LÁ FÁ'N TUAITH
D'imthigh an t-asal ar fán an tríomhadh huair.
“Maiseadh, go dtachtaidh an diabhal thú, a mhúirnín,”
ars' an sean-fhear ag tabhairt áluighthe air. “Go
bhfóiridh Mac Mhuire orm,” ar seisean annsin, “nach
dána an mhaise dham é ag spalpadh & ag easgaine os
comhair sagairtín.”
“'Ar ndó', ní sagart [mse]{mise},” adeirim-se.
D'amharc sé go géar orm.
“Maiseadh, nach eadh, a mhúirnín?” ar seisean. “'Sé
mo bharamhail gur ag fonomhaid atá tú. Nach eadh
anois?” ar seisean.
“Ar m'anam, nach eadh,” arsa mise.
“B'fhéidir gur ádhbhar sagairtín mar sin thú, a
mhúirnín?” ar seisean.
“Ní headh,” arsa mise.
“Maiseadh, tá cuma sagairtín ort, ar aon nós,” ar
seisean.
“Ní fhágann sin gur sagart mé,” arsa mise. “Is
minic bhíos cuma aingil ar an diabhal féin.”
“Dhiún bréag agat sa méid sin,” ar seisean.
“& deir tú liom nach sagart thú?”
“Deirim,” arsa mise. “Ní'l aon dá chéird ar
dhruim talmhan a bhfuil oiread deithbhir eatorra is atá
idir mo chéard-sa & céard sagairt.”
B'fhaitcheach mé ar dtús go gceapfadh sé gur mé an
diabhal féin, acht ní raibh sé chomh amaideach sin, ná
baoghal air.
“Maiseadh,” ar seisean taréis nóimidín, “b'fhéidir
gur ministeirín thú, a mhúirnín.”
“Nár leigidh Dia,” arsa mise.
“Tá mé buailte agat, mar sin,” ar seisean.
“Tabhair iarracht eile faoi,” arsa mise.
Shuigh sé ar feadh sgathaimh. D'árduigh sé a
cheann annsin, & leig sé sgairt gháire as.
“Maiseadh, a dh'reáthairín mo chroidhe thú,” ar seisean,
“b'fhéidir gur fear dligheadh thú.”
“Tá agat i ndeireadh na dálach,” arsa mise.
“Maiseadh, cia an dochar, a mhúirnín?” ar seisean.
“Is minic bhí fear dligheadh féin cneasta.”
Pádraig Mac Piarais.
(Leanfar dhe seo.)