An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meitheamh 6, 1903
An Úireacht
Tá rud úr-ghlé eicínt i n-inntreacht an
Ghaedhil nár milleadh le foghluim na
nGall, seachas mar tá san nGaedheal ar shugh
léigheann na n-eachtrann a dhúthchas as. Sí
an úireacht atá i n-amhrán & i nglór an
Mhaolánaigh a thaithnigh le duine atá
cleachtach ar ghnás an Bhéarla. Tá a iomchar
& a chuid goití, neamh-chosmhail ar fad leis an
ngnás coithigheach, tá a ghlór tíorthamhail thar
an ngliogar a cluintear go coitcheanta. Is
amhlaidh tá an sgéal ag daoinibh eile freisin
a bhfuil inntreacht na hÉireann glan aca ó
smál & ó dhorchughadh an Bhéarla. Má tá aon
rud is mó a chuireas gráin orainn ná rud eile
sé an t-aistriughadh é a fheicimíd go minic ó'n
mBéarla nuair a bhíos daoine ag cur síos [an]{ar}
chúrsaibh an tsaoghail. Tá an sgéal ciotach go
leór ag duine a rachas ag déanamh aithris ar
lucht na bpáipéir Béarla faoi n-a gcuid
sgéaltaibh. An lá do b'fhearr do bhí ar
Béarlóir ag innsint sgeálta nuadha, go
deimhin níor mhór le rádh é, acht ó tá taithighe
againn air anois (agus fairíor má tá!) is
measa ná sin é. Innsighmís an sgéal asainn
féin nó leigimís dó.
Tá Paits Ó hIarnáin ar Oileán Árann ina
bhárd. Chum sé amhráin ag cáineadh daoine, &
amhráin ag moladh daoine. Níl cuide do na
hamhráin féin ioncháinte, & de dhuine nach
bhfuair an iomarca do'n fhoghluim ariamh tá
tuilleadh do na hamhráin sin go toghtha. Níl
fhios againn go cruinn cé an rannaidhe Béarla
a chuirfimís i gcomórtas le Paits, acht do
réir mar chualamar tásg ar Chiplinn déar-
faimís go mbéidís comhthrom le chéile, duine
ag foillsiughadh spioraid na nGaedheal & an
duine eile ag gabháil do ghiúin na nGall. Ní
dheirimíd go bhfuil an oiread foghluim ar Phaits
& atá ar an bhfear eile, acht deirimíd gur
binne linn rann uaidh ná ó'n gCiplinneach, &
bíodh an oiread eile maitheasa ann-san & atá.
Níl ann acht pleibear do dhuine a cheapas
go mbéadh linn dá mbéadh na hÉireannaigh
go léir i n-ann gach uile fhocal Béarla
aistriughadh, & gach uile chor chainte, & Gaedhilg
bhlasda do dhéanamh dhíobh. Ní bhéadh linn &
ní raibh linn, & ní bheidh linn as so amach má
bhíonn muid i gcleitheamhnas an aistrighthe, &
dhá luaithe dá dtuigimíd sin is amhlaidh is
suaimhnighe dhúinn é. Caithfimíd leigean do'n
aithris, casadh ar ais ar Phaits Ó hIarnáin, ar
an Maolánach, & ar a leithéidíbh, & an
gnás Gaedhealach d'fhoghluim uatha. Caithfear
leigean do ghnás lucht na bpáipéir nuaidheacht
freisin. Ní bhéadh aon chur suas againn féin
do nuaidheacht a bhéadh innsighthe i bhfoirm sgéil.
Sí inntreacht an Ghaedhilgeóra a chaithfear a
shaothrughadh, & ní le léigheann an Bhéarla is
ceart a inchinn a líonadh acht an oiread.