Gaedhil ag teacht as an Cheasnaoidhean.
Galar éagsamhail do thigeadh ar shean Ultach ba eadh an ceasnaoidhean
do bhaineadh a mbrigh agus a n-aigneadh agus a dtoil uatha comhfhad is mhair
sé agus an rud ba mheasa 'sa ghalar go dtigeadh sé ortha i n-am contráilte
mio-thráthamhail nuair do theastuigh a mbrigh agus a bhfuinneamh uatha. Is
dóigh liom go raibh an galar seo ar mhuintir na hÉireann i gcoithchionn le
seal fada bliadhan ach go bhfuil sé ag glanadh dínn sa deireadh. Sin é an
fáth gur eirigh le n-ar naimhdibh dallóg do chur ar ar súilibh agus sinn do
bhréagadh ar nós páisdí chomh fhad is bhí an galar uathbhásach úd i nar
gcuisleanaibh agus saoibh-chiall agus ísiol brigh i n-ar gceannaibh agus i n-ar
mballaibh. Sin é an fáth gur eirigh le na bórdaibh adhbhar magaidh a dhéanamh
de'n Ghaedhilg ins na sgoltaibh. Sin é an fath nár eirigh sluath na
nGaedheal amach in a gcoinnibh agus brusgar do dhéanamh daoibhthe agus
oideachas na tíre do ghlacadh as a lámhaibh. Agus sin é an fáth fosda go
raibh an dream poilitidheachta thall ag deanamh adhbhair mhagaidh do shaoirseacht
na tíre, ag leigint ortha féin go raibh fonn ortha Riaghaltas fá leith do
thabhairt dúinn ach gach uile mhoill do chur air agus a ghearradh anuas go
dtí nach mbeadh fágtha, dá maireadh an ceasnaoidhean, ach sgáil riaghaltais
gan chumhacht gan bhrígh, gan urraim.
Ach sa deireadh thuit ruda amach do mhusgail na Gaedhil agus atá ag
leigheas a ngalair. Bagradh na gunaí ortha agus bagradh an tír do
sgoilteadh i na dhá leith. Na glas-Ultaigh do bhagair na gunnaí orainn
tá siad ag fághail cuidiú agus meisnigh ó'n fhear thall. Annnsin mhusgail na
Gaedhil agus ba mhithid dóibh é. Taithe eile agus bheadh an anachan deanta
agus budh dheacair a leigheas. Bheadh na glas-Ultaigh i seilbh an chúigidh
agus claidhe teorann tógtha timchioll air nár bhféidir a leagan ar lár le
n-ár linne. Is dóigh liom go ndéanfar iarraidh ar an chlaidhe do thógbháil
anois féin agus go gcuirfear fál gunnaí agus pící ar a bharr. Tá na
gunnaí ann agus na pící. Tá fhios ag an tsaoghal do dtáinig laisd
luinge aca isteach thar farraige, ach níl fhios ag gach duine go bhfuil siad ag
teacht isteach ó shoin féin; agus ní hiad na gunnaí gearra amháin ach
innealla mharbhthacha d'imreochadh bás obainn ar na céadtaibh i mbeagan
aimsire.
Tá an oiread sean-Ultach san chúige is gur bhféidir leo an cath do
chosaint uatha féin dá mbeadh na gléasa troda aca agus iad oilte dá réir.
Ach is beag a n-oileamhaint go seadh agus níl na gunnaí ró-fhairsing aca is
dóigh liom. Ar an adhbhar sin tá sé ar Ghaedhealaibh na gceithre gcúigeadh
bheith ullamh le cabhrú leo agus gan am do chailleadh nuair thiocfas am fuagra.
Tá contabhairt ann go ndéanfar dearmad do'n Ghaedhilg chomh fhad is
tá an cogadh ar cois, má bhíonn sé ar cois. Tá contabhairt ann go
ndéanfar dearmad don Ghaedhilg le linn an ullmhuighthe fein. Ní fheicim
go bhfuil na hÓglaich ag déanamh úsáid ar bith de'n Ghaedhilg i n-ealadhain
cogaidh, agus ní fheicim Gaedhilg ar bith i na bpáipéar ní i na gcuid
litridheachta. Tuigim go bhfuil praidhinn ortha fá láthair agus nach bhfuil
faill aca cuimhniú ar ghach uile rud. Mar sin féin má théid siad giota
slighe ar chasán contráilte beidh sé deacair orra tionntú ar ais agus an
bealach ceart do chuartú ar ball. Ní raibh adhbhar gáire ann ariamh chomh
mór is bheadh ann, dá mbeadh na hÓgláich fonnmhar troid ar son na tíre ach
iad bheith sásta leanmhaint do theanga ár námhad.
Na daoine nach mbeidh sa troid agus nach mbeidh ortha ullmhú le haghaidh
troda, agus tá mé féin ar dhuine aca, sílim, budh cheart cúram speisealta
bheith ortha fá'n Ghaedhilg. Na gasra agus na mná, tig leobhtha obair na
Gaedhilge do choimhead. Na sagairt ní bhéidh ortha troid. Ach nár bhféidir
leo an Ghaedhilg do chur dhá múnadh ins na sgoltaibh? Má ghní siad é béidh
obair ionraiceach lae déanta aca le hÉirinn do choinneail ó chrúbaibh an
aidhbhearsora. Anois ó tá an ceasnaoidhean ag gabhail ar gcúl i n-ar
measg is ceart do ghach dream againn ar ndíthchioll do dhéanamh; agus is
iomdha sin dóigh ann le náisiúntacht na hÉireann do chosaint.
Cú Uladh.