An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Feabhra 07, 1903
Saothar Lámh.
Léigh an tAthair Pádraig Ua Duinnín páipéar ag an
Árd Chraobh an oidhche cheana ar na Gaedhilgeóirí ar tí
dul thar lear. Chuir an páipéar sin a lán daoine ag
smaoiniughadh, agus sé an smaoine do bhí i n-uachtar
láin ag gach éinneach go mbadh mhaith an rud é dá
mbeadh slighe ceapaighthe obair a thabhairt do Ghaedhil-
geóiribh i gcathrachaibh na hÉireann, agus gan a bheith
dhá leigean thar sáile. Ceapadh nar mhór tuairisg a
chur & na daoine atá ar tí imtheacht a choinneál, agus
cur i n-iúl dóibh gur mar gheall ar an nGaedhilg a bheith
aca atá tóir ortha; annsin slighe bheathadh a thabhairt
dhóibh i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i mBéal Feirsde,
& i n-áiteachaibh mar soin.
Tá na mílte Gaedhilgeóirí ann, agus níl suim cnaipe
gan chois aca 'na dteangaidh féin anois. Tá siad 'ghá
n-ullmhughadh féin fá chomhair Mheiriocá, tá siad gan
ceird gan eólas gan foghluim, gan fionna feanna
acht a dhá láimh chomh fada le chéile, & an tsláinte & a
ngoile aca. Tá tuilleadh aca ann & foghluim bheag ortha,
acht gan steamar eile acht sin. Níl dalla le fagháil aca
ar an méid Gaedhilge atá aca; tá saothrughadh le fagháil
acht a dhul ar a sholáthar go tír eile & an Bhéarla a bheith
aca. Céard tá le déanamh aca? An bhfanfaidh siad
ag forcamhas ar a gcuid Gaedhilge? Do réir mar tá
an sgéal fá láthair is “éist le fuaim na habhann agus
gheobhaidh tú breac” dhóibh é. Ní fhanfadh siad. An
milleán ortha é? Dar ndóigh níl duine riamh le deich
mbliadhna a chuaidh ina measg, & a cheistnigh iad má bhí
a gclann ag foghluim Gaedhilge, nach amhlaidh a bhí an
sgéal aige gur le mí-chéat a labhradar ar an teangaidh.
Tá siad ag iarraidh a mbeatha a shaothrughadh, agus
muna mothuighidh siad go dtiubhradh an Ghaedhilg
congnamh dhóibh chuige sin ní choroghaidh siad cos ná
lámh le í choimeád ó'n mbás. Tá file Connachtach i
dTeach na mBocht anois fá láthair. Ní áit é sin ag
file, ní áit do Ghaedhilgeóiribh é, dhá mbeadh neart air,
acht ar chuma ar bith, ní áit ag file é.
Is anacrach an cheist í slighe bheathadh a thabhairt do
Ghaedhilgeóiribh sa mbaile, agus gan iad a leigean thar
fairrge. Mhol an tAthair Pádraig coisde a chur ar
bun le hobair d'fhagháil dóibh; mhol Eoin Mac Néill
teach sgíthe, nó teach cuidheachtan Gaedhilge a chur ar
bun le haghaidh na nGaedhilgeóirí atá sna cathrachaibh,
teach a mbeadh imirt is greann is an chainnt ar fad
i nGaedhilg; mhol duine éigin eile earraí d'iarraidh ar
lucht na siopaí i nGaedhilg, agus taisbeánt dóibh go
bhfuil an teanga beó, & go caithfear daoine a bhfuil an
Ghaedhilg aca a thabhairt isteach & an gnó a mhúnadh
dhóibh. Is fada bhítear ag seanchas [an]{ar} na neithibh seo
sul déantar iad, acht más linn an rud a dhéanamh
déantar é i n-ainm Dé, agus ná bíodh an fear i bhfus
ag faire ar na bhfear thall go bhfeicidh sé ag corughadh
é. Más cúrsaí oibre é, bhíodh sé n' obair, & ná bítear
'ghá chur ar an méir is fuide mar “faghann na ba bás
fhad is bhíos an féar ag fás.”