AN T-EURÓPACH.
IRISLEABHAR IL-THEANGADH NA HEURÓPA.
Leabhar I.
Vol. I.
Uibhir 6.
No. 6.
ÁTHA-CLIATH, LÚGHNAS, 1900.
DUBLIN, AOUT, 1900.
DÁ PHINGHIN.
20 CENTIMES.
SLÁN AGUS BEANNACHT AG ÁR
LÉIGHTHEOIRÍBH.
Mo chúig céad slán leat go cúirt na n-ainglidhe,
Muna bhfuil sé i ndán dam thu fheiceál choidhche.
— (Sean-abhrán).
Tháinig an t-am, a léightheoiridhe! uch! nach
dubhach dobhrónach an sgeul é, sgaramhaint? Tá
ár gcúrsa rithte, agus ár gcluithche imrighthe,
agus ní'l dada againn feasda le deunamh acht
ár slán d'fhágbháil ag ár léightheoiribh. Nuair
a thángamar ar an tsaoghal seo i dtosach bhíomar
aigeantach, aorach, lán de ghriongal agus de
ghreann na h-óige, mar is dual do mhalrach; acht
faraor! d'imthigh an lá sin, agus tháinig an
lá so. Anois tá an spreach sin imthighthe as
ár gcroidheachaibh; tá an galar creathach d'ár
dtraochadh gach uile lá; tá ár leath-chois 'san
uaigh, agus sul bheidheas an uimhir seo i lámhaibh
ár léightheoireach beidhmíd fá'n gcréafóig. Acht,
tá súil againn gur fhágamar lorg ár gcos n-ár
ndiaigh ar "ghainimh na h-aimsire," mar adubhairt
an file Faddhuine, cé go raibh ár gcoiscéim-
eanna pas cam annso agus annsúd, mar do
shiúbhalfadh fear ar meisge, ag iarraidh dhá thaoibh
an bhóthair d'fhreastail. Na dhiaigh sin agus uile
do shroiseamar cuan agus caladh, agus rachfa-
muid isteach i suaimhneas síorruidhe le haigneadh
sásta agus le coinsias saor. Ní gádh dhúinn a
rádh gur olc linn sgaramhaint libh, a lucht na
Gaedhilge. Is iomdha lá breágh fada do chaith-
eamar i n-aoinfheachth, agus bhí cion mór againn
ar a chéile an fhad agus bhíomar annso. Cluini-
míd an fháir chugainn aniar ó Thír na n-óg. Tá
na draoithe a d'imthigh romhainn ann ag glaodhach
orainn, agus ag rádh linn — "Leigidh bhur sgith, a
cháirde!" Bheirimíd trom-osna uainn nuair a
deirimíd é — acht slán agat a Éire! Slán agaibh,
a Ghaedhilgeoirí! Slán agaibh a chomh-dhraoithe!
agus go raibh beannacht buan ar chúis na
Gaedhilge ó'n lá so go bruinne na brátha.
Sinne, le grádh mór,
bhur gcara,
AN T-EURÓPACH.
CODEX DIABOLI.
(Leis an Siodhbhra.)
(Tuilleadh.)
"Do thúrlaing, mar thagann machtíre ar an
gcró," mar adeir an file Boighreán.
B'fhánach san gur éirigh an sean-ollamh ealaidh-
eanta Mac U. suas, agus gur rug ar an
bpáipeur. Do chur sé a speuclaí, geura, gasda,
gabhtha, gléigeala, gruadh-órdha ar a choincín;
d'infhiuc go geur an sgríbhneoireacht, agus
dubhairt:-
"Ní chuirfinn-se thar Teaghlacha 2 ná gur b'é dhein
na comharthaí seo nuair thug sé deich mbliadhna
fichead ag iarraidh comh-cheathair do dheanamh dé'n
chearcall. 3 Feuchaigh ar an bhfioghair so — is deas
cúmtha é! chomh deagh-dhéanta le héinnidh atá i
gcruach-roinnte Bhradáin! 4 Ní beulradh ar bith
é acht ealuidhe!" ars an sean-dhochtúir.
Seadh! do chaitheadar an lá mar sin, agus bhí
cruiniughadh eile ar an ath-lá aca; agus 'san
deire thiar thall do cheap a bhfurmhór gur sean-
sgríbhin diadha bhí ann, de theanga éigin nachar
thuig éinneach anois, agus d'á bhrigh sin gur cheart
uirim agus onóir mhór do bheith air. Do thug an
dochtúir fáidheamhail eolghaiseach Mac Thafan
óráid uaidh — óráid cruin céilidhe, deagh-ríomhtha,
deas-bheulach mar is dual do. Dubhairt sé
(i measg mórán de neithibh eile) —
"A dhaoine uaisle! tá a fhios agaibh gur bh'é
preumh-riaghail ár gcoláisde an fhírine atá
suighte anns na foclaibh seo: "An nidh is tuigthe
ní toghtha." Dá mbadh sgríbhneoireacht é seo do
thuigfeadh cách, cad dobh' fhiú é? An rud do
thuigeann gach n-aon ní fiú piuc; an rud do
thuigeann mórán ní fiú puin; an rud nách
tuigeann acht an fíor-bheagán tá mór-luach,
agus à fortiori, an rud nách tuigeann éinneach
d'á maireann beo, is fiú an uile é. Dá bhrigh
sin cuirimís an sgríbhin míorbhaileach so i
dtaisge, níos cúramaidhe ná Cloch Mhoabh, 5 agus
ná Heabhar Cealladh6 agus na (leabhair eile ná
tuigeann duine) gleusaireacht Chulbharbhaill.7
Déinimís cúmhdach glainne do, agus glaoidhmís
"Codex" air!"
Do dheineadar gach a ndubhairt an t-Ollamh
Mac Thafan. Bí ceisd orra ar dtús cad é an
t-ainm budh cheart thabhairt air. Fá dheireadh shiar
thall do thángadar i n-aon aigne go mbaist-
fidís "Codex Dubliniensis" air; nó mar ghíor-
rughadh, "Cod. Dubl." Maiseadh nuair chualaigh
Diabhal an Chlódhadóra an oíde d'imthigh ar a
"Mhagaire Críochnuighthe," dubhairt sé gur córa
é ainmniughadh 'na dhiaigh fein, agus i n-ionad
"Codex Dubl.," gur badh chirtisidhe, "Codex
Diaboli," nó "Cod." Diabl. do ghlaodhach air.
"Do thugadar iarracht mhaith air," ar seisean
liom-sa "óir is "Cod" agus magadh a raibh ann
uile; acht tar éis m'imshníomh budh cheart ainm
m'oifige, pé sgeul é, do chur ann — gidh, dar
Crom Duibh, níor bh'olc an amhus uatha é, agus a
laighead de chéil agus tá aca!"
COMHAIRLE AN "EORPAIGH" D'Á
CHOMHARBA.
(Noch d'fhág le hudhacht báis.)
Mo chómhairle dhuit, a mhic —
Tráth is dóigh leat bheith glic,
Fan cois calaith go bhfeicfir
Gach cabhach d'á dtigeann ar mhuir!
Mo chomhairle dhuit, a mhic —
Tá caint saor i nGaedhilg,
Acht is beag daoine i n-Eirinn
Do chaithfeadh rael ar a Teangain.
Mo chómhairle dhuit, a mhic —
Is árd spreachann muidheamh indiu,
Acht go dtí 'márach b'feárr fanacht, —
Cion 's ceannach ní hionann.
Mo chómhairle dhuit, a mhic —
Bíonn óige dóthchusach;
'S nuair chluineann "tír-ghrádh" d'á spreagadh
Ní thuigeann gur magadh san!
Mo chómhairle dhuit, a mhic —
Is furus moladh teangan;
Acht b'fheárr liom-sa neach ag obair,
Ná ceud ag moladh gan tuigsint.
Mo chómhairle dhuit, a mhic —
Is iomadh amadán 'san mbith,
Acht an duine chreideas Gaodhal-mhuidheamh,
Ní'l splanc, saoilim, aige sin!
Mo chómhairle dhuit, a mhic —
Feuch ceo na gcnoc —
s sgamal aoibhin geallamhaint Ghaoidhil,
S is deas í — feadh tamaill!
Mo chómhairle dhuit, a mhich —
A chomharba an "Eorpaigh,"
Anaoibhin duit cách ad' mholadh,
Ós glór folamh a spiorad.
Mo chómhairle dhuit, a mhic —
Lean lorg an chirt,
'S cuma cia uaidh a dtigeann,
Acht toghaigh duine 'ga bhfuil.
Mo chomhairle dhuit, a mhic —
Tabhartas Dé inchinn,
Má's seasamh tuitim duit sa' chluithche,
Ní'l riaghail ag duine acht sin.
Mo chomhairle dhuit, a mhic —
Comhairle déighionach, dúthrachtach —
Bíodh do mhuinighin ionnat féin,
'S de dheoin Dé buaidhfir,
An Síodhbhra
FÍONÓL AGUS TAE.
Dán ro sgríbh Connall Cernach, ard druí na h-Eirend, do
chum Aengusa, ind sgribhnóra, ar gcloistin do co ro thréicsium
int ól.
'S a Aonghuis dhílis,
Nár bh'olc an smuaineadh
Do sháruigh t'íntinn,
'S do chlaoidh do mhéin,
A's *léir mar mhuithighim,
A shéad na ndraoithe,
Do thréig tú fíonól
Ar son an tae.
Do b'fheárr dhuit ceud uair,
A bhláth na dtréin-fhear,
Do cháil 's do réasún
Do bháthadh i ndigh,
Ná bheith go preuchta,
'Do phleist mí-chéillidhe,
Go seirgthe, tréith-lag
O easbaidh braoin.
Má tháinig geur-chrádh
Ná pláigh go h-Éirinn
Ó aimsir Eibhir
Go dtí lá indiu,
'Sé an luifearnach ceudna é,
Dá bhruith i d-taypots,
A mhilleans céadfádha,
'S a bhriseas cliú.
Dá nglacfá cómhairle
O charad dóigheamhail,
Ní fhanfá móimeid
As seo amach;
Acht bhuailfeá an bóthar
A's bonn 'do dhóid dheis,
Le pionta beorach
Do thabhairt isteach.
'S é an "châ"† míoshúghmhar,
Gan bhárr, gan chubhar air,
Is fáth do'n bhuaidhreadh
Tá ar siubhal 'sa tSín,
Acht ó tá na Rúsaigh
Os cionn na sluagh ann
'S é an "Vodka." * bhuaidhfeas
Ar tae Phé-Cín.
'Nois a dhuine chneasda,
Cuir suas dó feasda,
'S ná bí 'do chraistín
Le maigibh cinn;
Nó béidh tú fágtha,
'Do thúirling tráighte,
Go dubhach 's go cráidhte,
'S gan cabhair 'do líon.
*Léir = do réir
†châ = tae i Sinís
CLÓ AN "EUROPAIGH."
Anns an uibhir deighionach de "Irisleabhar na
Gaedhilge," fuair an fear-eagair locht ar roinn
de'n chló le ar clóbhuaileadh Uibhir 5 de'n
"Europach." Is mar so do thrácht sé air — "Is
urghránda cuid mhór de'n chló an turus so. Faire,
a chlódhadóir, agus mór-chuid de chló deas agat!"
Admhuighim gur fear foghlumtha an fear-eagair,
acht is é mo bharamhuil gur ró-fhuraiste leis
locht agus droch-mheas do bheith aige ar shaothar
dhaoineadh eile, muna bhfuil sé go beacht do réir
a bhreathnuighthe. Acht ar a shon sin agus uile,
is deas, dearbhtha cuireann sé síos dúinn, i
bhfocalaibh briocht-snoighte, i n-a ghnáth-chaint fein,
gach locht a shamhluighthear dó. Bíodh a fhios aige
go bhfuil ceithre sóirt clódh Gaodhalach anns an
"Európach," agus gur b'in rud nach bhfeudfaidhe
do rádh i dtaoibh aon irisleabhair, páipéir, ná
leabhair d'ár cuireadh riamh fós i gcló i dtean-
gaidh na h-Éireann. Ní raibh aon tráth i "nIris-
leabhar na Gaedhilge" acht dá shóirt nó cinéil
clódha, agus ní raibh a mhalairt chlódha anns na
hoificibh in ar clóbhuaileadh é, Acht farrais sin —
an cló air ar rinneadh an gearán truaigh-
mhéileach úd do bhain stair leis do b'fhiú innsint,
dá mbeidheadh slighe ná am chum a dhéanta, Is do
Philib Barún do cumadh agus do cóirigheadh an
cló sin, agus bhí sé i n-a oific ar feadh tréimhse
fhada. Dearfaigh mórán daoineadh — Cia'r bh'é
Pilip Barún? Dob'é Pilip Barún an duine do
b'iongantaighe i n-a chomh-aimsir féin i n-Éirinn
agus dá Rithfeadh leis a rún do chur i ngíomh, is
mó an Ghaedhilge ioná an Sacs-bheurla bheidheadh
d'á labhairt i n-Éirinn andiu — An Clódhadóir.
*vodka = biotáile Rúsach.
TRÍ TRUAIGHE AN OIDEACHAIS.
Le Aonghus.
"An té mhéaduighios eolus méaduigh sé dobhrón." — Eccl. i. 18.
1. Ní'l an capall ins an Leuna; tá sé ar seachrán.
O Gramhna, 297.
2. Dhíol Art an capall ar an aonach.
O Gramhna, Leabhar I.
3. Cuir d'ainm síos 'san leabhar; ná cuir síos
ainm eile.
O Gramhna, 359.
4. Ní'l Art in Éirinn fós; tá sé i dtír eile.
O Gramhna, 368.
TEACHT NA NGAEDHILGEOIRÍ I GCEANN A
CHÉILE.
Seadh, a bhiudhe-se le Dia, ó thánig linn cuan do
shroistint, gan aon trucail áidhbhleach do leagadh, ná
ár rothair-ne do bhriseadh i gcoinne gheata na
páirce, Go deimhin duit, a Phádraig, gur mheasas-
sa go rithfimís i gcionne na mná uaisle sin ó chian-
aibh. D'aithneochadh éinneach ná fuil puin fhoghluma
déanta aici fós ar an rothar. Do bhuailfeadh sí
isteach díreach orainne mura mbeadh go bhfacamar
i n-am í. Ó, a tiarcuis, acht nár bh'éachtach na
dréimrí d'fhág sí 'n-a diaidh ar an mbóthar. Nach
breágh d'fóirfidís mar sholuidí ar cheárdruigheacht
Ghaedhealaigh?
P. — Cuir uait, a Thórna; taoi ró-geur ar na
tosnuightheoiribh. Ná deárnais féin tosnughadh uair
éigin, agus go deimhin gur dhoigh liom nachar mhaith
leat go mbeifí ag magadh fút. Dia 's Muire dhíbh,
a bhuachaillí.
An Réamonach — Dia 's Muire dhuit is Pádruig, a
Chaptaoin. Bhfuil liathróid agat, a Thórna?
T. — Tá. Amach libh anois, Sin agaibh í, agus ná
gortuighidh a chéile. Cá rabhais aréir, a Phádraig?
P. — Bhíos thíos ar an nGleann.
T. — Cionnus tá Conn?
P. — Beagnach as a mheabhair.
T. — Ach, mo lom!
P. — Seadh, seadh; ná bac a thuilleadh dhe; ní'l aon
chiall ann. (Sgeartaid ag gáiridhe) Nach é seo
Micheál Cíosóg chugainn aníos? Go mbeannuighidh
Dia dhuit, a Mhichíl.
M. — An easgaine chéadna ort-sa, a mhic ó, Tá
an sgoilteach ag gabháil do mhéir mhóir mo choise clé,
agus is ar éigin is féidir liom siúbhal, acht ní fhan-
fainn ó na Gaedhilgeoiríbh. Cia 'n bhail a thá oraibh,
a gharsúin?
T. — Táimíd go háluinnn, go raibh maith agat. An
dóigh leat go mbeidh sé fliuch an tráthnóna so?
M. — Ní dóigh liom go mbeidh, agus níor mhaith liom
go mbeidheadh, mar tá beirt nó triúr againn ag
dul síos fá'n dúthuidh i mbáireach chum beagán comh-
airle do thabhairt do na daoinibh. Agus geallaim-
se dhíbh-se go mbeidh focal nó dhó i dtráth le labhairt
ag Micheál Cíosóg. Tabharfaidh sé sin comhairle
dóibh. Cuirfidh sé na seoiníní agus na claidhrí
meathta ar baill-crith, Seolfaidh sé ar ród a
leasa iad.
P. — Is tusa tá i ndan a dhéanamh.
T. — Dia 'bheatha chughainn a Réalt Eolais.
R. — Go mairir i bhfad, a Thórna, Ná dearnaidh
sibh tosnughadh fós?
T. — Ní dhearnamar. Táimíd ag baint dínn chuige,
ámhthach. Cionnus do thángabhair?
R. — Thángamar aníos ar thrucaill Aidhbhligh. Tá na
Gaedhilgeoirí go léir ag teacht. Chonnac mór-chuid
díobh ag siúbhal. Chonnac an Crosadóir i dtigh an
Tobacadóra, águs é sbhóidsein. "Cu-cu-cu-cu-
cionnus tu-tu-taoi a mhi-mhi-mhi-mhic Ó!" ar seisean
liom-sa, "Ó cu-cu-cu-cuibheasach," arsa mise, agus
d'fhágas annsain é. Seo chughainn an Clainndiolúnach
agus MacFhlannchadha.
T. — Sut ych chwi, Llan?
C. — Tá mé go maith, a Thórna.
T. — Sut ydych chwi Llansu? Y mae yn dda
genyf eich wel'd yma.
Mac. — Cuir uait do chuid Breathnaise agus ná bí
d'ár mbodhradh-na. Nach fada táthaoi d'bhur n-ull-
mhughadh féinig. Ní'l an lá chomh brothallach sain go
gcaithfidh gach éinneach agaibh bheith ag baint a chóta dhe.
C. — Cogar, a Sheoirse, an 'mdha réal a fuairis ar
do léine ót' oncail?
R. — Ba cheart dó ceann de na liathróidíbh a
thabhairt i n-aisge dhuit.
T. — Ar mh'anainn go bhfeicfeadh sí Murchadh dá
mbeadh sí annso indiu againn.
Mac. — Leigidh dom' fhéin a sgata bhleachtairí,
Má táim-se gan léine féin, agus cá bhfios díbh-se
go bhfuilim, níor bh'é an chéad uair é duine uasal
do bheith gan léintín d'á dhrom, agus ná bidh-se
chugham-sa a thuilleadh.
T. — Chím an Rí Liath ag teacht, agus an Seor-
tálach, agus Mac Uí Cróinín, agus iad go léir.
Agus nach 'in é Diarmuid O Gallchobhair ar a bhog-
stróic taobh thiar díobh go léir?
M. — Seadh anois, éirigh amach as an áit seo, Dar
fiadh, ní'l ionnaibh acht gramraisg chlaidhrí meathta.
A Chaptaoin céard athá agat-sa a dhéanamh. Tá tú
ag fanamhaint istigh annso, agus ag coimeád na
mbuachaillí ag caint i n-ionad bheith dá gcur ag
bualadh, Ba chóir duit féin agus do Phádruig
O hAichir báire dhéanamh suas, agus rud eicínt do
thabhairt le déanamh do na garsún. Seadh, tosuighidh
anois.
Cap. — Cuirim ort.
Pád. — Leigim leat.
Iománuidhe.
SOCHAID NA SOI.
(Tuilleadh.)
(Leis an Siodhbhra.)
Nuair do bhí an chéad chúrsa críochnuighthe againn,
agus mé leath-shásda, dubhairt Fú Fá Fum (sin
fear-a'-tighe) — "Seadh! a mhic ó, cionnus thaithin
cócaireacht Cú-chooc leat? Go háluin," arsa mise.
"Ní gádh d'éinneach acht feuchaint ar an leagadh agus
an léir-sgrios do dheineas chum é sin d'fheicsint."
"Cad dubhart leat?" ar seisean; "árd-chócaire
thar bárr iseadh m'inghean-sa; do dhéanfadh sí lán-
mhéise de nídh do chaithfeadh bean eile chum na muice.
Agus sin comhartha an chócaire go bráth — gach aon
saghas bídh do chur i n-úsáid." "Ní'l a' gó ann!"
arsa mise. "Deamhan fághan air, a Bhister Fú Fá
Fum!" arsa mise, ag lasadh annsan chaint. "Bé
dála mo mháthair féin é díreach. Nuair bhidheadh
spóla chaor-fheola chum an Domhnaigh againn, bhidheadh
sé againn arís fuar Dialuain. D'aiséighreoch sé arís
'n-a stiú Diamáirt, agus 'n-a shaghas eile stiú Dia-
céadaoin; Diardaoin bhidheadh sé againn 'n-a hais,
agus Diasathrain 'n-a shoup; agus nuair beidheadh
turas agus cúrsa na seachtmhaine tabhartha aige, ní
aithneochadh a mháthair féin é. B'in cócaireacht, a
deirim leat."
"Is geárr a raghadh sé ar cócaireacht Cú-chooc,"
ar an Mandairín. "Uaireanta bidheann feoil gana-
cúiseach 'sa cheanntar so, Ní bhéarfá ar franncach
b'fhéidir uair 'san choighcígheas, ná b'fhéidir ar luch.
Sin mar thárlaigh orainn indiu féin. Ní raibh an
rath ná'n t-ádh leat nachar tháinig annso indé; do
chríochnuigheamar íochtar an áil banuidhe is déanuighe
bhí againn. Do chuireas féin dul ar chladhaire frann-
caigh atá annsan gháirdín, acht dar mo mhuic ear-
baill! má dheineas, do theip orm breith air. Tá sé
ró shean-chríona dham, agus thug sé an lá leis. Ann-
sinn do thug Cú cúrsa an gháirdín le n-a rán agus
le na sluasaid, agus do bhuadhaigh san cluiche sin cárt
coideán — an méid 's do dhein an pie úd d'itheamar
anois."
"Ní abrann tú —," arsa mise.
"Abraim go fírinneach," ar seisean; agus ann-
san dara cúrsa beidh putóg againn do dhein sí de a
sheilithitibh agus fhleághach agus neantóga trí ne
chéile —."
Annsan do thuit rud amach nár imthigh orm ó bhí
breoiteacht-fhairrge orm. D'iompaigh mo lí ionnam,
agus do thugas baoith-léim tar bórd 's fuarma.
Do chaitheas mo chipíní 'sa spéir, agus do dheineas
de'n sgiúrd sin ar an bhfairrge agus ar shaoirse.
Do tugas piniuir an tige liom, ni le haon gnó beit
agam de, acht do chuadhas i n-anacuir air, agus do
chaith rud éigin tabhairt, óir bhí deithneas orm.
D'éirigh sgread im' dhiaigh, liugh agus gártha, agus
shaoileas go raibh a raibh de mhadraidhibh 'sa' tSín ag
amhastrach orm. Síos an sráid liom, agus ní raibh
a leithéid de lá 'sa chatharaigh sin ó cailleadh Con-
chubhar Fiuseas. Do bhí daoine ag liughraigh im'
dhiaigh ná raibh aon chuid agam díobh, agus do ghor-
tuigheas daoine nár dhein éinnidh orm riamh Do
bhuail connstábla liom agus a chlaidheamh ar tharrac
aige, acht do bhagaras seacht saghas báis air, agus
do sgaoil sé chum siúbhail me. Do bhuail mór-chuid
daoine liom do labhair liom, acht níor fhanas le haon
chaidreamh do dhéanamh leo. Ar nós aimsir agus
taoide, níor fhanas le héinneach. Dar ndóigh níor
chóradh dham fanamhuint le héinneach ná leis an
mhuintir do thug mo phroinn dam, agus iad ag
glaodhach go hairthineach orm; acht gidh ná ceilim go
raibh comaoine an bhéile sin amuigh aca orm, ní mór
do bhí (óir nár mór de'n bhéile bhí ar iomhchar agam)
fé'n am gur sroitheas an fhairrge. Do bhaineas bád
amach do bhí feistighthe ar an dtráigh, agus súd fé
dh éin an árthaigh mé. Do bhailigh tionól ar an tráigh
im' diaigh, agus iad uile ag sgreadaigh agus ag béicigh,
gur dhoigh leat leis an fotharm do bhí aca gur b'é
Cófa Chorcaighe bheidheadh ann, agus gur go h-Aime-
rica bheidhinn ag dul, Acht dá ádhbuanaidhe bhíodar,
níor fheuchas im' dhiaígh. Do leanas an naomh-
sgríbhin aon uair amháin, pé sgeul é. "Cuimhnigh ar
mhnaoi Lot." Nuair chuimhnigheas féin uirthi, níor
dheineas aithris uirthi. D'fhágas slán aca. Do
thiormaigheas an t-ealas dem' ghruadhnaibh, agus an
uair do sroitheas úrlár an árthaigh, agus do thugas
iaracht ar sheasamh ar an siota, do thuiteas i bhfann-
tais. Do chuireas trí saghas fiabhruis díom de'n
bhreabhaid sin, agus 'san aothughadh do rith liom go
raibh an árthac lán d'ollpheistibh agus de choideán-
aibh agus de sheilithidibh ar fuaid a chéile. Nuair
eirigheas as mo leabaidh bhíomar ar an mhor-mhuir,
agus mar adubhairt Bhergil:-
"Coelum undique et undique pontus,"
dá mbeidh sé 'na —
"Hades undique et undique an aibherseoir."
níor mhór liom do; b'fheárr liom é ná an tSín
agus a chuid cócaireachta. Ní fheaca an tír úd ó
shoin. Is dócha go bhfuil mo leanán, Cú-Chooc, ag
sealgaireacht i gcómhnuidhe, agus ag deuuamh pru-
góidí d'á solátharaigheann sí, acht ní mór liom di.
B'fhearr liom soláthar na Caillighe Beáraighe féin
dá eugsamhlaighe é. Mar as lem' chuid-se dhi.
"Thar caise do thriallas, agus b'fhéidir gan filleadh go bráth,
agus bidheadh a rogha céille ag peurla an bhrollaigh ghil bháin."
Sin críoch mo sgéil daoibh, a dhaoine uaisle —."
"Má tá breug ann bidheadh," ars an Caobach,
"ní mise chúm ná cheap é."
"A Uachtaráin," ars an rúnaire, "a bhfuil sé
féiseamhail ceist do chur ort?"
"Tá leomhtha," ars an t-uachtarán.
"Is dócha na raibh aon Ghaedhilg ag an Maindirín
ná ag a inghin?"
"Uch! Go gcastar Gaedhilge leo! — cá bhfaighdís
Gaedhilge?"
"Is Gaedhilg do bhí agat-sa dá labhairt, is
dócha?"
"Gaedhilge, gan amhras."
"Agus nach breágh thuigeabhair féin a chéile.?"
"Ó! Á! seadh! ní — is amhlaidh — maiseadh bhí
beagán de'n Sin-theangain agam-sa."
"Abair cuid de, má's sé do toil é."
"Mhuise, do chailleas furmhór dá raibh agam de
ach-t seo sompla:
Moríse rí nimhe náir,
Cenhuabar cenimmarbaig,
Dorósat domun dualach,
Morí bithbeo bithbuadach.*
Anois, an chuid eile de ghníomharthaibh Sochaide na
Saoi, agus na píopaí do líonadar, agus na breuga
d'innseadar, feuch, ná bhfuilid uile sgríbhte i Leabhar
Líonáin, agus i Leabhar Chroiniceadh na nDruadh, noch
do cheap an Síodhbhra.
*Sáltar na Rann — tosach an chéad rann. — Fear-eagair.
SOCHAID NA SAOI.
Tá Sochaid Saoi ins an mbaile seo,
'na gcliath mbreágh gcaomh;
Pobal greidhe ná spreagfadh pioc
De chiar-rádh breug;
Sochaid chaoin na calmacht;
Is Sochaid Saoithe gaisge guil
Gur deacair claoidh ná treasgradh
I n-iat Fáil féin.
Do chuirid síos mar cheann-urraidh —
(an diabhal má's breug!) —
An Siodhbhra nár cailleadh riamh,
agus riamh nár ghéill.
Tá File líomhtha, blasda 'ca
chum geise laoithe thabhairt dóibh,
'S solus-mhac an Gabann 'leis,
Agus Micheál Caob.
An Sochaid Saoi seo ghairmim-
'S ní ciapáil é —
Ag stealladh ghrínn seadh chaithid siad
Gach bliadhain d'á saoghal,
Mo chuisle chroidhe na feararaí,
Mo bhrise brigh a gcuid cleasanna;
Go soilbhir go mairid siad
Gur liath d'á gcéib! TORNA,
BEIRT FHEAR AS BAILE.
<I dtigh Mhac Gairrbhaigh.>
PÁDRUIG <as Gaillimh> — Go mbeannuighidh Dia
dhuit, a Thaidhg.
TADHG <as Chorcaigh> — Go mbeannuighidh Dia agus
Muire dhuit, a Pádruig.
PÁDRUIG — Ceurd é seo a chluinim mar gheall
ar chanamhaint; ar ndóigh ní'l aon deifir idir an
chanamhaint atá agam-sa agus do chanamhaint féin.
Ceurd do bharamhail?
TADHG — 'Sdó, a Phádruig, ní'l aon deifir ead-
tora, do réir mo bharamhla féinig. Cad do chuir é
sin id' cheann? Ambasa, shaoileag féin ná raibh aon
Ghaoluing dá labhairt i n-aon chor i gConnachtaibh, acht
facas dom go bhfuil an oiread cheudna ann agus tá
i gCúigeadh Mhumhan.
PÁDRUIG — Tá an ceart agat, a Thaidhg, agus
meireach go bhfaca mé cur síos air ar an bpáipeur
ní bheidheadh an smuaineadh sin agam.
TÁDHG — Go deighin, a Phádruig, ná feadar féinig
cad is canamhaint abhnn. Nuair a bhí an Babhrioghan
annso do casag liom daoine ó Chonnacht, agus do
thuigeas iad go hana-mhaith.
PÁDRUIG — Goidé'n sórt rud é sin, babhríoghan,
a Thaidhg?
TADHG — Ná fuil fhios agat cad é an saghas rud é?
PÁDRUIG — A chladhaire chodromaointe, tuige'r
dhubhairt tú sin liom? Tú fhéin agus "fuil," agus
"saghas." Goidé'n sórt droch-chainte é sin a'ad!
Tabhair aire dhuit fhéin, nó b'fhéidir go dtiubhraidh
mise le taisbeáint duit nach —
TADHG — O! foighid! foighid! foighid anois, ca'
na thaobh gur mheasais gur rabhas-sa ag magadh fút?
PÁDRUIG — A charracháin, ná baist "cana-
thaebh" orm-sa, nó brisfidh mé do chlab —.
Exeunt ag troid.
(CÚIRTÍN.)
BAILEABHAIR.
An té léigheas rud i leabhar
A's nach gcoinnigheann é 'na mheabhair,
Tá sé sin 'na bhaileabhar.
Tá, an ndómhnach, agus daoine eile nach é. I bhfad
uainn an urchradh! acht tá baileabhar úr anois ann,
eadhon, an baileabhar bogásach Beurlóireach. As
Baile-atha-cliath dhó. Seadh, a bhaisteadh! Cogair!
Is iomdha rud do rugadh, idir deagh-rud agus droch-
rud, ó chrom grian na Gaedhilge air gur ar uibheach-
aibh an dubhaigéin Ghall-Ghaodhalaigh, acht an rud is
déistinigh dá'r tháinig ariamh as bogán breun 'sé an
baileabhar ceudna é. Casadh liom ceann acú ag
"sa mbaile" bhí i dtigh áirighthe i Rathmhonaigh, sgathadh
beag ó shoin, agus 'sé céad cheist do chuir sé orm
ná — "'Nois, a Mhiostair Lí-Hung-Tseang, bhfuil
aon litridheacht 'sa nGaedhilg — litridheacht, bíodh a
'fhios agat?" "Tá," arsa mise, go lacoiniceach."
"Meas' tú anois go bhfuil aon dán mór ar fud na
litridheachta sin do chuirfeá i gcompráid leis an
"Iliad," nó le drámannaibh Eascuilis?"
Bhí 'fhios agam go maith nach raibh eolas aige ar
dhrámannaibh Eascuilis acht an oiread le crompán
giumhasaigh, agus mar sin dubhairt mé liom féin go
mbainfinn meacan as. "Tá a lán de dhrámannaibh
agus de dhántaibh móra sa nGaedhilg," arsa mise,
"a sháruigheas a bhfuil sgríobhtha sa nGréigis, nó sa
Laidion ar fad."
"An dtiubhrá a n-ainmneacha dham?" ar seisean,
go caithiseach. "Tiubhrad agus fáilte," arsa mise.
"Maidir le drámannaibh, anois, 'bhfuil aon dráma
'sa nGréigis do chuirfeá-sa i gcompráid leo seo —
mar atá — "Snaidhim ar Bundún," "Smugairle
Mara," "Eachtra an Choiligh," "An Coileach ó'n
dTuaisceart," "Beirt Fhear ó'n dTuaidh,"
"Méarthóg Ghoill," "Th'anam ó'n Deabhas," nó
"Beurlagar na Saor?" "Abh — á — á," ar seisean,
"is dóigh nach bhfuil; á — á — ní raibh 'fhios agam go
raibh an mhéid sin acú ann." "Agus maidir le dán-
taibh," arsa mise, "an bhfuil aon dán i nGréigis
mar "An t-Ama-dán?" "Ar ndóigh ní'l," ar
seisean, "shaoil mé nach raibh sa' nGaedhilg ar fad
acht cúpla focal amháin — tráithnín, cáibín, cruiscín,
poitín, agus "tabhair dham póg." An fíór é sin?"
"Feuch anois," arsa mise, "pé brith páipeur go
bhfuair tú sin ann, glac mo chomhairle, agus caith
isteach taobh shiar de'n teinidh é, agus ná bac
ceurd deir Ma-ha-fí, ná ceurd deir Má-ha-fó,
ná ceurd deir aon duine aineolach eile an taobh
so de Phécing, agus," arsa mise (ag casadh ar an
nGaedhilg), "ní'l breugadóir badhgaireach, baoith-
chéillidhe, baothánta, ná carrachán caithiseach, caim-
bheulach, codalach, ná droch-dhuine dreoite, drann-
tach, drúiseach, ná fáthach fada, fuar, feusógach,
failligheach, ná gomachán gabach, galruighthe, garbh-
chroicionnach, ná lioprachán lobhtha, leathbhruighte,
líbíneach, ná mealltóir maoth, meangach, malluighthe,
mí-chineálta, ná nagaire neimhneach, neamh-náireach,
neimh-fhiuntach, ná pusachán póiteach, pioráideach,
puiteachamhail, purgóideach, ná ropaire robáileach,
rógaireach, righin-sheithidheach, ná spleid spligireach,
splíonaighthe, gan splanc, ná tuathalán truaghánta,
truaillighthe, tearc-mhúinte, —." "Ó! déan
trócaire!" ar seisean, agus leis sin thuit sé i laige,
Do hiomchuireadh amach é, agus do caitheamh uisge
ar a cheann, mar shaoleadar gur bh'é an tae láidir
do ghoill air. Bhí a fhios agam féin nachar bh'eadh,
acht níor dhubhras faic; bhí mo sháith ráidhte agam,
agus bhí seisean 'n-a bhaileabhar.
LÍ HUNG TSEANG.
SLÁN LEIS NA DRAOITHIBH.
Fonn — "An Cuilfion."
O! slán libh, a dhraoithe, dob' aoibhin liom tráth —
A cháirde mo chroidhe 'stigh, bhus bínn liom go bráth —
Ní tráighfidh 's ní sgaoilfidh bhur gcuimhne 's bhur mbáigh,
No go dtráighfidh uaim taoide te dhilis an ghrádha!
Nuair feochfaidh gach breághacht do ghrádhmar fad ó;
Nuair seolfar chum fáin sinn ó cháirde 's ó threo,
Nuair bhias óige mar bhláith bhig do thárluigheann fé'n reoth,
Is móide bheidh grádh 'gam ar shár-fhir na sógh!
Is fann agus is fánach é cáirdeas an tsaoighil;
Is gann atá mánlacht, is tráighte 's is tréith,
Acht shámhlaigh gach áilneacht 'n bhur ndáil-ne go glé,
Le feabhas bhur gcompánacht a cháirde na n-ae!
Budh dheas dúinn, a dhraoithe, ár n-aoibhneas bheith buan,
'S ná caillfimís choidhche an dílseacht nár thruaill
acht mo chreach! annsan tsaoghal so, is fíochmhar an buaidhirt,
An ceasnadh is an caoineadh do dhaoinibh is dual!
Badh shásda do shuidhmís gan sgíos 's gan bhrón;
Na gáirí do bhíodh 'gainn an t-aoibhneas is an ceol!
Na dánta, na laoidheanna, an siamsa 's an spórt —
Uch! slán leis an saoghal úd ná chidhfear níos mó!
Go brónach im' aois dom', nuair suidhfead go dubhach,
Go deorach ag cuimhneadh ar oidheanntaibh súghach,
An sóghchas do bhíodh ann, 's an fíor-cháirdeas dlúth —
Ochón mar a chaoinfead na draoithe annsúd!
'Gus cá mbeidh na draoithe san oidhche úd chum cuain?
Go tláth, b'fhéidir, sínte gan sgeimhle 'n-a suan.
Má's bás díbh mar smaoinighim — o sith libh san uaigh,
'Gus slán libh go síorruidhe agus fíor-beannacht buan!
An Síodhbhra.
CEANNAIGH "FÁINNE AN LAE."
Gheabhair go leor Gaedhilge bhlasda ann.
BRIAN O DUBHGHAILL,
Clódhadóir Gaodhalach,
9 Ceibh Oirmhiumhan Uachtair, Baile-átha-cliath.
Tamall geárr sul a bhfuair an
t-Athair Eoin O Gramhnaigh bár, sgribh
sé litir chum clódhadóra an pháipéir
so, agus dubhairt sé, "Gach uile dhuine
do casadh orm anns an tir so, a chean-
naigh leabhair uait-se, dubhradar liom
go rabhadar buidheach díot."
"AN T-EURÓPACH,"
Páipeur iltheangadh, foilsigheadh sé uaire
'san mbliadhain, le
Pádruig O Briain, 46 Sráid Chuffe,
Baile-atha-cliath,
do na sealbhthóiridhibh.