Sgéula ó Ameiriocá.
Ní lásaí go lásaíbh Gaedhealacha. Sin é cuid
do'n soisgéal atá an sagart a thabhairt uaidh
seachnóin na Roinne so Ameiricó. Sul a
dtáinig Micheál Ó Flannagáin annso leis an
Teasbánadh, ba bhéas ag a lán de lucht na siopaí
a fhógairt go raibh beartaí lásaí deasa
Gaedhealacha aca, agus do cheannuigheadh na mná
saidhbhre iad agus do mheasaidís go raibh an
earradh dílis aca. Do dhéantaoi na lásaí
céadna san bhFrainnc agus san Spáinn agus
san Iodáil agus san nGearmáin agus i Sasana,
agus is dóigh nár mhisde dom Timbuctoo agus
Hong Cong agus Calamazoo do áireamh leis.
Do chonnaic Micheál cionnus mar do bhí an
sgéal agus do cheap a leigheas. Do chuaidh fá
dhéin lucht na siopaí úd agus do chuir sé i n-iumhail
dóibh go rabhadar ag dul thar an dlighe agus gur
bhaoghal dóibh ciotruinn beag má ba rogha leó
an tslighe cham tar an tslighe díreach. Agus
is dearbh gur ghlac a lán aca comhairle a leasa
do réir mar a chífear as a bhfuil im'dhiaidh.
Atá páipeár annnso dá ngoirthear “The Dry-
goodsman and General Merchant,” acht sul a
gcuirfead a thuilleadh dem' chroidhe, b'fhéidir go
mb'fearra dham an focal san Drygoods do
mhíniughadh dhíbh. Dry goods a thugann na
Ponncánaigh ar an rud a thugann muinntir na
nÉireann Drapery air agus Dry goods Store
ar Drapery Shop. Dá ndéarfá drapery
Shop annso, a dhuine, do shádhfaidhe isteach san
phríosún tú!
Fógrann duine darab ainm W. Walpole
Bell: Remember that I do not sell Irish laces
MADE IN GERMANY.
Adeir fear eile: No Syrian, Austrian,
French, or Hoboken “Irish.” Nothing but
goods made in Ireland.
Atáthar tar éis a fhiafraighe díom cad fáth ná
cuirim Gaedhilg ar fhoclaibh dá samhail
seo im' dhiaidh: Philo-Celtic Society, Knights
of Columbus, Ancient Order of Hibernians,
Irish Gaelic Society, American Daughters of
Ireland, srl. Mo fhreagra ar an té do chuir an
cheist sin orm, nách ceart ná nach cóir focail
dá samhail do tharraint a' Béarla i nGaedhilg.
Ní bheadh aon deallradh ortha agus ní bheadh aon
chiall ionnta agus ba leamh é mo ghnó agus ba
shuarach é mo chor mar adubhairt an madra ruadh
leis an gclog. Agus ní feas dam go ndéineann
aon dream eile é. Atá páipéar i bPáras na
Frainnce dá ngoirthear Le Matin. Ní thugann
muinntir Shasana “The Morning” air agus
cad fáth go dtabharfadh an Gaedheal “An
Mhaidean” air? Agus níor chuala riamh fós
éinne do thug “The Sword of Light” ar an
Claidheamh Sholuis. Dorighne an tAlbannach
bocht iarracht mhaith ar a thabhairt leis nuair do
thug sé an Klaadee-am Soloos air! Mo cheól é!
Dorighneadh oireacht mór do Mhicheál Ó
Flannagáin agus do Sheaghán Leslí i mBufffalo
istoidhche Dia Domhnaigh an cúigmhadh lá fichead
de mhí na Féile Brighde ins an halla is mó dá
bhfuil san cathair sin .i. Convention Hall, agus
do réir na sgéala do tháinig chugainn ins na
páipéaraibh an óráid dorighne an sagart an
oidhche sin do threis sí ar aon óráid dá ndearna
ó tháinig sé annso chughainn. Agus adeir Fionán
liom nach ndearna sí aon ullmhughadh 'na chóir
acht gurab amhlaidh do chaith an lá ag féachaint
ar easaibh mhilltacha Niagara. Atá na páipéir
lán dá chuid cainnte. Acht seo leitir do chuir
Fionán chugham agus bíodh sí agaibh.
i mBuffalo dham,
Feabhra 28, 1912.
Do Ghiolla na Luaithe .i. stampa geocaigh atá
sáidhte i n-áit éigin i gcathair mhór New York.
(Fan go bhfuighead-sa greim ort, a Fhionáin,
cuirfead do cheann ar spíce).
Is é sgéala atá agam duit, go ndearnadh
árd-oireacht ar fad dúinn annso, agus go
bhfuigheam mám maith airgid as. Agus an
óráid dorighne an tAthair Mícheal, do sháruigh
sí aon óráid do chuala fós uaidh, ionnus gurab
é adubhairt lucht éisteachta go rug sé buadh
cainnte leis. Dorighne Seaghán Leslí a chion
féin go binn leis. Gurab í tuairim gach éinne
dá raibh de láthair go ndearna na tosgairí an
míniughadh dob' fhearr dá ndearnadh riamh i
gCathair Buffala ar chúrsaibh na hÉireann.
Do bhí breis is dhá mhíle duine de láthair.
Atáim ad' iarraidh Craobh do chur ar bun
anois mar dob' iongnadh leat a bhfuil de
chailíníbh caoine cailce groidhe gleoidhte agus de
ógánachaibh lúbacha láidre annso do bhí ar
lucht cosanta na Gaedhilge i nÉirinn. Atáid
ag teacht chugham gach lá chum seanchus do
dhéanamh liom i dtaoibh cúrsaí na Gaedhilge — ó
Ghleanntaibh Thír Chonaill go híochtar Uíbh Ráthach
áluinn agus ó Cheannanus na Midhe go Ceann
Léime Chonchulainn dóibh. Cuid aca do bhí seal
i gColáistí Gaedhealacha, i mBéal Átha an
Ghaorrthaidh is i nDaingean Uí Chúise (Dingle-dee
Kooch ba cheart a bheith annso, a Fhionáin) agus
i gCloich Chinn Fhaolaigh; daltaí de chraobhachaibh
“Éire Óg” agus gearrchailí ó choinbhintíbh na
hÉireann d'fhoghluim beagán de'n Gaedhilg agus
de'n cheól agus de'n rinnce leis.
Creach gan aiseag iad so do thabhairt a gcúl
ar a n-athardha taréis a bhfuaireamar dá nduadh
d'iarradh Gaedhil do dhéanamh díobh.
Atá ar gcáirde i bhPhiladelphia chum oireacht
mór do dhéanamh dúinn i gcionn míosa.
Mise,
“Fionán.”
Giolla na Luaithe.
Cathair Nua Eabhraigh, 1: 3: 1912.