Cúrsaí an tSaoghail.
Uisge faoi Thalamh.
Aigne dhiamhair dhoimhin dho-thuigsin is eadh
aigne na nGall. Fuaireamair Iolsgoil de
thabhartas uatha le déigheanaighe acht dála na
nGréagach fadó ní iontaoibh iad na Gaill tráth
dháilid bronntanais féin. Is eagal trá linn
gur bronntanas Gréagach é an bronntanas
so. Agus dá dhiamhaireacht is dá dhoimhneacht
iad na Gaill is beag ná fuil na Gall-Ghaedhil
chomh doimhin is chomh diamhair céadna. Is do
réir gach deallraimh anois is deimhin dearbh go
bhfuil cleas is cogar is mío-rún éigin ar siubhal.
Cá cuma leo súd Éire is an Ghaedhealg ann
nó as. Ba bhreagh leo, ba sásamh aigne dhóibh
dá bhféadfaidhe an Ghaedhilg agus a mbaineann
léi do sháith síos go grinneall na
Mara Ruaidhe. Aontóchaidís an rud céadna
déanamh le Éirinn dá mb'fhéidir a dhéanamh gan
dochar gan díogbháil dóibh féin. An cuimhin
libh an comhairle úd do thug Balar Béimeannach
dá mac Breas tráth tháinig sé go hÉireann do
thabhac cíosa is cána ar Thuaithaibh De Danann?
“Tabhraidh cath do'n Ioldánach,” ar sé sin “agus
bainidh a cheann de; agus ceanglaidh an t-oileán
sin, ris a ráidhtear Éire i ndiaidh bhar long
agus bhar ndeaghbharc; agus leigid do'n uisge
imilltiugh teacht i n-ionad; agus cuiridh ar
tuaisceart Lochlann í, agus ní leanfaidh neach
de Thuatha De Danann go bruinne brátha ann í.”
Sé dálta na bhFomhórach ag searbhánaibh Sasanacha
agus ag Gall-Ghaedhlaibh ganguidheacha na
haimsire seo é. Níl i nÉirinn, dar leo son,
acht oileán mara tá le Breatain aniar, agus
níl sa Ghaedhilg acht comhartha cinnte arotaireacht
is ain-eolas. Sin é díreach a bhfuil de mheas aca
súd ar a dtír is ar a ndúthchas; sin a bhfuil de
báidh aca leis an dteangain seo is dluigh 's is
dual 's is dúthchas dhúinn, is a tháinig anuas
chughainn glún ar ghlún ó thús riamh go dtí an
lá tá indiu ann.
Anois cad is rún dóibh (mío-rún do mheasas do
rádh) do dhéanamh leis an Iolsgoil?
Muna bhfuil míd-ne ag dul amugha go mór réis
rún dóibh Iolsgoil d'fhothughadh i n-ár measg
d'fhoghanfaidh do Chaitlicighibh an domhain Ghallda.
I nÉirinn a bheidh tobar feasa an domhain
Gallda Chaitlicigh, is beidh an eo feasa le fágháil
i n-abhainn Life.
Tá sé de chead ag Caitlicighibh Shean-Shasana
dul ar sgoil go hOcsanfort agus go Droichead
an Caime anois acht chomh luath i nÉirinn is a bheidh
an Iolsgoil seo againne fá seol gairmfear
ar ais an cead san is aitheonfar de Chaitlicighibh
Shasana teacht agus a gcuid foghluma do
dhéanamh san Iolsgoil Chaitlicigh i nÉirinn. Is
annsan do lingfid siad isteach orainn an
daosgarshluagh Sasanach, is bíodh gur Caitlicigh
féin iad sin iad chughaibh an dream is meathta
meanma is measa miorun is nimhnigh 's is
naimhdighe do Ghaedhlaibh is do Ghaedhlig dá bhfuil
de dhreamaibh ar dhruim talmhan.
Dóibh siúd is dá leithéidibh eile an Iolsgoil
seo againne is ní do Gheadhlaibh óga na hÉireann.
Do'n Diuic os Norfolk is dá ranntaibh reamhra
rachmuiseacha .i. do sheoinínibh Caitliceacha
Shasana Iolsgoil Náisiúnta na hÉireann. Nach
greannmhar is nach aindeis mar sgeal é, is a
bhfuil faighte dá duadh is dá dochar ag Ghaedhlaibh
leis na ciantaibh Éireann anuas. B'ionann
cás do Shaoradh na gCaitliceach chomh maith
céadna é. An duadh agus an trioblóid orainne;
an buntáiste aca san. Aigne dhubh dhorcha aigne
cham chlaon is eadh aigne Gall. Is fada dhóibh
a d'iarradh Gaedhealtacht is grádh athardha
do mhúchadh in Éirinn. Níor éirigh ar fad leo.
Thárla smuaineadh i n-a meanmain dóibh.
“Dá mbeadh creideamh agus náisiúntacht ag
gabháil do chosaibh i n-a chéile i nÉirinn bheadh
linn,” ar siad. “Mar sin de bíodh Iolsgoil ag
Éireannachaibh, is i gcás creidimh bíodh a rogha
d'ordughadh aca uirthi acht i gcomaoin an Iolsgoil
sin d'fhágháil caithfidh siad dul i slánuigheacht
ná beidh an Iolsgoil sin Gaedhlach. Cuirfimíd
na Caitlicigh i n-aghaidh na nGeadheal is múchfaidh
Caitliceacht an domhain Ghallda Gaedhltacht na
hÉireann.
Má's amhlaidh tá ní feall ná cealg go dtí
é, acht do dheonuigh an t-aoin-Dia go bhfuaireamair
dóigh ar chogar na ceilge sin. Anois táimíd dá
aithris is dá nochtadh ós árd is iarraimíd ar
cách a meabhrughadh go maith is go minic. Nílmíd
dá cur so i leith na hEaglaise. I bhfad uainn
an smuaineadh. Nílmíd dá chur i leith na
Seanaide cheana. Acht is baramhail dúinn,
is ní baramhail gan bharánta í, go bhfuil dream
daoine ann is gurb sin é an socrughadh do
dhéanfaidís dámadh acmhainn dóibh é. Nílmíd
dá rádh gurb aon díoghbháil é eachtannaigh is
coicríocha do theacht i nÉirnn do dhéanamh leighinn
is foghluma. Níorbh eadh dar ndóigh, acht rud
maith. Thángadar ann fadó tráth bhí sgola
oirdhearca na hÉireann iomráidhteach ar fud
na hEorpa ar Dhiadhacht, ar Ealadhain, is ar
Léighinn. Acht foiríor, trá, tá deifir mhór
idir an dá am. An uair úd, badh í an Ghaedhealg
féin do bhíodh mar theagain teagaisg aca, is dá
bhithin sin níor bhaoghal do'n Ghaedhltacht. Anois
sé an Béarla a bhéas mar theangain teagaisg
aca. Sin é an deifir ar fad. Is muna
ndéantar adhbhar léighinn éigeantach de'n
Ghaedhilg anois múchfar Gaedhltacht na hIolsgoile
le neart náimhdighe an Galldachta. Beidh
sean-fhréamh Gaedheal ar bheagán brighe is beidh
teanga na bhFiann go cuthal, ciúin san Iolsgoil.
“Le gliogarnach Gall beidh dall is caillfid
éifeacht,
Is millfear a gceann le glam an Ghalla-
Bhéarla.”
Anois an t-am chum labhairt ós árd. Táid
na seoiníní ag labhairt is labhraid siad ar son
na nGall is na Laidne is na Greigise. Tá
orainne labhairt, is labhairt go fuadrach,
fíochmhar leis, ar son na 250,000 atá ag
foghluim Gaedhilge i nÉirinn. Orainne tá
a gcúram son.
Orainne tá a chur n-a luighe ar an Seanaid
gur dóibh féin bhus baoghal má thógraid éagcóir
do dhéanamh ar lucht foghlumtha na Gaedhilge.
Deir daoine gur éagcóir ar na Béarlóiríbh a
chur d'fhiachaibh ortha an Ghaedhealg d'fhoghluim,
.i. adhbhar léighinn éigeantach do dhéanamh dhi
le haghaidh dula isteach is an Iolsgoil. Deir-
mídne gur éagcóir ar na Gaedhilgeóiríbh gan
adhbhar léighinn éigeantach do dhéanamh dhi. An
Ghaedhealg a chuirfidh isteach iad. Cia aca
éagcóir is mó 'sis measa. Cia aca is measa
éagcóir do dhéanamh ar chlannaibh na mbodach
ngallda nó ar chlainn an fhir bhoicht, .i. ar
chlannaibh an iarmhair sin de shean-fhréamh
Gaedheal tá tairiseach díleas fós dá dteangain
dá dtuath dá nósaibh is dá n-athardha de réir
óird agus duail agus dúthchais? Oraibh-se,
a mhuintir na hÉireann atá an freagra son
do thabhairt. I gcás na Seanadóirí níl ionnta
acht mar do bheadh seirbhísigh agaibh-se. Níl
cor ná comhacht aca oraibh; tá cor is comhacht
agaibh-se ortha son. Níl baramhail ar bith aca
son acht amháin de réir bhar mbaramhla-sa.
Oraibh-se atá eolas na slighe do dhéanamh dóibh.
Agus a rannta óga Gaedheal, oraibh-se go
sonnradhach tá seasamh na Gaedhilge do'n
chor so. Fiafruighim díbh cé fár chóra do'n
Laidin do bheith n-a hádhbhar léighinn eigeantach
ná do'n Ghaedhilg? An fiú í an Ghaedhealg
éacht is iarracht do dhéanamh fá n-a ceann.
Do ghabhabhair do láimh a cosnamh. Agus ar
mhiadh nó ar mhaise dhaoibh-se dá raghadh ag Gallaibh
oraibh sa spairinn? Ní theastuigheann
acht roinnt misnigh is “cur leis.” Ba de
bhuadhaibh Gaedheal an misneach i gcomhnuidhe
is níor chaill fear an mhisnigh riamh é. Tá linn
go fóill, acht ná staonaidh agus ná géillidh
troigh do'n namhaid. Cuimhnighidh ar briathraibh
Chonchulainn ag an Áth: — “Dóigh ní rugas-sa
troigh teichidh ré neach riamh go se ar shluaigheadh
Thána Bó Cuailgne, is ní mó bhéarad romhat-sa;
dóigh ar bith mionnuighim na deithe dá n-adhraim
ná raghaid-sa ar gcúl go bruinne brátha.” Ní
gó amh, ba Ghaedheal agus ba fear go talmhain é
Cú na gcleas.
“Anois, a Gaedheala óga, cuiridh uaibh an náire
is an chúl-mhántacht. Ós rud é go bhfuil an
Ghaedhealg n-a chnámh spairinne do láthair agaibh-se
is fearr ceart bhar nglór d'árdughadh agus
bhar mbaramhail do chur i dtuigsint is i
n-éifeacht. Tá dual is duthchas Gaedheal le
Gaedhilg, is beidh go bruinne brátha. Acht
amháin a bhfuil lobhtha dreoidhte truaillighthe
le neimh namhadmhar na Galldachta tá Gaedhil
Éireann linn sa ghleo. Ní theastuigheann acht
iad do dhúiseacht. Dá bhíthin sin músglaidh
bhar misneach is bhar meanma. Is breagh í
an dúthracht. Tá feidhm milte innte de neart
dámadh feas dúinn é. Déinidh bhar ndualgus
do chomhlíonadh anois mar a dhéanfadh Gaedhil
maithe is
“Beidh fir is mná go bráth dá bhíthin
Ag seinnm bhar gcáil le gárdas aoibhnis.”
P.Ó.D.