Sean-Ranna Ultacha.
III.
Anois, a chairde léighinn, táim ag cur síos
dhá amhrán canfairteach ag taispeanadh go
bhfuil amhráin ghreannamhla le fágháil i measg
muinntire Gleanna Eallaigh go seo:
AN BUINNÍN BUIDHE.
Ar siubhal domh lá samhraidh
Síos an sráidín bhuidhe,
Fuair mé sparán leathair,
Is ba dheas an sparán é.
Chuir mé in mo phóca é,
Is a bhaile chuaidh mé,
Bhí buinnín buidhe ins an sparán,
Is ba dheas an buinnín é.
D'éirigh mé go moch ar maidin
Is chuaidh mé ar an aonach,
Is cheannuigh mise bóin,
Is ba dheas an bhóin í.
Thiomainn mé a bhaile í
Is chuireas í i gcró an tighe,
Thug an bhóin bainne dom
Is ba dheas an bainne é.
Acht maidin sneachtach geimhridh
Nuair d'éirigheas in mo shuidhe,
Bhí mo bhóin marbh,
Luach mo bhuinnín bhuidhe!
Seo síos an ceann eile: —
BIRÍN AR BHIRÍN
Is é Birín ar Bhirín
An madadh beag manntach,
Madadh na caillighe buidhe
Birín cam-shrónach.
Birín ar Bhirín
Madrín na béice,
Seile i n-a bhéilín
Le sannt a bhéile.
I ndiaidh na gcearc
Thíos ins an ghleann.
I ndiaidh na gcaorach
Thuas ar an bheann.
Ag tamhaint ar an ghréin
Ag tamhaint ar an ghealaigh,
Ag tamhaint ar a sgáth féin
Ag tamhaint ar an chailligh.
Cha gcluineann sé na gadaidhthe
Is goideann siad leobhtha,
Is má 'tchíonn sé na bitheamhnaigh
Cha bhaineann sé dhóbhtha.
B'é Birín ar Bhirín
An madadh beag manntach,
Madadh na caillighe buidhe
Birín cam-shrónach!
Seo tuilleadh tomhaiseanna is ceisteanna: —
Triúr ag cuardughadh bídh,
Ar bhruach Locha Léin
D'ith biadh na triúr
Is d'fhill ar ais é féin.
Freagra - Deargán nó broth ar do shúil.
Fear beag ramhar.
Le bolg mór
Gan cosa gan lámha
Is srón fada go leor.
Freagra — Túlán.
Léimeachan léimeachan os na gcloch
Léimeachan léimeachan go dtí an loch.
Freagra — Fliuchán díghe.
Fear fada glas
I n-a sheasamh sa pháirc
A ghruag gorm
Is a fhéasóg géar.
Freagra — Fothanán.
Bolg liath
Is a thóin aniar
Is é ag dul siar
Go Connachta.
Freagra — Néal
Tá Stair na hÉireann ag muinntir an
Ghleanna go seo. Seo síos rann beag faoi
Chormac flaitheamhail Mac Airt, Árd-Rí na
hÉireann, agus gan aimhreas bhí Éire sonasach
an uair sin seachas anois: —
I n-aimsir Chormaic Mhic Airt
Bhí an saoghal go haoibhinn ait:
Bhí nead in gach crann is breac in gach linn,
Bhí naoi fichid cnó ar gach craobhín,
Is naoi fichid craoibhín ar gach crann.
Seo síos sean-rádh: —
Is fearr paiste 'ná poll,
Is fearr lom 'ná léan,
Is fearr ruadh 'ná bheith gan cionn!
Nuair a bhí Fionn Mac Cumhaill ar a eachtraidhibh
cha dearn fé dearmad ar Ghleann Eallaigh.
'Tchífidh sibh sin ins an sgéal seo síos: —
Lá dá rabh Fionn Mac Cumhill ag fiadhach
is ag síor-fhiadhach i nGleann Eallaigh is ar na
sléibhtibh thart timcheall, dhúisigh Bran gearrfhiadh
is rith sé go gasta i n-a dhiaidh ins an am céadna.
Chuir Fionn Mac Cumhaill a órdóg i n-a bhéal
agus chogain sé í go dtí an smior, agus ó'n
smior go dtí an smúsach, agus bhain sé fios
as an órdóig: mara mbéarfadh Bran ar an
ghearrfhiadh go stróicfeadh sé Fionn i n-a phíosaíbh
is dá sáithfeadh sé méireog i n-a chraos-bhéal
síos go dtí a chroidhe marbhóchaidh sé é nuair
thiocfadh Bran ar ais. Theip an gearrfhiadh air agus
ar ais leis go gasta is a chraos-bhéal fosgailte
is an seile nimheamhail ag tuitim as a bhéal
mar braonaschail fá choinne Fhinn, acht bhí Fionn
Mac Cumhaill réidh leis agus le aon iarracht
amháin chuir sé an mhéireog fríd a chraos-bhéal
síos go dtí a chroidhe is thuit Bran marbh ar an
bhomaite. Annsin thosuigh Fionn Mac Cumhaill
ag gol is ag caoineadh fá Bhran agus seo mar
dubhairt sé: —
A Bhrain, a Bhrain, cú uasal gasta,
Acht an nídh bhrónach go bhféil deireadh leat
Anois, a Bhrain, béidh sus ar mo bhéal fút
Agus tusa ag goid mo bhéile.
Anois, a Bhrain mhóir chraos-bhéalaigh
Cha mharbh tú mo chait.
Gréagóirína Nic Gréagóir Gréagach