Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Príomhstair an Stocáin le Aodh MacDomhnaill

Title
Príomhstair an Stocáin le Aodh MacDomhnaill
Author(s)
Mac Domhnaill, Aodh,
Compiler/Editor
Beckett, Colm
Composition Date
1850
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1971-1972)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Príomhstair an Stocáin le Aodh Mhac Domhnaill



In éis mo aistear a chríochnadh in íochtar Éireann
Sé chonnairc mé an síogaidhe críon gan éideadh,
Gan fuil gan feoil, is gan róinne céibhe,
Gan fascadh, gan scáth, nó áras téagraidh,
Gan duine ina dháil de an nádúir dhaonna,
Gan chnámha ná chraiceann le feiceáil, acht créachta;
A shúile mar thinidh nó loinnir na réalta,
Is é ag féachaint air Albain trasna air an tréanmhuir.



Sheas mé air mo ais le neart an fhéanscair
Is le mo láimh dheis sé chrois mé mo éadan,
Aige cur ceiste cárbh as don bhféite,
Nár dhe an tslua sí é nó de dhraoithe Thuath' Dé Dan',
Nó nárbh é Oilibhéar Cromshúil é, Waller nó Ireton,
Nó Pháró gan chreideamh a bhí i dtreise san Éigipt,
A tháinig le mailís gan taise nó daonnacht
Chun léan agus leatrom a dheanamh do Éirinn?


L. 286


Nó más de chlann Mhílidh thú, mínigh scéal dúinn,
Cár ghabh na draoithe chríche úd Féilim,
Nó créad is suí do bhruíon na Féine
Fionn mhac Cumhaill, mac Airt mhic Thréanmhoir,
Diarmaid Donn bhí fonnmhar faobhrach,
Nó Oscar mhac Garaidh bhí armamhail tréitheach,
Goll mhac Mórna do dheanadh éirleach,
Caoilte, Conán agus Oisín éachtach?



Connchubhar mhac Naoise, fear cascairt na dtréanfhear,
Nó Feargus an gleacaí bhí i bhfad aige Méadhbha,
Eoghan Mór is Conn thug céad cath,
Na trí mic Uisnigh is Cú Chulainn in éanacht,
Is Cinneadaigh Mumhan a sheas clú do Ghaelaibh,
Is Brian na mbua a chuir sluaite scéin uainn;
No an fíor gur tuairgneadh Eoghan Rua is Féilim
Le a bhfeicthear na dlúmha so air shnua na spéire?



Ansin sé chuala mé fuaim a bhéilsean
Ag teacht fá mo chluasa mar bhuabhall béicneach,
Dá rádh, Bí ciúin, óir is fiú dhuit éisteacht
Liomsa atá 'mo dhúscadh ó thús an tsaoil seo.
Bhí mise an lá sa ngairdín Éidin
Dá dtáinig an t-athair nimhe mar thinidh ó na spéartha,
Is mé 'mo tháilliúr cheardamhail thréitheach,
Ag deanamh don lánamhain bráiscín eidhneáin.



Bhí mise 'mo gharda air Ádhamh is air Éabha,
Air eagla athair nimhe air bith eile á mbuaidhreamh,
Nó gur chionntaigh Cáin ag básadh Éibel
Gur ghlac mé scáth fán ár gan chéill sin.
Ag clos na ngártha cráite géara
A bhí aige Delbora, Calmana is Éabha,
Ag greadadh na lámh is gan dáil le réiteach,
Chreathnaigh mo chnámha is d'fhág mé an réim sin.


L. 287


Bhí mé i dtír Nod seal beag 'na dhéidh sin,
Ag cuideamh le Cáin go ceardamhail tréitheach,
Ag obair air mo ealadhain mar thincleoir aerach,
Ag oibriú iarainn, práis is péatair,
Gur marbhadh an t-athair le Lamech doradharcach,
An cúigeadh díne anuas uaidh féine.
d'fhág mé an tír sin thríd an scéanadh
Is tháinig mé díreach aníos do an réim seo.



Taréis na díle, is fíor mar léitear,
Chuaigh mé go díreach go dtí Magh Séanar
Chun cuideamh le Nimrod, ceann na féine,
Gur chaill sé an chaint, mar instear scéal air.
D'fhág mé ansin é is chuaigh mé le hÉber
Is bhí mé 'mo shagart 'na chaidreamh gur éag sé,
Aige diúrnadh mo channa de an mbiotáilte dá dhaoire,
Is ag rúscadh na gcloigín air phobal na Médian.



Ghlac mé le hAbraham cráifeach 'na dhéidh sin,
Is bhí mé 'na fharradh ag coimheád na gcaorach;
Is air ár bpilleadh abhaile ó chogadh na réxa,
Sé mhúin mé Melchisidec oifig a léigheamh;
Is chuaigh mé le hÍosac, a mhac is a oidhre,
Nó go bhfuair mé mar mhnaoi dósan Rebeca an déidghil.
D'fhan mise aca gur toircheadh an déi-bhean,
Is gur bhaist mé na páistí dóibh Iacob is Ésau.



Bhí mé le Iacob mar ghárda air na sléibhte,
Dá shaoradh ó Lában fán áirnéis is a chéile,
Nó go dtug mise slán é as gach gábhadh dá mbéith sé,
Nó go dtáinig an lá a ndeachaigh an málrach don Éigipt.
Sheas mé i n-aghaidh Pháró go dána gach aon lá,
Nó go ndeachaigh mé le Maoise go críocha na Média;
Is Iotra, má ba eolach in ordaibh na cléire é,
Go dtug sinn a inghin linn; sin críochnadh na scéala.


L. 288


Tháinig sinn don tír mar raibh Israel i ndaorbhruid,
Nó gur mhúin mise Aaron i láthair na gréine ann.
Híobradh an t-uan Cásc' linn go haithghearr 'na dhéidh sin,
Is thug sinn an málrach linn slán thríd an tréanmhuir;
Agus bhí sinn air an bhfásach gach tráth de na laethanta
Gur éag uainne Maoise air fhiarchnoc Shliabh Nébo.
Is sé Iosua thug fuaradh do na sluaite a bhí i ngéibheann
Aige scrios lucht ár bhfuath' uainn le fuaimneach na n-adharca.



Is cumhan liom Balaam, an fáidh gan chéill sin,
A bheith' teacht air mhuin asail dár mealladh air son éadál',
Is thug sinn a dhúshlán le húdarás naomhtha,
Is cuimhneach liom Barac armúil is Gédeon,
Mar dubhairt an beathach brúidiúil ba thútach de féine.
Aige rúscadh na cruithneachta as punnanna déasach,
Ag tleigean na súistí uatha in éanacht,
Gur thosaigh an ruathar le ar tuairgneadh déithe.



Bhí mé i dtír Iúdaí ag múnadh na cléire
Le linn bhreitheamhnaigh na n-údar ag stiúradh na gcréatúr,
An uair a d'imigh asail Cis air a' drúcht fá na sléibhte;
Is bhí mé le Saul ins na bóithre ag iarraidh scéala.
Chuaigh mé aige Samuel, mac na mbeannacht ins na laethe sin;
Tháinig sé gan fealladh ins na bealaigh is bhí adharc leis,
A bhí lán de ola bheannaithe na cathracha neamhaí,
Nó gur ung sé an rí mar ba mhian le clann Raechel.



Is cumhan liom Dáibhí i státa ansa réagúin,
'S a mhac Solamh a bhí ámhaidh, thug barr in gach céill mhaith;
Gach bruíon agus ár dár tharla, is daorshlad,
Go cogadh chlann Chába agus básadh sin Hérod.
Is fiosach damh Iael, an bhean ámhaidh sin Héber,
Mar bhuail sí an tairne sa námhaid ina éadan,
Antiochus, Nabucadnesar, is an rí Beltasar a chonairc na méara,
Is is fiosach mé Daniel ag aithris a chéill' dó.


L. 289


Níl rí ceart nó fáidh dá raibh trácht air sa réim seo,
Ó cruthuigheadh ár n-athair Ádhamh go tráth dheireadh an lae seo.
Nach raibh mé le fáil ina ndáil gach am féasta,
Is ní hé sin an fáth fá ar tharla mé buaidheartha,
Acht ag smaointeadh gach lá air gach bánadh is buaidhreamh,
An díbirt is an bánadh so tharla do Ghaelaibh,
Na daoine nachar sáruigheadh le crábhadh is le féile,
Clann Mhílidh Easpáine a thug barr in gach daonnacht.



Nach íontach an cás seo mar tharla mé 'mo aonar,
Faoi dhílte gach lá is gan dáil le mo réiteach,
Acht i gcogadh le ceathairn, is mo chnámha uilig créachtach
Ó mhullaigh mo bhaithise go tráchta mo ladhra;
Faoi sciúirse gach lá is mé gan dáimh nó lucht téagraidh,
Acht iasca na trágha is oireacht na n-éanlaith,
Aige teacht gach aon lá ag cur ráfla in mo chéadfaí,
Is mé 'mo shuí a chois na mara gan tinidh gán téagar.



Is fiosach mé Partholán mac Sera, an Gréagach,
A bheith ag seoladh na mara is é ag deanamh go hÉirinn,
Nó gur ghabh sé fá dheireadh calaidh i mBinn Éadair,
Is gur áitigh sé tamall in Inis Samair chois Éirne.
Chonaic mé Clann Neimhidh go haithghearr 'na dhéidh sin,
I gcogadh le Famóraigh in arm 's in éideadh,
Is gach bruíon is racán dár theagmhaigh in Éirinn,
Ó ghabháil Fear Bolg go cogadh Thuatha Dé Dan'.



An lá tháinig Clanna Mílidh, an bhuíon sin na ngéarlann,
Bhí mise mar chí sibh a chois na taoide 'mo aonar;
Chuala mé an stoirm le ar cailleadh na tréanfhir
Sin, Colpa na Claidhmhe is Aimhirgin tréitheach,
Is gach duine dár cailleadh le mailís na dtréatúr,
Go Donn a fuair tuisleadh i mbiorar sin Bhéarra,
Go oidhe Chlainne Uisnigh a d'imigh le Déirdre,
Nó gur mharbh Clann Chailitín Cú Chulainn na n-éachta.


L. 290


Is cumhan liom Loch nEathach, Maigh Bhreagh is Loch Éirne,
Abhainn na Banna, is dá ndéarfainn, Loch Léanbhruid,
An Bhóinn is an tSeanainn, an Bheara is Maigh Léana,
An Eas Aodha Ruaidh uile is na hinbheara éisceach',
Loch Mucshnámha, Loch Síleann, Loch Drithle is Loch Léanbhruid,
Loch Sláinghe, Loch Biorra, an Life is Loch Laighlinn' -
Is fios damh iad uile, is a thuilleadh da ndéarfainn,
I dtaisce ag Manannán i seanphitséar créafóig'.



Is cuimhneach liom ríthe ríoghamhail réimfhras
A bheith i gceannas na críche de iarsma an Ghaedhil Ghlais;
Tighearnmhas le ar orduigheadh ór agus éadach,
Agus an dia Crom Cruach air tús in Éirinn,
Le ar thuiteadar sluaighte na Fódla dá adhradh,
Ag cur blogh de chrú capaill air dhoirse na réigiún;
Aongus Olmucaidh is Oilill Olchaoin 'na dhéidh sin,
Agus Nuadha Fionn Fáil mar thráchtas gach scéalaí.



Chonaic mé Eoghain is Conn a thug céad cath;
Niall Naoi nGialla is gach duine de an réim sin;
Conn a bhí air each aige treabhadh Maigh Léana;
Feidhlimidh Reachtmhar is Tuathal Teachtmhar é féine,
Cormac Ulfhada, an mac sin Airt Aoinfhir,
Is gach rí bhí den aicme go Oilill is Méadhbha;
Conchubhar mhac Naoise, fear chascairt na dtréanfhear,
Is Ruaidhri Ó Conchubhair a bhí againn go déanach.



Is fiosach mé Pádraig 'teacht slán go hÉirinn
Le Niall Naoi nGialla is a dhís deirbhshiúr a mbraighde.
Sochad mhac Alfrainn do bo ainm don déa-mhac,
Agus bhí sé ina mhucaí ag Milchu Dhál Riada
Seacht mbliana gan easbhaidh ag beathughadh a thréad muc


L. 291


Air mhalaidh Shliabh Mis in aice Bhruach Shéine,
Nó go ndeachaigh sé abhaile arís ag a ghaolta,
Is gur chuir Selestín chugainn é a chaomhad na cléire.



Thug fáinne is bachall dó chun beathughadh an tréada,
Le ar dhíbir sé placairí a chleachtadh bheith in Éirinn,
Púcaí is luchramáin, pistreogaí is déithe,
Athracha nimhe is gach milleadh de a leithéid sin.
Las sé an chéad tinidh i bhFinnabhair air léana,
Nó gur éirigh na lasair air fad chun na spéartha;
Chuaigh sé go Teamhair mar chomhnaigh an rí Laoire,
Is d'iompaigh chun creidimh é, an chéad duine in Éirinn.



Scrios sé gach beartaidhe is cleachtadh déithe bréige,
Íobairt na leanbh is gach seachrán de a leithéid sin,
Bhaist sé na seandaoine is bheannaigh sé an chréafóg,
Le ar thóg sé na cealla, gach reilig is teampall.
Mharbh gach ollphiast a bhí 'milleadh na gcréatúr,
Garbhóg Mhaigh Bolg, is sean-Bhalor Béimeann,
An tarbh sí a leagadh gach obair dhá thréine,
Nó gur bhris sé an bhachall air bhallóg an cheatharnaigh.



An tráth a bhí sé ag teagasc, bhí mise air mo bhuaidhreadh,
Ó oíche go maidin is mé i gcogadh le déithe,
Neiptiún na mara is Bacus na néalta,
Lúna na gealaí is Phoebus na gréine,
Ag tleigean gaethe neimhe is tineadh i m'éadan,
Toirneach is lastrach ag teacht ó na spéartha,
Is an bháisleach ag titim mar thuilte ó na sléibhte,
Is bisigíní siocáin ag sileadh ó mo fhéasóg.


L. 292


Sheas mé go fearamhail gach mearbhall is buaidhreadh,
Aige troid leis na pealláin is iad gach lá do mo chréachtadh,
Iasca na farraige, muca mara is neiriada,
An míol mór 's an lebhiatan ag teacht do mo bhuaidhreadh,
An rón is an dobharchoin bíodhbhaí gach créatúir
Dár bheathaigh an mhuir bhrónach ó bhí Jonah i ngéibheann,
Ag teacht gach tráthnóna ag cur bróin air mo chéadfaí,
Is gan mise acht 'mo dheoraí faoi mhórshilt na sléibhte.



Nó go dtáinig fá dheireadh dhá oide róthréitheach,
Mar bhí Doctúir Cúca agus Hughy mhac Néille;
Thaispeáin siad an Bíobla dhamh scríobhtha i nGaeilge,
Agus dubhairt liomsa iompódh 'mo shean Phrespitérian
Is nach mbeith sé rófhada go bhfaighidh siad damh céile,
An Liag Fáil a bhí anallód i dTeamhair na réxa,
is go ndeantaí ár gceangal le seansagart méise
Chun sásamh na colna, is teitheadh an t-anam 'na rogha poll,



Is go bhfaigheadh siad áit tighe damh ó Shéamas Ó Cléirigh,
I gcúl na gcopóg, is go dtosóinn a phréitseáil.
Leag siad an bhunáit i ngaineamh sa gcréafóg
Nó gur thuit siad na ballaí mar an Bhabilon féine;
Is níl pighinn dá raibh acu nár imigh 'na dhéidh sin
Le beartaibh is cleasa na dteagascóir Gaeilge -
Maol Dhomhnaigh air thoiseach gach mailís' dá ndearnadh,
Is Mac Domhnaill ba mheasa ansna haistí céadna.



Agus Braonán a bhí ag Farnham ag deanamh crábhaidh ina laethanta,
Ag cur scoilteach in ordughadh air mhóinte is air shléibhte,
Le cloistint a ghlórthaí ansna leabhair dá léigheamh,
Na balbháin go labharfadh is na bodhráin go n-éistfeadh,


L. 293


Na daoine a bhí dall ó bhroinnibh a máthara,
Aige foscailt a súile le fuaimneach a chuid Gaeilge,
Na bacaigh ag siubhal go lúfar aerach -
'S a Mhuire na páirte, nach é an steallradh bréag é!



Cha chreidim níos mó i nglór na dtréatúr,
Ó chonnairc mo shúile gach cluain agus éigceart,
Aige cur in umhail go raibh Lútar rónaomhtha -
Is saoilim go mbeidh an Cúca seo tútach dhe féin.
Ach fanfad mar bhí mé nó go dtí lá an tsléibhe,
Go loiscfear gach ní atá faoi na néalta,
I ndóchas diongbhálta go bhfaighidh síol Éabha
Le toradh na Páise, grásta agus saoradh. Amen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services