TIG A' T-SOLUIS.
Ná bí ag ceapadh, a léigtheóir, gur
tigh mór ar bruach faraige nó ar
oileán uaigneach an tigh seo agam sa.
Ní headh i n-aon chor. Níl ann ach tigh
beag ag bun cnocáinín is dóigh liom
a measg na bportach i n-iarthar Chiar-
aighe. Is iongantach an sgéal é ná
feaca an tigh seo riamh le solas lae
nó má chonnac féin níor aithnigheas.
Ach is minic minic a chonac an solus
a bhíodh ann san oidhche. An chéad
oidhche a chonac an solus san thaithn
sé liom thar bárr ach ní thuigim i
gceart fós cad 'na thaobh gur thaithn.
Ní raibh aon t-solus eile 'na aice a's
cheapas gur deas go léir do dhuine
mar me fhéin bheith na chómhnaidhe in áit
mar sin a bhfad ó gach aoin'ne ag bun
cnuic. Bhíos tar éis teacht ó Chairbre
andeas an lá san. Bhí cheithre fichid
míle curtha dhíom ar a luighead agus
bhíos go tuirseach agus go brónach 's
mé am aonar.
CEISTEANNA.
Thánag anuas dem rothar agus do
shuidheas ar a gclaidhe agus d'fhanas
ag féachaint ar an solus ar feadh
tamaill. “Táir chómh mór at aon
arliom féin, a sholuisín,” adubhart
“a's tá meas agam ort dá bhárr
san mar is breágh an rud do dhuine
bheith ina aonar uaireanta toisg
bheith i gcuideachtain ná taithnfeadh
leis, agus bfhéidir gur fearr leat-
sa bheith ansan at aonar ar thaobh
cnuic ná bheith ró-chómhgarach do shoill-
sibh eile. Ní fheadar anois cad é an
sórd tighe n-a bhfuilir? An tigh beag,
cumhang, neamh-chompórdach é, nó an
tig fada fairsing fíor-ghlan é? An
daoine deasa meidhreacha atá na
gcomhnaidhe ann nó an daoine dúra
dána iad? An maith leo bheith ann nó
a mbfhearr leo bheith as? A bhfuil
éin'ne dhíobh imhthighthe thar sáile, agus
má tá, a mbíonn sé ag cuimhneamh ar
an mball iar-gcúlach so 'na rugadh é
agus arbh mhaith leis bheith thar n-ais
arís ann? Ní fheadar dá mb'ann a
tógfaí mise an é an meon céadna
bheadh agam a's tá anois, nó an fásta
do bheinn ná már atáim.
SMAOINTE.
Nárbh dheas an ball é do chailín
bheith agus fear óg ag tabhairt grádha
dhi agus é ag ceapadh sgéala mar
gheall ar an soluisín sin thall agus
mar gheall ar an gcnoicín os a chionn,
agur bfhéidir go dtiocfadh sé mar a
bhfuilim uaireanta agus go suidhfeadh
sé anso agus go dtosnóchadh sé ag
machtnamh ar na nidhthibh seo abhfuilim
ag machtnamh anois ortha; agus dá
mbeadh filidheacht sa bhfear san ní
fuláir nó dhéanfadh sé amhráin mar
gheall ar an gcailín & mar gheall ar a
h-áit cómhnaighthe. Agus is minic a
raghadh sé suas fé dhéin an n-soluis
sin agus é go spleodrach & is minic a
thiocfadh sé anuas agus é trí chéile
toisg ná féadfadh sé bheit deimhnigh-
theach go raibh an cailín chómh ceanamhail
air a's bhí sé féin uirthe. Is deacair
cúrsaí ban do thuigsint, am basa.
AIT AN SAOGAL É.
Cá bhfios dom ná go bhfuil an cailín
ann a's go mbíonn an fear óg ag
déanamh fé mar mheasaim a dhéanfadh
sé? nó cá bhfios dom ná gur me féin
an fear a bheidh amhlaidh fós? Ba
bhreágh liom é dá mb' ann a bheadh an
cailín a bheidh mar mhnaoi agam lá
éigin. Nárbh bhreagh an saoghal agam
é, dá mba mar sin do bheadh. Ach níl
ann ach tuairim. Bfhéidir ná fuil sa
tígh sin ach seana-lánamha ná raibh aon
chlann riamh acu. Is ait an saoghal é,
agus is ait an críosdaige mise anso
am shuidhe ar bharra chlaidhe agus gan
de ghnó agam ann ach ag féachaint ar
sholuisín thall ansan ar thaobh an chnuic,
agus ad iaraidh a thuigsint cia h-iad
atá na gcomhnaidhe sa tigh 'na bhfuil
sé. Go dtugaidh Dia ciall dom,
agus ba ghádh, san.
CUIMHNE AN tSOLUIS.
Do thréigeas an áit agus do chuadhas
soir go Cathair Saidhbhín, agus chuadhas
do chodladh ach ní dhearnas dearmhad
ar an solus mbeag san. Is minic ó
shoin do chonac é, agus is minic do
chuir sé ag machtnamh me. Chínn é
agus me fuair fliuch tnáidhte oidh-
cheanta sa Gheimhreadh; agus chínn é
oithcheanta breaghtha sa bhFoghmhar
agus me go meisneamhail meanmneach.
Níl aon uair a chonac é ná gur thaithn
sé liom. Ní sheadar a dtugad éin'ne
eile fé ndearr é i n-aon chor, agus is
cuma liom. Ní fheadar fós abhfuil
aon chailín óg sa tigh, agus is baogh-
alach go bhfanfad mar sin anois, mar
ní bhím ag cuimhneamh ar a leithéidí le
tamall maith.
Ghá cuimhneamh a bhím anois go mbeidh
an solus beag san le seiscint nuair
ná beidh neart am láimh chun peann a
chasadh ná brigh am mheamhair chun a
shamhail seo no cheapadh.
Agus, dar ndóigh, go raibh.
LURGA LIATH-BHÁN.
AN MAIDRÍN RUADH.
Air: “The girl I left behind me.”
I.
You muses nine with me combine,
And help me make an oration,
Until I relate poor Reynard's fate,
And where the hunters chased him.
Níl Bhéarla bhinn agam, fairíor!
Ná teanga mhilis Ghaedhilge,
Ach dá bhfaghainnse cúntas ós na húgh-
dair
Do 'neósainn fios mo sgéil díbh.
II.
In sweet Doneraile, seadh chaitheas mo
shaoghal,
And all my generations,
Gan buairt gan baoghal, till the Mal-
low Rakes
Disturbed my habitation;
Thro' Carker Pike I took a strike,
Do bhí uaisle an dá chonntae ann,
When I heard horns sound and the
cry of hounds,
Agus é roimh eirghe gréine.
III.
'Tis then I knew I'd no time to lose
Nuair a dhearcas iad na dtáintibh,
Thro' Shanballymore I took a stroll,
Is amach tre bhóthar siar Seánach,
Out thro' Rockmill and Funcheon
Glen,
Nó gur shroiseas Baile Mhistéala,
Where I saw the court and all con-
fused.
Is an áit go léir tré chéile.
IV.
I viewed the pride of Castle Hyde,
Nuair a shíleas dul i gcré ann,
To my grief and woe the earth was
closed,
Agus chaitheas cur chun sléibhe as,
Thro' Kilworth Hill, tho' hunted still,
Do sgiobas gé breágh mhéith liom,
O Molly Moore from near the door,
Amach as lár a tréada.
V.
Then Molly Moore unlocked the door,
Do liúigh sí is do bhéic sí,
She clapped her hands and called the
dogs,
Is dúbhairt gur chreacas féin í.
Hulla! Hulla! Finder! Lily, agus
Grinder!
Sgríb na gadhair 'na cheile,
Hark! Hark! Trueman! ar fhleasc
a cúma!
Is ba mhaith an fear cúil é Bateman.
VI.
I answered her, “ná bí go holc,
I'll make you mince for Easter,
Ded' lachainn bheaga bhuidhe is ded'
chearca beaga mísle,
If you sit down and taste it.”
She answered thus “ní bhlaisfead
pioc,
I'll report you to the neighbours,
Ach má mhairim-se beo, go seachtmhain
ó indiu,
You'll pay for what you're 'ating.”
VII.
The cáilín fair did me complain,
Is sé gile an uain do chráidh mé,
Thro' Marshalstown I took my round,
Agus siar go cnoc Árd Phádraig,
Thro' Russell's Court I ran very mute,
Agus síos go Sráid na Blárnan.
Where I cried, “Repale,” and
“Granuaile,”
Is Tallyho lem' shálaibh.
VIII.
Thro' Mulberry Lane I took my way,
Agus síos go Gleann na Óithig,
Where the huntsmen sounded horns
loud.
And called the hounds around me.
Saying “Fiddler! Fifer! Silver! Dia-
mond!
Jumper! Juno! Danger!
Within Padmill, they did me pin,
I own I was a schamer.
CORMAC Ó CADHLAIGH.
For St. Patrick's Day.
DO PHÁDRAIG NAOMHTHA.
Dóchas linn, Naomh Pádraig,
Aspal mór na hÉireann,
Ainm oirdhearc gléigeal,
Solus feadh na saoghal é.
Sé do chlaoidh na Draoidhthe —
Croidhthe dúr' gan aon mhaith —
D'ísligh drong an díomais,
Tré neart Dé ár dtreun-fhlaith,
Sléibhte, gleannta, maighe,
'S bailte mór' na hÉireann,
Ghlan sé iad go deo dúinn —
Míle glór d'ár naomh dhil
Iarr'maoid ort, a Phadraig,
Guidhe orrainn na Gaedheala —
Dia linn lá 'gus oidhche,
'S Pádraig aspal Éireann!
AN CAITÍN IS AN LUICHÍN.
Do bhí cat agus luch lá Domhnaigh fad
ó shoin a' damhas dóibh féin air fuaid
a' tighe. Ann sa ghráscar dóibh do
sciob an cat an t-iarball de'n luich.
“A chaitín, tabhair dhom m'iarball,”
arsa an luch, “go raghaidh mé go dtí
an t-Aifrionn.” “Ní thabharfaidh mé,”
ars' an cat,” go dtabharfaidh tú braon
bainne ó'n mbuin chúgham.”
Chuaidh sí go dtí an mbuin. “A
bhó! tabhair dhom braon, go dtabharfaidh
mé braon do'n chaitín, go dtabharfaidh
an caitín m'iarbaillín dom, & go
raghaidh mé go dtí an t-Aifrionn.”
“Ní thabharfad,” ars' an bhó, “go dta-
bharfaidh tú sop ó'n scioból chúgham.”
Chuaidh sí go dtí an scioból. “A
sciobóil! tabhair dhom sop, go dta-
bharfaidh mé sop do'n bhuin, go dta-
bharfaidh an bhó braon dom, go dta-
bharfaidh mé braon do'n chaitín, go
dtabharfaidh, an caitín m'iarbaillín
dom, agus go raghaidh mé go dtí an
t-Aifrionn.” “Ní thabharfad,” ars' an
scioból, “go dtabharfaidh tú eochair
ó'n nghabha chúgham.”
Chuaidh sí go dtí an gabha. “A
ghabha! tabhair dhom eochair, go dta-
bharfaidh mé eochair do'n scioból, go
dtabharfaidh an sciobhól sop dom, go
dtabharfaídh mé sop do'n bhuin, go
dtabharfaidh an bhó braon dom, go
dtabharfaidh mé braon do'n chaitín,
go dtabharfaidh an caitín m'iarbaillín
dom, agus go raghaidh mé go dtí an
t-Aifrionn.” “N' thabharfad,” ars'
an ghabha, “go dtabharfaid tú gual
ó'n gclais chúgham.”
Chuaidh sí go dtí an chlais. “A
chlais! tabhair dhom gual, go dtabhar-
faidh mé gual do'n ghaba, go
dtabharfaidh an gabha eochair dom, go
dtabharfaidh mé eochair do'n scioból,
go dtabharfaidh an scioból sop dom,
go dtabharfaidh mé sop do'n bhuin, go
dtabharfaidh an bhó braon dom, go
dtabharfaidh mé braon do'n chaitín, go
dtabharfaidh an caitín m'iarbaillín
dom' agus go raghaidh mé go dtí an
n-Aifrionn.” “Ní thabarfad,” ars'
an chlais, “go dtabharfaidh tú criathar
uisge ó'n abhainn chugham.”
Chuaidh sí gó dtí an abhainn leis an
gcriathar. Acht dá mbeadh sí a' sáthadh
an chriathair síos go deó ní thógfadh
sí aon bhraon de'n uisge leis. Do bhí
an sgeul chómh briollach a's bhí sé ar
dtúis nuair a sciobadh an t-iarball
di, agus bhí piobar a'domhain uirrthi
chum ná beadh sí déigheanach o'n Aif-
rionn. Mheas sí go mb'fhéidir gur a
leigeant uaidh a bhí an criathar, agus
dubhairt sí léi féin dá mbéadh sí á
shathadh síos a's aníos air feadh tamaill
maith go ndúnfadh na poíll. Acht badh
mar a chéile dhi é.
Fé dheireadh tháinig spriodóigín ós
a cionn anáirde, agus nuair a chonnaic
sí an draip ann a raibh an luch tháinig
árd-thruagh aici dhí, agus dubhairt sí:—
“Cré bhuidhe a's bualtach.”
Thuig an luch í go féile-bhinn, agus
fuair sí cré bhuidhe agus bualtach
agus chimil sí dó'n chriathar iad. Ní
raidh sé a' leigínt aon bhraon uaidh
annsoin agus bhí árd mhustar air an
luich.
Annsoin thug sí an t-uisge go dtí
an chlais, thug an chlais gual di, thug
sí gual do'n ghabha, thug an gabha eoch-
air di, thug sí éochair do'n scioból,
thug an scioból sop di, thug sí sop
do'n bhuin, thug an bhó braon di, thug
sí braon do'n chaitín, thug an caitín a
h-iarbaillín di, agus chuaidh sí go dtí
an t-Aifrionn.
Acht do bhí sí déigheanach ó'n Aif-
rionn!!!
Nuair a chualaidh an cat go raibh sí
déigheanach dá dheascaibh féin, tháinig
ceann-síos agus droch-mheas aige air
féin, agus thug sé an leabhar ná bain-
feadh sé an t-iarball d'aon luich go
bráth arís.
Níor bhain leis, mar is ar cheann a
bheireann sé ar gach aon luich riamh ó
shoin. Sin é mo sgeul is má tá bréag
ann, bíodh.
PÁDRAIG MAC GEARAILT.
AN PHAIDIR GHEAL.
Gó mbeannuighthear dhuit, a Phaidir
Gheal!
Go mbeannuighthear dhuit féin!
Cár chodluighis aréir?
Mar ar chodail Mac Dé
Cá gcodlóchair anocht?
Mar a gcodlóchaidh na boicht.
Cá gcodlóchair ist oidhche mbárach?
Mar a gcodlócháidh Pádruig.
Cad é sin rómhat amach?
Dhá'r dhéag aingeal.
Cad é sin it' dhiaidh aniar?
Dhá'r dhéag easpol.
Cad é sin ar leith do láimh' deise?
Uisce coisrigthe thug Muire dhómh-sa,
Chun bheith ag déunam eólais
Ó'n ndoras so go doras Pharrthais.
Eochair Pharrthais atá uaim-se.
Annsúd thall 'tá an dabhach óir,
Flease óir uime 'n-a cheann.
Coinneall ghora i n-a láimh.
Coinneall nach féidir a tógbháil,
Go dtógad-sa dhá lán mo láimhe
Do'n t-shroichtheór láine sruth a's
sáile.
— Meadhon an Leabhair.
Fir an domhain as sileadh deóraibh,
Cuirim-se Muire i gcionn a Mac,
Brighid i gcionn a brat,
Micheal i gcionn a sgiath,
Agus dhá láimh fhada gheala Dhia
orainn aniar,
'Dir sinn agus gach ciach,
Ó 'nocht go bliadhain ó 'nocht,
Agus anocht féin amháin le Dia.
SGÉILÍN.
Bhí buachaill bocht ann aon uair
amháin agus bhí sé in aimsir aige
máighistir dian a bhíodh ag cur oibre
air ó mhaidin go h-oidhche go m-bíodh
sé cráidhte gan suan.
Lá go raibh fhios ag an m-buachaill an
máigistir a bheith ag éisteacht leis do
chrom sé ar chainnt leis féin mar seo.
Brón ort a ghrian
Is maith é do chiall
Ní raibh tú riamh in aimsir
Dá g-caithfheá ach bliadhain
Lé Donnchadh Ó Bríain
Do bheidhfeá ag dul siar i n-ganntar.
Níor leig an máighistir air gur
chlois sé é ach as san amach ní raibh sé
chómh dian san ar an mbuachaill.
AN CORCAIGHEACH A CHUAIDH GO
CHICAGO.
Cúpla bliadhain ó shoin anois is mé
a taisdeal an bhóthair idir Sráid-a'
Mhuilinn is Áth Treasna i gCo. Chor-
caighe, do thuit amach go ndeaghaidh
dealg im' rothar is do polladh é. Ós
rud é go raibh soluis an laé a' sleamh-
nughadh uaim is néalta na h-oidhche a
tuitim, is na theannta san bhí ceóchrán
fearthanna ann, bhí orm dul isteach i
dtigín ar thaobh an bhothair chun mo
chapaillín a ghléasadh chun oibre arís.
Bheannuigheas do bhean a tighe is d'inn-
seas mo sgeul dí is chuireas a dtuis-
gint di gur thastaigh solus uaim chun
mo rothar a dheisiughadh. Bhí fáilte
romham. Thornuigheas ar mo chuid
oibre is taréis tamaillín cé bhuail-
feadh isteach an doras ach fear a'
tighe. “Got out o' gear, I guess,” ar
sé sin, san am céadna a' tabhairt
strac-fhéuchaint ar an mála mór lea-
thair a bhí ceangailte agam ar mo
rothar. “Dealg a chuaidh ann, a dhuine
chóir,” arsa mise. “I never went on
a blooming wheeler myself and I
guess they aint no good.” Thug sé
cat-shúil eile ar an mála is dubhairt.
“I guess you're a traveller — runners
we call them on the other side.”
Bhriseas amach ar gháiridhe nuair
d'airigheas an runner mar chuimhnigheas
laithreach ar chúpla smíste dos na
runners so tá chún mór le taobh tighe
& gur léor dóibh corraighe le neart
feóla is cothuighthe. Geallaim nach
runners iad. “Say,” ar sé sin,
“what do you travel for — drapery, I
suppose. I seen one of your blokes
up at yon store yesterday.” “Gaodh-
luinn tá dá dhíol agam-sa. A'
gceannófá cuid dí.” D'fhéuc sé ar
an mála arís, n'fheadar mé an amhlaidh
a cheap sé go rabhas ag iompar na
Gaodhluinne liom sa mhála. Irish is it
— the Irish tongue. I see. You're
one of those blokes who spiff about
Irish. Good game that. I would
not give you sixpence for all the Irish
in Ireland.” Do dhearg sé suas le
feirg. “Irish! 'Taint no good. If
you cross over the pond to Chicago,
I'd like to see what use you'd make
of your Irish. 'Taint no good. That's
all.” “Fóil anois, a chara, an rabhais-se
ag Chicago?” “Certainly, sir; and do
you know what I had to do there to
earn my living? I had to push a
handcart before me along the streets
of Chicago, and had to stick it for
five years. I promise you Irish
wasn't troubling me.” “Cúis gáire
chugainn,” arsa mise, “taréis do chuid
Beurla go léir, ní bfuairis ao' rud
le déanamh ach truacaillín a thiomáint
rómhat ar fuaid sráid Chathrach
Chicago. Go deimhin ní aon iongna
go mbeithfá a maoidheamh as do chuid
Beurla.” Leig sé cúpla cnead is
osna as. “Oh, well — Irish — English.
'Tis all blooming fine.” Níor fheud
sé dul níos sia leis an gcaint. Thuig
sé anois go raibh caint dithchéille ar
siubhal aige gur dhein sé amadán
de féin.
“Slán agut anois, a chara, ós rud é
ná ceannófá roinnt Gaodhluinne
uaim.” “Beannacht dé leat, sir, is
go n-eirghidh do bhóthar leat. I can
understand it alright, and speak
some of it, too. I ain't as bad as you
think.” “Maith a fear, maith a fear.
Béidh an rath ort fós,” arsa mise,
is chuireas an bothar díom go Áth
Treasna.
SEÁGHAN Ó CEARBHAILL.
AN DÁ RÓN.
San aimsir fadó, tá suas le cúpla
céad bliadhain ó shoin, thuit an sgéal
so amach i dTráigh Fraisce, imBuailé
Uí Choill. Aimsir mhór raice ab eadh
í. Nuair a bhíodh an ghaoth aniar 's i
n-deas bhíodh mórán raice ag teacht
isteach sa tráigh. Ní raibh aon tigh
soluis an uair sin ann, agus bhíodh
mórán loingeas 'á bhriseadh. Tháinig
oidhche ghála aniar 's i n-deas, agus
bhí súil le mórán raice an oidhche sin.
Bhí mór-chuid daoine sa tráigh ag
faireadh triblidhe, bácanna, agus
bráicíní. Acht i dtosach na h-oidhche
ar dteacht ann dóibh, do fuaireadar
ceann des na fearaibh rón ar an
dtráigh rómpa.
Do leath-mharbuigheadar é, agus
do thugadar leó isteach go tig Mhichil
De Róiste é, agus do chaitheadar
síos go h-íochtar a'tighe é.
Do bhíodh an tig sin ar fhosgailt i
gcómhnuidhe, agus gach aoinne ag ga-
bháil isteach sa amach ann, mar b'é an
tigh ba ghiorra do'n tráigh é. Fé mar
a thagadh na daoine isteach bhídís ag
féachaint ar an rón.
Amach i lár na h-oidché annsan, do
chualadar an duine ar an dtráigh,
agus gach aon ghlaodh ar Dhonnchadh
aige.
D'imthigheádar orta amach mar shí-
leadar gur bhé Seághan Léith do bí ag
glaodhach ar Dhonnchadh, agus gurbh'
amhlaidh a bí mórán raice aige. Acht
nuair a chuadar síos ar an dtráigh
san áit a shamhluigheadar an duine
bheith ann do stad an glaodhach.
Do sheasuigeadar annsan, agus
iongna ortha, agus ba ghearr gur chua-
ladar an glaodhach airís ar a' dtaobh
thall de thráigh. D'imthigheadar anonn
mar a raibh sé, acht do stad an
ghlaodhach.
Do tháinig eagla agus uaigneas
ortha mar do shíleadar gur duine
ó'n saoghal eile a bhí ann, agus do
thángadar thar n-ais go tigh Mhichíl De
Róiste agus deabhadh ortha. Dá
mbeadh an tráigh lán de raic an chuid
eile de'n oidhche an deamhan pioc
díobh a raghadh fé na dhéin.
Ag déanamh amach ar dheireadh na
h-oidhche do tháinig Pádraig Ua Súil-
liobhain fé dhéin na trágha. Do chua-
laidh sé gach aon ghlaodh ar Dhonnchadh
agus é ag teacht. D'imthig sé agus
chuaidh sa tráigh mar shíligh sé gurbh' é
Seághan Léith a bhí ag glaodac ar
Dhonnchadh Beag agus gurbh amhlaid
a bhí an tráigh lán de raic. Nuair a
chuaidh sé sa tráigh ní raibh aoinne ann.
Do chualaidh sé an ghlaodhach i lár na
trágha ar a dtaobh thall airís, agus
d'imthig sé fé ná déin, acht ní raibh
aoinne ann.
Do tháinig eagla a dhóthain air ann-
san, ar nós gach duine. Do chonnaic
se an solus uaidh i dtig Mhichíl Dé
Róiste agus tháinig sé isteach ann.
D'innis sé a sgéal dóibh nuair a
tháinig sé isteach. Dubhairt an muin-
tir a bhí istigh leis go rabhdar féin ag
éisteacht leis sin le fada.
Annsan, níor mhothuigheadhar aon
nidh chun gur labhair an rón shíos i n-
íochtar an tighe agus ar seisean.
“Ó mhaiseadh! mise Donnchadh agus
Tadhg atá am lorg-sa.”
“Do bheirim-se go deimhin duit,”
adubhairt na fir, “más tusa Donn-
chadh, agus má sé Tadhg atá ad lorg-
sa go ngeóbhair-se amach chuig Tadhg.”
Do rugadar na daoine air agus
do thógadar leó é go socair agus do
leigeadar uatha síos ar an dtráigh é
i n-iomall na fairge. D'imthigheadar
uaidh suas, agus d'fhágadar annsan é.
Ba ghearr gur chualadar ag fead-
ghail ar an rón eile é, agus annsan
do chualadar é sin ag teacht fé na
dhéin ag feadghail.
D'imthigheadar araon leo an fhairge
amach, agus is dócha nár tháinig an
rón san go Tráigh Fraisge atá i
mBuaile Uí Choill ó shoin.
SÉUMAS Ó CONNAILL.
SEAGHÁN AGUS AN FILE.
Sgathamh fada sul ar rugadh mise
bhí Seaghán Mac Aodhagáin ag dul go
Gaillimh. Bhí sé ag siubhal leis nó gur
casadh fear air. Bheannuigheadar dhá
chéile i dteanga bhinn bhlasda na Gae-
dhilge, mar ba é sin an t-am sul ar
tháinig an Béarla lobhtha, gránnda, go
“hOileán na Naomh agus na Saoi.”
“An go Gaillimh atá tú ag dul?”
adeir Seaghán.
“'Seadh muiseadh,” adeir an strain-
séar.
“Béidhmíd in aoinfheacht,” adeir
Seaghán.
Nuair a bhíodar ag siubhal le chéile
tamall beag d'fhiafruigh an strainséar
de Sheaghán abhrán do ghabháil.
“Sin rud nach ndearna mé ariamh
is nach ndéanfaidh mé choidhche,” adeir
Seaghán.
“Cad chuige?” adeir an strain-
séar.
“Mar nach bhfuil a shamhail agam,”
adeir Seaghán.
“Cuirfidh mé geall leat” ars an
strainséar, “nach rachfaidh tú go
Gaillimh go ndéanfaidh tú bhéarsa chomh
breágh agus chualaidh aoinne ariamh.”
“Tá chúig phunnt agam,” adeir
Seaghán, “agus cuirfead leat é nach
ndéanfad.”
“Bíodh sé 'na mhargadh,” adeir an
strainséar.
Tá sé chomh maith dham innseacht
díobh gur file a bhí sa strainséar, acht
mo chreach agus mo chradh! ní raibh a
fhios sin ag Seaghán. Ní raibh sé i
bhfad i ndiaidh na cainnte seo gur
thoisigh sé ag báisdigh go trom agus
chuadar i bhfasgadh fá thom salóige a
bhí ag fás ar thaobh an bhóthair.
“Is olc an díon a dhéanfadh an
tsail” adeir Seaghán. Smid níor
labhair an fear eile acht ag éisteacht.
Nuair a bhí an cioth imthighthe, d'imthigh
siad-san freisin agus casadh fear
ortha a bhí ag cur suas fáil. Bhí
crainn úra agus crainn chríona aige.
Agus bhí sé ag cur chrainn chríne idir
dhá cheann úra. “Ná cur cranna
críona i bhfál,” adeir Seaghán. “Oib-
righ leat,” adeir an file. D'éirigh an
grian suas go breágh agus shiubhladar
go bog, réidh. Bhí fear taobh istigh de
chlaidhe ag fuirseadh. Gaid do bhíodh
aca san am sin ar na cuingibh i n-áit
slabhraidhe. Ní raibh an gad díreach
ar an gcuing ag an bhfear.
“Deasuigh an gad ar cheann na
cuinge,” adeir Seaghán.
“Is maith thú,” adeir an file i n-a
inntinn fhéin. Bhí siad i n-aice le
Cathair na dTreabh anois agus
d'fhéadadar na loingseacha móra
d'fheiceál, na loingseacha do thug sgoth
na bhfear agus plúr na mban uainn
thar sáile. Bhíodar ag tracht ortha
agus dubhairt Sheaghán Nach “fada ó
stiúr na luinge a bárr.”
“Maiseadh mo ghrádh annsin thú,”
adeir an file le Seaghán. “Leag
amach do chúig phunnt. Tá sé caillte
agat.”
“Ha, há,” adeir Seaghán, “cad
chuige?”
“Is rí-gheárr go mbéidh a fhios sin
agat,” adeir an file.
“Rachamuid ag giúistís,” adeir
Seaghán.
“Táim sásta,” ars' an file.
Nuair a chuadar as comhair an
ghiúistís d'inniseadar an sgéal dó
mar d'innis mise dhaoibh-se é.
“An bhfuil tú ionann an bhéarsa do
chur le chéile?” adeir an giúistís leis
an bhfile.
“Táim,” adeir an file.
“Déan amhlaidh,” adeir an giúistís.
Seo é an béarsa mar leanas.
“Is olc an díon atá sa tsail,
Ná cur cranna críona i bhfál.
Deasuigh an gad ar cheann na cuinge.
Ní fada a bárr ó stiúr na luinge.”
“Tá an geall caillte agat, a
Sheagháin” adeir an giúistís,
“Tá,” adeir Seaghán. “Ní raibh a
fhios agam go dtí anois gur file do
bhí ionnam, acht tá a fhios agam anois
é agus d'íoc mé go maith ar a shon
freisin.”
MAIRGHÉAD NÍ BHRIAIN
TÓMHAISEANNA.
Glas ar an abhainn thall 's i bhfus.
Freagradh — leac oidhre.
Corcán sa chúinne & dhá chéad súil air.
Fr. Corcán anbhruith.
Bean fhada ghléigeal agus crios dá
taobh féin uirthi. Fr. Punann.
Sin í annsan í & pus uirthi.
Fr. An Chroch.
Corcáinín cúmach cámach, a bhéál fé
's a thóin anáirde. Fr. Báirneach.
Do gheibheas suas an bóithrín,
Do gheibheas anuas an bóithrín,
Thugas an bóithrín ar mo dhrom liom.
Fr. Dréimre.
Chomh h-árd le falla,
Chomh geal le bainne,
Chomh dubh le daol,
Chomh dearg le fuil.
Fr. Sgeach drise.
Firín beag íseal íseal,
Firín níos ísle ná san,
Firín a chuirfeadh ruchall fé chaora,
Agus firín níos ísle ná san.
Fr. Trompalán.
Tigh mór annso thiar,
Gheobhadh na céadta agus na céádta
slighe ann.
Is ní bhfaghainn-se ná mo chuid éadaigh
slighe ann.
Fr. Pruaisneog bheach.
Caipín mo shean athar
N-a shuidhe ar a thóin,
'S ní stadann sé de'n tsodar san —
Go dtéigheann sé'on Róimh.
Fr. Cubhrán Bán.
Fás bliadhna níos sia ná an caisleán.
Fr. Ceirthlín snáith.
Ghaibh girrfhiadh beag lomartha,
Tré choill dromada dromada,
Ní raibh aon tslat i gcoill dromada
dromada,
Ná raibh ag gabháil ar mo ghirrfhiadh
bheag lomartha lomartha.
Fr. Spóla Figheadóra.
Ubhaillín buidhe bearrtha i lár na
tuinne báine.
Fr. Im i lár na bláthaighe.
Chím n-a suidhe n-a seasamh
Chím ar bhláth an aitinn í,
Ceo ná drúcht ní leagann í,
Is ní stadann sí de shiubhal.
Fr. An Ghealach.
D'eirigh an bhean n-a seasamh,
Ar bhárr an chnuic 's d'fhéach sí siar.
Bhuail sí snaidhm ar cheann dá cosaibh
Is mairfidh sí na mílte bliadhan.
Fr. An Ghrian.
AGALLAMH
IDIR GHAEDHEAL A'S GHALL.
Cad fáth go dtaithnean leat teanga na
h-Éireann,
Cad fáth gur searbh leat teanga an
Bhéarla?
Cad fáth ná cleachtan tú cleasa as
béasa
Muinntir Shasana ós acu tá Éire?
AN GAEDHEAL.
Gheobhair uaim freagrá cneasda ar a
méid sin,
Ach ná bí ar aigne gur agaibh tá Éire;
Ba le n ár n-athardha, idir gharbh is
réidh í,
'S ní bhfuair an Sacson sealbh ach sealbh
cham chlaon ann.
'Sé fáth go dtaithnean liom teanga na
h-Éirean,
Ná gur bh'í an teanga san labhair sliocht
Gaedhil Ghluis,
Ón uair do ghabhadar Banba chraobhach,
Don ré seo againn, gidh fada an
tréimhse.
Fáth eile fairis sin go dtaithnean liom
Gaedhilge,
Is aisde do breacadh ár seanchus eachtach;
Is aisde do theagasg lucht feasa gach
léighin-ceacht;
Gaedheal mise as leanfad ghá labhairt
go n-éagad.
Lucht Béarla labhairt do chreachadh fir
Éirean;
Ba dhíobh san Cromwell as Stafford na
n-éitheach;
Ba dhíobh gach sladaire d'fág dealbh mo
ghaolta;
Sin fáth gur searbh liom teanga an
Bhéarla.
Andaigh! is mairg gan meas ar an
mBéarla
As ar lucht a labhartha agam-sa, a
chaobaigh;
Nach sibh an malamas againne i n-Éirinn,
Sibh féin as bhúr dteanga ghearbach mhéis-
creach.
Muintear Shasana na bpeaca as na
gclaon-bheart
Ag teacht go Banba ár dteagasg i
mbéasaibh!
Mhuise sgrios as greadadh ortha, 's léir-
chreach,
As fán fada ortha gan rachmas, na
méirlig!
(Ní Críoch.)
LORGA LIATH-BHÁN.
AGALLAMH
IDIR GHAEDHEAL A'S GHALL
(Ar leanamhaint)
AN GALL.
Fóil, a chara, cuir lagadh at bhréith-
ribh;
Ná cuir aon mhallacht ar Shasana éighim
ort;
Tá an lá sin caithte nuair chleachtadh ár
dtréinfhir
Aon cham nó cealg nó creachadh ar
Ghaedhealaibh.
Ba mhéin leo ceangal caradach, gaol-
mhar,
Idir Éire a's Sasana as feasda bheith
séimh libh;
An dream díobh mairean níor bhfearra
leo aon rud
Ná leigheas do ghalar an achrainn a
dhéanamh.
'S ba mhór an chabhair, dá dtugadh, dom
léir mheas,
Chun sinn bheith caradach cneasda le
chéile,
Gan bheith ghá labhairt ach teanga 'n
Bhéarla
Ag Gaedhil 's ag Sasanaigh; sin tea-
gasg fé chéill duit.
AN GAEDHEAL.
Mo ghraidhn go daingean do theagasg
gan iaraidh!
Mar sin é an teagasg mar mhaithe libh
féinig;
Nach bog a measan tú dalladh as cao-
chadh
Ar mhuintir leanabach Bhanba dhéanamh?
Ba bhreagh libh ceangal maith, carad-
ach, gaolmhar,
Idir Éire as Sasana as feasda bheith
réidh linn!
Ba bhreagh gan amhras, cia cheapfadh
nárbh méin libh
Éire cheangal le Sasana an Bhéarla.
Ach chuir Rí na bhFlaitheas an fharaige
ghlé-gheal
Mar theorainn fharsing 'dir Shasana as
Éire,
'S ba mhór an peaca, ba sganail, ba
léan-chreach
Gnó breágh Athar na bhFlaitheas do réabadh
A dhuine ghasta ghlic 'sé an caradas
bréagach
Is mó do thaithig bhúr n-athardha claona;
“Crúb an chapaill, nó drannadh na
faolchon,
Nó gáire an t-Sasanaig,” deir an sean-
fhocal Gaedhilge.
Comhairle ár leasa ár dteanga do
thréigint!
Comairle ó Ghallaibh mar mhaithe le
Gaedhealaibh!
Comhairle, ó namhaid ár gcara do thre-
igint
Sin cómhairle, a dhalta, ná glacfam
i nÉirinn.
Bog leat a bhaile a ghamail gan éif-
eacht;
Tá tuigsint a's meamhair gan sgamall
ag Gaedhealaibh;
Má bhíomar feadh tamhaill ag aithris
bhúr mbéasa,
Ná bí-se ag ceapadh go leanfam d'á
dhéanamh.
Imthig go tapaidh! glan leat tar tréan-
mhuir,
As let mhuintir-se abair go mairean i
nÉirinn
Sluaighte a chasas binn-teanga a n-
gaolta
Sluaighte ná crapfadh a dteangtha le
Béarla.
(Críoch)
LORGA LIATH-BHÁN.
AMHRÁN NA GAEDHILGE.
Fonn:— “Ó Domhnaill Abú!”
Saothruighidh le dúthracht a chlú-chlanna
Éireann,
Chun teanga na Gaedhilge do ghlé-chur
chun cínn:
Saothruighidh a ughdara múinte gan
staonadh.
Ag ceapadh go léigheantana sgéala fá
chrích:
Molaim-se saoghal na bhfear,
Molaim-se saoghal na mban
A chaitheas a laethe ag saothrughadh dá dtír:
Mairfidh a ngnó fá mheas,
Mairfidh a gclú i stair,
As beidh siad mar réalta do léighean-
lucht na gcríoch.
Faid mhairfidh an Ghaedhilg ag Gaedhealaibh
beidh lóchrann
Ag gealadh a mbóthair, 's ghá seoladh chun
cínn:
Bheidh sgiath maith ghá saoradh ó chlaonta a
námhaidibh,
Beidh tobar an eolais go ró-ghlan d'á
gclainn,
Ná leigidh uaibh go bráth
A Ghaedheala, bhúr dteanga bhreagh!
Ná sgaoilidh ar fán uaibh cainnt áluinn
bhúr sean:
Ach bíodh sí agaibh fá bhláth:
Bíodh sí ghá labhairt gach lá:
As deinidh bhúr ndícheall d'á síor-chur
fá mheas.
Clampar d'fhagh tréith-lag, a Ghaedheala,
ár sínnsear,
Clampar as baosradh do chaochadh a
gclann:
Gan clampar i nÉirinn bheadh Gaedhil-
shliocht fá shaoirse
As dob áilne bheadh Éire ná aon áird
de'n domhan.
Cuimhnighidh ar sin go deo!
Bhígís go dílis cóir!
Chuiridh gach claon-spioraid neamh-
Ghaedhealach chun fáin.
Sgaolidh uaibh bruighean 's brón
'S fillfidh chughaibh brigh 's comhacht —
Dia linn 'gár saoradh! sean-Éire go
bráth!
BEIRT PHÁISDÍ
SEÁN Ó GRUAGÁIN DO SGRÍOBH.
Casadh orm iad lá den t-seachtmhain
seo caithte sa Rinn — gearrchaile agus
garsúinín beag. Gearrchaile dheas dhonn
shúil-aibidh chosnochtuighthe bhreac do b'eadh
í gan bhuib gan hata.
Amuighag aeridheacht dam féin ar
mo rothar do bhíos an lá céudna. Bhí
árd ar an mbóthar mar ar casadh orm
mo bheirt agus é im choinnibh, agus thug
soin mo dhóthain de leath sgéal dam chun
bheith anuas de m' chapaillín ag baint
cainte as mo ghearrchaile bhig, agus gan
an iomad sgátha chur uirri féin ná ar a
comrada beag. Ba shine de chúpla
bliadhain ísi na é-sin, do réir mar
mheasas. Luigheas treasna iallaite mo
rothair agus bhíos ag cur eolais an
bhóthair uirri — “ag meabhrú mo shlighe”
mar adearfá. Fuaireas an t-eolas
uaithe go cruinn, cneasta, agus í an-
thoileanach ar é thabhairt dam leis.
Annsoin bhíomar ag dul indánaidheacht
cainte ar a chéile, agus mise ag déanamh
mo láin-díchill ar chanamhaint na Rinne
thabhairt liom:—
“'Dé an ainm athá ort, a bhean bheag?”
adeirim-se.
“Tá, Máighréad,” ar sise, agus í
go sgáthmhar aghá dhéanamh “stríocanna”
ar an mbóthar le h-ordóig a coise deise.
“Dé an aois anois thú, a Mháigréad?”
“Beidh me seacht mbliadhain lá
Samhna.”
“Agus an bhsuil driféaracha agat?”
“Tá, beirt. Tá duine acu i Sasanna
Nua agus an drifuír eile — sí sin Máire,
bíonn sí sa bhaile — thá sí ag ceangal ag
muintir Mhuirgheasa thoir indiu.”
“Agus bhsuil aon dritheár agat?”
“Thá, beirt, Seán a's Paits.”
“An sa bhaile atáid araon?”
“Níl ach ceann acu sa bhaile — do
liostáil Paits — pé ‘teigh’ thóg é.”
“Ar mhaith leat é do liostáil?”
“Níor mhaith, bhfhearr liom gho bhfanfadh
sí sa bhaile againn. Gheobhfaidhe go léor
le déanamh dho.
“Agus cé h-é seo ad fhochair — an drea-
tháir óg dhuit é?”
“Ní h-eadh. Páisde de'n chómharsa
é. Billy atá air — nín ao' Ghaedhilg aige.”
“Nín,” arsa mise, agus iongnadh
orm, “agus cionnas soin?”
“MAR SIN, NÍ LABHRANN A
MHUINTIR-SIN LEIS Í.”
“Agus féach, nach breágh athá sí agat-
sa?”
“Seadh, MAR BÍONN M'ATHAIR AS
MO MHÁTHAIR GHÁ LABHAIRT LIOM SA
BHAILE.”
Do mholas Máighréad óg annsoin, agus
a h-athair á's a mathair n-a focair sin,
idtaoibh comh dhílis agus bhíodar dá
dteangain féin, “ach,” arsa mise, “nach
bocht an cás ag Billy bocht é gan a theanga
féin bheith aige? Féac an fhuiseóigín
bheag a chloiseann tú in áirde sa spéir
nuair eirgheann thú gach maidin, a
Mhaighread, feach, tá a theanga bhinn
féin aige. “Tá,” adeir sí, “agus ag
an spideóigin agus ag an gleóisin agus
ag an g-céirsigh in-a focair sin.”
“Agus Billy bocht,” adeirim-se airís,
ag féachaint ar an ngarsún go truaigh
bhéileach, “nach mór on truagh é an
t-aindeiseóir gan a theanga féin bheith
aige?”
“Cogar, a Mháighread,” adeirimse ag
bíodhgadh suas, “déanfaidh mé margadh
leat: má mhúineann tú an Ghaedilg do
Billy bheag go dtagaim-se annso airís
ar an mbliadhain seo cughainn, tabharfaidh
mé féirín duit. An ndéanfaidh tú?”
“Ach cionnast do mhúinfidh mé é — nín
fios dada 'ge.”
“Seadh, ach is gairid go mbeidh má
leanann tú mo chómhairle-se. Cuir
ainm ar thrí cinn de rudaí timpeall an
tighe do gach lá — cuirim igcás nuair a
bheidh sé sa tig seo agat-sa — (an é seo
thiar imbéal an bhóthair é? ‘Sé.’).
Seadh, nuair bhuailean sé isteach chúghat
gach lá — (is dócha go mbíonn sé isteach's
amach agaibh? bíonn mhaise, gach lá).
Seadh, nín agat ach ainm a chur ar thrí
chinn do rudaí timcheall an tighe do —
cuirim igcás — an an t-arán, an copán
agus an t-ím, agus abair leis na h-
ainmneacha soin do rádh id dhiaigh a dhó nó
a trí bhabhtaí go mbeidh siad aige, an
dtuigeann tu?”
“Tuigim, ach bfhéidir ná déarfadh sé
dom iad, a dhuine uasail.”
“Seadh, abair — se leis, uaim — se
mura ndéanann, ná faigheadh sé aon
fhéirín uaim nuair a thagaim go dtí an
Rinn arís. Gabhaim-se orm gur tapaidh,
fonnmhar adéarfaidh sé dhuit annsoin iad.
“Agus trí cinn de rudaí nuadha do
mhúineadh gach lá do?” Adeir-sí, agus í
ag cur na súl trím le suim.
“Seadh, agus nuair bheidh a n-aimn soin
aige, iarr air iad do thabhairt duit, mar
seo féach:—
“Tabhair dhom an t-arán, a Liaimín,
má sé do thoil é, an cupán, má sé do
thoil é, agus mar sin de, a Mhaighréad,
a dtuigeann thú? Agus ní dhéanfaidh
sé an gnó leigint do dearmhadh do
déanamh ar ainmneacha na sean rudaí ach
an oiread. Níor mhór do iad soin do rádh
gach lá leis ibhfochair na coda eile.
Bhsuil tú ábalta ar an nGhaedilg do
sgríobhadh?”
“Tá mé.”
“Seadh, maith a' cailín: gheobhaidh tú
ainmneacha na rudaí go léir do sgríobhadh
síos i leabhairín — béarfaidh mé cúghat
ceann amáireach — agus gheobhaidh tú an
leabhairín do theasbáint dam an bhliadhain
sheo cughainn nuair a thagaim annso go
dtí an Rinn agus an méid rudaí athá
múinte agat sgríbhte síos air. Seadh,
bhfhuil tú sásta leis an margadh?”
“Thá mé, a dhuine uasail: déanfaidh
me mo dhicheall pér domhain de.”
“Dia leat, a Mhaighréad,” adeirim-
se, “ní déanfainn dabhta dhíot.”
“Seadh, caithfidh mhé beith ag bogadh
bhóthair, anois, a Mháighréad: beidh mé
ag fágaint na Rinne maidin amaireach.
Ceannóchaidh mé an labhairín úd duit
indiu agus glaodhfaidh mé isteach chughat
leis nuair bheidh mé ag dul thar brághaid,
ar maidin.”
“Go raibh maith agat, a dhuine uasail,”
arsa-sí, “agus go n-eirghe ádh leat.”
Bhí go maith, as ní raibh go h-olc.
Maidin lár n-a bháireach, bhíos im shuidhe
go doth (= moch) am' chur féin igchóír don
bhóthar.
Ní raibh sé ach leath-uair tréis a seacht
agus mé ag gabháil thar thig Mháighréid, ach
mura raibh féin, bhí mo chara beag
im choinnibh ann. Thugas an leabhairín agus
féirín beag di mar éarnaist ar ár
margadh.
Dá bhfeicthá cionnas mar ar las an
á suílíní beaga glasa aici nuair fuair
sí an “féírín.”
Thríd an ngeata isteach thugas an
leabhar agus an féirín di. “Fan go
fóill, a dhuine uasail” arsa-si, ag
rith isteach sa gháirdín do bhí le h-ais an
tighe — “cottage” do b'eadh é. Amach
chúgham ar nóimit arís léi agus rós
breágh deasg cúmhra agus drúcht na
maidne air 'na doirnín beag dam, “agus
seo dhuit, a dhuine uasail” adeir-sí,
“seo dhuit chun é chúd” (choimeád), agus
thug sí biorán dam.
Bail ó Dhia as ó Mhuire ort, a
Mháighréad, a mhúinteora bhig! Is ort-sa
agus ar do leithéidí atá seasamh na
Gaedhilge. Go saoghlaighidh Dia sibh agus
go gcuiridh Sé rath ar bhur n-obair agus
ar obair gach aoinne atá ag saothar ar
son ár máthar Éireann.