An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Mí na Nodlag 02, 1905.
“Is treise beirt san áth 'ná
aon duine amháin.”
Dubhramar tá seachtmhain ó shoin ann
gur mhithid, dar linn, buan-charadas
do shníomhadh arís idir Gaedhil na
hÉireann agus Gaedhil na hAlban. Is
maith linn go bhfuil “Conán Maol”
ar aon aigneadh linn. Seo mar
sgríobhann “Conán” i “nGuth na
Bliadhna” na ráithche seo:—
“'Sé mo thuairim gur mhaith leis na
hÉireannaighibh an tsean-bháidh agus an
tsean-charadas do bheith aca arís leis
na hAlbanaighibh, mar níor bhuail aon
Éireannach liom ar feadh mo shaoghail
ná go raibh muinnteardhas 'n-a chroidhe
aige do Ghaedhealaibh Alban.
“Deir siad mar seo: ‘Is dár
dtreibh féin iad, agus ba mhór againn a
chéile fad ó; ní maith linn, ámh, go
bhfuil urraim agus cion chomh mór soin ag
an Albanach ar an Sasanach, mar dá
réir sin chabhróchadh sé leis an Sasanach
'n-ár gcoinnibh-ne, agus ní mar sin do
ghníodh sé ins an tsean-shaoghal. Níor
thugamar aon chúis ghearáin do'n
Albanach le bheith 'n-ár gcoinnibh.
Mheall an Sasanach é, acht beidh fáilte
againn roimhe arís má thagann sé
isteach sa Ghaedhealtacht, agus beidh sé
'n-a bhráthair againn arís le congnamh
Dé.’ Is é mo thuairim gurab é sin
smuaineadh na nÉireannach, agus ní mheas-
aim go bhfuil aon bhaoghal go ngéill-
fidh Éire do Shasana ná go mbeidh
cion aici uirthi go dtugaidh Sasana a
ceart di.
“Badh mhaith le hÉirinn cabhair na
nAlbanach, agus tá súil aici leis an
gcabhair sin; acht, má tá sé i ndán
do mhuinntir an dá ríoghacht caidreamh
do bheith eatortha ar an chuma do bhíodh
fad ó, ní fhuil aon nídh eile chomh maith
leis an gcaradas subháilceach úd do
thabhairt ar n-ais, leis an teanga bhinn
sin ár sinnsear do labhairt arís, mar
daoine sinn d'aon treibh agus d'aon chin-
eadh, agus tá sé do réir riaghlacha Dé
aon teanga amháin do bheith againn.”
Tá aiste áluinn ó “Fheargus Finn-
bhéil” san uimhir chéadna de “Ghuth na
Bliadhna.” Innsigheann “Feargus”
dúinn go bhfuil sé thar éis teacht ar
ais ó Thír na nÓg. Cad do-chíonn sé i
nÉirinn agus i nAlbain acht —
“Sliocht na nGaedheal i ngéibheann
chruaidh,
Gan duan ná dreacht, acht Béarla
fuar,
Gan aoibhneas séin, gan éacht ag
sluagh,
Ná gníomhartha tréana ag éigse 'á
luadh!”
Seo mar labhrann “Feargus”: —
“A Ghaedheala Alban, féachaidh in
bhur ndiaidh agus féachaidh romhaibh. Má
thréigeann sibh cainnt agus ceol agus laoithe
agus meanna na bhFiann, ní bheidh de
shliocht agaibh acht Danair dúra go
bráth arís. Bhí agallamh agam le Rígh-
Fhéinníbh na hÉireann indé, agus do chuir-
eadar iad féin fé gheasaibh fíor-laoich
go leanfaidís raon na bhFiann. Sin
iad na geasa atá uaim oraibh-se, a
Rígh-Fhéinnidhe Alban. Muna bhfuigh mé
uaibh iad cáinfidh mé sibh, agus aoirfidh mé
sibh, go dtógfaidh mé trí cluig ar
éadan gach mac máthar agaibh. Agus
má thugann sibh dom na geasa soin
beidh áthas ar mo chroidhe ag filleadh
dhom go Tír na nÓg.”