Guth na mBárd
Mo Ghloine Poitín.
I.
Deir glagairí liom-sa gur folláine uisge,
Gidh tá sé gan boladh, gan blas nó gan brígh,
Deir cléirigh nach gcuireann sé daoine ar meisge
Acht gheall mé gan deor de do bhlaiseadh a
choidhch'!
Bíodh saoi agus sagairt ag guidhe is ag bagáirt,
Ar uisge na cruinne ní thabharfinn tráithnín
Och! gach lá is gach oidhche, go bráth 'gus a choidhche
Ní shéanfaidh mé gloine de sgáith an phoitín.
Óró, 'sé mo dhúil é, 'sé solus mo shúl é;
Mo shaidhbhreas, mo lón é, nuair tá mé gan
pighinn,
Mo leigheas ar gach leon é, mo shonas i mbrón é;
'Sé beatha an domahin é — mo ghloine poitín!
II.
Mo bheannacht ga bráth ar shean-órna mo thíre
Má's garbh a ceann, och! is milis a sugh
Go mairidh go deo linn na póiteoirí fíora
Ag seinm a cháil' is ag moladh a chlú.
As doimhne ar gcroidhtheadh, 'sé cuimhne ár
ríghtheadh,
Ba ró-mhaith gach fear díobh ag slugadh a
“bhraoin.”
'Nois an séanfaidh a bpór-san go síorraidhe an
deor sin,
'Sé freagradh aoin fín dhíobh i ngloine poitín.
Óró, &c.
III.
Tá'n Frannach bocht sásta ag ól a chuid fíona
Le “lager” tá'n Gearmánach sámh i n-a ghlóir
Tá'n Sasanach sanntach go síorraidhe ag
caoineadh.
Má tá sé aon lá gan a dhóthain de bheoir.
'Nois bíodh ag gach duine a dheoch féin san ghloine
Is cuma má's lionn í, má's beoir í, nó fíon,
Acht ná saluigh mo dhorn a choidhche le corn,
Acht chorn maith máireach de sgáith an phoitín
Óró, &c.
Freagradh.
I.
A sglábhaidhe gan urraim! A sglábhaidhe 'sé
deirim
Gur ró-olc an teagasg do thuit ó do pheann —
Mo thruaigh ar an athair, mo bhrón ar an mháthair
A admhuigheas tusa 'measg cunntas a
gclann!
Mo ghráin ar an duine a mholas an gloine
Tá líonta le beoir nó tá líonta le fíon
Acht go cinnte ní beannacht tá leis-sean ag
fanacht,
A ghrádhuigheas gloine de sgáith an phoitín.
Ó! seachain go deo é, is tús ar gach gleo é,
'Sé d'fhág mé mar tá mé, 'sé d'fhág mé gan
pighinn,
'Sé chreach mé, 'sé leon mé, 'sé ádhbhar mo
bhróin é,
'Sé donas an domhain é — do ghloine phoitín!
II.
Deir tusa, a sglábhaidhe, nach n-ólfaidh tú uisge
Mar tá sé gan boladh, gan blas nó gan brígh,
Gur fearr leat an deoch chuireas daoine ar
meisge,
A mhilleas an t-anam, 's a bhriseas an croidhe
Ní hiongantach liom bagairt na saoi 's na
sagart,
Nuair chastar leor póiteoir mar thú, a spailpín,
Och! a shean-pheacaigh liath, bhfuil agat aon Dia
Acht sásamh do mhiana i ngloine poitín?
Ó! seachain, &c.
III.
Is aoibhinn 's áluinn sean-órna mo thíre
Acht, creid mé, tá'n diabhal é féin i n-a shugh,
Is fairsing san domhan so na póiteoirí fíora,
A d'fhág sé bocht claoidhte gan cháil is gan clú.
Ghlac comhlairle aoin fhile chuaidh síos leis an
tuile
Níos mó 'ná leath-bhealaigh go hIfreann a
“braoin”
'Nois gach lá is gach oidhche ó'n am so a choidhche
Ná saluigh do dhorn le gloine poitín!
Ó! seachain, &c.
Peigí Nic Déaid.
(Cailín óg i dTír Chonaill a chum an
t-amhrán so. Is mór an truagh gur de réir
méadarachta an nGall a chum sí é.)