Lucht Mharbhtha na Gaedhilge.
Cread é an dream is mó atá ag marbhadh na Gaedhilge fá láthair agus ag
a chur ó bheith dá labhairt agus dhá sgríobhadh? Ní thigid na hughdair le n-a chéile
fán gceist sin. Is é rud adeir dream aca .i. gur ab é Riaghaltas Shasan atá
ag a dhéanamh. Deir dream eile gur ab í an chliar agus dream eile gur ab iad
lucht teagaisg na sgol is cionntach. Is féidir cuid de'n fhírinne do bheith ag
gach dream dhíobh soin acht is é mo bharamhail féin nach bhfuil aon dream ann is
mó atá ag marbhadh na Gaedhilge fá láthair ná lucht labhartha na Gaedhilge ó
dhúthchas. Cionnus soin? Tá seanfhocal ann “mol an óige agus tiocfaidh
sí,” acht, maidir le Gaedhilg, is é leagan atá ar an sean-fhocal ag Gaedhealibh
“Cáin an óige agus ní thiocfaidh sí.” Má thig Béarlóir isteach i n-aon áit i
nÉirinn ní thugthar fá deara a chuid Béarla agus ní cáintear é, dhá dhonacht an
Béarla atá aige nó dhá aistighe an blas atá air. Ach ar dteacht do dhuine
de lucht foghlumtha na Gaedhilge i measg na nGaedheal, ní baileach a bhíos a bhéal
fosgailte agus focal Gaedhilge labhartha aige an uair bhíos cainnteoir éigin ó
dhúthchas ag tabhairt maslaidh agus asmhúcháin dó nó ag déanamh truaighe dhó fá
n-a dhonacht atá an Ghaedhilg aige. “Ara, an dóigh leatsa go bhfuil Gaedhilg
agat?” “Ma'anam nach bhfuil agat ach Gaedhilg bhriste.” “'nDomhnach,
ní bhéidh Gaedhilg agat-sa go deo.” “Maise, ní'l an Ghaedhilg cheart agat-sa i
n-aon chor.” “Tá canamhaint ar do chuid-se Gaedhilge.” Agus mar sin de.
Sin é an port a bhíos aca agus muna duine daingean dána an mac léighinn is
gearr go mbaintear an croidhe is an misneach as agus go n-éirigheann as an
nGaedhilg ar fad. Ní fháightear aon locht i n-a chuid Béarla agus ní mian leis
bheith i n-a cheap magaidh nó i n-a dhíol truaighe ag Gaedhealaibh. Is iomdha duine
dúthrachtach d'éirigh as an nGaedhilg ar an ádhbhar soin. Agus tar éis an tsaoghail
is minic is ag an mac léighinn bhíos an ceart. Is iomdha canamhaint atá ar gach
focal nach mór, cuid aca ceart agus cuid aca bun ós cionn ar fad le sanasán
agus litriughadh an fhocail. Acht an cáinnteoir ó dhúthchas, a chomhnuigheas sa
mbaile gan baint aige le muinntir na gcúigí eile agus atá aineolach i léigheadh
agus i sgríobhadh na Gaedhilge measann sé nach féidir aon chanamhaint do bheith
ceart acht an chanamhaint atá i n-a bhaile dúthchais féin agus ní binn leis aon
fhocal nó leagan do chlos acht na cinn atá aige féin. D'á bhrígh sin is minic
a cháineas se an mac léighinn bocht mar gheall ar fhocal nó ar leagan atá i n-a
lán-cheart ag an mac léighinn agus bun ós cionn ar fad aige féin má tá sé aige
ar chor ar bith. Cuireann sin i gcuimhne dhom timthire de Chonnradh na Gaedhilge
togha Gaedhilgeora is eadh é — a bhí ag cainnt ag cruinniughadh i gconndae nach
conndae dúthchais dó. Do bhain sé go leor úsáide as an bhfocal “freisin.”
Ní raibh an focal sin ag muinntir na háite agus b'in é an focal ba mhó thugadar
fá deara san oráid agus d'á bhárr soin ba hé a mbaramhail nach raibh Gaedhilg
cheart ag an timthire agus cailleadh a chliú agus a cháil mar Ghaedhilgeoir san
áit sin! Dubhradar gurb í sin an “Ghaedhilg nuadh” do bhí na sgoláirí a
dhéanamh i mBaile Átha Cliath!
Na Gunnaí Móra.
Ach is deacair an milleán a chur ar dhaoine gan mórán eolais agus an gnó
céadna ar siubhal ag sgoláiribh maithe, ag ollamhnaibh agus eile. Ní dhéanann
an drong úd faic chun sgríobhadh na Gaedhilge do chur chun cinn. Leigid a sgíth
go socair sásta nó go bhfuil sé de dhánaidheacht ag duine mío-ádhmhar éigin
leabhar Gaedhilge do chur amach. Annsin is eadh bhíodhgas siad as a suan.
Beirid ar an leabhar. Go mór mhór má's i gcanamhaint nach canamhaint dóibh féin
atá sé sgríobhtha; ní fuláir leó léir-mheas cháinteach do sgríobhadh n-a thaobh.
Léighid leathanach nó dhó agus tá ádhbhar léir-mheasa aca! Dhá áirde na smaointí
atá sa chuid eile de'n leabhar, dá fheabhas an módh sgríobhtha, dá chlisteacht an chaoi
a bhfuil an sgéal curtha le chéile, is cuma soin uile má sgríobhann an t-ughdar
“a bhí” i n-ionad “do bhí” “tháinig” i leabaidh “táinig” nó “thug” i n-áit
“tug”. Caintear é agus annsoin is dócha nach mbeidh sé de mhisneach aige aon
leabhar eile do sgríobhadh.
Cuireann nós na druinge sin i gcuimhne dúinn na focla do sgríobh an
Ceitinneach ag cur síos dó ar lucht cháinte na hÉireann agus ag a gcur i
gcomparáid leis an phriompiollán: “Iseadh, iomorra, is nós do'n phroimpiollán
an tan tógbhas a cheann i san samhradh, bheith ar foluamhain ag imtheacht agus
gan chromadh ar mhion-sgoith d'á mbí san machaire, nó ar bhláth d'á mbí i lubhghort,
gémadh rós nó lile uile iad, ach bheith ar fuaidreadh go dteagmhann bualtrach
bó nó otrach capaill ris, go dtéid d'á unfairt féin ionnta.” Mar sin do
lucht cáinte na sgríobhnóirí Gaedhilge mar a gcéadna. Ní chromadh ar áilneacht
an leabhair nó ar na hárd-smaointibh atá ann dho-ghníd acht ní fuláir leis locht
d'fhághái i bponc beag gramadaighe nó i leagan éigin nach dtuigtear i na
ndúthaigh féin, ag tabhairt feabhais an leabhair i ndearmad. Sin é an dóigh ar
cuireadh stad beagnach le sgríobhadh na Gaedhilge mar ní lugha ar Éireannach
an sioc ná bheith n-a staicín aibhéise ós comhair an tsaoghail, bíodh go dtuilleann
nó nach dtuilleann sé an magadh. Tá a fhios agam duine a bhfuil leabhar amhrán
Gaedhilge le ceol réidh aici le cur amach acht ní féidir léi duine d'fhághail leis
na focla Gaedhilge do chur i n-eagar ar eagla an locht cáinte úd.
An Dúil Nimhe.
Droch-shompla eile bheireas an cainnteóir ó dhúthchas uaidh tres an dúil
nimhe bhíos aige i mBéarlóireacht. Tá daoine ann do bheadh ag treabhadh na talmhan
muna mbeidh Gaedhilg do bheith aca agus a bhfuil postaí móra agus tuarastal
maithe aca d'á bhárr soin agus focal Gaedhilge ní labhróchaidí ar bhás an domhain
le n-a ndaoinibh muinteardha féin. Ar n-a chlos sin do na daoinibh bochta ní
hiongnadh go n-abraid “Tá Gaedhilg sáthach maith d'fhear an bháinín acht, 'ar
ndóigh, ní'l sí sáthach maith d'ollamh Gaedhilge ná do dhaoinibh léigheannta.”
Is iontuigthe as an méid atá ráidhte agam gur ab é an cainnteoir ó dhúthchas
an namha is mó d'á bhfuil ag an nGaedhilg ar an aimsir seo. Tá sé ag éirghe
as an nGaedhilge do labhairt agus ag cur stad le daoinibh eile ghá labhairt agus
gha sgríobhadh. Tá sé ag tógáil a chlainne gan Ghaedhilg agus ní hé sin amháin
acht le droch-mheis uirthi. Ní bhíonn meas aige uirthi acht de réir mar tá airgead
le baint aisti. Dá mbeadh an spiorad ceart ann níorbh fhéidir le riaghaltas
ná le hEaglais ná le sgoil bá d'imirt ar an teangaidh go deó.
Cothrom na Féinne.