Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iomaidheachta Gaedhealacha i gCloch-na-cille

Title
Iomaidheachta Gaedhealacha i gCloch-na-cille
Author(s)
Dul Amudha,
Pen Name
Dul Amudha
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Iomaidheachta Gaedhealacha i gCloch-na-cille



Bhí sgéal nuadh le hinnsint ag aon'ne bhí i gCloch-na-
cille lá Taisbeánta na mBeitheadhach, an dara lá déag
do'n mhí seo. Ba mhaith ciallmhar an rud do rinne
Buidhean an Taisbeánta agus iomaidheachta Gaedhealacha
do chur ar bun i gcomhair an lae sin, le súil mór-shluagh
do bhailiughadh. Ní rabhadar meallta. Do tháinig
daoine ó gach áird ná tiocfadh i n-éan-chor muna
mbéadh an Ghaedhilg. Bhíodar ann ó Sgibirín go Ceann
tSáile agus ó Dhúnmánbhuidhe go Droichead na Bandan ag
iomaidh le chéile agus ag cur aithne ar a chéile agus ag cur
áthais ar an mór-shluagh bhí bailighthe 'n-a dtimcheall ag
éisteacht leis an gceól agus leis an oráideacht agus ag
féachaint ar na rinnceannaibh Gaedhealacha.



Bhí an píobaire réimneach soin, an tOllamh Mac Tomáis
ó Chorcaigh Láithreach agus geallaim-se dhíbh ná fuair sé
puinn diomhaointis, agus tá súil agam ná ceapfaidh aon'ne
gur ag plámas leis táim nuair adeirim gur i n-óigeacht
do chuaidh sé ó chonnac-sa cheana é agus ar nóin gur a
seacht feárr a bhéidh sé an chéad uair eile chífeadh é,
mar is é féin fhéadann an ceól breágh bog do tharraing
as na píopaíbh a thógfadh an ceó dod' chroidhe.



Bhí tigh deas adhmaid cinntuighe curtha suas go
speisialta i gcomhair na nGaedhilgheóirí. Bhí na fallaí
adhmaid clúduighthe le heidhneán ar an dtaobh amuigh
chum deallraimh seanda do chur air. Bhí stáitse amuigh
ar aghaidh an doruis ar ar sheas na rinnceóirí agus na
cainteóirí eile, agus ambasa féin ba mhaith an mhaise ar
na daoinibh do cheap é, nach i n-éan-chúinne i leath taoibh
do chuireadar suas an tigh deas so, acht b'é an chéad
rud do-chífeá ar ndul isteach duit i bpáirc an tais-
beánta agus is sa tigh sin agus 'na thimcheall bhí an spórt agus an
ceól ba bhreághtha feadh an lae. Ba mise bean an tighe
agus muna mbéadh go bhfuil sé ráidhte, "Teanga mná ní
stadann go bráth," is dócha go mbéadh tinneas im'
theanga ó'n chum inar coimeádadh ar siubhal í feadh an
lae ag cur fáilte roimh gach aon'ne thiocfadh. Bhí
seanduine liath sa chúinne 'nár dteannta leis, bhí ag
innsint sgéal dúinn sul ar tháinig an mór-shluagh go
léir. D'innis sé sgéal 'na dhiaidh sin, dóibh ar "Cionus
tháing na hasail go hÉireann" chuir iad go léir ins na
trithíbh ag gáiridhe bhí sé chomh héachtach soin. Fuar sé
an duais ar an sgéal soin.



Bhí na cailíní go gleóite ann ag gabháil amhrán agus ag
rinnce, agus na buachaillí chomh maith leó ar nóin. Bhí gach
aon sgread ó'n sluagh nuair chríochnóchadaís é an rud
"Arís, arís, arís;" "grádh mo chroidhe sibh;" "Faid
saoghail chugaibh;" "Sláinte na bhfear agus go mairidh na
mná go deóidh," &c.



Bhí dhá shaghas gabhála amhrán aca - ar an sean nós agus
an nós an cheóil sgríobhtha agus is feárr go mór do thaithn
an sean-nós le gach Geadhilgeóir bhí láithreach, do raghadh
sé chum na gcroidhe agus rud eile, do thuigfeadh duine
brígh an amhráin agus ní mar sin do'n cheól sgríobhtha, ní
béadh a fhios aige go minic cad í an teanga ina mbéadh
an t-amhrán, ní thuigfeadh sé acht na nótaí. Is ar an
sean-nós do chuir an buachaill a fuair an duais guth ar
an amhrán, agus ní misde a rádh ná go bhfuil guth bog
binn aige, sonas air.



Bhí óráideacht ann leis agus do thug an t-ógánach fuair
an duais mórán comhairle chiallmhar dóibh i mbeagán
focal ar an gcuma ina gcuirfidhe an Ghaedhilg ar
aghaidh - 'sé sin go ndéanfadh gach duine a chuid féin
do'n obair agus gan bheith ag feitheamh le haon'ne ná ag
brath ar aon'ne eile chun a dhéanta, agus go deimhin ní
misde dham a rádh go bhfuil mórán daoine thall 's abhfus
ar fuid Corca Laidhe agá dhéanamh soin cheana féin, acht
táid siad ró-umhal chum bheith ag déanamh maoidhimh asta
féin, ná bheith ag cur a n-ainm sna pháipéiribh, cé go
bhfuil dream eile daoine sa tsaoghal agus is dóigh leó go
mbéidís socair go deó dá bhfeicfidís a n-ainm sa
pháipéir acht ní do'n aicme dáiríribh iad san. Tá
dream eile fós agus ní lugha orm iad ná an dara dhream,
is dóigh leó ná fuil éan-mhaith sa Ghaedhilg mara mbéidh
rud éigin da bhárr ag duine (ní fheadar cad tá de
bhárr an Bhéarla aca) agus is mó díogbháil atá ag an
dream so d'á dhéanamh ná tá ag na glaigíníbh féin,
mar fáríor, is líonmhaire iad go mór fós ná aon dream
eile, acht béimíd dá gcáthadh i gcomhnuidhe agus ag
tarraing na ndaoine bhfíor chugainn féin.



Bhí aithriseóireacht le bheith ar siubhal leis acht ní raibh
aimsir aca acht ar bheirt no triúr agus ba mhór an truagh
soin, óir bhí a lán daoine ann d'fhéadfadh aithriseóireacht
bhríoghmhar do thabhairt uatha.



Sin cunntas anois ar na Gaedhilgeóiríbh, agus is dócha
go bhfuil mo sgéal ró-fhada agam cheana, acht ba mhaith
liom focal nó dhó do rádh mar gheall ar na Béarlóiríbh
agus na Beitheadhachaibh, óir tá a fhios agaibh gur tais-
beánadh Beitheadhach an teasbeánadh so agus bhí mórán díobh
ann agus iad go ramhar agus go sleamhain. Bhí léimreacht
capall ar siubal leis ar feadh cúpla uaire a' chloig i
meadhón lae. Bhí Grand Stand árduighthe i n-áit áirithe
do'n pháirc i gcomhair na ndaoine n-uasal chum go


L. 452


bhfeicfeadh siad gach nídh 'na dtimcheall, is i n-áirde
air seo bhí furmhór na mBéarlóirí - an "quality," tá a
fhios agaibh, dar leó féin. (Bhí "quality" chomh maith
leó nó níos feárr, agus an "quantity" 'na theannta 'n-ár
dtimcheall-na). Acht ar nóin tá a fhios ag an saoghal
gurab uaisle agus gurab inntleachtaighe agus gurab fhaisiún-
tamhala, bheith ag féachaint id' thimcheall ar bheitheadha-
caibh ramhra na luighe sa lathaigh agus ar chapallaibh seanga
ag cos-anáirde no ag léimridh 'ná bheith ag féachaint
ar dhaoinibh Dia orainn, mar is ar fuid na tíre seo atá
na daoine greannmhara.



Nuair bhí deireadh le léimreacht na gcapall chuaidh
furmhór do'n "quality" abhaile agus dá bhfeicfeá iad
nuair bhíodar ag gabháil tharainn amach, do thugadais
súil-fhéachaint i n-áirde orainn agus chuiridís drannadh
beag orra féin. Ba dhóigh leat orra gur cheart
dúinn stad an fhaid do bhíodar ag gabháil amach; agus
cuireann sin i gcuimhne dham nós an-choitcheann i measg
Gaedhilgeóirí go háirithe i measg daoine mbocht, nós
atá ag déanamh a lán díoghbhála — 'sé sin, má bhíonn
gasra aca ag caint i nGaedhilg agus go bhfeiceann siad
aon daoine uaisle (slán a chomhartha) ag bualadh 'n-a
dtreó, stadann siad ar an nóimit d'á gcaint agus fanaid
na dtost go n-imthigheann ná "quality" tharsta. Nach
mór an iongnadh, ná stadann na daoine uaisle seo féin
nuair bhíonn daoine Gaedhealacha ag teacht na dtreó.
Is amhlaidh mar atá an sgéal againn, ní'l Gaedhigheóirí
leath-neamhspleadhach a ndóthain fós, dá mbéimís, bhéadh
i bhfad níos mó measa orainn, ná mar bhéidh an fhaid
bhéidhmíd ag umhlughadh mar sin do na Béarlóiribh.



D'fhan fo-cheann aca annso 's annsúd ag éisteacht
linn, do leagas mo shúil ar cheann aca ag caint le
beirt chailíní, d'aithnigheas láithreach, ó'n drannadh
bhí air, nach éin-nídh fóghanta, do'n Ghaedhilg bhí ar
siubhal aige. Shleamhnuigheas síos ar nóimit i measg
na ndaoine go dtángas i ngar do. Thosnuigheas ag
caint le cailín ar mh'aithne agus chuireas cluas orm féin
san am chéadna. "Well, Tille," arsa mo dhrannaire
le cailín aca, "nach deas an chaint í sin. Ní fheadar
a bhfuightheá puinn chomharthaí air ó'n sgrúduightheóir."



"Bhfuil tú ag foghluim Gaedhilge?" arsa an cailín eile
léi. "Ní-aw," arsa Tillie ag crothadh a cinn. "Tá
tú ag foghluim Frainncise máiseadh. "Ya-as," arsa
Tillie go huaibhreach, &c. Is é "Rosg-catha Bhriain."
Bhí ag an mbuachaill blasta d'á thabhairt uaidh ar an
nóimeat soin agus do tháinig smaointe im' aigne gur mór
an truaighe ná fuil "Rosg-catha" ag na Gaedhilgeóiríbh
anois chum sloigisg an Bhéarla atá ag maslughadh na
Gaedhilge, do ruagairt as an dtír. Tá an dream
soin go líomhar agus go dána fós, acht tá Béarlóirí eile
ann ná cuireann éan-bhac orainn acht a ngnó féin do
leanmhaint agus dá mb'áil linne an rud céadna do
dhéanamh chomh maith leó, is gearr go mbéadh an buaidh
linn.



Ní le maoidheamh asainn féin táim ag cur an chunntais
so chugat, acht mar gheall ar chomhairle d'airigheas ó
fíor-Ghaedheal, lá an taisbeánta. Bhí sé féin agus a bhean agus
a bheirt mhac ann. Do thángadar ós cionn deich míle
is dóigh liom, agus ní daoine bochta iad i n-éan-chor acht
do'n fhíor-uaisleacht. Bhí na hógánaigh ag gabháil amhrán
agus ag aithriseóireacht. Acht is é an focal so adubhairt
an t-athair d'fhan im' aigne - "Cad é an maitheas duinn
Gaedhilg do bheith againn muna gcuirimíd i n-úsáid í."
Cheapas ó bhíos ábalta ar a sgríobhadh ar chuma éigin
go gcuirfinn an cunntas so chugat, chomh maith is
d'fheádfainn.



Is dócha go bhfuil an iomad cainte ar fad agam,
acht do réidhtigheadh ceist eile dham an lá san — sé sin
an litriughadh ceart ar Clonakilty. Bhí tuairim láidir
agam le tamall gur Cloch-na-cille an cuma ceart
do réir fuama an fhocail mar adeir na daoine
Gaedhealacha é. Bhíos ag caint le fear thug fáth an
sgéil dam an lá soin. Bhí cill fad ó i n-áit ar dtugann
siad Cillgharbh anois. Tá sé 'na reilg timcheall míle
go leath ó'n mbaile. Is leis na clochaibh bhí ins an gcill
sin do tógadh an chéad tigh i gCloch-na-cille agus is mar
gheall air sin do tugadh an t-ainm ar an mbaile go
léir 'n-a dhiaidh sin. Sin í béal-aithris na sean daoine,
adubhairt an fear liom.



Tá ceist eile ag cur buaidheartha orm anois, 'sé
sin — Cad d'imthigh ar Chonán Maol? nó an amach fá
dhéin na mBúr do chuaidh sé uainn? Tá fear annso i
m'aice agus tagann sé gach Domhnach féáchaint cad a bhíonn
le rádh ag Cónan, agus tá uaigneas mór orainn ó stad
sé. Abair leis tosnughadh arís má's toil leis é.



Ní feárr críoch a chuirfinn ar mo sgéal ná an críoch
do chuir an seanduine ar a sgéal féin — "Beannacht
na naomh go bhfanaidh 'nbhur slighe, a chuideachta tíre le
chéile."



Dul Amudha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services