Guirtín na mBó.
Bhí leabhar ag Pádraig Bán ar a ghlúnaibh & é dhá
sgrúdadh go mion. D'fhiafruigheas dhe cia an leabhar
do bhí ann, & mo ghoirm é! cér'd do bhéadh ann acht an
sean-Duanaire, leabhar do chuir an tAthair Eoghan
Ua Gramhnaigh i gcló tá brabach & deich mbliadhna ó
shoin ann. B'aoibhinn liom a fheicsint go raibh sé i
n-ann Gaedhilg a léigheadh. D'innis sé dham go raibh
sé dhá foghlaim ag an sgoil, & go ngeobhadh sé corr-
cheacht ó'n Athair Máirtín 'na theannta sin. D'iarras
air giota a léigheadh dhúinn, & rinne. Go dearbhtha, ba
bhlasta uaidh an Ghaedhilg a léigheadh. Ní hé amháin go
raibh casadh a theangadh ins na foclaibh, acht bhain sé
ciall & brigh & fuinneamh as gach uile fhocal bhí ar an
bpáipéar os a chomhair. Ní'l aon chall agam a rádh
gur thaithnigh a chuid léightheóireachta liom, & maidir le
Cáitín, bhí an bhean bhocht as a meabhair le práidhinn &
bród as tréithibh a maicín. Acht má bhí, níor bh'é sin
dalta an tsean-fhir, ar a raibh fonn codlata.
“Tá codladh ar an bhfear sin thall,” ar seisean, ag
síneadh a mhéire chugam-sa.
“Stop do bhéal,” arsa Cáitín, & spreamhas uirri.
“Ort féin atá an codladh.”
Bhí an seanóir tuitthe 'na throm-shuan & é ag
srannadh sul má bhí na focla so as béal Cháitín.
Lean Pádraig d'á chuid léightheóireachta. An fhaid bhí
sé ag léigheadh, bhuail beirt nó triúr fear óg isteach &
shuidheadar fútha — duine aca ar stól, duine eile ar
shac plúir, & an tríomhadh duine, b'fhéidir ar mhála
coirce.
Nuair bhí deireadh le léightheóireacht Phádraig,
d'fhiafruigheas do Mháire an bhféadfadh sise beagáinín
a léigheadh dhúinn.
“Ní'l aon rath orm,” ar sise. “Bíonn Pádraig
dhom mhúineadh, acht ní'l aon mhaith im' léightheóir orm.”
Bhíos ar tí an leabhar a thabhairt di, nuair d'osgladh
an doras arís.
“Seo é chugainn Eoghainín na Sgéalta,” arsa duine
do na buachaillíbh.
D'árduigheas mo cheann, & cé do chífinn ag bualadh
isteach an doras acht an dreóilín beag do shean-fhear
do casadh dham ag an bportach ar maidin! Nuair
chonnacas chugam isteach é, níor fhéadas ar mo bhás
gan mo bhéal d'osgailt & sgal gáire a leigint asam.
Rinne seisean an cleas céadna. Shíl muinntir an
tighe go raibh an bheirt againn ag cailleamhaint ár
meabhrach — ní nár bh'iongnadh — gur innseas dóibh go
raibh cáirdeas againn le n-a chéile ó mhaidin.
D'éirigh Pádraig Bán & thug sé a stól d'Eoghainín.
Bhí Pádraig bocht gan suidheachán annsin, gur thar-
raingeas-sa amach saicín folamh do bhí ar mo chúl &
leathas ar an urlár romham é. Sméideas ar Phádraig
annsin le teacht anall go dtí mé. Rinne sé amh-
laidh, & shuidh sé fá n-a bhonnaibh ar a saicín, & cúl bán
a chinn i n-aghaidh mo ghlúine. Nuair chonnacas Máire
& Pádraig 'na suidhe ar an gcuma sin le hais a chéile,
& taithneamh na teineadh ar a gcuid gruaige fionn-
bháine, cheapas dá gcuartóchainn Éire nach bhfuighinn
beirt pháisdí badh dheise 'ná iad.
“Creidim go bhfuil sgéal agat, a Eoghainín,” arsa
Mícheál Mór.
“Maiseadh, an gcreideann, anois?” arsa Eoghainín.
“Ar fhear an tighe atá an chéad sgéal.”
“Sgéal uaim-se, an eadh?” arsa Mícheál. “B'é
baint na tuaighe as láimh an tsaoir é, dá dtosnóchainn
ar sgéal 'innseacht, & Eoghainín na Sgéalta i láthair.”
Bhí 'fhios ag Mícheál nach bhfuil dochar ar bith i
mbeagáinín bladair, amannta. Níor labhair Eoghainín
hu ná há ar feadh sgathaimh, & ar seisean annsin:
“Maiseadh, creidim go bhfuil sean-sgéal eicínt i
n-íochtar mo chinn, dá bhféadfainn cuimhniughadh air.”
“Amach leis,” arsa Mícheál Mór.
Theannamar níos foigse do'n teinidh, & chuireamar
cluas le héisteacht orainn féin. D'fhan Eoghainín
gan labhairt ar feadh nóimide. Ní raibh gíog le clois-
int sa teach. Thug an sgéalaidhe sgaoileadh dá chuid
Gaedhilge annsin, & tháinig an chainnt amach as a bhéal
'na sróthán. Sgéal Fiannaidheachta 'seadh d'innis sé
dhúinn, & rachaidh mise i mbannaibh nach bhfuil sgéalaidhe
i nÉirinn dhá mhéid a chlú d'fhéadfadh sean-sgéal a
thabhairt uaidh le Eoghainín na Sgéalta.
Bhíos ag breathnughadh ar Phádraig Bán fhaid is bhí an
sgéal dhá innsint. Ní raibh cor as, ó thosuigh Eoghainín
gur stad sé. Bhí a shúile ar lasadh 'na cheann & iad
greamuighthe d'éadan an tseanchaidhe. Ba léir go raibh
sé ag súghadh isteach gach aon fhocal dár leig Eoghain-
ín as a bhéal amach. “Béidh Pádraig Bán 'ná sgéal-
aidhe 'nuair fhásfas sé suas,” arsa mise liom féin, &
ceapaim nach meallta do bhíos.
Fá dheireadh thiar chuir Eoghainín críoch le n-a sgéal.
Thug duine do na buachaillíbh amhrán leis an Reacht-
aire dhúinn annsin. Bhí sé ag dul san oidhche faoi seo,
& bhí na fir óga ag imtheacht i ndiaidh a chéile. D'imthigh
Eoghainín féin sa deireadh nó go dtí nach raibh fágtha
againn acht muinntir an tighe féin.
“Tá sé i n-am Paidrín,” arsa Mícheál Mór.
D'fhéach Cáitín orm-sa, thug sí uille do Mhícheál, &
chuir cogar 'na chluais. Thuigeas ar an toirt cér'd do
bhí 'na hinntinn.
“Ná bíodh faitchíos oraibh,” arsa mise, “is Gaedheal
mé.”
D'ísligheamar annsin, & dubhramar an Paidrín. Thar
éis an 'Pháidrín, dubhairt Cáitín liom go raibh leabaidh
dheas chlúthmhar lem' aghaidh sa seomra thuas.
“Tá suil agam nach bhfuilim ag cur as díbh,” arsa
mise.
“Maiseadh, beannacht Dé dhuit,” ar sise, “nach bhfuil
dhá leabaidh eile againn — ceann sa 'seomra thall &
ceann ar an lochta?”
“Má tá nach bhfuil agaibh acht dhá leabaidh eile,”
adeirim-se, “ní bhéidh slighe dhíbh bhur gcúigear. Caith-
fidh sibh Pádraig beag a chur im' leabaidh-se.”
“Nár leigidh Dia,” arsa Cáitín & í sgannruighthe.
“Imthigh leat a chodladh go tapaidh, a Phádraig.”
Bhí Pádraig ag imtheacht air go dtí an lochta, acht
sul mar shroich sé an dréimire dubhras le Cáitín nach
rachainn a chodladh chor ar bith muna leigfeadh sí do
Phádraig codladh i n-éinfheacht liom. Cé gur dhian an
bhean í, ní raibh árach aici acht géilleadh dham.
“Beatha dhuine a thoil,” ar sise. “Tá an lochta
sáthach maith ag Pádraig, acht má tá tú leagtha amach
ar do leabaidh féin a roinnt air, ní rachaidh mise
romhat.”
Creidim nár mhisde le Pádraig cead bheith aige
codladh i n-éinfheacht liom. Bhuaileamar siar go dtí
an seomra gan mhoill, bhaineamar dhínn go haibéil, &
isteach linn i mullach ár gcinn sa leabaidh.
D'fhanamar 'nár ndúiseacht ar feadh uaire ag seanchus
le chéile. Ba chéillidhe géar-chúiseach é comhrádh
Phádraig, & ba bhinne liom a chuid glan-Ghaedhilge ná
ceól na naomh. Acht fá dheireadh & fá dheóidh, tháinig
codladh ar an mbeirt againn, & go deimhin ba mhithid
é. Thuit Pádraig 'na chodladh i dtosach, & tamaillín 'na
dhiaidh sin, go díreach mar bhí an coileach ag glaodhach &
na héanlaith ag corrughadh taobh amuigh do'n bhfuinneóig
thuit trom-shuan codlata orm-sa. Ní cuimhin liom
tada — ní nach iongnadh — gur dhúisigh Pádraig Bán mé
le lán-tsolus an lae.
Thar éis breicfeasta, bhí orm dul go dtí an tAthair
Máirtín arís. D'fhágas mo chúig céad slán ag
muinntir an tighe, & cé nach raibh aithne againn ar a
chéile acht le lá, ba dhoilgheasach dubhrónach sinn ag
sgaradh. Chuireadar fá gheasaibh mé cuairt eile a
thabhairt orra i rith an tsamhraidh seo chugainn, &
geallaim dhíbh nach bhfuil fúm cliseadh orra.
Bhailigheas liom go teach an Athar Máirtín, & fuaras
an sagart romham. Níor bh'fhada sinn ag socarughadh
ár gcuid gnótha. Thugas mo chúl ar Ghuirtín na mBó
annsin, & m'aghaidh ar Ghaillimh. Bhí an oidhche ag
druidim isteach orm nuair shroicheas an baile mór.
Sin iad anois agaibh m'imeachta i nGuirtín na mBó.
Is fada liom go dtiubhradh ath-chuairt ar an áit. Fuar-
as litrín an lá cheana ó Phádraig Bán dhá rádh go
bhfuil súil aca liom go gairid. Má théidhim ann, &
táim ag ceapadh go rachadh, béidh sgéal eile agaibh
uaim sul má dtí i bhfad.
Pádraig Mac Piarais
(Críoch)