Na Ceanntair Ghaedhealacha.
I gCairbre.
Tosnú beag b'eadh an tosnú so do rinne-
eamar an lá fé dheire i Midhros ach tosnú maith
b'eadh é. Do-chuaidh an sagart paróisde lem'
chois go dtí na tighthe agus do labhair sé go
ciallmhar le na daoinibh mar gheall ar an ngnó
do bhí an siubhal againn. Thug sé mar
cómhairle dhóibh Gaedhilg do labhairt le na gcloinn
agus thugadar geallamhaint go ndéanfaidís.
Bhí cuid aca ghá rádh go raibh na leanbhaí ró-óg
agus bhí cuid eile ag ceapadh go raibh a gclann
féin ró-chríona. Is mó sórd leith-sgéil bhíonn
ag daoinibh nuair gheibhtear locht ar a gcuid
gnótha. Bhí a sgar féin de na leath-sgéalaibh
sin ag an dream so a raibh baint againn leo
i Midhros. Ach bhíodar go léir ar aon aigne
linn gur mhór an náire an Ghaedhilg do leigint
uainn. Níor cheapadar san go bhfuigheadh sí
bás go bráth san áit sin, agus leanbhaí aca ná
raibh seacht bhfocal di aca na mbéalaibh. Féach
ar sin anois! Bhí daoine ortha a dubhairt
linn go raibh a leanbhaí féin ag foghluim na
teangan ar sgoil, agus dar ndóigh ná raibh
aon amhras ná go mbeidh sí go breagh aca ar
ball. Ach amás ní bheidh muna mbíonn cabhair
le fághail sa bhaile aca. Thóg sé tamall maith
orainn an sgéal do mhíniú dhóibh, agus brigh na
geallamhna do bhí ghá tabhairt aca uatha do chur
i n-iúil dóibh ar eagla go gceapfaidís ná raibh
eadrainn ach cómhrádh beag gnáthach. D'fhágamar
cárta beag in gach tigh agus chuireamar na luighe
ar dhuine den aos óg i ngach ceann aca a raibh
breacaighthe ar an gcárta san do léigh foth-
uair agus na sean daoine do choraighe chun
leanamhaint dá réir. Ní raibh mórán
Gaedhilge ar an gcárta agus bhí sí de mheabhair
ag a bhfurmhór an túisge d'airigheadar í. Ní
raibh aon duine aca ná dubhairt “Amén a
Thighearna” nuair do-chualadar an focal deir-
eanach den phaidir bhig do bhí air. (Beidh a raibh
sa chárta san fé chló sa Chlaidheamh).
Bhéarfar duaiseann an bhliadhain seo
chugainn do na daoinibh is fearr a mbeidh an
teanga ag a gcloinn, agus do hinnseadh an
méid sin dóibh. Do chuireadar ana spéis
san ghnó. Sa treo san do chomhnuigheann
Pádruig Ó Conaill, múinteóir teasdil, agus
bhíodh seisean ag innsint dóibh go raghadh an
sagart ag triall ortha lá éigin chun cosg do chur
leis an mBéarla ann. Is fearr go mór dul
mar sin go dtí gach tigh ná bheith ag tabhairt
comhairle do phobal ó árdán, Gheall an sagart
féin Pádruig Ó hAonghusa go raghaidh sé ag
triall ar anáit sin ó am go ham chun féachaint
i ndiaidh na hoibre seo thosnaigh sé an lá fé
dheire.
Tá tuille ar siubhal aige sa pharóisde mar
mhaithe leis an nGaedhilg. Léigheann sé na
gníomhartha agus an soisgéal agus na paidreacha
tar éis Aifrinn as Gaedhilg gach re Domhnach.
Annsan bíonn Pádruigh Ó Conaill ullamh tar
éis Aifrinn chun seanmóin do léigh' do na
sean-daoinibh le hais an tseipéil. Thug an
sagart “Seanmóin as Trí Fichid” an Athar
Peadar do Phádruig chuige sin blaidhain ó shoin,
agus is clos dom go mbíonn pobal maith aige
uaireanta. Deireann cuid de na daoinibh gur
deise leo go mór na seanmóintí Gaedhilge sin
ná an sórd eile agus gan ach tuatach ag a
léigh dhóibh d'taobh amuigh de shéipéal. Má ba
dheise mar sin iad ba dhá dheise a bheidís an
sagart a bheadh Gaedhilge líomhtha aige dhá
dtabhairt uaidh agus é 'n sheasamh ar an altóir.
Tá an sagart so ag déanamh a dhíchill, pé
sgéal é, agus beidhmíd ag súil le toradh maith
mór de bhárr a shaothair ar ball.
Peadar Ó hAnnracháin.