connairc se an tir daoineach uaidh i ccein.
Air dul tre ceartlar coille, tarla duine uasal sasanach
air each aluin, coirighte i cculadh ciordhubh go langhreanta (agus
giomach a marcuigheacht na dhiaidh) noch adubart: - "Car ghabhais
chugainn a choisidhe coir?" "Uadh na gleannta dubha,"
ar Calmfhear. "Is maith mar a tharla," ar an sasanach
"Taim dom shlad d'oidhce is la ag na gadaighthe gaodalacha
so, agus ni fhagan faisneis ca bhfoiligheann siad feoil mart
na caorach noch a ghadann siad bhuaim." "Nil fios a
ngaduigheacta agamsa," ar Calmfhear. "Is coigcriothach
me." "Seo sparan oir duit," ar an sasanach. "Ni
h-eadh liom é," ar Calmfear. "Nil inisin sceil agam."
"Is maith dhuit fein nach bhfuil," ar an sasanach (ag buain
breigcheibh dhe). "Is mese oglaoch na nard 's na ngleann,
agus o fagaim gur gaodal fírinneach tu, tar liom ar ais."
Chuadar a ttriur air ais tres na dubhaghleannta go cois an
chnoic ruad mara chonairc Calmfhear nach raibh san bhothan acht
cuasan, foilighte le fraoch, ionnus nach tuigfeadh deoruidhe
go raibh ann acht mar an chuid eile don chnoc; agus gabhaid
a ttriur asteach, agus failtightear reompa ag an ccailleach
ciar, ag an seanlaoch searbh agus an ainfhir óg aluinn aontumha.
"Lean mise, is ni baogal duit," air an ainfhear. Do lean
Calmfhear agus an cuideachta uile í tre caolchuas cam ciardubh,
tre ceartlar a chnuic go nuige an taobh eile, mar a bfeacadar
an grian ag taithneam, ceathain agus gealain ag aibiugad
gach toradh ar bhfeidir le inntleacht daonadh smuinead air,
na srutain ag cannran tres na gleannta tre leisge an
parrathas talmhuidhe seo do threigeann, (anois ag fothromadh
o faill go faill, anois ag seargadh tre sleibtibh, - go muchtar
san mhuir marbh é;) cruithneacht ceanntrom ar taobh, eorna
odhar ar an laimh eile, coirce san bfiaghaingleann so, siogal
san ngort úd, fineamhuin ar taobh faille, uan meariarballach
ag deol a mathara, siarach searrach a tochas na lathrac,
staila sronseidreach san moinfear.
I ngleanntan garbh foilighte o gnuis na greine le h-aill
aibheil ard tart thimchioll, agus le cranna ceanaghlasa da
scathadh o brothall borb an meadhain laoi, bhadar fuarain
fosgaighte o na cheile le fal cuileann cealgach, cean na coille,
agus le foradhris fiadhain fiorcurta chumhra, le feithleog
fann, draonogdonn draigheanog duir, coll-crann na ceana - ,
agus le gach gne eile, da curthacht cumhracht is da ailneacht.
Sonn do nocht Calmfear a bhancnis mhin da fhionfuaradh a
linn na lilighe, agus eimhtigheas .i. imthigheas as don eidlios.
Annso comhruigheas e leis na headaighibh is mine sas aile,
orgreasaighthe agus foilighthe le niomoinn agus niamhain, ar
cuma eagsamail iongantach.
Iartain do shuidheadar uile faoi scath na ccrann, marar
cuireadh reompa, ar an bfod uaithne com min le sioda na
nó srol, proinn ionnamhail do righ no rudire ar miasa
oirloisgighte, na sceana agus na hadhail go loisigh airgid,
na bleidhe agus na cronain do gloinne orcraobaighthe
ciubhais-greasaighte le clocha uaisle, lionta le fionta na Fraince,
na Falearnan, na h-Ungairiath etc. Lucht fritheoilte
eadaidhte an sroil uaithne, le fabhraighe croidhearga orcraobaighthe.
Do shuidh a seanlaoch mar rigfeine, ag bun crann donndaraighe
go nduilleabhar dubhghlas; an t-oglaoc ar taobh de mar
gaisciathach na greine; an aingear aluinn mar righan, na
suidhe air iomdha urluachra os a ccomhar, go hasain oirgreasaighte
agus eadaighthea muislinn a dithcleith a geaga geanamhla
o uct go hailtaibh a cos.
Iar n-altughadh d'eis bidhe, adubhairt an seanlaoch le
sianghlor: - "A Calmfear!" Bhiog bhíodhg Calmfear air
clos a anma a mbeal coimhtighigh coimhighthigh. "A Chalmfhir,"
ar se, "is feasach duinn anois cia thú féin agus do threibh
agus ineosamaoid duit cia sinne. Mise, mise féin Ua
Neil." Tainead gearranáil ar Calmfhear. "Ni me Ua
Neil urbhuidhe, - d'eis Ua Neil do dhul don Romha an aimsir
an bhanroigin Isibeal, sathadh asteach na ionad bastard
no clann tabharthais le meirdreach mallaighthe do clanna
gall. Is uaithe sin siolruighin Ua Neil Urbhuidhe, acht
craobhsgaoilim-si mo geaga gaoil o Niall naoi ngiallach.
An tan ba mian le clanna gaodhal slabhra na sasanach do briseadh,
thogas mo mheirge na measg ag Inbhear Dea, Inis-córtha,
cat cath Cnoc na tTri cCaraig, Allard Ubhallghort,
Ros Mic Triuin, ait ar conaircas tusa ag tiomana sasanaig
reomhat mar sgata caorac, cia nacar aithnioghas tu areir
ad chodla, na air maidin aniomh, treas an cealltair coimhtigheach
sin do bhi ort, acht anois mar chim thu eadaighte mar ba
coir d'Ua na tTuthalaigh dTuathalach, aithnighim go sarmaith
an tsuil solasda do cur griosgan fiacal ar ghallaibh."
"d'aithnighiosa areir fein" ar an t-oglaoch, "gur aghaidh
gaodlach a bhi ort." "Sileas," ar giolla granna, anois
eidighthe mar giolla cupain Ui Neill, "gur sasanach thu bhi
air mbrath ar Ua Neill."
"Deis brise bualadh an Ruis, ar Ua Neill, noch do
chailleamair tre meisge millteach, bhi gearleanmhain gaibhteach
am dhiaidh. Dob eigin dom teithe agus an beagan do fhan agam
tre leirsgrios gall, d'fearann buird Rig Eirionn do diol
agus teact don ionad fasamhail seo, ait nac bhfuil aithne ag
aoinneach orm. Agus anois, ca bhfuill do thriall sa, a Chalmfir?"
Deis osna fhada do tharaing as iochtar a octa, is e
a dubhairt Calmfear: - "Ba mian liom dul don domhan nua,
agus gleanntan uaigneac eigin d faill amach cois na h-Ohio
no na Misisipi no na Miosourai, agus deireadh mo bheatha
do cathaim ag caoine clanna gaodal faoi gearsgrios gall.
No mas fior, mar is clos dom, go bhfuill fuasgalthoir ag
eirge san Ameiricia theas, is doith go rachfuinn ag comhrughadh
leis ag ardughad meirge na saoirse air Sliabh Cordileras."
"Is cosamhail go bfuil saoirse ag triall chum cinighe an
domain," ar Ua Neill, "ata leighion na leathnughadh; ceart
an chine daona da mhiniughadh, siorcheart De da saoibhscealadh,
tromualach bfiach na sagsanach mar cloch mhuilin ar muin meirligh
da mbathadh. Nachar leaghadh léigheadh leat an leir-scris
do bhi a dheanadh ar clanna gaodal agus cleir De, leis
na sasanaigh air fead na cceadta bliagain gur eirigh
Uaisington ag cathamh tromualach bfiach na sagsanach do
mhuin na h-Ameiricana thuadh; agus an sin bhu phrainn do na
sasanaigh fionfuara bheag eigin do thabhairt do clana gaodal
agus do chleir De. Dar ndoith is cuimhin leat, iar dteacht
do spirid na saoirse o h-Ameirica gus an bhFrainc, tar eis
tuiltighe fola sasanaigh do dhortadh faoi taoiseach Frederic,
an t-easbog malaighte, go bhfuair clanna gaoidil fionnfuaradh
beag eile. Da bhrigh sin, is cosamhail go ttabharfar fuarthan
duinn re linn gach bearnain baogal ina mbiadh na sasanaigh.
Tuile eile, nil cine da threineacht nach bhfuair barathuisligh,
mar ata luct na Ninimhe agus na Baibilioine, noch do bhí a
n-impirigheacht air fead da mile bliaghain agus tuile, gur
thuit le righe na Persiath na Pearsa, na Peirse nó na bPears;
agus do thuit seo, d'eis da céad bliaghain, le h-Alasdroinn
Alastronn nó Alastar Mor; agus do thuit righe Alasdrainn
as a cheile mar cipín crion. Lean righe na Romhanaigh
thoir agus thiar ar feadh na cceadta bliaghain gur thuit an
leath thiar le curadha na taoibhe tuadh, agus an leath thoir leis
na Turca noch ata ar ti tuitime iad fein anois faoi neart na
Rusia Ruise agus na nua Ghreagaigh no eactrann eigin eile.
Da bhrig sin, o chidhmíd go ttuitean tromdioghaltais Dé ar
na cinighe tre na ttiorantacht, agus o nach raibh riamh agus
nach doith go mbiad go deo cine is mo tiorantacht na na
sasanaigh, is cosmhuil go ttuitead dtuitfe tromualach
a ccurtha coirthe anuas na mullach mar gheall ar gach
gear-leanamhain, gac leirscrios, gac dibirt agus gach tiorantacht
eile noch do rinneadar air clanna gaodal, le tuile agus se
cead bliaghain. Da bhithin sin, na imthigh an in eadochas Dé,"
ar Ua Neill, ag ardughadh a suile mobharacha modhmharach do
chum nimhe, "agus scaoilfidh Dia uilechomactach slabhra na
sasanach dinn. Brisfeadh fiacal an bhraca faoi ar fuirseadar
sinn leis na ceadta bliaghain, agus cuirfear iad
fein faoi an ama ag tabhairt leorgniomh ann gach feall agus
gach feilegaduigheact fearain noch do rinneadar oruinn."
Do stad Ua Neill. Do ling dóchas a ccroidhe Calmfhear le
luas gath greine, rug ar barr baise air an rioghan agus
adubairt: - "d'ardadh arduigh t'athair tromualach dom
chroidhe. Cia duthaigh imchian in a seoladh seolfa Dia me,
is cuimhin liom Ua Neil, - agus a ingion alainn," - leis se
cur rian a gealmhear in a dearnain mín. "Spreagtar
ceol duinn," ar Ua Neill. Seo an t-aos ciuil ag imirt air
clairsighe caoine, ar cuislingidh sighebhinne. Badar an ceirseac
ar craoibh croim ag ceileabhradh don londubh, an smolach a
siorglaodh ar a ceile, a cuaichin ar crann na ccaor a
ceol-bhreagadh na ccliar, an fearán feidin a deanamh cumha tre
cailleamhain a ceile, cearca fraoich a feadghail o aill na
neas, an cearc uisge a caluirea callaireacht faoi scath
na ccraobh n-uisge, agus ealta an aeir faoi aon barr amhain
ceoil ag siorchur failte roimh na deoraightibh tighearnula
don gleanntan. Imthigion a chodlad ar Ua Neill. Do seoil
giomanach Calmfear cum aruis leapthan, in a dheanfach aos
easlainnta suan agus siorcodlad, agus do luid tromneal
air a suilibh go maidin ar na maireach, an tan do mhusgail
le seinm na n-orgain n-iongantach ag moladh Dé ag Aifrin.
Tar eis ceadlongaidh, cluintear guth na ngadhar ag
freagradh don fhiadhghuidhe treas na sleibhte dubha, na
cnocaibh carthacha agus na gleanta garthacha. Siud an
madra ruadh na ruathar ratha reatha, an ruadhphoc air an
ruadchnoc mar sidhe gaoithe o aill go haill. Nior stadadh
don reim ruathar sin doibh go rangadar barr aille mara
bhfuair capull Calmfhir barrathuisle gur cartadh o barr
go bonn aille an capull agus an marcach.
Sonn d fan Calmfear o meadhon laoi go ham crutidh
crúidhte na mbo i ndeire laoi gan iosgar acht na marbhsuan
mearathuill, gan duine cabharta na ainbhidhe acht an each marbh.
"Ca bhfuill an deoraidhe?" ar Aingear Aluinn, "nach
ccluinnim a ghuth ag griosad na ngadhar." "Ni feadar," ar
a h-innilt coimhdeacta, "acht is baoghal liom gur eiridh
mearathal slighe dho, oir da mbeidh se san toir is cosmhail nac
ro-fhada uait-se do beid se" "Uaimse?" ar Aingear
Aluinn. "Is aithne domhsa," ar an innilt, "ó cleasuigheact
na sul oibriughadh an croidh." "Mormheas ata agam do,"
ar Aingear Aluinn. "Is gearr on mormheas an dianghradh,"
ar an innilt. Leagadar araon na srianta sleamhana as a
lamhaibh lamhan-fholaighte ar muinealaibh a bpeall, agus nior
bhac doibh dul air fan faoi na fiadainghleanntaibh go deire
laoi. "Taim curtha cortha, a innilt," ar Aingir Aluinn,
"suidhiom sonn ag bun an dubhghlaise dian so, go ndeanam
ar scith." "Suidiom cheanna," ar an inilt. Acht ni fada
bhadar ann an tan chualadar osna. Do bhiodhg Angear
Aluinn. "Nil ann acht duanaighiol duanghail na gaoithe agus
soin na n-eas, ar an inilt." "Is cosmail le h-osna duine i
ccroilighe an bhais an marbosna ud, agus deanam da chomhrughadh"
cabhrughadh, ar Aingear Aluinn, a croidhe a leimnigh
mar ceirseach gabhtha a ccliabhan ean, agus ni fada do chuadh
tre foirsighibh na ccaraig foilighthe le faschoill, an tan
connairc capull Calmfhir marbh ag bun aille aibheil ard. Thuit
Aingear Aluinn a bhfanntuis marbhthach. D'eigheadh an
innilt agus d'feach chonnaic Calmfear na luidhe go fann cois
crann daruidhe, le suil tradhbhealach truaighmhéiligh ar Aingir
Aluinn do bhí go lag air lar mar an lilidhe lile ag feoidhe
d'eis gearrtha na speile. "Mo thruad cleibe sibh araon,"
ar an innilt, "is fada uaibh lamh comhartha." Thaineadh sidhe
gaoithe go n-a glaise duibh. D'osguil Aingear Aluinn a suile.
"Is gile sin liom lem croidhe na eirge greine maidin ceo
d'eis oidhce duibhreidhe," air Calmfear go fann. Do luidh
Aingear Aluinn air a leis, agus do sil a dear deor os an
deoraidhe uasal. "Cluinnim eanlaith an aeir ag cur coga
air an ccait crainn," ar an innilt. "Is mithid duinn
gluaiseacht." "Ca racham," ar Calmfhear go lagbhrigheach,
"agus gan ionam seasam na suidhe." "Cuir do ceann
creactaighte um ucht," ar Aingear Aluinn, "agus dionfad
o fearthuin is fuacht na hoidhce thu go rachadh an innilt og
fá dhéin m'athara agus mo bhratara agus a ngiomanaigh, go
ttabharfaid abhaile thu ar eilitrom amhail marbhan." Siud
an inilt og le luthleim air muin a pil, san dialuit
orghreasaighthe, agus seo i, i luachas eilite air ardan, ag
toruigheacht athara agus brathara Aingir Aluinn. Do luidh an oidhce
go trom ar druim talmhan. Do eirge an ghaoth aniar on bhfairge
bhfiadhain allta. Do ghair an gaoth. Do criothnadh gach cnoc o
bonn go barr. Siud sidhe na sliabh ag saigheadadh na raeiltin
mearthaill le na ceile, agus do bhlaom toirnighe. Do bhiodhg
an duthaigh. "Uch, uch, is fada uait do mna sighinthe sínte
na caointe," ar Aingear Aluinn, agus í ag sileadh freasa
diana déar os cionn Calmfir; agus do chan an laoidh: -
CzzzzzFil.
"Uch on uch mo chradh croide: Fada uait, a fir groidhe
Do mná sinte na caointe: Tu am uct-sa, lan-millte
Millte am uct o tharla: Guilfiod go faoidheach, manlaigh
Ca bfuil do mátair cuma chumha: T'atair ard a cculighe dubha."
"Dubhach na bi, a Aingir Aluinn: d'fhuil Ui Neill ard-glainn
Cia fada gearr uaim an t-eag: Tu mo gradh gan aon breag
Gan aon bréag is me do gradh: Ni fada liom oidhce go la
Foileochad do chorp fan mhatail min: Codlochadh do cheann ar
m'ucht slim."
CzzzzzPrós
D'aithle na laoidhe seo, chualadar glaod ar na garbchnoic.
Do ardadh Aingear Aluinn a milis-guth. "Cia hiad so ag
ardughadh a ngotha treas an oidhce?" "An sibh mo chairde?"
"Sinne clanna gall," ar glor garg allta, "agus is aithnid
duinn Calmfear Mac Mearcuradh." Ba Mearcuradh gan
arm faoibhir. D'eirghidh go lag air a leat-uilinn. Do sadhadh
sháith an gall garg a cloidheam caol tre croidhe Calmfhir.
Do scread Aingear Aluinn, agus do thuit ar a ucht. Ni
h-ionad coir seo," ar an tuiseach taoiseach gallda le n-a
mharcsluagh, "oir cluinim glaod gaoidhil. "Cia sibh fein?"
"Cia sibse?" ar an gaodal. "Cia rin an tar t-ár so?
Cia mharb m'ingin agus Calmfear?" "Mise," ar an gall.
"Lean iad," ar Ua Neill, agus sciubas a cheann le h-aon
bheim don ghall. "Leanaidh ortha go dian," ar Ua Neill;
agus do crom se fein agus a mach muirneach, agus a sluadh
gaoidhil do eirleach na ngall go nacar fhagadar aon gan
dithcheannadhadh.
"Uch! m'inghin aluinn," ar Ua Neill. "Uch! m'athair ard
ar Aingear Aluinn; agus do thuit a bhfanntuis.
D'eirghigh an ghrian go gruadhfhliuch. d'arduigheadar corp
Calmfear ar guaillibh fear go cill bheag uaigneach bhí laimh
leo; agus, d'eis a sinnte agus a caointe d'Aingear Aluinn,
cuireadh san uadh uaigh cung cumhang caol e, faoi sgath
croinn iubhair; agus nior ardaidh Aingear Aluinn a gruad
da bancrobh min on la san go ceann bliaghna, an tan d'eag
tre cumha. Do cuireadh an aon feart le Calmfhear í; agus
ata fearán feidin, on la soin gus an la andiumh, da ccaoinidh
san ccrann iubhair; agus tigid na h-eilitidhe allta a sile
déar os a ccionn san uadh go minic.
Gona be se uidhe oidheadh Calmfhir Mic Mearcuradh agus
Aingir Aluinn Ní Neill le h-Amhlaoibh O Suilioban san
mbliagain 1826.
Bzzzzz1838ob 19L
LS. i seilbh dhuine fá leith.
TIONTODH AN BHENÍ SANCTE SPIRITUS DO RINNE
AMHLAOIBH UA SÚILEABHÁIN.
CzzzzzFil.
I
Tar, a Chuilm ó neamh na mbuadh
Lonnruigh-si ár gcroidhthe cruaidh
Is as sin ruaig an dubh-shluagh
II
Tar, a Athair na mbochtán
A chiste bhíonn choidhche lán
Ná leig do sholas uainn ar fán.
III
Tar, a Ghile gheal mo chléibh
A lonuightheóir an anm' séibh
A Shubhailce gach uile naomh.
IV
Inad-sa gabhaimíd sgíth
Is fionnfhuaradh ann in ar slighe
I lá na guaise stiuir ar gcaoi
V
A theine shéin, cuir-se chughainn
Do lonnra féin go lasa dhúinn
Ár gcroidhte 's méin led theas go ciuin
VI
Againn gan do sholas naomhtha
Níl acht taidhbhsighe is bréaga
Cortha cama is duibh-néalta.
VII
Inill sinn ó gach aindlighe
Led grásaibh múch-si na coirí
Fiuchtar ann in ar gcorp gan brigh.
VIII
Bog, a Dhia, ar gcroidhthe cruadh'
Cuir chughainn do theas go nuadh
Go bfeictear dúinn tír na mbuadh.
IX
Doirtear ó sheacht dtobair do grádh'
Tuile shéin ar an ndrong neamhthláith
'S longuigh-se féin farainn go bráth.
X
Go bráth ár gcoróin, ár ngile, 's ár n-uan
Ar gcríoch shona 's ár mbeatha bhithbhuan.
AN ABHRAISÍN.
Amhlaoibh Ua Súileabáin ro chan
An LS. céadna
I
Ód mhala ghruamaigh, a abhairsín shuanach
Cairt siar do chuacha, is sníomh go mear
Is fada liom-sa do choimín cumtha
Is do choisín luthmhar aniar ón lear.
A bhéilín smóilbinn, a chuaichín cheolchaoin
Aniar ón mhór-linn is treine tonn
Bí-se ar saothar; ná stad ar aon chor
Nó go ndéantar an t-Abhras trom.
II
D'fhuaim an túrann ba mhór a cúram
Chum cúigidh Mumhan chuir osna trom
Do gormadh an teine le glaodh an chuiligh
An éin is binne 's is mall chum suain
Do dhruid staidbhean na súile, lán-gean
Go leabaidh sháirshéin do bhí leath taobh
Chun abhalghuirt aoibhinn an Athar fhíor-ghlain,
Os cionn gach maoilinn d'fhéach go séimh.
III
Le h-aigne buartha cois ballaí fuara
I meadhon a suana le h-ais a taebh
Sheasuigh sidh-bhean na rosc ró-rinnghlan
Ó Shliabh na bhFéimheann-bhan 's í fionnadh-chaemh.
Ar sí "is truagh liom aniar do chuaird chughainn
A mhaighdean shuairc chiuin ó thaobh na mbeann
Arduigh t-inntinn! tá anuas ó mhaoileann
Gaothmhar Suidhe Fhinn, cobhair id chionn."
IV
Do tháinig glór binn, is iomad slógh-bhuidheann
Ag cantain cheoil mhín, tar bharraíbh feádh
'Na ndiaidh bhí Triathtonn 's a shliogán ciar cam
Is sidhe gach fiadhain-ghleann' ó thráigh go tráigh:
Is éascaidh éadtrom gléastar an caol-shrang
Bhí abhras déanta ann sul dtáinig an lá
Ghluais Abhairsín aoibhinn an bhéilín mhil-mhín
Siar le croidhe geal, 's níor chas go bráth.
AR LORG MO GHRÁDHA:
Amhlaoibh Ó Suileabháin ro chan
Fonn: Éamon a' Chnuic An LS. céadna.
I
Lá aoibhinn breágh, ar lorg mo grádha
Cois Siúire tré choilltaibh cumhra
Ag bailiughadh bláth mismín na mágh
Fionnadh fionn liom fillte fútha
Dhearcas ainnir óg an bhéil ba mhilse póg
Na suan go trom fá dhuilleamhar daraighe
Le sian eas na h-abhann ó chnoc agus gleann
A ceannadhart - caonach na craigighe.
II
B'iomdha beichín binn ag glorán go grinn
Ag cnuasach céir dá cíoraibh geala
Ag cruinniughadh le greidhn da bláithbheol go binn
'S ag súghadh go sámh na milseán meala.
Shaighdeas gan stad tre mhuigh na mil-nead,
Do shlad me ar fad an cnuasach cumhra
Go dtabharfainn dom ghrádh, d'éis dúiseacht' i dtráth
An cíor creich' ba theirce san dútha.
III
Ar n-oscailt a súl do phreabais ar gcúl
Le neart a saigeadha tiugha tréine
Na h-éin bhí go ciúin anois canaid dúinn
Ar an bhfuiseóigín seo eirghe gréine
Is phógas-sa mo rioghan ba milse ná bláth droighean
Lámha tar a muinéal mín dá mealladh
Go luath in eaglais Dé phósas mo bhé
As so go deo glaodhtar Cluain Meala.
DO THOMÁS UA BROSNACHÁIN
Amlaoibh Ua Súileabháin ro chan An LS. céadna.
I
A Thomáis ghrinn do threibh Uí Bhrosnacháin
Is eaglach linn nach bfuilir súgach slán
A shár-fhir ghroidhe feighim scéala éasca uait
Ar mheath do chroidhe? an bhfuil do chiall ar cuaird?
II
Araeir in luighe is me i dtoirchim suain
Do chualas sidhe, is í ag gol go buan
Ó shidh-bhrogh árd chualas an brón-ghol caoin
A shaoi na mbárd, ad chaoineadh-sa dar línn.
III
Ar bhreacadh an lae do eirigheas féin im shuidhe
Is chonairc mé ag téacht ó chéin sa t-slighe
Teachtaire maol ba uait-se, a bhráthair Gaoidhil,
Is d'fhiafruigheas scéal ad taobh-se dhe gan moill.
IV
"Lá thiar tá an dámh go h-árd i Lios Cearbhaill
Go sásta sámh, 's a cáirde fial fearamhail
Seo mála leabhar do bhronn sí duit-se féin;
Is mór a gcobhair, 's is fiú a gcur i gcéin."
V
D'oscail mo chroidh, 's do lámhuigheas iad le gáir;
Thuit mé gan bhrigh iar ndearcadh an bhrúscair tháir;
'N áit "Guth na nGaodhal" ag trácht ar Fhionn Mac Cumhail
Bhí glágaireacht Goill tháinig anall tar srúill!
VI
Ochón, mo phéin! cá bhfuil t-aigne árd?
Is och, mo léin! cár ghabh uait spreach na mbárd?
Is measa liomsa, mo phudhar ar t'inntinn tric
'Ná do bheith go ciuin san úir sínte fá lic!
a Thomáis.
CzzzzzPrós
Dar míle anmann t'athar is do mháthar, a Thomáis na
dtroighthíní, is a fheille-ghaduidhe bhreallaigh bhundúnaigh,
cionnas fuairis ionnat féin a leithéid siúd do sheanbhúrdún
sacsbhéarla do chur chugam-sa? nó ar mheasais me bheith ar dith
eolais teangadh mo mháthar, nó im fhear ramháin shacsbhéarla do
chumadh mar tu féin? Do b'fhuiris a mheas as do ghean don
ghall-ghlagairneacht sin in a gcumann tu ruiscín rannghabhála,
nach do chlannaibh gaedhal thú go fírinneach, acht spreas do
sáitheadh isteach i leathtaoibh, le leathbhróig gallda is leathbhróig
ghaedhalaigh, mar Shéamus a' chaca. Is dá bhrigh sin do cuireadh
deargruathar ort go bruinne na brátha ón chondae fial so
againne. Ba baoth an smaoine dhomhsa gur dod leithéid-se
bheadh bean-sidhe nó bomha chaointe ag gol go dubhach
binnghlórach; óir ní chanaid siad-san aoineach acht uaisle
d'fhuil na ngaodhal nglan mar adeir an file: -
CzzzzzFil.
"Annsan Daingean nuair d'éirigh an brón-ghol
Do ghlac eagla ceannuidhthe an chnósaigh
Na dtaobh féin níor bhaoghal dóibh-sin
Ní chanaid mná sidhe an sórt san!" Feiritéir: 25-29
CzzzzzPrós
Acht na dhiaidh so is uile, ó thárla sracaireacht gaoil agam
leat, ni reicfead thú don righeacht má chuireann tú in iúl dom
gur le baothántacht céille, agus nach le drochmheas orm do
chuiris na seanbhrealláin úd chugham; agus dála an t-sionnaigh
leis an leomhan, má chuireann tú chugham gan mhoill an chuid is
mó do na leabhraibh bradacha atá agat: mise do dheargnamhaid
go nuige sin; acht do bhráthair ionmhuin as san suas má bhidhir
dom réir. - A. O S.
Bzzzzz1830c 19T
CzzzzzFil.
CAOINEADH MÁTHAR DÁ h-INGHIN DO BÁIDHEADH.
Amhlaoibh Ó Suileabháin cct.
I
Och ón och! mo leanbh croidh
Tá do chuisle anois gan bhrigh
Do mhéara leabhra laga
Go mion-mharbh is do bhán-ghlaca.
II
Do chíocha croma geala glé
Chomh fuar le sneachta sleibhe
Ar t'ucht bán breagh bog úr
Och! mo chrádh mo mhór-phudhar.
III
T'éadan ard mar chlúmh eala
Nach glas-bhán, och! mo chara
Do leaca ghlégeal na rós ndearg
Anois bán is ní le fearg
IV
T'fholt fáinneach mar chlumh an fhiaich
Go sgáineach, fánach, mo chiach!
A' tuitim ar ghuaillibh geala
Agam do bhí ghá chasadh
V
Do bhéal déad-bhán caoir-dhearg
Anois liathghorm a riocht marbh,
Pógfad do phuisín meala
Pógfad do ghruadha geala.
VI
Pógfad smeigin na gclas gcaomh
Is camóg chaomh ar gach taobh
Fabhraí fiara mar bhogha ceatha
Fordubha ag folcadh súile seagha.
VII
A fhorduibhe fhealltachta
Créad an chiall bheith ag folcadh
Súl séaghdha ngorm mar bugha
Ní osclochaid arís mo chumha.
VIII
Och! m'ainnirín álainn óg
Bhéarad dod mhuinéal eala póg
Och! a bhruinneal, a bhroinn gheal:
Is dubhach do mhuime sonn seal!
IX
Seal gearr a bhís ad bheatha
Och! ní bheid-sa ann seal fada!
Fada an lá gan mo leanbh
me na diaidh go ró-shearbh.
X
Mo chumha do choisín lóthmhar:
Siubhladh féar gan a lúbadh
Tá anois go fann ar feogh
Chomh fuideach fuar leis an léith-reodh.
XI
Níl mothughadh san gheal-ghlúin
Chruinn chomh mín le h-eala ar túinn
Do choimín caomh caol cailce:
Is agam do bhí a' folcadh.
XII
Och ón! an folcadh fíochmhar:
d'fhág do mháthair go ciachmhar
d'fhág t-athair is do bhráthair:
Ag caoi faoi chumha led mháthair
XIII
D'aithnigheas ar chaomeadh cumha
An fhéaráin eidhinn, an glór dubhach
Go bhfaghfainn am thaoibh trom-ghoin
Shaoileas nach tré m'aindir mhuirn'.
XIV
D'aithnigheas ar chaoineadh cuaiche
Ar bharr croinn cois na cruaiche
Go mbainfaoi osna ón chléibh:
Níor smaonieas ar m'ainnir shéimh,
XV
A ainirín álainn éadrocht
Is fann atáim ad dhiaidh anocht
Ad dhiaidh anocht atáim faoi bhrón
Ag sileadh deor 's ag ochón
XVI
Cuirfead crann iubhair os cionn t'úir
Ar ardán aoibhinn Átha-an-iubhair
Tan bheidh m'ainnir san úr thais:
Folcfad an t-úr le deoraibh frais
Och ón och!
CzzzzzPrós
I
AN MHAINISTIR.
Cm. Newport B. White: Irish Monastic and Episcopal
Deeds: Dublin, l936: Document I.
Lá gionbhair gruama dorcha duairc dár thriall Calmar Mac
Tréinfhir cois Abhann Righe, chonnairc mainistir cheathar-
chúinneach. Do ghabh tré arca ard oll idir dhá róimh ró-aosta,
do bhí foilighthe le h-eidhneán fíorghlas na ndubhchaor ndubhach.
Do líon croidhe Chalmair de bhrón agus de bhuaidhreadh, an tan
do chonnairc na liath-túir ag tuitim chum talmhan - an suanlios
gan sámh-leaba, gan chumhdach, gan cheann; an ghráinseach gan
arbhar, acht í fíor-líonta de fhrancachaibh faidhiarballacha gránda
gortamhla; tigh-na-n-each gan eachraidh ardaigeantach, ná
capaill chorpláidre do threabhadh mágh nó machaire, ag saothrughadh
bidh don duine: an muileann meidhreach gan mol, gan roth,
gan bró, gan áth, gan urlár ná clárlár do bhíodh líonta, tráth,
de mhin mhín no de bhleathaigh ghairbh; áit na linne gan iasc, gan
uisce, gan lacha bhán ná bárdal breach, gan gé gan gandal, gan
eala ar tuinn, ná bád ar linn; tigh-na-mbocht gan biadh gan
annlann gan almsana gan aoidheadh, gan leann láidir don lag,
ná fíon don bhfann; tigh na n-othar gan liaigh gan leigheas, gan
luibh anois in aimsir na "ndrúchtán ndubh," noch a itheas dá
ndeachmhuin - toradh na talmhan, gan aon mhéithreas ná maitheas
do thabhairt ar ais de, go n-imthighid a gcuirp chiara choirpthe
mar chonablachaibh ag leasughadh na h-uagha is an úrlachais. Tá
an leabharlann gan chíon gan chairt; an breathnuigh-thigh gan
radharc-ghloine ghlan, gan chruinne gan slait-riaghail,
gan nidh do fhoghnfadh do rinneoluidhe; gan badhbhdhún balla
dhíonmhar gan chaora chaomh na lomartha do chlúdochadh an bochtán
nó bó bainne do dhéanfadh annlann don leanbh tinn.
An halla oll in ar shuidh seanaid, líonta de chléir Dhé ag
comharliughadh go caomh le tighearníbh tíre, agus le taoiseachaibh
teanna crodha na gclogad n-ordha gcaiscleiteach, ag déanamh
dlighthe díreach dearcsnuighthe dá ndúthaigh - an halla san
anois gan cheann caomh gan chlár cailce gan suidheachán sámh
gan glór acht scréachach na scréachoige cille, agus cabaireacht
na gcág; nó - mo mhíle truagh! - mionna móra ag lucht
lámhliathróide d'imirt; teach Dé féin na fholamh-fhásach acht
carnán criadha cnámh nó leachta loitighthe ag luighe an lár, no
tuamaí folamha na laoch, agus iad líonta de fhrancachaibh
fiadhta dhá ruagadh le h-easógaibh ruadha maille le míle scréach
is scread; agus a thearmann gan de ghlór ann acht scréachach
éin adhuathmhair na h-oidhche, cia go raibh, na seasamh fós a
cholamhain chaomha cheartchumtha cianaosta liatha arrachtacha
aidhbhéile ag comhad suas stuagh n-oll. Bhí ceithre ollbhallaí
an bhadhbhdhúin foilghthe le luibheannaibh donna dorcha ó bharr go
bonn, agus na naoi liath-chaisleáin chúinne agus ainiomad túr liath
cian-aosta eile fá chulaith chumha, mar bhráithribh brónacha
aorta liatha ag seasamh go dubrónach os cionn uagha a ngaol do
treasgradh le láimh ghairbh ghall ngáibhtheach, ghá gcaoineadh
agus réidh chum tuitime san uaigh chéadna!
II
RÍ NA RÁTHA.
Bhí scológ scáthmhar ag dul tar bhrághaid go troighéascaidh.
Níor fhéach anann ná anall. Bhí a shúla na seasamh go radharc-
leathta; a fhabhraí na gcuilgsheasamh fá éadan dlúith-riceach
-ricídeach, rocach, a ghlib stathach dhá scuabadh ag an
ngaoith ghairbh fá n-a sheanchadhbhairlín ruadh-dóighte méaróg-
cheangailte; a fhiacla dlúthdhúnta, a bhéal mílíghtheach glastana,
agus a ucht ag luighe 's ag eirghe go gearr obann le gearranálaibh.
"An aoin Dia dhuit," ar Calmar. "An aoin Dia agus Muire
agus Pádruig duit-se," ar an scológ sgáthmhar agus é ag
lingeadh tairis gan féachaint air. "Créad é an glór garg
alltamhail úd as an sean-túr liath uaigneach úd?" ar Calmar,
ag leanamhain na scolóige de throigh éadtruim. "Nár chualais
trácht riamh ar Righ na Rátha?" ar an scológ scáthmhar i
nglor gearr ciuin, nó i gcogar, agus é ag féachain go fiadhain
tar a ghualainn chlé fá scannradh ó thorann a choise féin ar an
dtalamh folamh cuasach faoi. "Seandraoi é ag a bhfuil fios
uilc is maitheasa an domhain bhraonaigh; acht nach leigfeadh sé
rún le h-aoinneach acht leis na daoinibh maithe, nó le sean-
draoithibh eile. Deirtear gur leig sé rún le Séamas meathta, acht
nár ghlac sé a chomhairle, agus gur chaill sé an lá dá bhrigh
sin. Ní maith teangbháil leis; óir deirtear liom go millfeadh
sé meas agus toradh, eallach agus daoine óga agus aosta, dá
gcuirtí fearg air. Is fada dhúinn ár n-agallam." "Fan,"
ar Calmar, ag cur a láimhe deise go muinteardha ar ghualainn
chlé na scolóige, "siubhlam suas san sean-túr liath so,
do fhiosrughadh Ríogh na Rátha," ar Calmar. "An mise?"
ar an scológ scáthmhar rocach, ag bánughadh ar dhath ua h-uagha,
is ag baillchrith ó bhonn go barr, agus a fhiacla ag díoscán.
"In-innistear dom go mbíonn sé is na túraibh uaigneacha
se, ag imtheacht san duibhré ar sciathánaibh na sidhe ngaoithe
nguairdeán ó bhinn an túir léith se go binn an chloigthighe úd
thall, ag tarraing teinte aeir ó fhlathasaibh chuige. Nach
bhfeiceann tú an bile úd agus é loiscighthe ó bhonn go barr
leis an teintrigh? Mar so dhó tart tiomchioll, go bhféachann
súil daonna air, mar ulchabhán uaigneach, éan adhuathmar na
h-oidhche. Deirtear go mbaineann beanna na mbó dhíobh in
aimsir na ré láine, go seinneann sé féin agus a chualacht
choirpthe choimhightheach iad 'na mbuabhallaibh binnghlóracha go
gcluinfaoi i dTír-na-n-óg, agus in gach lios loitbheartach,
agus in gach rath raithneachamhail ruadh ag cruinniughadh sluagh
sidhe ó gach áird don domhan chuige; go gcuireann na h-adharca
ar na buaibh arís gan dochar gan díoghbháil dóibh, go n-imthigheann
leis an sluagh sidhe agus leis na pócaibh puill, nó leis na
h-umhraiscibh súl-lasamhla, rompa, le fóidínibh mearbhaill
mar lóchrann aoibhil, go mullach Suidhe Finn, ar ghuaillibh
gaillinge glan-fhuaire le luathas ga ghréine, nó guairdeáin
ghaoithe gáibhthighe i mí márta tar mhaoileannaibh mór-shliabh.
Ba bhagarthach ard-shidhe na gaoithe ag suidhe i mbéal uamha
dorcha ar a láimh dheis, agus niothach (fathach) fraochmhar feargach
féasóg-fhuilteach na shuidhe fá scáthruadh-charraige scoiltighthe
ar a taobh callóideach clé, agus scáilí na marbh ag imtheacht
timchioll ciumhaiseach an scáil. Mar sin imthigheann tré
fhoir-ghlinntibh an aeir, go suidhe ann ar mhullach Sléibhe na
mBan i measc néalta dubh na h-oidhche san gcomhdháil aordha ag
cur teineadh aeir as a shúlaibh agus tóirnighe as a pholláiribh. As
san imthigheann sé ar an inneall gcéadna, agus leis an
gcuideachtain gcéadna go fíormhullachaibh fuara sliabh slios-ruadh
na dúithche; tar Chumarachaibh carraigeamhla dubha dorcha ag
fiosrughadh gach leasa liath-sceachaigh agus gach rátha ruadh-
raithnighe, ag tabhairt eolais agus orduighthe do lucht feasa agus
faistine, d'fhear-shidheóig agus físidhe. Siubhlam. Ní maith
bheith ag trácht air ná orra. Tá eagla mo chroidhe orm go leanfa sé
mé féin, mo bhean nó mo chlann nó mo cuid."
Cluintear an glór garg allta aidhbhéil éagcosamhail
neamhaithnid arís. Do sceinn Calmar suas coischéimire cumhang
dubhchlochach dorcha le luathas áinleóige áird-eiteallaidhe.
Chuala an glór géimeamhail gárthamhail neamhaithnid garg tré
chaol-shlighte casta - an macalla dhá bhfreagairt ó adháirsíbh
folamha agus ó ghágaibh garbha geoineacha.
Chuarduigh Calmar gach cúil chumhang dhorcha dhiamhair, acht ní
fheaca an tí ó a dtig an gheoin gharbh gháibhtheach. Bhí
ciuineas critheaglach na marbh ann. Cluintear arís an garg-ghlór ó
uachaisíbh uall-ghárthacha na n-adhbhadh n-aosta. Seo síos
Calmar go coslúthmhar gur thárla an scológ air fá scannradh a
chroidhe. "Lean mise, agus ní baoghal duit," ar Calmar; agus do
lean an scológ é, cia gur gheiteach é. Seo iad araon tré na sean-
róimhibh dithcheannacha dorcha, (do bhí ciar-néalta ar feadh na
spéire) go bhfeaca Calmar uaidh an seanóir, ar bheinn an túir
fhaire, mar shidhe an fhásaigh, ag uaill go truaighmhéileach. Siúd
suas Calmar tré dhuibhchéimiríbh casta ó urlár go cloglár.
Seo síos an díthreabhach seanóra tré uachaisíbh dorcha do-eolais.
Do leanadar araon é go dlúth go bhfuair Calmar siolla dá
shúil de, tré fhunnieóig gotamhail. Is iomdha cúinne cam,
cuas anchaol, róimh ársa, uachais fhuar, scáine scannramhail,
stuaigh uathbhásach, deirc dhoimhin, gág garbh agus túr aosta
tré ar leanadar araon é; óir níor leig an eagla don scolóig
scáthmair fanamhain i ndiaidh Chalmair. Do ghabhadar tart
timcheall, le luathas fearbóige, taobh amuigh de bhallaíbh an
bhadhbhdhúin, tré choill donn-daraighe, agus taobh istigh, le
luathas ainleóige, tré chúláiribh cama diamhaire dorcha do-eolais.
Do chuarduigheadar idir chnocánaibh caonaigh, agus
carnaibh cloch, do bhí foilighthe le driseógaibh donn-duilleabhair
agus uaghannaibh na marbh, do bhí foilighthe le leacaibh loma
liatha agus leacaibh lonna liteardha, agus clocha ciara craobhacha
i measc na róimh ró-iongantach bhfuar bhfolamh bhfásamhail, go
bhfeaca Calmar uaidh, tré eitíbh na cille cianaosta, an seanóir
maol caol ard lán-truagh caolbhallach, go n-aghaidh mhíligh, é
ard-éadanach, a ghruaig caom-chasta, a shúla séimh séaghdha fá
fhabhraíbh caola réidhe bána, géaga leabhaire aige agus féasóg
fhada chasta chraobhach, í chomh geal le sneachta scuabach sléibhe, is
ag tuitim sios go crios nár fháisc. Bhí uime seantonach
liathbhán agus é ag lán-liobarnadh na rocaibh timcheall air go
colpaibh síos. Bhí sé gan bróg gan asán, na sheasamh i scáil dorcha
cholamhna cianaosta arrachta, láimh le carnán ceatharchúinneach
criadha cnámh, fá scáth croinn chumhaigh aosta
iubhair. d'fhéach mar ba ar an saoghal eile bhí sé ag smaoineamh.
"Siúd thall é," ar an scológ ag cuimilt le n-a dheárnain
deis an alluis fhuair dá éadan íseal, noch do bhí ag silleadh
síos go súil leis, dhá chaochadh. "Siúd thall é," ar sé, go
lúthanálach agus ag iontodh timcheall ar a sháil, a lámh chritheach
chlé ag dlúith-ghreamughadh na slaite draoidheachta coill, agus é
ag déanamh cearcail draoidheachta léi timcheall air féin.
"Siúd tall é acht táim-se saor slán uaidh anois," ar sé, le
h-osna trom. "Sin cloigeann donn lom gan súil gan srón
na láimh leabhair chlé." Seo gal idir dhá néal cróidhearga,
ciumhas-órdha ón ngréin, ag fágbháil sláin ag an domhan braonach.
Féach ar na scáilíbh úd na sean-túr n-arrachta, agus na
gcolamhan n-aosta n-ard, agus na stuagh n-oll n-aordha, agus
na bhfuinneóg ngotamhail - mar athachaibh ar lár d'éis gharbh-chomhraic!
Do las aghaidh mhílíghteach an t-seanóra leis an
teimheal chróidhearg, mar do sheasuigh sé idir scáilíbh sean-cholamhan
gciar-chur agus ardtúr n-aosta liath, agus an chuid
íochtarach de leathdhorcha ó scáil an charnáin chriadhta chnámh,
is crann iubhair ag deallradh go dorcha fann, os a cheann;
eidhneán fuar dubhghlas na ndubh-chaor ag tuirling go guaillibh
air, agus dorchadas diamhair taobh thiar de do fhoiligh éin uathmhara
na h-oidhche agus uaghanna fuara folamha na marbh. Bhí sé
ag féachaint i dtreo na h-altórach, d'aghaidh mhín réidh le súil
shocair shéimh.
Seo guairdeán gaoithe garbhghlórach ag geoineadh go critheaglach
trés na h-adhbhaidh aosta noch do croith maoth-árais na marbh ó
bhonn go barr. "Féach, féach!" ar an scológ go scannramhail,
"ní ceann daonna atá air ar aon chor, ar aon chor, acht is
réalt-iarballach ar lasadh é atá ag scuabadh a iarbaill go
fíochmhar fuilteach tréas an aer agus ag tuar uilc is anachaine
dúinne araon agus don domhan uile go léir. Féach an cloigeann
ciar na chlé-láimh fós!"
Do gháir an ghaoth. Do dubhadh aghaidh neimhe. Do dorchuigheadh
na clogcháis choimhightheacha. Do sceamheadar sionnaigh ó bhéal
a bhfuachaisíbh fuara. Do uailleadar mic-tíre malluighthe,
agus coileáin fhaolchon bhfuilteach ar na faillíbh fuara fásamhla.
Do scréach an scréachóg chille. Seo duanghail ghaoithe agus
osnghail trés na tuamaibh folamha. Do clingeadh clog na marbh.
Do scread an scológ. d'fhéach Calmar siar air, agus ar
fhéachaint roimhe arís dó, níorbh fheas cá raibh an seandraoi
imthighthe!
"Siubhlam anois féin," ar an scológ scannramhail, "as
na h-árasaibh anbháthacha so." "Siubhlam cheana," ar Calmar,
ag casadh a chúil go dubhach dobrónach ar an mainistir mhóir
aidhbhéil iongantaigh seo, agus do lean sé an scológ ullamh
éadtrom tréas an choill donn-daraighe go ráinig baile beag
bocht bothán gcinn-tuighe.
III
ANFADH SNEACHTA.
Bhí an lá ag druideamhain le déidheannaigheacht. Ní aithneochthá
préachán dubh ó fhionnóig fhuiltigh, faid chroinn ropaire uait.
"Fanam araon annso go maidin a márach," ar Calmar. "An
annso?" ar an scológ ag féachain suas in aghaidh Chalmair le
gnúis ghreidhne, agus ag crothadh láimhe leis go muinteardha.
"Cá bhfuighfeadh do leithéid-se d' fhear calma croidheamhail
ard uasal, iosdas na h-oidhche in aon bhothán beag bocht dearóil
deataigh díobh so? Dar ndóigh rachthá de thuslóig throigh-éadtrom,
ní h-amháin tar bhalla fidín, acht fós tar cheann cinn-tuighe aon
lag-bhotháin aca. Féach ar an dtigh fidín sin ó is é is fearr
díobh, má fhéachair le codla ann sin:
CzzzzzFil.
"Garbh ná mín ní sínfear fút ann
Barrach ná líon dár sníomhadh le túran;
Acht mata nár smideadh gan chuilt gan chlúda
Dealbh gan luid gan pluid gan súsa
I gcúil bhotháin gan áit chum suidhe ann
Acht sugh siothláin is fásgadh aníos ann
Fiadhghail ag teacht go fras gan choimse
Is rian na gcearc air trasna scríobtha
Lag in a dhrom, is na gabhla ag lúbadh
Is clagairneach dhonn go trom ag túirling";
CzzzzzPrós
acht siubhail liom-sa cois abhann; ní ró-fhada uainn mo theach
te cluthair sásta díonard balla-íseal, i bhfad ón mbóthar i
ngleanntán aoibhinn ar aghaidh na gréine, é foscuighthe ó aon
ghaoith ghairbh ag aill aird is ag coill chluthair, áit i nach
bhfuighfeadh madradh ar gcomharsan sceamh orainn. Gheobhair
cuid mhaith de chnuasach na coille, mar atá: - anbhruith gheirrfhiaidh
gheitigh do gabhadh i ngaitse, cois choirrfhiaidh chosluathmhair,
másán muice fiaidh tein-bhruithte do gabhadh le conaibh, mionáin
aeir óo sméaróid, síbhín súghac, agus leaba chlúmh chluthair
maille le braitlín bán, súsa sámh agus socaracht go lá."
d'umhluigh Calmar a cheann agus do lean an scológ
sceinnideach shuairc cois na seanrátha agus tar abhainn anonn.
Ba dhoiligh é Calmar anois ag smaoineamh dó ar bheartaibh an
t-saoghail mheabhlaigh. "Cár ghabhadar sean-ghaodhail na
h-Éireann, noch do thóg an mhainistir álainn úd, maille le n-a
túraibh aolda, le n-a caisleáin arda, le n-a stuaghannaibh
olla le n-a fuinneógaibh gotamhla agus le n-a gréasaibh
geanamhla? Dar ndóigh, ní uatha-san do shíolruigh lucht na lag-bhothán
úd san bhaile bocht beag úd! An saithe ghruagach ó thír na
ngall, nó sluagh diabhal ó fhíríochtar ifrinn do scuab tréas an
dúthaigh bhoicht díbeartha so ag léirscrios gach nidh aoibhinn
álainn aoraigh?" Do lean air leis na smaointibh dólásacha so,
gur mhúscail an scológ scothgháireach é ag rádh: - "Urúdh,"
ar sé, ag iontodh suas le n-a láimh chlé tosach duilleóige a
chadhbhairlín chéir dhuinn do bhí ceangailte timcheall le méaróig
fhéir, agus ag baint timchill as a chipín coill os a chionn le n-a
láimh leabhair deis, "is beag an scáth ná an eagla do bhí
orm-sa roimh an seandraoi diablaidhe úd. An tan ba mhian
leis teacht im ghaor chum mo mhillte, d'fhéachas air go bagarthach,
chrathas go crodha mo bhata beag coill (ní imthighim in aon áit ó
bhaile gan é": ghá bhualadh i gcoinne na talmhan), "agus níor
lámhuigh sé teacht im gaor." Do iontuigh Calmar a cheann i
leathtaoibh, agus do mhaoidh a ghean gáire air. "Is mise do
bhainfeadh deatach as a sheancasóig leis seo," ar an scológ
ag timcheallughadh a bhaitín choill agus ag ardughadh basca a
léine le n-a láimh chlé. Níl duine na diabhal sa dúthaigh nach
leadhbfainn leis"; ag baint sraca suas dó as a bhríste briste
bréide liath-ghuirme, mar do shodair sé roimh Chalmar, agus
a bhróga bonnbhriste, cúltsáilbhriste ag scuairdeadh laithighe
buige buidhe an bhóthair bhrocaigh fá n-a ioscaidíbh ciara
lomnochtuighthe agus fá n-a chrománaibh cróna ná raibh acht go
leath-foilighthe, óir do bhí a chasóg mhór creaptha suas aige
mar mhála pípe, ar uachtar a leasra leabhair, agus é anois is
arís ag feadghail go fuidheach nó ag canadh ceathramhan abhráin go
croidheadtrom.
Siúd gaillshíon gháibhtheach dhorcha tar brághaid. Seo síos
sneachta leathógach luath-luainmeach." Nach anfadhach
geimhreamhail an tosach oidhche duibhré é?" ar Colmar. Och,
ar an scológ, "is fíor an seanfhoeal gur "samhradh gach síne
go Nodlaig, is ní fuacht go féil Brighde." Nach gcluinir na ba
ag buainghéimrigh le scannradh an anfaidh shneachta, noch a
fhoileochas an féar glas uatha, agus chuirfeas an ghorta ghéar
na mbéal is na ngoile? Táid siad ag iarraidh iostais na
h-oidhche. Is deacair a ndiúltadh. Fuididide! is fuar é," ar
an scológ, ag leigin síos burrúin a chasóige móire agus ag
ardughadh a chába fá lag-dhuilleóig a cháibín ciardhuinn, ag
fáscadh a bhrághad uidhre oscailte deargdhóighte ó ghaillshíne is
gréin, ag dúnadh cnaipe an bhóna, nidh dob anamh leis. Féach
gach dual dá ghruaig is dá scathach-ghlib ghualduibh, agus é
gealcheangailte le caobaibh sneachta, agus fabhraí a shúl mar
ghuairigh mhuice gionaighe gorta, nó cleitíbh gé guir; a fhéasóg
chiardhubh chasta mar shlám olainne léithe gan cíoradh; a cháibín
mar chorcóig bheach lá sneachta, nó mar chadhbhairlín aoladóra
i súil teinaolaigh, lá buidhe bealtaine; a chasóg mór na
tromualach geal le síorcháthadh an tsneachta; na méaróga
féir noch d'fháisc a bhróga briste agus a loipíní láibe agus a
choisbheart ar a chaol-cosaibh do bhí anois chomh geal le smután
soileóige báine gan choirt cumhduighthe. Do ghabhadar araon
an bóthar briste cois abhann agus sneachta ag folchadh gach
foghal-ghearrtha. Sin síos i ngearradh gágach iad. Siúd go
h-ioscaidíbh i gcaothaibh cróna iad.
Siúd sios sneachta gan traothadh. Sin iad araon fá scáth
garráin giubhaise, dá raibh a h-uaithne cumha foilighthe le
leadhbachaibh geala ón tsneachta. Bhíodar na préacháin dubha
go garóideach ag cá, cá, cá, go buartha i gcoill fhuinnseóige
láimh leo. Do shéid an borb-anfadh le buile. Siúd síos sneachta
na leathógaibh móra meara. Sin gaillshíne na ngarbh-chnoc ag
gáireadh. Seo guairdeán gaoithe gárthaighe tréas an ngarrán
giubhaise. Siúd sionnach ruadhgheal tréas an bhfásach agus
gé ar a ghualainn aige.
"Ó nár fhanamar san baile beag úd," ar Calmar, "is
cóir fanamhain annso, fá scáth an gharráin ghiubhaise. Táid
na géaga glasa chomh fighte sin in a céile, mar sciathaibh os cionn
sluaigh fá cháthadh saighead, nach dtiocfa sneachta scuabach
féin chughainn, cia go mbeidh go leor de againn gan mhoill."
"Is measa an ghaoth ghuairdeáin annso," ar an scológ, "ná
ar lár an mhachaire. Siubhlam; is gearr uainn anois an tigh
agus tá sár-eolas na slighe agam." d'fhágadar an garrán
giubhaise in aoinfheacht. Shid iad anois ar lár an mhachaire
mhúchta, ag fuaidreadh; iad dall ó shíorcháthadh an tsneachta,
agus dá bhfuadach timcheall ag guairneán gaoithe gáibhthighe,
agus ag allus ó shaoth. Ní feicid fad do baise, ní de deascaibh
dorchadas na h-oidhche, acht ó thiughacht an churtha shneachta. Tá
iomairí agus dromanna bána ag éirghe agus eochracha aidhbéile
eatartha, le garbh-ghluaiseacht na gaoithe glan-fhuaire, mar an
bhfairge bhfeargaigh fá choipe chosbháin, lá anfaidh.
Siúd Calmar coiséadtrom ag casadh le lingeadh tar dhromán
sneachta. Slogtar síos go meadhon a choim chailce é. Saoileann
sé léim tar dhrom eile, - siúd síos go h-ascallaibh é;
agus d'fhanfadh ann go deo an domhain munar scraic an scológ
as é. Táid ag allus le saothar. Seo iad araon tré eochair
bháin dírigh tar an muigh mhúchta. Siúd ar mearbhall iad tré
cheartlár coille. Gáireann an ghaoth gháibhtheac gheimhreamhail
tré ghéagaibh loma liatha crann. Ní aithnightear dos droighneóige
duinne, ná tor aitinn colgaigh ó chnocán seangán.
Stoltar a n-éadaighe. Sractar croiceann. Gearrtar feoil.
Gáireann gaoth gheimhreamhail gháibhtheach, guairdeán na h-oidhche
níos gairbhe, geoinighe. Tá Bádh buille ag glamghail, is a,
garbhghárthadh tré dhoiríbh daingne dúire donn-daraighe, ag
luascadh, ag scoltadh, ag díoscánadh, ag raobadh, ag treascairt
chum talmhan an chroinn chraobhaigh agus an bhile do sheasuigh
go buadhach, buaintseasmhach go nuige so.
Síos leis an scolóig go crománaibh agus go guaillibh i ndeirc
ndoimhin. Siúd Calmar go tapaidh dhá shaoradh is dhá shracadh
aníos ar ghruaig. Sid iad iad araon ag fuaidreadh ar fán,
agus iad caoch ó cháthadh an tsneachta shiocuighthe, ó shírshéideadh
na gaoithe glan-fhuaire, agus ó fhuarughadh an alluis ar a
gcorpaibh.
Chaill an scológ a mheanma is a mheisneach. Chrom ag caoidh
mar leanbh bliadhna: "Och, och, ochón! mo bhean chneasta chroidhe,
mo chlann chumra chaomh; a chéile mo chroidhe, och, och, ocón!
mo chúilfhionn bhuidhe, mo bhuachaillín bán! ní fheicfe sibh bhur
n-athair grádhach beo go bráth! beidh sibh nbhur gcloinn gan athair,
ar anáird, och, och, ocón! Mo chéile chumhra chroidhe. Ní
fháilteochair t'fhear-pósta abhaile, ná ní chóireochair a leaba arís
go bráth! Ó, a Dhia, Dhia, Dhia! agus adubhairt le Calmar: -
"Nach gcluinir an fiach dubh fuilteach? Tá sé ag fuireach
chum na súile do ghiobadh asam, mar ghnidheann le molt marbh.
Nach gcluinir scréach an fhiadh-chollaigh fhásaigh? Tá sé ag
fanamhain lem chorp do shracadh leis na dheirc san
Dubh-ros Dubhlaoghach an tan bhead marbh."
Do tharraing Calmar croidheamhail a lann líomhtha as a truaill.
"Nach gcluinir glamghail gheoineach agus uaill aidhbhéil an
mhic-tíre mhalluighthe? Tá a shúla ar dearglasadh na cheann.
Féach a fhiacla fuilteacha dhá ngéarughadh aige chum mo chorp do
sciobadh leis 'na uachais uathbhásaigh chum a choileán bhfaolchon.
Och, a Chríost cumhra na gcréacht, saor m'anam!" Leis seo
thuit sé síos le faill i ndeirc dhoimhin. Seo na dhiaidh an
fiadh-chollach fásaigh le scread scannramhail. d'fhéach Calmar
san deirc dubhchroidheach. "Och, och, mo thruagh! ar sé, tá
an scológ bhocht caillte. Is ró-chosamhail gur gearr go
leanfad féin é." Gáireann an ghaoth ghuairdeáin gheoineach
gheimhreamhail. Scuabtar an sneachta tré na doiríbh dorcha
duibhliath. Chuir Calmar a dhrom le crann mór ar thaoibh na
gaoithe. Búireann an borb-anfadh tré leabhairghéagaibh an bhile
bharr-thruim. Sin ar lár é, le sonnadh sanntach, fá throm-ualach
a ghéag, ag sracadh sneachta agus talmhan agus Calmar
féin leis le neart a fhréamh. Seo bile eile na dhiaidh, - a
bharrghalach os cionn Calmair. "Go réidhe Dia orm!" ar
Calmar, dhá réidheadh féin on nguais in a raibh. chidheann sé
an fhaolchu fhuilteach. Imrigheann a chloidheamh colg-dhíreach
timcheall air. Siúd an mac-tíre mire gránda gortamhail
timcheall air ag uaill go h-uathbhásach, agus ag féachain, gach re
seal, ar an ndeirc in a raibh an scológ agus an fiadh-chollach
sloguighthe, agus ar Chalmar crodha croidheamhail, mar do
shlogfadh beo marthanach é. Chuir Calmar a dhrom go díreach
leis an anfadh aidhbhéil uathbhásach, agus a chosa luthmhara láidre
ag tuslógadh go tréan tréas an dílinn dúir glégil. Do
lean an mac-tíre millteach é, ag féachain go fraochmhar, ag
fuaidreadh timcheall air, agus é an-ghaor do rinn a chloidhimh,
uaireannta, ag drannghail go diablaidhe, uaireannta eile,
nios sia amach, ag uaill go h-uathbhásach is ag glamghail go
geoineach.
Seo síos go crománaibh Calmar. Rug ar ghéig choill do bhí
láimh leis. Seo suas go misneamhail mear é. Bristear an
ghéag. Siúd síos go guaillibh é. "Dia lem anam," ar sé. Seo chuige
isteach an mac tíre agus é ag drannghail go h-adhuathmhar.
Imrigheann Calmar le cuislinn a chroidhe chomhachtaigh
agus le n-a láimh leabhair láidir, an cloidheamh mor-thimcheall
a chinn do bhí fá'n am so leathfhoilighthe ó shíorcháthadh an
tsneachta. Thug an sighach sanntach sidhe fá n-a cheann dá
shlogadh. Do leig Colmar leathcheann an mhic-tíre ar liobarnadh
leis. Chrith an choill uile leis an scread scannramhail agus leis
an uaill uathbhásaigh do rinne.
Féach, mo truagh! an sneachta go beal, go sron, go súlaibh
ar Chalmar, acht choimeád sé an claidheamh os a cheann dhá
imirt. Ar a shon san, tá an fhaolchú fhuilteach agus an mac-
tíre mire le h-uaill uathbhásaigh is le lingeadh lán-lúthmhar
láidir ag sidheadh chum a shractha as an deirc. Ar an nóimint
sin chaill Calmar a mheabhair is a mhothugadh. Thuit as a láimh
a chlaidheamh, mo mhíle truagh! fá shíorcháthadh na díleann báine.
"Chuige, a chú chraosach!" ar guth daonna san choill. Rug
an chú ar scórnaigh ar an bhfaolchoin agus do chuir an fear
fuascalta a chlaidheamh clais-leathan colgdhíreach go luisig i
gcorp an con allta; agus rugadh Calmar gan meabhair gan
mothughadh go tigh scolóige láimh leo, áit ar cuireadh i leaba
chluthair chluimhe é i suainlios sámh, láimh le teinidh mhóir
chonnaidh.
IV
AN t-AINGEAL COIMHDEACHTA
An tan d'oscail Calmar a shúla d'éis a chodalta shláinteamhail,
d'amhairc sé tré éadach na luinge suain, le solas na
geal-ghréine do bhí ag deallramh tré fhuinneóig ghlain ghloine,
an t-aingeal arrachta aidhbhéil álainn éadrocht maiseamhail
maordha mórdha, - a h-aghaidh ag deallradh mar an ngréin, a
súla séaghdha séimhe fá mhalaíbh do bhí ag lúbadh mar bhogha ceatha
in ardaibh neimhe, a h-éadan ard álainn aoibhinn aorach, a gruadh
geal go dteimheal dearg 'na lár, ucht ghlégeal fá urlaíbh fáinneacha
scáineacha do bhí ag tuitim go fiadhain tar ghuaillibh
glégeala agus ar bhrághaid bhuanbhán, - beol cróidhearg ag
fuaradh anáile balsaim le boladh anchumhra, - sciatháin niamh-ghorma
go dteimheal uaithne álainn agus corcra righeamhail
ar a n-uachtar agus cur-dhaithte fútha, ag teacht ó ghuaillibh
glégeala thar éadaighibh glégeala do bhí ag tuitim na rocaibh
áilne mar do shiubhail go réimeamhail agus í corónta le mionn
óir nó liag lonnraigh.
Do smaoin Calmar: - "an den teaghlach neamhdha an t-aingeal
álainn niamhdha úd? Créad é an saoghal in a bhfuilim? Shid é
m' aingeal coimhdeachta, ar anam Calmair, noch d'imthigh fá
scáth na gcrann úd. Ar scair m'anam leam corp? Chuala
ceolta neamhdha ar chláirsigh chaoin an aingil sin. An brionglóid
bhuartha eachtra na h-oidhche? Cá bfuilim?"
V
D'IMTHEACHTAIBH CHALMAIR I DTIGH ÓIGFHIR ÁLAINN
Tháinig bean bhreágh aosta mhaordha mhodhail mhaiseach go
n-urla glégeal casta craobhach, i láthair Chalmair, agus
d'fhéach air de shúlaibh truaighmhéileacha trócaireacha, ag
oscailt go
h-aireach culaithe na luinge-suain in ar luigh Calmar.
Chonnairc sí a shúla ar oscailt. Do scairt sí amach: - "An toil le
Dia uilechomhachtach go bhfuilir beo againn?" ar sí. "Táim,"
ar sé sin le h-osna trom: "míle miliún buidheachas leis an
Té sin noch do chuir cabhair chugam in am na dubh-phráidhneach."
"An bhfuil sé beo marthanach againn?" ar fear breagh aosta
aghaidh-réidh. "An bhfuilir id bheathaidh againn?" ar óig-fhear
álainn arrachta gruadhearg. "Cionnas táir?" ar iad
uile, d'aon ghuth ciuin caomh. "Airighim mé féin chomh maith
is bhíos riamh," ar Calmar. "Seo, ól deoch agus codail go
fóill," ar an bhean bhreagh. d'ól, agus d'imthigheadar uile
amach. "Créad do thug annso mé i measc daoine chomh
modhail?" ar sé sin. "Táim i measc daoine saoghalta
breágh socair séimh; acht nach é m'aingeal coimhdeachta do
chonnarcas idir mo chodla agus mo dhúiseacht? Uch, uch! anois
cuimhnighim air. Créad do bhain don scolóig bhoicht?"
Chuala sé gáir gola agus bualadh bas ag mnaoi agus cloinn
na scolóige. Sin muintir an bhaile tré na chéile ag fiafraidhe
ceist dá chéile go truaghach. Phreab Calmar as a leabaidh;
chuir uime a chuid éadaigh go deithneasach, agus choisric é féin.
Tháinig an bhean bhreagh isteach, "Uch, uch!" ar sí, "is dubhach
dobrónach an scéal atá againn ar maidin, - Páidín an Óir
bheith múchta san tsneachta. Conarcadh ag crónughadh lae andé
é, "i gcuideachtain duine uasail álainn óig," ag teacht amach
as an mainistir mhóir. Ní feacadh siolla na súl de ó shoin.
Is dóigh gur múchadh san tsneachta é." Cualadh uaill fhaolchon
fuiltighe agus grafain ghráin chullaigh fhiaidh ag an deirc úd
thall aréir. Cluintear liúgh truaighmhéileach agus golgháire
chumha agus caoineadh cráidhte: - "Cá bhfuilir, a athairín, a
athair cá bhfuil tú?" "A céile chumhra mo chroidhe chráidhte,
cá bhfuil do leaba anois? I Log na Laogh lán-fhuar, uch, uch,
mo chreach cráidhte!" Bhíodhg croidhe Chalmair. Chuaidh amach.
Chuala an gholghair. Sheasuigh i measc na ndaoine agus d'airigh
"Cá bhfuilir, a Pháidín? cá bhfuil tu?" i mbéal gach aoinneach.
D'fhiafruigheadar uile d'aon ghuth amháin de Chalmar:
"Cionnas
múcadh Páidín scológ?" "Connarcas duine," ar sé, "acht
níl fhios a ainme agam." "Cá bhfuil sé?" ar an comh-thionól,
de ghuth cráidte. "Ní feadar," ar sé, "acht is
dóigh liom go bhfuighfinn a thaisbeánadh dhíbh cár chonnarcas fa
dheireadh é." Tháinig an t-Óigfhear Álainn agus an duine
breagh aosta chum Calmair agus chuireadar na daoine amach
uaidh. Chuadar leis ag eisteacht le na scéal ó d'fhág sé an
mhainistir in aonacht leis an scolóig gur slogadh é sa deirc
shneachta i bhfochair an fhiadhchollaigh. Tógadh aon gháir amháin
ghola chuirfeadh truagh ar ghall. Siúd céad sluasad ag cartadh
an tsneachta as an deirc dhoimhin an iomad troigh síos. d'éis
a láin shaotha, siúd amach an fiadh-chollach dubh diablaidhe fán
bhfásach. Leanadar coin chraosacha é; acht chuaidh sé as uatha,
óir níor bhac na daoine leis. Do leanadar ar an sneachta
do chartadh; agus, fá dheoidh fuaradar Páidín mín marbh fá
thromualach sneachta.
"Sin agaibh anois mo fhear pósta! mo chéile cumhra, caomhnaidhe
mo leabthan! Ó nach fuar é mo ghrádh croidhe!" Leis
sin thuit an bhean bhocht bhuartha bhrúighte i bhfanntais. "Och,
m'athairín, m'athairín, och, ochón!" Sractar a chlann ón gcorp
ar éigin. "Uch, uch a mhic!" ar seanduine liath, "uch, uch a mhic,
a mhic," ar sé, ag stothadh a fhuilt fháinnigh fhada, 's ag tuitim
mín marbh anuas air. "Uch, uch, a mhic ochón! och a mhúirnín
mhilis, a mhic múirnigh, a leinbh mo chroidhe is m'ae!" ar sean-bhean
aghaidh mílightighe, gruaige glégile agus í ghá stothadh is
dá scaoileadh ar scuabadh le gaoith. "Och! beiridh abhaile
mo mhac maiseach, a chomharsana bhéal-dorais, a cháirde chumhra; a
charaid mo chroidhe! Beiridh abhaile mo leanbh, athair na leanbh!
och, och ochón!"
Tógtar suas an corp agus tógtar gol-gháir gheoineach gharbh
chuirfeadh crith-eagla ar dhaoinibh i gcéin agus bhainfeadh gol as
gall dá mb'fhéidir. Ag teacht dóibh i ngaor do dhoras a thighe,
tógtar na h-uaillghártha gharbha thruagha thuirseacha, agus na
golghártha buile bróin, agus gártha guirt géara geoineacha,
agus sracadh fuilt agus bualadh bas, gur cluineadh i ngearr 's i
gcéin iad i gcoill 's ar chnoc. d'fhreagair an mac alla gach
ard-uaill, gach scréach scáthmhar, scannramhail, gach búireadh
borbbhuartha.
Beirtear isteach an corp. Cuirtear éadaighe tiorma uime.
Cuirtear ag an teinidh é. Greadtar le clochaibh te é. Cuirtear
i leaba cluthair clúimh é. Acht, foraoir! d'eitill an
t-anam chum breitheamhnais i láthair Dhé uile-chomhachtaigh, i
láthair Chríost chumhra na gcréacht noch do ghlac colann daonna
mar sinne chum go dtógadh peacaidh an domhain ar a ghuaillibh
féin.
d'iontuigh na céadta súl ar Chalmar. Do sméid an t-óig-fhear
air, agus d'imthigh an dias ar ais. "Ní h-ionad cóir duit-se
an áit se anois. Siubhail liomsa cois abhann." d'imthigheadar.
"Níl fios ag duine sa gcéad díobh súd cionnas go cinnte
do cailleadh Páidín. Inneosad-sa dhóibh arís é, agus annsin,
dar ndóigh, ní bheid siad ar buile chomh mór san is a rádh go
bhfuil aon nidh ded chionnta-sa i mbás an fhir."
VI
DE THÓRRAMH PHÁIDÍN.
Oidhche an lae sin féin do leagadh amach corp Pháidín bhoicht
go glan galánta in a scioból féin - teach breagh balla-fidín
fá thogha dín sheisce, agus dóirse salóige dúbalta leis; sé
sin, doras an chlóis agus doras na h-iothlann. Bhí sé na luighe
go leabhair ar chlár geal giubhaise, fá bhraithlíníbh glégeala ar
an gcorp féin agus tart timcheall air. Ar cholamhnaibh na
leabthan agus ar a cnaistíbh, bhí píopaí tobac; agus snaoisín
go leor i gceirnín croinn do bhí leaguighthe ar an gcorp féin.
Do bhíodar so le fagháil go fairsing ag tórramh Páidín; agus,
dár ndóigh, níorbh aon iongnadh san, óir do bhí coibhneas gaoil
aige le scológaibh deallramhla na dúithche.
Sin isteach Cáit-a' phíopa go n-a dúidín ciar na draid
mhanntaigh aici, agus do shuidh go modhail i láthair an chuirp ar
dhréimire fada do leagadh ar trí cearchallaibh agus do
cóirigheadh le clárachabh agus le cuaichínibh tuighe. Siúd isteach
Smulc gan Smachtughadh, is a phíopa na dhranndal crón. Sin
isteach na dtulcaíbh iad: Táilliúr na Scríob, Scolta na Gaoithe,
Séamus na Sróna, Seán na Sál etc. Ba ghearr go raibh tigh an
tórraimh bairc líonta, ar chuma nach raibh ionad follamh i
meadhon an tighe; agus, dar ndóigh, go leor is na cúláiníbh.
An uair bhíodar suidhte go socair sámh ar shop tuighe na
raithnighe nó ar urlár luachra, agus gur fuagradh ciuineas le
breitheamh na fírinne, d'éirig Smulc gan Smachtughadh; agus,
ar miotóg mhaith snaoise do thógain as an cheirnín do bhí laigthe
ar an gcorp, adubhairt: - "Nach mór an t-olc agus an anachain
Páidín bocht do thuitim le Righ na Rátha agus leis na sídheógaibh?"
"Abair an focal san go réidh." ar Cáit an phíopa ag baint
an phíopa as a béal. "Tá go maith," ar Smulc: - "Nach mór
an t-olc agus an anachain Paidín bocht do thuitim le Righ na
Rátha agus leis na daoinibh maithe?" "Ní measa cách ná
Conchubhar," ar Cáit an Phíopa. "Is maith adeir tú caint,"
ar Smulc, "acht cad é an ainm eile ghlaodhfad air?" "Glaoidh
an seandraoi nó an seanóir nó do rogha anim air, acht ná
trácht ar na ráthannaibh," ag cur an phíopa na béal manntach
arís agus agá chaitheamh go cíocrach. "Sidh - och! na daoine
maithe shaoileas rádh." "Is fíor san," ar Gearóid na
Sidheóg. "Mar adubhras cheana," ar Smulc, "nach mór an
t-olc agus an anachain Páidín bocht do thuitim le Righ na Rátha
agus na daoinibh maithe? Muna mbeadh i ndan dó dul tréas
an mainistir agus tárlodh ar an seanóir, ní bhainfeadh an
tubaist seo dhó." "Créad d'imthigh air san mhainistir?"
ar Cáit. "Dar ndóigh, níl aon chomhachta ag diabhal ná draoi,
sean ná óg, ar aoinneach san mainistir naomhtha." "Is fíor
sin," ar Gearóid na Sidheóg. Thóg Smulc miotóg mhaith eile
snaoisín as an cheirnín do bhí ar chorp Pháidín bhoicht, agus do
shúigh suas na shróin go h-airceasach, le srann do chuirfeadh
Páidín na dhúiseacht dá mb'fhéidir é. "M'anam dhearg ón
diabhal," ar Smulc, "má bhriseann tú snáithe mo scéil
arís, brisfead do phus is do phípín in aoinfeacht." "Arú!
an é mo phípín agus mo phus-sa?" ar Cáit an Phíopa, ag
tabhairt leadartha de chloich do bhí aici i dtrácht a stoca treasna
na plaitine, noch do leag ar lár Smulc. Seo suas arís é go
bhfuair rúsc eile den stoca is dá raib ann, do leag chum lán-
talmhan arís é. Seo suas arís é, agus an tan do bhí sí chum an
treas iarracht do thabhairt ar a cheann gan cíoradh, do scréach
amach: - "Ní tusa do bhí romham." "Is mise mar sin é,"
ar Gearóid Sidheóg ag breith thall ar ghlib ghairbh air na láimh clé,
agus do chrom dhá smúcháil agus dhá chíoradh agus dá shlámadh,
gur scairt Smulc amach: - "Ní tusa bhí romham." Seo muintir
an tórraimh uile tré ghiúra gheabhra, tré na chéile, cuid ag
labhairt i bpáirt Cháit a' Phíopa, mar ba dhual agus mar ba
dhílis dóibh, agus cuid eile i bpáirt Smuilc. "Ní labhrann
aoinneach im pháirt-se," ar Gearóid na Sidheóg; "acht is
cuma san; atá "daoine maithe" agam-sa do-gheobhaidh mo
pháirt." "Socaracht!" ar breitheamh na fírinne thuas is an
chuinne láimh leis an teinidh, agus é ag diúl a phípín go socair
sámh an fhaid do bhí an bachram ar siubhal. "Fógraim síothcáin - go
réidh breágh, a bhuachaillí. Déinidh eadragán idir na
prioslachánaibh."
Agus do rinneadar uile eadragán, agus bhíodar chomh
socair sámh na dhiadh san amhail is nach raibh focal mín ná searbh
riamh roimhe sin eatartha. Do ghlan Smulc a aghaidh ó na caobaibh
fola, agus do chíor fíor a ghlib fháithte le méaraibh a dheasláimhe;
agus do bhí sé chomh ciuin le cat ag faire francaigh ar feadh na
h-oidhche na dhiaidh sin.
"Ní de dheascaibh a thárluighthe ar Righ na Rátha san mhainistir
do bhain aon nidh do Pháidín," ar Gearóid na Sidheóg, "agus
dá ghlacfadh sé comhairle an duine uasail óig, do múchadh nach
beag 'na fhochair, bheadh sé beo marthanach anois; acht níorbh
fhuláir leis teacht abhaile d'éis ghabhála go h-easurramach tré
Ráith Cheanannais, agus a rádha go magamhail go léimfeadh sé
tháirste, ná raibh eagla druadh ná sidheóg air." "Och! is
fíor san," ar iad uile; "is mór an chomhachta atá ag na
daoinibh maithe," ar Gearóid na Sidheóg; "is agam-sa atá
bonn an scéil, agus ní gan foghlaim fuaras é."
VII
DE MHAISE OSRUIGHE ÍOCHTAIR.
"Chidhfimíd araon a chéile in aithghearr," ar Calmar agus é
ag crathadh láimhe leis an Óigfhear. Leis sin, d'fhág slán aige
féin agus ag a mhuintir mhodhail. Do chas a chúl, agus d'imthigh i
ndeora abhann, gur thárla baile beag bocht air, áit i raibh
droichead tar abhainn. Seo ó dheas é go cnocán ar fhaithche
aoraigh. d'fhéach ar ais soir cois abhann. Tháinig deora glasa
ó na súlaibh go fuidheach, ag smaoineamh dó ar an scolóig
boicht. d'iontuigh a aghaidh suas ar ríoghacht neimhe ag tabhairt
buidheachais nár cailleadh é féin mar an gcéadna.
Bha an spéir glan liathghorm gan néal gan cheo, an ghrian ag
taithneamh go glórmhar ar mhághaibh míne geala, ar choilltibh
cleitacha, ar sléibhtibh sneachta. Ón ardán so chonnairc an
gleann glégeal ba bhreághtha dá raibh fá thalamh na cruinne. Theas
uaidh bhí "Sliabh na mBan fionn agus an t-aer os a chionn,"
cia go raibh ag ardughadh go h-uaibhreach a bhrollaigh bháin is a
chíoch nglégeal chum na neamh, agus ag greannughadh imill
óirghreanta a ionair shróill-ghil. Bhí Coill-a'-tSléibhe
liathghlas, Craig Mhic Lir lonn, Sliabh Díle dian, Sliabh
Breathnach bán, ag a chois mar leanbhaíbh óga áilne ag féachain
suas ar a máthair. Bha sléibhte aidhbhéile arda Cumarach na
mbeann go geal ar gcúl, agus a ndrom leis an aer gorm. Bha beanna
barr-ghéara na nGailltí ngeal ar tí aghaidh neimhe do tholladh
le na ngéir-rinn ró-áird. B'shin thiar Druim-a' Ghuail
glégeal anois ó dheallradh na gréine glaine soillsighe ar a
shneachta. Thuaidh uaidh bhí cnoic chrannacha na Crannuighe,
agus iad mar chaoiribh geala míne ar mhuigh mhín agus na h-uain
bheaga na measc; Sliabh na Leac ag cromadh a chinn tré
thromualach an tsneachta. Siúd Stuagh Laighean lán-aoibhinn
aorach ag ardughadh a ochta deallradhaigh ó n-a bhroinn bhorrtha -
a chlann cheannbhán ag a chois. Téidhid na Staighrí Dubha bána
bagartacha suas go flaitheasaibh, Cnoc Breandain binn, agus céad
cnoc eile nach áirmhightear ag timchealladh na tíre dá ngoirtí
Osruighe Íochtair go ndearna gaill an Chontae dhi - gleann na
gréine, gleann an arbhair, gleann na meala is na leamhnachta - gleann
na gcoill gcumhra, gleann na n-éan mbéil-bhinn, gleann an
tsaothair, gleann na Siúire sáimhe, na Feoire feadha fiadhain,
na h-óighe ucht-ghlaine, noch do ghlac Niall, rí Éireann
in a bhrollach bán, dá sháthadh féin in a h-ucht álainn le
h-áthas - agus na Bearbha buaine: trí siúra na sláinte ritheas ó
Bhladhma bhuirb bhagarthaigh, tré na trí bearnaíbh baoghail atá
san chiorcal cnoc agus sliabh réamhráidhte, d'iarraidh fhoscaidh
agus dín san ghleann gaolmhar so, in ar thárladar le chéile
arís, d'éis a n-iltíreachta, tré ghleanntaibh dubha ceo agus
bearnaíbh baoghail agus doiríbh dubha diamhaire, tré mhághaibh
míne, agus móintibh móna maothta. Is i gceartlár an ghleanna
so ba chóir ceanntulach is ard-chathair Éireann do bheith.
VIII
DE LÉIRSCRIOS LUCHT AN "T-SAOR-DHATHAID."
"Is mithid damhsa bheith ag siubhal, chum deiridh do chur lem
aistear," ar Calmar. "Ní imtheochair," ar Diarmuid Donn,
is é d'éis an t-seisireach do scur. "Tá se in am ag fear agus
capall sos nó stad ó obair chum proinne d'fhagháil; agus nach
bhfeicir na néalta ciara dubha úd atá na gculaith chumha ar
Shliabh na mBan, néalta noch d'éirigh le teas na gréine ón sioc
liath do bhí againn aréir. Is dóigh go mbeadh fearthainn, nó
cloichshneachta, nó bfhéidir sneachta féin againn." Le na linn
chéadna sin siúd síos cioth trom cloichshneachta ar mhachairíbh
loma. Ba ghearr gur shuidheadar go seascair sámh chum búird,
marar leagadh do láthair muicfheoil deataigh agus feoil dá-chos:
mar atá, creabhair, naoscaí agus siocáin. d'éis proinne
is altuighthe; "Is gearr idir dhá shín againn," ar Diarmuid
Donn. "Is amhlaidh don duine é," ar Calmar; "agus do
threabhadh na talmhan," ar Ainnir Álainn. "Is fíor san," ar
Calmar, "is gearr ó shaoil Clanna Gaedhal go bhfuighfidís
suaimhneas ó Shasanachaibh, an tan do bhí rí ar an Chreideamh
caitiliceach aca, acht anois, d'éis gach geallamhna dá dtug rí
Shasana agus a sheanaid uatha, atá dlighthe daora diablaidhe
dhá ndéanamh ó lá go lá; agus, dar ndoigh, ní raibh an donas
go foirlíonta ar Éirinn gur chaill lucht an t-Saor-dhathaid an
guth chum fear-seanaide do thoghadh. Óir siúd anois iad na
ndreamaibh dubha ar feadh na mbóthar, caithte cráidhte, gan
ionad ag fear, bean na buachaill, ag mnaoi ná leanbh ná bunóc
na cíche chum a gceann do chlúdach ó ghoimh an gheimhridh, nó ó
anródh na h-oidhche fada fuaire. Táid dona go leor agus
ródhona. An féidir a mbeith níos measa?" "Ach," ar
Ainnir Alainn, "ní féidir muna mbainfaoi an croiceann
díobh." "Seo scata dhíobh ag an doras." "Go bhfóire Dia
orra," ar Ainnir Álainn ag leagan méise bidh bhriste ar
bhord; "ta sibh ag crioth leis an bhfuacht: gabhaidh isteach"
ar Ainnir Álainn, "agus suidhuighidh cois na teine." "Go
mbeannuighe Dia is Muire is Pádraig díbh," ar an seanóir
críonna liath. "Go mba h-amhlaidh dhíbh," ar bean-a'-tighe.
Do bhí ann seanóir críonna liath caolchosach creatlom cam-lúbtha,
agus garsúinín geanncach ar láimh aige. Na dhiaidh bhí
giolla garbh giallfhada mór-roscach mór-mhalaidheach ciar-mhongach
craobhach casta go bféasóig fhada stothaigh, agus garlach
gránda giobalach gortach ar a dhrom in íochtar a chasóige móire.
Leath-taoibh leis do sheasuigh bean bhreagh bhán-aghaidheach fhionn
fhann, go leanbh mí-líoghach meathta ar a brollach bán glégeal.
"Déinidh go sáitheach," ar bean-a'-tighe. "Go dtuga Dia
a luach is an bheatha mharthanach díbh," ar an seanóir. Siúd síos
sneachta coimhightheach dhá cháthadh le gaoith gháibhthigh ghairbh anoir.
"An bhfagham oisdeas na h-oidhche?" ar an seanóir. "Gheobha
sibh agus céad míle fáilte," ar bean-a'-tighe. "Imthigh, a
Ainnir Álainn mar aon le Siobhán agus réidhtigh sláimín an
sgiobóil dóib, is faduigh teine chonnaidh dhóibh; agus, a
Dhiarmuid Duinn, imthigh-se le Tadhg Tiománaidhe agus
taraing sop tuighe dhóibh mar leabaidh."
Do shéid anfadh anoir ag luascadh na dara dúire díthdhuillighe
ó bharr go bonn. Do chraith an crann fuinnseóige fonnsaighe
le h-eagla an anfaidh aidhbhéil. Do gháir an fiolar fuilteach
ar an bhfaill. Do ghlam ealta fhaolchon bhfiadhain san bhfásach,
agus do thuit an oidhche fá throm-ualach dubhnéalta liobarnach;
agus bhí an sidhe gaoithe ag duanghail ag poll na h-eochrach ag
iarraidh teacht isteach. "Ní chuirfinn madradh mo namhad
amach anocht," ar bean-a'-tighe. "Tríonóid na truaighe ad
thárrtháil-si féin" ar an t-óglaoch, "is Críost cumhra na
gcréacht dod chaomhnadh ó gach olc agus ó gach anachuin. Déanadh
an lá i mbáireach mar is maith leis; támaoid fá chleathaibh
an tighe anocht."
"Créad is ainm agus sloinne dhuit agus créad í do cheárd
nó t'ala? Cá as a dtangais agus cá bhfuil do thriall?"
ar bean-a'-tighe. "Gearalt Gabha m'ainm is mo shloinne agus
gaibhneach mo cheárd. Thangas o Bhun Cloidigh, agus ní fheadar
cá bhfuil deireadh mo aistir; óir cuireadh le fán an tsaoghail
me féin, mo mhac annso, Seaghán Gabha, a bhean agus a thriúr
cloinne buige óige; óir bhí saordhathad agam .i. ceardcha agus
garrdha chum potátaoi, go dtáinig an dlighe diablaidhe se, an
tan do cartadh me féin agus mo mhuintir amach ar an mbóthar,
agus do leagadh mo bhothán is mo cheárdcha." "Ta dona go
leor," ar Diarmuid Donn. "Nára measa é!" ar Seaghán
Gabha. "Ní measa, le congnamh Dé," ar Diarmuid Donn;
"óir atá coimneas go leor tart timchioll, agus is féidir
leat bothán is ceárdcha do thógan ann ar maidin i mbáireach,
agus ní fada bheir gan obair is gnó, mar is mór theastuigheann
gabha uainn." "Seo mise chughaibh" ar Seaghán Gabha, ag
éirghe agus ag breith a athar a mhná agus a gharlaigh na ngasra
amach sa sgioból. "Níor dhún Dia doras riamh," ar Ainnir
Álainn, "nach n-osclochadh doras eile." "Is fíor sin,"
ar Calmar. "Is minic chualas-sa guth Dé is na doimhnibh, is
thug Sé saor slán me mar Chloinn Iosrael trés an Muir Ruadh."
"An bhfuilir id chodladh, a Sheagháin Ghabha?" ar Diarmuid
Donn leasmuigh de dhoras an sgiobóil go doich ar maidin lá
ar na mháireach. "Nílim, a dhuine uasail," ar Seaghán
Gabha. Faigh nidh éigin le n-ithe duit féin is dot mhuintir,
agus annsan gluais mar aon liom-sa."
Chuir bean-a'-tighe lán méise de bhiadh te agus leamhnacht
na bhfiadhnaise, maille le sé sliogánaibh, agus d'éis a leor-
dhóithin d'ithe, ghluaiseadar rompa beagán slighe go cúinne
cluthmhar cois choille uaignighe ar bhruach coimnis fhiadhain
fhásamhail, pluideamhail uisceamhail, gan féar gan fosc gan
futhain, gan nidh sa tsaoghal ag fás ann acht fraoch ruadh ar
bhán bhuidhe. "Siúd iad na céadta acra romat amach mar bhán
gan bothán air acht an t-aon bhothán. Siad san na Bánta Buidhe;
agus seo bothán baintreabhaighe noch d'éag le déidheanaidhe;
agus, ó nach bhfuil duine ná daonaidhe bhaineas léi san
dúthaigh se, ní fearr duine bheas mar oidhre uirre na Seaghán
Gabha." "Ní fearr in Éirinn," ar Seaghán Gabha, ag feacadh a
ghlúine agus ag cromadh a chinn, agus ag dul isteach tré'n
doras íseal san bothán sugha. Do lean a mhuintir é. "Is
gearr uainn an choill; dar ndóigh, ní bheidh uireasba teine
orainn." Le luathas guairneáin ghaoithe, chuaidh Seaghán Gabha
fán gcoill agus do thug leis brosna connaidh. Do chairt síos
ar an dteinteán é agus do chuir suas teine le cúl scíne agus
cloich-theineadh agus sop tuighe; agus bhí spóirseach gan mhoill
agus teitheadh tighe ag Seaghán bocht Gabha is na garlachaibh.
IX
DE THÓGAINT NA CEÁRDCHAN
"An aoin Dia dhuit, a Phaid Phlaibín," ar Diarmuid Donn.
"An aoin Dia is Muire is Pádraig duit-se féin, a dhuine
uasail," ar Paid Plaibín. "Seo gabha bocht díbeartha, an
dtabharfá congnamh dúinn amárach, má bhíonn an lá go breágh,
chum ceárdchan do thógainn dó?" Dar ndóigh, tabharfad,
agus tabharfaidh leathtaobh dúthcha cabhrughadh leis." "Slán
agaibh go maidin amárach go doich," ar Diarmuid Donn.
"Slán is saoghal chughaibhse, a chomarsa chaoin," ar Seaghán
Gabha; "agus chidhim anois gur fhusa gheobhadh duine déanamh
gan duine gaoil, ná gan comharsa maith."
Go doich ar maidin lá ar na mháireach, bhí Diarmuid Donn
ar cheartlár an choiminis le Céirín agus cara sleamhain gabhtha.
Bhí fiche cara eile ann na bhfochair gabhtha ar an ghléas
céadna. Bhí Smulc, Smísteach, Spailp ó Mhóin Asadh, Seaghán
Salach, Drúchtán an Druimín, Séamus na Sróna ó Bhóithrín na
Leacan, Seaghán na Sál ó Shliabh na mBan, Tadhg na
dTroighthín ón Móin Ghairbh, táiliúr na Scríob ó
Nonnsanall, Scoltadh na Gaoithe ó Cnoc Butún, Bás gan Sagart
ó Ath-a-Chamuisc, Rí na bhFear ó Leaca na Cuailighe, agus
céad fear eile nach n-áirmhim, ag gearradh fód agus scrath le
rámhainn agus sleaghán agus grafán, agus dhá gcur ar na caraíbh
sleamhna. Bhí Paid Plaibín ó Bhasthroma Pluic, agus cabhair
go leor aige ag tógain ballaí na ceárdchan. Bhí Seaghán Saor ó
Choill na bhFraochán ag cur agus ag cumadh na gceithre gcúpla i
gceann a chéile, le tuaigh, tál, tarathar agus tuireasc. Bhí
Conchubhar na Coille ó Thigh na Coille agus a cháirde ag
gearradh agus ag
tarraing taobhán agus caolaigh; agus bhí Tadhg Tuigheadóir ó
Thobar na Seacht Seisearach, agus a chongnamh ag tarraing
sceisce agus urluachra; agus Diarmuid Díonadóir ó Dhún
na mBogán ag cur fraoich agus aitinn i gcóir, agus Séamus
na Scolb ó Choill-a'-Dhuibhthir ag gearradh scolb gcuill, agus
Seaghán na Súgán ó na Lionntánaibh ag déanamh méaróg bhféir;
agus sul dtánaig meadhon an lae, bhí ceárdcha shocair shásta,
acht amháin an díon, ag Seaghán Gabha.
"Suidhidh síos, a chomharsana," ar Diarmuid Donn, "tá
barraille leanna ciardhuinne bríoghmhaire blasta, agus
láimhdín lan d'uisce beathadh buile annso ó Ghearóid na
gCarad, ó Challainn-a'-Chlampair."
"Ólfad féin mo charnán de mar dhuine," ar Seaghán
Gabha; agus chromadar uile orra ag slogadh na leanna láidre,
agus ag diúgadh an uisce bheathadh bhuile, ag gáir is ag abhrán
go nár fágadh braon ann oiread is líonfadh gob dreóilín.
"Seo Sliabh na mBan fionn is an t-aor os a chionn," ar Seaghán
na Sál, "is ní bhfuighfaoi bothán do thógain ar choimineas
Challainne gan mo chongnamh." "Is gan do chongnamh
do rinneamar ár ngnótha riamh" ar Brigidh Bhuidhe Ní Bhróithe.
"Dob fhada buidhe uaidh é," ar Seaghán na Sál. "Thugais
t'éitheach," ar Brighid Bhuidhe Ní Bhróithe, ag stealladh lán
scála de uisce na draoibe na aghaidh. Leis sin thug Seaghán
na Súgán leadhb de mhéaróig treasna an ghéill do Sheaghán na
Sál. Ar an nómaint deirg bhí sé na iura eabhra eatartha agus
iad uile tré na chéile mar Aonach a' Ghleanna; gur thuit
Seaghán na Sál san laithigh go brúighte buailte, agus Seaghán
na Súgán san sruthán go n-a shmaosach shmuasach na smúdar.
"Fóill! fóill!" ar Diarmuid Donn agus Calmar noch
do bhí d'éis teachta. "Is olc an fháilte í seo agaibh roimh
Sheaghán Gabha." "Is fíor sin," ar Smísteach. "Cuirimís
caolach agus díon ar an cheárdchain." Siúd síos Seaghán Saor
d'éis an chaolaigh do cheangal, agus siúd suas Diarmuid
Díonadóir ar thaobh di agus Tadhg Tuigheadóir ar an taobh
eile go n-a snáithíbh, agus a méarógaibh, agus a scolbaibh,
agus ba ró-ghearr go raibh ceárdcha ag Seaghán Gabha - teallach
agus builg, teanachar agus inneoin, ord agus lámh-ord,
dhá casúr is tairngí do bheith na n-ionad cinnte féin aige, ag
cur crú fá chapall a chomharsan.
X
EACHTRA CHALMAIR.
"Is fada uait Coistsléibhe. Tar liomsa a bhaile," ar
Óigfhear Álainn le Calmar. "Tar leat," ar Calmar; agus
d'imthigheadar. Tharla Ainnir Álainn orra ag doras an tighe
mhuintire. Thug sí barr a baise báine buige do Chalmar ag
cromadh a cinn go h-adhnáireach. "Sé do bheatha is do shláinte
chughainn arís," ar bean-a'-tighe. "Go raibh céad míle maith
agat, a bhean-a'-tighe shéimh," ar Colmar. "Gabhaidh isteach
sa phroinnárus," ar bean-a'-tighe. "Tá proinn ollamh ar an
bhord"; agus do shuidheadar uile ag an bhord. Bhí rogha gach
bidh agus togha gach dighe ann, mar atá: - mairtfheoil mhéith
úrshaillte agus cólais bhán, caoirfheoil le toirnéisibh, cos
mhuicfheola deataigh maille le h-eireógaibh, agus i ndeireadh
arán is cáise chumhra Laoighse; lionn donn láidir agus uisce
beathadh briogha na scáiltín.
D'éis chodach d'iarr bean-a'-tighe ar Chalmar eachtra a
bheathadh, má ba thoil leis e. "Is toil go deimhin," ar Calmar.
"Bhí m'athair agus dearbhráthair m'athar na gcéadóiríb fear
gcomhlannach i gcogadh ríogh Shéamuis; agus d'éis tabhairt
suas Luimnighe, d'imthigh dearbhráthair m'athar gus an bhFrainc
d'éis cailleamhna a thalaimh dhúthchais. d'fhan m'athair sa bhaile;
óir ba dhuine dhe na daoinibh é ag a raibh geallamhain ríogh
Uillím. Ní rugadh mise go tamall na dhiaidh san. Téighim gach
bliadhain ag féachain dearbhráthar m'athar, agus ag foghluim
san bhFrainc; óir atá fhios agaibh nach bhfuil cead ag scoil
chaitiliceach bheith ar bun in Éirinn. Chualas beagán laethe ó
shoin go raibh baoghal éaga ar mo deirbhshiair tré fhiabhras.
Siúd abhaile me ó chathair Pairise, tré Londuin, tré
Bhriostomha go Portláirge mar shaoileas; acht chuir mearthall
mara isteach go Loch gCarman mé. Tá fios na coda eile agaibh
cheana.
XI
D'FHÁILTE CHALLAINNE ROIMH GHALL-MHINISÉIR.
Tháinig an gall-mhinistéir ó Phortláirge go Carraig-na-
Siúire. Dob fhear beag buidhe seang é, noch do cuireadh
chughainn mar aon le n-a mhnaoi agus a chloinn, in ionad na
dtighearnaí tíre noch a imthigheann tar sáile ag caitheamh an
chíosa. Bha bean chiarbhuidhe chreatlom chiarmhongach aige, agus
clann drochdhathach amhal capall odhar gualadóra, nó capall
ciar aoladóra. Bha súil fhiarsceo, nó tharradharcach ag an
mac ba shine, noch ba ghall-mhinistéir eile. "Cia aca an
bóthar go Callainn a' Chlampair?" ar an gallmhinistéir,
agus é na shuidhe na chóiste. "Siúd shuas é," ar ceatharnach
caol riabhach noch do thárla air. "Taisbeánfad-sa an t-slighe
dhuit, a dhuine uasail ghallda," agus do chuaidh an ceatharnach
roimhe. Ní fada go dtángadar go gleann doimhin dorcha
coillteamhail, idir dhá chnoc cairrigeacha. "Seo an tslighe
réidh," ar an ceatharnach. "Ar ghabh aon chóiste airiamh an
tslighe seo?" ar an ministéir. "Do ghabh, céad cóiste,"
ar an ceatharnach. Do chrom an cóisteoir ag lascadh na gcapall
ngallda. Sin síos roithleán i ndeirc. Teilgtear an gall-mhinistéir
go n-a mhnaoi sa chloinn ó thaobh go taobh. Sin
guairdeán gaoithe tré ghleanntaibh garbha. Siúd bladhm thóirnighe;
sin sios clagairneach. Siúd gabhair ghiobalacha ó bheannaibh
tar ghleann le geite. Réidhtighthear an cóiste as an deirc,
d'éis an chuideachta do fholcadh go feoil. Sin isteach an
gall-mhinistéir go céasta cráidhte. Seo ar aghaidh iad tar
gharbhógaibh ruadha, tre chaothaibh ploide, tré shruthánaibh
scannramhla, cuarbhána coipeamhla, agus an gharbhghaoth ag luascadh
leabhair-ghéag na gcrann. Pléascann tuailm. Sin síos an
cóiste. Cluintear gaill-liúgh. Pléascthar an doras in aghaidh
ruadh-chairrige. Sin amach an gall-mhinistéir agus é ag crith
le fuacht is le h-uamhan, agus ag amharc timchioll air féin.
Bhadar i ngleann uaigneach dorcha, cnuic agus sléibhthe go
h-aer na dtimchioll, coillte donn-daraighe agus giubhaise
dorcha diamhaire ag díoscán os a gcionn; coin allta ag
glamghail; sionnaigh ruadha ag sceamhghail; claodaigh
callóideacha ag garbhgháireadh na dtimchioll agus an
chlagairneach ag tuitim gan traotheadh. Má ba bhuidhe cheana iad,
ba odhar-bhuidhe anois iad le h-uathbhás. Sin teine chreas
aeir. Seo amach grathain ghaodhlach as coilltibh coimhightheacha,
as garránaibh giubhaise dorcha, ó chnocaibh ruadha raithnighe,
ó chnocánaibh aitinn, ó chuasánaibh carraigeacha, ó fhásachaibh
fraoich. "Dia dhíbh" ar fear fadchosach breac-lorgánach
glib-stothach agus sleaghán na láimh. (Die ye! Must we die?
say the strangers). Tháinig dath an bháis ar na gallaibh. "Dia
díbh! Dia dhíbh! Dia dhíbh!" ar an gasradh gaodhalach. "Why
should we die? We are sent by his most gracious Majesty
from England to preach peace to you"; "and to receive
your Reverence's tithes from them. I am your proctor,
Conchubhar na cCeann, and these are your worthy parishioners
come to help you forward on the king's high road." Má ba
gheoineach geiteamhail roimhe sin é an gasra gallda, ba
ghealgháireach greidhneach anois iad. Baintear an cóiste
briste anuas, agus cuirtear ar chara sleamhain é, agus
tarraingtar le trí gearánaibh gortamhla gaodhalacha ar
comhucht le súgánaibh seisce é féin agus an ghrathain ghallda,
agus tarraingthar an chuid eile de le trí gearánaibh eile.
Bha an gasra gaodhalach roimhe le rámhainníbh agus sluaistibh
ag ísliughadh ardán ag ardughadh agus ag líonadh gearrthuidheacht,
ag cabhrughadh tar chaothaibh agus cnocaibh agus tré ghaisíbh
geoineacha is tré chlaoidíbh callóideacha go dtáinig an gasra,
idir ghall agus gaodhal, láimh le Faithche an Aonaigh, an tan do
chiunuigh an ghaoth. Do stad an fhearthainn. Do ghlan aghaidh na
spéire.
Seo amach gailligh ciara ceirteacha as bothánaibh beaga
bochta deataigh, go ndeatach géar glas-chaolaigh as gach doras.
Cluintear grágadghail chearc, géimreach ghé agus gandal,
geoin ghadhar, mear-amhastran madraidh, maistín agus measchon,
béiceach asal, uchtghail mhuc, beaguich bhanbh agus clog an
teampuill dhá bhaint go meidhreach ag an chloigfhear. Is ar éigin
gheibheann an gasra gallda gealgháireach agus a gcóiste
agus a gcara sleamhain agus a ngearáin ghaodhalacha, Seaghán
Gabha ar each díobh, Seaghán na Súgán ar cheann eile agus
Pilib na Staile ar an treas each, dul trés an ghramuisc ghránda
so go geata an bhaile, áit ar sheasuigh mion-shuafrao an bhaile,
slat bhán dhíreach chaol i láimh leis agus eochracha an bhaile in
san láimh eile. Bha fear a' chloigín ar a dheis, agus báille ar a
thaoibh chlé; agus Uilliam Táithliubhair agus an chuid eile
de shaoirfhearaibh uaisle onóracha an bhaile taobh thiar den
triúr úd. Ba h-é so an ghné dhuine an suafrao so .i. firín
cam crotach caolchosach caisfhiaclach geanncach leathshúileach,
an tsúil eile ag féachain fiarsceo go h-ionad a céile, go
n-éadan caschlumhach, go sróin shnaoisíneach smugairleach, go
mbéal osgailte ó chluais go cluais ag nochtadh caisfhiacla
gciardhubh. Dar ndóigh, ní bhfuighfeadh aoineach amach créad
an chiall a shamhail do ardughadh gus an ngradam so, muna
mbeadh go mba gall neamhchaitiliceach é. Is é do rádh: - "That
the devil may spin a teetotum on my breast bone and turn
up "Aufer" all for my soul everlastingly, Amen, but
you are welcome to our ancient borough, Rector, honey;"
agus leis seo do scaoileadh na geataí don aigilseach agus
dá mhuintir; is do chuadar tré charnaibh aoiligh agus caothaibh
agus bréanógaibh go tigh an ghall-mhinistéara, áit ar chaitheadar
an gasra gallda an oidhche go súgach somheanmneach, agus
d'imthigh clanna gaodhal gus na bothánaibh bochta a chodladh
d'éis a saothair.
XII
FLEADH I DTIGH THRÉINFHIR .i. ATHAIR CALMAIR.
Suidhtear chum búird. Seachas Tréinfhear agus Calmar
agus Óigfhear Álainn do bhí ar cuaird aca, bhí ann an ministir
marcach agus fear-dlighe; - fear arrachta, néata, gleoite,
cneasta, deaghcóirighthe, aghaidhe breághdha buige, deaghlabhartha
do b'eadh é an fear dlighe se; acht tairis sin féin,
d'aithneochthá ar a shúlaibh go raibh céad casadh in a aigne. Ba
de chlannaibh gaodhal agus den tseanchreideamh a athair: acht
chonnairc sé an saoghal ag iontódh in aghaidh na gcaitiliceach,
agus do mheas sé nár chóir dó féin cailleamhain le nidh chomh
suarach le h-athrughadh creidimh - agus d'athruigh. Duine críonna
céillidhe do b'eadh é. Cuirtí ar choistíbh go minic é; óir
níor bh'fhuras coiste d'fhagháil, bhí lucht an chreidimh
ghallda chomh tearc san; agus, dan ndóigh, do b'ainmheach iad na
caitilicigh uile. Níor dhuine cruadh-chroidheach é le gall ná
fiú féin le gaodhal do bheadh i ngreim nó i ngábhadh i gcúirt.
D'éis chogair agus crathta láimhe ón bpríosúnach, do
mhionnuigheadh sé dhó go n-íosadh sé a bhróga sul má leigfeadh a
crochadh.
Tháinig an t-athruightheóir ar aghaidh go h-iongantach, agus
an fear dlighe seo, a mhac atá i láthair anois ag an bhfleidh i
dtigh Tréinfir. Do phós sé seo inghean fhir dhlighe eile
leathshúiligh noch do bhí pósta le h-inghin tuilidhe nó
tabhartanais do thighearna mór. Do chaill an fear dlighe
leathshúileach a ghúna dlighe, ámhthach, de dheascaibh gur chuir
sé, tráth, a aitheach greise ar an taoibh chaoich de agus an
fritheartaidhe ar thaoibh na leathshúile dhe.
Na dhiaidh so is uile, fuair sé cíos-ghlacadh ó thighearna tíre,
noch do mhair, i Sasana, agus do bhí sé na fhear modhail ag
cruinniughadh go cneasta neithe saoghalta na mhála féin; agus
ar tan fuair bás fuair an fear-dlighe so láthaireach an cíos-ghlacadh.
Anois bhí sé ag trácht ar a mhaoin, ar an meas do bhí
ag a thighearna air, agus mar sin de. Adubhairt nach raibh
fear sa dúthaigh gheobhadh gach nidh do shocrughadh chomh maith
leis féin; agus an tan do las an braon a ghruadh, adubhairt
gur mhór an truagh Óigfhear Álainn do bheith n-a scolóig; ó
bhí sé na scoláire chomh maith sin go nglacfadh sé féin am air,
chum fear-dlighe do dhéanamh de, acht go gcaithfeadh sé a
chreideamh do athrughadh. "Acht," ar Óigfhear Álainn, "ní
féidir sin do bheith; óir is caitiliceach comhguasach mé."
"Puh, puh!" ar an fear-dlighe. "Bha m'athair-se féin na
phápaire, agus d'iontuigh sé." "Tá a fhios san ag an dúthaigh,"
ar Óigfhear Álainn; "acht ní leigfeadh mo choguas domhsa
aithris do dhéanamh air." "Ní leigfeadh do choguas duit-se
aithris do dhéanamh ar m'athair-se," ar an fear-dlighe de ghlór
ard feargach, ag féachaint dó go fraochda ar Óigfhear Álainn.
"Créad an chiall go bhfuighfeadh mac scolóige, pápach, trácht
go h-easonórach ar m'athair-se, noch do bhí na dhuine uasal mar
is eol do chách." "I dtaobh t'atar - fear ithte na mbróg -
leigeam tharainn é; agus id thaobh féin, is dóigh liom-sa nach
bhféachfá chomh fraochda feargach san orm-sa, muna mbeadh an
áit 'na bhfuilir i láthair na ndaoine n-uasal so." "Ach,"
ar an fear-dlighe ag maolughadh a ghotha, "níor shaoileas
féachain ort go fraochda, do láthair na ndaoine n-uasal so,
ná labhairt acht go ciuin. Tá súil agam go bhfuil múineadh dá
mhalairt orm." "Leigeam tharainn é," ar Tréinfhear;
"bímís ag ól." "Bímís cheana," ar an fear-dlighe; agus
d'imthigh Calmar agus Óigfhear Álainn amach. Do dhruid an
fear-dlighe le Tréinfhear. Do chraith lámh go muinteardha leis.
d'ól sláinte agus saoghal chuige, agus adubhairt: - "An
fhaid bhead-sa agat, ní gábhadh dhuit eagla chailleamhna an bhaile
fhearainn sin noch do ghnóthuighis an tan fuair dearbhráthair
t-athar bás. Mise an buachaill nach leigfe do lucht faisnéise
ar fhearanntasaibh pápacha, innsin scéil do dhéanamh os
comhair chúirte ort."
D'óladar gloine eile. Chrathadar lámha agus bhádar go
súgach. "Acht i dtaobh an mhic scolóige úd - cé gur deagh-labhartha,
is beag í a chiall. Beireann sé sin - mac scolóige
pápach - airm fhaobhair is teineadh leis, in aghaidh dhlighe na
ríoghachta." D'fhéach Tréinfhear go coimhightheach. "Agus
tusa is duine uasal breágh caitiliceach den fhuil is aoirde
san ríoghacht, ní cóir comhluadar chomh íseal do bheith ag
t'oidhre-si."
D'fhéach Tréinfhear go soilbhir; cé gur greadadh tré lár a
scart an chaint se; acht dar ndóigh ba iomdha easmailt is
imdheargadh bhí ar chaitiliceachaibh dhá uaisle a mbrúghadh fútha.
Chrathadar lámha arís. d'óladar gloine eile. Thug an fear-
dlighe cogar na chluais dó, agus adubhairt Tréinfhear: - "Tá
tú ceart go leor. Caithfe sé gan mo thigh-se do thathaighe níos
mó. Inneosad san dom mhac." "Tá an ceart annsan agat,"
ar an fear-dlighe. Chrathadar lámha, agus d'óladar gloine
eile air.
"Agus tá ceangal níos sia ná bliadhan is fiche uait-se ar a
thalamh ag an scolóig phápaigh, ag á athair." "Táim-se cionntach
mar sin," ar Tréinfhear na aigne féin ag féachain go maol.
"Agus tugann an scológ chéadna iostas do shean-bhráthair
liath ó am go h-am." "Táim-se cionntach annso leis," ar
Tréinfhear leis féin ag féachain go h-imníomhach. "Agus a
each marcuidheachta, is fiú níos mó ná cúig púint é." "A
sheanchroch shúgha, is chúghat-sa san fós," ar Tréinfhear na
aigne féin. Go grod na dhiaidh sin, d'imthigh an fear-dlighe
agus Óigfhear Álainn agus muintir an tighe chum leabthan.
Ar maidin go doich d'éirigh Calmar do réir orduighthe a
athar, agus d'imthigh, timcheall gnótha dhlighe gus an gcathair.
Bhá Tréinfhear tinn, an fear-dlighe gnóthach, an freastalthóir
failligheach; agus d'imthigh Óigfhear Álainn abhaile go
Gleanntán Aoibhinn. Is sármhaith do thuig sé adhbhar na mallaí
ngruamdha do connairc. D'aithin a mháthair air gur chuir nidh
éigin fearg air. Chuir sí ceist air gur innis di féin agus dá athair
gach
nidh do thárla. "Och," ar a athair, ""ní thuigeann an sáthach
don tseang." Ná h-imthigh níos mó ann; agus, má thagann an
duine uasal séimh sin Calmar, caithfimíd a innsin dó nach
dóig gur comhluadar cóir do mhac tighearna tíre mac scolóige."
Má bhí fearg ar Óigfhear Álainn roimhe sin, bhí cathughadh nó
dobrón air anois, óir ba ró-ionmhuin leis a dhuine muinteardha
Calmar.
An tan tháinig Calmar abhaile, is luath do thuig créad do
chuir abhaile chomh luath san Óigfhear Álainn. Bhá aithméaltas
mór air, agus brón ar a aigne. Acht ba mhaith do bhí a fhios
aige a bheith ar chumas an fhir-dhlighe díoghbháil do dhéanamh
dá athair. Níor leig an náire dhó dul ag féachain Óigfhir Álainn
ná a mhuintire.
Lá dá raibh Calmar ag sealgaireacht i nGleann Droma
Dheirg, cia chidhfeadh sé acht Óigfhear Álainn. Och! ar sé,
"a dhuine mhuinteardha, agus m'fhuascailteóir ón mbás!
is ró-olc lem chroidhe aon nidh do thuitim amach do dhéanfadh
deighil eadrainn; agus ná saoil go ndéanfainn dearmhad
díot." "Ní chreidim go ndéanfá," ar Óigfhear Álainn,
"agus ná smaoin go ndéanfadh m'athair easonóir do thabhairt
duit acht an oiread is thabharfainn-se; acht an fear-dlighe
fealltach san táimíd uile na chomhachta, agus ní leigeann an
eagla dhúinn tuitim amach leis." "Muna mbeadh san," ar
Calmar, "do b'fhada ó thig m'athar do gheobhadh a leithéid
d'fhealltóir."
D'innis Óigfear Álainn dó annsan, cé gur leisc leis é,
créad adubhairt a athair. "Ní h-iongnadh liom e," ar Calmar;
"bhí a fhios agam spioraid fhir aige, agus nach cóir dúinn a
chraobhscaoileadh leis, créad é ár bhfáth ceann do leigean
leis an bhfear-dlighe. Níl agat-sa agus agam-sa le déanamh
acht a chéile d'fheicsin chomh minic agus is féidir é, i ngan-
fhios dár n-aithribh araon. Agus, dar ndóigh, a Óigfhir Álainn
a fhir m'fhuascailte ó bhruid bháis, ní dhiúltochair
m'fheicsin?" "Chidhfead," ar Óigfhear Álainn, "a chara mo
chroidhe." "Tá greidhn ar mo chroidhe anois," ar Calmar, "agus
seo mar dhéanfamaíd. Tá túr uaigneach i lár coille diamhaire,
cois ghaise sléibhe tamall maith ó thigh m'athar. Caithim mórán
den lá, agus cuid den oidhche annsin go minic ag léigheadh is
ag mactnamh. Ní thagann aoinneach na ghaor acht mo bhanaltra
aosta, dá chur i gcóir go minic. Seo eochair an dorais duit-se.
Tá ceann eile agam féin. Inneosad dom bhanaltra thú bheith
ann, agus mar sin is féidir linn bheith ag comhrádh le chéile,
agus ag dul ag fiadhach is ag sealgaireacht chomh minic is ba
mhian linn: agus aon am is mian linn a chéile d'fheicsin ins
an taobh so dhen dúthaigh, is féidir liomsa codladh ag an bhaile
beag so thíos cois abhann agus teachta do chur chughat." "Táim
sásta," ar Óigfhear Álainn. Do scaradar le chéile an tan
sin. Mar so dhóibh go lá féile Brighde Báine.
XIII
FÍSEANNA A AINGIL CHOIMHDEACHTA
1
Tamall gearr na dhiaidh sin, d'éis lae shealgaireachta, do
shuidh Calmar i ngleanntán aoibhinn cois fhaille. Bhá claodach
cannránach ag callóid tar chiarchlochaibh sleamhaine san deirc
doimhin do bhí fá na chosaibh. Bhá coill bheith-na-meas ar an
gcnocán úrghlas roimhe, - a duilleabhar glas-éadtrom go
niamhrach fá dheallradh na gréine lá bog braonach bealltaine
gréine, agus beagán néalta mar lomraíbh nuaidh-nighte
glégeala san aer liathghorm. Chonnairc bogha ceatha ró-shoiléir
idir é is an choill; agus, i lúib na coille, marar éirigh an
bogha ceatha ón mhuigh uaithne nóinínigh shróill go h-ardaibh
neimhe liathghuirme, ins an lúib sin chonnairc sé a aingeal
coimhdeachta na sheasamh. Phreab sé ar a chosaibh. Siúd de
lingeadh lúthmhar tar chaise channránaigh é, suas tar bhrollach
mín an chnuic go h-ionad an aingil. Ní raibh aingeal ná bogha
ceatha ann!
2
Lá eile do Chalmar na luighe ar phort nóinín ag éisteacht
le cloigínibh caoine na gcaorach ag teacht chum cró um
dheireadh lae, tar bhántaibh míne, agus le fuaim na dtonn ó
eas, do bhí ag teacht chuige ó fhiadhain-ghleann carraigeamhail.
Ar leath-taobh de, bhá oileán coillteamhail cois gharráin
ghiúbhaise, agus sléibhte dorcha ró-arda os a chomhair. Do
bhí gal liathbhán ag éirghe ón eas cubharbhán. Cois chroinn
iubhair do sheasuigh a aingeal coimhdeachta agus í leathcheilte
leis an eas-ghail. Bhá an ghrian ag taithneamh na h-aghaidh um
dheireadh lae le lonnradh iongantach. Chualadh guth ó bhéal ba
mhilse ná cruit Mhananáin, nó guth Dheirdre an tan do tharraing
sí na h-eilite allta chúichi dhá mbleaghadh. "Seo," ar sé
na aigne féin," aingeal ó neamh ag teacht ag scaipeadh
drúchta neimhe na néamhannaibh lonnracha, agus ag canadh ceolta
neamhdha." Ag a rádh so dhó, sin tar shail é. Ceileadh an
t-aingeal leis an ngail, agus níorbh fheas dó cár ghabh.
3
Shuidh Calmar go tuirseach tréith ar charraig ruaidh ó nar
scuab sé an sneachta. Bhá an lá ag druideamhain le
déidheanuidheacht. Do stad cáitheadh an tsneachta, agus d'fhéach
aghaidh neimhe go niamhrach glan gorm. Bhí sé cois ghaise glaine
gárthaighe do bhí ag coipeadh is ag cubhradh ó charraig go carraig,
ó aill go h-aill, ó eas go h-eas, ard is íseal. Bhá coill
uaigneach ard de chrannaibh bheith-na-meas is giubhaise
dubhuaithne, taobh thall den ghaise ghárthaigh, agus cnó-mhuine
choill ag fas fúithe go tiugh. Chonnairc, dar leis féin, an
taidhbhse chéadna do chonnairc sé tré n-a chodladh agus a
dhúiseacht, maidin mharbhtha Pháidín. Preab na sheasamh, dhá
chortha é. Bhí taobh an aingil leis. Seo taidhbhse eile le n-a
taobh, .i. taidhbhse an t-seanóra noch do chonnairc sa mhainistir.
Bhíodar araon na seasamh ar fhíorbharraibh na gcrann, gan iad
do lúbadh! Chuimil Calmar a shúla. Bhádar araon ann ag
deallradh fá'n ghréin. Shiubhladar araon taobh le taobh gan
barr géige dá laighead do lúbadh. Do chuimil sé a shúla arís.
Do bhí an ghrian ag luighe taobh thiar díobh; corcra ríoghamhail
ar néaltaibh neimhe, iad rocach go gciubhasaibh órbhuidhe
coimeasctha le dealgaibh óir, go n-adhartaibh cróidhearga gréasta
le fabhraíbh órlasta ar ghormliath uaithne is odhar. Do
leanadar orra suas arda neimhe! Sin suas Chalmar taobh
an tsléibhe cois na glaise gárthaighe báine. Chualadh glór
allta éagsamhail taobh thoir de. d'iontuigh ar gcúl. d'fhéach
uaidh ar feadh na sliabh sneachta. Ní fheaca acht néalta liatha
ar aghaidh na spéar. d'fhéach go mear mara raibh na taidhbhsí,
acht bhíodar dofhaicse. Do lean air go lúthmhar thar ghaise
ghárthaigh. Ní fheaca acht daraighe dubha. Ná níor chuala acht
glór gearánach na gcorr iasc ngárthach. Tháinig dubh na
h-oidhche.
d'éirigh an ghaoth gheimhreamhail ag síorluascadh géag na
gcrann. Chuir Calmar a dhrom le bile buadhach. Ar fuaid
sliabh, cnoc, agus cnocán, bhí sneachta scuabach ag imtheacht
le gaoith. "Dar ndóigh," ar sé leis féin, "sé sin m'aingeal
coimhdeachta do bhí thuas san aer os barraibh fiodh. Acht
créad thug ann Rí na Rátha, nó an seanóir, nó an seandraoi,
nó cia ainm eile thaithneas leis na daoinibh a ghlaodhach air."
Ar an aingeal bhí sciatháin ghorma, teimheal-uaithne go mballaibh
órdha agus íochtar cur, agus ceann mar réalt iarballach, go
díreach mar adubhairt Páidín bocht ar an seanóir.
Is amhlaidh do léigheas ainiomad ar íomhághaibh san aer in
aimsir seaca. Bíonn siad ar shléibhtibh seaca an domhain
thiar, in oileánaibh siocamhla san aigéan thuaidh, agus créad
an chiall nach mbeidís ar shléibhtibh siocamhla Éireann? Níl
ins an uile acht taidhbhse bhréige!
Tá míniughadh na bhfís se uile le fagháil ag deireadh uimhre
a XVIII infra, lth. 277. Ainnir Álainn an t-aingeal coimhdeachta!
4
D'ÉAGCOSC ÓG-MHNÁ
Do bhí Conn ghá breathnughadh, agus níor mhiste, dar leis,
Ainnir Álainn do ghairm di; óir ní lonnraighe an Chamhaoir
roimh éirghe gréine, san aer gan cheo ná ruithne a rosc righeamhail
ngorm; mala caol ciardhubh uirri ag lúbadh mar an bhogha ceatha;
a h-éadan mar shíoda móna; a gruaig ar dhath an fhiaich na
casáirníbh ag tuitim tar ghuaillibh geala go crománaibh uirri;
a h-ucht mar bhrághaid eala; cabhail leabhair lánchaol aici agus
géaga glaingheala; roisín lúthmhar chaolailt; fiacla néamhanda
agus puisíní mar sceachóiríbh scoth-aibidhe; agus í uile mar
an bhainríoghain óig ón nGréig.
Ar a cabhail chaoimh chaoil bhí fuamhain nó ionar de shról
uaithne, agus ar a muinéal maiseach mín bhí giallbhrat de
mhuislín mhín tanaidhe.
XIV
DE "BHÉAL BINN" AGUS DÁ CLÁIRSIGH
Lá geimhridh dá rabhadar an dias ag siubhal tré mhóintibh
fuara fiadhaine ag bun Sléibhe na mBan, Calmar ag dul
abhaile agus Diarmuid Donn mar aon leis ag dul ar cuaird
chum a mhuintire siúd, thárla gur
"Dhruid an lá le déidheannuidheacht is an sionnach ó Choill an
tSléibhe.
Chrom an cat croinn ag fiadhaidheacht, obair oidhche is aite
léi."
Seo síos trom-néalta dubha na dtrom-ualach o bharr go bun
ar Sliabh na mBan. Seo guairdeán gaoithe tré cheartlár na
coille le cloichshneachta coimhightheach agus clagairneach chumasach.
Thuit an oidhche orra agus í chomh dubh le Poll-a'-Phúca. "Nach
fliuch fuar anródhach an oidhche í seo?" ar Diarmuid Donn.
"Ní h-éifeacht é," ar Calmar. "Tá eolas an aithghearra
agam. Siúbhlam síos cois na claodaighe se; annsin tar
chabhas anonn, thuas tar an ngarbhchnoc, annsin síos le faill,
na dhiaidh sin suas Bóithrín na nGabhar, cois an chlaidhe aitinn
bhuidhe-bhláthaigh, agus annsin treasna báin réidh agus beimíd
ag tigh m'atar." "Go dtagair slán!" ar Diarmuid Donn.
"Is bog réidh atá sé agat! d'éis bheith ar feadh an lae ag
sodar, ag rith is ag léim tre choilltibh is currachaibh, tré
mhóintánaibh is mór-sléibhtibh nach dóigh leat go bhfuiltear
corrtha traothta?" "Éist," ar Calmar, is é d'éis éirighthe
as cuas in ar thuit sé; "is gearr uainn anois foscadh agus
foithin, teine agus teas, bord bidh is dighe." Siud síos
Diarmuid Donn i ndíg uisce. "Tar slán," ar Calmar.
"Maise, ní fheadar sin," ar Diarmuid Donn; "beir ar
láimh orm, nó fanfad annso go maidin." "Ní fheicim thú,"
ar Calmar, "le dorchadas na h-oidhche." Seo splanc tar
shúlaibh gach n-aoin aca. "Dar ndóigh, chidhir anois me,"
ar Diarmuid Donn. Seo bladhm thóirnighe. Siúd síos
clagairneach choimhightheach, agus seo suas Diarmuid Donn.
"Má bheitheá i ngrádh ní gábhadh go mbeadh fuacht ort."
Is iomdha bóithrín cam caol clabair, agus branar ruadh
righin agus fál dúir-dhriseach agus garbhóg chruaidh chloiche is
leac láin-liath do chuireadar thársta go bhfeacadar solas
suairc tríd an dorchadas duairc agus gur chualadar glamghail
ghadhair. "Nach é sin mo ghaidhrín giobalach?" ar Calmar.
Seo gaidhrín giobalach ag buig-líogradh baise Chalmair san
dorchadas. "Aithnigheann an gadhar go bhfuil duine éigin
aithnid annso." Castar an cnap dorais agus siód isteach
an dias deaghfhear go ceartlár an halla.
"Is é bhur mbeatha agus bhúr sláinte," ar Tréinear, athair
Chalmair ag crathadh láimhe le Diarmuid Donn go lághach. "Is
é seo an duine uasal noch d'fhuascail ó mhúchadh sa tsneachta,
agus ó shracadh as a chéile le mac tíre millteach malluighthe
mé, agus thug iostas na h-oidhche 'na fhochair sin dom, ag an
nGleanntán Aoibhinn ar Calmar. "Fáilte is fiche
romhat," ar ógh na mallrosc, .i. Béal Binn, deirbhshiúr
Chalmair. "Gabhaidh araon isteach gus an suainlios agus
cuiridh éadaighe tiorma oraibh; óir is léir go bhfuaireabhar
folcadh fíochmhar." Ar n-athrughadh a n-éadach, chuadar chum
an phroinnleasa mara raibh teine thréan sa teinteán, agus
mairtfheoil mhéith fá ghail ar mhéis agus potátaoi plúracha ar
mhéis eile. Is ró-ghearr do bhí Tréinear ag cur stéille
maithe chum gach nduine ag an mbord. "Seo braon beag
biatáille dhuit, a duine uasail," ar Tréinear. "Ní ólaim
go gcaithim proinn," ar Diarmuid Donn. "Ól braon d'éis
oidhche na h-anacra," ar Béal Binn, ag féachaint go banamhail
ar Dhiarmuid Donn d'ól.
"Seo beir uainn an t-éadach cláir, a ghiolla," ar
Tréinear, "agus tabhair chughainn buidéal eile uisce bheathadh
bhríoghmhair, go n-ólam cornán scáiltín, láidir le h-uisce
beathadh agus lag le h-uisce te, milis le siúcra agus géar
le liomóid"; agus d'óladar i dtriúr cornáin bhlasta
bhríoghmhara the thaithneamhla, go rabhadar go súgach, sámh,
sultmhar. "Seo sláinte is cabhair id chabhail isteach," ar
Tréinear. "Sláinte nár fhága thú," ar Diarmuid Donn.
"Is caoin liom ceol," ar Tréinear. "Faigh do chláirseach,
a mhala mhín." Fuair sí an chláirseach, agus an tan do chrom
sí ghá seinm go séiseach sidheamhail, d'éist an sidhe gaoithe:
do ciuineadh an gharbhghaoth: do scaipeadar néalta neimhe,
agus d'féachadar reanna neimhe síos go suairc soineannda.
Do claoidheadh croidhe Dhiarmada Dhuinn. "Is binne liom,"
ar Tréinear, "soin chaoine na cruite, ná siansán na sreabh
maidin mí-mheadhoin, ná dordán beach mbinn, maidin bhealltaine,
ná glam gadhar bhfiadh, maidin mheirgeach mhárta, ná ceol na
n-orgán, is ná aon cheol eile fá'n domhan braonach."
Ní raibh focal ag Diarmuid Donn acht ag síoramharc na
réaltan míne milse cumhra ceolmhaire. Bhádar a géaga
glégeala sínte amach ar an chláirsigh, ag rith ar feadh na
dtéad; a rosca rinn-reamhra gorma mar shálchuaich i
gcaol-anduirne ag amharc síos ar an gcín ceoil; a muinéal mín
mar chlúmh na géise is gile na fhulang dá ceann cochallach
ciardhonn fiadhan-fháinneach do bhí ag feacadh is ag filleadh
ar a brághaid eala agus ar a brollach do bhí chomh bán le sneachta
scuabach, lá grianmhar geimhreamhail sneachtamhail. Bhí a
h-aghaidh go mílightheach d'éis a taoma thinnis. Bhíodar a
malaí donna cuartha mar bhogha ceatha; agus a béal binn
blasta mar chaoraibh caorthainn. Bhí claig nó clais in gach
leicin agus in a smeigin chruinn. Bhíodar a cluasa go cailce.
deaghchumtha; a com slim sleamhain chomh seang le seangán,
fá ghuailleannaibh geala cóirghreanta. Bhí leasa leabhaire
agus troighthe teanna caola aici; agus an tan do ghabhadh sí
abhrán, ba bhinne a béal-ghuth na ceol a cláirsighe féin.
"Is ní miste cláirseach do ghlaodhach uirri; óir is clár
sidhe go fíor í; agus dá raibh an sluagh sidhe go h-uile ar aon
bharr amháin ceoil agus cantain, ní bhéaraidís barr ceoil ar
m'inghin aoibhinn se."
"Seinn goltraighe," ar Calmar, agus do sheinn sí í, is
do chan scéal truaighmhéileach Blaithnide, noch do céasadh
chum báis, tré éad mná Chormaic Ulfhada; agus géarchaoineadh
Dheirdre tré bhás Naoise aindlighidh; agus órdain is Oidheadh
Clanna Tuirean, agus Oidheadh Clanna Lir. "Can," ar
Tréinear, bás Fhéile tré náire a fir phósta féin dá feicsin
lomnochttha, agus í ag teacht ó shnámh. "Seinn geantraighe
dhúinn," ar Tréinear. Do chan sí geantraighe inghine
Mhaoilsheachluinn, an tan do chuaidh sí i gclódh fir do
threascart an tréangoill Tuirgéis.
"Seo! líonam gloine eile dhen scáiltín se," ar Tréinear,
"agus ólam chum sláinte na cláirseóirín caoine." "Ólam
cheana!" ar Diarmuid Donn: "seo sláinte agus saoghal
chughat-sa, a chláirseóirín chaoin chumhra! "ar Diarmuid
Donn. "Sláinte gan slaodán chughat!" ar Béal Binn
"Is maith adubhrais "Sláinte gan slaodán,"" ar Tréinear,
"do dhuine do bhí anocht féin tar a ascaillibh i ndíg uisce
leath-reoidhte! Is clos dom go gcanair abhrán go maith, a
Dhiarmuid Dhuinn." "Cia maith olc é, ar Diarmuid, dar
ndóigh níl dul as anois agam ar an chuideachtain chaoimh
cheanamhail so, gan a chanadh, agus do chan an t-abhrán breágh
bog san, Éadhmonn a' Chnuic. "Seo," ar Tréinear, "olam
deoch eile sa timcheall agus cuiream críoch ar ár scéal go
maidin amáireach. Is mithid dul a chodladh.
XV
DE DHUINE FÍOR-UASAL GAODHALACH
An tráthnóna úd ar ar críochnuigheadh fiadhach an chairrfhiaidh
chorta chalma chúig-bheannaigh ag doras tighe Thréinir, an tan
chuir an fiadh anacal a anma in iocht Béil Bhinn agus a h-athar;
d'éis do na gall-uaislibh cuiduighadh leis an bhfiadhaidhe agus
le giolla na ngadhar na gadhair do chur chum a gconchró, agus
an cairrfhiadh coiséascaidhe do chur ar shlighe tharrthála - "Sé
bhur mbeatha agus bhur sláinte chum mo thighe-se," ar Tréinear,
"gabhaidh isteach. Tá sturaic nó lón réidh agam." "Gura
céad míle maith agat," ar duine uasal gallda. "Is mór
theasduigheann sé uainn, cia nár fheacamar mórán den
bhfiadhach." "Tar cheana, a mhinistéir mharcaigh." Seo
iad uile isteach san bproinnáras acht Calmar agus Diarmuid
Donn, noch do lean Béal Binn chum an árais chulaithe, marar
chuireadar éadaighe tiorma orra féin, agus as sin gus an
bproinntigh, marar shuidheadar síos chum rogha gacha bidh agus
togha gacha dighe; sé sin, ára mhairtfheola teinbhruithte, easna
mairtfheola úrshoillte maille le cól geal, cois chaoirfheola
bruithte mar aon le tuirméisibh maotha, cois mhuice deataigh
agus eireóga, geirrfhiadh fíonbruithte maille le n-a anbhruith,
oisfheoil, éin sciobóil, naoscaigh, creabhair, srl. "Ní
fuláir nach suaidhte sibh d'éis an lae," ar Tréinear, "mar
ba ghnáth me féin, seal gearr ó shoin, an tan bhí fuinneamh agus
lúth ionam; acht anois is anamh mé ag cur míl-mhuighe ó mhuine,
fiadh fionn ó fhál fiadh, cairrfiadh ruadh ó ruadh-chnoc nó
mórshliabh, ná an eilit mhaol no an ruadh ó n-a laogh. Ní
chuirim, acht go h-anamh, an madradh ruadh ar saothar, an
mactíre ón dtréada, an fiadhaintorc ón scaoth amach, an broc
ón gcuasán cam, an fiolar ón uan sa ghleann, an dobharchú
ó phort na h-abhann, ná an toghán ó chrann go crann."
"Seinn suas a phíobaire, "Tóir an tsionnaigh."" Do
sheinn sé an maidrín ruadh ar saothar, na daoine uaisle a
gabháil an abhráin ar chomhghuth. "A mhaidrín ruaidh nach raibh
tú fé bhuaidh srl."
Ní raibh duine uasal sa tír ba fhlaitheamhla ná Tréinear
ag a bhórd féin. Fear breágh ard lúthmhar leabhair-ghéagach,
dhá dhorn mór dúr daingean aige, ceann liathbhán, gruadh dearg,
gnúis oscailte, é úrchroidheach fial farsaing, séimh, sámh
sitheoilte, gan arc gan amhgar gan imreas le duine ná
daonnaidhe. Ba thaoiseach céad é in arm Sheamuis Ríogh
agus ag tabhairt suas Luimnighe do shaor sé fuigheall a dhúithche
nar sladadh ó n-a shean-athair in aimsir Cromuil. Bhíodh céad
míle fáilte aige roimh gach uile dhuine uasal, go h-áirighthe
uaisle clanna Gaodhal, cia lag láidir iad, agus ba ró-bheag díobh
do bhí go láidir re n-a linn. Chiomáid sé tigh oscailte dá
scológaibh, dá gcloinn agus don tír uile. Bí conairt ghadhar
bhfiadh agus eachraidh álainne aige. A bhean noch do bhí den
fhuil dob uaisle airde de chlannaibh gaodhal, fuair sí bás trí
bliadhna roimhe seo. Ní raibh aige acht triúr cloinne: - Béal
Binn, Calmar agus Tadhg noch do bhí le seal gearr i gcathair
Londuinn ag socrughadh gnótha a athar, tar éis bheith sealad i
gcathair Phairise ag foghluim. Dá mhéid a chuid, ní raibh acht
caitheamh agus fagháil aige; óir do chrean sé mórán le n-a dís
mhac i bPairis, agus le n-a inghin ar scoil Ógh-nDubh san
gcathair chéadna. Ní raibh foghluim dá fheabhas is da uaisle
nár chuir sé rompa a dtriúr; so agus a úrchroidheacht na thigh
féin agus in gach baile mór agus cathair in a ngabhadh sé féin
sa chuallacht. Glaodhadh Tréinfhear air na óige; óir ba chrodha
é ná aon fhear dá raibh in Eirinn le n-a linn, gall nó gaodhal,
agus ba chroidheamhla mar an gcéadna. As so do rinne
Séamas taoiseach céad de, .i. fear comhlainn céad ar an
trom-shluagh. Acht ba bheag an mhaith a threise ná a chrodhacht
do chlannaibh gaodhal in aimsir Sheamais, Ríogh shasanaigh an
chroidhe chirce. An tan do chonnairc sé an fear do chaill Éire
ar n-imtheacht leis tar lear, tháinig abhaile go dtí a thalamh
dúthchais agus do chaith a aimsir le fiadhach, le sealgaireacht,
ag éisteacht le gearánaibh a scológ agus a lucht oibre, - nidh
do b'anamh -, ag déanamh maithe do gach uile dhuine dá
mb'fhéidir na chomharsanacht. Ní chaitheadh a bheag ná a mhór
dá aimsir i mBaile-átha-cliath ná i Londuinn; óir ní féachfaoi
ar fhear dá chreideamh i ngaor dá righ ná dá fhear ionaid seo
acht le súil amhrais.
XVI
DE THEICHEADH DHIARMADA DHUINN ÓN gCONNTABHAIRT
In am is i dtráth, d'imthigheadar na daoine uaisle gallda
abhaile, agus d'fhan Diarmuid Donn i bhfochair Thréinir. Ba
iomdha smaoine do rith tré n-a inchinn. Bhíodh Béal Binn mar
scáil idir é agus gach nidh. Chluineadh sé ceol a cláirsighe
tré n-a shuan mar cheoltaibh neimhe, agus guth a béil mar ghuth
aingil. d'fhág sí, dar leis, teach a h-athar lá brothallach
buidhemhis, agus lean sé féin í i ngan-fhios. Chuaidh sí, dar
leis, go coill diamhair cois shléibhe ar charraig chaonaigh fá
scáth na gcrann, gur thuit na codladh le siansán na mbeach,
le sian sléibhe agus le fuaim na n-eas. Tháinig gall-fhear,
dar leis, agus d'fhuaduigh leis í. Do scréach sí agus do ling
sé féin dá caomhnadh. Leis seo do mhuscail sé agus allus
fuar le n-a éadan. "Och!" ar sé, "níl ann acht brionglóid;
acht níor buaireadh m'inntinn riamh le h-aon nidh dár thárla
dhom am chodladh ná im dhúiseacht, chomh mór so. Is léir nach
ionad cóir dom so. Inghean duine mhóir í Béal Binn, agus
ní dóigh go mbeidh ionam-sa go bráth acht scológ. Éireochad
agus imtheochad abhaile."
D'eirigh ag fáinne an lae agus d'fhág slán ag Tréinear
dá lán-aimhdheoin seo. d'iarr air a leithscéal do ghabháil
ag a mhuintir. Níor ainmnigh aon aca, ámhthach. Do bhuail
amach agus trasna an bhadhbhdhuin. Ón dtaoibh thall den
bhadhbhdhun d'fhéach ar ais ar an ngrianán. Bhádar na fuinneóga
ar lasadh le deallradh na gréine do bhí ar na leithéirghe fá'n
am so. Bhí ciuineas na thimcheall acht amháin "cá, cá" na
bpréachán ndubh agus iad ag fágain an gharráin dorcha taoibh
thiar den tigh, agus an uiseóigín uasal noch do bhí ag fáiltinghadh
roimh ghnúis na gréine. Sheasuigh sé os comhair an ghrianáin.
Bhí an taobh thuaidh go dorcha le n-a scáil féin, agus an taobh
thoir go h-órdha le deallradh na gréine. Chonnairc sé, dar
leis, an mhaighdean óg tré fhuinneóig leathoscailte. Do
bhreoidh a chroidhe; acht d'iontuigh go grod ar a sháil agus do
chuir an t-ard is an bogra tarais go bun Sléibhe na mBan;
agus é ag machtnamh in a aigne féin gur bhaoth a thuras gus
an ngrianán; óir "ní cabhair domhsa," ar sé, "bheith ag
smaoineamh ar ainnir an bháinchnis. Dar ndóigh, níor leag
sí siolladh dá súil orm, agus, rud eile, créad fáth leagfadh?
Créad é an chiall go dtiocfadh sí ó ghrianán álainn go bothán
dearóil, ó charbad órdha go cara sleamhnáin, ó shocracht go
docaracht, ó shaidhbhreas go daidhbhreas, ó dhuine uasal gallda
ar a sméideann an saoghal, go h-adhbhar scolóige gaodhalaighe
ar a bhféachtar le tarcaisne? Oc! och! dar ndóigh do chailleas
mo chiall agus bheith ag smaoineamh ar a leithéid. Imtheochad
abhaile agus ní thiocfad níos mó go bhfuaraidh m'inchinn, agus
go mbeidh mé sásta ar fhanamhain im dhuine dearóil."
Do threasnuigh sé bealaigh baoghail agus conairí coimhightheacha i
ngan-fhios dó féin. Níor mhothuigh an ghaoth gháibhtheach ag
scuabadh a fhuilt fhiair fháinnigh ó n-a ghualain go n-a
bhrághaid, ná an cloichshneachta do bhí ag bualadh ar a aghaidh.
Níor chuala guth gáibhtheach an fhiaich dhuibh san anfadh, ná guth
an fhiolair ar an Sliabh Ruadh, go bhfuair sé é féin ag doras
tighe a athara agus a mháthara ag crónughadh lae. "Ach! sé do chéad
míle fáilte," ar Ainnir Álainn, "an bhfuilir beo ar aon
chor? Táir báidhte fuar fliuch," ag baint a chaipín fiadhaidhe
dhe. "Siubhail, a chara chumhra mo chroidhe gus an áras
éadaigh, agus cuir umat éadaighe tiorma." Do ghluais a
mháthair roimhe, agus ba ghearr go raibh sé san proinntigh ag
bord maith bidh agus teine mhaith chonnaidh.
d'éis phroinne chuaidh fear a' tighe ag féachain ar an eallach,
féachain an rabhadar na ba go ceart ar nasc, na caoirigh san
gcró is na capaill go seascair san eachlanin. Chuaidh bean-
a'-tighe go teine na cistineach ag cur orduighthe ar a mnáibh
abhrais noch do bhí ag sníomh ann is ag abhrán. "A Ainnirín
Álainn," ar Diarmuid Donn, "bhíos ag tigh Chalmair ó shoin
i bhfochair Tréinir, do dhuine-mhuinteardha." "Is beag
an muinteardhas bhíos de ghnáth idir an lag agus an láidir,"
ar Ainnir Álainn. "Is fíor sin," ar Diarmuid Donn;
"agus, dar ndóigh níor mhiste leat duine uasal breagh
gaodhalach bheith mar chomhluadar agam." "Ba dhóigh gur
mhaith dhuitse é," ar Ainnir Álainn. Ní dhubhradar focal
eile, acht a rún féin ghá chiomád ag gach duine aca. Ba mar
sin chuaidh Ainnir Álainn i gcionn a gnótha thighis agus
Diarmuid Donn i gceann a leabhar.
Tárla soineann i ndiaidh na doininne, agus oidhche sheaca
i ndiaidh an chloichshneachta. An mhaidin ar na mbárach,
d'éirigh an ghrian go glan glórmhar. Bhí an spéir liathghorm gan
néal gan cheo. Bhí Stuagh Laighean gan bairéad, agus Sliabh na
mBan gan chaipín ceo. Bhíodar cnuic is sléibhte tart thimcheall
chomh glan san go bhfuighfeá gach cloidh do chomhaireamh.
Is beag nach bhfaicfaoi na buachaillí ag aodhaireacht a mbó ar
a dtaobhaibh i bhfad i gcéin gan aon ghloine fhaicsiona. Chuaidh
athair Dhiarmada i bhfeighil na mbó; Diarmuid Donn agus
Ainnir Álainn ag tréadaidheacht na gcaorach, agus bean-a'-
tighe i gcionn na mban n-abhrais; agus is iomdha lá garbh is
mín tháinig as so gu tosach mí na márta, - agus ní tháinig
Calmar d'éiliughadh Ainnire Álainne ná Diarmada Dhuinn.
XVII
DE CHÓISIR AN FHIRDLIGHE AGUS AN MHINISTÉARA MHARCAIGH
Dála an fhirdhlighe agus an fhiadhaidhe mhinistéara, - thárladar
i dteannta a chéile ar chuireadh cóisire go tigh an mhinistéara.
Ar an feardlighe: - "nach ard arduigheann Óigfhear Álainn,
mac scolóige, pápach, a cheann annis?" "Is ard," ar an
ministéir. "Dá raibh a lán dá ghné in Éirinn, bheadh an
eaglais i nguais. Cá bhfuair sé an fhoghluim, ó nach bhfuil
aon scoil phápach ins an dúthaigh so?" "Och! go bhféaca
Dia ort!" ar an feardlighe. "Táid go leor. Níl tor as
a mbuailfá eilit, ná buailfeá oide scoile as. Bíonn siad
seachtmhain san gcoill se, agus seachtmhain san gclais úd.
As sin go cloidh-fáis ar thaobh na gréine de choill san geimhreadh,
áit i mbíonn scailp aca mar chró caorach, agus dá dhearóile
a bhféachain is foglamtha cuid díobh i ngréigis, i laidin, agus
in gach géig d'foghluim na suadh anois ná anallód. Agus, i
dtaobh Foras Feasa na h-Éireann, - tá sé de glan-mheabhair
aca: - mar do gabhadh le Hanraoi a dó, - mar do rinne sé
deich míreanna d'Éirinn dá bronnadh ar a thaoiseachaibh d'éis
síthe agus caradais do dhéanamh le taoiseachaibh gaodhalacha, -
mar do creachtaoi iad ó am go h-am le sasanachaibh, - cineadh
ar a bhfuil deargghráin aca. Dá chruthughadh so ní beag a rádh
nach bhfuil d'ainm aca ar dhuine den chreideamh naomhtha sa
acht sasanach; óir ní beag leo so mar ainm fuatha agus
mímheasa. Ní abraid go coitcheann Protastúnach, Lúitearánach,
Cailbhíneach srl.: - agus i dtaobh a gcreidimh féin, - táid
ardeasboig, sagairt agus bráithreacha ag imtheacht ó áit go
h-áit ag síolrughadh an chreidimh Rómhánaigh, cia go dtuigtear
san dlighe nach bhfuil Rómhánach tuaithe ná cille in Éirinn."
"Och," ar an ministéir marcach, "nach bhfuilid na dlighthe
dian go leor na gcionn?" "Táid," ar an fear dlighe,
"acht má rinneamar sciúirse ghéar throm na gcoinne, níl
sé ar ár gcumas iad do bhualadh léi, tá sí comh trom san.
Dá raibh buabhall binnghlórach i mbéal gach Protastúnaigh sa
dúthaigh seo, agus iad uile dhá seinm i bhfochair a chéile, ní
chluinfeadh Protastúnach a chéile. Acht, i dtaobh na bpápairí,
níl cnoc ná sliabh, cúil ná cearn, coill ná foraois, i nach
bhfaghfá iad féin, a mná is a gclann, i lag-bhothánaibh agus i
scailpíbh, noch thógfaid in aon lá amháin, nó i níos lugha d'aimsir;
- agus i dtaobh bidh, - thógfadh toradh leathacra potátaoi
muintir mhór díobh. Is mór do shíolruigheadar ó chromadar
ar photátaoi do chur go coitcheann. Níl sé chomh furas iad
do chur i ngorta anois is do bhí in am earan nó boltán easbog."
"Ar bh'fhéidir," ar an ministéir, "aon dlighe eile do
chumadh, do dhéanfadh iad do lagughadh?" "Och, níl gábhadh
leis. Tá dhá dhlighe do rinneadh le déidheanuidhe chuirfeas
ar fán iad. Níl cead aca anois ridire seanaide do thoghadh;
agus, dá brigh sin, cuirfear a n-urmhór amach as na bothánaibh.
Níl aon ghnó ag na tighearnaibh tíre dhíobh níos sia, chum a
gclann agus a gcumhaltas do chur san tseanaid. Agus, ó
baineadh an deachmhadh de thalamh inbhir, ní baoghal nach gcuirfear
deachmhadh trom ar thalamh saothruighthe. Lagócha so na pápairí,
óir is iad is mó shaothruigheas an talamh, agus beidh an fiadh-fhál
agus bán na mbeathaidheach reamhar saor." "Ba olc an
dlighe é sin," ar an ministéir, "d'eaglais Dé; acht ó
luigheann sé chomh trom san ar phápairíbh, is lughaide an
díoghbháil é. Acht i dtaobh na sagart, na mbráthar agus na
n-oidí scoile, caithfear a ruagadh." "Ruagtar iad," ar
an feardlighe, "acht casann siad. Is deacair sagart nó
bráthair d'aithin ó dhaonibh gaodhlacha eile; imthigheann siad
chomh uiríseal sin. Agus i dtaobh na n-oidí, má ruagtar ó
thor nó ó scailp iad, mar an sionnach ruadh, beid i dtor nó i
scailp eile fá aithghearr. Agus cuid de na sasanachaibh
féin, ní h-ait leo bheith ag faisnéis orra." "Is ró-olc na
Protastúnaigh iad san," ar an ministéir.
XVIII
D'ANFADH AGUS DE THARRTHÁIL Ó BHÁIDHEADH
Bhá Calmar cortha. Ba h-é an oidhche é. Chuaidh i gceart-
lár na coille. "Ní raibh gal ann den ghaoith do croithfeadh
barr croinn ná bláth." Bhá an ré is na réaltana suas. Do
luigh síos cois chroinn, agus bhí ag machtnamh ar bheartaibh an
tsaoghail mheabhlaigh, - a lámh chlé fá n-a ucht agus an chéad mhéar
dá láimh dheis ar a chamóig ara.
Siúd teine spéire tar a shúlaibh! Sin bladhm thóirnighe i
gcéin! Seo caortha teintidhe tré ghéagaibh na tiugh-dharaighe
os a cheann. Critheann an choill le tóirnigh tréin. Phreab
Calmar ó bhun a chroidhe. Shearg an tóirneach i measc na
gcnoc: d'at arís: shearg arís agus chuaidh as i measc na
ngleann. Sin bladhm uathbhásach uailleach eile. Do scoltadh
ó bharr go bonn an crann daraighe duinne, noch d'fhág Calmar
nóimint roimhe sin. Tá neamh ag tuitim chum talmhan! Crithid
na cnoic agus na sléibhte. Buailtear a mbeanna so le
caorthaibh. Gáireann na gleannta: crithid le h-eagla.
Cannránaid, - táid na dtost! Sin síos clagarnach agus
dortadh na díleann! Siúd gaoth gheoineach tríd an gcoill ag
crathadh seanchrann chum talmhan agus ghá sracadh suas ó na
préamhachaibh.
Do sheasuigh Calmar ar mhullán glas láimh le lochán. Ní
leigfeadh an eagla dhó dul fá scáth na gcrann. Ní raibh
taoinnte air nach raibh fliuch tríd is tríd. Éirigheann an
ghaoth níos aoirde. Cluin mar gháireann sí, mar bhúithreann
sí, mar ghlamann sí! Badh! badh! raobann anfadh uathbhásach
na sean-bhilí ghá dtréantrasgairt. Shaoil Calmar imtheacht
acht ní bhfaghfadh. Caochadh é le clagairnigh coimhighthigh. Nach
uathbhásach an oidhche í, le clagadh gan traothadh! Siúd tuiltí
na dtréanruathar ó Shliabh Ard-achaidh na ndubhghualta agus
ó mhóintibh na Mumhan, ó chnocaibh Crannaighe crann-áluinne
Laighean, ó ghaisíbh giubhais-ghleannta Gabhalmhuighe, o shrothánaibh
siansánacha Shíol-Faolchair shár-oibrighthe, ó Shliabh Díle na
sianshreabh. Siúd Gaise-an-Ionathair na dian-ruathar dásachtach
chum Abhann Righe, noch, mar oll-phéist uathbásaigh,
sloigeann í siar na dubh-chraos doshásuighthe, ná níor dhearmaid
an Abh Bheag bhuartha a bailiughadh forbhuidhe ó ruadhbhogaibh
báidhte do chur san gcomhchruinniughadh coimhightheach so.
Tá an tír thuilte na h-aon sceathán amháin: Abhainn Ríogh
Néill ag coipiughadh, ag cubhradh, ag tuitim tar easaibh,
ag fuaidreadh, ag raubadh puirt. . . . Féach an bothán
íseal úd ar bhruach na ruadháirde gainmhe úd, nach uathbhásach
bhuailid na tonnta tréana fá na bhun agus iad ag cur coipe
tar a bharr! Siúd lucht an bhotháin ag sceinneadh amach le
h-eagla is sceimhleadh is sceoin orra. Féach an t-athair agus
a bhuachaillín bachallach ar a dhruim agus comharthaí geite na
ghnúis. Féach an mháthair agus a bunóicín bán na bacla, -
báine na h-aghaidh, a curp uile ag baillchrith, - sin as iad.
Siúd a mbothán d'aon phleist amháin síos san abhainn idir
bhonn is barr. Cluin meigeallach an ghabhairín ghil úd is a
mionán i measc caolaigh an bhotháin. Sloigtear síos iad sa
ruadhbhainne ró-aidhbhéil ró-uathbhásach. Táid caillte! Ní raibh
d'eallach ag lucht an bhotháin acht iad. Créad dhéanfas an
buachaillín bachallach ná an bhanaltra bhán gan bainne ar feadh
an tsamhraidh bhrothallaigh? Cluin an tréan-taoide anois
ag uaill tar easaibh, ag búithreadh tré bhorb-gharbhógaibh, ag
gárthadh tré ghleanntaibh, ag fuaimeadh cois fhaillibh, ag
scannradh scataí mion-eallaigh, ag ruagadh móir-eallaigh ó
mhóinfhéaraibh míne atá anois fá aon ruadhthuile abhann.
Scéitheann sí. Líonann sí gach cuas, gach cloidh, gach log,
gach lag. Sin anois chum gleanna an dá fhaill í. Cé fiadhain
í, luigheann sí siar le leisce dul tríd an mbeárnain bhaoghail
sin. Cuarduigheann sí timcheall tré gach clúid agus tré
gach cloidh. Níl slighe eile imtheachta aici. Sin síos idir
an dá fhaill í, agus í ar buile is le báinidhe agus coipe le na
béal. Scréachann sí. Gáireann sí.
Bhá Calmar cois na faille. chidheann sé an taidhbhse
thaobh-gheal tré ghéagaibh glasa os cionn ceartláir na tuile
tréine. Bhíodhg a chroidhe na chliabh. Cluineann raobadh
droichid adhmuid. Ritheann go ró-lúthmhar ar aghaidh.
Cluineann scréachadh scannramhail agus chidheann iad, idir
chlárachaibh agus cló geal na n-aon phleist amháin fá thonntaibh
tréana búirtheacha na borb-bhóinne. Cloiseann Calmar
scréachach scáthmhar bean-a'-tighe thall ar an bport, agus
chidheann cló geal ag éirghe tré choipe ghil. Sceinneann de
phreib isteach san tuile thréin challóidigh do bhí craos-oscailte
chum a shloigthe. Rug ar urla caschraobhach ar an chló geal;
chuir a h-ucht ar a ghuaillibh galacha. Do choimeád suas a corp
glégeal ar a dhrom le n-a láimh chlé, agus rug leis an bhean
deas tríd an choipe cheannbháin, ag bualadh na tuile tréine
le n-a dheasláimh luinn agus ag scoltadh na dtonn dtortamhail
dtromghárthach gcubharbhán gcraosach gcasfhuaideartha le n-a
ucht álainn go ráinig talamh tirm go caithréimeach le n-a
ualach uasal-luaich, ghá leagain síos go mín marbh.
Bhá bean-a'-tighe anois mar leacht liathchloiche. Thuit sí
ag cosaibh an chló ghil. Ní dubhairt acht "uch! mo leanbh!"
Siúd fear-a'-tighe chum ionaid na marbh. "Och! mo bhean!
och! m'inghean!" ar sé. Annsan do stad sé. Bhá sé go
ciuin na sheasamh gan mothughadh, mar leacht ciarchloiche. Sin
Óigfear Álainn as ucht a bhróin ag féachaint go fiadhain:
"Oc! mo mháthair! uch! mo deirbhshiúr! ar sé. Thángadar
na comharsain agus iad go cumhach. Rugadar leo an mháthair
agus rug Calmar na bhaclain an cló geal mín marbh - a ceann
caomh na luighe ar a gualainn do bhí chomh glégil leis an chloigín
sneachta; a cosa cailce ag tuitim chum talmhan, a folt.
fáinneach ag sileadh na thuiltibh, snuadh an bháis ar a mín-aghaidh
mhilis. Do bhíodar Óigfhear Álainn agus a h-athair ag leanamhaint
an dá chorp caomh go cráidhte ciuin croidhe-lag.
Do líon lucht an tighe an áit uile de ghrádh-ghárthaibh guil agus
d'osnaibh arda.
Rugadar na mná corp caomh Cló-ghil isteach in a suainlios
féin marar bhaineadar di a h-éadach fliuch agus marar
chuireadar éadach tirm uimpi. Rug fear-a'-tighe bean-a'-
tighe suas leis gur leag cois na teineadh í is an phroinn-áras,
áit i raibh teine thréan chonnaidh ins an teinteán. Níorbh
fhada gur oscail sí a súla. Do phreabh ar a glúnaibh gur chrom
ag pógadh gnúise báis a h-inghine, ag uaill is ag gol-ghárthadh
is ag caoineadh a leinbh. "Och," ar sí, "och m'aindirín
álainn; m'aindirín álainn! och! mo leanbh!" Do stad sí. Bhí
sí go ciúin, agus í chomh bán le cairt gan breacadh. Do
bheireadh sí ar a méaraibh laga leabhaire, is ar a basaibh míne
marbha. Annsan do bheireadh sí ar chaol liath-ghorm craobhach
a geal-láimhe ceartchumtha ag mothughadh a cuisleann.
Idir an dá linn, fá ordughadh ó Chalmar, rugadar na mná
Cló-geal ón suainlios gus an bproinnáras anuas. Agus ar n-a
beith annsan aca: - "Seo, a mná," ar sé le h-osna,
"cuirtear béal fúithe cois na teineadh í, agus a dhá geal-láimh
le teinidh. Téidhtear uaibh a dhá geal-bhonn. Do rinneadh
amlaidh. Chromadar ag leigean an uisce amach tar
a béal déadbhán, agus ag téidheamh a dhá gealbhonn agus ghá
cuimilt go mear gan sos gan traothadh. Tháinig Calmar
agus chuir a ghlún fá n-a h-ucht ag leigean dá ceann sileadh
síos, acht ó am go chéile chromadh sé a chluas chum a béil
bhánghlais féachaint an dtiubhradh sí comharthaí beathadh. Fá
dheireadh thiar, thug sí comharthaí nár scar a h-anam ainglidhe
le na corp geal. Tharranig sí osna fada. Iarsan d'oscail
sí a súla go mall marbhánta, fá n-a malaíbh dubha do bhí ag
lúbadh mar bhogha ceatha. Na súla laga leathghloinidhe so, ba
lonnraighe de ghnáth iad ná an ghrian ag briseadh go h-obann
di ó chiarnéaltaibh troma. Agus do labhair go lag anbhfann,
ó bhéal do bhí go liathghorm mílightheach fós acht bheas ar ball
chomh dearg arís le caor caorthainn na gcruach n-ard. Annsan
do thost sí; acht, ar a shon so, ba ghealgháireach a muintir anois
an tan d'amharcadar a h-ucht fá n-a h-éadach ag luighe is ag
eirghe mar thonnaibh Abhann Righe, lá lughnasa. Tháinig luisne
ar a gruaidh mar richis ghreadhnaigh fháinne an lae san spéir
thoir d'éis oidhche duibhré, néaltruime dorcha. d'airigheadar
an chuisle ghorm agus a preabaireacht ag síor-dhul i dtreise i
gcaol na láimhe glégile.
Iomthúsa bean-a'-tighe, níorbh fheas di créad do dhéanfadh
sí le Calmar. Ba h-é a grádh é. Ba h-é fuascaltóir a
h-inghine é. Rug sí ar bharr a bhaise agus chrom ghá pógadh
go mear is go minic. "Fan go lá againn," ar Óighfhear
Álainn. "Fanfad cheana," ar Calmar. Chuadhadar araon
ag spaisteoireacht.
Tháinig an oidhche. Shuidh Calmar agus muintir an tighe chum
buird san phroinntigh. d'oscail an doras. Cia h-í an
óigbhean arrachtach so, agus í éaduighthe go h-órnáideach i
gcorcra ríoghamhail gréasuighthe. Do bhi gearrfhalaing shíoda
liathghuirm, go dteimheal uaithne, go mballaibh órdha, ghá coimeád
le dealgaibh órdha, ar a guaillibh amhail sciatháin aingil. Do
bhí rotháin deargán ndeallraidheach um a muinéal mín ard
eala, agus iad ag sileadh síos ar a brollach bán. Féach a
cuacha casta ghá gcongbháil le coróinn de chíoraibh órnuighthe
le néamhannaibh lonnracha noch atá in iomaidh agus i gcomórtas
le n-a súlaibh neamhdha gorma bugha-dhatha bealltaine. Cia
h-í féin? Shid í Ainnir Álainn do ba ornáid do ríogh-chathaoir.
D'éirigh Calmar. Shaoil labhairt acht do dhiúltuigh a theanga.
"Seo, a mhúirnín dílis, t'fhuascaltóir milis." Thug
Ainnir Álainn gearr-shilleadh súl, lán de bhuidheachas, do las
a snódh le luisne; d'fhéach chum talmhan ag síneadh dhá bhánbhais
mhín chuige. Do phóg sé barr a méar agus do chuir rian
gilmhéire i gcroidhe cailce a deárnan dile.
d'éis codach shuidheadar cois teineadh connaidh. Is iomdha
scéal d'innis bean-a'-tighe ar Ainnir Álainn ó n-a naoidheantacht
gus an uair sin. "Innis scéal an fhiolair dúinn," ar
sí le fear-a'-tighe, agus d'innis. Bhá gadhar ag Ainnir
Álainn an tan do bhí sí na bachlóigín. Tharraingeadh an gadhar
so í ar thrucailín nó carbad, noch do rinneas di, tríd na
bántaibh. Lá dár ghabh sí amach in a truacailín tar Fhaithche
na Nóinín go fuarán fíoruisce, chrom an cailín banaltra
ag bailiughadh bláth agus ag déanamh blaithfleasc don
bhachlóigín. Siúd fiolar ó fhaillibh Sléibhe na mBan anuas
ar mo bhachlóigín, gur shaoil breith ar a h-ionar uaithne síoda
uirri; acht d'ionnsuigh an gadhar go dian dásach é. Do liúigh
mo bhachlóigín le neart scannraidh. Do ghlaoidh an cailín
os ard ar chongnamh, agus í ag cuidiughadh ar a dícheall leis
an ngadhar dána. B'é deonughadh Dé go rabhas féin ag
treabhadh is an ngort ba ghiorra dhóibh agus eadarainn i dtriúr
do ruagamar an fiolar fuilteach fiar-chrágach.
d'imthigheadar chum leapthan; acht do b'fhada go dtáinig
codladh ná suan ar Cholmar. "Is í seo," ar sé in a aigne,
"an t-aingeal noch do chonnarcas is an suanáras so in a
bhfuilim im luighe anois. Is í do chonnarcas os cionn na
gcoill ar an Ráith Aird. Is í do chonnarcas san mainistir.
Is í do chonnarcas im aislingibh oidhche ag sméideadh orm; is
anois, dar ndóigh, beidh sí na gnaoi gan gruaim romham.
Do ghlaoidh an coileach agus thuit a chodladh air. In aisling,
chonnairc sé, dar leis, í cois fhuaráin, agus í ag bailiughadh
an bhuidheacáin bhuidhe, an tseibhirín shéimh, na salchuaiche guirme
agus ag déauamh bláithfleasc; gur shuidh sí síos cois an
fhuaráin, gur thuit na codladh fá scáth na gcrann; gur rith
mactíre mire chum a sciobtha leis; gur rith féin dá tárrtháil,
- agus leis an ngeite do mhúscail sé.
XIX
LÁ AR NA BÁNTAIBH
D'éirigh Calmar go doich. Bhá drúcht mar néamhannaibh ar
gach craoibh ghlais, is ar bharr an fhéir. Chuaidh suas ar chnocán
aoibhinn aorach glas, mara raibh dath odhar-uaithne ar dhuilleabhar
óg beith-na-meas. Chonnairc, tré chnó-mhuine Ainnir Álainn
na seasamh i measc na gcaorach ar bhán mín do bhí foilighthe le
féar glas agus le nóiníníbh niamhracha. Tháinig Calmar dá
h-ionnsaighe. D'fhéach sí go mín maordha air. "Is
aoibhinn aorach an mhaidin gheal ghréine drúchta í seo," ar
Calmar. "Is aoibhinn, míle buidheachas le Dia," ar Ainnir
Álainn. "Caithfe mé aire do thabhairt don uainín lag so
go bhfuighfe a mháthair do dhiúl."
Bhá uainín lag aici, noch do bhí sí tar éis tarraingthe as díg
uisce in ar thuit sí. Bhá an chaora bhocht ag méighligh go
truaighmhéileach os cionn a h-uainín ghil. "Shaorais ó bháideadh an
t-uainín geal san," ar Calmar, "agus tá a mháthair ag
méighligh go truaighmheileach, ag caoineadh a h-uainín, noch is
dóigh léi bheith marbh." Chuir Ainnir Álainn an t-uan geal
na sheasamh, agus chuir a bhéal bán blasta chum útha a mháthara
an tan do chrom ag ól go dícheallach, agus é ag crothadh a
iarbaill chomh mear le bille bogadán. d'fhéach an chaora suas
go neamhurchóideach in aghaidh Ainnire Álainne agus í ag méighligh
go mín. "Is gearr idir a gol is a gáire," ar Calmar, ag
féachaint suas in aghaidh Ainnire Álainne, is ag breith ar
bharr a baise in a ghealghlaic féin. Siúd na deora glasa
go neamhaonta ó n-a súlaibh, agus do shil ceann nó dó ó shúlaibh
Chalmair.
D'imthigheadar síos cois cloidh-fáis sceiche gile do bhí
clúduighthe le bláthaibh bána boladh-chumhra. Bhá an uiseóg
uasal ag sírsheinm is na h-ardaibh dóibh. Chualadar guth caoin
cuaiche ar ghéigín glas. Rinne Calmar rothán de nóiníníbh
niamhracha agus de shalchuachaibh gorma, gach le ceann, ghá chur
thar a ceann cuachach ar a muinéal mín ag sileadh síos go
brollach uirthe. Thángadar, ar an gcosán chum na h-abhann,
gus an ionad in a raibh an tsail noch do scuaib an tuile léi.
Do chriothnuigh Ainnir Álainn ag féachaint di air gur fhóbair
di tuitim i laige. Do thrialladar leo gus an droichead feadha
noch do rinne an tuile dhóibh ag raobadh na bport ar gach taoibh
gur thuiteadar dhá chrann arrachta donn-daraighe trasna na
h-abhann ag greamughadh dhóibh agus ag dul in achrann i ngéagaibh
a chéile go h-ard san aer go ndeárnadar droichead aidhbhéil
ard aorach donn-daraighe dos-leatan ar an abhainn. Do rith
Calmar go h-athlamh éadtrom ar an droichead. Rug ar
bharr baise ar Ainnir Álainn, ag cabhrughadh léi, agus sheasadar
araon ar a lár, - géag mhór le n-a n-ucht mar shlait droichid
agus géag eile le n-a ndruim.
Dob áluinn radharc na tíre ón droichead feadha so. "Shin
é Gleanntán Aoibhinn soir láimh linn," ar Ainnir Álainn,
"agus an Abhainn ag sníomh tríd. Féach ar an aill ard úd ar
ar dtaobh thuaidh, agus í foilighthe le gach crann dhá áille -
cuid aca fá dhuilleabhar agus cuid eile ag gobughadh amach.
Siúd coinín ag rith, tré bhuaibh agus caoiribh geala m'athar,
ón abhainn álainn gus an gcoinicéar san bhfaill. Sin, ar sí,
ardán aoibhinn ar an dtaobh theas, agus é uile foilighthe le
gortaibh geamhair, an chruithneacht go h-ard is an coirce d'éis
ghobuighthe. Chidhir an céachta cam ag h-aithiontodh guirt na
bpotataoi. Chidhir an bráca fiaclach ag fuirseadh na h-eornan
bige nuadh-churtha. Ramhat, ar do thaoibh chlé, ar Ainnir Álainn,
atá caisleán noch do tógadh leis an gcéad ghall tháinig chun na
tíre se, nár ab é a mbeatha ann! chidhir a láidre atáid na
ballaí fós. chidhir na caisleáin chúinne, na bardachta
bagarthacha, comhluighe na ndoras agus an droichead arduighthe.
Nach láidir é an badhbhdhun, nach doimhin an cladh mór agus é ar na
líonadh d'uisce na Craosóige!
Chidhir ar do dheis ar an dtaobh eile, cnoc aoibhinn aorach
urghlas coillteamhail, agus ráth ard aoibhinn ar a bharr, agus
caisleán ard aoibhinn i lár na rátha. chidhir an lubhghort, an
bláthghort, an abhalghort leath timcheall ar chosán an chaisleáin
thuaidh, agus an ráth theas ar an áth sin thíos." "Do ghallaibh,
is dóigh liom," ar Calmar. "Go díreach," ar an teagascthóir
caomh. "Féach eatartha araon. chidhfir níos sia soir caisleán
láidir eile ar bharr aille ag cosnamh an bhealaigh mhóir ar a
ngabhaid uaisle ó dheisceart Éireann go Baile-átha-cliath.
shoir idir thalamh agus aer chidhir na sléibhte ar muin a chéile,
ag tógbháil a gceann chum féachaine ar an ghleanntán aoibhinn
seo." "Is aoibhinn an radharc é," ar Calmar. "Féach síos
san abhainn ghlain ghainmhe se," ar sí, "agus chidhfir an breac
ag cuilearacht, an gailliasc gortach ag iascaireacht, agus an
bradán ballach . . ." Do stad Ainnir Álainn. D'imthigh
an radharc as a súlaibh. B'éigin di géag do ghreamnughadh
chum a congbhála suas. Tháinig siolladh gaoithe aniar cois
abhann agus tháinig sí chúichi fein go grod. D'imthigheadar ón
droichead. "Ná bí ag smaoineamh," ar Calmar ar an
dtubaist úd." "Ní féidir dom a cur as mo cheann an tan
chidhim an abhainn." d'imthigheadar abhaile. "Nílir go ró-mhaith.,
a leinbh," ar bean-a'-tighe. "Níl," ar Calmar, ag
innsin gach nidh dár thárla an mhaidin sin. Chuaidh Ainnir
Álainn chum suain aithghiorra do dhéanamh, agus chuaidh Calmar
ag iascaireacht cois na h-abhann.
XX
AN LIATHRÓID BHEALLTAINE
Cm.30.iv, 28:3. v.29
Tháinig leath na dúithche chum an liathróid Bhealltaine do
thógain. Thug Ainnir Álainn as a gealláimh do Chalmar í, noch
do thug d'Óigfhear Groidhe í. Beirtear amach ar an bhfaithche
í fá rothánaibh bláth agus glasra. Cuirtear go h-ard ar bharr
croinn í, agus cromaid an t-aos óg ag rinnce n-a timcheall
ar an bhán glas le ceol na cláirsighe - na daoine críonna na
suidhe go socair sámh cois srutháin channránaigh fá scáth na
gcrann nglas. Sin cailín gleoite cúl-chas coislúthmhar cailce
súl-ghorm ag fuaidreadh tríd an rinnce fada leis an óigfhear
lúthmhar láinéascaidh úd, lámh i láimh, cúl le cúl, aghaidh le
h-aghaidh. Och! nach éadtrom iad! Ní lúbann siad an féar!
Siúd bruinnioll bhéalmhilis, a folt scáineach ag imtheacht le
gaoith. Nach socair, nach séimh lúbann a com, a cosa, a lámha,
ó ghuaillibh geala síos, agus ní táire don óigfhear atá ag
rinnce léi agus ghá leanamhaint tríd an damhsa doilbhthe.
Tuiteann an rothán bláith dá muinéal mín. Cuireann an
t-óigfhear suas é ag sileadh síos go n-a brollach bán.
Siúd gasra grinn eile ag rinnce móinín, cois an chroinn
bheith-na-meas. Nach cleasach, nach lúbach iad, ag imtheacht le
luathas fainleóige tríd an rinnce-sidhe le ceol píbe na bport.
Nach milis an bháibín bhéildearg úd atá ag blasadh beorach
cubharbháine!
"Cuirim ort," ar Groidhe-fhear. "Leigim leat!" ar
Óigfhear Álainn. Baintear an liathróid órdha as an chraoibh
bhealltaine. Siúd suas san aer í ag cur geite ar fháinleógaibh
fiadhaine agus ar fhuiseógaibh uaisle, go nár fhéach sí ní ba
mhó ná cnó coill. Sin síos í go luathas fiolair shléibhe do
bheadh ar tí uan geal do sciobadh. Buailtear le righin-chomán
fuinnseóige í ó láimh Groidhe-fhir taoisigh an láir Mhuimhnigh
ghá cur tar cheannaibh laoch Laighean. Cluintear glam. Do
chrith na spéartha.
XXI
DEN bhFOCHRACH CILLE.
Bhá cill gan cheann acht ar an dtearmann (naoimhiosta) amháin
noch do bhí foilighthe le díon liathchloch ar n-a ndaingniughadh
le moirtéal tanaidhe. Bhá garrán uaigneach idir í agus an
bláthghort do bhí láimh leis an tigh mór cois fhaille. Bhá eas
cannránach ag tuitim láimh léi, agus coill donndaraighe
timcheall uirri dá folchadh ó ghallaibh. Ag crónughadh lae chuaidh
Caoimhghin d'urnaighe Dé mhóir Uile-chomhachtaigh san gcill
uaignigh ró-álainn seo. Bhá colamhna caola arrachtacha ghá
roinn i dtrí codchaibh, sé sin, i naoi agus i ndá eite. Bhá
fuinneóga caola arda gotamhla ar a taobhaibh, agus iad
foilighthe ar an dtaobh amuigh le géagaibh na gcrann ar chor gur
ar éigin do leigidís solas na gréine gile isteach i meadhonlae
samhraidh. Bhá altóir ard aoibhinn innte de mharmar dubh
snoighte go h-eisdealbhach ealadhanta. Os cionn na h-altórach,
bhá íomháigh Chríost dá chéasadh - go n-an ré láin agus an ghrian
fá urdhubhadh agus Sliabh Cailbhre go dorcha dubhach.
Bhá íomháigh óighe duibhe ar an eadarscar, agus í ag imirt ar
chláirsigh, is ag adhradh an Dé Mhóir Uile-chumhachtaigh. Íomáigh
aghaidh-mhílíghtheach, cheann-chrom, dhubh-éaduighthe í an íomháigh
seo, leann uimpe chomh tana san go bhfaicfaoi go soiléir a
gnúis tríthe. Bha a géaga geala sínte amach ag imirt na
cláirsighe. Bhí an íomháigh seo ar n-a leath-cheilt le h-aon de na
colamhnaibh; ar chuma, an tan do sheasfadh duine láimh le
doras na cille ní fheiceochadh ar aon chor í; acht do chidhfeadh
go soiléir í an tan do dhruidfeadh suas cois an eadarscair
agus na páile noch do dheighil na daoine amach ón naoimh-iosta.
Thagadh sólás dubhach ar chroidhe Chaoimhghin ag smaoineamh dó
ar chéasadh Chríost ar Shliabh Cailbhre. Chuireadh siansán na
sreabh agus crónán na gaoithe, tréas na fuinneóghaibh, sólás
cumhach fós air. Shaoileadh go gcluineadh ceol caoin na cláirsighe
dhá seinm ag an óigh dhuibh, agus ní fhágadh an chill go h-am
codalta, agus ba leasc leis a fágain an t-am san féin.
2
Oidhche chiúin ghealaighe chuaidh Caoimhghein tréas an bhláthghort
gus an gcill uaignigh. Bhá a aigne go buartha brónach. d'oscail
doras na cille go h-aireach, ciuin. Bhí mar bheadh dordán
cuileóige le clos tréas an gcill. Bhá an ghealach lán na suidhe i
meadhon-ardaibh neimhe glaine dubhghuirme réaltleathta, gan
néal gan cheo. Bhá cannrán na gaoithe go ró-chiuin tré chrannaibh
ag at agus ag seargadh gach re seal go gcluinfaoi dordán na
cuileóige. Cluintear arís siansán na sreabh sléibhe go ciuin
ag at, ag ardughadh, ag crith, ag laigheadughadh, ag seargadh.
Cluintear arís an chuileóigín éagsamhail úd. Do shuidh Caoimhghein
ar shean-chathaoir go ndrom ard óirnáideach. d'uidh
ar n-uidh tháinig sáimhe ar a anam. Chuala, dar leis, ceol nimhe.
d'éist. Shearg an ceol. Chuala ceol na sreabh sléibhe arís go
ciuin caomh caoin ag at. Chuala sian neamhdha go socair séimh
ag crith, ag at is ag borradh. Sheairg sé is d'imthigh ar ceal.
Cluintear an chuileóigín oidhchidhe arís. Bhá solas na gealaighe
go fann ag taithneamh tré dhuilleabhar na gcrann gcannránach,
is ag criothnughadh ar an urlár dubhchlochach ngrábhálta. d'fhéach
acht ní fheaca aoinneach. Shiubhail sé treasna ó bhalla go balla.
Ní fheaca acht íomháigh na h-óighe duibhe ag an gcláirsigh. d'fhág
an chill agus d'imthigh chum suain gus an túir uaignigh.
3
Chuaidh Caoimhghein gus an gcill oidhche dhuibhré. Bhádar na
réalta mar bhallaibh órloiscthe ar aghaidh neimhe. d'oscail
an doras go ciuin mar ba ghnáth. Shuidh na chathaoir aird
órnáidigh dhonn-daraighe. Bhá dorchadas agus ciunas ag suidhe
sa chill. Cluintear guth cumha amuigh san choill. Bhá ceann
Caoimhghein na luighe ar chroidhe a dheárnan, agus a uille ar
bhraic na cathaoireach. Cluintear sian na sreabh sléibhe agus
cannrán na gaoithe tréas na crannaibh go ciuin soineamhail
ag at, ag seargadh, ag imtheacht as. Cluintear ceol neamhdha
ag crith, ag at. Freagrann an macalla é. Cluintear ceol
arís agus guth aingil ag canadh rann den triamhain. Bhíodhg
croidhe Chaoimhghein. Sheairg an ceol. Chuaidh as. Bhá
tiugh-dhorchadas ann. Níor cluineadh oiread agus cuileóg oidhchidhe.
Go h-obann siúd teine thréan tréas an gcill na lasrachaibh
dearga ó bhonn go barr. Do líon boladh láidir ruibhe an t-aer
agus d'aon urchar bídhge amháin bladhmanna bagartha tórnaighe
truime agus fearthainn trom ag briseadh ar dhuilleabhar na
gcrann agus ag stealladh ar urlár na cille. Critheann an
chill ó cheann go ceann. Bhíodhg croidhe Chaoimhghein. Siúd
teinntreach ag lasadh na cille agus na gcoill ndubh. Bhlaidhm
an tóirneach arís go bagarthach baoghalach. Sin síos báisteach
bhorb, sin caor eile fá'n gcoill agus casarnach san gcill
chrithigh. Táid na flaithis ag scoltadh, ag raobadh ag tuitim
chum talmhan. Sin casarnach arís. Tá cuma truaighe ar íomháigh
óighe duibhe na cláirsighe. Seo síos clagairneach choimhightheach.
Táid croinn agus duilleabhar ag coimhchrith.
Do mhaoluigh fearg agus fraoch na bhflaitheas. Stadadar
bladhmanna na tóirnighe. Do stad an chlagairneach choimhighteach.
Do ghlan aghaidh na spéire, agus d'imthigh Caoimhghein gus an
tuir uaignigh le solas réalta neimhe.
Níor chrith aon nidh anois acht an crann critheach amháin.
4
Bhá Caoimhghein ag dul gus an túir uaignigh san bhfaraois,
oidhche ghealaighe. Bhá néalta neimhe na lomraíbh liathbhuidhe.
Chaill sé a shlighe ar chuma narbh fheas dó cá raibh sé. Chuala
sé siansán na sreabh agus chonnairc an chill tré thiugh-ghéagaibh
na coille. Do stad ag an doras. Bhá ciúnas ann. Do shuidh
san tseanchathaoir ag an doras. Bhá solas na gealaighe ag
crith tré dhuilleabhar crann agus tré fhuinneógaibh, agus cia
gurbh é an oidhche do bhí ann, bhí an cróidhearg, an dearg, an
cur, an buidhe, an uaithne, an gorm, an dubhghorm agus an
corcra ag crith go h-aidhbhéil-iongantach, ar an urlár, agus
ioldatha eile ag teacht is ag imtheacht, mar bha le draoidheacht.
Bhí Caoimhghein ag féachaint, maille le h-alltacht chroidhe.
Cluintear glór caoin na sidhe ngaoithe amuigh ag teacht
ón sliabh tréas an gcoill. Cluintear duanghail na gaoithe
tréas na fuinneógaibh. Do stad an sidhe gaoithe. Do stad an
duanghail. Cualadh an ceol neamhdha go ciuin caoin, ag at
chum dromchla ornáidigh an dín, is annsan ag seargadh go
ndeachaidh as. Cualadh an ceol arís, agus an rann so: "Ar
uisce na Babalóine. . . ." "Ní h-í an ógh dhubh acht aingeal
atá ag canadh," ar Caoimhghein in a aigne féin. d'fhéach chum
na h-altórach. Chonnairc an ógh dhubh is a lámha leabhaire glégeala
ag imtheacht ar théadaibh na cláirsighe, a méara laga, meara
ghá seinm go caoin. Bhá an ghealach ag taithneamh uirri. Bhíodhg
croidhe Chaoimhghein.
Tháinig dorchadas agus cioth clagairnighe coimhighthighe.
Tháinig ciunas agus solus na gealaighe. D'éirigh Caoimhghein
agus chuaidh tré dhoras na páile de throigh shocair éadtruim
mir tréas an naoimh-iosta. Chuir a lámh ar lígh-dheilbh na h-óighe
duibhe agus na cláirsighe - ní raibh ann acht dathanna ar éadach
cnáibe!
D'imthigh leis ag dian-mhachtnamh gus an tóir uaignigh.
XXlI
OIDHCHE GO MAIDIN.
Is iomdha taidhbhreamh do thárla an oidhche sin do Bhruinnill
an Ór-fhuilt. Idir na taidhbhreamhaibh so, chonnairc sí, dar léi,
longbhriseadh ag bun faille is í féin ar a bárr. Shaoil sí go
bhfeaca sí Conchubhar ag snámh, idir bás agus beathaidh agus
a anam féin dá h-imirt san dubhaigéan. Do sceinn sí síos,
dar léi, le faill agus thug sí iarracht ar a fholt do ghreamughadh;
acht do slogadh síos san dubhaigéan cuthaigh cubharbhán dá
h-aindeoin díchill é. Leis seo do scréach is do dhúisigh sí.
"Créad atá ort?" ar a deirbhshiúr léi. "Brionglóid
ró-bhuartha do thárla dhom." "Leig tart í agus codail,"
ar a deirbhshiúr. Chuaidh sí chum suain go fáinne an lae, an tan
d'éirigh sí go h-éascaidh éadtrom go ndeachaidh i mbun a
h-oibre lae.
Ag breacadh an lae do bhí Conchubhar agus Conn san choill
agus iad ag lámhach creabhar. "Tá aimsir lámhach na bpéarlóg
imthighthe anois," ar Conchubhar. "Má tá níl aimsir na naoscach
do lámhach imthighthe," ar Conn. "Siubhlam siar gus na
líonntánaibh cois na dtiobrad bhfíoruisce; óir is ann is gnáth
iad in aimsir sheaca." "Siubhlam cheana," ar Conchubhar;
agus do chromadar ghá lámhach is na riascaibh i lúib choille.
"Céad míle fáilte," ar guth ó chrann cuilinn. "Shid í
Damhnait Ní Ghráinne ar Conn, "ár gcomharsa bhéil dorais."
"Fáilte is fiche romhat," ar guth eile ó mhóinfhéar taobh thall
den chladh fáis. "Shid é guth Caitlín Ní Chaingne, comharsa
eile," ar Conn. "Táid ghár lorg chum céadlongaidh."
Nómait na dhiaidh san bhí "an druidín binn" agus "an
spideóigín spiaca" ag eitil go h-áthasach timcheall Chonchubhair
agus Chuinn. "Téanam go céadlongadh ar iad uile"; agus
is gealgháireach do bhí Ainnir an Chúil Chraobhaigh agus a
h-athair is a máthair rompa uile.
XXIII
OIDHCHE IS MAIDIN I DTIGH SCOLÓIGE
Siúd Caitlín Ní Chiardhubháin ag bróntóireacht, gur líon sí
mála na mine go mba dingthe. "Slán libh go maidin," ar
Bearnán Buidhe. "Slán is beannacht Dé libh," ar Caitlín
agus d'imthigheadar féin agus an chuid eile den chuideachtan,
Go nár fhágadar na ndiaidh acht muintir an tighe agus Calmar.
"Is mithid duit-se," ar bean-a'-tighe leis seo, "dul a
chodladh, óir ní mór duit bheith tuirseach d'éis do shiubhail
lae." "Is mithid," ar Calmar, ag imteacht leis go dtí a
sheomra mara raibh leabha chaomh-chnaiste chluthmhar réidh ar a
chionn, in a raibh colcaidh suaimnighe agus tocht breágh clúimh
anuas uirri. d'éis a choisreacain agus a urnaighthe do chur
suas chum Dé mhóir uile-chomhachtaigh, do luigh sé síos fá bhraitlín
mín agus trí súsaíbh sár-olna agus brothrach buidhe. Do bhí
cearcaill ruaimnighe agus adhairt bhog chlúimh fá n-a cheann,
ar chuma gur chodail go socair sámh gur dhúisigh gliadar na
ngealbhan tighe ar maidin é.
Do chlúdaigh, do nigh agus do choisrigh Calmar é féin, agus
do bhuail amach gus an gcistin, áit i raibh bean-a'-tighe ag
ullmhughadh na céadphroinne agus inghean an tighe ag crúdh na
mbó taobh amuigh dhen táirsigh.
"Is aoibhinn aorach an mhaidin sheaca léith spéarghlan gan
néal gan cheo í seo," ar Conn ag teacht agus tuagh na láimh
noch do bhí aige ag gearradh adhmuid chonnaidh ar chearchall
amuich san macha. "Cuirtear chughainn ar gcéadlongadh."
"Cuir cheana, a inghean," ar bean-a'-tighe.
d'éis céadlongadh do ghluais Conn chum a chéachta ag treabhadh
caoinligh. "Muna ndéana an t-oireamh ar san earrach, ní
bhainfe sé sa bhfoghmhar," ar Conn. "Is fíor san," ar Calmar.
Leis sin chrom Conn ag gléasadh a sheisrighe le súgánaibh agus
amaíbh, drománaibh agus fallaibh. Do ghléas sé na slabhraí,
an choistéad agus an slabhra fada; agus do chuir an soc agus
an coltar ar an chéacht. Iarsin do chromh Tadhg Tiomanaidhe,
go n-a phriocaire ghá dtiomáint ag rádh: - Hob! a chéirín:
ha! a láir cheannainn: caoin, caoin, a ghearráinín ghiobalaigh!
Srac leat go domhnach é, mar adubhairt Diarmuid Ó Domhnaigh
le n-a mháthair, a chapaillín stadaigh! agus do leig glam as,
is do chan go caoin, is do h-iontuigheadh an fód ar deis san
tseathach ón bhfód fuaghála gus an gcaolfhód go nar fágadh
in gach clais acht an grianán.