Cuairt an Oireachtais.
Árd-Sgoil Cholumcille.
II.
Ar thaobh an bhóthair chaoil do shiubhaluigheamar an
oidhche sin atá an teach nuaidh na mbeidh gnó an
Choláisde ar siubhal ann feasda. Bhí na fallaí
tógtha go barra, agus b'shin ceann de na
radharcannaibh is deise chonac sa dúthaigh i
mbliadhna. Ní hamhlaidh gur deise na fallaí
fuara ná gach nídh eile do chonac, acht b'é an chéad
teach do chonac riamh, do tógadh d'aon gnó chun
sgoil Gaedhilge do bheith ann. Teach mór fada
fairsing is eadh é. Is breagh an nídh é do bheith
tógtha. Cómhartha i measg na gcomharthaí eile
atá againn is eadh é ná fuil Clanna Gaedheal
ídighthe fós, agus ná fuil a ndúil san léigheann
caillte aca acht chomh beag; comhartha is eadh é
go bhfuil ár náisiún ag fás arís. San áit sin is
eadh a bheidh an “Bright Centre” dáiríribh le
congnamh Dé, agus gurab ann! adeirim-se.
Chaitheamar uair a' chluig a bhfochair a chéile
'n-ár n-árus an oidhche sin ag cainnt agus ag
cómhrádh, agus ag argóint go muinnteardha agus
go meidhreach. Bean an tighe do bhí mar ughdar
againn ar gach aon cheist chruaidh do bhí ghá pléidhe
i dtaobh na Gaedhilge. Char thuig sí cainnt ár
Seáin go maith ar dtús, agus char thuig Seán
cuid d'á cainnt siúd acht an oiread. Bhí mórán
dearmadtha agam féin d'ár fhoghlumuigheas
anuiridh uatha ann.
Thráchtamar thar bhás Eibhlín Ní Niocaill
agus thar dhíbirt an Dochtúra ó Mhuigh Nuadhat
agus thar a raibh ghá dhéanamh i gCill Sgíre ag an
Athair Maitiú agus thar cheisteannaibh eile, sul
a chuadhmar a chodladh. Dia Sathairn bhí deallramh
fearthainne sa spéir, agus bhí gaoth árd aniar
ann chun na fearthainne do bhreith chughainn a leith
dá dtagadh sí sa tsligh roimpe.
“Is fada an bóthar é as so go dtí an Sruth
Bán,” a dubhart le duine a bhí dom' mhoilliughadh,
“agus tá ceapaithe againn é a chur dínn ar rotharaibh
indiu.”
Agus thugamar aghaidh air gan breis moille,
cé gur ar éigin nó choinneochadh sugán sneachtaidh
an bheirt againn ann muna mbeadh dhá rud .i.
an gheallamhaint a bhí tabhartha againn go
mbeidhmís i gCill Sgíre lár na bháireach, agus
an t-eagla go bhfanfaimís ró-fhada ar fad san
áit dá dteipeadh orainn imtheacht an lá soin. Ba
hadbhar áthais do dhuine mheidhreach bheith ag
féachaint ar chuid de na mnáibh óga agus a
n-ainmneachaibh 'ghá sgrí' i leabhar bhán le Seán
aca, d'fhonn is go gcuirfeadh sé cártaí posta,
nó cártaí pósta mar deirtear uaireannta, ag
triall ortha agus d'fhonn is go mbeadh snaidhm
éigin eatortha. Dhearmhad sé na “Home
Brighteners” is baoghalach an fhaid do bhí i dTír
Chonaill. Casadh beirt nó triúr sagart umham
i n-oifig an phuist agus i nGaedhilg do bhíodar
ag cainnt le chéile agus le daoine eile. Sagairt
b'eadh iad gan aon ana-éirighe 'n áirde ortha
cheapas. Bhí cruinniughadh le bheith i nGort an
Choirce an lá soin chun gnó oideachais i ndá
theangain do chur ar aghaidh sa cheanntar agus
chun bheith páirteach i ngnó an chruinnighthe is eadh
bhí na sagairt seo sa tsráid.
Thugas fá ndeara faid do bhíos im' sheasamh
ar an mbóthar go bhfuil ainm an tighe ósda i
nGaedhilg ar éadan an tighe anois. Tigh mór
fairsing is eadh é.
“Bhfuileann tú ag cuimhneamh ar teacht a bhaile
i n-aon chor indiu?” arsa Seán im' chluais.
Bhios-sa tar éis leath uair a' chluig do chaitheamh
ag fanamhaint leis féin roimis sin, agus b'shin
nós do bhí aige chun faobhar mo theangan do
maolughadh.
“Slán leat, a mhic ó! Slán leat, a inghean ó!
Beanacht libh! Go soirbhighidh Dia sibh! Slán is
beannacht libh! go n-éirighidh bhúr ngnó libh! Go
n-éirighe bhúr mbóthar libh-se! Tagaidh arís!
Tagaidh-se go Cúige Mumhan an bhliadhain seo
chughainn! Adhe bhfuil sibh ag imtheacht indiu?
Fanaidh lá eile, cebé sgéal é. Slán leat arís,
a chailín óig, a chroidhe! Go dtéidhidh tú slán!
Beidh brón orainn 'nbhúr ndiaidh anois. Slán
fada le “Bó na Leath-Adhairce”!
“Ó nach deas í, ó nach meidhreach. Slán agaibh!
Slán libh!
An féidir le haon léightheoir agaibh an méid
sin do thuigsint? Is amhlaidh a bhí na focail sin
agus focail nár chuireas ann i n-aon chor ghá
rádh chomh mear minic sin an fhaid do bhíomar ag
rothaidheacht ó'n gColáisde go Gort an Choirce
nár cheapas aon tsligh a b'fhearr chun iad do
sgríobhadh ná mar a bhfuilid gan tuairisg ar
cia dubhairt ná cá háit a dubharthas iad.
Siúd sa tsiubhal soir sinn agus an ghaoth linn
go fabharach, an fhairrge ar ár láimh chlé agus
páirceanna agus sléibhte ar an dtaobh eile. Bóthar
maith b'eadh é. Bhíomar i nDún Feanaithe i
gceann uair a' chluig. Chuadhmar sa t-snámh i
n-aice an bhaile sin, agus ba bhreagh an rud tamall
do chaitheamh i measg na dtonn mbán agus
gan chúram orainn. D'fhilleamar go dtí an
teach ósta.
D'itheamar agus d'imthigheamar ar an mbóthar
arís. Níor fhág an bóthar céadna puinn d'easbaigh
orainn. Ba dhóigh le duine go ndearnthas d'aon
ghnó é chomh cnocántach crapach is tá sé chun daoine
agus capall do tuirsiughadh. Do thuirsigh sé
sinn-ne go baileach, pé ar sa domhan de, agus
chun baint dár neart a thuille tháinig an ghaoth
nár n-aghaidh, nó chuadhamar-ne i n-aghaidh na
gaoithe. Ritheamar go hana-mhaith le fánaidh i
gcomhnaidhe, acht ó's sgéal é go mbíonn dhá thaobh
ar chnoc, agus cnuic ar dhá thaobh gach gleanna bhí
orainn a chomh-fhaid de bhóthar do shiubhal i
gcomhnaidhe, nó b'fhéidir níos mó, is do chuirimís
dínn go mear le fánaidh. Thuairimigheamar go
minic gur sia an taobh de'n chnoc do shiubhaluighi-
mís ná an taobh eile. Cheapas anuiridh, nuair a
bhíos ag dul fó thuaidh ann gur sia go mór an
taobh theas ná an taobh thuaidh de gach cnoc díobh,
agus ní dócha gur fhasadar ná gur chreapadar puinn
ó shoin. Máiseadh b'fhearr linn gan iad do bheith chomh
hárd ná chómh raidhseamhail ann an turas so.
Ní dheachadhmar amudha acht aon uair amháin,
agus níor bheag soin mar chuadhmar míle le
fánaidh an uair sin agus bhí orainn siubhal
aníos ar n-ais arís. Ní dócha go raibh capall aige
agus móin ná raibh ag tarraing móna na
Satharn soin. Bhí an bóthar breac aca agus ba
dhóbair dúinn cúpla bobhta i n-áiteannaibh go
raibh an bóthar cam cumhang ag bun chnuic agus
iad soin agus sinn-ne i lár an bhóthair. Chuir
an Ghaedhilg a bhí againn dá labhairt sgannradh
ar dhaoinibh agus chuir sí áthas ar dhaoinibh agus
chuir sí daoine ag machtnamh agus ag gáiridhe.
Mhuise a Thighearna! nach diail a bhfuil do
chlochaibh ar dhá thaobh an bhóthair sin san áit 'n-a
bhfuil an bóthar iarainn le n-a ais. Is eachtach
a bhfuil aca ann. Thugamar amharc ar Charraig
an Dúna (Doon Rock) agus do chromas ar
sgéalta dh'insint mar gheall ar an gcúrsa do
thugas féin ann anuiridh agus mar gheall ar
rudaí cheapas faid do bhíos ar a mullach.
“Tá fir maithe fá'n bhfód annsoin thall i
gCill Mhac Creanáin,” arsa seanduine linn
nuair a bhíomar le hais na sráide sin. Ag
féachaint ar an roilig do bhíomar an uair sin.
“Is fíor é; tá fir mhaithe fá'n bhfód sa roilig;
tá uaisle tréana san úir ann agus is fada 'n-a
dtost iad, agus tá daoine ann a ruaig na Gaill
go minic thar teorainn Tíre Chonaill, daoine
nár labhair an Sacs-Bhéarla riamh, agus nár
mhaith leo a sliocht do bheith gá labhairt. Acht bé
glafarnach gharbh na Sacsan do bhí 'ghá labhairt sa
tsráid an tráthnóna sin, agus níor thuigeadar
súd gur labhramar leo focal de teangain
na laochra atá 'n-a suan-luidhe sa roilig. An
cnoc leas-is-tuaidh de Leitir Cheannaigh do
thuirsig ar fad sinn. Tá sé ró-árd ar fad
mar chnoc, agus muna mbeadh go bhfuaramar
deoch bhreagh bhláthaighe nuair a bhíomar tuairim
leath-slighe aníos ní dócha go n-éireochadh linn é
chur dínn an tráthnóna sin. Is breagh go léir
an deoch bhláthaighe do dhuine go mbíonn
tart agus tuirse air agus é i bhfad ó'n mbaile
mór agus ó'n sráid-bhaile. Is sinn do bhí
buidheach do'n té do thug dúinn í.
PEADAR Ó hANNRACHÁIN.