An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 2, 1901
Fóghluim na Teangan
So sgéal a chualamar go mion is go minic agus mar
gheall ar an táirim atá fá láthair ar dhaoinibh ag foghluim
Gaedhilge b'fhéidir go mbeidheadh sé úsáideach. Ní dóigh
linn go dtuigfidh gach uile dhuine é mar gheall ar é
bheith i nGaedhilg, acht má oibhrigheann na Gaedhilgeoiridhe
amach dhóibh féin é, agus má fhaghann siad amach go bhfuil sé
úsáideach is gearr a bheidheas sé ag leathnughadh.
Chuaid Seaghan O Mathghamhna do'n Fhrainc as Éirinn
dhá bhliadhain déag ó shoin, agus níor chualaidh sé focal
Fraincis ariamh nó go ndeachaidh sé ann. Chuaidh sé ag
obair ag feilméara, agus bhí sé ag ithe is ag ól, agus ag
codladh sa teach i naoinfeacht leis an muirghin. Ní raibh
aige-sean acht Béarla, agus ní raibh aca-san acht Fraincis.
Shuidheadh sé síos ag ann a bhéilidh, ar aon bhórd leo, agus
bhídís-san ag caint 's a' cómhradh, agus bhíodh seisean ag
éisteacht. Chuir sé fios abhaile ar leabhar, ar ghraiméar,
nó go ndéanfadh sé an Fhraincis fhóghluim, má b'fhíor dó
féin. Thosuigh sé a' fóghluim as an leabhar, agus bhí sé
coicthidhis nó mar sin, ag fóghluim, nuair a chaith sé an
leabhar uaidh, d'éirigh sé suas, agus ní mór nár mhionnuigh
sé nach nglacfadh sé leabhar ná páipéar 'n-a láimh níos
mó le Fraincis fhóghluim, mar nach bhfuair sé oiread agus
dhá fhocal dá bhfaca sé ann sa leabhar ag teacht as
béal cheachtar de na daoinibh. Thosuigh sé ag éisteacht
níos géire agus níos déine, ní raibh focal, ná fuaim focail
nár éist sé leis, nó go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé
míniughadh as focal ar bith. Faoi cheann trí seacht-
mhainidhe chuala sé focal a chonnaic sé ann sa leabhar, agus
bhí ciall an fhocail aige, acht cheap sé nár dhubhairt an
fear a bhí ag caint ceart é. Mar sin féin chuir sé
cluas ar féin arís, agus chuala sé duine eile a' rádh an
fhocail a' fhreagairt ar an gcéad fhear. Lean sé dhi, agus
i gceann seachtmhaine eile nó mar sin, d'aithnigh sé a
lán focla, do réir mar bhí na cleachtadh a' teacht aige
ar an gcanamhuint. Fá dheireadh i gceann ráithe, bhí sé
a' tuigsint an chuid budh mhó de'n chómhradh, agus fá cheann
leith-bhliadhna níor b'fhéidir a chur amudha chor ar bith i
bhFraincis, agus labharfadh sé freisin a lán di. Do réir
mar bhí sé a' tabhairt na ngoitidhe faoi deara, agus ag
éisteacht le fuaim na bhfocal a déarfaidhe i naoinfheacht
le na goitidhibh, bhíodh sé ag baint míniughadh dhó féin as
an gcómhradh. Bhíodh sé ceart ar uairibh, agus amannta
nach mbíodh, acht ní raibh sé acht bliadhain san áit sin
nuair nach naithneochá nach Francach dhá ríribh bhí ann.
Bhí an chanamhuint aige go díreach mar bhí sí ag muintir
an tighe sin.
Dar linne, má leantar an tslighe seo, agus a ceapadh
amach go healadhnta, gur féidir an Ghaedhilg a fhóghluim,
níos éasguidh ná ar aon bhealach eile. Acht i náit
múinteoir, ní mór beirt, agus níl aon cháll ag an aos
fóghluma bheith ag déanamh dadaidh acht ag éisteacht,
chomh dian sis féidir leo é. Annsin beidh fuaim an
fhocail, agus a mhíniughadh aca i naoinfheacht, agus má bhíonn an
méid sin sa gceann aon uair amháin 's gearr go mbeidh
siad ábalta ar a lán di a labhairt. Fághann an páisde
fuaim an fhocail agus a chiall i naoinfheacht, agus ní féidir leis,
i gceann tamaill an chiall, agus an fhuaim a dhealughadh ó
chéile.
Tiubhrfar iarracht ar an módh so a mhíniughadh níos
soiléire am éigin eile.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11