Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cia Aca?

Title
Cia Aca?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Meitheamh 1, 1901



CIA ACA?



Tá a liacht comharthaí ar an aimsir le déidheannaighe
ag taisbeánt do mhuinntir Chonnartha na Gaedhilge, a
luathacht is tá an chúis ag dul ar aghaidh. Ba bhaoth
dhúinne gan corr-fhocal do rádh ag tagairt do cheann
díobh soin ar éin-tslighe; an díosbóireacht do bhí i
bhFeis Shasanna, ist oidhche dia Máirt na seachtmhaine
seo ghabh tharainn.



Ní'l aimhreas ar domhan ná go dtuillidh Mac Uí
Dhubhagáin agus Mac Uí Dhomhnaill árd-mholadh ó Ghaedhealaibh
mar gheall ar an ngníomh do rinneadar an oidhche úd.
Dá mba rud é ná tiocfadh da bharr, acht breis eólais
do sgaipeadh ar fud na dtrí Ríoghacht ar a bhfuil ag
teastáil ó Chonnradh na Gaedhilge, b'fhiú é a imirt.



Do-chítear dúinne go dtiocfaidh níos mó ná soin as.
Cuirfidh sé cuid de na daoinibh thall ag machtnamh, cé
go mb'fhéidir gur fánach duine ann do ghlacfadh mar
thrioblóid air féin siúd do dhéanamh i leith Éireann.
Acht 'n-a theannta soin, cuirfidh sé roinnt de mhuinntir
na hÉireann ag machtnamh leis. Cuirfidh sé d'fhiachaibh
orra so ná baineann fós le Connradh na Gaedhilge, a
dtuairim do thabhairt ar an gceist, agus mar thoradh ar
sin ní baoghal ná gur minicí leis na 'n-a choinnibh iad.
Cuirfidh sé Clanna Gaedheal thar sáile ag machtnamh
freisin, agus ní fheadair éinne cahuin bhéadh maitheas
chugainn tríd an machtnamh soin. Ar an ádhbhar soin
deirimíd go dTuillid an Feisirí ó Éirinn árd-mholadh
i dtaobh an ghnímh tábhachtaigh úd do rinneadar. Tait-
neann sé gé mór linn, agus tá súil againn nach é siúd an
ceann deiridh uatha acht chomh beag.



Sin tagtha sinn go dtí an oráid Bhuíndeam féin. Ní
raibh seisean riamh i gcoinnibh na Gaedhilge dar leat.
Bhí sé i bhfádhbhar na Gaedhilge i gcomhnuidhe, agus muna
ndearnaidh éacht ós árd do rinne sé a dhícheall
a gan fhios. Do-ghéanadh éin-nídh ar domhan ar son na
Gaedhilge acht amháin airgead do sholáthar chum a cur
dá múineadh i sgoileannaibh na h-Éireann. Ba leisg
leis siúd do dhéanamh. B'fhearr a chaitheamh san Aifric
Theas. Thug sé roinnt chomhairle i n-aisge uaidh leis
do Chonnradh na Gaedhilge. Dubhairt sé leó gan an
iomad glóir ná gearnáin do dhéanamh, acht bheith deagh-
iomchuir sibhialta mar bhí sé féin an uair sin. Dubhairt
sé leó gan éan-bhaint bheith aca le polaiteacht, da mba
mhaith leó an Ghaedhilg ag dul chum cinn. Níor ghábhadh
dhó soin. Ní raghaidh Connradh na Gaedhilge as a shlighe
chum lámh do chur i bpolaiteacht na hÉireann. Tá a
mhalairt de chúram air.



Dubhairt Bhuíndeam leis nach air féin ná ar Riaghaltas
Shasanna bhí réidhteach ceiste na Gaedhilge, acht ar an
mBord Náisiúnta. Is ait mar atá sé aca mar sgéal;
an Bord Náisiúnta ag cur an mhilleáin ar an Riaghaltas
agus an Riaghaltas dá chasadh ar ais ar an mBord; Bhuin-
deam ag diúltadh an airgid dúinn i bhfoclaibh meala agus
a leath de lucht an Bhuird ná tiubhradh toradh an mhad-
raidh orainn dá mbéimís ag guidhe orra go lá an Luain.
Cuireann oráid Bhuíndeam i gcuimhne dhúinn seanfhocal
áirithe i dtaobh “gáire Shasannaigh,” agus do deimhin ní'l
uair dá n-iompuigheann Sasannach béal gáire orainn ná
bíonn an chealg 'n-a chroidhe san am céadna.



Acht ag tagairt do Bhuíndeam ní fheadar ná go
bhféadfaidhe níos mó fhagháilt as ná mar do-ghéabhmaoid
as an mBord Náisiúnta an fhaid bhéas sé mar atá fá
láthair. Tá beagán faghálta againn uatha acht ní'l ar
ndóthain ná a leath san méid sin. Tá tuilleadh uainn.
Tá sé ag teastáil go mór uainn. Ní bhéam sásta go
dtí go mbéidh sé againn.



Is ró-bheag ar mbeann ar an dream so i nÉirinn ná
taobhuigheann leis an Ghaedhilg. Ní féidir leó poll
do dhéanamh i n-éan-bhall ná fuighmís-ne sás a líonta
d'fhágháil. Is iad cealga an dreama so is mó gur
chóir dúinn faire do dhéanamh orra. Is tré cheilg do-
ghin an Sasannach riamh rudaí annso i nÉirinn ná
leigfeadh eagla agus meathtacht chroidhe dó a dhéanamh os
cionn buird. A cháirde is iad ceilg-chlis an námhaid
go bhfuil d'fhiachaibh orainn sinn féin do sheachaint orra.



'N-a dhiaidh sin, caithfimíd seasamh go tréan le chéile
i gcomhnuidhe chum puinn mhaith dhéanamh. Is é dálta
an námhaid so againne, a cháirde, dalta an fhir mheathta,
no dálta an bhuaileam-sgiath. Ní túisge chloisean sé
fothram fíor-comhraic ná teicheann sé leis féin. Bíodh
croidhe an dáiríribh againn agus ní baoghal ná go bhfágfar
an láthair againn. Má táimíd dáríribh gheabhaimíd a
bhfuil uainn, acht troid ar a shon agus bheith aonta; muna
bhfuilmíd, tá an sgéal ar fad go dubhach againn. Cia
aca a Ghaedheala?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services