Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Treabhadh is Coga
Title
Treabhadh is Coga
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Treabhadh is Coga</title><author><name type="main">Conán Maol</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1914_10_24_03</note> <note type="L">03</note> <note type="B">1914</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1914_10_24_03</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Conán Maol</author><title>Treabhadh is Coga</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1914</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Treabhadh is Coga.</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Ciaca is tairbhighe dhúinn treabhadh nó coga? Cloisim a lán doine ag</span> <lb n="4"/><span>trách thar choga acht ní áirighim go labhartar gíog ar threabhadh an aimsir seo cé</span> <lb n="5"/><span>go bhfuil bánta na hÉireann ag dul chun fiadhantais le heasba rómhair.</span></p> <lb n="6"/> <lb n="7"/><p><span>Tá paisde beag talmhan agam féin, ní fiú garraidhe a thabhairt air tá sé</span> <lb n="8"/><span>chomh beag soin, acht mar sin fein bheadh iongna ort dá bhfeicfá na cnaip reamhra</span> <lb n="9"/><span>agus na meacain a fhasann ann. Bainim is cuirim é lem' ráinn féin. Badh</span> <lb n="10"/><span>lag le cuid d'ár bhfearaibh breith ar ráinn. B'fheár leo bheith ag éisteacht le</span> <lb n="11"/><span>Seán Réamonn nó giolla Airm éigin eile dhá mealladh chum troda leis an</span> <lb n="12"/><span>Siairmíneach. Ná'r chóír go bhfuil an iomad ag comhrac leis sin cheana. Tá </span> <lb n="13"/><span>seacht nó hocht de ríoghataibh i n-achrainn ann, agus an dá pháipéar náisiúntach</span> <lb n="14"/><span>so i mBleácliath an Daor agus an Súmaire ag amhastraigh air.</span></p> <lb n="15"/> <lb n="16"/><p><span>Is mór an tiongna liomsa go bhfuil an oiread soin óinseacha firionn is</span> <lb n="17"/><span>baineann i nÉirinn. Deir siad gur bh'é ár socar beith ar sgórnaigh ar an</span> <lb n="18"/><span>Siairmíneach, agus tá sé de phort aca gur bodaigh mheathta na fir seo againne</span> <lb n="19"/><span>toisg ná téid na sluaghtaibh i nArm Ghallda Sheáin Bhuidhe. Deir an Daor</span> <lb n="20"/><span>agus an Súmaire d'aon ghuth go bhfuil an ceart ag ár n-óinseachaibh.</span></p> <lb n="21"/> <lb n="22"/><p><span>Le linn mo óige bhíodh fear críonna ag cainnt liom ar chúrsaibh an tseana-</span> <lb n="23"/><span>shaoghail. Bhí cuimhne aige ar chogaibh Bhóna. D'innseadh sé dhom gur ghnáthach le</span> <lb n="24"/><span>gallaibh an ráfla a chur amach go raibh eirghe amach le bheith i nÉirinn agus</span> <lb n="25"/><span>annsoin go sguabfaidhe i n-aon oidhche amháin na mílte fear óg isteach ins na</span> <lb n="26"/><span>príosúnaibh ar fuid Éireann. Ní bhíodh ann ach cleas. Thugadh coiméadaidhe</span> <lb n="27"/><span>an phríosúin cogar des gach duine aca éalódh leis san Airm agus ná'r bhaoghal</span> <lb n="28"/><span>dó. Bhí a rian air. Chosain cuisleanna na hÉireannach Seán Buidhe ar Bhóna.</span> <lb n="29"/><span>“lem linnse,” adeireadh an fear críonna úd liom “bhí gach cúigmhadh fear i-</span> <lb n="30"/><span>mBeantraigh ar leathcois d'éis cathíbh Bhóna agus an méid aca do marbhuigheadh</span> <lb n="31"/><span>ar pháirc an bhuala 'na theannta soin táid siad thar áireamh.”</span></p> <lb n="32"/> <lb n="33"/><p><span>Ceist agam ortsa, a léightheóir: Cad a bhí do bhárr an éirligh úd ag Éire.</span> <lb n="34"/><span>Ní dócha gur mhachtnuigh an Daor 'ná an Súmaire, ná fós na hóinseacha?</span> <lb n="35"/><span>Sgríobhann na litreacha ar an gceist sin riamh, agus ní mó go bhfuil adhbhar</span> <lb n="36"/><span>machtnaimh na bplaosgaibh folamha. Riamh ó shoin ó aimsir Bhóna fuair na mílte-</span> <lb n="37"/><span>móra do bhuachaillibh Éireann bás obann ar faid an domhain ag sgrios is ag</span> <lb n="38"/><span>cosgairt ar ordúghadh Sheáin Bhuidhe. Deir seisean go raibh an méid sin riachtanach</span> <lb n="39"/><span>agus má's mar sin é ní foláir 'ná go mbeidh sonas ar Éire dhá dhruim agus nách </span> <lb n="40"/><span>gádh d'aon againn eagla a bheith air go n-agróchar ar Éire a cionnta le sgiúrsaibh.</span></p> <lb n="41"/> <lb n="42"/><p><span>Féach uait arís ar an gcéad bliadhan siar ó Bhóna. Áirimhighthear gur</span> <lb n="43"/><span>cailleadh ag comhrac ar thaobh na Fraince i gcaitheamh na haimsire sin maor</span> <lb n="44"/><span>gcéad míle Éireannach. Nách rathmhar an tír í seo againn i bhfearaibh agus nár</span> <lb n="45"/><span>ba fhial an dream sinn i gcomhnuidhe agus go mbímis toilteannach ar shluaightibh</span> <lb n="46"/><span>dhár gcuid fear a leigean chum comhraic i dtíorthaibh iasachta, is cum ciaca ar</span> <lb n="47"/><span>thaobh Fraincach, Spáinneach ná Sasanach é. Ar aghaidh libh a Ghaedheala! Bhí an</span> <lb n="48"/><span>chiall riamh agaibh. Is tairbhighe bheith ag troid le daoinibh ná feachuighis raim agus</span> <lb n="49"/><span>ná'r dhéin pioc diobhála dhuit ná breith ar ráinn i nÉirinn agus í sathadh go sacailte</span> <lb n="50"/><span>i gcré úr an mhachaire. Cé hé an ghliobóg fir a bheadh ag romhar agus ag cur</span> <lb n="51"/><span>gabáisde is lún geimhridh an aimsir áluinn seo do bhliadhain nuair atá sé nár</span> <lb n="52"/><span>gcumas sgeinne amach go dtí an Fhrainc mar a bhfuil an biothamhnach soin an</span> <lb n="53"/><span>Siairmíneach ag rith ar Sheán mhaith Bhuidhe. Deir seanchaile sa Súmaire go</span> <lb n="54"/><span>dtabharfaidh sí comhairle des gach cailín óg sa chathair gan féachaint ar aon </span> <lb n="55"/><span>againn feasda táimíd chomh suarach chomh meathta soin Óch ach Ón! B'fhearra</span> <lb n="56"/><span>dhuit, a óigfhir brostughadh chum an chatha. Tá gádh leat, cloisim. Suidhfear i</span> <lb n="57"/><span>bpluais ar thaobh cnocáin thú. Ná bac an tanródh ná easba bídh 'ná díghe, 'ná fuacht</span> <lb n="58"/><span>'ná fluchán, 'ná pluda fuar fad' chosaibh; sgaoil ar an namhaid, agus má </span> <lb n="59"/><span>thagann sé i n-athchomair dhuit rop do shleagh go feirc ann. Seachain tú féin air</span> <lb n="60"/><span>ámh, diabhlaidhe chun comhraic iseadh é, preabann spreacha teinntreach amach as.</span> <lb n="61"/><span>Is cuma dhuit má déantar plest díot, má's oifigeach tú beidh d'ainm ins an</span> <lb n="62"/><span>Roll of Honor ar an Súmaire agus léighfidh gach duine é. Buailfear thú gan</span> <lb n="63"/><span>amhras, beir-se ar fhaobhar an chatha i dteannta na nGaedheal, agus nuair a</span> <lb n="64"/><span>bheas na putóga ar sile leat agus iotaig an domhain ort an uair sin ná bíodh</span> <lb n="65"/><span>ceist ort má deir feisirí na hÉireann go bhfuil sé riachtanach ort fuil do</span> <lb n="66"/><span>chroidhe a thabhairt ar son Shasana, agus Éireann. Tá an ceart ag na feisirí is</span> <lb n="67"/><span>dócha. Is maith é a gcomhairle. Ní bheadh a gcomhairle againn dá mbeidís amuich</span> <lb n="68"/><span>ar pháirc an bhuala sa hFrainc agus dá réir sin congabhóchmaid sa bhail iad mar</span> <lb n="69"/><span>a mbeidh cúinne cluthmhar aca agus leabaidh chluimh chun codlata.</span></p> <lb n="70"/> <lb n="71"/><p><span>Ní bhfuil aon amhras ná go rabhamar go léir ag dul ar aimhleas le fada.</span> <lb n="72"/><span>Do shamhluighinn féin go raibh naoi milliún duine sa tír seo tá tamall ó shoin</span> <lb n="73"/><span>agus deirtear nách bhfuil leath an méid sin innte indiu. Shíleamair gur b'é</span> <lb n="74"/><span>imirce toisg droch dhlighthe d'fholmhuigh an tír seo, acht deir na feisirí liom go</span> <lb n="75"/><span>bhfuilmíd saor indiu. Ach ar a shon san is eile deir said ná fuil aon ghnó</span> <lb n="76"/><span>againn des na fearaibh óga agus gur córa dhóibh sodar leo chum an chogaidh i</span> <lb n="77"/><span>gcás go meidís mar bhia ag gunnaí móra an tSiairmínigh.</span></p> <lb n="78"/> <lb n="79"/><p><span>Léigheas ins an “Irish Times” tá coicthigheas ó shoin leitir ó fhear airm</span> <lb n="80"/><span>mhacánta Cornil Ó Coitir dá radh go raibh a cothrom féin déanta ag Éire toisg</span> <lb n="81"/><span>gur thug sí trí fhichid míle dá clann mhac do'n choga uathbhásach so ar siubhal. Ní</span> <lb n="82"/><span>sháiseoch' an maithshluagh soin na feisirí seo againne, tá a thuille uatha. Maoidheann</span> <lb n="83"/><span>leis an fear cainnte sin T. P. O' Connor gur chuaidh amach sa isteach leis an</span> <lb n="84"/><span>oiread céadna do Ghaedhealaibh i Sasana sa nArm le deidheannaighe le n-a</span> <lb n="85"/><span>thafant féin.</span></p> <lb n="86"/> <lb n="87"/><p><span>Leagha chúbhair na habhann ar na feisirí adeir bean Ghaedhealach áirithe go</span> <lb n="88"/><span>bhfuil ógánach mic aice. Cad na thaobh adeir sí ná téid siad féin ins an arm?</span> <lb n="89"/><span>Bog, breágh, a nighean ó, daoine móra is eadh na feisirí, ní leomhfa focal a</span> <lb n="90"/><span>labhairt 'na gcoinnibh. Cad a dhéanfaimís gan iad ag baile? Ní bheadh aon</span> <lb n="91"/><span>ghiolla-airm againn gur bh'fhiú giolla-airm a thabhairt air. Fir thuisgionacha is</span> <lb n="92"/><span>eadh iad do réir dhealraimh agus léigheadar stair a dtíre go cúramach agus</span> <lb n="93"/><span>bhaineadar an bhrigh cheart as. Tá beagáinín milleáin agam fhéin ortha. </span> <lb n="94"/><span>Bhíodar ag iarraidh a chur 'na luighe orainn ná raibh i Ned Carson acht bolgán</span> <lb n="95"/><span>béic, acht táid siad ar mhalairt aigne indiu. Do shíleamar mar iad féin ná</span> <lb n="96"/><span>raibh sa Ned seo acht fear gaoithe. Bhí breall orainn. Tuigimíd anois gur</span> <lb n="97"/><span>measa é mar namhaid chugainn 'ná Impíre na Gearmáine agus nách bhfuil aon</span> <lb n="98"/><span>chuimhne ag Seán Buidhe smacht a chur air. Dá réir sin measann an Réamonach</span> <lb n="99"/><span>trí fichid míle des na hÓglaigh seo againne do thiomáint amach chum comhraic i</span> <lb n="100"/><span>dteannta Sheáin Bhuidhe. Muirbheachar iad go léir acht amháin cúpla céad agus</span> <lb n="101"/><span>béidh leath an méid sin ar leath-chois. Nuair a fhillfidh an t-earball bocht so</span> <lb n="102"/><span>na nÓglach go hÉirinn tógfaidh an Réamonach leis iad go Cúige Uladh agus fir</span> <lb n="103"/><span>na leath-chos ar thosach an tsluaigh. Féach a cháirde adeirfidh sé, ní bhfuil agamsa</span> <lb n="104"/><span>acht an dá chéad so agus tá céad míle fear armtha agaibhse, fuair mo chuid fearsa</span> <lb n="105"/><span>go léir bás ag cosaint na hImpireachta agus mar a mbeadh soin bheadh an</span> <lb n="106"/><span>oiread fear agamsa agus do bhainfeadh teine creasa asaibhse. Ar son mo laoch</span> <lb n="107"/><span>atá fá chré sa bhFrainc géillidh anois do Hóm Rúl agus bíodh síothcháin againn</span> <lb n="108"/><span>sa tír seo. Ní thuigim go cruinn cad é an toradh a bheidh ar an Réamonach 'na</span> <lb n="109"/><span>dhiaidh sin i gCúige Uladh acht gan amhras tuigeann seisean é. Tá inntleacht ag</span> <lb n="110"/><span>fear stáit nách bhfuil agamsa, agus dá réir ní bhfuil aon bhrígh domhsa mo thuairm</span> <lb n="111"/><span>a thabhairt ar an sgéal mar na beadh innte acht tuairim thuathalach.</span></p> <lb n="112"/> <lb n="113"/><p><span>Conán Maol.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services