An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 16, 1905.
Gaedhilgeoir agus a Mhac.
Seachtmhain ó shoin chuireamar ceist
nó dhó ar na tuismightheoiríbh (.i. ar na
haithreachaibh agus ar na máithreachaibh) a
léigheas an CLAIDHEAMH SOLUIS.
Cheapfá nach mbeadh gábhadh le n-a
leithéid sin de cheisteannaibh thar éis
do Chonnradh na Gaedhilge bheith ag
obair le dhá bhlaidhain déag. Acht,
faraor géar! tá. Bheadh truagh agat
do Ghaedhilgeoir bhocht thíos i dTír
Chonaill nó thiar i gConnamara a
chluinfeá ag labhairt Béarla bhriste
la n-a chlainn; acht an Connrathóir a
bhfuil Gaedhilge aige, agus gan ag an chlainn
acht Béarla, ní truagh a bheadh agat
dó-san, acht tarcuisne.
Ag siubhal na sráide dhúinn i
mBaile Átha Cliath an lá fá dheireadh,
casadh Connrathóir áirithe dhúinn.
Gaedhilgeoir blasta 'seadh é, — fear ó
n-a gcualamar go leor cainnte ag
an Árd-Fheis seo ghabh tharainn. Bhí
pataire beag de mhac le n-a chois.
Bheannuigheamar dhó i nGaedhilg.
Bheannuigh seisean dúinne. Bheannuigh-
eamar do'n oighre óg. Smid níor
labhair sé. Bheannuigheamar arís dó.
“What's he sayin' dada?” ars' an
peata. “He's talkin' Irish, me boy.
But sure you're too young to under-
stand Irish. We'll teach you Irish
bymebye.”
Gaedhilgeoir ó dhúthchas 'seadh an
fear soin, agus Gaedhilgeoir ó dhúthchas
'seadh a bhean. Béarlóir ó dhúthchas
'seadh a mac. Agus tá an bheirt aca
'n-a gConnrathóiríbh!
Go bhfóiridh Dia orainn!