Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL.
Lá ar na bhárach bhí damhsa nó ringce le bheith i dtigh
mo dhearbhráthar i nGleann tSúiligh. Thug mé gealladh
uaim go mbéinn ann, & mar bhí mo rothar briste brúighte
gan feidhm ann le cat d'iomchur, fuair mé iasacht an
charra seólta ó mo dhuine mhuinteardha, agus thiomáin
liom tar na sléibhtibh arís. Chár bhuain aimseach nó
tubaiste liom an fhéacht seo, acht amháin go raibh mé
fuar fleidhte leis an tráthnóna doinneanta. Ag im-
theacht dúinn ar mullach Liostaca, shaoil mé go n-im-
theóchadh mo cheann díom le séideadh na gaoithe móire
& le na ceatha clocha-sneachta a bhí ag imtheacht roimh
an ghaoith. Tháinig taom beag tinnis builg orm leis
an fhuacht, agus nuair a chuaidh muid fhaid leis an tigh
ósda nó an tigh tábhairne atá ag mo charaid, Pádraig
Ua Gallachobhair, ag an Muilionn-Úr, stad an beithidh-
each ag an doras, thuirling sinn-ne, 'sé sin, an tiomáin-
aidhe & mé féin, & ghoir isteach 'un tighe go raibh dhá
ghloine bhiotáille againn. Badh cheart damh a rádh nach
n-ólaim biotáille go gnáthach; acht chá measaim go
raibh an ghloine úd go holc nó go ndearna sé dochar
ar bith damh ar an ocáid sin. Is maith an leigheas
braon uisge beatha ar thinneas builg.
Tráth shroich muid na Bruighneacha — sé sin, áit-chomh-
nuidhe mo dhearbhráthar — bhí oidhche ann agus aos óg na
háite chóir a bheith uilig cruinnighthe ag an damhsa. Tá
sgioból maith ag mo dhearbhráthair agus úrlár adhmuid
ann, & ní dona an áit í fá choinne damhsa. Acht chá
raibh sé leath mór go leór. Sul ar thoisigh an ceól ar
chor ar bith bhí an teach lán. Chá raibh cathaoir nó stól
istigh ann, acht bhí planca adhmuid leagtha agus sínte
thart ag bun na mballaí, & bhí rang daoine 'na suidhe
ar an adhmad. Ar feadh na hoidhche bhí rang nó dó
eile 'na suidhe ar ghlúnaibh an chéad ranga, agus, in a
dhiaidh sin is uilig, b'éigin do'n cuid ba mhó de na
daoinibh seasamh ar a gcosaibh, & bhí dóllamh an oiread
daoine taobh amuich de'n sgioból is bhí istigh. Tuig-
fear as an méid seo nach raibh sé ró-shásta nó ró-
chompórtach ins an sgioból ruith na hoidhche. Níor
b'fhéidir ringce mhaith do dhéanamh ann, acht b'é an rud
a rinneadh gur sheasamh drong mór ringtheóirí suas ar
an úrlár in éinfheacht, idir bhuachaillibh agus chailínibh,
seinneadh ceól ar na feidilibh dóibh, & bhog siad thart
ar an úrlár chomh maith is tháinig leo ag déanamh cor
(mar dheadh), acht chá raibh coiscéim damhsa eatorra, &
ba bheag an áird thug siad ar an cheól, nó ar rud ar
bith eile, acht ag gluaiseacht amach is steach eatorra
féin. Thaitin an obair seo go maith leó féin, do réir
chuma, acht níor thaitin sí liom-sa, óir chá raibh snas nó
riaghal ar an ringce úd. Thar a bheith sin, chuireamar
bac ar an ringce chomh minic is tháinig linn, le súgradh
eile do chur 'un tosaigh. Gabhadh abhráin anois is arís,
acht má b'olc an damhsa ba mheasa & ba thuataighe an
ceól. Cá raibh duine ar bith i láthair ar bh'fhéidir leis
abhrán Gaedhilge do ghabháil. Abhráin Béarla b'eadh
iad uilig, acht chá raibh snas an ghalldachais nua ar
cheann ar bith aca, & bhíos ró-bhuidheach ar an méid seo
féin. Bhuain abhrán nó beirt aca le cumha do bhí ar
dhaoinibh d'imthigh go hAmeirioca (ba mhór an truaigh
nár fhan siad 'sa' bhaile); bhuain ceann nó beirt eile le
buaidhreadh inntinne do bhí ar bhuachaillibh óga agus ar
cháilínibh óga tré ghrádh nó searc a thabhairt do chailínibh
nó buachaillibh eile nach raibh áird aca orra; bhí ceann
aca ag caoineadh “The Maid of Lisburn Town” le
hamadán a cheangail é féin in “airm an Ríogh,” & gur
marbhadh é amuich 'sa' Domhan Thoir; & bhí abhrán eile
ag moladh Phádraig Uí Dhomhnaill mar gheall ar philéir
do chur thríd an fhealltóir & an spíodóir úd, Séamus
Ó Cathraigh. Bhí focla na n-abhrán úd tuatach go leór,
& bhí an ceól do cuireadh leó ní ba mheasa; acht, mar
dubhras cheana féin, b'fhearr liom go mór an cineál
sin d'abhránaibh imeasg na ndaoine 'ná na habhráin
nua-Ghallda nó bréag-Ghaedhealacha a chluintear ins na
bailtibh móra nó ins na sráid-bhailtibh ar fud na tíre.
Tá tuilleadh agam le rádh fá dtaoibh de'n damhsa úd
do bhí ag mo dhearbhráthair, óir is iomdha ceacht
b'fhéidir d'fhear stuama bhuaint as a leithéid, acht síl-
im go bhfuil go leór ráidhte agam do'n láthair seo, &
gur b'fhearrde damh an chuid eile do chur ar cáirde
go dtí an tseachtmhain seo chugainn.
Cú Uladh