Guth na mBárd
Amhrán i n-aghaidh an Óil.
I.
'Sheagháin Iameson mo námhaid,
Ní ghrádhuighim thú níos mó —
An grádh a thug mé dhuit, a Sheagháin,
Ní thiubhrad é go deó.
Ba mhilis bhí do bhlas, a Sheaghain,
Ba chóir a bhí do chaint,
Acht is olc an toradh fóghmhair,
D'fhág tú agam le baint.
II.
Do rinne tú ró-ghlórach mé,
Is d'fhág tú mé gan chéill,
Is iomdha bréag is focal olc
A tháinig ó do bhéal
Do thug tú uaim mo chlú —
Tá mé anois im' dhuine bhocht,
'S mo chuid ag dul amudha.
III.
D'fhág tú, a Sheagháin, lom folamh mé,
Níl teach agam, ná bí,
Níl greim agam le n-ithe,
Níl clúid agam le luighe,
Níl duine ar bith a bhaineas liom
Le congnamh liom 's tráth
Ó chaill mé grádh mo mhuinntir féin
Ní bhfuair mé acht mí-adh.
IV.
Níl dadaidh anois le fágháil agam,
Níl airgead ná óir,
Níl teach, faraoir! ná áit agam,
Acht siubhal an domhain mhóir!
D'ól mé an méad a bhí agam, —
Is é an t-ól, mo chrádh!
D'fhág mé indiu im' chréatúir bhocht,
Gan sonas 'gus gan rath.
V.
Tá súil agam, le congnamh Dé,
Le seachaint teach an óil, —
'Sí an deoch a d'fhág mo theach indiu
Gan tábla ná gan stól;
Chaill mé an méad a bhí agam,
Ag ól ó lá go lá,
Is é d'fhág mé in mo shompla bhocht,
Is d'fhág mo thír gan rath.
VI.
Do gheall mé, a Sheagháin, nách mblaisfidh
mé
Biotáille — uisge báis —
Chomh fhad is tá mo chiall agam
Is tá an féar ag fás;
Is é d'fhág Éire brónach bocht,
(Mo Éire gheal, mo stór!)
Is d'fhág clann Éireann oidhche 's lá,
Ag silt na mílte deór.
Canon Casey
Athleague, October 18, 1903.
'Sé an sean-leomhan an Canaoineach Ó Cathasaigh — an té a
chum “Temperance Poems”, “Verses on Doctrinal and
Devotional subjects,” &c, — a chum an t-amhrán so thuas.
Bíodh a bharamhail féin ag gach éinne, acht 'sé ár mbara-
mhail-ne, go mbadh dána an rud dúinn slighe a eiteach
do'n amhrán so fá rádh 's nach do réir “riaghala rann &
reachta” na nGaedheal atá sé cumtha. — F. an Ch.