Cuairt an Oireachtais
Gairdín Scoile i dTrí Liaga
Tá gairdín deas le hais na sgoile i dTrí
Liaga agus gabhann sé leis an sgoil. Chaitheamar
tamall ann fá sgáth cruinn mhóir fuinnseoige.
Sgríobhas an méid seo leanas im' leabhar faid
do bhíos ann.
“Fá sgáth chruinn dom. Feidhleacáin ag
eitilt im' aice, agus beacha ar lorg meala ar
na bláthaibh lem' ais. Gaoth ag crothadh na
ngéag. Cruinn ghlasa ar gach taobh dínn agus
radharc eatortha ar dhaoine atá i bhfeidhil féir,
agus ar dhaoine ag tarac uige; ar bhuaibh; ar
thighthibh, agus ar chúl sgoile.
Cruinn chrithir agus fuinnseoga agus sgeacha
ar an gclaidhe ar ár gcúlaibh. Ceol na gcearc
leath is tsios de'n bhóthar.
Gabháiste. Turnapaí, meacna, cairéidí,
pónairí, spiúnáin, agus cruinn ubhall ag fás
sa gháirdín. Chrot deas air. Casán thar
timcheall agus treasna ar a leithead agus ar
a fhaid. Pilib ag obair ag baint flitheanaí
agus luibheann.
Tá blátha ar chiumhais an gháirdín le hais
na sgoile. Múintear gardha dóireacht do
leanbhaí na sgoile is clós dom, agus tá
páiste beag fá 'na cúram féin ag fothcheann
de na cailínibh beaga. Tá beirt aca tar éis
teacht isteach anois agus táid féin agus Pilib
ag labhairt i nGaedhilg mar gheall ar ghnó
príomháideach éigin. Chuir beach-ghabhair rith ar
Sheáan anois. Táid na leanbhaí ag súgradh ar
an mbóthar agus iad go gleodhach. “Ná cuir
rud ar bith ins an leabhar fá dtaobh damh-sa,”
a deir Caitlín Nic Shamhairle, cailín aca
so atá sa gháirdín, liom-sa. “Ní baoghal
duit, a chuisle” a deirim-se léi. “Dá gcuirinn
nidh ar bith ann ba cheart rud maith do chur ann
mar gheall uirthi mar 'is iongantach an cailín
ár gCaitlín,” fá mar a deireas Pilib.
Ní fheicim a thuilleadh sa leabhar i leith an
lae sin, acht amháin, “go rabhamar ag sgoil
Chnoc na gCorr tráthnóna, agus go raibh beagán
grinn agus caitheamh aimsire ann.”
Bhí rás deas sa mhóinfhéar le hais na sgoile
an tráthnóna soin. Ba bhreagh an boladh í
ó'n bhféar ins na cocaibh beaga, agus ba dheas
le duine an brat bog féir do ghéilleadh dá
bhrógaibh do bheith fé seachas an chruadh-bhóthar
nó troighthilíní d'á rothar. Ba chuma nó
aoibhneas ár n-óige fiche bliain ó shoin do bheith
ag siubhal nó ag rith nó ag léimridh san mhóin-
fhéar soin. Ba bhreagh ciúin an tráthnóna é;
bhí na fir agus na buachaillí do bhí i bhfeidhil
fhéir rith an lae ag dul abhaile, agus iad ag
cainnt agus ag gáirí; bhí fear taobh siar
dínn ag cur faobhair ar a speil agus is deas
an fhothrom deineann clár ar speil tráthnóna
ciúin mar sin ar thaobh gleanna; chualamar
fear eile agus é féin agus leanbh beag ag
comhrádh le chéile; agus bhí buachaillí ag caint
le buaibh; agus cailíní ag glaodhach ar ghamhnaibh.
Nár bhreaghtha an gleo agus an fothrom iad
soin ná an gleo agus an fothrom bhí 'nár
dtimcheall i mBaile Átha Cliath an tseachtmhain
roimhis sin. Chuirfeadh so mar áit neart
agus misneach agus meidhréis i nduine
agus loifeadh an chathair agus fothrom na
cathrach mór-chuid de's na smaointibh deasa
nádúrtha bheadh ag an nduine do chaithfeadh
tearma in a leithéid seo d'áit. Cad é an
mío-ádh a mheallann ár ndaoine isteach is na
cathrachaibh? Is ag glacadh aoibhnis annso ba
mhaith liom bheith.
Am shuidhe ar choca beag féir do bhíos ag
sgríobhadh cuid de seo dom.
Is cuimhin liom go dtánamar a bhaile gan
iomard gan bhárthain ar ár rotharaibh cé ná raibh
puinn solais ann, agus go raibh duine nó beirt
d'ár mbuidhin ag ceoltóireacht ar a ndícheall
ár dteacht dúinn agus iar dteacht dúinn
gur chaitheamar gearra-thamall ag sean-
chuideacht, agus tamall beag ag magadh, agus
tamall eile ag amhránaidheacht; agus annsoin
bhí sgruid* againn agus seanchus gearr eile agus
sguireamar i gcomhair na hoíche.
* Sgruid, sin béile bheag a chaitheadh daoine
bhíodh ag árnáin sul a sguiridís ó chéile ist
oíche. B'fhéidir gur “sguirid” a bhí ann ar
dtúis. Focailín deas oireamhnach is eadh é,
pé scéal é. Níor chualas i n-aon bhall é acht
i gCairbre agus i mBéarla. Tugtar ar lón
beag anois é pé tráth de'n lá a ithtear é.