An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 21, 1903.
“Buidhne Léighte.”
Sé an tslighe is fearr chun teanga do choim-
eád beó ná í do LABHAIRT. Muna mbeidh
sí 'gá labhairt ag na daoinibh go coitchionnta,
gheobhaidh sí bás gan aon agómh; ní féidir di
maireachtain; beatha teangan í do labhairt.
Sin é an chéad rud, agus an rud is riachtan-
aighe; acht tá rud eile ann, agus rud chomh
riachtanach céadna, b'fhéidir. Cad do thug ar
na daoinibh gan a bheith ag labairt na Gaedh-
ilge? Is iomdha fáth do bhí leis; acht bhí aon
cheann amháin do rinne mórán díoghbhála, sé
sin ná raibh aon litridheacht thaitneamhach shaor
ann le sgaipeadh i measg an tsluaigh Ghaedh-
ealaigh ar fuaid gleannta agus machairí na
hÉireann — litridheacht i n-a bhfaghfaidhe cunn-
tas lonnrach ar imtheachtaibh & ar ghníomharthaibh
a sean & a sinnsear — litridheacht i n-a bhfagh-
faidhe sgéala ar an saoghal do bhíodh 'ghá chaith-
eamh ag sluaightibh Gaedheal sa dúithche seo ó
thús na n-aimsear; agus an saghas saoghail do
bhí aca féin do láthair leis; litridheacht i n-a
mbeadh spioraid & leóitne na ngleann is na
ngarbh-chnoc, & i n-a bhfeicfidhe — ar nós sgaoth-
áin — toradh inntleachta & dúr-anam do-bhriste
na nGaedheal. Ní raibh aon fhágháil ag na
daoinibh bochta ar a leithéid, agus, dá mbeadh
féin, ní bheadh aon mhaitheas dóibh ann. D'fhág
fóirneart & léirsgrios Gall gan sgoil gan
léigheann iad. Bhí a bhfearann ar fad ag
gramaisg dhuairc an chlampair, bhíodar
brúighte síos ar nós na mbeithidheach, is dá
mbeadh na leabhra féin aca ní bheadh aon
tsuim ag a bhfurmhór ionnta, is níor
bh'acfuinn dóibh iad do léigheamh. 'Seadh,
sin í an fhadhb indiu féin. Sé an LÉIGHEAMH
an dara rud is riachtanaighe go siúrailte
ceart. Na daoine go bhfuil an Ghaedhilg aca
ní féidir í DO LÉIGHEAMH. Acht ar shon ná
fuil an tsluagh ar fad ábalta as an Ghaedhilg
do léigheamh ní dóigh liom go bhfuil aon
bhall i nÉirinn ó Loch Feabhail siar-dheas go
hOileán Uí Bhric go bhfuil an Ghaedhilg gá
labhairt go coitchionnta ann ná fuil craobh
de'n Chonnradh ann bheadh sé ceart Buidhean
Léighte do chur ar bun ann. B'fhurus a
leithéid a chur ar bun, agus a choimeád suas.
Níor ghábhad mórán airgid. Gheóbhfaidhe adhbhar
léighte sa “CLAIDHEAMH SOLUIS” gach aon
tseachtmhain. B'fhuruis roinnt leabhra beaga
d'fhagháil; agus siad na leabhra badh cheart a
bheith ann ná leabhra ag cur síos ar rud éigint
a bhainfeadh leis an áit áirithe sin. 'Sé an
saghas Gaedhilge b'fhearr a bheith ann leis ná
Gaedhilg mhion mhin na háite sin féin. Níor
ghábhadh aon teach speisialta acht an oiread.
B'fhearr an bhuidhean a dhul ar chéilidh tim-
cheall an phoróiste, oidhche annso agus oidhche
annsúd. Mar sin do thabharfaidhe ar an gcuma
soin an solus & obair na Gaedhilge go dtí gach
aon teach sa pharóisde agus badh mhór an nídh é
sin. Gheóbhfaidhe críoch & slacht do chur ar
leasún na hoidhche le babhta rinnce nó bhéarsa
amhráin. Dhéanfadh a leithéid sin malairt
mhór phléisiúrtha do chur ar an saoghal síor-
dhubh tá aca sna Ceanntaraibh Gaedhealacha.
Anois tá athchuinge gá dhéanamh againn ar gach
éinne dá bhfuil 'n-a gcomhnuidhe i na leithéidíbh
seo d'áiteannaibh Buidhne Léighte do chur ar
bun agus congnamh thabhairt ar an Ghaedhilg
do choimeád beó mar a bhfuil sí. Tá sí níos
fearr as anois ná mar do bhí sí le fada acht
nílmíd ró-chinnte ná fuil sí ag dul d'éag fós
féin i n-áiteannaibh. Sin é a bhfuil air ná dhe.