Review
“Beirt Fhear”
Seo chugainn “Beirt Fhear” i gcruth leabhair. An
Cló-Chumann do chló-bhuail fá choinne Chonnartha na
Gaedhilge & tá sé le díol ar leath-choróin. Séamus
Ua Dubhghaill do sgríobh, & is ionann é seo & a rádh go
bhfuil sé sgríobhtha go háluinn. Tá tuairim agam
féin go bhfuil an Dubhghallach ar an sgríbhneóir is
fearr, b'fhéidir, atá againn indiu. Tá an teanga
leis ó nádúr, & ní dhéanann sé dearmad di i n-uair
ar bith. Teanga a óige atá leis ar fad & canmhain
a óige, & is amhlaidh is fearr é ná ní thigeann an
darna teanga le duine chomh réidh is thigeann an chéad
cheann. Fághadh muinntir na Tuaithe go léir bás i mbárach
& ní bheadh baoghal ar a dteanga nó ar a gcanmhain
nach mairfeadh siad & go dtiocfadh siad i dtír arís as
sgríbhinnibh an Dubhghallaigh óir tá siad leis go beó &
go beacht. Do réir comhsamhlachta ní féidir go bhfuil
mórán focal fágtha amach aige dá bhfuil i bhfoclóir na
Tuaithe, ná labhrann sé ar ghach uile rud a bhaineas leis
an saoghal sa cheanntar sin, nó i gceanntar ar bith i
nÉirinn, dá ndéarfainn é. Tá beagán le rádh ag
Aodh nó ag Diarmuid ar gach uile chineál sgéil & má
fágtar lúb ar lár ag an bheirt fhear, siúd iad an
bheirt bhan, Cáit & Peig, le n-a thógaint. Tráchttar ar
chúrsaibh an tsaoghail go cruinn, ar an aimsir, ar stuic,
ar chearcaibh, ar phátrún, ar aonach, ar cheannaidheacht &
ar dhíolaidheacht, ar phósadh, ar chleamhnas, ar na
páisdíbh, ar an Aifrionn & ar an tigh pobuil, ar cheant
& ar lá dlighe, ar lá na móna, & ar lá na feise, & ar
na céadtaibh ruda nach airmhidhim annso. Is ion-
tuigthe as an méid seo féin gur bríoghmhar an leabhar
é seo, go háirithe fá choinne mac-léighinn, ná níl cor-
cainnte theastuigheas uatha nach bhfuil le fágháil taobh
istigh de dhá chumhdach an leabhair.
Is i gcanmhain Mhumhan atá an leabhar go léir
sgríobhtha nó badh chóra damh a rádh, b'fhéidir, i gcan-
mhain Chiarraidhe. Acht chítear damh-sa nach bhfuil an
chanmhain chomh casta ag an Dubhghallach is tá sí ag
cuid de sgríbhneóiríbh na Mumhan, & ní déarfainn ná go
gcuireann sgríbhneóirí áirithe isteach cora cainnte cama
nach bhfuil dá labhairt ar chor ar bith le mearbhall a
chur ar dhaoine. Sgríobhann an Dubhghallach an chanmhain
go réidh, líomhtha, i modh is go dtuigfeadh Gaedhilgeóir
ar bith é, taobh amuigh de rádh nó cor cainnte annso
& annsúd.
Tá roinnt aca so mínighthe ag an Dubhghallach i nót-
aíbh gearra i ndeireadh an leabhair; acht tá cuid aca
gan mhíniughadh, acht amháin go bhfuil an sgéal céadna
inniste i mBéarla ar an leathanach thall. Is greann-
mhar an dá chor cainnte iad so ar l. 12: “Cia aca
badh mheasa leat — máthair chéile, bean do dhearbhráthar,
ná inghean dearbhráthar t'athar?” Shaoilfeadh duine as
an gceist seo gurab é an t-eólas atá ó'n gceisteóir
cia aca a raibh an ghráin nó an fuath is mó agat di.
Acht ní hé seo an chiall atá leis, acht cia aca is mó a
bhfuil báidh agat di. Agus arís: “Is dóigh liom go
ndéanfa mé rud ort, a Dhiarmuid.” 'Sé an chiall a
bhainfinn as an rádh so go raibh an cainnteóir ar tí
rud éigin, nó cleas éigin, d'imirt ar Dhiarmuid, mar
go raibh sé ar tí cloch do chaitheadh leis, nó palltóg
do bhualadh ar bhun cluaise air. Acht ní hé seo atá i
n-a cheann aige ar chor ar bith, acht a rádh go ndéan-
faidh sé an rud a d'iarr Diarmuid air. Anois ní
féidir an chiall so do bhaint as na foclaibh do réir
bríghe & bunadhasa na bhfocal iad féin, acht go dtug-
ann muinntir Mhumhan an chiall úd do na ráidhtibh, &
measaim-se gur tuathalach na ráidhte iad, & nár
mhisde do Ghaedhilgeóiribh na hÉireann a leithéidí do
sheachnadh. Ní ionnan sa chás do choraibh cainnte eile
atá sa leabhar. Tá cuid aca so nach bhfuil cleachtadh
againn-ne i nUltaibh nó i gConnachtaibh orra atá an-
deas & deis-bhéalach, & níor mhisde dhúinn iad a thóg-
aint & úsáid do dhéanamh dhíobh. Dar liom-sa is í seo
an dóigh is fearr leis an nGaedhilg do leasughadh &
do dheisiughadh & do chur i bhfeabhas .i. na focla & na
modha cainnte is taitneamhnaighe atá i ngach chanmhain a
chur i bfeidhm i gcainnt & i sgríbhinn, & na focla bar-
baracha & na cora cainnte tuatalacha a fhágáil amach
& a dhearmadadh. Ní féidir an méid seo do dhéanamh
gan eólas cruinn do bheith againn ar gach canmhain; &
is ar an ádhbhar sin cuirim fáilte & fíche roimh an
“Bheirt Fhear,” gan trácht ar fheabhas an leabhair taobh
amuigh de'n cheist seo. Tá sean-ráidhte go flúirseach
ag an Dubhghallach, & ghní sé feidhm de chuid mhaith aca
san leabhar, & dar ndóigh is ionnta atá an Ghaedhilg
is deise & is snasta atá le fágháil.
Ní minic do'n Dubhghallach focal coimhthigheach no
focal iasachtach do chur i bhfeidhm i n-áit focail dhúth-
chasaighe, & molaim-se é ar an méid seo; acht anois is
arís chím focal iasachtach nach bhfuil feidhm leis. Dubh-
airt mé cheana féin, & deirim arís é, gur focal bar-
barach “fuisgí”, dar liom-sa, i n-ionad uisge-beatha,
& chím “praigheas” i leabaigh luach, & “stáca” i n-áit
cruaiche, & “fíneála” i n-áit cánta, & “damáiste“ i
n-áit dochair; & beagáinín eile de'n teaghlach chéadna.
Ní deas iad & níl feidhm leó. Tá fhios agam go bhfuil
na focal seo & tuilleadh dhá réir i mbéalaibh na
ndaoine is Gaedhealaighe sa tír, acht mar sin féin ní
ceart iad do chur isteach i leabhar. Dubhairt sean-
Ghaedeal i dTír Chonaill, uair amháin: “Bhí mé a'
sbudaráil & a' conseadaráil go raibh mé bodharáilte,”
acht ní lámhfainn-se na focla sin a chur i gcló, muna
gcuirfinn isteach iad tré mhagadh, nó tré fhonmhóid.
Dubhairt mé ar dtús nach bhfuil an Dubhghallach tugtha
dá leithéid a chur isteach, & is amhlaidh is fearr é.
Cuirfidh luach an leabhair seo i n-aghaidh a dhíolaidh-
eachta, mar is mór le mórán Gaedhilgeóir leath-
choróin do chur amach ar leabhar ar bith; acht is fiú
an t-airgead é, gach feóirling de; & dá gcastaoi an
t-airgead chuig duine, níor bh'fhéidir dó é chur i dtaisge
ní b'fhearr 'ná fios do chur ar an “Bheirt Fhear”.
Cú Uladh.