Féis Ros Muc, 1911.
Bhí an mhaidin go breágh grianmhar. Ní raibh
oireadh agus siolla gaoithe leis na crainn a
chrathadh. Bhí na duilleabhar ag tuitim go
flúirseach os ar gcomhair ag dul dúinn thré
Oilleamharach na dhiaidh sin. Bhí corr fhuar san
maidin gidh nach raibh oiread agus néall le
feiceál. Dubhramar go raibh cuma agus gotha
an gheimhridh ann san deireadh. Acht cá raibheamar
ag dul? Cia le n-aghaidh an mhociéirghe seo
indiu? Nach indiu lá na Féise i Ros Muc?
Nach indiu an 24adh de Mheadhan Fóghmhair,
agus nach indiu an lá is mó tháinig le
bliadhantaibh le bheith ag an nGaedheal i Ros
Muc. Is ag an bhFéis atámuid ag dul gan
aimhreas.
Seadh nach iomdha rud ar bh'féidir linn
sgríobhadh faoi san áit? Féach thoir uait.
Cnoc Chamuis a bhfuil “Poll an Phíobaire”
fá na bhun. Féach siar uait Inbhear, an áit a
raibh “Ádhbhar an tSagairt” sgathamh de'n
tsaoghal? Air ar mbealach atá “Teach
Sheana Mhaitiais,” agus isteach uait arís a bhí
comhnaidhe ar “Nóra Mharchuis Bhig” sul má
ndeachaidh sí go Sasanaibh. Seadh, agus féach
an áit a dtáinig ughdar “Dheoraidheacht” as,
san Ros siar uait. Ní'l ort acht an bóthar siar
díreach a thabhairt ort féin, agus annsin atá
ughdar “An Fhibín,” agus ar bhruach Lathach
na gCapall atá an áit ar tóígeadh síos “Sidheóg
na Rann.” Agus féach siar uait an
Ghairbh-Sheanach, an áit a bhfuil Gaedheal eile atá
an-ghaolmhar le "Deoraidheacht." Agus féach
shuas “Teach an tSagairt” — acht, a léightheóir,
táim curtha de mo shlighe ar fad. Cá bhfuil an
Fhéis? Seo againn í. Ag geata tighe na sgoile
tá bratach ináirde agus “Suas leis an nGaedhilg”
sgríobhtha air, i litreachaibh móra uaithne. Isteach
linn annseo. Bhfuil ár súile ' gár mbéagnú?
Cia as a dtáinig an plód daoine seo? Ar
ndóigh ní'l oiread sin daoine ar fad
san gceanntar! Caithdidh sé go bhfuil “codladh
draoiedhachta” orainn, mar dubhairt an
“tAmadán Críonna” tráthnóna na Féise. Seo
ar an árdán cuid againn, agus tá sé a
haon a chlog go díreach. Thóig an tAth. Seaghán
Mac Phroinnsias, S.P., an chathaoir, agus labhair
sé go tréan faobhrach dána ar son na Gaedhilge.
Annsin chuir sé an Dochtúir Mac Éinrigh in
aithne do na daoinibh, agus labhair an Dochtúr
go bríoghmhar, mar is dual dó dhéanamh.
Chaith sé suas le uair an chluig ag cainnt, ar
gach corr, caradh, lúbadh agus dul ar aghaidh
atá an teanga dhéanamh. Réir gach cosamh-
lachta thaithnigh cainnt an Dochtura leis na
daoinibh agus ní'l aimhreas nach ndéanfaidh sí
mórán maitheasa. Ar an árdán bhí na daoine
seo freisin:— An tAthair Seaghán Mac na
Mara, C.SS.R., an tAthair Mac Giolla Seanaigh,
Caitlín N. Gabhann, agus Pádraig Ó Conaire,
Co. C. Nuair a bhí críoch le óráid an Dochtúra,
tosuigheadh an Fhéis. Is amuigh fá an aer fhionnfhuar
a bhí sí cé is móide de roinn na sgol. Ar na
moltóirí bhí an Dr. Mac Énrí, an tAthair Mac
Giolla Sheannaigh, Caitlín Nic Ghabhann, agus
Seaghán Mac Giolla an Átha.
Thaithnigh go mór linn an méid a bhí istigh ar na
comórtasaibh. Ar roinn an damhsa is mó a bhí
istigh, agus bhí naonbhar ar an aistidheacht.
Cidhfear go bhfuil ughdar sgríbhnóirí óga
ag éirghe suas i Ros Muc. Ní raibh oiread
istigh ar an sgéalaidheacht agus badh mhaith linn.
Badh chóir go mbeadh leith-chéad ar a laighead
istigh — is clos dúinn go bhfuil sgéalaidhthe i
Ros Muc chomh maith le aon áit eile san tír nó
b'fhéidir níos fearr, agus tuige an lag iomadh-
thóiridheacht san sgéalaidheacht? Bhí riar mhaith
istigh ar an amhránaidheacht. Tá an sean-nós
amhrán i Ros Muc gan aimhreas. Ní go leór
amhránaidhe níos fearr na Seósamh Ó Meádhbh a
chualamar riamh. Tá an sean mhodh ceart aige.
Bhí roinn na sgol go maith an méid sgoileanna
a bhí istigh ar na comórtaisibh. Badh dheacair
na páistí a bhualadh sa stáir ná san Teagasg
Críostaidhe. Is mór an cliú atá tuillte ag
oidibh sgoile an cheanntair ar an nós a bhfuil a
gcuid páistí i n-ann an Ghaedhilg do léigheadh
agus a sgríobhadh. Ní féidir a sárughadh
le na labhairt leis. Bhí páistí chuir sgoil an
Ghoirt Mhóir isteach thar bárr agus níor thaise
le sgoil Ros Muc é.
I rith an laé chuir cór sgoile Ros Muc
ar mire sinn le na n-amhráin bhreágha croidhea-
amhla. Thaithnigh an cór go maith linn, faoi
na gcuid éadaigh geala agus ribíní uaithne, agus
tá súil againn gur iomdha teallach san bparáiste
a gclisfidheas na hamhráin a bhí 'gá ngábhail
aca i rith na noidhcheannta bhfada áirneáin. Na
“timthirí” a chuir an Fhéis ar agaidh atá siad
an -bhuidheach ar fad do Mhac Uí Chonaire, a
bhí gach am agus tráth réidh le gach nídh dhéanamh
a bhí i n-a chumas leis an bhFéis a dhéanamh
bláthmhar, tairbheach.
Is mór an mhaitheas a rinne an Fhéis do'n
pharáiste, agus tá cuma agus creat na
Gaehdealtacht aríst ag teacht ar ais san áit.
BHuir an lá spionnamh ins na cnámhaibh a bhí
lag gan smior na maitheasa, agus cuireadh an
spioraid cheart 'sna croidhthibh a bhí lag brúighthe
le ciantaibh, agu tóigeadh ceó trom dorcha a
bhí thart in ar dtimcheall le tamall, tóigeadh
é, agus bhris an ghrian go soillseach na néallta
bagarthacha a bhí ag cur fhaithchís orainn, agus
thiomáin sí a gaethe go lonnrach amach thríd na
sgamaill sin, agu anois tá teas ana gréine ag
borradh an tsíl a chuir an Fhéis i Ros Muc an
24adh, Meadhón Fóghmhair, 1911.
“Mama.”