Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Sagart agus na hAlbanaigh a Thuit Amach lé Chéile

Title
An Sagart agus na hAlbanaigh a Thuit Amach lé Chéile
Author(s)
Connachtach,
Pen Name
Connachtach
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



AN SAGART AGUS NA hALBANAIGH A THUIT AMACH
LÉ CHÉILE.



Bhí Sagart Paráisde ann fad ó agus in a pharáisde bhí
Albanaigh. Bhí siad 'na gcomhnaidhe i ngar do theach an
phobail. Triúr mac a bhí ann agus inghean amháin. Creidim
go raibh saidhbhreas mór acu. Ba leis an athair thuit
an sagart amach. Ní raibh sé i bhfad ann sin gur
cailleadh é. Ní rabh sé i bhfad curtha(idh) go rabh sean-
amóir ag an sagart Domhnach amháin léis1 Aifrinn a
léigheadh, agus bhí sé ag caint ar an tAlbanach seo a fuair
bás. Dubhairt sé ó'n áltóir go rabh sé i nIfreann.
'Sé an chaoi ar mhuithigh2 an chlann mhac é seo: Bh
cailín aimsire acu agus Gael3 a bhí ainnti (innti).
Creidim go rabh sí cabach,4 acht nuair fuaidh (chuaidh) sí
abhaile d'fhiafruigh cuid do na daoini' uaisle dhi go cé
an sgéal a bhí aici ó'n Aifreann.



1 Léis = tar éis
2 Mhuithigh = heard
3 Gael = a Catholic
4 Cabach = gabby, talkative


L. 162


"Ó," dubhairt sí, "droch-sgéal. Bhí seanamóir fhada
ag an sagart agus dubhairt sé ins a' seanamóir go rabh 'ar
n-athair i nIfreann."



Bhí go maith agus ní rabh go holc. Dubhairt siad go
gcaithfead siad fios 'fhagháilt ar sin. Rinne siad suas
a n-intinn ann sin agus thug siad cuireadh do'n t-sagart,
acht go cé an lá acht Dia hAoine. Bhí daoine uaisle
eile ann, acht má bhí, Albanaigh a bhí eantu (ionta).
Ghlac an sagart meisneach agus dubhairt sé nár cuireadh
gan deoch é.5 Chuaidh sé isteach 'un a tighe 'un a dhínnéir.'
Bhí neart feóla rósta, fataidh, gabáisde agus uisge-beatha
ann. Shuidh síos, acht níor ith aon ghreim. Dubhairt sé ná
bhain sé dhó fheóil 'ithe Dia hAoine. Thug an mac is sine
piostal amach. Leag sé ar an mbord é agus mhionnuigh
sé mur n-íosadh an sagart an feóil go gcuirfeadh sé
na seacht bpiléir trí n-a chorp.



"Fóill! fóill!" airs an sagart, "caithfidh mé leath-
uair 'fhagháil lé m'anam a dhíonamh (dhéanamh)."



"Gheabhthaidh tú sin," airs an duine uasal óg.



Ghlaodh an sagart ar an gcócaire agus dubhairt sé léithe
dhá phláta glan 'fhagháil. Rinne sí sin, agus dubhairt sé léithe
páirt do'n fheóil á ghearradh agus ' chur ar cheann do na
pláta' glana agus a fhalachan6 leis an bpláta eile. Thug
sé a leabhar beannuighthe as a phóca agus thoisigh sé dhá
léigheadh. Ní rabh sé i bhfad a' léigheadh, timcheall leath-
uair' nó níos lugha, gur chaith breac ceann do na pláta'
ó'n mbord ar an urlár.



"Tá m'anam agam do'n taca seo," airs seisean.
Ghlaodh sé ar an gcócaire arís agus dubhairt sé léithe an
breac 'fhagháil réidh dhá dínnéir. D'ith sé a dhínnéir ann
sin, agus bhí 'ch aon súil ar na hAlbanaigh chomh mór le
ubhall nuair tháinic (chonnaic) siad an rud a bhí díonta
ag an sagart.



Nuair a bhí a dhínnéir ithte aige ann sin dubhairt an
mac is sine leis ath-uair nach rabh a anam aige go fóill.
Dubhairt sé leis mur gcruthuighteadh7 sé go rabh a athair
i nIfreann go gcuirfeadh sé na seacht bpiléir trí n-a
chorp.



"Tá go maith," airs seisean, "caithfidh mé uair
'fhágháil lé m'anam, a dhíonamh."



"Gheabhthaidh tú sin," airs an duine uasal.



Thug an sagart amach a leabhar agus thoisigh sé a'
léigheadh. Ní rabh sé i bhfad a' léigheadh gur leig sé
fead. Bhí sé a' léigheadh ann timcheall leath-uair'
eile agus ag cur allais go cruaidh nuair leig sé an dara
fead. Thoisigh sé a' léigheadh air (go) ceann leath-uair
eile léis an dara fead' agus na daoine uaisle uilig a'
faire air in a chuid allais. Leig sé an tríomhadh fead.
Cé thainic (tháinig) isteach fud clár agus fuinneóg acht a
n-athair, péire adharca air mar bheith ar an diabhal.



Airs an sagart leis na daoini' uaisle, "nach hin é
'ar n-athair é? Tá m'anam-sa sábháilte," airs seisean.



Labhair sé leis ann sin as comhair a chuid clainne,
"go cé8 rabh tú nuair a leig mé an chéad fhead?"



"Bhí mé i dteintreachaí' Ifrinn."



"Cé rabh tú nuair a leig mé an dara fead?"



"Bhí siad a' baint na slabhraidhe dhíom."



"Cé rabh tú nuair a leig má an tríomhadh fead?"



"Bhí mé a' teacht amach geataidhe Ifrinn."



"Sin daoibh ar n-athair anois agus cuinnigidh é, agus péire
adharca air mar bheith ar an diabhal."



Chaith an mháthair an inghean agus an tríur mac a
gcuid glúine. Ghlac siad párdún ag an sagart.
Dubhairt siad a n-athair 'chur i n-áit eicínt, acht gan é
'fhágáil ins a' teach. Rinne an sagart sin. Chuir sé in
a splanc teintrigh thríd a' teach é.



Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Thiontuigh an mháthair
agus an inghean in a nGaedhil. D'imthigh an tríur clann
mhac agus thug siad airgead leóbhtha (leó), agus seacht mbliadh-
na ó'n lá sin tháinic siad abhaile na dtriúr sagart.



Connachtach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services