Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Treabhadh is Coga

Title
Treabhadh is Coga
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Treabhadh is Coga.



Ciaca is tairbhighe dhúinn treabhadh nó coga? Cloisim a lán doine ag
trách thar choga acht ní áirighim go labhartar gíog ar threabhadh an aimsir seo cé
go bhfuil bánta na hÉireann ag dul chun fiadhantais le heasba rómhair.



Tá paisde beag talmhan agam féin, ní fiú garraidhe a thabhairt air tá sé
chomh beag soin, acht mar sin fein bheadh iongna ort dá bhfeicfá na cnaip reamhra
agus na meacain a fhasann ann. Bainim is cuirim é lem' ráinn féin. Badh
lag le cuid d'ár bhfearaibh breith ar ráinn. B'fheár leo bheith ag éisteacht le
Seán Réamonn nó giolla Airm éigin eile dhá mealladh chum troda leis an
Siairmíneach. Ná'r chóír go bhfuil an iomad ag comhrac leis sin cheana. Tá
seacht nó hocht de ríoghataibh i n-achrainn ann, agus an dá pháipéar náisiúntach
so i mBleácliath an Daor agus an Súmaire ag amhastraigh air.



Is mór an tiongna liomsa go bhfuil an oiread soin óinseacha firionn is
baineann i nÉirinn. Deir siad gur bh'é ár socar beith ar sgórnaigh ar an
Siairmíneach, agus tá sé de phort aca gur bodaigh mheathta na fir seo againne
toisg ná téid na sluaghtaibh i nArm Ghallda Sheáin Bhuidhe. Deir an Daor
agus an Súmaire d'aon ghuth go bhfuil an ceart ag ár n-óinseachaibh.



Le linn mo óige bhíodh fear críonna ag cainnt liom ar chúrsaibh an tseana-
shaoghail. Bhí cuimhne aige ar chogaibh Bhóna. D'innseadh sé dhom gur ghnáthach le
gallaibh an ráfla a chur amach go raibh eirghe amach le bheith i nÉirinn agus
annsoin go sguabfaidhe i n-aon oidhche amháin na mílte fear óg isteach ins na
príosúnaibh ar fuid Éireann. Ní bhíodh ann ach cleas. Thugadh coiméadaidhe
an phríosúin cogar des gach duine aca éalódh leis san Airm agus ná'r bhaoghal
dó. Bhí a rian air. Chosain cuisleanna na hÉireannach Seán Buidhe ar Bhóna.
“lem linnse,” adeireadh an fear críonna úd liom “bhí gach cúigmhadh fear i-
mBeantraigh ar leathcois d'éis cathíbh Bhóna agus an méid aca do marbhuigheadh
ar pháirc an bhuala 'na theannta soin táid siad thar áireamh.”



Ceist agam ortsa, a léightheóir: Cad a bhí do bhárr an éirligh úd ag Éire.
Ní dócha gur mhachtnuigh an Daor 'ná an Súmaire, ná fós na hóinseacha?
Sgríobhann na litreacha ar an gceist sin riamh, agus ní mó go bhfuil adhbhar
machtnaimh na bplaosgaibh folamha. Riamh ó shoin ó aimsir Bhóna fuair na mílte-
móra do bhuachaillibh Éireann bás obann ar faid an domhain ag sgrios is ag
cosgairt ar ordúghadh Sheáin Bhuidhe. Deir seisean go raibh an méid sin riachtanach
agus má's mar sin é ní foláir 'ná go mbeidh sonas ar Éire dhá dhruim agus nách
gádh d'aon againn eagla a bheith air go n-agróchar ar Éire a cionnta le sgiúrsaibh.



Féach uait arís ar an gcéad bliadhan siar ó Bhóna. Áirimhighthear gur
cailleadh ag comhrac ar thaobh na Fraince i gcaitheamh na haimsire sin maor
gcéad míle Éireannach. Nách rathmhar an tír í seo againn i bhfearaibh agus nár
ba fhial an dream sinn i gcomhnuidhe agus go mbímis toilteannach ar shluaightibh
dhár gcuid fear a leigean chum comhraic i dtíorthaibh iasachta, is cum ciaca ar
thaobh Fraincach, Spáinneach ná Sasanach é. Ar aghaidh libh a Ghaedheala! Bhí an
chiall riamh agaibh. Is tairbhighe bheith ag troid le daoinibh ná feachuighis raim agus
ná'r dhéin pioc diobhála dhuit ná breith ar ráinn i nÉirinn agus í sathadh go sacailte
i gcré úr an mhachaire. Cé hé an ghliobóg fir a bheadh ag romhar agus ag cur
gabáisde is lún geimhridh an aimsir áluinn seo do bhliadhain nuair atá sé nár
gcumas sgeinne amach go dtí an Fhrainc mar a bhfuil an biothamhnach soin an
Siairmíneach ag rith ar Sheán mhaith Bhuidhe. Deir seanchaile sa Súmaire go
dtabharfaidh sí comhairle des gach cailín óg sa chathair gan féachaint ar aon
againn feasda táimíd chomh suarach chomh meathta soin Óch ach Ón! B'fhearra
dhuit, a óigfhir brostughadh chum an chatha. Tá gádh leat, cloisim. Suidhfear i
bpluais ar thaobh cnocáin thú. Ná bac an tanródh ná easba bídh 'ná díghe, 'ná fuacht
'ná fluchán, 'ná pluda fuar fad' chosaibh; sgaoil ar an namhaid, agus má
thagann sé i n-athchomair dhuit rop do shleagh go feirc ann. Seachain tú féin air
ámh, diabhlaidhe chun comhraic iseadh é, preabann spreacha teinntreach amach as.
Is cuma dhuit má déantar plest díot, má's oifigeach tú beidh d'ainm ins an
Roll of Honor ar an Súmaire agus léighfidh gach duine é. Buailfear thú gan
amhras, beir-se ar fhaobhar an chatha i dteannta na nGaedheal, agus nuair a
bheas na putóga ar sile leat agus iotaig an domhain ort an uair sin ná bíodh
ceist ort má deir feisirí na hÉireann go bhfuil sé riachtanach ort fuil do
chroidhe a thabhairt ar son Shasana, agus Éireann. Tá an ceart ag na feisirí is
dócha. Is maith é a gcomhairle. Ní bheadh a gcomhairle againn dá mbeidís amuich
ar pháirc an bhuala sa hFrainc agus dá réir sin congabhóchmaid sa bhail iad mar
a mbeidh cúinne cluthmhar aca agus leabaidh chluimh chun codlata.



Ní bhfuil aon amhras ná go rabhamar go léir ag dul ar aimhleas le fada.
Do shamhluighinn féin go raibh naoi milliún duine sa tír seo tá tamall ó shoin
agus deirtear nách bhfuil leath an méid sin innte indiu. Shíleamair gur b'é
imirce toisg droch dhlighthe d'fholmhuigh an tír seo, acht deir na feisirí liom go
bhfuilmíd saor indiu. Ach ar a shon san is eile deir said ná fuil aon ghnó
againn des na fearaibh óga agus gur córa dhóibh sodar leo chum an chogaidh i
gcás go meidís mar bhia ag gunnaí móra an tSiairmínigh.



Léigheas ins an “Irish Times” tá coicthigheas ó shoin leitir ó fhear airm
mhacánta Cornil Ó Coitir dá radh go raibh a cothrom féin déanta ag Éire toisg
gur thug sí trí fhichid míle dá clann mhac do'n choga uathbhásach so ar siubhal. Ní
sháiseoch' an maithshluagh soin na feisirí seo againne, tá a thuille uatha. Maoidheann
leis an fear cainnte sin T. P. O' Connor gur chuaidh amach sa isteach leis an
oiread céadna do Ghaedhealaibh i Sasana sa nArm le deidheannaighe le n-a
thafant féin.



Leagha chúbhair na habhann ar na feisirí adeir bean Ghaedhealach áirithe go
bhfuil ógánach mic aice. Cad na thaobh adeir sí ná téid siad féin ins an arm?
Bog, breágh, a nighean ó, daoine móra is eadh na feisirí, ní leomhfa focal a
labhairt 'na gcoinnibh. Cad a dhéanfaimís gan iad ag baile? Ní bheadh aon
ghiolla-airm againn gur bh'fhiú giolla-airm a thabhairt air. Fir thuisgionacha is
eadh iad do réir dhealraimh agus léigheadar stair a dtíre go cúramach agus
bhaineadar an bhrigh cheart as. Tá beagáinín milleáin agam fhéin ortha.
Bhíodar ag iarraidh a chur 'na luighe orainn ná raibh i Ned Carson acht bolgán
béic, acht táid siad ar mhalairt aigne indiu. Do shíleamar mar iad féin ná
raibh sa Ned seo acht fear gaoithe. Bhí breall orainn. Tuigimíd anois gur
measa é mar namhaid chugainn 'ná Impíre na Gearmáine agus nách bhfuil aon
chuimhne ag Seán Buidhe smacht a chur air. Dá réir sin measann an Réamonach
trí fichid míle des na hÓglaigh seo againne do thiomáint amach chum comhraic i
dteannta Sheáin Bhuidhe. Muirbheachar iad go léir acht amháin cúpla céad agus
béidh leath an méid sin ar leath-chois. Nuair a fhillfidh an t-earball bocht so
na nÓglach go hÉirinn tógfaidh an Réamonach leis iad go Cúige Uladh agus fir
na leath-chos ar thosach an tsluaigh. Féach a cháirde adeirfidh sé, ní bhfuil agamsa
acht an dá chéad so agus tá céad míle fear armtha agaibhse, fuair mo chuid fearsa
go léir bás ag cosaint na hImpireachta agus mar a mbeadh soin bheadh an
oiread fear agamsa agus do bhainfeadh teine creasa asaibhse. Ar son mo laoch
atá fá chré sa bhFrainc géillidh anois do Hóm Rúl agus bíodh síothcháin againn
sa tír seo. Ní thuigim go cruinn cad é an toradh a bheidh ar an Réamonach 'na
dhiaidh sin i gCúige Uladh acht gan amhras tuigeann seisean é. Tá inntleacht ag
fear stáit nách bhfuil agamsa, agus dá réir ní bhfuil aon bhrígh domhsa mo thuairm
a thabhairt ar an sgéal mar na beadh innte acht tuairim thuathalach.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services