Ceachtanna Gaedhilge
CEACHT A 19.
AIRGEAD. COINS.
Pingin, penny
Leath phingne, halfpenny.
Tistiún, four pence.
Raol, sixpence.
Scilling, shilling.
Dhá thistiún, eight pence.
Coróinn, five shillings.
Leath choróinn,
two and six.
Púnt, pound.
2½ pence — Dhá phingin go leith.
4½ " — Tistiún is leath pinge.
6½ " — Raol is leath phingne.
1/3½ " — Scilling is trí pingne go leith.
1/4 " — Ceithne tistiún is leath phingne.
£2 4 7 — Dhá phúnt ceathair is seacht bpingne.
£3 15 6½ — Trí púint cúig déag is raol is leath
phingne.
Chuaidh bean an tighe go dtí an mbaile mór de
Sathrainn. Thug sí Michéal lei. Chuadar isteach
in siopa bróg agus éadaig. Bhí fear an tsiopa
istig.
FEAR A tSIOPA. — Sé do beatha á Shíghle.
SIGHLE. — Go maire tú a Thaidhg.
TADHG. — Tá rud éigin uait do Mhichéal.
SIGHLE. — Tá. Teasbáin dom péire bróg — péire
beag deas gan a bheith ro-láidir.
TADHG — Déanfad. Féach ar an bpéire sin. Seo,
cuir ort ceann aca a Mhichíl. Seadh, tá
sí oireamhnach go maith dho.
SIGHLE — Cad tá orra?
TADHG — Cúig déag is raol.
SIGHLE — Seo púnt duit. Tabhar dom ceathair is
raol sainseála. Bróga agus airgead
chughat.
TADHG — Go mbadh amhlaidh dhiut.
CEISTEANNA.
Cár chuaidh bean an tige? Cé thug sí lei? Cár
chuadar. Cé bhí istig, Cad dubhairt sé? Cad
dobhí ó Sighle? An raibh na bróga daor? An
rabhdhar cruaidh sa margadh?
SEÁN STÓCACH.
"Uch, is cuma, 'dé'n díoghbháil?" arsa Seán.
"Ní'l aon eagla agam-sa roimh aon spioraid ná
púca. Táim bog beann orra. Tá an oidhche fuar
fluich agus má dhéineann tú teine mhaith dhom
adeirim-se leat go gcaithfidh na spioradanna iad
fein d'iomchar nó a mbóthar a thabhairt orra, má
chuireann siad mo chodla amugha orm-sa."
D'adhanadh an teine. Shuidh Seán len a h-ais.
Tharraing sé an corc as bhuidéal fiona a bhí aige
agus bhain sé slogadh as. Ennsin dhearg sé a
phíopa. Bhí sé chómh sásta le rí. Ní raibh duine
chuige ná uaidh ná aon rud ag cur isteach ná amach
air.
Bhí uair an meodhain oidhche caithte. Bhí diúdarn-
ghail bheadh chodhla ag teacht ar Seán. Acht níor
thuit sé dá chodhla. D'airig sé an glór. Ní fheaca
sé aon rud go dtí gur tháinig anuas an simné ar
an teinteán chuige diabhal. Giocs ná míocs níor
uir an diabal as acht suidhe go dána ar chathaoir
a bhí ar an taobh eile de'n teine. I gcionn leath
uaire an chluig tháinig an tara diabhal anuas sa
chasán céadna agus fuair cathaoir eile do féin.
Agus i gcionn uaire nó mar sin eile bháinig an
tríomhadh diabhal 'na gcionn. Ní raibh an tríomhadh
cathaoir sa seomra agus dhein sé seo luighe ar an
leaba.
NÓTAÍ.
SPIORAIDH. — Taidhbse, samhail. "Ní'l spioraid
ná púca gan a chúise féin."
BOG BEANN. — "Táim bóg ort" .i. is cuma
liom mar gheall ort. "Ní'l aon beann agam
ort." .I. tháim in-easpleadhach leat.
D'IOMCHAR. — A bheith macánta — gan adhnas ná
achrann a dhéanamh.
A THABHAIRT ORRA. — Imtheacht leo; scrios a
thabhairt dóibh.
SLOGADH. — Bolgam maith. Scaoil sé siar braon
de.
CHUIGE NÁ UAIDH. — Ag teacht chuige ná ag
imteacht uaidh.
DIÚDARNGHAIL. — Tosach codhla, sámhán beag.
AN GLÓR. — Cuirtear "an" go minic mar seo le
rud a mbíonn iongantas nó pún ag baint leis.
GÍOCS NÁ MÍOCS. — Seadh ná ní h-eadh.
'NA GCIONN. - 'Na ndiaidh, mar thuille orra.
MÁIRÍN DE BARRA.
VII.
Is minic a d'ólas mo dhóithin ar aonach,
I gcuideachta ban óg is gan iad ro-gheal dá chéile;
Bíodh coróinn ó gach duine aca i gan fhios dá chéile,
Is sidí sláinte na mná sa mbaile nár thug riam
dom aon rud.
NÓTAÍ.
AONACH. — Teasbáinteas nó pátrún nó áit a
mbailigheadh na daoine lá éigin cinn bliana
chum aoibneas is gleo a bheith aca.
RÓ-GHEAL. — Gan iad ró mhuinteardha, ead
eatorra.
CORÓINN. — Ní ceart droch bhrígh a bhaint ar so.
Is minic d'airigheas sean-daoine ag cur síos
ar an ngleo a bhíodh ar chros bhóithre fada.
Bhíodh na tighthe tabhairne oscailte de
Domhnaigh. Dá mbeadh na buachaillí, na fir
óga gan aon airgead bheadh fhios ag sua cailíní
agus thabharfaidís beagáinín airgid dóibh.
AISTI: — Sceilín. Comhrádh. "An iomarca de'n
aitheantas méidigheann sé an tarcuisne."