Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Sgéalta Thairis



AN STOIRM



Ní raibh a leithéid de stoirm ná de ghála géar
nimhneach ann le fada, agus bhí Dia Máirt agus Dia Céad-
aoin coicthidhis ó shoin. Le cúpla lá roimhe sin, bhí
ceó trom fuar ann, agus bhí cosamhlacht seaca air,
acht i n-áit seaca, tháinig sé n-a chlagairt báisdighe,
n-a dhoineann, agus é chomh fuar leis an mbás. Ba ghearr
gur shéid an gála an bháisdeach chum bealaigh, agus annsin
lagfadh sé arís, agus thuitfeadh an chioth mar leigfidhe thre
roilleán í. Bhí an stoirm mar soin, agus gacha le sgathadh
aice féin agus ag an mbáisdigh, nó go raibh clascanna, agus
treinsidhe agus aibhne ag dul thar béal le huisge. Rinneadh
díoghbháil mhór ar farraige, agus ní raibh sé saor ar talamh
féin, gan a lán do mhilleadh.



I gCondae an Chláir phléasg portach, nó poll slugaide
éigin, rith sé síos le fánadh, an t-uisge agus an lathach thrí
n-a chéile, agus ar maidin lá ar na bhárach, ar maidin Dia
Máirt, bhí Baile Pháidín, agus an áit n-a thimcheall faoi
dhraoib, agus faoi lathach, agus é aoirde tighe i n-áiteachaibh.
Sguab sé síos leis, an chuid is mó de thoradh na bliadna
ó dhaoinibh, agus go dtí na ba na capaill, caoirigh muca, gan
caint ar nidhthibh a bhí éadtrom. Hobair nach bhfágfadh
sé na tighthe féin n-a dhiaidh, agus muna mbéadh nach rabhadar
glan díreach i n-a bhealach, ní raibh a dhul uaidh aca.



Tháinig an t-uisge faoi sé chéad slat de'n bhóthar
iarainn ó dheas de Bhaile Átha Cliath, agus réab sé an
bóthar. Chas sé agus cham sé na ráillidhe, acht níor féadfadh
lámh a leagann air le na dheasughadh nó gur lag an gála,
agus mar soin féin thógfadh sé seachtmhain a chur i gcóir.



AR FARRAIGE



Acht is ar farraige is mó a rinneadh dochar.
Bhí long bheag gaile ag teacht isteach go Béil-
feirsde le locht guail, agus chuaidh sí síos i mbéal an
chuain. Báthadh ceathair nó cúig de bháid iasgach ar
chóstaibh thoir na hÉireann, agus bhí long gaile ag teacht
anall o Shasana, agus fuadadh fear d'á bord. Bhí bean
an fhir, agus beirt chloinne leis sa luing, an t-am céadna.
Ar chóstaibh Shasana bhí bratach thuas ag bád-iasgach eile
ag iarraidh conganta, agus chuaidh bád amach, agus naonbhar
innti le na hiasgairidhibh a thabhairt isteach. Bhí an
bháisdeach agus an stoirm chomh láidir sin gur thóig sé trí
huaire a chloig orra an caladh a fhágáil, agus ar maidin
lá ar na bhárach frith ruaigthe isteach i dtír iad agus an bád
ar a béal fúithe. Báthadh an naonbhar aca.



AN COGADH



Tá na Búraigh ag déanamh, ní mór nach, mar
thogruigheann siad anois i dTir na Rinne. I ndeir-
eadh na míosa so chuaidh tharainn, bhí beatha agus éadach
ghá thabhairt suas go dti campa bhí ag muintir Sheaghain,
agus nuair chuireadar fútha san oidhche leis an oidhche a
leigeann tharta, tháinig na Búraigh n-a mullach, agus tar
éis tamaill troda thógadar sé uaigín beathadh, agus chuir-
eadar teine san méid eile nach rabhadar i n-ann a
thabhairt leó. Is cruaidh an cás é nó ghéabhadh siad-san
beatha.



Istigh ins an Saor Stát casadh ar a chéile arís an
dá dhream. Fuair na Sasanaigh sgéala go raibh na
Búraigh i bhfolach i dteach 12 mhíle uatha, agus siúd amach
faoi na ndéin iad. Bhí na laochradh ann, agus nuair a
mharbhuigh cuid aca féin is na Sasanaigh a chéile bhí an
bhuaidh ag muintir Sheaghain, nó deir sé féin go raibh, ar
chuma ar bith. (Pé ar bith céard deir Seaghan annsúd
níl éinneach le n-a sháthrughadh air.) Gabhas fear de
na Búraibh, agus is fad ó dubhradh go raibh sé marbh cheana.
Acht maireann sé fós, agus saoghal fada aige.



“AN PÍOBAIRE IS ÓIGE.”



Cumann na bPíobairí,
18 Sráid thuaidh Freideric,
Baile Átha Cliath.
18/11/01.



A Dhuine Chóir, — Maidir leis an rud do sgríobh
Liam Dolána i g“Claidheamh Soluis” na seachtmhaine
seo ghabh thart. Bíodh a fhios aige go bhfuil garsún eile
faoi chúram an Chumainn so (Dearbhrathair do “Master
Harrison”) nach bhfuil acht dhá bhliadhain déag d'aois.
Rud eile, deir athair na mbuachaill so liom go bhfuil


L. 594


mac eile aige sa mbaile agus nach bhfaca aon duine riamh
a leithéid chum ceól do bhaint as na píopaibh. Rinnceóir
cliste atá ann freisin. Go deimhin is go dearbhtha, tá
cúis na bPíob ag teacht ar aghaidh an aimsir so. Seo,
sláinte no bPíobairí.



Do chara,
Eamonn Ceannt,
An Rúnaire.



Fear an Chlaidhimh.



AN BUACHAILL BEAG AGUS AN DUINE UASAL.



Bhí buachaill beag giobach, salach, ar an tsráid, lá,
ag iarraidh leith-phighinneacha le greim aráin a cheannach
dó féin. Bhí sé fuar, cosnochtuighthe, a dhá uillinn
amach tré n-a mhuinchillibh, agus sean-cheirt de chaipín
air. Bhí an créatúirín leath-chaillte le hocras agus le
fuacht. Bhí fear galánta ag dul thairis, a bhí gléasta
i n-éadach sleamhain, miotóigí air, agus i gcosamhlacht
fir a bheadh an-deiseamhail agus mór ann féin. Bhí cipín
do mhaide i n-a láimh aige, agus é cíortha, beárrtha, sgiúrtha,
agus a cheann san aer aige. D'iarr an garsúinín leith-
phighinn air, agus caitheamh an chainnt seo eatorra.



Bua. — Tabhair dom leith-phighinn a dhuine uasail.



Fear. — Cé le n-aghaidh an leith-phighinn a bhuachaill
bhig.



Bua. — Á, a dhuine bhoicht, a dhuine bhoicht! nach
dtiubhraidh do mháthair arán duit?



Bua. — Ní'l aon mháthair agam, fuair sí bás.



Fear. — Á, a dhuine bhoicht, a dhuine bhoicht! nach dtiubh-
raidh d'athair arán duit?



Bua. — Níl aon athair agam, fuair sé bás. Tabhair
dhom leith-phighinn, an dtiubhrair?



Fear. — A dhuine bhoicht, a dhuine bhoicht! Cá fhaide ó
d'ith tú do bhéile?



Bua. — Níor itheas aon bhlas ó indé, a dhuine uasail,
an dtiubhraidh tú leith-phighinn dom?



Fear. — A dhuine bhoicht tá tú i ngéar-cháll. 'Bhfuil
tú fuar?



Bua. — Táim, a dhuine uasail, tabhair dhom leith-phighinn
má sé do thoil é, a' dtiubhrair?



Fear. — A, a dhuine bhoicht! 'Bhfuil ocras ort.



Bua. — Tá, tá mé sgrúdtha leis an ocras. Tabhair
dhom leith-phighinn.



Fear. — A dhuine bhoicht, á, a dhuine bhoicht! Níl aon
leith-phighinn agam.



Agus siubhail sé leis. Níor chorruigh an buachaill
beag, acht bhreathnuigh sé i ndiaidh an fhir, agus dubhairt sé
go roighin réidh. “A dhuine bhoicht, a dhuine bhoicht, is
tusa tá bocht ar a shon sain!” agus chas sé ar a sháil agus
d'imthigh sé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services