Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá na nAmadán

Title
Lá na nAmadán
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cúchulainn
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


(So Dráma aoin-ghnímh do sgríobh “Cúchulainn” le
haghaidh Oireachtais na bliadhna so.)



Lá na nAmadán



An Fhuireann



Mícheál (Mangaire),



Constábla,



Meirgeach (Déirceóir),



Seaghan Crón,



Neill (Cailín aimsire),



Bean Sheaghain,



Sáirseant,



Brighid (Inghion-Sheaghain).



An Chéad Radharc



Barraic Constábla — An chistean — (Neill 'na suidhe ag cniotáil
agus amhrán ar siubhal aice.)



Neill —
Ó ró! a sheanduine! leatsa, ní gheobhadsa,
Ó ró! a sheanduine, basgadh 'gus breód ort,
Ó ró! a sheanduine! leagadh 'gus leónadh ort,
Is cúpla duig ionnat a chuirfeadh fa'n bhfód thu.



(Tig Mícheal isteach agus a mhála ar a dhruim)



Mícheál. — Bail ó Dhia ort, a chailín ó.



Neill. — Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit a dhuine
bhoicht. Cá'r ghabhais chughainn?



Mícheál. — Ó Éirinn.



Neill. — Nách deisbhéalach ataoi? Nách bhfuilmíd in
Éirinn?



Mícheál (ag breith ar chathaoir agus ag suidhe síos). — Ní
fheadar mar sin, cad as mé. Ní fhuilim im' chomhnuidhe
in aon áit pé ar domhan é. Do chodhlas airéir thall
annsain. Mac Cárthaigh is eadh is ainm sloinneadh
d'fhear an tighe is dóigh liom. Tá fear óg an-bhreagh
ann. Is dócha go bhfuil aithne agat air?



Neill. — Tá.



Mícheál. — D'innis seisean dhom leis go raibh cailín
an-dheas annso. (Sgeartann Neill ar gháiribh). Do
thaisbeán sé an teach so dhom anois, agus mé ag teacht
amach. Dubhairt sé go gceannóchthá rud éigin uaim.
(Cromann, agus tógann amach bosga as an mhála). Féuch
annso. Tá ruidín an-dheas annso agam. (Tógann
biorán brollaigh amach as an mbosga). Ní fhuil air acht
aon-raol amháin, agus tá sé déanta d'ór glé. Bhéadh sé
go han-dheas ar do bhrollach an Domhnach so chughainn.



Neill. — Tá sé ró bheag ar fad. An bhfuil aoin-nídh
eile agat?



Mícheál. — Ceannuigh é sin. Ní féidir rud atá déanta
d'ór bheith mór ar raol. Beidh éad ar na cailínibh go
léir nuair a chídhfear siad é so ort. Glac mo chómhairle
agus ceannuigh é.



Neill. — Tabharfad tisdiún dhuit air má 's eadh.
Tabhair dhom é, ní fiú pinginn eile é.



Mícheál. — Tá go maith bíodh sé agat. Seo. (Tugann
an biorán dí agus glacann an tisdiún uaithe).



Mícheál. — Cá bhfuil muíntir an tighe? Tá tae agus
tobac agus braoinín an-dheas poitín agam. Ní fheadar an
dteastóchadh aon cheann aca uaibh?



Neill. — Poitín an eadh? Ó! ní fheadar. Chuaidh
bean an tighe go dtí an sráid indiú agus chuaidh fear an
tighe amach anois; is dócha go mbeidh sé isteach láithreach.


L. 532


Ó! beidh go deimhin; ní fhuil sé ag obair in aon-chor
indiu; chuaidh sé suas go tigh Sheaghain Dheirg ag iarraidh
nidhthe éigin. An bhfuil aon ruidín deas eile agat do
cheannóchainn?



Mícheál. — Tá go deimhin. Féach ar an láimh-éadach
so ar leath-raol. (Ag taisbeánt an láimh-éadaigh di.)
Féach ar sin mar mhargadh. (Tógann Neill é agus tosnui-
gheann 'ghá bhreathnughadh.)



Neill. — Ní fiú pinginn é, agus ní theastuigheann sé uaim
leis. Do thugas an iomarca ar an mbiorán úd duit.
Tabhair dhom ar phinginn é; d'fhéadfainn láimheadach agus
bhfad níos feárr ná é fhaghail ar phingin ins an tsiopa.



Mícheál. — Go deimhin, ní fhéadfá ná ar leath-raol.
Táim-se ionann a ndíol níos saoire ná aoin-tsiopa,
acht anois ó taoi chómh cruaidh sin, tabharfad ar dhá
phinginn duit é. Seó tóg é. Ní chreachfaidh dhá
phinginn thú. Seo, tabhair dhom an t-airgead. (Tugann
Neill an dá phinginn dhó agus cuireann 'na póca an láimh-
éadach). Tá sé chomh maith agam bheith ag imtheacht anois
ní'l aon-mhaitheas dhom bheith ag fanamhaint le fear an
tighe is dócha.



Neill. — Airiú! Fan go fóill; tá an lá fada. An
bhfuil aoin-leigheas agat ar thinneas-fiacal; táim marbh
aige le cúpla lá? Ní fheadar an bhfuil aon-mhaitheas
i mbraon poitín? Cionnas tá tú 'ghá dhíol?



Mícheál. — Sgilling an piúnt, agus is fiú é an oiread
sin gan amhrus. Ní'l braon níos fearr, ná níos láidre
i nÉirinn 'ná é. Cá mhéad tá uait?



Neill. — Ní theastuigheann uaim acht leith-phiúnt.
(Tógann Mícheál an leathphiúnt as a mhála, agus cuireann
ar an gclár é). Ní'l an t-airgead annso agam; fan
annsain go fóill go rachad dá iarraidh. Raol atá air,
an eadh?



Mícheál. — 'S eadh. (Imthigheann Neill. Luigheann
Mícheál siar ar an gcathaoir agus cuireann a dhá láimh
isteach i bpócaibh a bhríste; féachann 'na thimcheall, agus
feiceann dhá ghunna ar chrochadh ar an mballa agus dhá
chrios contábla; feachann ar an gclabhra, tá gunna
eile annsain; preabann 'na sheasamh). Dhar fiadh! 'sé
so an barraic; táim díolta; Mac Cárthaigh an bligeárd
a threóruigh annso mé; agus an cailín, an toice, ag mo
choimeád. (Cuireann an buidéal agus an bosga isteach
'na mhála agus sgiúrdann amach. Tig Neill isteach).



Neill ('n-a haonar). — Tá sé imthighthe. (Ritheann go
dtí an doras). Tar annso airiú; tabhair dhom mo
leithphiúnt (léi féin). Fuair sé amach a dhearmad: —
Caithfead-sa faireadh air. (Imthigheann).



Tig Constábla isteach.



An Constábla (leis féin). — Ní fheadar cá bhfuil
Neill? (go hárd). A Neill – cá bhfuil tú? (Tig an
sáirseant.) Ní fheadar cá bhfuil Neill?



An Sáirseant — Chonnac amuigh í ar an gclaidhe.
Seo chughainn í. (Tig Neill).



Neill. — Is mithid daoibh teacht. Bhí mangaire annso
anois; ní raibh a fhios aige gurab é an bharraic an
teach so; bhí sé ag díol poitín; bhí tobac agus tae aige
leis.



An Sáirseant. — Cád é saghas fir é?



Neill. — Fear meádhon-aoirde is eadh é; tá feasóg
mhór dhubh air agus ní'l sé an-aosta — pocaire maith láidir
is eadh é; tá mála aige díreach mar bhéadh ag bacach.



An Sáirseant. — Rachamaoid 'na dhiaidh. Ní dóigh
liom go bhfuil aoin chead aige acht chomh beag. — Cad é
an bóthar a ghabh sé?



Neill. — Tigidh liom, taisbeánfad an bóthar daoibh.
Do rinneas mo dhícheall ar a choimeád acht chonnaic sé
na gunnaí is dócha. Téanaigh. (Imthighid.)



An Dara Radharc.



An bóthar. Mícheál 'na sheasamh ag caint leis féin.



Mícheál. — Tá siad im' dhiaidh, dar fiadh! An toice,
nach luath a bhí a sgéal aice! Tá beirthe orm anois nó
riamh. Ní'l aon-mhaitheas dom rith is dócha acht déanfad
mo dhícheall. (Iompuigheann chum reatha. Tig Meir-
geach 'na choinne.)



Meirgeach. — Cad é an sgéal é, a Mhíchil? Airiú!
cad é an fuadar so atá fút? Stad airiu! cad é an
sgannradh so atá ort? (Stadann Mícheál).



Mícheál. — Tá na bitheamhnaigh constábla im' dhiaibh go
dian. Táid ar thaobh eile an chnuic úd thall. Caithfead
imtheacht. (Cromann ar siubhal.)



Meir. — Fan airiu! mheasas go raibh inchinn agat
agus gcomhnuidhe. Fan, tá seift agam-sa dhuit. (Stadann
Mícheál). Cia chuir ar do lorg iad?



Mícheál. — Do shiubhlas isteach díreach go dtí an
barraic. Ní rabhas riamh timcheall na háite so cheana.
B'é mo rath nách rabhadar istigh rómham acht, an cailín
aimsire is dócha do chuir im dhiaidh iad.



Meir. — Tá go maith: fanfad leó annso agus imthigh-se
i bhfolach. Ní'l aithne aca ormsa agus ní dóigh liom go
bhfuil aithne aca ort-sa acht chomh beag.



Mícheál. — Acht tá mo chomharthaidhe faghalta —



Meir. — Seo, seo imthigh leat. Is mar a chéile mo
chómharthaidhe is do comharthaidhe-se; ní'l aoin-bheirt 'sa
pharóiste chómh cosamhail le na chéile is támaoid; imthigh
leat airiú! (Imthigheann agus suidheann Meirgeach ar a
mhála).



Meir. (leis féin). — Is fearr dom gal tobaic a
thógáil fad a bhéad ag fanamhaint leó. (Tógann amach
a phíopa is lasóg agus tosuigheann ag ól. Tar éis
tamaill sgearthann ar ghairíbh agus buaileann a bhás ar a
ghlúin). Airiu! níor chuimhnigheas air; lá na n-amadán
is eadh an lá indiu. Sin é an spórt. (Socruigheann é
féin 'na shuidhe, agus tig an sáirseant is an constábla.)



An Sáirseant. — A há! a sheanbhuachaill taoi ar do
shocaracht annsain agus sinn-ne marbh ag rith id' dhiaidh.
(Beireann an constábla air agus tosnuigheann ag cur an
cheangail-lámh air.)



Meir. — Airiú cád é an saghas oibre í so? nó cád
tá déanta as an tslighe agam?



An Sáir. — Gabhamaoid thú in ainm an ríogh. Is man-
gaire thú agus tá poitín id' mhála agat. Eirigh as sin.
(Eirigheann agus tuiteann an píopa as a bhéal).


L. 533


Meir. — Is bréag é sin. Ní'l aon phoitín agam is ní
mangaire mé acht chomh beag. (Beireann an sáirseant
ar an mála. Tarraingeann sean-bhríste amach agus beart
páipéir. Osgaileann an beart páipéir agus fághann sé
píosa aráin agus cnámh beag feóla).



An Sáir. — Is baoghal liom go bhfuil ár gcuaird in
aistear. Ní fhághaim aoin-nídh annso. (Cuireann a
lámh isteach arís ag cuartughadh; Annsain tógann an
mála suas agus dórtann roinnt prátaí amach.)



An Constábla. — Ní hé so an fear ceart in aonchor
is dócha. Tá dearmad déanta againn bfhéidir.



An Sáir. (le Meirgeach). — An bhfacais aoinfhear ag
gabháil an bhóthair so an fhaid atair id' shuidhe annso?



Meir. — Ní fhaca. Cad tá déanta as an tslighe agam-
sa go bhfuil an ceangal so orm? (Tógann an con-
stábla an ceangal-lámh dhé.)



An Sáir. — Tabharfad coróin duit acht innsint dúinn
an bhfacais é, agus cá bhfuil sé agus bhfolach?



Meir. — Ní fhaca in aon-chor é a deirim leat, do
rinne duine éinne amadáin díbh is dóigh liom-sa. Nách
bhfuil a fhios agaibh gurab é lá na n-amadán atá indiu
againn?



(Ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services