Gaedhealtacht Thír-Eoghain.
B'fhada mé ag gealladh dhom féin agus do'n
Athair Maitiú cuairt a thabhairt ar Chill Sgíre.
Áit é a bhfuil iomrádh air imeasg Gaedheal le
fada fada an lá. Áit é ar ar cuireadh síos go
mion minic. Áit é ar a gcuimhnigheann an té a
théigheas chun argúinteachta leis an Seoinín
nó leis an duine gan dóchas faoi stáid na cúise.
Áit é a dtagann a ainm i n-intinn chuile dhuine
a léigheas ar an bpáipéar faoi, nó a chloiseas
cainnt na ndaoine a cheapas nach féidir an
Ghaedhilg d'aithbheochaint sna háiteachaibh a raibh
sí caillte — cainnt a ghníthear shílfidhe, i n-aon
turas le mí-mhisneach a chur ar chách.
Ní hiongnadh, mar sin, go rabhas bródamhail
nuair fuaras faill, fa deireadh thiar, ar an
mbóthar ó thuaidh a thabhairt orm féin, agus
tamaillín a chaitheamh i gCill Sgíre na nGaedheal.
(Ceithre lá a shíleas a chaitheamh ann, acht ceithre
seachtmhainí a d'imithigh tharm sul ar éirigh liom
na cosa a thabhairt liom ar ais go Connachtaibh).
Sgiorras thar pháirc agus portach, thar chnoc
agus gleann, thar ghort agus garrdha, bóthar agus
bothán, baile beag agus baile mór, thar loch agus
eas agus abhainn, thar chuile áit níos áilne ná
a chéile — nó b'fhacthas dom gurab iad a bhí ag
gluaiseacht agus mise i mo chomhnaidhe — gur
bhuaileas leithead mo chos, de'n chéad uair, ar
thír agus talamh na Niallach — tír na gcnocán
agus na ngleantán.
Nach iomdha sin smaoineadh a tháinig i mo cheann
agus mé ar an mbóthar an tráthnóna úd.
Smaointe ar an sean-tsaoghal i dTír Eoghain
agus ar an tseach-tsaoirseacht. Smaointe ar ar
thárla ó ghabhaltas Gall anuas. Smaointe ar
Sheaghán agus Aodh agus Eoghan Ruadh …
Smaointe ar Dhún Geanainn agus seasamh na
bProtastúnach ag tabhairt dubhshláin na
Sasanach. Mo bhrón! nár thobann a cuireadh
athrughadh ar na smaointibh úd! Nár ghearr gur
cuireadh i gcuimhne dom gurab iomdha cor sa
tsaoghal seo! Tháinigeamar suas le dream
beag buachaillí, agus siubhal saighdiúirí fútha.
Gaill a bhí ionnta, dubhairt buachaill an
tsagairt, ag cleachtadh saighdiúireachta..
Ó smaoineadh ar Ghallaibh a d'éirigh amach, tráth,
ar son saoirseachta — sórt saoirseachta, go
breathnughadh ar Ghallaibh — a gclann siúd, ag
éirghe amach i gcoinnibh saoirseachta — sórt
saoirseachta, “b'fhada an réim do thug mé féin”
i n-aon nóiméidín amháin.
Athrughadh smaointe, fós, agus athrughadh saoghail
ar fad, i gceann nóiméidín eile. Fearadh na
fíor-chaoin fáilte ó'n Athair Maitiú, agus
saoghal i nÉirinn — an Éire nuadh, uaidh sin amach
gur fhágas slán ag Cill Sgíre, agus mé fá
cumhaidh agus fá chian.
Nach sgioptha a d'imith na laethe agus na
seachtmhainí, chomh sgioptha sin is nach bhféadfainn
gach ar thárla a chur síos i ndiaidh a chéile, dhá
mbuilinn faoi féin. Tá mar a bheadh sreath
peictiúrí de Chill Sgíre greannta ar mo
chuimhne, peictiúirí a choinneochadh go bráth le
breathnughadh ortha agus le tasbáint do mo
cháirdibh.
Tá, i n-a measg, na páisdí beaga bídeacha, ag
alpadh na Gaedhilge, amannta i dtrithíbh gáiridhe
ag féachain ar gheatsaibh buachalla bhig eicínt
bhí faoi spraic Eoghain Uí Ghallchobhair, agus
é ghá múnadh; nó ag éisteacht, agus a mbéal
agus a gcuid súl ar leatadh, le sgéal fá dhuine
de laochraibh na hÉireann do mhair sa tsean-
aaimsir. Na cailíní deasa gleoite, agus “luisne
n-a leicnibh mar rós” ag imirt camóguidheachta —
ag ritheacht, ag gáiridhe, agus ag sgairteadh ar
a chéile i nGaedhilg. Daoine óga, agus páisdí,
agus sean-daoine féin, d'á gcasadh orm ar an
mbóthar agus ag cur foráin orm i nGaedhilg.
An sgoil lán go doras de dhaoinibh óga ag
céilidh; páisdí geal-gháireacha ag damhsadh cor
nó port nó corn-phíopaí; cailíní óga binn-
ghlóracha ag gabháil amhrán — sheasfá sa sneachta
ag éisteacht leó; cailín nó buachaill beag cúthail
ag innseacht sean-sgéil; buachaillí agus
cailíní fré chéile agus “cor seisir” nó
“Ballaí Luimnighe” ghá dhamhsadh aca; An
tAthair Ó Grianáin ag tabhairt léigheachta uaidh,
ag cur síos ar Choláisde Chloch Cheannfhaolaidh,
ag baint gáiridhe as a lucht éisteachta, ag
trácht ar rud eicínt greannmhar do thuit amach
ann dó, nó ag cur a gcroidhthe ag preabadh le
teann bróid ag trácht ar an obair ar son na
hÉireann a bhí dhá dhéanamh ann; An tAtair
Maitiú féin, bun agus bárr agus lár na
hoibre ar fad, ghá ngríosadh go léir chun
tuilleadh suime a chur sa gcúis, chun tuilleadh
oibre a dhéanamh, chun tigheacht chuile tráthnóna
chuig na rangannaibh.
Tá go leor peictiúirí eile agam — bóithre fada
uaigneacha ag déanamh ar sgoileannaibh i
n-áiteachaibh iargcúltacha; oidí-sgoile ag obair
ar a lán-dhícheall odhche i ndiaidh oidhche chun na
rannganna a choinneaáilt a siubhal; daoine
óga sna sgoileannaibh céadna, nár chaith an
oiread is aon lá amháin ariamh i gceanntar
Gaedhealach, a sheasfadh ag coinneáilt Gaedhilge
le duine ar bith, amhail is gur tóigeadh le
Gaedhilge iad. Amhairc eile ar a gcuimhnighim
níl siad chomh taithneamhach sin. Feicim baile
beag Thrí Liaga mar chonnaiceas an chéad uair é
lá an “Chonnartha” agus bratach Ghallda ar eiteall
ó fhuinneógaibh gach ré tigh — dream fear ag
gluaiseacht i gcomhshiubhal le saidhiúireacht a
chleachtadh, agus ar ais le n-a gcuid ainm a chur
leis an “gConnradh.” Á, acht má chuir an t-amharc
sin brón orm bhain páisdí Chill Sgíre dhíom arís
é! Shíl siad, ar ndóigh, nach raibh na daoine
fásda ag cóimhlíonadh a ndualgais agus gan iad
féin a chur i gcéill. Agus rug siad-san ar
chamógaibh na gcailíní, tráthnóna amháin, agus
chuaidh i mór-shiubhal síos an tsráid ag gabháil
amhrán Gaedhilge agus “God Save Ireland.”
Cuma leo go ndearnadh gearán leis na póilibh
in a dhiaidh sin go raibh siad ghá iarraidh clampar
a thógáil, ag gabhail treasonable agus party
songs dóibh. Shíl na Gaill bhochta nárbh' fhulair
nó bhí na hamhráin go han-treasonable amach
a's amach nuair nár thuigeadar iad!
Rudaí beaga, ar bhealach, na rudaí do thuit
amach lá an Chonnartha. Rudaí iad atá imthighthe
ar nós sneachta an gheimhridh seo caithte. Acht an
obair atá ar siubhal fá stiúiriughadh an Athar
Mag Uidhir — ag a chuid Oidí-Sgoile, agus
Eoghan Ó Gallchobhair agus Liam Gráinséar i
bparáisde Chill Sgíre — sin rud a mhairfeas.
Sin obair ar a gcloisfear trácht san am le
teacht — b'fhéidir gur fada uainn fós é — nuair
cuirfear Coróin na Saoireachta ar an gCeann
Dubh Dílis.
Caitlín Nic Ghabhann.