Oideachas agus Gaedhealtacht.
Is fada nár tugadh oideachas Gaedhealach do
lucht foghluma i nÉirinn. Níor tugadh acht do
dhuine fánach é ó cuireadh deireadh leis na shean-
sgoileannaibh — sgoileanna mar do bhí ag an
Luingseach agus ag Mac Firbisigh. B'shin
iad na sgoileanna do bhí fé riaradh agus fé
stiúradh na nGaedheal. Do sgaipeadh na sgoil-
eanna san agus do cuireadh an fán fada ar na
máighistrí; agus aon chuid de'n tsean-fhoghluim
d'fhan snsa tír is le seans d'fhan sé ann, agus
d'aimhdheoin na Sasanach. Do choimeádadar-
san i bhfad sin gan aon sgoil agus do-chuaidh
cúrsaí sgolaidheachta seansgol na nGaedheal
i ndearmad.
Ní h-aon tairbhe anois bheith ag cásámh an sgéil
sin. Ár namhaid a dhein é agus do dhein sé dá
dheoin agus dá thuigsint féin é. Ní h-aon mhaith
cásamh anois, acht ná bíodh sé de dhíth céille
orainn é dhearmad, a chairde.
Annsan, nuair a bhí cuimhne na sean-sgol
imthighthe, thug ar namhaid sgoileanna eile dhúinn
Ní rabhthas ná níltear sásta leo. Ní nach
iongnadh, dar ndóigh. Nár mhór an t-amadán
namhad é dá dtugadh sé gach rud mar ba mhaith
linn dúinn. Dar ndóigh, níor namhaid i n-ao'
chor é dá dtugadh. Acht namhaid ab' eadh é agus
ní thug sé aon rud dúinn-ne acht mar d'oir
do féin. Cia h-é go mbeadh súil aige le na
mhalairt?
D'oir do'n Sasanach aon rud amháin go
prínsiopalta a dhéanamh nuair a thug sé na
sgoileanna san dúinn. Tá's againn go léir
cad é an rud é sin. An chun creideamh na
nGaedheal a mhilleadh a dhein sé é? Níorb'eadh.
Do bhí san teipithe air chomh minic cheana go raibh
éirighthe as aige. Is cuma leis an Sasanach mar
gheall ar chreideamh. Rud eile bhí uaidh. Do bhí
rud i nÉirinn agus badh bhaoghal do é lá éigin.
Dream leo féin dob' eadh na Gaedhil. Bhí
teanga dá gcuid féin aca. Bhí sgeulta gaisgidh
agus grádha agus grinn dá gcuid féin aca. Do
bhí meon dá gcuid féin aca. Do bhí éirim agus
tuigsint dá gcuid féin ar an saoghal aca.
Daoine fé leith agus treibh fé leith dob'eadh iad
agus do bhí dúthchas fé leith ionnta. Náisiún
dob'eadh Éire mar cheap Dia dhi a bheith.
Bhí na rudaí sin i nÉirenn. Níor thaithnigh-
eadar leis an namhaid. Bhí 'fhios aige gurbh'
olc an ionntaoibh iad. Cá bhfios ná go dtiocfadh
ionnta lá éigin, agus go meudóchaidís agus go
séidfí fútha, agus go n-éireochaidís mórdhálach
asta féin, agus go mbrisfidís na ceanglacha
agus go ndéanfaidís sgrios nimhe agus go
raghaidís ó smacht. Thuig an namhaid é sin agus
mar do dheunfadh namhaid chiallmhar thug sé
iarracht ar na rudaí sin a mhúchadh leis na
sgoileanna.
D'éirigh leis go h-árd. Feuch féin gur éirigh.
Tá gach ní dár gcuid féin imthighthe, acht an síol
ar éigean. Do tugadh árd iarracht fútha. Do
chabhruigheamar féin leis an namhaid. B'shin
é an buadh is mó rug an namhaid riamh orainn.
Is é ar leith-sgéul nár thuigeamair an baoth-
chleas do bhí dá dheunamh againn. Thárla an
rud céudna do tíortha eile; acht má thárla,
tháinig a gciall dóibh. Tá ciall ag teacht
dúinn-ne anois, leis. B'fhéidir le Dia nach
ró-mhall fós dúinn é.
Tá gach rud anois ag an namhaid ach an síol.
Insa Ghaedhealtacht atá an síol. Sé an síol an
roinnt bheag leanbh atá insa Ghaedhealtacht
san go bhfuil Gaedhilg dá labhairt aca cois
teine. Ní fhásfaidh an Ghaedhilg go nadúrtha
choidhche muna bhfásfaidh sí ó'n síol sin. Ní h-í
an Ghaedhilg cheart í munab í a nGaedhilg sin
a bheidh mar adhbhar agus mar mhianach innti. Tá
an síol ann fós ach is baoghal dó. Tá an
namhaid ceudna ann fós. Tá an namhaid do
mhill riamh Éire, ar tí an tsíl anois, d'iarraidh
é milleadh agus d'ídiughadh. Tá an Sasanach
agus a chuid Béarla ag brughadh anuas ar an
nGaedhilg. Tá gach, comhacht beagnach, sa tír
ag cabhrughadh leo. Feuch í agus i teann-
tuighthe aca. Sé seo an cath deiridh má theipeann
uirthi. Ní féidir di, go deo, éirghe arís má
theipeann anois uirthi. Sé seo cath deiridh na
nGaedheal. Níl acht an iarracht amháin so
aca. Má théigheann an cath so ortha tá deireadh
go deo le Gaedhil i nÉirinn. Tá deireadh le
réim mílte bliadhan. Má imthigheann an
Ghaedhilg sin Éire fé dheoidh fe chois. A chreach
mhór é!
Dá mbeadh gach sgeul mar ba cheart i nÉirinn
níor bhaoghal fós di. Dá dtuigeadh Gaedhil an
sgeul do chuirfidís fál de chlaidhmhthibh colgacha
agus de bhaignití gorm-lonnracha. Timcheall
an tsíl sin agus do chosnochaidís é, gan
bhuidheachas do dhiabhal na do dhuine. Do mhúch
faidís fé'n bhfairrge thiar aon Bhórd nó aon
sgoil do mhillfeadh an beagáinín dá gcuid féin
atá fós ag Gaedhealaibh. Do bheadh “an fhairrge
n-a tonnaibh dearga 's an spéir na fuil”
sula sgaoilidís oighreacht a n-athar le h-aon
Bhórd na le h-aon namhaid.
Acht 'bhfuil an chosaint sin ag an nGaedhilg?
Níl. Feuch an chosaint atá aici: - “Extra
Subject!” “Ordinary Subject!” “50 per
cent!” “Bi-lingual Programme in Junior
Standards!” “Two half hours per week!”
“Cerificates,” “Feis.” “Roll,” “Averages,”
“Rules and Regulations.”
A Dhia Láidir! feuch an chamastaigheal agus an
lúbarnach, d'iarraidh gan an mhaith a dheunamh -
ag sgaoileadh an uisge tré n-a méireannaibh
mar dhein Fionn le Diarmuid. Agus feuch an
Gaedhilg idir an damhaid agus an bás agus
Clann Gaedheal na gcodladh.
Mo náire an laoch na shuan' s an cath dá chur
go cruaidh.
“An Seabhac”