AN GAODHAL
PARLAIMENT NA M-BUN.
CÚNTAS AIR GHNO AN PHARLAIMENT CHÉADNA, ANN SO MAR LEANAS
(Air Leanamhain.)
ORÁID EIBHLÍONOIRE BINNGHLORAIGHE.
O
An treas lá do shuidheadar na
mná, d'éirigh bean aosda on-
óireach d'ar bh'ainm Eibhlíon-
óir Bhinn-ghlórach, baintighear-
na Chaisleáin-an-t-Suaimhnís,
agus dubhairt, dá m-badh
mhian leo deigh-chríoch do chur
air an b-Parlaiment, agus
air gach nídh dá labhraidís ná 'r bhfhuláir dóibh a
n-úrnaighthe, go díoghraiseach, do chur chum Dé na
n-uile-cúmhachtach iad do chur air staid na ngrás,
agus na dúbhailcídhe go léir do thréigean agus
na súbhailcídhe do mheabhrúghadh agus do leanmhain
go díreach. Agus chum san do dhéanamh is ríocht-
anach duíbh fios do bheith aguibh cionnas is cóir na
h-úrnaighthe do dhéanamh.
“A dhearbhshiura ionmhuine, agus a chlann mo
chroidhe tugaidh aire go díthcheallach do na bréith-
ribh is mian liom do labhairt ann so. An uair
beidh sibh ag úrnaighthe is cóir duíbh bhúr n-inntinn
d'árdúghadh, agus dógbháil suas chum Dé, de bhrígh
go bh-fuilid trí nídhthe riachtanach do thuigsin tím-
cheall na n-úrnaightheadh, eadhon, cionnas is chóir
dúinn a n-déanamh? cia h-iad do h-éistear anns
na h-úrnaighthibh? agus cread iad na nídhthe cuir-
eas toirmeasg ortha? An chéad uair is cóir do
na h-úrnaightibh bheith úmhal, gan bheith uaibhreach, de
bhrígh go m-bídheann cion mór ag Dia air úrnaigh-
thibh na n-daoineadh bhídheas úmhal, agus nách tar-
cuisníghean Sé iad, fá mar labhras an sailm-ceath-
laidh, Dábhaidh: Humiliorum et manifestorum semper
tibi placet deprecatio, ‘ionnas go n-abair duine
áirighthe a m-beathaidhíbh na n-atharach naomhtha,’ gur
mhúineadar bitheamhnaigh do úrnaighthe do dhéanamh
air an ádhbhar, an uair smuaineas an bitheamhnach,
air an droich-nídh do rinn sé, agus go faiceann
an prionós 'nná chóir, iarran agus athchuingeann
sé trócaire le sile na n-deór, le doilgeas, agus
le cómh-bhrúghadh chroidhe; de bhrígh go bh-fuil a fhios
aige go b-fuil sé féin ciontach.
Is mar sin badh chóir do'n duine aithrídheach, úr-
naigheach, a lochdaighe féin do thaisbéanadh agus
do craobhsgaoileadh do Dhia Uile-chúmhachtach, ion-
nas go g-corochadh agus go múisgeóladh É cum
truaighmhéile do thabhairt dó; agus faoi mar bhídh
na daoine bochta ann gach áit ró-úmhal ag iarradh
déarca air na daoinibh saidhbhire, sin mar bhadh
chóir do na peacachaibh congnamh d'iarradh air Dhia
'nn n-úrnaighthibh. Agus is cóir do na h-úrnaighthibh
bheith deiscreideach, agus de bhrígh go n-iarraidh
mórán go neimh-dheischréideach, agus dá bhrig
sin ní b-fhaghaid siad an athbhuinge, amhail do bhídh-
eadar dís mhac ‘Sebedee,’ noch d athchuingidh Dia
fá dhuine aca do shuidhe air an láimh dheis, agus
duine eile air a láim chlí, go n-dubhairt leo nách
raibh a fhios aca cread do bhí aca da iarradh nó
mar d'iarr Pól cealg na colna do dhíbirt uaidh
féin, agus gur b' é freagrad fuair sé: Sufficit
tibi gratia mea, eadhon, ‘badh leór duit mo ghrása,’
nó amhail mar shioras neach air a charaid píosa
airgid, agus m-b'fhéidir gur fiche píosa do bhéar-
faidh an duine muinteardha san dó.
“Mar an g-céadna má iarrann duine onóir,
saidhbhreas, nó sláinte air Dhia do b'fhéidir nách
iad san do bhéarfadh Dia dhó, acht nídh badh mhó,
agus do b'fearr fada mar thug chum críche do
buachaillíbh beaga, anns an sgéal, a athchuinghidheas
go minic gan iad do bhualadh, agus fá dheoigh go
m-buailtear iad, de bhrígh gur a b'é is feárr dóibh;
agus mar deir Naoimh Augtstín an uair d'iarr-
faidhe na nídhthe do mholas agus d'fhógras Dia
duíbh, ann san bheidheadh na h-úrnaighte dlíghtheach
agus do bhéarfaidh duibh búr n-athchuinge; gidh an
uair d'iarrfaidhe nídhthe timpearálta nó ainmheas-
ardha le mó módh agus le h-eagla, air coingiol
is cóir duibh a bh-fághail go d-tabhrfaidh Dia duíbh
iad, agus má's dochar duíbh a bh-fághail, go coin-
bheóchadh Sé uaibh iad, air an ádhbhar gur ab ag an
liaigh bhíos fios cread an nídh do dhéanfadh sochar
nó dochar do'n othar, agus nách ag an othar féin.
(le beith air leanmhain.)
UILLIAM O MUIRIDHIGHTHE RINCEOIR.
O
Ni'l aon bhall eíle i n-Éirinn go bhfuil
an sean-nós rince cos ar coimhéad
ann chómh maith agus tá i g-cathair
Chorcaighe, agus san tuaith 'na tím-
cheall. Tá fear go h-áirighthe do
rugadh agus do tógadh san m-ball so go bh-fuil
an buadh faghálta aige ó rinceoiribh na dúithche. Is
é sin Uilliam O Muiridhighthe, agus is mór is áth-
asach linn gur féidir linn cosamhlacht an fhir
cheólmhar so do chur a g-cló d'ár lúcht léighte an
mhí so.
Bhí sé 'na chomórtasuidhe i mórán d'áitibh ag
rince, agus do lean sé go cúramach do'n obair
so go d-tí gur thóg sé suim aimsire ó shoin
an chead duais i g-Cúige Mumhan le luth a chos
agus a colna. Acht níor shásaimh an méid so ár
g-cara, mar do lean air go d-tí gur buadh-
adh leis an chéad duais i n-Éirinn i m-bliadhna.
Badh chóir agus badh cheart a ainm do leathadh ar
fud an domhain, agus tá súil againn go m-beidh
an sgéal so amhlaidh fá cheann beagán aimsire.
Badh cheart ar aon t-slígheeadh meas a bheith ar ins
ga ball nach bh-fuil Clanna Gaedheal.
Do rugadh an fear lúthmhar so i g-Corcaigh tím-
cheall trí bliadhna fichead ó shoin. 'Nuair bhí sé
ag éirge suas 'na gharsún bhí dúil gan fuaradh
aige bheith is gach áit go m-beadh cruinniughadh a
spreagarnach ceoil. Ní gábhadh a rádh ná go m
baineadh Uilliam teine chreasa as na clárachaibh ag
freagairt do bhinneas an cheoil 'nuair gheabhadh
foill air.
Badh dhual agus badh dhuthchas do ó n-a athair
agus ó n-a shean-athair roimis bheith go cliste ar
rince. B' é b'oide dho Tomás O Murchadha, 's é
sin an fear go raibh buadh aige ar Éirinn tá suim
bhliadhan ó shoin. Badh ró-gheárr a bhí an sgoláire
nuadh idir lámhaibh ag Tomás 'nuair bhí sé i b-fad
níos feárr 'ná é féin. B'fhéidir ná raibh aon buidh-
eachas ag an máighistir ar an sgoláirie ann san.
Badh cheart na beadh ar aon chuma.
'Nuair do thosnaigh muintir Chonnartha, na Gaedh-
ilge ar Fheiseannaibh do chur ar bun ins gach ball
de'n tír 'na d-tímcheall, do bhí glaodhach agus
iarraidh mhór ar an bh-fear so ins gach tionól mar
go dearbhtha do chuireadh sé áilneacht agus mór-
dháil ar aon'ne féachaint ar stáitse air. Is fíor
go mothó'far a easnamh ins gach ball 'na m-beadh
sé. Fá cheann beagán aimsire bhí árd-mheas go
coitcheann air ag na daoinibh, agus is fíor gur
thuill san uatha le n-a dheagh-ghníomharthaibh, mar bhí
sé modhamhail ceannsa deagh-bhéasach. Gan dear-
mad is iomdha gnó maith do-ghein sé do Chonnradh
na Gaedhilge, agus do Chumann na b-Píobairídhe,
agus mar an g-céana d'Éirinn féin i g-Corcaigh;
ní'l dearmad ná go bh-fuilid an-bhuidheach dhe.
Is cathúghadh mór anois le muintir Chorcaighe go
bh-fuil sé imighthe anois ó n-a measg, agus go
bh-fuil tar éis dul anonn go Londuin, acht is áth-
as mór leo a fheicsint go bh-fuil sé ag leanamh-
aint do'n obair mhaith i g-cómhnaidhe. Ní'l páip-
éar againn dá léigheadh ná go b-feicimíd ainm an
t-sáir-fhir so i measg ball Craoibhe Londuin.
Guidhmíd le deagh-chroidhe go ra' fada chaithfidh sé
an crios, (an chéad duais i n-Éirinn i rince), atá
tímcheall a chuirp sa chosamhlacht. Saoghal fada
agus sonas chughat a 'Liam; gan dochar ná iomárd
i d'shlígh go deeo.
TADHG O SCANNAIL.
SEAN RÁIDHTE.
Dhá mheid aireachais agus múinte,
Bh-faghann an dúr mac an daoi,
Brisean an duthchas tré n-a shuilibh,
T'réis a chúrsa chur i g-crích.
Súd san chúil é 'gus dhá chéad súil ar.
Dé mhéid fód mona dhéinfhead púint deataigh?
Bh-fuil an cleitín díreach?
'Se a dhíthcheall a bheith cam.
Nuair a bhídheann a cait amuigh,
Bídheann an luch ag rinceadh.
AN GAODAL
SGÉALTA Ó IARTHAR ÉIREANN
AG “AN SÍOGAIDHE INFHIÚCHTACH.”
UIMHIR IV.
CEALLTRACH GHALARAIS.
Ag an chionn aistigh de chuan
Áirt-na-caine, i d-teorainn
na trágha idir an Mhuirbheach
shoir agus Imil-ádha shiar agus
chúig mhíle siar ó thuaidh air
Dhaingean-Uí-Chúise, i g-Cor-
ca-Dhuibhne, tá an baile fear-
ain air a n-gairmthear
Galaras.
Cad is bunadhas cinnte do ainm an bhaile so
ní féidir liom a rádh, óir gídheadh go bh-faca
ann áit éigin nách cuimhin liom anois gurab ó'n
dhá fhócal Gall agus árus eadh tá an
ainm cúmtha, eadhon, Galaras, agus gurab ó'n
chaisleán a thóg na Gearaltaigh ann so eadh
gairmeadh an baile, is míniúghadh é do nách tug-
aim aon ghéille, agus dar liom féin is ó an
fhocal galar eadh cumadh an ainm.
Ó is andiú é ní fhuil i mórán de thalamh Ghal-
arais acht amháin stéig fhliuch, fhuar, ghalarach,
agus má tá sé chó h-olc san anois, tar éis
áitribh an bhaile do bheith ag gabháil dó ag a bhris-
eadh agus ag a thabhairt isteach le s'na céadta
bliadhan, is cosamhail gur mheasa ioná san do
bhí sé roimhe so, óir do bhi saoghal ann, agus ní
ró fhada ó shin leis é, ann a' r' bh'é Galaras
múnlach a bh-fuil de thalamh ó bhárr Shlíghe-na-
Naomh, i g-cnoc Chille Máil-Chéadair shoir go
struicín Cruaiche-Mhárthan shiar, agus is mar
so do éirigh an mí-ádh san dó.
Air feadh an ama san de aois an domhain
so air a ngairmid eolaigh Aois-an-Oighir do bhí
talamh Éireann uile, mar aon le furmhór iar-
thair Eorpa, fá aon bhró amháin oighir, agus, nídh
nách iongnadh, níor dhul as do'n cheanntar iar-
tharach so acht amháin có beag le h-aon chuid eile
d'Éirinn.
Ann san am san do bhídh a bh-fuil ó Chnuc
Bhréannain siar go fairrge folaighthe fá throm-
mhuir oighir, agus de dheasgaibh gur mhó do bhídh
an t-oighear so ag cruinniúghadh agus ag ramh-
rúghadh air an g-ceann shoir di ioná as san
siar, do bhídh tromán an chinn sin ag meádhachan
anuas air an g-cuid eile agus ag a brúghadh
roimhe, ann san t-slíghe sin agus go raibh íocht-
ar na bró so ag meilt agus ag gearradh úrláir
na talmhan fúithe ó Chnuc Bhréannain amach trí
Chuan-an-Chaoil.
De chionn chnuic Chathair-Sguilbín do bheith ag
teanntúghadh agus ag tabhairt ghualann ó thuaidh
le h-oighear Chnuic Bhréannain do bris an t-oigh-
ear san i g-ceann tamaill amach trí an g-cnoc
ó thuaidh air an d-taobh shiar de Bhaile Dháith,
agus ann san de bhárr oighir na Cúlach do stad
de bheith ag gabháil siar, agus, uime sin, gan
bheith ag teanntúghadh agus ag brúghadh an oighir
a bhídh ag gabháil anniar ó Mhárthain agus ann-
deas ó Leathtaoibh siar chum Cuain-an-Chaoil
nídh bhus mó, do lean an bhró so air a h-aghaidh ó
thuaidh, mar a bh-fuil an cuan anois, agus
amach trí aon bheárna le h-oighear na Cúlach.
Dá dheasgaibh sin níor bh'fhada, iar lagúghadh
de'n bhrúghadh le n-a chúl gur thuit a raibh d'oigh-
ear air an d-taobh shiar de'n chuan anniar air
a chúlaibh agus gur lean sé an chuid eile.
Is iomdha bliadhain do sheas an t-oighear so,
agus is é a thug an chuma air aghaidh na talmhan
atá anois le faicsin uirthi; acht, mar nách
bídheann air gach aon nídh acht amháin tamall,
do tháinic críoch fá dheireadh air Aois-an Oighir.
Do thaithin an ghrian amach, d'imthigh an fuacht,
do théidh an spéir, agus de leagh an t-oighear.
De bhárr gan slíghe do bheith ag an oighear a
bhí ag sleamhnúghadh anniar ó Mhárthain air lean-
mhain roimhe soir agus go m-b'éigean dó casadh
ó thuaidh ag bun Ghalarais, do gheárr sé lag
dhoimhin ag an chasadh so, agus ann san lagán
so, tar éis na coda eile air fad do bheith
leachta, do fhan mullóg mhór oighir.
Le cúl na mullóige so, ó an taobh thuaidh do
bhailigh na robhartaidhe suas cuid de'n ghrean
agus de'n ghainimh a d'fhág an t-oighear ann a
dhéig ann san chuan, agus, do bhárr go raibh an
cúl-thaca gainímhe so ag méadúghadh le gach líon-
adh dé'n tráigh, d'árdaigh cnócáin mhóra gainimhe
idir an sáilc agus an t-oighear, ionnas gurab
soir chum na muirbhighe do bh'éigean dá raibh do
uisge ag an ghréin ag a leaghadh de'n taobh theas
de'n bhró oighir so, maraon le a raibh ag sileadh
de ó Mhárthain anniar, a shlíghe do déanadh
agus ann san casadh ó thuaidh ann chuan.
Tar éis na mullóige oighir so air fad do
leaghadh d'fhan loch mhór fhairsing ann a h-ionad,
agus de dheasgaibh na h-aimsire do theacht úr,
brothalach, teith, ann ionad an fhuachta a bhídh
ann roimhe sin, d'fhás gach aon chinéal fiaghaile
go tiúgh agus go borb, ní h-amháin air an d-
talamh tirm acht ann san loch so mar an
g-céadna.
Chó tiúgh agus do thagadh feodhadh air aon
chuid d'fháslach an locha do bhídheadh slamás óg
ann a áit ag borradh ós cionn an uisge agus
móin ag déanadh air thóin puill de n-a m-bídh-
eadh ag lobhadh.
Do lean an saoghal do bheith mar sin air
feadh tamaill mhaith, agus is amhlaidh do bhídh sé
an uair tháinic an duine air an láthair. Do
fuair seisean roimhis le fiadhach ní h-amháin
an fiadh agus an girr-fhiadh ata fós san dúth-
aigh, acht an torac águs an gairbhfhiadh có maith;
acht má fuair sé iad so infhiadhachta, badh
gheárr go bh-fuair sé amach go raibh malairt na
n-eas, na g-cat fiadh, agus na seannach aige le
seachain, óir do mhúin a g-coidreamh dó náchar
bh'annsa le faol ná le mathghamhain grim d'aon
fheoil eile air bith ioná d'fheoil dhuine, agus
níor bh'fhada gur tuigeadh dó náchar bh'aon chobh-
air chum fad-shaoghail ná chum sláinte baladh
an t-smúit-cheóidh a bhídheadh ag éirghe as an
loch.
Dar liom féin is ó'n ádhbhar so agus ní h-ó
chaisleán na nGearaltach eadh h-ainmnígheadh
Galarus, óir gídh nách fuil aon loch anois ann
is le déigheanaighe eadh d'éirigh san dó, agus
is mar so do thuit sé amach.
Ó'n bhrothall teith a lean an t-oighear d'ath-
raigh na bíaistídhe arís go rabhadar mar tá
siad anois. Air theacht do'n atharúghadh so
do shéid an ghaoth an ghainimh aníos agus líon sí
suas áth-iomal an locha agus d'árdaigh an
ghainimh so i g-caitheamh na h-aimsíre ann a
dúmhachaibh árda ionnas, fiú amhain ann san
bhliadhain-chéad so a ghaibh tharrain, nách raibh aon
radharc ó thighthibh Bhaile-an-reannaigh, air an d-
taobh shiar de'n chuan, air an Muirbheach shoir.
Do bhídh aibhne an Riaisg, Imil-ádha, agus leath-
taoibh ag rith asteach ann loch, agus aon abhan
amháin fhairsing dhoimhin ag sruthúghadh amach
aiste agus ag rith soir ag bun thalmhan Ghalar-
ais, mar a raibh droichead iomad súl tháirsi,
agus mar sin go Muirbheach ag a raibh coradh
chum beartha air na bradánaibh a bhídheadh ann
san abhain.
Is ag Cathaoir Ó Conchabhair Chille-Máil-
Chéadair agus ag Roibéard Ó Céileachair,
Baile-nan-ádh eadh bhídh an coradh air an abhain
le lin an loca do sgéidheadh an chuan.
Do lean an ghaoth air bheith ag séidheadh suas
na gainímhe agus air bheith ag gearradh cuas le
cobhair na lán-mara ann san duímhich go san
m-bliadhain, 1809. Ann san m-bliadhain sin do
thuit trom-chioth áirr le h-uisge a r'sgéidh an
loch, síos trí an n-duímhich, agus iar ngearradh
Gleanna' ann san gháinimh, d'fholmhaigh an loch,
agus ní fhuil anois dá cómhartha ann acht an
charraig air a n-glaoidhte Carraig-an-Locha.
Mar d'imthigh an loch d'imthigh na dúmhacha
agus ní fhuil aon dhúmhach anois ag éirghe idir
Baile-an-reannaigh agus an Mhuirbheach, agus is
fada go raibh, óir sul a' r' thug Clanna Gall
árr gortha an droch-shaoghail ann san bhliadhain
1847 air Éirinn ann aon chor do bhídh an
áit có béal-osghailte sin agus an nuair do
sheinneadh Séamus Ó Daodaigh port air an
bh-fidil ag cnocán na Muirbhíghe go rinctí an
port i m-Baile-an-reannaigh.
Tmh caisleán na nGearaltach ámhthach ann
a sheasamh fós i nGalaras, acht, gídh go bh-fuil,
ní shé is mó a tharraingear breathnúghadh na
n-eolach ná triall lucht-léighinn air an m-baile
acht amháin an chealltrach air a ngairmíd muin-
tir an bhaile, “Séipéilín,” agus daoine na
m-bailte eile ann a thímcheall “Séipéilín
Ghalarais.”
(Le beith an leanmhain.)
COILLTE NA G-CNODH.
SÉAMUS O SÉAGHDHA RO CHAN.
Dá bh-faighinn-se mo shlíghe 's bheith arís a'm' fhear óg,
Do raghainn seal chum síth' mar a m-bínn-sé fad ó,
Gan treighid ann mo chroidhe a's gan suím ann mo ghnó,
Go meidhreach le Síghle go coillte na g-cnódh.
CUR FÁ.
Oir tá saidhbhreas gan cóir,
A's is Gleoidht' í an cháil,…
Acht tá treighid i n-aghaidh 'n t-sógha,
'Gus an óige… 'Sí is feárr.
Do shiúbhlas an saoghal… acht badh bhaoth liom ealaidhe,
D'úmhluigheas mo mhéinn… acht ní ghéilfinn do'n righ,
A's do thabhairfinn gach séad air chéad lae ann san choill!
Cur Fá.
Bhíodh cnó 's bhíodh caora 'nna slaodaibh ag fás,
Bhíodh mór chuid de sméaraibh a's fraocháin le fághail,
Bhíodh ceol air na géagaibh ag éanlaith gan trághadh,
'S bhí an óige 'gam féin, a's lem' thaobh bhí mo ghrádh.
Cur Fá.
Is uaibhreach na daoine ann aoil h-allaibh mór,
Na h-uaisl' ann nách saoilfinn aon díth thaacht go deó,
Acht ní mór liom dóibh aoibhneas 'nuair shaoilim bheith og,
'S mé ag gluaiseacht le Síghle go coillte na g-cnódh.
Cur Fá.