“An Sagart agus an t-Albanach a thuit amach
le chéile.”
A Eagarthóir an Chlaidhimh - Ná tóg do ghuth orm má
tá mé ró-undarach i dtaobh na litre seo a sgríobhadh.
Chonnaic mé tamall gearr ó shoin ar an g“Claidheamh”
sgéal breágh bríoghmhar i nglan-Ghaedhilg ó “Chonnach-
tach” agus nuair léigh mé é b'fhacas dam nach rabh aon
fhocal ann chuirfeadh aoibhneas nó fearg colgach ar fhear
ar bith faoi ríoghacht na gréine, badh chuma cé dhár
chreideamh é. 'Sé mo bharamhail, agus tá mé lán-chinnte dhe,
nach le aireachtáil fir ar bith i nÉirinn a ghortughadh
cuireadh an sgéal sin ar an bpáipéar, acht le foclaibh
breágha, bríoghmhara, soilléire, a thabhairt do lucht
foghluma na Gaedhilge, agus fhad 's bhéas siad ag casadh
focal an sgéil ar bhárr a dteangadh ní bhéidh aon
sliopachas ar a dteangaidh bhig, mar 'n gheall ar go
bhfuil lán a mbéal in a gach uile fhocal dhe. Ná síl
léis na leitre seo gur mise sgríobh an sgéal go dtí an
“Claidheamh.” Ní mé, acht dá mbadh mé ní cheilfinn é.
Ní'l aon t-seachtmhain ó chonnaic mé leitir na casao-
ide ó'n dá Albanach nach bhfuil mé ag faire an
“Chlaidhimh” téinte go bhfeicfinn freagra an leitre
sin ó chúlbáire eicínt ar ar gcúige bhríoghmhar, cúige
Chonnacht, agus nuair nár ghlac aon'ne acu an mhisneach,
mheas mé, mar 'n gheall orm fhéin a bheith beagán árd-
ghlórach i dtaobh cúise na Geadhilge, go mbadh chóir dam
an leitir chosainte seo do sgríobhadh le mínigheadh go
soilléir léir mo mheamhrach agus m'eólais ar an nGaedhilg
gur sgéal deagh-mhóideach gan anachain a bhí agus atá ins
an sgéal i dtaobh an t-sagairt agus an Albanaigh. Ní'l a
fhios agam ar Albanaigh iad léir chreidimh nó léir tíre,
acht is cuma sin go cé acu. Ní bhaineann teanga do
chreideamh agus ar an adhbhar sin de teastuigheann uainn gach
uile dhuine i nÉirinn, beag agus mór, a bhfuil módh agus meas
acu ar fhíor-teangaidh Gaedhelach na hÉireann 'chuile
sgéal fheicfeas siad ins an g“Claidheamh” a léigheadh
agus gan a bheith ag casaoid ar a gcomhairsean i dtaobh a
sgéalta deagh-mhóideach seo a chur ann, agus má léigheann
siad iad, agus iad a bheith acu i nglan-mheamhair, béidh fíor-
fréamhacha na Gaedhilge ag fás na gcroidhe. Dá mbéadh
sinne chomh comh-inntinneach agus rún-díoltanais i n-aghaidh
gach uile diabhlaidheachta a bhíonns ins na páipéaraibh
Béarla, badh tuirseach bhéadh ar lámh agus badh trom bhéadh
ar n-inntinn ag sgríobhadh litreach casaoide, acht ní ar
an inntinn sin atá sinn, acht lucht na molta agus lucht na
casaoide a thabhairt i gceann a chéile, agus ar nGaedhilg
bhinn, bhlasta, mhilis, a labhairt go carthannach lághach le
chéile. Ní'l aon chabhair triúr bheith faoi an ngunna agus
ceathrar bheith dhá leigint, acht teastuigheann uainn gach
uile fhear i nÉirinn idir Ghaedhil agus Ghaill, Albanaigh, agus
gach uile cineál eile chreidimh a bhfuil baint ar bith acu
do Éirinn a thiacht chum socruighthe, agus catharnas a bheith
eatorra, agus a bheith roinn phairteach agus geanamhail le chéile
i dtaobh na Gaedhilge, agus má bhíonn béidh Éire faoi bhláth
mar bhí sí fad ó shoin.
Má labhruigheann na hAlbanaigh sin ath-uair labhruigh-
eadh siad go socair, nó má arduigheann siad a nglór
tá faitchíos m'anma orm go ndúiseóchaidh siad an
“Mhéarthóg” agus a dhearbhráthair, Conán, agus má dhúisigheann,
béidh sop sa mbarrach agus an barrach trí theinidh.
Ná bígidh ag gabhail dam faoi an leitir ghearr seo ó
Chonnachtach bríoghmhar.
Colceathair do Gholl na Méarthóige
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11