6330
Cúrsaí an tSaoghail
“Geall” na Gaedhilge.
Do tháinig litir chugainn cupla lá ó shoin ó
shagart óg i gCúige Chonnacht atá ag déanamh
cion fir ar son na teangan. Sa litir deir sé:
“Dia Domhnaigh so chugainn tá súil againn
réidhteach le Geall nó ‘Pledge’ fhágháil ó'n
bhfurmhór de'n phobal, gan Bhéarla a labhairt leis
na páistíbh feasta cum is go mbéidh an teanga
'na háit féin arís i measg na ndaoinibh,
's go bhfágfar an Béarla ag na hoidíbh sgoile.”
Sin é an “Geall,” má coimhlíonfar é, a
dhéanfas leas don teanga 's a chuirfeas i reim
'sa tír aris í. Tá fonn mór ar dhaoinibh le
tamaill a bheith ag pléidhe ar cheisteannaibh
fánacha, 's ag piocadh as a chéile, acht tá an
sagart óg so 's a shagart paráiste — go
saoghaoilidh Dia iad — ag dul ar aghaidh gan gleó
'ná torann, ar an nós ceart chum ar dteanga
a choinneál beó i measg na ndaoinibh.
Nárbh ait an rud é dá mbeadh dáréag féin,
d'aithreachaibh 's do mháithreachaibh i ngach uile
pharáiste 'sa nGaedhealtacht réidh sásta “Geall
na Geadhilge” a thógáil, cuir i gcas Lá
Fhéile Pádraig so chugainn. 'So ceist ar bhfiú
trácht uirthi Seachtmhain An Oireachtais, chum
slighe a cheapadh leis an “nGeall” so a chur
i bhfeidhm ar fud na Gaedhealtachta. Is
é ar dtuairim féin gur ceist í so a d'fhéadfadh
Craobhacha 's Coistí Ceanntair a thógáil i
láimh; s go mór mhór iad so a bhfuil duine nó
beirt Múinteoirí Taistil ag obair aca. Ar
feadh an tSamhraidh do b'fhéidir do'n mhúinteoir
beagán ama a chaitheamh ag dul thart ar cuairt
i measg na ndaoinibh, ag cómhrádh leo; 's
ag míniughadh dóibh an gábhadh atá leis an teanga
bheith ag na páistíbh, 's go mb'fhearr an Béarla
fhágáil ag an oide sgoile; agus fágháil amach
uatha san am ceadna go deas, réidh, socair, an
mbeidís sásta, an “Geall” a thógáil nach
labhróchaidís feasta leis na páistíbh acht amháin
i nGaedhilg. Fear-tighe nó bean-tighe
ar both a bheadh reidh umhal an “Geall” a thógáil
a n-ainmneacha a chur síos, 's a gcur i gcló
i bpáipéar an cheanntair. D'fhéadfadh
oifigidhe na craoibhe a dhul annsin fá dhéin an
tsagairt, na h-ainmneacha a chur os a chomhair
má bhaineann siad le na phobal, 's iarraidh air na
daoinibh Gaedhealacha so a thabhairt le chéile
'réis an Aifrinn Lá Fhéile Pádraig, nó lá ar
bith eile beadh oireamnach, 's an “Geall” a
thabhairt dóibh go sollamhanta os comhair na
halltóra.
Tá a fhios againn go bhfuil daoine ann a
dhéanfas gáiridhe nuair a léighfeas siad é so;
tá daoine eile a dhéarfas nach gcoinneóchadh na
daoine a nGeall. B'fhéidir sin; is an-réidh
dearmad a deanamh ar gheall de'n seort so;
agus sin é an fath gur chídhfear dhúinn go
mb'fhearr dá mb'fhéidir é, láimh an tsagairt bheith
'sa n-obair. Acht duine ar bith is áil leis locht
d'fhágháil an “nGeall” 's an tslighe atá ceaptha
thuas le n-a coimhlíonadh, béidh míle fáilte roimhe
annso, slighe níos fearr a leagan amach. Acht
ná déantar aon dearmad ar an méid so:
Tá slighe éigin ag tastáil go géar chum cosg
a cur le trághadh na teangan sa nGaedhealtacht.