Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Príomhstair an Stocáin le Aodh MacDomhnaill
Title
Príomhstair an Stocáin le Aodh MacDomhnaill
Author(s)
Mac Domhnaill, Aodh,
Compiler/Editor
Beckett, Colm
Composition Date
1850
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1971-1972)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Príomhstair an Stocáin le Aodh Mac Domhnaill</title><author><name type="main">Aodh Mac Domhnaill; eag. Colm Beckett</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Deirdre D'Auria and Eilís Ní Mhearraí</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N"/> <note type="L">285</note> <note type="B">1850lsc 19L</note> <note type="C">Fil.</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno/><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><bibl><title>Príomhstair an Stocáin le Aodh Mac Domhnaill</title><author>Aodh Mac Domhnaill; eag. Colm Beckett</author><imprint><publisher>B.Á.C.: NUI, 1971-1972</publisher><date>1850lsc 19L</date></imprint> </bibl></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p/> <lb n="0"/> <lb n="1"/><p><span>Príomhstair an Stocáin le Aodh Mhac Domhnaill</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>In éis mo aistear a chríochnadh in íochtar Éireann</span> <lb n="4"/><span>Sé chonnairc mé an síogaidhe críon gan éideadh,</span> <lb n="5"/><span>Gan fuil gan feoil, is gan róinne céibhe,</span> <lb n="6"/><span>Gan fascadh, gan scáth, nó áras téagraidh,</span> <lb n="7"/><span>Gan duine ina dháil de an nádúir dhaonna,</span> <lb n="8"/><span>Gan chnámha ná chraiceann le feiceáil, acht créachta;</span> <lb n="9"/><span>A shúile mar thinidh nó loinnir na réalta,</span> <lb n="10"/><span>Is é ag féachaint air Albain trasna air an tréanmhuir.</span></p> <lb n="11"/> <lb n="12"/><p><span>Sheas mé air mo ais le neart an fhéanscair</span> <lb n="13"/><span>Is le mo láimh dheis sé chrois mé mo éadan,</span> <lb n="14"/><span>Aige cur ceiste cárbh as don bhféite,</span> <lb n="15"/><span>Nár dhe an tslua sí é nó de dhraoithe Thuath' Dé Dan',</span> <lb n="16"/><span>Nó nárbh é Oilibhéar Cromshúil é, Waller nó Ireton,</span> <lb n="17"/><span>Nó Pháró gan chreideamh a bhí i dtreise san Éigipt,</span> <lb n="18"/><span>A tháinig le mailís gan taise nó daonnacht</span> <lb n="19"/><span>Chun léan agus leatrom a dheanamh do Éirinn?</span> <lb n="20"/></p> </div> <pb n="286"/> <div><lb n="21"/><p><span>Nó más de chlann Mhílidh thú, mínigh scéal dúinn,</span> <lb n="22"/><span>Cár ghabh na draoithe chríche úd Féilim,</span> <lb n="23"/><span>Nó créad is suí do bhruíon na Féine</span> <lb n="24"/><span>Fionn mhac Cumhaill, mac Airt mhic Thréanmhoir,</span> <lb n="25"/><span>Diarmaid Donn bhí fonnmhar faobhrach,</span> <lb n="26"/><span>Nó Oscar mhac Garaidh bhí armamhail tréitheach,</span> <lb n="27"/><span>Goll mhac Mórna do dheanadh éirleach,</span> <lb n="28"/><span>Caoilte, Conán agus Oisín éachtach?</span></p> <lb n="29"/> <lb n="30"/><p><span>Connchubhar mhac Naoise, fear cascairt na dtréanfhear,</span> <lb n="31"/><span>Nó Feargus an gleacaí bhí i bhfad aige Méadhbha,</span> <lb n="32"/><span>Eoghan Mór is Conn thug céad cath,</span> <lb n="33"/><span>Na trí mic Uisnigh is Cú Chulainn in éanacht,</span> <lb n="34"/><span>Is Cinneadaigh Mumhan a sheas clú do Ghaelaibh,</span> <lb n="35"/><span>Is Brian na mbua a chuir sluaite scéin uainn;</span> <lb n="36"/><span>No an fíor gur tuairgneadh Eoghan Rua is Féilim</span> <lb n="37"/><span>Le a bhfeicthear na dlúmha so air shnua na spéire?</span></p> <lb n="38"/> <lb n="39"/><p><span>Ansin sé chuala mé fuaim a bhéilsean</span> <lb n="40"/><span>Ag teacht fá mo chluasa mar bhuabhall béicneach,</span> <lb n="41"/><span>Dá rádh, Bí ciúin, óir is fiú dhuit éisteacht</span> <lb n="42"/><span>Liomsa atá 'mo dhúscadh ó thús an tsaoil seo.</span> <lb n="43"/><span>Bhí mise an lá sa ngairdín Éidin</span> <lb n="44"/><span>Dá dtáinig an t-athair nimhe mar thinidh ó na spéartha,</span> <lb n="45"/><span>Is mé 'mo tháilliúr cheardamhail thréitheach,</span> <lb n="46"/><span>Ag deanamh don lánamhain bráiscín eidhneáin.</span></p> <lb n="47"/> <lb n="48"/><p><span>Bhí mise 'mo gharda air Ádhamh is air Éabha,</span> <lb n="49"/><span>Air eagla athair nimhe air bith eile á mbuaidhreamh,</span> <lb n="50"/><span>Nó gur chionntaigh Cáin ag básadh Éibel</span> <lb n="51"/><span>Gur ghlac mé scáth fán ár gan chéill sin.</span> <lb n="52"/><span>Ag clos na ngártha cráite géara</span> <lb n="53"/><span>A bhí aige Delbora, Calmana is Éabha,</span> <lb n="54"/><span>Ag greadadh na lámh is gan dáil le réiteach,</span> <lb n="55"/><span>Chreathnaigh mo chnámha is d'fhág mé an réim sin.</span> <lb n="56"/></p> </div> <pb n="287"/> <div><lb n="57"/><p><span>Bhí mé i dtír Nod seal beag 'na dhéidh sin,</span> <lb n="58"/><span>Ag cuideamh le Cáin go ceardamhail tréitheach,</span> <lb n="59"/><span>Ag obair air mo ealadhain mar thincleoir aerach,</span> <lb n="60"/><span>Ag oibriú iarainn, práis is péatair,</span> <lb n="61"/><span>Gur marbhadh an t-athair le Lamech doradharcach,</span> <lb n="62"/><span>An cúigeadh díne anuas uaidh féine.</span> <lb n="63"/><span>d'fhág mé an tír sin thríd an scéanadh</span> <lb n="64"/><span>Is tháinig mé díreach aníos do an réim seo.</span></p> <lb n="65"/> <lb n="66"/><p><span>Taréis na díle, is fíor mar léitear,</span> <lb n="67"/><span>Chuaigh mé go díreach go dtí Magh Séanar</span> <lb n="68"/><span>Chun cuideamh le Nimrod, ceann na féine,</span> <lb n="69"/><span>Gur chaill sé an chaint, mar instear scéal air.</span> <lb n="70"/><span>D'fhág mé ansin é is chuaigh mé le hÉber</span> <lb n="71"/><span>Is bhí mé 'mo shagart 'na chaidreamh gur éag sé,</span> <lb n="72"/><span>Aige diúrnadh mo channa de an mbiotáilte dá dhaoire,</span> <lb n="73"/><span>Is ag rúscadh na gcloigín air phobal na Médian.</span></p> <lb n="74"/> <lb n="75"/><p><span>Ghlac mé le hAbraham cráifeach 'na dhéidh sin,</span> <lb n="76"/><span>Is bhí mé 'na fharradh ag coimheád na gcaorach;</span> <lb n="77"/><span>Is air ár bpilleadh abhaile ó chogadh na réxa,</span> <lb n="78"/><span>Sé mhúin mé Melchisidec oifig a léigheamh;</span> <lb n="79"/><span>Is chuaigh mé le hÍosac, a mhac is a oidhre,</span> <lb n="80"/><span>Nó go bhfuair mé mar mhnaoi dósan Rebeca an déidghil.</span> <lb n="81"/><span>D'fhan mise aca gur toircheadh an déi-bhean,</span> <lb n="82"/><span>Is gur bhaist mé na páistí dóibh Iacob is Ésau.</span></p> <lb n="83"/> <lb n="84"/><p><span>Bhí mé le Iacob mar ghárda air na sléibhte,</span> <lb n="85"/><span>Dá shaoradh ó Lában fán áirnéis is a chéile,</span> <lb n="86"/><span>Nó go dtug mise slán é as gach gábhadh dá mbéith sé,</span> <lb n="87"/><span>Nó go dtáinig an lá a ndeachaigh an málrach don Éigipt.</span> <lb n="88"/><span>Sheas mé i n-aghaidh Pháró go dána gach aon lá,</span> <lb n="89"/><span>Nó go ndeachaigh mé le Maoise go críocha na Média;</span> <lb n="90"/><span>Is Iotra, má ba eolach in ordaibh na cléire é,</span> <lb n="91"/><span>Go dtug sinn a inghin linn; sin críochnadh na scéala.</span> <lb n="92"/></p> </div> <pb n="288"/> <div><lb n="93"/><p><span>Tháinig sinn don tír mar raibh Israel i ndaorbhruid,</span> <lb n="94"/><span>Nó gur mhúin mise Aaron i láthair na gréine ann.</span> <lb n="95"/><span>Híobradh an t-uan Cásc' linn go haithghearr 'na dhéidh sin,</span> <lb n="96"/><span>Is thug sinn an málrach linn slán thríd an tréanmhuir;</span> <lb n="97"/><span>Agus bhí sinn air an bhfásach gach tráth de na laethanta</span> <lb n="98"/><span>Gur éag uainne Maoise air fhiarchnoc Shliabh Nébo.</span> <lb n="99"/><span>Is sé Iosua thug fuaradh do na sluaite a bhí i ngéibheann</span> <lb n="100"/><span>Aige scrios lucht ár bhfuath' uainn le fuaimneach na n-adharca.</span></p> <lb n="101"/> <lb n="102"/><p><span>Is cumhan liom Balaam, an fáidh gan chéill sin,</span> <lb n="103"/><span>A bheith' teacht air mhuin asail dár mealladh air son éadál',</span> <lb n="104"/><span>Is thug sinn a dhúshlán le húdarás naomhtha,</span> <lb n="105"/><span>Is cuimhneach liom Barac armúil is Gédeon,</span> <lb n="106"/><span>Mar dubhairt an beathach brúidiúil ba thútach de féine.</span> <lb n="107"/><span>Aige rúscadh na cruithneachta as punnanna déasach,</span> <lb n="108"/><span>Ag tleigean na súistí uatha in éanacht,</span> <lb n="109"/><span>Gur thosaigh an ruathar le ar tuairgneadh déithe.</span></p> <lb n="110"/> <lb n="111"/><p><span>Bhí mé i dtír Iúdaí ag múnadh na cléire</span> <lb n="112"/><span>Le linn bhreitheamhnaigh na n-údar ag stiúradh na gcréatúr,</span> <lb n="113"/><span>An uair a d'imigh asail Cis air a' drúcht fá na sléibhte;</span> <lb n="114"/><span>Is bhí mé le Saul ins na bóithre ag iarraidh scéala.</span> <lb n="115"/><span>Chuaigh mé aige Samuel, mac na mbeannacht ins na laethe sin;</span> <lb n="116"/><span>Tháinig sé gan fealladh ins na bealaigh is bhí adharc leis,</span> <lb n="117"/><span>A bhí lán de ola bheannaithe na cathracha neamhaí,</span> <lb n="118"/><span>Nó gur ung sé an rí mar ba mhian le clann Raechel.</span></p> <lb n="119"/> <lb n="120"/><p><span>Is cumhan liom Dáibhí i státa ansa réagúin,</span> <lb n="121"/><span>'S a mhac Solamh a bhí ámhaidh, thug barr in gach céill mhaith;</span> <lb n="122"/><span>Gach bruíon agus ár dár tharla, is daorshlad,</span> <lb n="123"/><span>Go cogadh chlann Chába agus básadh sin Hérod.</span> <lb n="124"/><span>Is fiosach damh Iael, an bhean ámhaidh sin Héber,</span> <lb n="125"/><span>Mar bhuail sí an tairne sa námhaid ina éadan,</span> <lb n="126"/><span>Antiochus, Nabucadnesar, is an rí Beltasar a chonairc na méara,</span> <lb n="127"/><span>Is is fiosach mé Daniel ag aithris a chéill' dó.</span> <lb n="128"/></p> </div> <pb n="289"/> <div><lb n="129"/><p><span>Níl rí ceart nó fáidh dá raibh trácht air sa réim seo,</span> <lb n="130"/><span>Ó cruthuigheadh ár n-athair Ádhamh go tráth dheireadh an lae seo.</span> <lb n="131"/><span>Nach raibh mé le fáil ina ndáil gach am féasta,</span> <lb n="132"/><span>Is ní hé sin an fáth fá ar tharla mé buaidheartha,</span> <lb n="133"/><span>Acht ag smaointeadh gach lá air gach bánadh is buaidhreamh,</span> <lb n="134"/><span>An díbirt is an bánadh so tharla do Ghaelaibh,</span> <lb n="135"/><span>Na daoine nachar sáruigheadh le crábhadh is le féile,</span> <lb n="136"/><span>Clann Mhílidh Easpáine a thug barr in gach daonnacht.</span></p> <lb n="137"/> <lb n="138"/><p><span>Nach íontach an cás seo mar tharla mé 'mo aonar,</span> <lb n="139"/><span>Faoi dhílte gach lá is gan dáil le mo réiteach,</span> <lb n="140"/><span>Acht i gcogadh le ceathairn, is mo chnámha uilig créachtach</span> <lb n="141"/><span>Ó mhullaigh mo bhaithise go tráchta mo ladhra;</span> <lb n="142"/><span>Faoi sciúirse gach lá is mé gan dáimh nó lucht téagraidh,</span> <lb n="143"/><span>Acht iasca na trágha is oireacht na n-éanlaith,</span> <lb n="144"/><span>Aige teacht gach aon lá ag cur ráfla in mo chéadfaí,</span> <lb n="145"/><span>Is mé 'mo shuí a chois na mara gan tinidh gán téagar.</span></p> <lb n="146"/> <lb n="147"/><p><span>Is fiosach mé Partholán mac Sera, an Gréagach,</span> <lb n="148"/><span>A bheith ag seoladh na mara is é ag deanamh go hÉirinn,</span> <lb n="149"/><span>Nó gur ghabh sé fá dheireadh calaidh i mBinn Éadair,</span> <lb n="150"/><span>Is gur áitigh sé tamall in Inis Samair chois Éirne.</span> <lb n="151"/><span>Chonaic mé Clann Neimhidh go haithghearr 'na dhéidh sin,</span> <lb n="152"/><span>I gcogadh le Famóraigh in arm 's in éideadh,</span> <lb n="153"/><span>Is gach bruíon is racán dár theagmhaigh in Éirinn,</span> <lb n="154"/><span>Ó ghabháil Fear Bolg go cogadh Thuatha Dé Dan'.</span></p> <lb n="155"/> <lb n="156"/><p><span>An lá tháinig Clanna Mílidh, an bhuíon sin na ngéarlann,</span> <lb n="157"/><span>Bhí mise mar chí sibh a chois na taoide 'mo aonar;</span> <lb n="158"/><span>Chuala mé an stoirm le ar cailleadh na tréanfhir</span> <lb n="159"/><span>Sin, Colpa na Claidhmhe is Aimhirgin tréitheach,</span> <lb n="160"/><span>Is gach duine dár cailleadh le mailís na dtréatúr,</span> <lb n="161"/><span>Go Donn a fuair tuisleadh i mbiorar sin Bhéarra,</span> <lb n="162"/><span>Go oidhe Chlainne Uisnigh a d'imigh le Déirdre,</span> <lb n="163"/><span>Nó gur mharbh Clann Chailitín Cú Chulainn na n-éachta.</span> <lb n="164"/></p> </div> <pb n="290"/> <div><lb n="165"/><p><span>Is cumhan liom Loch nEathach, Maigh Bhreagh is Loch Éirne,</span> <lb n="166"/><span>Abhainn na Banna, is dá ndéarfainn, Loch Léanbhruid,</span> <lb n="167"/><span>An Bhóinn is an tSeanainn, an Bheara is Maigh Léana,</span> <lb n="168"/><span>An Eas Aodha Ruaidh uile is na hinbheara éisceach',</span> <lb n="169"/><span>Loch Mucshnámha, Loch Síleann, Loch Drithle is Loch Léanbhruid,</span> <lb n="170"/><span>Loch Sláinghe, Loch Biorra, an Life is Loch Laighlinn' -</span> <lb n="171"/><span>Is fios damh iad uile, is a thuilleadh da ndéarfainn,</span> <lb n="172"/><span>I dtaisce ag Manannán i seanphitséar créafóig'.</span></p> <lb n="173"/> <lb n="174"/><p><span>Is cuimhneach liom ríthe ríoghamhail réimfhras</span> <lb n="175"/><span>A bheith i gceannas na críche de iarsma an Ghaedhil Ghlais;</span> <lb n="176"/><span>Tighearnmhas le ar orduigheadh ór agus éadach,</span> <lb n="177"/><span>Agus an dia Crom Cruach air tús in Éirinn,</span> <lb n="178"/><span>Le ar thuiteadar sluaighte na Fódla dá adhradh,</span> <lb n="179"/><span>Ag cur blogh de chrú capaill air dhoirse na réigiún;</span> <lb n="180"/><span>Aongus Olmucaidh is Oilill Olchaoin 'na dhéidh sin,</span> <lb n="181"/><span>Agus Nuadha Fionn Fáil mar thráchtas gach scéalaí.</span></p> <lb n="182"/> <lb n="183"/><p><span>Chonaic mé Eoghain is Conn a thug céad cath;</span> <lb n="184"/><span>Niall Naoi nGialla is gach duine de an réim sin;</span> <lb n="185"/><span>Conn a bhí air each aige treabhadh Maigh Léana;</span> <lb n="186"/><span>Feidhlimidh Reachtmhar is Tuathal Teachtmhar é féine,</span> <lb n="187"/><span>Cormac Ulfhada, an mac sin Airt Aoinfhir,</span> <lb n="188"/><span>Is gach rí bhí den aicme go Oilill is Méadhbha;</span> <lb n="189"/><span>Conchubhar mhac Naoise, fear chascairt na dtréanfhear,</span> <lb n="190"/><span>Is Ruaidhri Ó Conchubhair a bhí againn go déanach.</span></p> <lb n="191"/> <lb n="192"/><p><span>Is fiosach mé Pádraig 'teacht slán go hÉirinn</span> <lb n="193"/><span>Le Niall Naoi nGialla is a dhís deirbhshiúr a mbraighde.</span> <lb n="194"/><span>Sochad mhac Alfrainn do bo ainm don déa-mhac,</span> <lb n="195"/><span>Agus bhí sé ina mhucaí ag Milchu Dhál Riada</span> <lb n="196"/><span>Seacht mbliana gan easbhaidh ag beathughadh a thréad muc</span></p> </div> <pb n="291"/> <div><lb n="197"/><p><span>Air mhalaidh Shliabh Mis in aice Bhruach Shéine,</span> <lb n="198"/><span>Nó go ndeachaigh sé abhaile arís ag a ghaolta,</span> <lb n="199"/><span>Is gur chuir Selestín chugainn é a chaomhad na cléire.</span></p> <lb n="200"/> <lb n="201"/><p><span>Thug fáinne is bachall dó chun beathughadh an tréada,</span> <lb n="202"/><span>Le ar dhíbir sé placairí a chleachtadh bheith in Éirinn,</span> <lb n="203"/><span>Púcaí is luchramáin, pistreogaí is déithe,</span> <lb n="204"/><span>Athracha nimhe is gach milleadh de a leithéid sin.</span> <lb n="205"/><span>Las sé an chéad tinidh i bhFinnabhair air léana,</span> <lb n="206"/><span>Nó gur éirigh na lasair air fad chun na spéartha;</span> <lb n="207"/><span>Chuaigh sé go Teamhair mar chomhnaigh an rí Laoire,</span> <lb n="208"/><span>Is d'iompaigh chun creidimh é, an chéad duine in Éirinn.</span></p> <lb n="209"/> <lb n="210"/><p><span>Scrios sé gach beartaidhe is cleachtadh déithe bréige,</span> <lb n="211"/><span>Íobairt na leanbh is gach seachrán de a leithéid sin,</span> <lb n="212"/><span>Bhaist sé na seandaoine is bheannaigh sé an chréafóg,</span> <lb n="213"/><span>Le ar thóg sé na cealla, gach reilig is teampall.</span> <lb n="214"/><span>Mharbh gach ollphiast a bhí 'milleadh na gcréatúr,</span> <lb n="215"/><span>Garbhóg Mhaigh Bolg, is sean-Bhalor Béimeann,</span> <lb n="216"/><span>An tarbh sí a leagadh gach obair dhá thréine,</span> <lb n="217"/><span>Nó gur bhris sé an bhachall air bhallóg an cheatharnaigh.</span></p> <lb n="218"/> <lb n="219"/><p><span>An tráth a bhí sé ag teagasc, bhí mise air mo bhuaidhreadh,</span> <lb n="220"/><span>Ó oíche go maidin is mé i gcogadh le déithe,</span> <lb n="221"/><span>Neiptiún na mara is Bacus na néalta,</span> <lb n="222"/><span>Lúna na gealaí is Phoebus na gréine,</span> <lb n="223"/><span>Ag tleigean gaethe neimhe is tineadh i m'éadan,</span> <lb n="224"/><span>Toirneach is lastrach ag teacht ó na spéartha,</span> <lb n="225"/><span>Is an bháisleach ag titim mar thuilte ó na sléibhte,</span> <lb n="226"/><span>Is bisigíní siocáin ag sileadh ó mo fhéasóg.</span> <lb n="227"/></p> </div> <pb n="292"/> <div><lb n="228"/><p><span>Sheas mé go fearamhail gach mearbhall is buaidhreadh,</span> <lb n="229"/><span>Aige troid leis na pealláin is iad gach lá do mo chréachtadh,</span> <lb n="230"/><span>Iasca na farraige, muca mara is neiriada,</span> <lb n="231"/><span>An míol mór 's an lebhiatan ag teacht do mo bhuaidhreadh,</span> <lb n="232"/><span>An rón is an dobharchoin bíodhbhaí gach créatúir</span> <lb n="233"/><span>Dár bheathaigh an mhuir bhrónach ó bhí Jonah i ngéibheann,</span> <lb n="234"/><span>Ag teacht gach tráthnóna ag cur bróin air mo chéadfaí,</span> <lb n="235"/><span>Is gan mise acht 'mo dheoraí faoi mhórshilt na sléibhte.</span></p> <lb n="236"/> <lb n="237"/><p><span>Nó go dtáinig fá dheireadh dhá oide róthréitheach,</span> <lb n="238"/><span>Mar bhí Doctúir Cúca agus Hughy mhac Néille;</span> <lb n="239"/><span>Thaispeáin siad an Bíobla dhamh scríobhtha i nGaeilge,</span> <lb n="240"/><span>Agus dubhairt liomsa iompódh 'mo shean Phrespitérian</span> <lb n="241"/><span>Is nach mbeith sé rófhada go bhfaighidh siad damh céile,</span> <lb n="242"/><span>An Liag Fáil a bhí anallód i dTeamhair na réxa,</span> <lb n="243"/><span>is go ndeantaí ár gceangal le seansagart méise</span> <lb n="244"/><span>Chun sásamh na colna, is teitheadh an t-anam 'na rogha poll,</span></p> <lb n="245"/> <lb n="246"/><p><span>Is go bhfaigheadh siad áit tighe damh ó Shéamas Ó Cléirigh,</span> <lb n="247"/><span>I gcúl na gcopóg, is go dtosóinn a phréitseáil.</span> <lb n="248"/><span>Leag siad an bhunáit i ngaineamh sa gcréafóg</span> <lb n="249"/><span>Nó gur thuit siad na ballaí mar an Bhabilon féine;</span> <lb n="250"/><span>Is níl pighinn dá raibh acu nár imigh 'na dhéidh sin</span> <lb n="251"/><span>Le beartaibh is cleasa na dteagascóir Gaeilge -</span> <lb n="252"/><span>Maol Dhomhnaigh air thoiseach gach mailís' dá ndearnadh,</span> <lb n="253"/><span>Is Mac Domhnaill ba mheasa ansna haistí céadna.</span></p> <lb n="254"/> <lb n="255"/><p><span>Agus Braonán a bhí ag Farnham ag deanamh crábhaidh ina laethanta,</span> <lb n="256"/><span>Ag cur scoilteach in ordughadh air mhóinte is air shléibhte,</span> <lb n="257"/><span>Le cloistint a ghlórthaí ansna leabhair dá léigheamh,</span> <lb n="258"/><span>Na balbháin go labharfadh is na bodhráin go n-éistfeadh,</span></p> </div> <pb n="293"/> <div><lb n="259"/><p><span>Na daoine a bhí dall ó bhroinnibh a máthara,</span> <lb n="260"/><span>Aige foscailt a súile le fuaimneach a chuid Gaeilge,</span> <lb n="261"/><span>Na bacaigh ag siubhal go lúfar aerach -</span> <lb n="262"/><span>'S a Mhuire na páirte, nach é an steallradh bréag é!</span></p> <lb n="263"/> <lb n="264"/><p><span>Cha chreidim níos mó i nglór na dtréatúr,</span> <lb n="265"/><span>Ó chonnairc mo shúile gach cluain agus éigceart,</span> <lb n="266"/><span>Aige cur in umhail go raibh Lútar rónaomhtha -</span> <lb n="267"/><span>Is saoilim go mbeidh an Cúca seo tútach dhe féin.</span> <lb n="268"/><span>Ach fanfad mar bhí mé nó go dtí lá an tsléibhe,</span> <lb n="269"/><span>Go loiscfear gach ní atá faoi na néalta,</span> <lb n="270"/><span>I ndóchas diongbhálta go bhfaighidh síol Éabha</span> <lb n="271"/><span>Le toradh na Páise, grásta agus saoradh. Amen.</span> <lb n="272"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services