Tadhg
Do bhí duine ana-shaidhbhir ann gur bh'ainm do Seaghán
Ó Luasa. Fear fial so-ghluaiste do b'eadh é.
Do chuaidh sé féin agus a bhean lá ag feicsint daoine
muinnteardha dhóibh do bhí 'na gcomhnuidhe tamall uatha,
agus thugadar abhaile rómpa dilleachtaidhe bocht leinbh a
bhí ana-mhuinnteardha ag mnaoi Sheagháin. Tadhg do
b'ainm do'n leanbh.
Nuair bhí Tadhg n-a bhoitealach mhaith láidir, sé sin,
ábalta ar a lán aicillidheacht do dhéanamh timcheall an
tighe, bhítí ag baint seógh postaireacht as. Bhíodh na
cailíní aimsire ag glaodhach agus ag callaireacht air, gach
aon mhaidin ag iarraidh a chur as an leabaidh chun go
dtiúbhradh sé móin agus uisge isteach chuca. Bhíodh ana-
leisge ar Thadhg an leabaidh fhágaint mar ní raibh aon
bhróga aige le cur uime nuair éireochadh sé agus do bhí
cosa an gharsúin bhoicht ithte ag aghar agus méisgrí.
D'éirigh sé maidin tseacha agus tar éis galún uisge do
thabhairt isteach ó'n dtobar dubhairt na cailíní leis
ceiseán móna thabhairt isteach chuca. Dubhairt an
garsún ná tiubhradh. Dubhairt na cailíní go gcaithfeadh
a thabhairt gan buidheachas do.
D'airigh fear an tighe iad ag cóid-i-bhfaid le chéile agus
do bhuail sé aníos in san chistin chuca.
"Airiú cadé seo eadraibh," ar seisean leó.
"Tá," arsa na cailíní, "ná déanfadh an réice
garsúin seo lán ár mbaise orainn indiu."
"Seadh a Thaidhg," arsa fear an tighe, "ní fhaca riamh
tú acht go humhal agus go héasgaidh; innis dam an amhlaidh
a dhein na cailíní aon imirt ort indiu."
"Im' briathar nár dheineadar," arsa Tadhg.
"Agus cad tá ort mar sin," arsa fear an tighe.
Arsa Tadhg ag taisbeáint a chos do - "sidé atá
orm:" agus dubhairt sé ansain: --
"Is tinn túirseach deacrach cealgtha céasta
Gach maidin mé féinig ag éirghe fé'n róth;
Mo bhoinn go bhfuil caithte ag an dtalamh go méisgreach
Ag an fhaid úd nár théigh ortha leathar na bó.
A chiúin-fhlaith gan chealg gur thuit rachtmas an tsaoghail
chughat.
Faire! ná tréig me na n-easnamh níos mó --
Mar is lúthmhar a phreabfainn le hamharc an lae amach
Chun gach nídh do dhéanamh dá bhfaghainn feidhre bróg."
"Im briathar féin go bhfaghair a Thaidhg," arsa fear
an tighe. B'fhíor do. Tar éis a mbreicfeasta dh'ithe
do chuadar araon treasna an chnuic agus do cheann-
uigheadar bróga agus stocaí ann.
Do dhein fear cumasach groidhe n-a dhiaidh san do
Thadhg agus do rith an saoghal ana-mhaith leis.
R.
Boitealach, applied to a stout, strong and healthy
boy. Postaireacht; postaire -- i.e., duine bhéadh áiseach
chum ean-tsadas criche no teachtaireachta. Ag cóid-i-
bhfaid, arguing, disputing.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11