Eoghainín na nÉan.
II.
Tháinig tráthnóna aoibhinn i ndeir-
eadh an Aibreáin. Bhí an t-aer glan
fionnfhuar tar éis ceatha bháistighe. Bhí
solus iongantach san domhan thiar. Bhí
séis cheoil ag an éanlaith san gcoill.
Bhí duan dá chanadh ag na tonntrach-
aibh ar an tráigh. Acht bhí uaigneas ar
chroidhe an mhalraigh do bhí ag fanacht
leis na fáinleogaibh.
Cluineadh go hobann glór nár
cluineadh san áit sin le dhá ráithche.
Glór beag bídeach. Glór fann fíor-
bhinn. Ceileabhar mear meidhreach ba
neamh-chosmhail le gach ceileabhar eile
dá dtagann ó ghob éin. Le luas las-
aire thiomáin toirt bheag dhubh andeas,
í ag eiteall go hárd san aer. Dhá
sgiathán leathna láidre uirthi. Déan-
amh gabhláin ar a hiorball. Í ag
gearradh na sligheadh roimpi mar badh
saighead do chaithfidhe as bogha do
bheadh innti. D'ísligh sí go hobann,
d'iompuigh sí, d'éirigh arís, d'ísligh is
d'iompuigh arís. Annsin rinne sí caol-
díreach ar Eoghainín, í ag labhairt i
n-árd a gotha, gur luigh agus gur nead-
uigh sí i mbrollach an ghasúir bhig tar
éis a taistil fhada ó'n Domhan Theas.
“Ó! mo ghrádh thú, mo ghrádh thú!”
arsa Eoghainín, 'gá tógáil i n-a dhá
láimh agus ag pógadh a chinnín duibh. “'Sé
do bheatha chugam ó na críochaibh coimh-
ightheacha! Bhfuil tú tuirseach tar éis
t'aistir uaignigh thar taltaibh agus thar
fairrgibh? Óra, mo mhíle mhíle grádh
thú, a theachtaire bhig áluinn ó'n tír i
n-a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomh-
naidhe! Cá bhfuil do chompánaigh uait?
Nó cér'd d'éirigh dhíbh ar an mbóthar
nuair nach dtáinig sibh roimhe seo?”
An fhaid is bhí sé ag labhairt mar so
leis an bhfáinleoig, 'gá pógadh arís is
arís eile agus ag cuimilt a láimhe go
grádhmhar dá sgiathánaibh dubh-ghorma,
dá sgórnaigh bhig deirg, agus dá brollach
geal clúthmhar, sheol éinín eile andeas agus
do thuirling i n-a n-aice. D'éirigh an dá
éan san aer annsin, agus 'sé an chéad áit
eile i n-ar luigh siad i n-a neid bhig
féin do bhí foluighthe san eidhneán bhí
ag fás go tiugh ar bhallaíbh an tighe.
“Tá siad ar fágháil sa deireadh, a
mháithrín!” arsa Eoghainín, agus é ag rith
isteach go lúthgháireach. “Tá na fáin-
leoga ar fágháil sa deireadh! Tháinig
péire anocht — an péire a bhfuil a
nead os cionn m'fhuinneoige-se. Béidh
an chuid eile chugainn i mbárach.”
Chrom an mháthair is theann sí léi é.
Annsin chuir sí paidir chum Dé ós íseal
ag gabháil buidheachas Leis as ucht na
fáinleoga do sheoladh chuca. An las-
air do bhí i súilibh an mhalraigh, chuir-
feadh sí aoibhneas ar chroidhe máthar
ar bith.
Ba shámh é codladh Eoghainín an
oidhche sin.
Tháinig na fáinleoga i ndiaidh a
chéile anois — i n-a gceann is i n-a
gceann ar dtús, i n-a bpéire is i n-a
bpéire annsin, agus fá dheireadh i n-a
sgataibh beaga. Nach ortha bhí an
t-áthas nuair chonnaic siad an tsean-
áit arís! An choill bheag agus an sruthán
ag gluaiseacht tríthi; an tráigh gheal
ghainmhe; na fuinnseoga do bhí i
n-aice an tighe; an teach féin agus na
sean-neadracha go díreach mar ar
fhágadar iad leath-bhliadhain roimhe sin.
Ní raibh atharrughadh ar thada acht
amháin ar an mbuachaill beag. Bhí
seisean níos ciúine agus níos mine 'ná
bhíodh. Ba mhinice i n-a shuidhe é 'ná ag
rith leis féin ar fud na ngarranta
mar ba ghnáth leis roimhe sin. Níor
cluineadh ag gáiridhe ná ag gabháil
fhuinn é chomh minic is cluintí. Má thug
na fáinleoga an méid seo fá deara,
agus ní abróchainn nach dtug, is cinnte
go raibh brón ortha faoi.
Chuaidh an samhradh thart. B'annamh
chorruigheadh Eoghainín amach ar an
mbóthar, acht é i n-a shuidhe go sásta
ar mullach na carraige ag féachaint
ar na fáinleogaibh agus ag éisteacht le
n-a gceileabhar. Chaitheadh sé na
huaireannta mar so; agus ag dul isteach
dhó gach oidhche bhíodh sgéalta áilne
aige le n-innseacht dá mháthair. Nuair
cheistnigheadh sí é deireadh sé i gcomh-
naidhe gurbh' ó na fáinleogaibh d'fhághadh
sé na sgéalta so.
Bheannuigh an shagart isteach tráth-
nóna.
“Cia chaoi bhfuil Eoghainín na nÉan
an aimsir seo?” ar seisean leis an
máthair. (“Eoghainín na nEan” bhí
mar ainm ag na malrachaibh eile air
toisg an cheana do bhí aige do'n éan-
laith).
“Maiseadh, a Athair, ní raibh sé
chomh maith le fada an lá is atá sé ó
tháinig an samhradh isteach. Tá luisne
i n-a leacain nach bhfaca mé innti
riamh roimhe.”
Bhreathnuigh an sagart go géar
uirthi. Thug seisean an luisne sin fá
deara le tamall, acht má thug, níor
mheall sí é. Thug daoine eile fá
deara freisin í agus níor mheall sí iad.
Acht ba léar gur mheall sí an mháthair.
Bhí deora i súilibh an tsagairt, acht bhí
Nóra ag fadódh na teineadh is ní
fhaca sí iad. Bhí tocht i n-a ghlór
nuair labhair sé arís, acht ní thug an
máthair fá deara é.
“Cá bhfuil Eoghainín anois, a Nóra?”
“Tá sé i n-a shuidhe ar an gcarr-
aig amuigh ag ‘ag cainnt leis na fáin-
leogaibh,’ mar deireann sé féin. Is
iongantach an bháidh atá aige leis na
héinínibh sin. Bhfuil a fhios agat, a
Athair, cér'd dubhairt sé liom an lá
cheana?”
“Níl a fhios, a Nóra.”
“Bhí sé 'ghá rádh gur gearr anois go
mbéidh na fáinleoga ag imtheacht uainn
arís, agus ar seisean liom go hobann,
‘Cér'd déanfá, a mháithrín,’ ar seisean
‘dá n-éalóchainn-se uait leis na
fáinleogaibh?’”
“Agus cér'd dubhairt tusa, a
Nóra?”
“Dubhairt mé leis sguabadh leis
amach agus gan a bheith 'om' bhodhrughadh.
Acht táim ag cuimhniughadh riamh ó shoin
ar an rud adubhairt sé agus tá sé ag
déanamh buaidheartha dhom. Nárbh'
aisteach an smaoineadh é, a Athair, — é
imtheacht leis ns fáinleogaibh?”
“Is iomdha smaoineadh aisteach thag-
ann isteach i gcroidhe páiste,” ars' an
sagart. Agus amach an dorus leis
gan focal eile do rádh.
(Tuilleadh)
Colm Ó Conaire.