LÁ FÁ'N TUAITH
Tháinig faitchíos air annsin go raibh rud éigin as an
mbealach ráidhte aige, & thosuigh sé ag cur síos dam ar
chneasdacht & ar mhacántacht dlightheóirí Chonnamara.
Tar éis tamaill bhuaileas im' sheasamh.
“Tá sé i bhfad sa lá,” arsa mise. “Ní mór dham
coiscéim a bhaint as.”
“Béidh mise ag dul sgathamh siar leat,” ars' an
sean-fhear. “Giorruigheann beirt bóthar.”
Thugamar do na bonnaibh é.
“Bhfuil ughdar an tsean-fhocail sin agat, a mhúirnín?”
ar seisean liom, & sinn ag déanamh siar ar chroidhe ar
ndíchill, & an sean-asal ag sodarnaighil romhainn.
“Ní'l, muis,” adeirim-se.
“Innseóchaidh mé dhuit é,” ar seisean. D'imthigh an
Gobán Saor & a mhac ar thuras lá.
“‘A mhic,’ ar seisean le n-a mhac, ‘giorruigh an
bóthar.’
“‘Ní thig liom a ghiorrachan, a athair,’ ar seisean,
‘acht siubhal go tapaidh.’
“‘Ní'l aon mhaith leat, a mhic,’ ars' an Gobán Saor.
‘Caithfimíd filleadh a bhaile.’
“D'fhill siad a bhaile. Ar maidin lá ar n-a bhárach
d'imthigh siad an dara huair.
“‘A mhic,’ ars' an Gobán Saor, ‘giorruigh an bóthar.’
“‘Ní thig liom a ghiorrachan,’ ar seisean, ‘acht siubhal
go tapaidh.’
“‘Ní'l aon mhaith leat, a mhic,’ ars' an Gobán Saor,
‘caithfimíd filleadh a bhaile.’
“Nuair tháing siad a bhaile d'innis an mac d'á
mháthair na focla adubhairt a athair leis.
“‘Maiseadh, nach tú an mac gan chéill!’ ars' an
mháthair. ‘Nuair déarfas d'athar leat an bóthar a
ghiorrachan i mbárach, tosuigh ar sgéal, & geallaim
dhuit nach bhfillfidh sé.’
“Ar maidin lá ar n-a bhárach d'imthigh siad an
tríomhadh huair.
“‘A mhic,’ ars' an Gobán Saor, ‘giorruigh an bóthar.’
“Thosuigh an mac ar sgéal, & níor mhothuigh siad an
t-am ag sleamhnughadh tharta gur shroich siad an áit a
rabhadar a dhul. Sin agat ughdar an tsean-fhocail,
a mhúirnín,” ars' an sean-fhear.
Níor sáruigheadh an sean-fhocal an turas so, mar is
mór do ghiorruigh a chuid sgéalaidheachta an bóthar.
Níor bh'fhada go dtángamar go dtí cros-bhóthar &
dubhairt an sean-fhear liom go gcaithfimís sgaradh ó
chéile.
“Cáide go dtí Guirtín na mBó?” adeirim-se.
“Maiseadh, tá píosa maith bainte agat de,” ar
seisean.
“'Sé mo mheas go bhfuil,” arsa mise “fá rádh 's
go bhfuilim ag siubhal an bhóthair ó mhaidin. Acht, a'
dtiocfadh leat innseacht dam cia an t-achar atá le
siubhal agam?”
“Maiseadh, thiocfadh, a mhúirnín,” ar seisean, “An
bhfeiceann tú an geata bán sin fad do radharc uait
ar thaoibh an tsléibhe?”
“Feicim,” arsa mise. (Ní dhubhras “chím” le Conn-
achtach riamh.)
“Maiseadh, nach tusa a bhfuil an rosg glan agat, a
mhúirnín!” ar seisean. “Shílfeá gur mac tuaithe a
bhéadh ionnat. Lean do shrón go dtí an geata sin,”
ar seisean, “& sgathamh siar ó'n ngeata, tiocfaidh tú
go cros-bhóthar. Má iompuigheann tú ar thaoibh do
láimhe clí annsin & an bóthar a shiubhal go ceann míle
tiocfaidh tú go dtí sean-roilig. Míle go leith ó'n
sean-roilig tiocfaidh tú go dtí tobar beannuigthe.
Siubhail leat annsin go ceann leath-mhíle eile, & béidh
tú” —
“Ag teach an tsagairt?” adeirim-se.
“Ní bhéidh, ná baoghal air,” ar seisean. “Béidh tú i
gcorp-lár na curraigh is mó i gConnamara!”
Gheiteas, mar bhuailfidhe buille orm,
“Ar an ádhbhar sin de,” ars' an sean-fhear, “tá sé
chomh maith agat gan an bealach sin a thógáil.”
“Sé mo bharamhail go bhfuil,” adeirim-se.
“Maiseadh,” ar seisean, “má thionntuigheann tú ar
thaoibh do láimhe deise, & an bóthar a chur dhíot go ceann
míle tiocfaidh tú go dtí portach beag. Míle go
leith ó'n bportach thiocfaidh tú go dtí sruthán &
cis thairis. Míle ó'n sruthán tiocfaidh tú go dtí teach
bán & páircín deas féir ar a chúl. Ní'l acht giota do'n
bhóthar le siubhal agat as sin go bhfeicfidh tú geata
glas ádhmaid ar thaoibh do láimhe clí. Sin é geata
an tsagairt.”
D'fhágas slán ag mo charaid & bhuaileas an bóthar.
D'imthigh seisean leis ag tiomáint an tsean-asail roimhe.
Bhí an oiread gleó as is dá mbéadh sé ag tiomáint na
mílte bheithidheach. Fá deireadh thiar ghlan sé as mo
radharc.
Bhí an seóladh thug an sean-duine dham chomh fada sin
gur bh'éigin dam é a rádh & ath-rádh liom féin mar
déarfá paidir le faitchíos go n-imtheóchadh sé as mo
mheabhair — “míle ó'n ngeata bán go dtí an portach,
míle go leith ó'n bportach go dtí an sruthán, míle ó'n
sruthán go dtí an teach bán & giota do'n bhóthar ó'n
teach bán go dtí teach an tsagairt.” Acht, dá mba
dhoiligh cuimhniughadh ar an seóladh thug sé dham, níor
fhéadas a rádh go raibh sé mí-cheart. Thuit gach uile
rud amach díreach mar d'innis sé dham é. Shroicheas
an geata bán, an portach & an sruthán i ndiaidh a chéile,
& rinneas ar an teach bán ar lom mo dhíchill.
Pádraig Mac Piarais.
(Leanfar dhe seo.)