An bhfuighbhidh sí bás?
Tá an Gaedhealg ag dul chum báis le trí chéad bliadhan. Ní dhéanfadh sé
aon díoghbháil ar domhan dá gcuimhnighmís air sin nuair bhímíd ag cur síos ar bhás
nó ar bheathaidh na Gaedhilge. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann ná haon-
tóchaidh leis mar bharamhail. Ach má tá éinne gur féidir leis baramhail do
nochtadh annso ná beidh locht le fagháil ag duine eigin uirre “bainfeadsa féin
go séimh mo hata dhíom,” is umhlóchad dó go lághach go féar. Do bhí an Ghaedhealg
go bríoghmhar éifeachtach mar ghnáith-theanga i n-aimsir Shéathrúin Chéitinn. Tá
soin le feicsint i n-a chuid leabhartha. Tá sí ag meath ó shoin anall. Is iomdha fáth
do bhí leis an meath, acht ní gádh iad do luath ná do chuardach annso. Is leor a
fhios do bheith againn go raibh sí ag fagháil bháis le trí chéad bliadhan. Acht, i n-a
dhiaidh sin agus uile, tá sí beó, agus ní hamháin go bhfuil sí beó, acht níor deineadh
an oiread fothroim agus fógartha mar gheall uirre riamh agus do dheineadh le
fiche bliadhan. Agus tuigimís freisin nár thug an choitchiantacht fá ndeara go dtí
sin go raibh sí ag fagháil bháis riamh.
Tá a fhios againne é, agus “iad so go mbíonn fios aca, ba cheart go
mbeadh leigheas aca,” mar adeir an sean-fhocal. An bhfuil an leigheas againn?
Sin í an fhadhb.
Maidir leis an ngalldacht, amh, is eol do chách ná bhfuil aon chóir is fearr
ioná na Sgoileanna chum an Ghaedhealg do bhuanú. Do-rinneadh sár-iarracht le
déaghnaighe chum feabhas do chur ar an obair is na sgoilibh, acht do chuir Cisde
Shasana i n-choinne, agus dá bhrigh sin, do theip air mar iarracht. Acht, már theip
féin, do gheobhfaidhe obair mhaith do dhéanamh dá nbeadh muintear an Bhúird
Náisiúnta fábharach, nó ar a luighead, dá dtugaidís fiú amháin cothrom na Féinne
do'n Ghaedhilg. Ní thugaid, agus bíodh a fhiadhnaise sin ar na cigiríbh agus an
tslighe i bhfuil an sgéal i n-a dtaoibh. Ba mhinic a dubhairt muintear an Bhúird
gur mó suim do chuirid fein is an Ghaedhilg ioná mar do chuirid muintear na
hÉireann innti. Do bhí cigire ag teasdáil i ndúthaigh Déise le déaghnaighe, áit
i bhfuil an Ghaedhealg fós ag óg agus aosta. Ní'l Comhairle ná Coisde ná bórd
puiblidhe is an dúthaigh sin ó Mhachair Chaisil go hOileán Uí Bhric agus ó Lios
Mhór go Ceann Chriadáin nár iarr ar mhuintir an Bhúird cigire do chur chuca go
mbeadh Gaedhealg go beacht baileach aige. Acht cadé an freagra fuaradar?
Fuaradar mar fhreagra ná raibh aon chigire oireamhnach le fagháil aca muna
ndéanaidís muintear an bhúird fear d'athrú ó Chontae Mhuigheo nó ó Chondae na
Gaillimhe. Acht cadé a chúis ná fuil cigirí oireamhnacha aca do'n Ghaedhealtacht
go léir? Agus do bheadh go bog ámadh mhaith leo é. Acht taisbeánann so go
soiléir gur cuma leo an Ghaedhealg agus an Ghaedhealtacht. Cad tá le déanamh?
Tá, na páisdí do thógaint ó sna sgoilibh so ná fuil ceart agus comhthrom dá
fhagháil ag an nGaedhilg ionnta. Ach, an ndéanfar soin? Tá eagla orm go
bhfuil a fhios ag muintir an Bhúird ná déanfar. Sin é an fáth go bhfuilid chomh
dana is atáid: sin é an fáth ná fuil aon bheann aca ar an nGaedhilg. Do-gheobhadh
na daoine cuid mhór do dhéanamh dámadh mhaith leo é, agus ní i dtaoibh na sgol
amháin do-gheobhaidís é do dhéanamh. Do gheaobhaidís an Ghaedhealg do labhairt le
sna páisdíibh. Sin slighe chomh maith le sna sgoilibh chun í do choimeád beo is an
nGaedhealtacht. Acht an bhfuil na daoine is an nGaedhealtacht dá labhairt chomh
coitchionta agus badh chóir dóibh do dhéanamh? Is dócha go bhfuilid i n-áiteannaibh,
acht atá sé ráidhte go bhfuil sí ag fagháil bháis, agus má tá, baineann sé le deall-
ramh go bhfuil na seandaoine is an nGaedhealtacht dá ceilt agus da séanadh
ar an aos óg.
Do chífear as an méid sin gurbh' amhlaidh ata an sgéal aici ná (1) an riaghaltas
do bheith go namhadamhail i n-a aghaidh, agus (2) na tuismightheoirí do bheith 'gá
séanadh ar an aos-óg. Sin é an galar. Cá bhfuil an leigheas? Cá bhfuil an luibh
íce agus sláin-san? Is ait mar sgéal é, acht, ar shon go bhfuil daoine is an
nGaedhealtacht ag séanadh na Gaedhilge ar a gclainn, is dóigh liom gur fíor go
bhfuil aigne phuiblidhe na hÉireann go láidir ar taoibh na Gaedhilge. Is geal
agus is gnaoi le Gaedhlaibh fós an tsean-oighreacht uasal rugadar leo ó ghlún
go glún agus ó aois go haois ó aimsir Ghaedhil ghlais anuas. Bíodh a fhiadhnaise
sin ar an gcorruighe mór do-rinneadh i mbliadhna, ar fheabhas agus ar líonmhaire
na bhfeiseanna do bhí ar siubhal ar fuaid na dúithche. Ní rabhadar riamh ní
bfhearr ná ní ba mhó. Acht má tá na daoine chomh láidir sin ar thaoibh na Gaedhilge
cadé an chúis ná tágaid siad na páisdí ó sna sgoilibh gallda? Ní fios domsa cadé
a chúis é, acht atá a fhios agam go bhfuil rudaí eile i n-a aigne fá láthair aca go
bhfuil poilitidheacht agus saighiuireacht nó “óglachuigheacht” i n-a n-aige aca.
Acht ní fada go mbeidh ceist Home Rule socair ar thaoibh éigin. Agus cade
an uirlis dob' acraighe do Ghaedheal an uair sin? Tar éis an ghunna an guth
nó an bhóta. Is féidir le muintir an Bhúird Náisiúnta do rádh anois ná fuil i
n-ár gcuid cainnte go léir acht gaoith agus glagaireacht. Acht beidh lá eile ag
an nGaedhilg, agus thiocfaidh Mac Raicín .i. make reckoning, ar tháinig sé
fadó, do réir an Chéitinnigh go dtí an ceithrearnach ó iarthar Mhumhan. Agus
caithfimidne bheith réidh chum congnamh do thabhairt do Mhac Raicín, agus ár ngcluiche
féin d'imirt go haicillidhe ar chlár táiplise na poilitidheachta. Bainrioghain an
chluiche sin an bhóta, agus má oibrighmíd go maith í, agus Pairliment na hÉireann
do Ghaedhlú má thagann sé, beidh deire le réim na mBórd nGallda, agus ní
bhfuighbhidh an Ghaedhealg bás.
Pádraig Ó Dálaigh.